DOI: https://doi.org/10.13025/w081-ze40

Eitic na Fáilte san Aistriúchán agus An Gúm (1929-1939)

Réamhrá

Is í scéim aistriúcháin an Ghúim, a reáchtáladh faoi dheireadh na bhfichidí san aois seo caite, a bheidh faoi thrácht san alt seo. Go sonrach, breathnófar ar an scéim i bhfianaise dhá cheist teanga a bhí go mór i mbéal an phobail roimh an Dara Cogadh Domhanda agus, go deimhin, atá linn i gcónaí: ceist na gcanúintí agus ceist an Bhéarlachais. Is mór an cáineadh agus an chosaint atá déanta ar an scéim ó bunaíodh í ach, anseo, ba mhian liom bealach úr lena meas a chur chun cinn. Is é sin, seachas a bheith ag luacháil na n-aistriúchán de réir fhiúntas na mbuntéacsanna nó de réir a dhílse is a chloíonn siad leo sin – rud atá déanta cheana – áiteoidh mé gur ceart iad a thuiscint mar chuid de dhíospóireacht chruthaitheach, ilghnéitheach ar luachanna teanga i mblianta tosaigh an Stáit. Ag tarraingt dom ar théiseanna aistriúcháin le Paul Ricoeur agus Friedrich Schleiermacher faoin toise cultúrtha den aistriúchán, pléifidh mé an scéim mar thogra cultúrtha a thug bheith istigh d’urlabhraí éagsúla Gaeilge, rud nach léir i gcónaí ar dhioscúrsa oifigiúil na linne.

Gnéithe den Chúlra Cultúrtha

Tréimhse chorraitheach i stair na tíre a bhí ann nuair a bunaíodh an Gúm siar i 1926. Ba ghairid roimhe sin a baineadh neamhspleáchas polaitiúil amach agus, le deireadh Chogadh na gCarad agus teacht na síochána, is iomaí cruacheist a bhí le réiteach ag lucht ceannais le bonn ceart a chur faoin náisiún óg. Orthu sin, agus níorbh iad ba lú práinn iad, bhí ceisteanna maidir leis na luachanna cultúrtha agus sóisialta ab fheiliúnaí don tír. Mar atá mínithe go ríchuimsitheach i saothar Philip O’Leary (2004) agus Bhriain Uí Chonchubhair (2009) ar a bhfuil an chéad chuid den aiste seo bunaithe, theastaigh an Gaelachas – coincheap scaoilte – a chur i réim in athuair. Ach cén chaoi go baileach a bhféadfaí é sin a dhéanamh? Cé na heiseamláirí cultúrtha ab fhearr a Ghaelódh meon na tíre, agus cén bealach ab fhearr le hiad sin a chur chun cinn? In ainneoin na ndíospóireachtaí iomadúla a bhí ann faoi na hábhair seo, glacadh leis go coitianta go raibh ról mór le bheith ag an litríocht i múnlú agus i léiriú idéil an náisiúin (O’Leary, 2004: 8-21). Is trí bhíthin teanga agus litríocht na Gaeilge a mhúineadh sa gcóras oideachais go háirithe a scaipfí litearthacht i gcéadteanga oifigiúil na tíre. Agus, de réir an náisiúnachais rómánsaigh a bhí i dtreis an t-am sin, níorbh fhada ansin go gcothófaí in óige na tíre na suáilcí stairiúla a bhí ag roinnt leis an tsaíocht dúchais riamh anall (Ó Conchubhair, 2009: 26-33). Bhí bunús láidir idé-eolaíoch faoi fhorbairt na litríochta agus na litearthachta Gaeilge, mar sin, agus cibé cén dream is mó a bheadh ina feighil, ba mhór an cúram agus an chumhacht a thabharfaí dóibh. Uaidh seo a tháinig bunú an Ghúim faoi choimirce na Roinne Oideachais (Ní Uigín, 2014) agus, leis an easpa mhór litríochta a chúiteamh i mbeagán ama, an scéim aistriúcháin a chuir leabhar amháin, ar a laghad, amach gach bliain ó 1929 go 1960 (féach figiúr 1).

Figiúr 1: Líon na n-aistriúchán a d’fhoilsigh an Gúm de réir bliana. Bunaithe ar an eolas in Mag Shamhráin (1997).

Má bhí mianach réabhlóideach ina leithéid de thogra, áfach, is cosúil gur ag dul i righne a bhí dioscúrsa oifigiúil an Stáit ó aimsir a bhunaithe i leith. Arís, is ag O’Leary atá an cuntas is fearr air seo ach, i mbeagán focal, bhí an t-idéalachas ba bhonn leis an bhfeachtas neamhspleáchais á chreimeadh, ní hamháin ag an gCogadh Cathartha a lean, ach ag na fadhbanna praiticiúla a bhaineann le stát a reáchtáil is a rith (2004: 23-89). Fiú amháin ó thaobh na litríochta de, seachas a bheith ag tarraingt in aon treo ar mhaithe leis an leas coiteann, is minic a fheictear ar irisí na linne achrann fíochmhar agus cosa i dtaca faoi cheisteanna an lae. Bhí suaitheadh mór ann faoin gcló Rómhánach versus an cló Gaelach (Ó Conchubhair, 2009: 145-68), cúrsaí litrithe (ibid.: 169-92), tionchar na bhfoghlaimeoirí ar fhorbairt na teanga (O’Leary, 2004: 24-5; 73-89) agus, gan amhras, faoi ghaistí an aistriúcháin féin (ibid.: 376-87). Agus, toisc gur chuid d’fhearas oifigiúil an Stáit é agus ceannas iomlán aige, ionann is, ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, bhí an Gúm féin i lár an chuilithe, á mheas agus á dhímheas ar gach aon taobh den chlaí. Go deimhin, toisc é a bheith ag cur amach bhunáite na leabhar Gaeilge sa tír le linn ár dtréimhse, is beag conspóid faoi fhorbairt na teanga nárbh éigean don Ghúm aghaidh a thabhairt uirthi ina shaothar féin.

Cogadh Dhá Chanúint agus an Cogadh in aghaidh an Bhéarlachais

Tá dhá ábhar go háirithe a bhaineann linn anseo. Ar an gcéad dul síos, nuair a tháinig an Gúm ar an saol ochtó bliain ó shin ní raibh aon chaighdeán oifigiúil scríbhneoireachta ann, rud a d’fhág go raibh ceannas canúna ina chnámh spairne ar fud na tíre. Tar éis do leithéidí Pheadair Ua Laoghaire agus Torna (Tadhg Ó Donnchadha) clocha coirnéil na nualitríochta a leagan, bhí tuairim ag scríbhneoirí Ultacha go háirithe go raibh stádas faoi leith ag Gaeilge na Mumhan thar mar a bhí ag an dá mhórchanúint eile (O’Leary, 2004: 29). Bhí cúis leis sin freisin agus a fheiceálaí is a bhí an Muimhneachas i gcomhfhreagras oifigiúil an Stáit. Tá tréithe na canúna sin an-fhollasach ar na hAchtanna luatha, mar shampla, agus ar Bhunreacht 1937 a dtugann David Greene ‘example of the use of this dialect for official purposes’ air (1972: 21). Spreag sé seo argóintí teasaí faoi stádas na gcanúintí uile agus ba iad na hUltaigh ba ghlóraí. Seaghan Mac Meanman, mar shampla, údar aitheanta ag an am, bhí sé an-oibrithe faoin gceist agus tugann seisean spléachadh dúinn ar a íogaire is a bhí an t-ábhar seo ag daoine áirithe. Ag cur síos dó ar státseirbhísigh na tíre, deir sé gur ‘Muimhnigh a bhí ionnta, agus ba mhaith leo sean-Ghaedhealg na nUltach agus gConnachtach a thrampáil faoi n-a gcosaibh agus “Gaoluinn” bhriste bhearnach na Mumhan do leitheadú thríd Éirinn’ (1930, luaite in O’Leary, 2004: 31). Séamus Ó Grianna féin, bhí sé ag súil go mór leis an gcoimhlint idir lucht na gcanúintí uile sular bunaíodh an Gúm ar chor ar bith, coimhlint a réiteodh ceist an chaighdeáin de facto agus nach raibh aon éalú uaithi:

Caithfidh cogadh na gcanamhaint a bheith ann. Agus i n-ainm Dé, troidimís an cogadh sin mar ba dhúthcha de Ghaedhil a dhéanamh. Ní hionann canamhaint Leath-Chuinn agus canamhaint na Mumhan. Tá siad éagcosamhail le chéile ar achan dhóigh. Ní hionann blas daobhtha, ní hionann a gcuid tuam, ní hionann an ghramadach, ní hionann na cora-cainnte, ní hionann na smuainte, ní hionann an t-aigneadh nó an leagan amach atá acu (Ó Grianna, 1925, luaite in O’Leary 2004: 31).

Bhí na Connachtaigh i bhfad ní ba chiúine ná a gcompánaigh ó thuaidh sa díospóireacht seo, ach mar sin féin bhí an t-ábhar céanna ina údar imní do chuid acu freisin (O’Leary, 2004: 33-5). Ach cibé cén rud faoin státseirbhís iomlán a bheith faoi thionchar an Mhuimhneachais, i dtaca leis an nGúm b’fhéidir go raibh ábhar ann: bhí cumhacht ag an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) go háirithe, a raibh Gaeilge na Mumhan aige, i roghnú agus in eagarthóireacht na dtéacsanna (rud atá soiléir ó chomhfhreagras inmheánach an Ghúim sa gCartlann Náisiúnta, comhad G9). Go deimhin, ag scríobh dó i 1933 ba é tuairim James Hayden nach raibh eolas cuimsitheach ag bunáite na n-aistritheoirí ar an sprioctheanga ar chor ar bith, ‘but merely a “dialect” of that language’ (1933: 12) agus ní maith an toradh a bhí air sin: ‘An Gúm has become the “battle ground” of three “Dialects”’ (ibid.). Ach bíodh sé samhalta nó ná bíodh, bhí cearta na gcanúintí ina n-údar mór aighnis le linn shaolré an tSaorstáit agus ina dhiaidh sin freisin.

Leis na cúigí éagsúla a bhain fadhb sin na gcanúintí ach cúis chonspóide i bhfad ní ba leithne ná sin ba ea ceird an aistriúcháin féin. Dar lena lán, ní ealaín gan chontúirt a bhí sa tiontú go Gaeilge agus, dá réir sin, d’fhéadfadh an Gúm dochar mór a dhéanamh d’fhorbairt na litríochta agus na teanga lena scéim. Is iomaí locht a casadh leis an eagras ar an ábhar seo – go raibh sé, mar shampla, ag cur coisc ar an scríbhneoireacht bhunaidh toisc an iomarca acmhainní a bheith á n-úsáid ar an aistriú:

Tá claon ró-mhór againn chun aistriúcháin … Is maith ann é an t-aistriúchán ach tuigimís ná fuil ann ach líonadh beárnan. Is baoghal liom go raghaidh scríobhnóirí go bhfuil féith na cumadóireachta ionnta ag aistriú ar a mbog-stróic chun teacht ar airgead bog. Tá sé déanta cheana ag cuid aca. Is olc an comhartha é. Marbhófar an plannda bog óg eile mura mbítar i bhfad níos cineálta leis (Saidléar, 1931, luaite in O’Leary, 2004: 380).

Díospóireacht an-mhór a bhí sa díospóireacht faoin aistriúchán, áfach, agus bhí lucht a chosanta aige chomh maith lena mhalairt. Ach fiú amháin i measc na ndaoine a thacaigh leis, ba mhór i gceist a chontúirtí is a d’fhéadfadh an tiontú a bheith don sprioctheanga. Is é sin, d’fhéadfadh na buntéacsanna eachtrannacha dul i bhfeidhm an iomarca ar an nGaeilge agus, dá réir sin, dochar a dhéanamh d’urlabhra agus do mheon na nGael, is cuma cén chanúint a bhí i gceist (O’Leary, 2004: 385-8). An smál ba mheasa ar fad dá raibh i gceist leis seo, agus ceann nach raibh duine ar bith ag iarraidh a chosaint, ná an Béarlachas, comhartha soiléir go raibh teanga an oileáin bhéal dorais ag baint de nádúr na Gaeilge. Cúis mhór bhuartha ba ea an Béarlachas ó aimsir na hAthbheochana i leith, gan amhras, agus é ceangailte go dlúth le laige phóir, creimeadh creidimh agus truailliú den uile chineál (Ó Conchubhair, 2009: 87-9; 97-104). Ach ba mhó an chontúirt fós agus an oiread sin aistriúchán ó Bhéarla á bhfoilsiú – mar seo a chuir Seán Ó Ciarghusa é:

Níor mhór dúinn go léir, mar sin, scríobhnóirí agus léightheoirí mar atáimid, ceurd nó ealadha an tionntuighthe do thuigsint chun go bhféadfaimís an Beurlachas d’aithint agus do sheachaint … Má’s fiú an Ghaedhilg í do thárrtháil, tárrtháiltear do réir a glaine agus a córach í. Ní beag de’n ‘Brogue’ Beurla againn gan ‘Brogue’ Gaedhilge i n-a teannta (1933?, luaite in O’Leary, 2004: 385).

Cúis imní do James Hayden freisin ba ea an oiread sin leabhair Bhéarla a bheith á n-aistriú. ‘This is the danger point,’ a deir sé: ‘as when translating from English there is a tendency to follow the construction of that language which construction is completely foreign to good idiomatic Irish’ (1933: 13). Is ar an ábhar sin a bhí Hayden i bhfabhar aistriúchán scaoilte a sheachain rian an Bhéarla, oiread is féidir, ar mhaithe le Gaeilge ‘nádúrtha’ a bheith ann (ibid.; féach freisin O’Leary, 2004: 402). Ba é tuairim Liam Uí Rinn, duine a thug faoin aistriúchán liteartha agus dlíthiúil araon, gur mhinic gurbh fheiliúnaí ‘cur in oiriúint’ ná ‘aistriú’ (1931, luaite in O’Leary, 2004: 401) agus a shliocht sin ar chuid mhaith de na haistriúcháin a cuireadh amach (O’Leary, 2004: 402-3). Go deimhin, ag caint dó ar an Athbheochan, maíonn Brian Ó Conchubhair gurb é ‘an Béarlachas an namhaid ba mhó a bhí le cloí… ag lucht léirmheastóireachta’ (2009: 99) agus go deimhin is beag athrú a bhí tagtha air sin faoin tráth a bunaíodh scéim an Ghúim. Nuair a tháinig An Dr. Jekyll agus Mr. Hyde amach i 1929, mar shampla – ceann de na chéad aistriúcháin a foilsíodh faoin scéim – níor chuir Máirtín Ó Cadhain aon fhiacail ann:

Furast’ aithinte gur Béarlachas – fíor-dhearg-Bhéarlachas – é an tionntúchán seo ó thús deire go tosuigh… Dar liom níl rádh-cainnte ó thosach go dtí deire an leabhair, a bhfuil Gaedhilge cheart dhúthchasach ann… Is geall é an tionntúchán seo le bréidín is bróga úr-leathair a chur ar dhubh-chneasach agus féachaint annsin le cur i gcéill gur Árannach é (1930, luaite in O’Leary 2004: 385).

Tá againn, mar sin, dhá ghné chonspóideacha den teanga a bhféadfaidh muid saothair an Ghúim a iniúchadh ina bhfianaise: fabhar canúna agus faitíos roimh rian an Bhéarla a bheith le sonrú ar an téacs. Cúis ghearáin a bhí iontu seo ag go leor daoine ag an am ach, ceithre scór bliain dá éis, tá frámaí tagartha eile ann is fiú dúinn a cheadú chun na hábhair seo a athbhreithniú.

Teoiric

Ag cuimhneamh dúinn ar na hábhair chonspóideacha sin i gcónaí, gabhfaidh muid ochtó bliain chun tosaigh anois go saothar Paul Ricoeur, fealsúnaí agus criticeoir. In aiste dheireanach leis, ‘The Paradigm of Translation,’ tá an méid seo le rá aige faoin aistriú trí chéile:

Indeed, it seems to me that translation sets us not only intellectual work, theoretical or practical, but also an ethical problem. Bringing the reader to the author, bringing the author to the reader, at the risk of serving and of betraying two masters: this is to practise what I like to call linguistic hospitality. It is this which serves as a model for other forms of hospitality that I think resemble it: confessions, religions, are they not like languages that are foreign to one another, with their lexicon, their grammar, their rhetoric, their stylistics which we must learn in order to make our way into them? (2006: 23-4).

Leis an ráiteas anseo don léitheoir a thabhairt chuig an údar agus a mhalairt, tá Ricoeur ag tagairt d’aiste cháiliúil le Friedrich Schleiermacher a bhfillfidh muid uirthi ar ball. Is é is ábhartha dúinn anois ná coincheap na fáilte nó ‘hospitality’ a shamhlaíonn Ricoeur leis an allagar teanga a dtugann muid ‘aistriúchán’ air. De réir an léimh seo, is eiseamláir den mhalartú cultúrtha é an t-aistriú. Faoina scáth, tugtar le chéile urlabhraí, cultúir agus luachanna éagsúla, gan aon cheann acu sin a bheith ag fiaradh a chéile. Síoriarracht ar a bheith fáiltiúil roimh ilchineálacha teanga agus iompair atá ann, gníomh cothromaíochta a ligeann do ghnéithe difriúla de chruinneshamhail an bhunúdair agus de chruinneshamhail an aistritheora a bheith i bhfochair a chéile gan ceachtar den phéire a bheith ag brú a chuid luachanna ar an gceann eile. Tuiscint idéalach atá ann, gan amhras, nach bpléann le cúraimí praiticiúla an aistriúcháin ach, mar sin féin, treoraíonn Ricoeur muid go dtí na cúrsaí eitice a bhíonn i gcónaí i gceist nuair a dhéantar glór údair a shealbhú agus a chuid focal a chur i dteanga eile. Ní téacs amháin a bhíonn á aistriú riamh, ach daoine, pobail, gnáis, stair – dá réir sin, seasann an t-aistriúchán isteach do gach cineál idirghníomhaíochta. Comhréiteach, seachas claochlú cultúrtha, an sprioc ba cheart a bheith leis.

Teoiric a Chur i bhFeidhm: na Canúintí

Cuirim nóisean na fáilte ag croílár scéim an Ghúim. Ar an leibhéal is bunúsaí ar fad, tá sé soiléir ar na téacsanna i dteangacha eile a roghnaíodh don aistriú: téacsanna le húdair Shasanacha, Fhrancacha, Ghearmánacha, Iodálacha, Mheiriceánacha, Rúiseacha agus an oiread eile a leathnaigh amach teorainneacha nualitríocht na Gaeilge in aon ráib mhór ó 1929 i leith. Ach ó thaobh na Gaeilge féin – an chaoi ar aistríodh na téacsanna, na stíleanna a ligeadh isteach – ní mór dúinn ‘hospitality’ Ricoeur a chur i lár báire leis an éagsúlacht teanga faoi scéim an Ghúim a mheas i gceart. Go deimhin, seachas a bheith ag cur laincise ar fhorbairt na teanga ná na litríochta, mar a mhaígh tráchtairí go leor, is é an chaoi ná gur athraigh an scéim aistriúchán litríocht na Gaeilge chun ilíochta ar fad.

I bhfianaise na n-achasán faoi cheannas Ghaeilge Iarthar na Mumhan sa Státseirbhís, mar shampla, is díol suntais an scóip chanúna sna haistriúcháin a léiríonn saibhreas na gceantar Gaeltachta ar fad. Go deimhin, má shíl scríbhneoirí Ultacha ar nós Sheaghain Mhic Mheanman go raibh an Stát ag déanamh beag is fiú de na canúintí eile ar mhaithe le Gaoluinn a chur chun cinn, is dearcadh eile ar fad a fhaigheann muid ó théacsanna ‘neamhoifigiúla’ na scéime. Ní féidir figiúirí cruinne a fháil ar dháileadh na gcanúintí d’uireasa eolas cuimsitheach beathaisnéise – tá faisnéis faoi údair 16 shaothar as 238 ceann ar iarraidh anseo – ach, fiú ag breathnú dúinn ar áit dúchais na scríbhneoirí atá cláraithe ag lucht Beathaisnéis, is léir nach raibh imeallú á dhéanamh ar chor ar bith ar scríbhneoirí Ghaeilge Uladh faoin scéim. As an 238 leabhar sin a foilsíodh idir 1929 agus 1939, is le húdair Chonallacha 58 ceann acu. Is mó sin ná líon na saothar le haistritheoirí as Ciarraí agus Corcaigh in éineacht agus, fiú ina dhiaidh sin, bhí cothromaíocht réasúnta ann idir an dá thaobh tíre (féach figiúr 2).[1]

Figiúr 2: Meastachán ar líon na saothar le haistritheoirí Conallacha agus líon na saothar le haistritheoirí as Corcaigh nó Ciarraí. Bunaithe ar an eolas in Mag Shamhráin (1997) agus www.ainm.ie.

Ní hin le rá go raibh stádas Ghaeilge Uladh chomh mór le Gaeilge na Mumhan i saol na tíre, ná nach raibh claonadh ag go leor scríbhneoirí a d’fhoghlaim an teanga i dtreo Ghaeilge na Mumhan. Ach mura mbeadh ann ach líon na saothar féin, chuir an Gúm scríbhneoireacht Ghaeilge Uladh chun cinn chomh mór sin go raibh Gaeltacht Dhún na nGall ar an gceann ba bhisiúla ar fad sa scéim. Sampla an-soiléir de ‘linguistic hospitality’ Ricoeur atá ann i gcomhthéacs urlabhra na n-aistritheoirí féin.

Mura raibh siad chomh feiceálach céanna, is fiú tagairt ghonta a dhéanamh anseo do chanúintí eile a d’fhág a rian ar an scéim. Tháinig borradh faoi phrós-scríbhneoireacht Ghaeilge Chonnacht leis an scéim, mar shampla: d’fhoilsigh cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí as an gceantar sin 34 leabhar in imeacht na ndeich mbliana atá faoi chaibidil anseo. I measc na n-údar a ghlac páirt tá Pádhraic Óg Ó Conaire agus Máirtín Ó Cadhain, scríbhneoirí sinsearacha Chonamara nach bhféadfaí traidisiún na nualitríochta sa gceantar a shamhlú ina n-éagmais. Canúint eile a tháinig i dtír ar na deiseanna foilsitheoireachta a bhain leis an scéim ná Gaeilge na nDéise, nach n-airítear an oiread sin tráchta uirthi le hais na gceann eile. D’aistrigh cainteoirí dúchais as an Rinn agus as an Seanphobal 14 shaothar le linn na dtríochaidí agus, go deimhin, is i mbisiúlacht a chuaigh siad ina dhiaidh sin: 42 leabhar a bhí tiontaithe go Gaeilge acu faoi 1960 agus cuid de na saothair is cáiliúla den scéim ina measc (Dracula, Black Beauty, Little Women). Arna dtógáil le chéile, tá an dá scór aistriúcháin a rinne muintir na nDéise ar an saothar is suaithinsí dár tháinig as an gceantar ón bhfichiú haois anall.

Ní fhéadfaí a rá go raibh polasaí dian i bhfeidhm maidir le dáileadh na gcanúintí faoi scéim an Ghúim, agus ní mór a chur san áireamh freisin go ndearnadh eagarthóireacht ar na téacsanna ar bhealaí a d’fhéadfadh maolú ar thréithe láidre canúnacha. (Tá comhad liostaithe i gcatalóg na Cartlainne Náisiúnta, G287, a phléann le conspóidí ‘ró-eagarthóireachta’ ach tá sé ar iarraidh). Ach ní bhaineann sé sin den fhírinne bhunúsach go raibh scéim an Ghúim ag freastal ar Ghaeltachtaí uile na tíre. Chuir an scéim aistriúcháin an litríocht chanúnach chun cinn ar bhealach nach mbeadh ar fáil dá mba ag brath ar cheapadóireacht bhunaidh amháin a bheadh na húdair.

Teoiric a Chur i bhFeidhm: Béarlachas

Bhí lucht tacaíochta ag na canúintí go léir ach, mar a dúradh, ní fhaigheann muid aon tagairt le linn ár dtréimhse don Bhéarlachas a bheith ina sheift fhónta aistriúcháin. Ach má bhí lucht na Gaeilge cleachta ar an mBéarlachas a mheas mar locht i gcónaí, tá traidisiún eile aistriúcháin ann a thugann a cheart do rian na bunteanga a bheith le feiceáil ar an sprioctheanga. Déanann Ricoeur tagairt don traidisiún sin san aiste thuas nuair a luann sé ‘Bringing the reader to the author, bringing the author to the reader,’ leagan a bhaineann macalla as aiste le Friedrich Schleiermacher dar teideal ‘On The Different Methods of Translation’ (1813). San aiste sin, sonraíonn Schleiermacher dhá bhealach le dul i mbun an aistriúcháin:

Either the translator leaves the writer in peace as much as possible and moves the reader toward him; or he leaves the reader in peace as much as possible and moves the writer toward him’ (2012: 49).

Ag caint ar an tiontú go Gearmáinis ag tús an naoú céad déag a bhí seisean san aiste, agus ní fheileann gach cuid di do chúinsí na hÉireann sa gcéad leath den fhichiú haois. Mar sin féin is aiste thábhachtach í seo i stair theoiric an aistriúcháin mar is inti a fhaigheann muid ceann de na mórchuntais is luaithe a scríobhadh ar na suáilcí a bhaineann leis an aistriúchán rídhílis agus leis an ‘eachtrannú,’ seachas an t-aistriúchán scaoilte a leagann béim ar an sprioctheanga a bheith nádúrtha agus a bhí i dtreis go mór roimhe sin (Venuti, 2012: 19-20). Molann Schleiermacher gan a bheith ag iarraidh an t-aistriúchán a dhéanamh cosúil le saothar a scríobhadh sa sprioctheanga an chéad lá riamh, agus ligean d’allúrachas na bunteanga dul i bhfeidhm air. An aidhm atá leis seo ná ‘to disseminate among his readers this sense of encountering the foreign,’ rud a fhorbróidh an sprioctheanga agus a leathnóidh eolas an léitheora araon (2012: 53). Ach chuige sin, ní mór an sprioctheanga a chur as a riocht le go bhféadfaidh an léitheoir na gnéithe eachtrannacha den bhuntéacs a aireachtáil laistiar di.

I gcomhthéacs na Gaeilge, is féidir linn an téis seo a thuiscint i dtéarmaí an Bhéarlachais: tionchar an Bhéarla a bheith le haireachtáil ar an nGaeilge. Téis chonspóideach atá ann riamh agus ní shéanann Schleiermacher go bhfuil a leithéid de chur chuige contúirteach. ‘The cries that translation of this sort must necessarily have a detrimental effect from within on the purity of the language and the peaceful course of its development have often been heard,’ a deir sé (ibid.: 54), agus leis sin tá a mhéar leagtha go binn aige ar dhioscúrsa an aistriúcháin le linn an tSaorstáit. Ach, os a choinne sin, tá buntáistí móra ag roinnt leis ach a bheith oscailte dóibh: ‘The fullest possible unadulterated enjoyment of foreign works, can be achieved through a method that insists on breathing into the translated work the spirit of a language foreign to it’ (ibid.: 61).

An áit a bhfuil an gad ná go dteastaíonn ‘a nation whose people are favorably disposed to appropriate the foreign’ (ibid.: 55) agus, ar an mórchóir, ní ar náisiún den chineál sin a bhí an Gúm ag freastal. Seo againn ceist na fáilte roimh theanga an eachtrannaigh arís, agus is beag má cuireadh san áireamh í sa tráchtaireacht ar an nGúm. Ach, ag breathnú siar dúinn, tugann an cur chuige seo slat tomhais eile dúinn le stíl na dtéacsanna a mheas. Mar shampla ionadaíoch de seo, fillfidh muid ar The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde le Robert Louis Stevenson – sliocht as Caibidil 10:

With Jekyll, it was a thing of vital instinct. He had now seen the full deformity of that creature that shared with him some of the phenomena of consciousness, and was co-heir with him to death: and beyond these links of community, which in themselves made the most poignant part of his distress, he thought of Hyde, for all his energy of life, as of something not only hellish but inorganic (Stevenson, 1886: 137-8).

Sliocht dúshlánach ag aistritheoir ar bith, agus tá cathú ann é a dhéanamh níos éasca don Ghaeilgeoir trína bhriseadh ina n-abairtí agus aistriúchán scaoilte a imirt air. A leithéid de seo, mar shampla:

Ba dhual do Jekyll é sin. Thuig sé anois a uafásaí is a bhí an créatúr sin ar roinn sé cuid dá aigne leis, an créatúr a raibh sé ceangailte leis go bás. Ach cé gur beag nárbh ionann iad – agus b’in ba mhó a chráigh é – samhlaíodh dó go raibh Hyde, lena fhuinneamh uile chun beatha, ina neach ní hamháin ifreanda ach neamh-bheo.[2]

Ní hin é a rinne Conall Ceárnach (Feardorcha Ó Conaill), áfach, an té a d’aistrigh an leabhar i 1929. Go deimhin, chloígh seisean go dlúth leis an mbuntéacs, ag aistriú na dtéarmaí a bheaichte ab fhéidir leis:

Mar le Jekyll, ba stuaim dúthchais é. Do chonaic sé annsin lán-mhíchúmthacht an chréatúra a bhí i gcuibhreann leis i roinnt dá chéadfadha, agus ba chomhoidhre leis san mbás; agus thar na ceangail comónta seo, agus gurbh iad féin an pháirt ba nimhnighe dá amhgar, do mheas sé Hyde, in aimhdheoin a bhíodhghamhlachta beatha, a bheith mar rud éigin a bhí ní h-amháin ifrionndha ach an-orgánach (1929: 97).

‘Fíor-dhearg-Bhéarlachas’ a thug Ó Cadhain (1930, luaite in O’Leary, 2004) ar leagan Uí Chonaill agus, gan amhras, téarma cáinte a bhí ann. De réir mar a léim téis Schleiermacher via Ricoeur, áfach, tá a mhalairt de thuiscint le baint as freisin. Is é sin, féadfaidh muid an sliocht seo, agus sleachta mar é, a lonnú ar speictream aistriúcháin inar buntáiste é rian an bhuntéacs a bheith le haireachtáil ann. Seachas a bheith ag iarraidh an chuid is eachtrannaí den leagan bunaidh a ruaigeadh, cuirtear fáilte roimh an abairt fhada Bhéarla gona poncaíocht agus a castacht comhréire. Baintear fáisceadh as an nGaeilge agus is soiléire don léitheoir é gur comhréiteach teanga atá ann, pósadh idir dhá urlabhra. Ní hé go bhfuil mí-úsáid foclóra déanta leis an nGaeilge – tá ciall leis an sliocht, dá aduaine é – ach airíonn muid cuisle an Bhéarla laistiar den téacs. Más i ngan fhios féin é, tá obair an aistritheora sa sliocht seo ag teacht le téis Schleiermacher gur fiú gnéithe den bhunteanga a scaoileadh tríd an sprioctheanga nó, mar a déarfadh Ricoeur, fáilte a chur roimh urlabhra an údair bhunaidh. Údar Béarla a bhí in Stevenson, gan amhras, agus b’údar feirge ag daoine go raibh an Gúm ag aistriú saothar a d’fhéadfadh formhór de mhuintir na tíre a léamh sa mbunteanga (O’Leary, 2004: 388; 401-3). Ach seachas a bheith ag tuiscint a leithéide d’aistriúcháin mar chur amú acmhainní agus ama, féadfaidh muid a léamh, i dtéarmaí Ricoeur, mar fháilte roimh chultúr eile – go fiú is cultúr na Breataine a chuir alltacht ar an oiread sin ag an am. Ag breathnú dúinn mar seo ar na haistriúcháin a choimisiúnaigh an Gúm, feiceann muid a chasta agus a spéisiúla is atá na caidrimh idirchultúrtha a thionscain an scéim le litríochtaí an domhain. Fiú na saothair a tharraing fíoch na léirmheastóirí ar nós An Dr. Jekyll agus Mr. Hyde, soilsíonn siad dúinn gnéithe éagsúla d’eitic na fáilte a bhíonn ag roinnt leis an aistriúchán i gcónaí.

Conclúid

Cuireann fráma tagartha na fáilte an chumarsáid thraschultúrtha, atá de dhlúth is d’inneach an aistriúcháin, i lár an aonaigh. Tarraingíonn Ricoeur aird ar an ngné eitice a bhaineann leis an bhfáilte i gcónaí – gur léiriú measa nó, ar a laghad, léiriú aitheantais é saothar eachtrannach a thiontú go teanga eile. Ina fhianaise sin, is fearr a thuigeann muid a uaillmhianaí is a bhí an Gúm agus a oscailte is a bhí sé d’urlabhraí éagsúla, rud nach féidir a rá faoi go leor de lucht a cháinte. Go deimhin, a fhad is a bhí go leor tráchtairí ag argóint faoi na téacsanna agus faoi na stíleanna ba cheart a chur i gcló, bhí an Gúm ag glacadh le réimse scríbhneoireachta ba chuimsithí i bhfad ná mar a bhí á phlé ag aon duine.

Díol suntais is ea dáileadh na gcanúintí faoin scéim go háirithe. Agus eagras de chuid an tSaorstáit i gceannas ar fhoilsiú na n-aistriúchán, b’fhéidir go mbeifí ag súil le claonadh chun Ghaeilge Iar-Mhumhan, ach ní mar sin atá. As na contaetha ar fad, ba iad cainteoirí dúchais Dhún na nGall an dream is mó a ghlac páirt sa scéim agus cothaíodh canúintí is lú ar nós na nDéise ar bhealach nach bhfacthas a leithéid roimhe ná ina dhiaidh.

Bhí an oiread sin aistritheoirí agus an oiread sin stíleanna i gceist leis an scéim nach leor aon téis faoi leith leis an éagsúlacht teanga inti a chuimsiú. Más mian dul i ngleic leis an éagsúlacht sin ar chor ar bith, áfach, ní mór speictream iomlán an aistriúcháin, ón gceann rídhílis go dtí an ceann is scaoilte amuigh, a bheith ar fáil dúinn. Arís, tugann fráma tagartha na fáilte – go háirithe mar a cheanglaíonn Ricoeur é sin le téis Schleiermacher faoin aistriúchán dílis – tugann sé bealach eile dúinn leis an éagsúlacht teanga a mheas. Tá rian an Bhéarla le feiceáil ar shleachta go leor in aistriúcháin an Ghúim, ach seachas iad sin a dhamnú mar locht i gcónaí is féidir linn an taobh eile a dhéanamh agus na buntáistí idirchultúrtha atá ag roinnt leo a chur san áireamh.

Ní mhaím gur feiliúnach an léamh seo ar an mBéarlachas i gcónaí, áfach. Tá caidreamh éagothrom cumhachta idir an Ghaeilge agus an Béarla nach mór a mheá agus an t-aistriúchán á phlé. Fiú Schleiermacher féin, is mó a shamhlaigh sé a leithéid de stíl leis an aistriúchán liteartha seachas le haon chineál eile (Venuti, 2012: 19), agus is mar eisceacht i ndul nádúrtha na teanga a thuig sé é:

For it must of all be established that in a language in which translation is practiced on so large a scale there must be an area of the language reserved for translations, and to them certain concessions will be made that would not be tolerated elsewhere (ibid.: 62).

B’annamh a thugtaí na ‘concessions’ sin idir 1929 agus 1939, dá dtabharfaí inniu féin iad. I gcás scéim aistriúcháin an Ghúim, áfach, cabhróidh cur chuige Schleiermacher linn scóip na teanga inti a mheas ar bhealach níos cuimsithí ná mar a rinneadh go dtí seo.

 


[1] Tá foghlaimeoirí san áireamh anseo ach is beag a líon – beirt as Tír Chonaill, duine amháin as Ciarraí agus cúigear as Corcaigh.

[2] Is leis an údar an t-aistriúchán seo.

Leabhairliosta

Leabhair

Greene, D., (1972) Writing in Irish To-day. Corcaigh: Mercier Press for the Cultural Committee of Ireland.

Hayden, J., (1933) Béarlachas in Modern Irish. Tráchtas MA, neamhfhoilsithe. An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Mag Shamhráin, A., (eag.) (1997) Foilseacháin An Ghúim: liosta de na leabhair a d’fhoilsigh an Gúm ó 1926 i leith. Baile Átha Cliath: An Gúm.

O’Leary, P., (2004) Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press.

Ó Conchubhair, B., (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnacht.

Ricoeur, P., (2006) On Translation. Arna aistriú ag Brennan, E. Londain & Nua-Eabhrac: Routledge.

Stevenson, R.L., (1886) The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde. Londain: Longmans, Green & Co.

Stevenson, R.L., (1929) An Dr. Jekyll agus Mr. Hyde. Arna aistriú ag Conall Ceárnach. Baile Átha Cliath: Muinntir Ch.S. Ó Fallamhain i gcomhar le hOifig an tSoláthair.

Venuti, L., (2012) The Translation Studies Reader. An tríú heagrán. Oxford: Routledge.

Ailt

Schleiermacher, F. (1813; 2012) ‘On The Different Methods of Translation’. I: Venuti, L. The Translation Studies Reader. Oxford: Routledge, 43-63.

Foinsí ar líne

Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M., (2015) Beathaisnéis 1-9. [Idirlíon]. Ar fáil ar líne ag www.ainm.ie.

Ní Uigín, D., (2014) ‘Conspóidí an Ghúim: Léargas óna Chartlann’. I: Léann Teanga: An Réiviú. [Idirlíon]. Ar fáil ar líne ag https://doi.org/10.13025/kspj-5270.

Ábhar cartlainne

Comhaid an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.