DOI: https://doi.org/10.13025/3tya-1p68

Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta

Réamhrá

Léiríonn an taighde is deireanaí go bhfuil aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin ag dul i léig de réir mar a athraíonn nósmhaireachtaí teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé seo ag tarlú anois fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, ceantair Chatagóir A (Mac Donnacha et al., 2005; Ó Giollagáin et al., 2007; Péterváry et al., 2014).

Bíonn saothar Fishman lárnach in aon phlé faoin gcaoi is fearr le dul i ngleic le géarchéim mar seo. Is é Fishman a d’fhorbair an Scála Grádaithe um Briseadh Idirghlúine (GIDS), scála ocht gcéim le measúnú a dhéanamh ar staid mhionteanga (Fishman, 1991). D’aithin sé Céim 6 ar an scála (a bhaineann le seachadadh teanga ó ghlúin go glúin) mar an sprioc is tábhachtaí den aisiompú teanga:

The home-family-neighborhood-community complex is the normal ‘whole’ of childhood life and of intergenerational mother tongue transmission. Accordingly, it must remain at the center of RLS-efforts no matter what are the stages that necessarily come thereafter (1991: 95).

Maíonn sé freisin go gcuirtear go leor ama agus airgid amú ar iarrachtaí aisiompaithe teanga i réimse an oideachais de bharr nach ndírítear dóthain airde ar na naisc idir an scoil, an teaghlach agus an pobal a threisiú:

The road to societal death is paved by language activity that is not focused on intergenerational continuity, i.e. that is diverted into efforts that do not involve and influence the socialization behaviours of families of child-bearing age (1991: 91).

Sa pháipéar seo, déantar cur síos ar thaighde dearadh-bhunaithe (TDB) a rinne an taighdeoir i rith na scoilbhliana 2013-2014 in dhá bhunscoil atá lonnaithe i gCatagóir A de Ghaeltacht Chonamara.  Bhí tuairimí Fishman agus údar eile mar é ina dtionchar mór ar dhearadh an taighde. Taighde praiticiúil agus comhoibríoch a bhí ann, áit ar dhear an taighdeoir idirghabháil oideachais agus teicneolaíochta i gcomhar le múinteoirí agus gasúir na scoileanna. Ba í sprioc na hidirghabhála ná na gasúir a spreagadh le déantáin ilmhódacha dhigiteacha a chruthú bunaithe ar acmhainní saibhre teanga ar nós chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus acmhainní a thóg na gasúir isteach iad féin le haghaidh digitithe. Bhí súil ag an údar go bhféadfadh an taighde tionchar dearfach a bheith aige ar thaithí foghlama na ngasúr seo, gasúir atá ag fás aníos i gceantair leochaileacha i gcomhthéacs a stádas mar cheantair ina bhfuil an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga labhartha i measc an phobail.

Na Prionsabail Theoiriciúla a Phréamhaigh Dearadh na hIdirghabhála sa Taighde Seo

Chomh maith le tuairimí Fishman, bhí dearadh na hidirghabhála préamhaithe i teoiric shoch-chultúrtha a deir go mbítear ag foghlaim i gcomhthéacsanna sóisialta, cultúrtha agus stairiúla (Vygotsky, 1978). Tá saothar Vygotsky tar éis tionchar mór a imirt ar thuiscintí maidir le cén chaoi a bhfoghlaimíonn daoine agus ar shruthanna taighde oideachais nua dá réir, ar nós ‘na litearthachtaí nua’  (Lankshear & Knobel, 2011; Street, 1998), ‘an fhoghlaim suite’  (Lave & Wenger, 1991), ‘scoileanna ag táirgeadh eolais’ (Bigum, 2002; Rowan & Bigum, 2010), ‘cistí eolais’ (González et al., 2013; Moll et al., 1992), ‘litríochtaí déantáin’ (Pahl & Rowsell, 2011) agus ‘téacsanna féiniúlachta’ (Cummins & Early, 2010).

Aithnítear sna réimsí seo freisin an ról dearfach is féidir leis an teicneolaíocht imirt iontu agus aithnítear é seo go heisiach i réimse ‘Na hEolaíochtaí Foghlama’  (Hoadley & Van Haneghan, 2012) agus i réimse eile atá gaolta leis, ‘An Fhoghlaim Chomhoibritheach Tacaithe ag Ríomhairí’ (Dillenbourg & Fischer, 2007; Koschmann, 1993).

Taighde Dearadh-Bhunaithe

Léiríonn Figiúr 1 an dearadh tosaithe a bhí againn don idirghabháil agus é préamhaithe sna teoiricí thuasluaite (Mac Uidhilin, 2013). Rinneadh mionathruithe ar an dearadh de réir mar a cuireadh an idirghabháil i bhfeidhm go praiticiúil sa dá atriall den phróiseas taighde dearadh-bhunaithe nuair a bhí an taighdeoir ag obair ar bhonn comhoibríoch leis na múinteoirí agus leis na gasúir sa dá scoil (Kelly, 2006).

Figiúr 1: Na prionsabail (préamhaithe sa teoiric) a threoraigh an dearadh (Mac Uidhilin, 2013)

Cur chuige atriallach (Figiúr 2) é TDB atá dírithe ar idirghabháil shuntasach a fhorbairt i gcomhthéacs réalaíoch oideachais agus an taighdeoir ag comhoibriú leis na múinteoirí agus leis na gasúir (Anderson & Shattuck, 2012; Barab & Squire, 2004; Van den Akker et al., 2006). Is iad na torthaí a bhíonn ar TDB go hiondúil ná léargas nua ar na prionsabail deartha theoiriciúla agus an idirghabháil í féin (Hoadley, 2006; McKenney et al., 2006).

De réir dea-chleachtais taighde dearadh-bhunaithe (Gravemeijer & Cobb, 2006), rinneadh na seisiúin ranga uile a thaifead agus ghlac an taighdeoir páirt ghníomhach in éineacht leis an múinteoir i gcur i bhfeidhm na hdirghabhála. Bailíodh go leor sonraí eile freisin trí ghrúpaí fócais a reáchtáil leis na gasúir, agallaimh a chur ar an múinteoir, dialann mhachnamhach a choinnigh an taighdeoir agus ar ndóigh na déantáin a chruthaigh na gasúir iad féin.

Figiúr 2: Cur chuige dearadh-bunaithe (Gravemeijer & Cobb, 2006)

Insint na dTorthaí

Tá go leor plé i litríocht TDB maidir le giniúint torthaí ón iliomad sonraí a bhailítear mar chuid den phróiseas taighde agus freisin faoin gcaoi is fearr an bhearna idir an teoiric agus an phraitic a thrasnú. Is minic a léirítear torthaí taighde dearadh-bhunaithe i bhfoirm insinte. Ardaíonn sé seo ceisteanna maidir le modh léirmhínithe an taighdeora agus le fírinneacht iomlán an scéil atá á insint aige (Kelly, 2004; Shavelson et al., 2003).

I measc na n-iarrachtaí atá déanta ar na ceisteanna seo a fhreagairt aithnítear insintí dearaidh (Hoadley, 2002; Mor, 2011; Mor & Warburton, 2014) mar mhodh atá faoi thionchar na feiniméaneolaíochta leis na sonraí a bhailítear mar chuid de TDB –

The main argument in favour of design narratives is that they provide a “thick description” of the design experiment, allowing critics to assess the validity of the researchers’ claims, and trace them back to evidence. At the same time, design narratives provide sufficient contextual information for those who wish to conduct a similar experiment in proximal settings, be they fellow researchers or practitioners wishing to apply the research findings (Mor, 2011: 59).

Bíonn na hinsintí seo sách sainiúil, áfach, don chomhthéacs ina bhfuil siad lonnaithe. Moltar pátrúin dearaidh agus cásanna todhchaí dearaidh (Mor, 2013; Mor et al., 2014) le teibiú a dhéanamh ar na hinsintí ionas gur féidir le dearadh a bheith níos inaistrithe go comhthéacsanna eile. Mar shampla, i gcás an taighde seo, chabhródh pátrúin dearaidh le scoileanna eile sa Ghaeltacht an tsamhail a forbraíodh a úsáid.

Tá an taighde seo idir lámha ag an údar faoi láthair agus tá insintí dearaidh atá bunaithe ar na sonraí a bailíodh forbartha ag an taighdeoir don dá atriall den idirghabháil. Tá an taighdeoir ag plé faoi láthair le forbairt na bpátrún bunaithe ar na hinsintí seo. San alt seo tugtar achoimre ar dhá ghné den insint a bhaineann le hAtriall 2 den taighde i bhfoirm dhá vignette[1].

Insint ó dhearcadh an taighdeora atá sa chéad vignette agus insint ó dhearcadh na rannpháirtithe atá sa dara ceann. Molann Mor (2011) gur cheart insintí taighdeora a scríobh mar chuntais céad-phearsa ar thaithí agus ar bhreathnuithe an taighdeora agus molann sé freisin gur cheart insintí rannpháirtithe a scríobh mar chuntais tríú-pearsa bunaithe ar labhairt agus scríobh agus breithnuithe an taighdeora. Tá na moltaí seo curtha i bhfeidhm thíos.

Atriall 1 – Scoil Chluain Locha[2]

I dtosach báire, ar mhaithe leis an gcomhthéacs  a mhíniú, is fiú Atriall 1 den taighde a lua. Chaith mé 17 seisiún (2 uair an chloig an ceann) ag comhoibriú le Múinteoir Bríd agus gasúir ranganna 3-6 (naonúr gasúr ar fad) i Scoil Chluain Locha, scoil bheag bheirt oidí. Taighde taiscéalaíoch a bhí ann dom féin agus do mhuintir na scoile, áit ar chuir mé roinnt teicneolaíochtaí éagsúla ar fáil agus go leor saoirse do na gasúir déantáin dhigiteacha a chruthú. Ceann de na haidhmeanna a bhí le hAtriall 1 ná go dtreiseófaí an nasc leis an teaghlach agus leis an bpobal trí na déantáin a chur ar fáil ar líne.

Cuireadh críoch le hAtriall 1 ag ócáid cheiliúrtha, áit ar chuir na gasúir a gcuid déantán i láthair an phobail. Bhí an t-aiseolas ó na rannpháirtithe thar a bheith dearfach. Ina dhiaidh sin, rinne mé féin agus Múinteoir Bríd anailís ar na gnéithe ar éirigh go maith leo agus na cinn nár éirigh chomh maith sin leo agus d’aontaigh muid ar shamhail 6-7 seisiún a bheadh feiliúnach do bhunscoil eile i gCatagóir A.

Atriall 2 – Scoil Bharr na Leice

Cuireadh Atriall 2 den taighde ar bun i Scoil Bharr na Leice, scoil triúr múinteoirí, áit a raibh mé ag comhoibriú le Múinteoir Síle agus an 18 ngasúr i ranganna 5 agus 6.

Léiríonn an chéad vignette pictiúr den seomra ríomhaireachta i rith ceann de na seisiúin agus an cineál oibre a bhí ar bun ag na gasúir agus iad ag cruthú a gcuid ndéantán. Déanann sé tagairt siar do na seisiúin a chuidigh leo a gcuid téamaí a phiocadh. Díríonn an dara vignette ar ghasúr amháin, Tadhg, agus an chaoi a ndeachaigh an próiseas i bhfeidhm ar a chuid foghlama.

Roimh an dá vignette tugaim míniú ar fheidhm an bhogearra Photostory a bhí in úsáid acu leis na déantáin a chruthú agus bileog shioncrónaithe a forbraíodh thar an dá Atriall le tacú le forbairt na ndéantán.

Photostory agus an Bhileog Shioncrónaithe

Ligeann Photostory don úsáideoir seicheamh pictiúr a léiriú mar thionlacan le do phíosa fuaime (nó píosa fuaime a thaifead mar thionlacan le do sheicheamh pictiúr).  Tá roinnt féidearthachtaí eile ag Photostory le cur leis an déantán. Is féidir éifeachtaí a chur i bhfeidhm ar na híomhánna (dubh & bán, réscaipeadh, srl.), téacs a chur sa mhullach orthu, éifeachtaí trasdula a ionchur eatarthu, ‘beochain’ shimplí a chur i bhfeidhm (gluaiseacht trasna agus zúmáil). Bíonn dhá fhuaimrian aige – ceann den ghlór-rian réamhshocraithe (a ndéantar taifead air le micreafón go hiondúil) agus ceann den cheol-rian. Ní úsáidtear an ghlór-rian rómhinic le haghaidh na ndéantán agus úsáidtear an cheol-rian don mhír raidió.

D’aithin mé féin agus an múinteoir i rith Atriall 1 gur cuidiú mór a bhí ann na gasúir a chur ag machnamh ar na cineálacha pictiúir a bhí uathu do na háiteanna san fhuaim inár tharla athrú sa scéal nó sa chaint. Ligeann Photostory don úsáideoir an fad a mhaireann gach pictiúr a chlárú (i bhfoirm milleasoicind) agus d’aithin muid go gcabhraíonn sé seo go mór brí a bhaint as na déantáin má bhíonn siad seo cruinn.

Réitigh mé déantán digiteach ‘eiseamláireach’ i Photostory dóibh agus scaip mé bileoga shioncrónaithe a lean an amlíne a bhí aige (féach thíos). Lean siad an bhileog seo nuair a bhí an déantán á thaispeáint agam ar an teilgeoir. Chruthaigh mé an dá rud mar scafall dóibh agus iad ag tabhairt faoina gcuid déantán féin a fhorbairt. Ceann de na cinntí a rinne mé ná an méid scríbhneoireachta a bhí le déanamh a choinneáil chomh híseal agus ab fhéidir, is chuige sin a d’úsáid mé deilbhíní sa bhileog seachas focail ar nós ‘zúmáil isteach’, srl.

Am

Pic

Nótaí

0

Oileán iomlán slua 

  agus 

33

Teampall

  teampall

44

Altóir

  sagart

55

Oileán dorcha

‘chalk and charcoal’ 

1:00

Seán Cheoinín

Téacs bán ‘Seán Ó Ceoinín’ 

1:05

Barr an Oileáin

‘sepia’  Barr

1:10

Radharc le bád

‘sepia’ 

1:15

Mapa

Ó Chruach na Cara  agus  go dtí

Na Cruacha agus Cruach na Caoile

1:31

Cruach na Caoile 1

 

1:38

Cruach na Caoile 2

 

1:45

Mapa

Ó Chruach na Cara  go dtí Oileán Máisean

1:54

Oileán Máisean 1

  ón teach tréigthe

2:12

Mapa

Cruach na Cara + Oileán Máisean  Oileán Aimhréidh + Oileán Muirleach

2:24

Oileán Máisean 2

  ó na tithe tréigthe

2:33

Trá + Teampall

 

2:38

Teampall luí na gréine

  +

2:44

Deireadh

 

Tábla 1: An Bhileog Shioncrónaithe bunaithe ar dhéantán eiseamláireach

Vignette 1 – Dlúthphictiúr de cheann de na seisiúin i dtreo dheireadh Atriall 2

Tá na gasúir ag obair inniu ar a gcuid ndéantán a fhorbairt i Photostory. Chuir siad tús leis an obair an tseachtain seo caite nuair a phioc siad a gcuid míreanna ón rogha a chuir mé ar fáil dóibh sa néalchuntas (mínithe thíos). Roghnaigh mé na míreanna bunaithe ar an mapa coincheapa a d’fhorbair na gasúir liom i rith na tobsmaointeoireachta a rinne muid i Seisiún 1 – seisiún inár thapaigh siad an deis go leor eolais taisce a roinnt liom féin agus leis an múinteoir. Luaigh Múinteoir Síle cé chomh sásta is a bhí sí leis an seisiún sin agus an oiread a d’fhoghlaim sí faoin gceantar (is as ceantar eile di).

D’úsáid mé ainmneacha na ndaoine, na logainmneacha agus ainmneacha na bhféilte, srl. a chuir siad ar an mapa coincheapa mar théarmaí cuardaithe i mbunachar sonraí na cartlainne raidió. D’éist mé ansin leis na cláir agus ghearr mé amach míreanna a bhraith mé a chomhlíon a gcuid riachtanas agus a mhair idir 1-3 nóiméad ar fhad. Rinne mé iad a uaslódáil ansin go dtí néalchuntas na n-acmhainní ionas go mbeadh siad ar fáil dóibh ar scoil nó sa bhaile.

Tá na hacmhainní ar fad – na hirisleabhair bhliantúla a thug na gasúir isteach agus a scan mé, na míreanna fuaime, na híomhánna agus na déantáin iad féin – uaslódáilte agam go dtí néalchuntas scoile a bhfuil fáil ag na gasúir ar fad air. Shuiteáil mé feidhmchlár a dhéanann sioncrónú idir na sonraí sa néalchuntas agus an diosca crua ar gach ríomhaire. B’éigean dom é seo a dhéanamh in Atriall 1 de bharr fadhbanna a bhain leis an gceangal leathanbhanda (é mall agus ag cliseadh ró-mhinic le brath air). Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil a macasamhail d’fhadhbanna ag baint leis an leathanbhanda i mBarr na Leice freisin ach ní chuirtear isteach ar na seisiúin de bharr an fheabhais seo i ndearadh na hidirghabhála. Deir an múinteoir go bhfuil sé níos éasca ranganna a reáchtáil sa seomra ríomhaireachta de bharr nach gá do na gasúir suí ag an ríomhaire céanna gach uair.

Tá cuid de na gasúir tar éis a bheith ag taispeáint na n-irisleabhar agus ag seinm na míreanna raidió sa bhaile tríd an mbrabhsálaí ar a gcuid ríomhairí nó trí aip a shealbhú ar a gcuid táibléad iOS nó Android. Tá sé ráite ag cuid acu nach seinntear gach comhad meán i gceart leis na haipeanna seo, ach is feabhas mór é seo ar an modh roinnte a bhí in úsáid ag an tús in Atriall 1. Thosaigh muid amach le Wiki ansin ach bhí go leor deacrachtaí ag na gasúir agus iad ag plé leis ar a gcuid táibléad sa bhaile.

Ba iad na gasúir a shocraigh an oibreodh siad astu féin nó i ngrúpaí agus phioc siad mír fuaime as na roghanna a chuir mé ar fáil dóibh bunaithe ar na hábhair spéise a bhí acu. Is é an dushlán atá rompu anois ná pictiúir fheiliúnacha a aimsiú le dul leis an mír fuaime atá roghnaithe acu. Chuige sin, beidh orthu éisteacht leis an mír go grinn agus an bhileog shioncrónaithe a líonadh amach, áit a ndéanfaidh siad nóta de na pointí san fhuaim (le cód ama ss.0) ina n-athraíonn an cur síos sách mór gur fiú pictiúr nua a chur isteach. Déanfaidh siad nóta freisin den chineál pictiúir atá siad ag iarraidh a aimsiú agus má tá aon éifeacht físe le cur i bhfeidhm i Photostory (as na cinn a thaispeáin mé dóibh sa rang).

Leag mé amach an seomra ríomhaireachta chomh maith agus ab fhéidir le tacú le hobair ghrúpa ach tá easpa spáis ann i gcónaí – tá na ríomhairí deisce in aghaidh an bhalla in úsáid le haghaidh na ndéantán aonarach agus tá trí ríomhaire i lár an tseomra do na trí ghrúpa is mó.

Tá Ciarán, Cian agus Dara ag obair ar thrí bhailiúchán grianghraf a tógadh ar Chruach na Cara ar Lá Mhic Dara agus iad ag iarraidh codanna den oileán a aithint bunaithe ar an bplé a rinne triúr fear áitiúil i gclár faisnéise faoi atógáil Shéipéal Mhic Dara ar an oileán i 1976.

Tá Siobhán, Róisín agus Dónal ag obair ar agallamh a rinne Siobhán a thaifead lena seanmháthair faoi bheith ag fás aníos ar an Oileán Mór, oileán atá tréigthe anois.

Tá Íde ag iompórtáil íomhánna dá sin-seanathair a fuair sí in irisleabhar bliantúil a thóg duine de na gasúir isteach agus a rinneadh digitiú air. Damhsóir mór le rá a bhí ann agus tá sí ag iarraidh pictiúir a d’aimsigh sí a shioncronú leis na giotaí as an mír raidió ina bhfuil sé ag caint faoi na comórtais damhsa a ghnóthaigh sé nuair a bhí sé óg. Tá éifeacht dhubh agus bhán curtha i bhfeidhm aici ar íomhánna daite den cheantar chun cuma níos sine a chur orthu.

Tá Pádraic, Oscar agus Marcus ag iompórtáil íomhánna ó na hirisleabhair freisin le tionlacan a thabhairt d’amhrán a scríobhadh 40 bliain ó shin chun bua mór a bhí ag an bhfoireann peile áitiúil a cheiliúradh. Imríonn siad ar fad don fhoireann faoi-12 agus is é sin an fáth ar phioc siad an t-ábhar seo. 

Shocraigh Máire ar dhéantán faoi ‘nephew mo Mhamó’ (mar a thug sí air) a oirníodh mar easpag i Sasana le gairid. Thóg sí roinnt pictiúr isteach ón mbaile a rinne mé a scanáil di agus a chuir mé ar fáil ar an néalchuntas di agus tá sí á meascadh anois le hagallamh a rinneadh leis an easpag nua cúpla mí ó shin.

Bogann Múinteoir Síle ó Mháire le feiceáil cén chaoi a bhfuil ag éirí le Tadhg. Tá sé ag streachailt agus é ag iarraidh líne as amhrán atá á chasadh ag a sheanathair a thuiscint. Faigheann Síle scarthóir fuaime ón mbosca trealaimh ionas gur féidir léi a cuid cluasáin a cheangal le héisteacht in éineacht leis gan cur isteach ar an rang. Pléifear scéal Thaidhg níos mine i vignette 2.

Tá formhór na bpáistí ag úsáid míreanna ón raidió don fhuaim ina gcuid ndéantán ach mhínigh mé dóibh go mbeadh fáilte rompu na taifeadáin MP3 a thógáil ar iasacht dá mbeadh siad á n-iarraidh agus dá mbeadh aon duine sásta dul faoi agallamh sa bhaile.

In Atriall 1, bhí drogall ar na gasúir iad féin ná a muintir a thaifead agus bhí an chosúlacht ann gurbh amhlaidh an cás i mBarr na Leice go dtí gur léirigh Siobhán go mbeadh suim aici a seanmháthair a chur faoi agallamh. Duine as beirt í Siobhán (Róisín an cailín eile) a bhí an-spreagtha ón tús déantán a chruthú faoin Oileán Mór. Col seisreacha iad Siobhán agus Róisín agus d’fhás a gcuid seanmháithreacha aníos ar an oileán. Bhailigh an bheirt chailíní go leor eolais ar pháipéar ar dtús ach ansin shocraigh Siobhán liosta ceisteanna a scríobh amach agus a seanmháthair a chur faoi agallamh.

Tar éis do Shiobhán a shocrú go dtabharfadh sí faoi seo, léirigh triúr eile spéis an rud céanna a dhéanamh sa bhaile. Chuir mé traenáil ar an gceathrar acu cén chaoi na taifeadáin a láimhseáil i gceart, ach ar deireadh níor éirigh ach le Siobhán agus le Lorcán taifead baile a dhéanamh.

Le cúnamh óna thuismitheoirí, scríobh Lorcán script bheathaisnéiseach amach faoi ghaol leis a imríonn ar fhoireann sacair ban na hÉireann agus rinne sé taifead air féin sa bhaile á léamh. Tá sé féin agus Stiofán ag cuardach ar líne anois le haghaidh pictiúr le cur in éineacht leis an scéal.

Arís, chríochnaigh an atriall le hócáid sa scoil agus tugadh cuireadh do mhuintir na ngasúr teacht isteach le breathnú ar shaothar na ngasúr. Tháinig siad agus bhí bród agus mórtas le feiceáil in aghaidheanna na ngasúr nuair a chuir siad a gcuid oibre i láthair an phobail.

Vignette 2 – Tadhg – Mo Dhaideo

Is buachaill i rang 5 é Tadhg. Roghnaigh sé a sheanathair mar théama dá dhéantán. D’aimsigh mé go leor míreanna ón gcartlann ina raibh a sheanathair ag casadh amhrán – ar an árdán, sa stiúdeo, srl. Sa sheisiún grinnéisteachta, thug mé clár dó a chraoladh in ómós dá sheanathair nuair a cailleadh é agus thaitin píosa amháin leis ina raibh a sheanathair ag casadh ‘Pota Mór Fataí’.

Luaigh an múinteoir liom cheana nach mbíonn spéis ag Tadhg i dtascanna athchleachtacha go hiondúil – is fearr leis bogadh ar aghaidh go dtí an chéad rud eile. Nuair a bhí sé ag obair ar a dhéantán, áfach, bhí sé an-díograiseach go deo in aineoinn nach raibh caighdeán na fuaime ró-iontach le hais cuid de na taifid eile. Nuair a phléigh mé é seo leis an múinteoir i ndiaidh an tseisiúin, bhí muid beirt tar éis é seo a thabhairt faoi deara (S = Siobhán, T = Taighdeoir):

 

S: …níor stop sé…ó shuí sé síos ansin …agus ní hamháin sin…is fear freisin é…má tá rud déanta, tá sé déanta…agus sin, sin…agus imíonn sé ar aghaidh go dtí an chéad rud eile…bhfuil a fhios agat?

S: …ach choinnigh sé ai …ag dul siar…ag seiceáil an raibh an t-am díreach ceart…ar na pictiúirí …agus ag athrú má bhí …má bhí siad amach cúpla soicind nó…like, bhí an oiread…

T: …agus bhí an oiread bróid…bhí go leor [bróid]…

S: …[bród]…sin rud eile…bhí sé ag fiafraí díom…an mbeadh sé in ann é a chur ar USB…mar tá sé ag iarraidh é a thaispeáint sa mbaile…

S: …tá sé ag iarraidh é a thabhairt…tá sé ag iarraidh é a bhronnadh ar a Mhamó, so…bhfuil a fhios agat…

 

Bhí sé ag éisteacht chomh grinn agus chomh minic sin leis an amhrán gur thug muid beirt faoi deara go raibh sé á chasadh i ngan fhios dó féin i lár an tseisiúin. Sa chomhrá i ndiaidh an tseisiúin thug an múinteoir le fios go raibh sé á chasadh ag dul amach an doras dó:

 

S: …bhí sé …chomh bródúil as.. agus, mmm…ansin, é á chasadh ag dul amach an doras …so, tá amhrán pioctha suas aige…amach as freisin…bhfuil a fhios agat an chaoi sin?…mar ní raibh a fhios aige na focla roimhe seo…

T:  …bhfuil tú i ndáiríre?…

S: .. yeah…no, ní rabhas …mar d’iarr sé orm na focla …ar maidin…inniu…

 

S: …agus fiú Tadhg ansin, bhí sé in ann an t-amhrán a chasadh agus é ag dul abhaile lá amháin …you know…sin fianaise go raibh go leor foghlamtha aige sin…

 

Léiríonn Tábla 2 struchtúr an déantáin a chruthaigh Tadhg.

 

 

Am

Pointí athraithe san fhuaimriain

Na hÍomhánna

Éifeacht

00:00

iarrann an láithreoir air píosa den amhrán a chasadh

cartún d’fhigiúr dearg le micreafón

zúmáil isteach ar an micreafón

00:07

 

luann an láithreoir ainm a sheanathar

pictiúr dá sheanathair nuair a bhí sé ní b’óige in éineacht lena iníon

zúmáil isteach ar a sheanathair

00:10

luann an láithreoir ‘an pota mór fataí’ agus tosaíonn sé ag casadh go gairid ina dhiaidh sin…’Tá pota mór fataí ag Pádraig An Rí, srl…’

grianghraf de phota fataí

zúmáil amach go mall ó lár an phota

00:44

… ‘Is a bhó, a bhó, a bhó mo lao, srl.’ … an léamh atá ag Tadhg atá ar líne … atá chuile sheans ina líne raiméiseach leis an bhfonn a shíneadh amach

grianghraf de lao

zúmáil amach ón lao

00:55

… ‘cuirfidh mé cóiste’

grianghraf de sheanbhean ag gáire

zúmáil ar dheis

01:06

… ‘óra seanphota gliomach’…

grianghraf barúil – gasúr óg gléasta mar ghliomach agus é suite istigh i bpota mór

zúmáil amach

01:11

 

…’Is a bhó, a bhó, a bhó mo lao’…

grianghraf de lao eile

zúmáil ar chlé

01:20

…’is maith Muintir Uaithnín ag ól a gcuid tae, …’

cartún d’uan agus cupán tae

zúmáil amach

01:44

…críochnaíonn an t-amhrán agus laghdaíonn an fhuaim go réidh

grianghraf dá sheanathair nuair a bhí sé ní ba shine

téacs mór dearg curtha isteach ‘Mo Dhaideó: ((Ainm a sheanathar))’

Tábla 2 – Struchtúr Dhéantáin Thaidhg

Conclúid

Nuair a bhí an taighde seo á phleanáil i dtosach báire, bhí téarmaí ar nós sealbhú teanga agus saibhriú teanga in úsáid. Bhí na téarmaí seo sách trioblóideach do thaighdeoir nach bhfuil cúlra teangeolaíochta aige de bharr na tuisceana go bhfuil tomhas de shaghas éigin ag teastáil le sealbhú nó le saibhriú a mheas. Tháinig an téama ‘athshondas’ aníos i rith plé le mo chuid comhghleacaithe le cur síos a dhéanamh ar an gcineál ceangal a bhí á gcruthú ag na gasúir leis na míreanna cartlainne a mbíodar ag glacadh úinéireachta orthu tríd an ngrinnéisteacht, an sioncrónú agus an t-athmheascadh a bhí ar bun acu agus iad ag cruthú a gcuid déantán digiteach. Maím mar sin gur chothaigh an idirghabháil an t-athshondas teanga i measc na ngasúr agus iad ag roghnú, ag éisteacht le, agus ag cruthú déantán nua as acmhainní dílse ó chartlanna raidió agus ó acmhainní a thóg siad isteach ón mbaile. Maím freisin gur fheidhmigh an teicneolaíocht mar éascaitheoir leis na déantáin seo a chruthú agus a chraobhsaoileadh agus gur ábhar bróid a bhí san aiseolas dearfach a fuair na gasúir nuair a léirigh siad a saothar os comhair a muintire agus os comhair an phobail agus go mbeidh na DVDanna a fuair siad ina meabhrúchán buan dóibh air seo.

Bhí na hócáidí ceiliúrtha agus foilsiú na DVDanna mar bhuaicphointí an dá atriall a bhí faoi bhráid na hidirghabhála seo. Tá na déantáin a cruthaíodh cosúil le téacsanna féiniúlachta (Cummins & Early, 2010) áit ar féidir leis an teicneolaíocht feidhmiú mar aimplitheoir le tacú le hinfheistiú na féiniúlachta i ndéantáin dhílse agus áit a mbíonn aischothú dearfach mar thoradh air seo nuair atá lucht féachana i gceist.

Cé go raibh dúshláin ag baint leis an idirghabháil seo, dúshláin theicniúla den chuid ba mhó a bhí iontu agus sáraíodh iad sin i rith na n-atriallacha.  Maím má chuirtear an tacaíocht chuí ar fáil, is idirghabháil í seo atá inaistrithe go scoileanna eile i gceantair Chatagóir A sa Ghaeltacht agus is athshondas teanga i measc na glúine óige agus mórtas pobail a bheidh mar thoradh air nuair a chuirtear i bhfeidhm é.

Buíochas

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na múinteoirí, leis na gasúir agus leis na tuismitheoirí sa dá scoil a bhí ag comhoibriú liom leis an taighde seo. Tá buíochas freisin ag dul do mhúinteoirí agus d’oideachasóirí eile a chuidigh go mór liom sa phróiseas réamhthaighde i scoileanna éagsúla sa Ghaeltacht. Tá buíochas freisin ag dul don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chuir maoiniú ar fáil le tacú leis an taighde seo, do mo stiúrthóirí Tony Hall agus Fiona Concannon as ucht a gcuid aiseolais luachmhair, agus do mo chuid comhghleacaithe agus iarchomhghleacaithe eile in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as ucht na tacaíochta a fhaighim uathu.

 


[1] Nóta: Tharla na heachtraí sa chur síos seo i ndáiríre thar cúpla seisiún ach tá dlús curtha leo ar mhaithe le cuntas beacht agus soléite a thabhairt.

[2] Nóta: Ní úsáidtear fíorainmneacha ar bith sa phaipéar seo.

Leabhairliosta

Leabhair

Cummins, J. & Early, M., (2010) Identity Texts: The Collaborative Creation of Power in Multilingual Schools. Stoke-on-Trent: Trentham Books.

Fishman, J.A., (1991) Reversing language shift: Theoretical and empirical foundations of assistance to threatened languages. Cleveldon: Multilingual matters.

González, N., Moll, L.C. & Amanti, C., (2013) Funds of knowledge: Theorizing practices in households, communities, and classrooms. New York: Routledge.

Lankshear, C. & Knobel, M., (2011) New literacies: Everyday practices and social learning. New York: McGraw-Hill International.

Lave, J. & Wenger, E., (1991) Situated learning: Legitimate peripheral participation. Cambridge, MA: Cambridge university press.

Mor, Y., Mellar, H., Warburton, S. & Winters, N., (2014) Practical Design Patterns for Teaching and Learning with Technology. Rotterdam, NL: SensePublishers.

Van den Akker, J., Gravemeijer, K., McKenney, S. & Nieveen, N., (2006) Educational design research. London: Routledge

Vygotsky, L.S., (1978) Mind and society: The development of higher mental processes. Cambridge, MA: Harvard University Press.

 

Ailt/Caibidlí

Anderson, T. & Shattuck, J., (2012) 'Design-Based Research A Decade of Progress in Education Research?' Educational Researcher 41, 16-25.

Barab, S. & Squire, K., (2004) 'Design-based research: Putting a stake in the ground', Journal of the Learning sciences 13, 1-14.

Bigum, C., (2002) 'The knowledge producing school: Rethinking computing and communication technologies in schools', Professional Voice 2, 1-3.

Dillenbourg, P. & Fischer, F., (2007) 'Computer-supported collaborative learning, The basics', Learning 21, 111-30.

Gravemeijer, K., Cobb, P., (2006) ‘Design research from a learning design perspective’, I: Van den Akker, J., Gravemeijer, K., McKenney, S. & Nieveen, N. (eag.) Educational design research. London: Routledge, 17-51.

Hoadley, C., Van Haneghan, J.P., (2012) ‘The Learning Sciences: Where They Came From and What It Means For Instructional Designers’, I: Reiser, R. A. & Dempsey, J. V.  (eag.), Trends and Issues in Instructional Design and Technology (3rd ed.). New York: Pearson, 53-63.

Kelly, A.E., (2006) ‘Quality criteria for design research’, I: Van den Akker, J., Gravemeijer, K., McKenney, S. & Nieveen, N., (eag.). Educational Design Research. London: Routledge, 107-18.

Kelly, A.E., (2004) 'Design Research in Education: Yes, but is it Methodological?' Journal of the Learning Sciences 13, 115-28.

Koschmann, T.D., (1993) 'Introduction: Toward a Theory of Computer Support for Collaborative Learning', Journal of the Learning Sciences 3, 219-25.

Mac Uidhilin, N., (2013) ‘Learning Communities Mediated through Technology: Pedagogic Opportunities for Minority Languages’, I: Jones, E. H. G., & Uribe-Jongbloed, E. (eag.) Social Media and Minority Languages: Convergence and the Creative Industries Clevedon: Multilingual Matters, 146-59.

McKenney, S., Nieveen, N. & van den Akker, J., (2006) ‘Design research from a curriculum perspective’, I: Van den Akker, J., Gravemeijer, K., McKenney, S. & Nieveen, N., (eag.). Educational Design Research. London: Routledge, 67-90.

Moll, L.C., Amanti, C., Neff, D. & Gonzalez, N., (1992) 'Funds of knowledge for teaching: Using a qualitative approach to connect homes and classrooms', Theory into practice 31, 132-41.

Mor, Y., (2013) ‘SNaP! Re-using, sharing and communicating designs and design knowledge using Scenarios, Narratives and Patterns’, I: Luckin, R., Puntambekar, S., Goodyear, P., Grabowski, B. L., Underwood, J. & Winters, N. (eag.) Handbook of Design in Educational Technology. London: Routledge, 189-200.

Pahl, K.H. & Rowsell, J., (2011) 'Artifactual Critical Literacy: A New Perspective for Literacy Education', Berkeley Review of Education 2.

Rowan, L. & Bigum, C., (2010) ‘At the hub of it all: Knowledge-producing schools as sites for educational and social innovation’, I: Clandfield, D. & Martell, G. (eag.), The School as Community Hub: Beyond Education's Iron Cage Ottawa: Canadian Centre for Policy Alternatives, 185-203.

Shavelson, R.J., Phillips, D.C., Towne, L. & Feuer, M.J., (2003) 'On the science of education design studies', Educational researcher 32, 25-8.

Street, B., (1998) 'New Literacies in Theory and Practice: What are the implications for language in education?' Linguistics and Education 10, 1-24.

 

Agallaimh

Hoadley, C., (2006) The Unique Attributes of Design-based Research, Agallamh ag an AERA International Convention, Ar fáil: http://dbr.coe.uga.edu/expertinterview.htm [Dáta rochtana 19/02/2015]

 

Tuarascálacha

MacDonnacha, D., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & Ní Mhainín, T., (2005) Staid reatha na scoileanna Gaeltachta/A study of Gaeltacht schools. Baile Átha Cliath: COGG.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & O’Brien, M., (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C. & Sheahan, J., (2014) Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach:  An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: COGG.

 

Imeachtaí Comhdhála

Hoadley, C.P., (2002) Creating context: Design-based research in creating and understanding CSCL, in: Proceedings of the Conference on Computer Support for Collaborative Learning: Foundations for a CSCL Community. International Society of the Learning Sciences, 453-62.

Mor, Y., (2011) Design narratives: an intuitive scientific form for capturing design knowledge in education, in: The 6th Chais Conference on Instructional Technologies Research. 57-63.

Mor, Y. & Warburton, S., (2014) Assessing the value of design narratives, patterns and scenarios in scaffolding co-design processes in the domain of technology enhanced learning, in: Bayne, S., Jones, C., de Laat, M., Ryberg, T., Sinclair, C. (Eds.), Proceedings of the 9th International Conference on Networked Learning.