DOI: https://doi.org/10.13025/ct83-q835

Téarmaíocht Cártaí san Aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games

Réamhrá

Baineann  saibhreas teanga ar leith le réimse na gcártaí sa Ghaeilge.  Bíodh is go bhfuil roinnt foinsí ann ina ndéantar tagairt don ábhar seo níl dianstaidéar acadúil déanta air go fóill.  Ar an dul céanna, tá an chosúlacht ann nár aistríodh leabhar cluichí cártaí ó Bhéarla go Gaeilge riamh.  Bunaíodh an t-alt seo ar thaighde a rinneadh mar chuid den MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh in 2014.  Rinneadh aistriúchán anótáilte ar The Penguin Book of Card Games (2008) le David Parlett.  Ba í an obair ar an téarmaíocht an ghné ba shuntasaí den taighde sin agus, mar sin de, is é sin a bheidh faoi chaibidil san alt seo.  Déantar grinnanailís ar théarmaí agus ar shaintéarmaí na gcártaí agus ar an gcaoi ar tugadh faoi théarmaí áirithe sa bhuntéacs Béarla a aistriú.

Cúrsaí Téarmaíochta

Is léargas maith é sainréimse ar nós imirt cártaí ar an riocht ina bhfuil an teanga agus chomh solúbtha agus atá an teanga chun déileáil le sainábhar ó thaobh na téarmaíochta de. Nuair a bhí téarmaí cluichí cártaí á scrúdú ag an taighdeoir, rinneadh iarracht téarmaí coibhéiseacha Gaeilge a aimsiú a bhí simplí agus sothuigthe. Déantar trácht ar na saintéarmaí cártaí i roinnt téacsanna Gaeilge, mar shampla, Slighe an Eólais: Cúrsaí an tSaoghail i nÉirinn (Ó Cadhlaigh, 1900), Cárdaí agus Cearrbhachas (Ó hEochaidh, 1953), An Béal Beo (Ó Máille, 1936). Tá go leor téarmaí a bhaineann le cártaí le fáil i mórfhoclóirí Gaeilge an fhichiú haois, mar shampla, Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill, 1977) agus English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959).  Ní hionann, áfach, líon na saintéarmaí atá ann i mBéarla agus atá ann i nGaeilge. Ní gá ach súil a chaitheamh ar an iliomad leabhar cluichí cártaí a foilsíodh ar an ábhar i mBéarla agus feictear go bpléitear téarmaíocht na gcluichí cártaí i gcaibidil ar leith sna leabhair úd (féach ar: Parlett, 2008; Katz, 2004; Leeming, 1980 etc).  Níl a mhacasamhail ann sa Ghaeilge, agus dá bharr sin, ní raibh saintéarma coibhéiseach Gaeilge ar fáil don téarma Béarla i ngach cás sa staidéar seo.

Nuair a rinneadh scagadh ar shaintéarmaíocht na gcártaí i nGaeilge, aithníodh go raibh go leor saintéarmaí ar fáil i dtaobh cluichí a d’imrítí go coitianta in Éirinn, amhail cúig fichead agus cúig is daichead. Leagann Ó hEochaidh béim air seo nuair a thagraíonn sé don saibhreas teanga a bhaineann le cártaí a imirt i nGaeilge:

Is suimeamhail an foclóir a bhaineas leis an chúig fichead, agus is suimeamhla ná sin an chosmhalacht atá eadar na focla agus na leaganacha cainnte seo in achan cheárn de’n tír. Sílim go mbaintear níos mó pléisiúir as na h-abairtí atá ag baint leis na cárdaí ná a bhaintear as a n-imirt héin. (1953: 87)

Cúlra an Taighde

Is minic a chaitheann daoine, idir óg agus aosta, oícheanta ag imirt cártaí. Bíonn daoine ag imirt cártaí sa bhaile, i dtithe na gcomharsan nó sa teach tábhairne áitiúil.  Tá ról ar leith ag na cártaí i saol na ndaoine a bhíonn á n-imirt. Tá stór focal agus téarmaí a bhaineann, go sainiúil, le réimse na gcártaí, mar shampla, cúig, mámh, ceilt chártaí, triuf, muileata, etc. Is gá féachaint ar leabhair chluichí cártaí ó am go chéile i gcás ábhair achrainn agus is deacair na treoracha agus an cur síos ar na rialacha atá sa leabhar The Penguin Book of Card Games le David Parlett a shárú.

Níor foilsíodh aon leabhar i nGaeilge a phléann go sonrach le cluichí cártaí go fóill, ach feictear ar shuíomhanna idirlín go bhfuil suim san ábhar ag daoine ar spéis leo an teanga a chleachtadh mar aon le gnáthdhaoine ar spéis leo cártaí a imirt.[1] Chuige seo, beartaíodh ar leabhar cluichí cártaí a aistriú, óir nach ndearnadh aistriúchán ar an ábhar seo riamh agus bheadh saintéarmaíocht bhreise ann, a bhainfeadn go sonrach le réimse na gcluichí cártaí, de bharr an tsaothair sin.

Sainréimse na gCártaí

Baineann imirt cártaí le réimse na gcluichí, is gníomh sóisialta agus is caitheamh aimsire traidisiúnta é leis, ‘Card playing is a very social event. What better way to liven up a get together than by breaking out a deck of cards?’ (Katz, 2004: 67). D’fhéadfaí cártaí a imirt i d’aonar nó le grúpa cairde mar phíosa spraoi nó mar chomórtas. Baineann gach duine, idir shean agus óg, taitneamh as imirt cártaí mar chaitheamh aimsire agus is dea-nós é go dtugtar an deis do dhaoine a bhaineann le haoisghrúpaí difriúla imirt le chéile.

Traidisiún na gCártaí in Éirinn

 “Mara ndeinid sé lá prátaí bhaint,” adeir an sean-fhocal, “déanfaid sé lá cártaí dh’imirt.” Agus níl aon dabht ná gur breágh an caitheamh aimsire agus gur maith an sult cluiche maith cártaí, go mór mhór oidhche gheimhridh, nuair a bhíonn cuideachta mheidhreach i dtigh tímpal an bhúird (Ó Cadhlaigh, 1900: 145).

Dar le Ó hEochaidh (1953: 84-6) agus le Ó Sé (2013) d’imrítí cártaí go coitianta in Éirinn agus sna ceantair Ghaeltachta le linn oícheanta airneáin, mar shampla, féach ar Caisleán Óir (Ó Grianna, 1924: 38–45). Baineann piseoga, orthaí, iontais agus uafáis leis na cluichí cártaí chomh maith (Ó hEochaidh, 1954: 83). Ina theannta sin, tá an-chuid nathanna ag baint leis an gcaitheamh aimsire seo mar a léirítear sna samplaí thíos:

Nath

Foinse

Fuil dearg ort! – Go n-éirighidh leat an cluichthe a bhaint – i gcearr-bhachas.

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 95)

Tá gob deas ar do chirc. (Adeirtear an focal san nuair a bhíonn cártaí maithe ‘na ghlaic age duine.)

Slighe an Eólais (1900: 148)

 

Fáinne óir ort. (Adeirtear le duine a dh’iompuighe-ann aon).

Slighe an Eólais (1900: 148)

 

Is deacair a shamhlú go dtiocfaí ar chaitheamh aimsire eile in Éirinn a bhaineann le rud ‘…ínteacht neamh-shaoghalta, le tarngaireacht, agus go mór-mhór leis An-Spiorad’ (Ó hEochaidh, 1953: 83-4). Is iomaí scéal atá ann a bhaineann le cumhacht osnádúrtha na gcártaí, agus bíonn ról ag an diabhal sna scéalta seo (Ó hEochaidh, 1953: 84; Ó Sé, 2013).  Feictear go rímhinic sna seanscéalta go n-imríodh an diabhal leis an té nó leis an scoil chártaí agus gur ‘Bhain sé roimhe agus “na dhiaidh ar feadh na hoíche”…’ (Ó hEochaidh, 1953: 84).  ‘Le linn an chluiche lig duine cárta uaidh ar an urlár trí dhearmad, agus cad é an rud a chonaic sé ansin ach crúb an fhir’ (Ó hEochaidh, 1953: 84; Ó Sé, 2013).

Feictear go raibh dúil ar leith ag na hÉireannaigh sna cluichí amhail cúig is daichead, aon déag ar fhichid, cúig fichead (Ó Cadhlaigh, 1900: 146; Ó Sé, 2013) agus ba iad siúd na cluichí is minice a d’imrítí agus a imrítear fós (Ó hEochaidh, 1953: 85).  Thar aon ní eile, tugtar faoi deara a lárnaí agus atá saibhreas cainte agus stór focal i dtaobh imirt na gcártaí.  Rinneadh iarracht an saibhreas teanga sin a fhí isteach san aistriúchán chomh minic agus ab fhéidir.  Tugtar léargas ar an bpointe sin sa chéad mhír eile agus ar na dúshláin a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin.

Trácht ar Ról an Aistritheora

Tá ról an aistritheora lárnach i bpróiseas an aistriúcháin, ar an gcuma chéanna, ní bheadh an t-aistriúchán ann murach na léitheoirí: ‘Is caidreamh idir an t-aistritheoir agus an léitheoir an t-aistriúchán, ar deireadh’ (Ó Ruairc, 2007: 13). Tá ról ar leith ag an léitheoir i bpróiseas an aistriúcháin agus caithfear an ról sin a chur sa mheá i gcónaí agus an t-aistriúchán á déanamh ag an aistritheoir. Ba ghá an méid sin a thabhairt san áireamh agus na téarmaí cártaí á n-aistriú go háirithe. Mar a luann Mac Lochlainn (2010: 59) is gá síorchuimhneamh ar léitheoirí an téacs.

Is léir go bhfuil sé ríthábhachtach don aistritheoir aird ar leith a thabhairt, agus tuiscint a bheith aige, ar chiall an bhuntéacs agus ní foláir dó ciall an bhuntéacs a thabhairt slán sa spriocthéacs, mar a luaitear i mórshaothair réimse an aistriúcháin (mar shampla, Munday, 2012; Newmarke, 1988; Nida & Taber, 1982 etc).

Níl ach rosc catha amháin is dual don aistritheoir: an t-aistriúchán a bheith ciallmhar, sothuigthe, soléite, nó an chiall chun tosaigh i gcónaí an chiall, an chiall agus arís an chiall[2]  (Ó Ruairc, 2007: 54).

Bíodh is go ndearnadh gach iarracht a bheith chomh dílis don bhuntéacs agus ab fhéidir sa taighde seo, i ndeireadh na dála, níl aon mhaitheas le haistriúchán a chur ar fáil más aistriúchán dothuigthe é.  Tháinig roinnt téarmaí deacra chun tosaigh le linn an aistriúcháin agus pléitear na téarmaí sin sa cheád mhír eile.

Téarmaí Deacra

Is ceart féachaint leis an téarmaíocht a neadú i nGaeilge nádúrtha agus gan ligean don téarmaíocht aduain teacht salach ar cheart na Gaeilge  (An Gúm: 2).

Bhí aimsiú na dtéarmaí cuí a d’oirfeadh don chomhthéacs ar cheann de na fadhbanna ba mhó a tháinig chun tosaigh san aistriúchán.  Bíodh is go raibh téarmaí ar fáil a bhain le réimse na gcártaí, ba dheacair iad a fhí isteach san abairt mar ba cheart uaireanta, chun go mbeadh abairt dhílis do chomhréir agus do rithim na Gaeilge ann.  Cuireadh liosta téarmaí ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta i gcásanna nach raibh aon fhoinse ná fasach Gaeilge ar fáil dóibh.  Dheimhnigh an Coiste Téarmaíochta an dúshlán a bhain le haistriú na dtéarmaí ós rud é nach raibh saineolas ag an gCoiste Téarmaíochta ina dtaobh (ríomhphost 2014).  Déantar cur síos ar na téarmaí sin anois.

Lead

Is iomaí téarma a bhaineann leis an mbriathar seo agus déantar tagairt dó i dtéacsanna Gaeilge a bhaineann le réimsí na gcártaí. Tá leaganacha maithe den bhriathar agus den ainmfhocal seo le fáil ar líne (www.teanglann.ie).[3]

Téarma

Aistriú

Foinse

Leatsa an tabhairt

You have the lead

EID

Tabhair!

Your lead!

EID

D’fhreagair sé an tabhairt;

Thug sé ar ais an dath céanna

He returned the lead

EID

Tugaim, lomaim (cárta)

Lead

EID

Cé thug?

Who led?

EID

Cárta a thabhairt le clár

To lead a card

FGB

Anuas air sin, déantar tagairt don téarma i dtéacsanna Gaeilge a bhaineann le sainréimse na gcártaí.

Téarma

Foinse

An té a imríos an chéad chárta le gach cúig, is é a leagan a dhéanas sé.

An Béal Beo (1936: 169)

‘Leag sé an mámh’, a dearfaí. ‘Mura leaga tú an mámh leag madadh maith drámh’ focal eile a deirtear

An Béal Beo (1936: 169)

Lom sé an mámh’ a deirtear. ‘Céard a tháinig le lom’ a d’fhiafródh duine

An Béal Beo (1936: 169)

An chéad fhear a bhfuil an leagan aige, sin é a bhfuil an lomadh aige.

An Béal Beo (1936: 169)

…is é an fear a bhuadhan an chúig a leagann an chéad chárta.

Slíghe an Eólais (1900: 146)

…an chéad chárta do leagadh…

Slíghe an Eólais (1900: 148)

…ach é leagadh i ndiaidh an mhuilit do leagfí i dtosach…

Slíghe an Eólais (1900: 148)

 

Leagaim. –Cuirim cárda–mádh ná drádh–síos ar chlár ar thús babhta imeartha.

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 97)

 

“Níl leagan an Mháidh héin agam !” Rud a déarfas duine nuair a bhéas cluithche measardha árd agus a beithear ag dréim go leagfaidh sé an Mádh. (Teilionn)

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 97)

 

Socraíodh ar leas a bhaint as an téarma leag bunaithe ar na samplaí seo chun lead an Bhéarla a chur in iúl. Measadh go raibh an téarma seo dílis don Ghaeilge agus do chiall an bhuntéacs.

Buntéacs

Spriocthéacs

…lead to the first and second tricks as indicated below:

…leag cárta an chéad chúig agus cárta an dara cúig de réir mar a léirítear thíos: 

(ii)          Deal (an tAinmfhocal agus an Briathar)

Bhí raidhse mhaith téarmaí i gcomhair an téarma deal ar fáil leis, mar a fheictear thíos:

Téarma

Aistriú

Foinse

Déanamh, roinnt

Deal (an t-ainmfhocal)

EID

Cé leis déanamh?

Cé leis an roinnt?

Whose deal is it?

EID

Déanaim, roinnim

Deal (an briathar)

EID

Déanamh

Deal (an t-ainmfhocal)

FGB

Tá na cártaí amuigh

The cards are dealt

FGB

 

Téarma

Foinse

Díolaim amach

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 94)

Rannaim.—(Roinnim) .i. bheirim lámh chardaí thart dó ‘ach uile dhuine da bhfuil ag imirt

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 98)

Na cártaí do roinnt (deal)

Fáinne an Lae (1922(b))

Is ionann na cártaí a dhéanamh agus iad a chur i dtoll a chéile, iad a shuaitheadh nó a mheascadh agus ansin iad a roinnt amach ar na himreoirí.

An Béal Beo (1953: 170)

Mo dhéanamh-sa nó, Liom-sa an suathadh

Fáinne an Lae (1922(b))

Déan na cártaí

An Béal Beo (1953: 170)

Is leat déanamh

Cé leis déanamh

An Béal Beo (1953: 170)

Cé leis suathadh? Whose deal is it?

Irisleabhar na Gaedhilge (1903: 213)

Bearr díobh

Fáinne an Lae (1922(b))

Lom iad

Fáinne an Lae (1922(b))

Tar éis na téarmaí sin ar fad a scrúdú, socraíodh ar an téarma roinn a úsáid chun an briathar deal a aistriú agus roinnt chun an t-ainmfhocal deal a chur in iúl. Measadh gur thug na téarmaí sin brí an bhuntéacs slán agus d’oir na téarmaí don chomhthéacs ina raibh siad neadaithe.

Buntéacs

Spriocthéacs

Deal five cards…

Roinn cúig chárta… 

(iii)         Dealer agus Non-dealer

Téarma

Foinse

Déantóir cártaí

FGB

Díoltóir

Slíghe an Eólais (1900: 146)

Fear déanta na gcártaí

Fáinne an Lae (1922(b))

Fear, bean ranna

EID

Fear ranna

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 94)

Fear atá ag rann na gcártaí – (an rud is gnách a rádh leis an fhear atá ag rann na gcárdaí)

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 88)

Fear díolta na gcártaí

Ó Sé (2013)

Fear déanta na gcártaí

Ó Sé (2013)

Baineadh leas as an téarma fear ranna ar dealer i dtús báire, ach bhí fadhbanna i gceist leis ó thaobh cúrsaí inscne de (fear/bean ranna, etc.) agus i dtaobh fhad an téarma. Ina fhianaise sin, socraíodh ar leagan eile a úsáid. Déantar tagairt don téarma roinnteoir in Foirisiún Focal as Gaillimh (1985: 25). An buntáiste is mó a bhaineann le roinnteoir is ea a ghontacht agus a neodracht, rud nach bhfuil i gceist le fear déanta na gcártaí, etc. Cuireadh an téarma non-dealer faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta agus moladh an téarma an t-imreoir nach é an fear ranna é. Ní mór cuimhneamh nach raibh sna moltaí a tháinig ón gCoiste Téarmaíochta ach moltaí sealadacha agus bhí ar an taighdeoir cinneadh a dhéanamh faoi roinnt de na moltaí i gcásanna áirithe. Cheap an taighdeoir nár luigh an t-aistriúchán seo go maith leis an téarma a bhí in úsáid ar dealer – roinnteoir, agus socraíodh leas a bhaint as leaganacha bunaithe ar mhúnla an Choiste Téarmaíochta amhail an abairt thíos:

Buntéacs

Spriocthéacs

…non-dealer may …

… is féidir leis an imreoir nach é an roinnteoir…

(iv)         Suit

Socraíodh ar leas a bhaint as an téarma dath chun suit an Bhéarla a aistriú; measadh go raibh an téarma dílis don leagan Béarla agus don leagan Gaeilge araon.

Téarma

Foinse

Dath

EID

Dath (‘“Caidé ‘n dath é?”‘)

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 94)

Culaith (ceithre chulaith)

Slíghe an Eólais (1900: 145)

Saghas

Fáinne an Lae (1922(b))

(v)          Snap agus Spit

Nuair a bhí téarmaí áirithe á n-aistriú nach raibh a macasamhail ann sa Ghaeilge, cloíodh go han-docht leis an leagan Béarla agus an modh aistriúcháin litriúil sa chéad dréacht den aistriúchán agus bhí a lorg sin le sonrú ar na téarmaí. Aistríodh téarmaí amhail snap agus spit mar snap a thabhairt agus seile (seile a chaitheamh). Cuireadh an dá théarma sin faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta, agus moladh na téarmaí snap agus rad a úsáid don dá bhriathar snap agus spit. Mheas an taighdeoir go raibh an téarma snap ní b’fhearr ná snap a thabhairt agus feictear an téarma seo san aistriúchán deiridh. Bhíothas idir dhá chomhairle idir an dá théarma rad agus seile; tá ciall mheafarach leis an téarma spit agus socraíodh ar an gceann is intuigthe, is é sin seile a roghnú dá bharr sin.

Buntéacs

Spriocthéacs

If one player snaps mistakenly…

Má shnapann imreoir ar chárta trí dhearmad…

If one player has no spit cards left when play gets stuck, the other one spits alone.

Mura mbíonn cártaí seile ar bith ina sheilbh ag imreoir amháin nuair a théann an imirt in abar, déanann an duine eile seile a chaitheamh ina aonar. 

(vi)         Ante

Téarma

Míniú

Foinse

Ante

In gambling games, an obligatory stake made before play

begins – usually by every player, sometimes only by the

dealer.

The Penguin Book of Card Games   (2008: 278)

 

ante, v. 1846…trans. To put (an ante); also transf., to bet, stake; to pay off, up; to hand over, surrender. Also absol.

Oxford English Dictionary (OED)

Tugadh an téarma geall(ta) a chur ar an mbriathar ante sa chéad dréacht. Mhol an Coiste Téarmaíochta an briathar réamhgheall a úsáid ina áit sin.  Measadh go mbeadh ainmfhocal bunaithe ar an mbriathar réamhgheall ní b’fhearr agus ní ba dhúchasaí do rithim na Gaeilge agus feictear an leagan seo san aistriúchán deiridh dá bharr.

Buntéacs

Spriocthéacs

Everyone antes and looks at their hand.

Cuireann gach duine réamhgheall síos sula bhféachann siad ar a lámh féin.

(vii)        Jink agus Jinking

Téarma

Míniú

Foinse

jink

intr. (Cards.) To win a game of spoil-five or forty-five by taking all the tricks in one hand.

OED

 

Is iomaí téarma a bhaineann leis an téarma jink in EID agus in FGB agus sna téacsanna Gaeilge leis.

Téarma

Aistriú

Foinse

Cluiche a chur as cúl doirn

to jink, to win every trick in game

FGB

Cluiche glaice

jink

FGB

Cluiche a ghoint

to win game outright, to jink

FGB

Cluiche riain a chur

to jink, to win every trick in a game

FGB

Cluiche a rianú

to jink a game

FGB

Cluiche a rith

to jink a game

FGB

Gnóthaím cluiche glaice; cuirim (cluiche) as cúl doirn.

jink

EID

 

Téarma

Foinse

Nuair a dhéantar an cluiche ar fad as aon déanamh amháin, cluiche caiptíncluiche glaice a thugtar air; cluiche as cúl doirn i gCúige Uladh.

An Béal Beo (1936: 170)

cluiche riain, a jink (Goint – v. Réilthíní an Óir)

Fáinne an Lae (1922(b))

An té bhuadhann an cluiche (nó na páirtnéirí a bhuadhann é) i naon imirt deirtear go ndeinid an cluiche do ghoin.

Slíghe an Eólais (1900: 146)

Dheineas rian. Do rianas é. Tá sé rianta agam. Tá sé ‘na rian agam. (Is ionann rian do dhéanamh agus cluiche do ghoin).

Slíghe an Eólais (1900: 148)

Scrúdaíodh na téarmaí seo ar fad agus socraíodh go mbainfí leas as an téarma rianú. Nuair a éisteadh leis an taifeadadh ‘Imirt Cártaí sa Traidisiún agus sa Chaint’, clár de chuid Cheiliúradh an Bhlascaoid (Ó Sé, 2013), rinne an t-aoi-chainteoir, an tUasal Ó Sé (rannpháirtí an chláir), tagairt don téarma goint agus é ag labhairt faoin téarma jink. Ba léir ón bplé sa chlár go raibh saineolas aige i dtaobh théarmaíocht agus thraidisiún na gcártaí sa Ghaeilge. Ina fhianaise sin, socraíodh leas a bhaint as an téarma cluiche a ghoint ar jink agus ar jinking. Rinneadh an cinneadh toisc gur ceapadh gur luigh sé go nádúrtha leis na habairtí a bhí le haistriú.

Buntéacs

Spriocthéacs

If instead you ‘jink’…

Má dhéanann tú an cluiche a ‘ghoint’ ina leaba sin…

Jinking

Cluiche a ghoint

(viii)      Jinker

Ní raibh téarma coibhéiseach don téarma jinker ar fáil i nGaeilge. Bhí an téarma imreoir glaice in úsáid mar aistriúchán ar an téarma seo agus bunaíodh an téarma ar na samplaí thíos:

Téarma

Aistriú

Foinse

Cluiche a chur as cúl glaice

to win a straight game

FGB

Cluiche glaice

jink

FGB

Mhol an Coiste Téarmaíochta an téarma gointeoir, agus is é gointeoir an téarma a úsáideadh san aistriúchán deiridh dá bharr sin. Luigh an leagan seo go maith leis na leaganacha a bhí in úsáid ar jink, jinking leis. Pointe eile atá le lua anseo is ea gur fusa ainmfhocal amháin a láimhseáil seachas téarmaí ilfhoclacha, go háirithe i gcás abairtí fada.

Buntéacs

Spriocthéacs

…or a jinker fails to win five…

…nó mura n-éiríonn le gointeoir cúig cinn a bhuachan…

 

(ix)         Sweep the Pool

Aistríodh an téarma sweep the pool mar an clár a lomadh sa chéad dréacht, bhí baol ann, áfach, nach dtuigfeadh an léitheoir an é an bord nó an t-airgead a bhí i gceist leis an téarma seo. Rinneadh breis taighde agus thángthas ar an leagan seo a leanas:

Téarma

Aistriú

Foinse

Gandal

 ‘Kitty’ in imirt cártaí’

Foirisiún Focal as Gaillimh (1985: 108)

Aistríodh an téarma mar an gandal a lomadh san aistriúchán deiridh, óir nach raibh aon amhras i gceist le brí an téarma sin. Is sampla é seo de shíneadh brí a thabhairt d’fhocal, rud atá an-tábhachtach maidir le forbairt téarmaíochta i gcás mionteangacha.

Buntéacs

Spriocthéacs

… you may sweep the pool without further play.

… is féidir an gandal a lomadh gan imirt a thuilleadh.

(x)          High Card, Low Card, Highest Card, Lowest Card

Bhí roinnt téarmaí éagsúla in úsáid mar aistriúcháin ar na téarmaí high card, low card, highest card, lowest card, mar shampla, cárta ard/íseal, an cárta is airde/is ísle, cárta luachmhar/an cárta is luachmhaire, cárta ar luach ard/íseal, cárta gan luach etc.

Feictear go n-úsáidtear na téarmaí ar shlite éagsúla i saothair éagsúla i nGaeilge:

Téarma

Foinse

An té go mbíonn an t-aon a mádh ‘na ghlaic aige, is féidir dó aon chárta (an cárta is measa dá bhfuil aige, dar ndóigh…mar is fearr mádh dá ísle céim ná aon chárta eile (ach amháin an t-aon a hAirt) dá aoirde céim.

Slíghe an Eólais (1900: 146-147)

i.. go mbuailfidh uimhreacha beaga an Spéir agus ‘an Sruth na h-uimhreacha móra[4]

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 93)

Spaorait ó loch Éirne nó cárta maith Airt

Slíghe an Eólais (1900: 148)

…is fearr na cártaí árda ná na cártaí ísle.

Slíghe an Eólais (1900: 146)

 Lag.—“ Nach lag an cárda a chuir tú leis !”

Nach beag dhe mhaith an cárda a chuir tú leis.

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 96) 

Láidir.—“ Cuir cárda láidir leis! ” Cuir cárda leis nach mbíonn furast a bhualadh—Mádh maith mór.

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 96)

Bíodh is nár cuireadh na téarmaí seo faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta, cuireadh na téarmaí thíos ar aghaidh a bhain leis an gcomhthéacs seo a leanas:

Téarma

Míniú

Moladh an Choiste Téarmaíochta

High card

 

Higher top card

No combination. The better of two such hands is the one with the higher top card, or second higher, if tied etc. Cards rank (high-low) A K Q J T 9 8 7 6 5 4 3 2.

ardchárta

 

uaschárta is airde

Cinneadh ar na téarmaí cárta ard (cártaí arda) agus cárta íseal (cártaí ísle) a úsáid toisc gur oir na téarmaí don chomhthéacs, ba mhodh é seo a luigh go nádúrtha leis an téacs agus thug sé brí an téarma slán sa Ghaeilge. Bhíothas in ann an modh aistrithe seo a úsáid i roinnt comhthéacsanna éagsúla leis, mar shampla, Hi-Lo Draw – Tarraingt Ard Íseal etc.

(xi)         LámhGlac

Téarma

Foinse

hand  The cards dealt to an individual player.

The Penguin Book of Card Games (2008)

Beartaíodh an téarma lámh in áit an téarma glac a úsáid chun an téarma hand a aistriú, ós rud é go raibh níos mó samplaí den téarma seo le fáil i bhfoinsí ábhartha. Tugtar sampla díobh siúd sa bhosca thíos agus léirítear go raibh an téarma ag teacht leis an gcomhthéacs tríd an aistriúchán ar fad.

Téarma

Foinse

Lámh.—“ Lámh chardaí.”

Cárdaí agus Cearrbhachas (1953: 97)

An té go mbíonn an t-aon a mádh ‘na ghlaic aige…

Slíghe an Eólais (1900: 146)

…Cheilis-se, croch do lámh…

Slíghe an Eólais (1900: 148)

…nó gach beirt aca ar lámhaibh a chéile

Slíghe an Eólais (1900: 147)

…Cúig do láimhe déanta…

An Béal Beo (1936: 170)

Fuaireas mo chúig láimh-dhéanta, I got my dealing trick.

Fáinne an Lae (1922(a))

Bhí amhras ann i dtaobh inscne an fhorainm, i.e. nuair a rinneadh tagairt don “lámh cártaí” i gcomhthéacsanna áirithe. Is ainmfhocal baininscneach é lámh, ach toisc go raibh an téarma ag tagairt don choincheap “lámh cártaí”, i.e. líon na gcártaí a bhíonn ag an imreoir, bhí rogha le déanamh idir an forainm firinscneach agus an forainm baininscneach a úsáid. Rinneadh tuilleadh taighde ar úsáid an téarma lámh in imirt cártaí agus thángthas ar an tagairt seo a leanas:

Téarma

Míniú

Foinse

traipisí iol.

Chaith mé mo láimh i d- 10, chaith mé . . . i gcártaí, ar an mbord gan í a imirt.

Foirisiún Focal as Gaillimh (1985: 232)

Feictear go bhfuil an forainm baininscneach in úsáid leis an téarma seo (in áit an fhorainm fhirinscnigh), agus dá bharr sin, cuireadh an forainm baininscneach i bhfeidhm san aistriúchán mar a léirítear sa sampla thíos:

Buntéacs

Spriocthéacs

Eldest, if dissatisfied with his hand, may lay it face up…

Mura mbíonn an té ar thaobh na láimhe clé den roinnteoir sásta lena lámh féin, féadann sé í a leagan uaidh béal suas…

(xii)        Discard

Ba ghá cinneadh a dhéanamh faoin téarma ab fhearr chun an briathar discard a aistriú. Bhí roinnt leaganacha don téarma discard le fáil sna foclóirí agus téarmaí is ea iad nach mbaineann go sonrach le comhthéacs na gcártaí ach a thagann chun cinn go minic sa chur síos ar chluichí áirithe a imirt.

Téarma

Míniú/Aistriú

Foinse

Díol as

pay out, discard,

FGB

Gearradh díobh

discards

FGB

Bheith sa ghearradh díobh

to be discarded, on the shelf

FGB

Do lámh a ghlanadh

to discard unwanted card(s) from one’s hand

FGB

Caite i gcártaí

discarded

FGB

Faoi thóin cártaí

discarded

FGB

Caite i dtraipisí

consigned to the scrapheap, scrapped, discarded

FGB

Caitheamh i gcártaí; cárta a bheadh caite i bpaca.

Discard

EID

Caithim uaim (cártaí).

Caithim uaim, caithim i dtraipisí, i gcártaí.

Discard

EID

Cinneadh ar an leagan caithim uaim etc, a úsáid agus feictear an téarma san aistriúchán deiridh nuair a d’oir sé don chomhthéacs:

Buntéacs

Spriocthéacs

Each…makes one discard…

…caitheann gach duine cárta amháin uaidh…

Ní féidir an téarma thuas a úsáid i ngach cás. Socraíodh ar an leagan cárta caite i dtraipisí a úsáid san aistriúchán i gcásanna nár oir an téarma thuas don abairt Ghaeilge. D’éirigh leis an téarma cárta caite i dtraipisí brí an téarma Bhéarla a thabhairt slán sa spriocthéacs. Luíonn an téarma go maith le comhréir na habairte agus leis an gcomhthéacs. Feictear an modh aistrithe seo i bhfeidhm san abairt thíos.

Buntéacs

Spriocthéacs

Robbing the pack. If dealt the trump Ace, you may declare that fact and then ‘rob the pack’ by taking the turn-up and discarding an unwanted card face down.

Robáil an phaca. Má roinntear Aon an Mháimh ort, is féidir an méid sin a chur in iúl agus ansin déanann tú ‘an paca a robáil’ ach an t-iompú cárta a thógáil den phaca agus cárta nach bhfuil uait a chaitheamh i dtraipisí ar a bhéal faoi.

 (xiii)     Eldest

Ba é príomhchuspóir an taighdeora téacs intuigthe don léitheoir agus dílis don Ghaeilge a aistriú. D’fhonn brí na dtéarmaí a shoiléiriú i roinnt cásanna sa staidéar seo, ba ghá imeacht cuid mhaith ó théarmaí an bhuntéacs chun go dtuigfeadh an léitheoir ciall na habairte. Sampla maith de sin is ea an téarma Eldest. Tá ciall mheafarach le Eldest i gcomhthéacs na gcártaí. In áit leagan amhail an té is sine a úsáid, socraíodh ar an leagan an té ar thaobh na láimhe clé den roinnteoir a úsáid, a thuigfeadh agus nach gcuirfeadh an gnáthléitheoir amú.

Téarma

Míniú

Foinse

Elder, -est

The player to the left of the dealer in left-handed games, or to the right in right-handed, who is obliged or privileged to make the opening bet, bid, or lead. (Also called age, forehand, pone, etc.)

The Penguin Book of Card

Games (2008: 278)

Fear tógála

Fear tógála, fear ar láimh chlí

fear rannta agus a mbéidh air an

 chéad chárda a imirt.

(Cloichcheannfhaola).

Cárdaí agus Cearrbhachas

(1953: 94)

 

Cé gur thángthas ar théarma a d’oir don chomhthéacs – fear tógála, socraíodh ar leas a bhaint as an leagan an té ar thaobh na láimhe clé den roinnteoir san aistriúchán deiridh.  Bheadh an téarma fear tógála ag teacht salach ar an modh aistrithe a bhí in úsáid le téarmaí amhail roinnteoir etc.  Ní mór a thabhairt chun cuimhne a thábhachtaí agus atá an léitheoir, ní hé gach léitheoir a thuigfeadh an téarma an fear tógála i gcomhthéacs imirt cártaí.

Buntéacs

Spriocthéacs

Play. Eldest starts by playing any Seven face up to the table

Imirt. Cuireann an té ar thaobh na láimhe clé den roinnteoir tús leis an imirt agus Seacht ar bith a imirt agus é ar aghaidh na n-imreoirí eile dul i mbun na himeartha.

(xiv)       An tAinmfhocal a lua

Cé go bhfuil leagan ar three of a kind[5]trí agus four of a kind  – ceathair i gcomhthéacs an phócair ar fáil ar www.tearma.ie, nuair a cuireadh an modh aistrithe seo i bhfeidhm sa chéad dréacht, níor oir sé don abairt. Ní léir brí na habairte Gaeilge don léitheoir nuair nár luadh ach an ceathair; ba ghá ainmfhocal a lua leis an téarma lena bheachtú. Mar gheall air seo, feictear an múnla trí cinn den chineál céanna, agus ceithre cinn den chineál céanna, ag tagairt do three of a kind, four of a kind etc. san aistriúchán deiridh in áit an trí, agus an ceathair.

Buntéacs

Spriocthéacs

The aim is to get four of a kind…

Is é an cuspóir ceithre cinn den chineál ceánna a aimsiú…

(xv)        Na Giorrúcháin – AKQJT

Úsáidtear na giorrúcháin (AKQJT) sa bhuntéacs nuair a dhéantar tagairt do na cártaí éagsúla, mar shampla, King = K etc. Beartaíodh gan na giorrúcháin (RBCAD) a úsáid sa spriocthéacs toisc go bhfágtar na giorrúcháin mar atá siad i mBéarla (AKQJ etc.) i dteangacha éagsúla eile.[6]  Is léir mar sin gur cleachtas idirnáisiúnta é seo agus níor athraíodh na giorrúcháin sa spriocthéacs dá bharr.

(xvi)       Téarmaí an Phócair

Ní raibh go leor téarmaí a bhain le réimse an phócair le fáil sna foclóirí Gaeilge, ach bhí roinnt téarmaí ar www.tearma.ie, rud a léiríonn (i) go raibh dúil ní ba láidre ag muintir na hÉireann sna cluichí amhail Cúig Fichead, Daichead a Cúig etc. fadó agus (ii) go bhfuil borradh faoi chluichí pócair, go háirithe ar an idirlíon, le déanaí.

(xvii)     Flush

Téarma

Míniú

Foinse

Flush

noun

(In poker or brag) a hand of cards all of the same suit.

OED

Bhí téarmaí éagsúla ar flush in EID agus in www.tearma.ie araon:

Téarma

Aistriú

Foinse

Lámh aondathach

Flush, Cards: (At poker)

EID

Blás

Flush

www.tearma.ie

Tháinig na téarmaí seo salach ar a chéile agus measadh gurbh fhearr an téarma blás a úsáid ó thaobh leanúnachais de. Rinneadh é sin óir tagraíodh do théarmaí eile amhail royal flush –  blás ríoga etc. sa bhuntéacs agus bhí leaganacha díobh ar www.tearma.ie.  Ba ghá uimhir iolra a chumadh do blás (blásanna), toisc nach raibh a leithéid ar fáil ar www.tearma.ie.  Bunaíodh an litriú blásanna ar fhocail atá ar aon chruth leis mar spás (spásanna).  Cuireadh ceist ar an gCoiste Téarmaíochta faoina oiriúnaí agus atá an litriú agus moladh an méid seo a leanas ina leith: ‘is sraitheanna an t-iolra ar straights agus blásanna ar “flushes”‘ (ríomhphost 2014).  Bhí dúshlán ar leith ag baint leis an bhfrása Ace-high royal flush a aistriú agus mhol an Coiste Téarmaíochta an leagan Blás ríoga agus Aon ar ardluach a úsáid agus feictear an leagan seo san aistriúchán deiridh dá bharr.

(xviii)    Flop

Buntéacs

Spriocthéacs

There are several verieties (sic.) of Poker in which one or more cards are dealt face up to the table and counted by each player as if they were part of his own hand. These communal cards form what is called the flop

Tá leaganacha éagsúla Pócair ann ina roinntear cárta amháin nó níos mó ar a mbéal suas ar an mbord agus áiríonn gach imreoir iad amhail is gur chuid dá lámh féin iad. Tugtar an phleist ar na cártaí comhchoiteanna seo.

Ba ghá go leor de na téarmaí a bhain le réimse an phócair a chumadh, baineadh leas as an téarma pleist ar flop i dtús báire, agus aistríodh téarmaí amhail the flop, three-card flop etc, mar an phleist, pleist trí chárta, etc

Buntéacs

Spriocthéacs

The flop

An phleist

Three-card flop

Pleist trí chárta

Focal eile a bhí le cur sa mheá anseo ba ea flup, focal atá cosúil leis an bhfocal Béarla. Ceapadh go mbeadh an focal pleist ní ba sholúbtha agus b’fhurasta é a úsáid mar réimír agus sin é an chúis ar beartaíodh an téarma sin a úsáid san aistriúchán. Mhol an Coiste Téarmaíochta téarmaí amhail Pleistphócar, an phleist etc. a úsáid agus feictear na téarmaí seo san aistriúchán deiridh dá bharr sin.

(vix)       Hole card

Téarma

Míniú

Foinse

hole-card  

in stud poker, a card which has been dealt face down; also fig.

OED

 

Aistríodh an téarma hole card mar cárta rúnda i dtús báire, ach measadh nár thug an téarma Gaeilge bunchiall an téarma Bhéarla slán. Rinneadh tuilleadh taighde ar an téarma seo i gcomhthéacs an chluiche pócair (mar shampla, Parlett, 2008; McLeod 2010, etc.) agus beartaíodh ar an téarma thíos bunaithe ar bhrí an téarma a úsáid:

Buntéacs

Spriocthéacs

Deal two hole cards to each player.

Roinn dhá chárta béal síos ar gach imreoir.

Mhol an Coiste Téarmaíochta an téarma cárta cúil a úsáid. Bunaítear an leagan seo ar an méid seo a leanas:

Téarma

Aistriú

Foinse

Cárta cúil

an ace up your sleeve

she had an ace up her sleeve

bhí cárta cúil aici, bhí cúig eile aici

Foclóir Nua (www.focloir.ie)

Téarma úsáideach is ea é seo a oireann don chomhthéacs agus feictear an leagan seo san aistriúchán deiridh dá réir sin.

Conclúid

Bhí sé mar phríomhchuspóir ag an taighdeoir ó thús deireadh an tionscadail ábhar soléite agus sothuigthe a sholáthar sa spriocthéacs. Measadh go mbeadh ábhar mar seo ina bhuntáiste do chainteoirí Gaeilge agus go gcuirfeadh sé leis an raon ábhair aistrithe atá ar fáil i nGaeilge. Níl aon leabhar ar leith ar fáil i nGaeilge ina ndéantar mioniniúchadh ar réimse na gcluichí cártaí agus an téarmaíocht dúchais a ghabhann leis.  Dá bharr sin, féachadh le téarmaí dúchasacha a bhaineann le cluichí cártaí agus traidisiún imeartha cártaí sa tír seo a nascadh leis an taighde.

Ní foláir a rá go raibh láimhseáil na téarmaíochta ar cheann de na dúshláin ba mhó a bhain leis an aistriúchán seo. Rinneadh cíoradh ar fhoinsí difriúla, idir fhoclóirí, téacsanna agus taifeadtaí digiteacha éagsúla chun teacht ar na téarmaí cuí le húsáid san aistriúchán. Ba thrua ar shlí nach bhféadfaí níos mó leasa a bhaint as na téarmaí agus nathanna cainte ar thángthas orthu le linn an taighde ach bhí cúiseanna maithe ann nárbh fhéidir iad a úsáid (féach ar mhír (xiii) Eldest, Téarmaí Deacra etc.) Caithfear na daoine a rinne iarracht na foinsí teanga seo a bhailiú a mholadh, ach ní mór aird a thabhairt ar chomhairle Uí Eochaidh ina leith:

… tá iarracht déanta agam ar chur síos a dhéanamh ar fhoclóirín, agus ar abairtí, agus leaganacha cainnte an chearrbhaigh, go díreach mar a bhaintear feidhm astu in mo bhaile héin i dTeilionn, agus i gCloichcheannfhaola. Níl mé ag rádh gur éirigh liom an t-iomlán a fháil…ach níor mhór do dhuine geimhreadh a chaitheamh i gcuideachta na gcearrbhach in ‘ach baile fearainn s Ghaeltacht leis sin a dhéanamh agus ina dhiaidh sin ní bhéadh an t-iomlán ar fáil, is dóiche liom (Ó hEochaidh, 1953: 87).

Próiseas casta is ea an t-aistriúchán agus tá ról an léitheora agus an aistritheora fite fuaite go dlúth ann. Tá an ceart ag Mac Lochlainn (2010: 58) nuair a deir sé, ‘Gníomh cumarsáide atá san aistriúchán agus bíonn aistritheoirí maithe ar a ndícheall ag iarraidh gach débhríocht agus doiléire sa téacs foinseach a réiteach’. Ní mór a bheith airdeallach ar bhrí an bhuntéacs a thabhairt slán agus í a chur in oiriúint ar bhealach nádúrtha don Ghaeilge. Tháinig dúshláin ar leith chun tosaigh san aistriúchán toisc go rabhthas ag plé le saintéarmaíocht a bhaineann le réimse sainiúil sa Ghaeilge. Cé go raibh ar an taighdeoir grinnanailís a dhéanamh ar an mbuntéacs agus ar bhrí na dtéarmaí sa bhuntéacs, níor leor na saintéarmaí úd a aistriú go litriúil i ngach cás. Bhí ar an taighdeoir tuiscint an léitheora a chur san áireamh agus an t-aistriúchán á dhéanamh aici chun a chinntiú go mbeadh an téacs oiriúnach don ghnáthdhuine mar aon leis an saineolaí ar chluichí cártaí.

 


[2] Is le húdar an ailt seo an cló iodálach.

[3] Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill, 1977) (FGB) agus de English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959) (EID).

[4] Feictear go mbíonn an modh ‘cártaí maithe’, ‘cárta móra/beaga’ in úsáid leis, tagraíonn Ó Sé (2013) don ‘Aon beag’ agus don ‘Aon mór’ etc.

[5] Nó ‘trírín, (3 of a kind) trips’ (www.tearma.ie).

[6] Tagraítear do na giorrúcháin mar KQJ i dtéacsanna Spáinnise agus Gearmáinise etc. Féach: Selzer-McKenxie 2002; Moreno 2003.

Leabhairliosta

Leabhair

Katz, N., (2004) The Everything Card Games Book: A complete guide to over 50 games to please any Crowd. S.A.M.: Adams Media.

Mac Lochlainn, A., (2000) Cuir Gaeilge Air. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Moreno, M., (2003) Enciclopedia de los juegos: Las reglas de 500 juegos (Bicolor). Barcelona:        Editorial Paidotribo.

Munday, J., (2012) Introducing Translation Studies: Theories and Applications. An tríú heagrán. Londain: Routledge.

Newmark, P., (1988) A Textbook of Translation. Hertfordshire: Prentice Hall International.

Nida, E.A. & Taber, C.R., (1982) The Theory and Practice of Translation. Leiden: E.J. Brill.

Ó Cadhlaidh, C., (1900) Slighe an Eólais: Cúrsaí an tSaoghail i nÉirinn. Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nóláin.

Ó Grianna, S., (1924) Caisleán Óir. An dara heagrán. Ó Dónaill, N. (eag). Athchló, Corcaigh: Mercier Press, 1976.

Ó Máille, T., (1936) An Béal Beo. An tríú heagrán. Ó hUiginn, R. (eag.) Athchló, Baile Átha Cliath: An  Gúm, Foras na Gaeilge, 2002.

Ó Ruairc, M., (2007) Aistrigh Leat. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Parlett, D., (2008) The Penguin Book of Card Games. An tríú heagrán. Londain: Penguin Books Ltd.

Ailt/Nuachtáin

Fáinne an Lae (1922(a)) ‘Ceist agus Freagra.’ 04 Samhain.

Fáinne an Lae (1922(b)) ‘Ceist agus Freagra.’  18 Samhain.

Irisleabhar na Gaedhilge: The Gaelic Journal (1903) ‘Focla agus Ráidhte.’ 01 Eanáir. 213.

Ó Donnabháin, B., (2011) Macallaí Aon a Hart an tAon beag Ceart. Irish Echo [ar líne], 16 Feabhra. ar fáil: http://irishecho.com/2011/02/16/page/770/ [léite ar an 20 Iúil 2014].

Ó hEochaidh, S., (1953) ‘Cárdaí agus Cearrbhachas’. Béaloideas. 22. 88-101.

Foinsí Ar Líne

An Gúm (g.d.) Treoracha d’Aistritheoirí [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.gaeilge.ie/dynamic/file/Treoracha%20dAistritheoiri.pdf (léite 11 Meitheamh 2014)

Boards.ie (2009) Ag imirt chártaí. Boards.ie [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?p=62737220 (léite 10 Iúil 2014)

Irish Language Forum (2011) Cluichí Cártaí. Irish Language Forum [ar líne]. Ar fáil ag: http://irishlearner.awyr.com/phpBB3/viewtopic.php?f=28&t=48 (léite 20 Iúil 2014)

McLeod, J., (2011) Texas Hold’em [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.pagat.com/trumps/nap.html (léite 21 Iúil 2014)

Selzer-McKenxie, D., (2002) Poker. GoogleBooks [ar líne]. Ar fáil ag: books.google.ie/books?id=mkLW5DWtiBUC (léite 8 Lúnasa 2014)

St. Clare’s Primary School (2014) Ag imirt cártaí i Seachtain na Gaeilge. Wordpress [ar líne], 14 Márta. ar fáil: http://stclares6th.wordpress.com/2014/03/14/ag-imirt-cartai-i-seachtain-na-gaeilge/ (léite 11 Iúil 2014)

Ríomhphost

An Coiste Téarmaíochta (2014) Maidir le: Comhairle maidir le téarmaí áirithe do chluichí cártaí (tearmai@forasnagaeilge.ie), (9 Iúil) (léite 9 Iúil 2014)

Taifeadadh

Ó Sé, M., (2013) Imirt Cártaí sa Traidisiún agus sa Chaint, Card-playing Traditions. Ceiliúradh an Bhlascaoid 2013, The Blascaod Mór Commemoration 2013. Saibhreas agus Dán na Teanga. The Wealth and Future of the Language. Dé Sathairn 28 Meán Fómhair.  Craoladh Raidió. Raidió na Gaeltachta, 27 Nollaig 2013.

Foclóirí

de Bhaldraithe, T., (1959) English-Irish Dictionary. Baile Átha Cliath: Criterion Press Ltd.

de Bhaldraithe, T., (1985) Foirisiún Focal as Gaillimh. Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na               hÉireann.

Ó Dónaill, N., (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Áiseanna Leictreonacha/Ar Líne

http://www.tearma.ie

http://www.focloir.ie/

http://teanglann.ie

http://oxforddictionaries.com/