DOI: https://doi.org/10.13025/vntq-2p18

Réamhrá

Léann Teanga: An Reiviú cúig bliana ar an fhód i mbliana agus léiríonn an cúigiú heagrán seo den iris go bhfuil sí ag teacht in aibíocht i gcónaí agus ag feidhmiú mar mhaighnéad do scoláireacht ilghnéitheach, úrnua agus dhána. Nuair a cheap Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an cúrsa MA sa Léann Teanga agus foilsiú na hirise piarmheasúnaithe seo mar thasc do mhic léinn an chúrsa sin, is dócha nach bhféadfaí a thuar go nglacfadh an pobal acadúil, idir údair, léirmheastóirí agus léitheoirí chomh fonnmhar léi agus a ghlac nó go n-earcófaí mic léinn bliain i ndiaidh bliana a bhí sásta tabhairt faoin dúshlán seo! Is léir, áfach, gur cinneadh fadradharcach gaoiseach a bhí ann agus is teist í saibhreas agus réimse na dtéamaí a phléitear san eagrán reatha ar an mhuinín a chuireann scoláirí san iris mar ardán dá saothar. Bealach eile ina raibh an iris dea-cheaptha ná go bhfuil rochtain oscailte ar na hailt trí láithreán gréasáin tiomnaithe. Cinneadh ar an mhodh seachadta seo ag am nuair atá rochtain oscailte ar thorthaí taighde á cur chun cinn mar choincheap agus mar thosaíocht ag rialtais náisiúnta ar fud an domhain.  Is é leas taighdeoirí, mac léinn agus an ghnáthphobail atá mar bhunús leis an chlaochlú seo, cuspóir a thagann le fís na hirise seo. Gura fada buan í!

Pléann alt Chonchúir Uí Bhrolcháin le fealsúnacht oideachais an trasteangaithe agus a himpleachtaí do cheist an tumoideachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in Éirinn.  Léiríonn taighde a rinneadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá go háirithe, gur mór an faoiseamh an cur chuige seo do pháistí atá ag fáil a gcuid scolaíochta trí mheán teanga nach í an mháthairtheanga í, go speisialta nuair nach raibh rogha acu a bheith oilte trí mheán na máthairtheanga amháin.  Thar aon ní eile, léiríonn na ceisteanna a phléitear san alt nár mhór an tsrathair a chur ar an chapall ceart, is é sin, go mbaineann buntáistí le cur chuige dátheangach i gcomhthéacsanna ar leith, ach i gcás na tíre seo agus an teagmháil stairiúil a bhí idir an Ghaeilge agus an Béarla gur ghá a bheith cúramach faoi bheartas ar bith nach féidir linn a bheith cinnte de go dtreiseoidh sé an Ghaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide.

Lonnú an scannáin Fís na Fuiseoige i measc sheánraí na scannaíochta is cás le hAodh Ó Coileáin ina pháipéar siúd. Maíonn sé gur le seánra an scannáin aiste a bhaineann sé agus déanann sé scagadh fuarchúiseach ar thréithe an scannáin, scannán a stiúir sé féin, ag féachaint lena thréithe a mheas i dtaca le haicmí aitheanta i léann na scannánaíochta. Tríd an scagadh seo léirítear gur féidir an scannán a aithint mar scannán aiste go deimhin, ach feicimid leis go mbriseann sé múnla sa mhéid is go dtugann sé dúshlán an scannáin faisnéise a bhfuilimid cleachta nó róchleachta leis. Is freagairt í Fís na Fuiseoige dar leis ar stíl insinte atá uileláithreach, stíl a aithnítear trí ‘reacaireacht i nglór fir…agus an chuma air gur glór Dé atá ann’. Molann Aodh an scannán aiste mar mheán a thugann ‘deis don scannánóir rogha fhairsing teicnicí inste scéil a úsáid in éineacht’.

An luach as cuimse atá le cartlann Raidió na Gaeltachta atá faoi chaibidil ag Seathrún Ó Tuairisg, Cormac Ó Comhraí agus Bríd Nic Dhonncha. Léiríonn siad dúinn trí chur síos ar thogra triallach go mbaineann dua nach beag le hábhar a aimsiú sa chartlann ach go saibhríonn togra ar bith dá leithéid na meiteashonraí atá mar bhunús leis an chatalóg agus dá réir sin go laghdaítear an dua d’úsáideoirí a thagann ina ndiaidh. Faighimid léargas ar an ról lárnach a d’imir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcaomhnú agus i ndigitiú ábhar na cartlainne agus an cumas teicniúil atá de dhíth ó fhoirne taighde agus iad ag saothrú na cartlainne.  Tá oiliúint ar fáil san alt seo d’aon duine a bheadh ag iarraidh ceird na coimeadaíochta digití a fhoghlaim, go háirithe faoin tslí le feidhmiú laistigh de phrionsabail agus coinbhinsiúin aitheanta.  Taispeántas ar líne a bhí mar thoradh ar an togra seo ar thug na húdair faoi, áis eiseamláireach atá ann a chruthaíonn an luach atá le cartlann RnaG mar bhunfhoinse le haghaidh taighde ach an cumas cuí a bheith ag na taighdeoirí.

Ina halt ar Risteárd Ó Glaisne roinneann Dorothy Ní Uigín a saineolas ar shaol agus saothar an fhathaigh seo de chuid na hiriseoireachta Gaeilge, saineolas a chruinnigh sí trí dhianscrúdú ar chorpas a chuid scríbhinní iomadúla agus ilghnéitheacha agus trí agallaimh leis an Ghlaisneach féin.  Mar gheall ar an teagmháil phearsanta seo faighimid léargas ar mheon an Ghlaisnigh i leith na hearnála inár oibrigh sé agus ar an chaidreamh a bhí aige lena chomhaoisigh, ina measc Ciarán Ó Nualláin agus Peadar Ó Ceallaigh.  Tugann an t-alt seo cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an éacht oibre a rinne ‘an t-intleachtóir, tráchtaire, iriseoir agus éacúiméinicí’ seo agus fiafraí an mbeidh a leithéid arís ann.

Dinimic teanga agus nuálaíocht i ndrámaí teilifíse Gaeilge is ábhar don chuntas a thugann Seán Breathnach uaidh ar an dá shraith An Klondike/Dominion Creek agus Corp + Anam. Féachann sé le forás coincheapúil agus léiriúcháin na sraitheanna seo a ríomh agus aird aige ar na deacrachtaí praiticiúla a bhí le sárú laistigh de chultúr coimisiúnaithe a linne, cultúr atá ag teacht in aibíocht, agus féachaint le teorainneacha an domhain scéalaíochta a leathnú amach don lucht féachana in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Is fada Micheál Mac Lochlainn i mbun ceannródaíochta ar chúrsaí ríomheolaíochta agus is é cur síos ar thoradh a chuid scileanna ríomhchláraithe a fhaighimid sa pháipéar seo aige.  Tá breiseán modúlach don chóras bainistíochta inneachair WordPress cumtha aige ar a dtugann sé Músgraí WYSIWYM WP, ina stíl shainiúil féin.  Rachaidh an breiseán seo chun sochair do na sluaite a úsáideann WordPress chun láithreacht ar an idirlíon a chruthú dóibh féin, dá n-eagraíocht, dá dtionscadail srl.  Déanann sé cás do chóras marcála WYSIWYG thar WYSIWYM agus léiríonn sé na buntáistí a bhaineann le Músgraí WYSIWYM WP dóibh siúd a bhaineann úsáid as WordPress le hábhar a fhoilsiú ar líne.  Moltar réitigh sa pháipéar fosta faoin tslí le siombail foghraíochta a léiriú go sásúil ar an scáileán, áis eile thar a bheith fiúntach atá inti seo do theangeolaithe a bhaineann leas as WordPress.

Micheál Cíosóg agus an Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael atá faoi chaibidil ag Cathal Billings.  Díríonn sé ar an neamart a rinneadh i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge i measc na mball i mblianta luatha an CLG, agus a íorónta a bhí sé seo i bhfianaise na spéise a bhí ag na bunaitheoirí sa teanga. Ceadaíodh réimse foinsí comhaimseartha leis an fhócas dochloíte a bhí ag Micheál Cíosóg ar athbheochan na teanga agus na gcluichí náisiúnta sna blianta corracha ag deireadh na naoú haoise déag a léiriú.

Is le cúrsaí teicneolaíochta sa chóras oideachais a bhaineann páipéar Néill Mhic Uidhilin, saothar atá bunaithe ar thaighde a rinne sé i scoileanna Gaeltachta i gConamara. Is ar mhaithe le coincheap na sinéistéise a thástáil a bhí an obair allamuigh seo, agus sa chur chuige a triaileadh bhí páistí scoile ag baint feidhme as cartlann Raidió na Gaeltachta le míreanna fuaime a cheangal le híomhánna le déantán nua a chruthú. Léiríodh go mbaineann tascanna den chineál seo leas as teicneolaíocht chun litearthachtaí nua a fhorbairt a bhfuil luí ag na daltaí féin leo, agus go bhfuil impleachtaí dá réir sin ag an taighde seo do dhearadh siollabais ag leibhéal náisiúnta.

Anuas ar an obair eagarthóireachta a thug mic léinn an MA orthu féin, tá siad tar éis cur le hábhar na hirise i bhfoirm léirmheasa ina nochtann siad a dtuairim thomhaiste ar A History of the Irish Language from the Norman Invasion to Independence le Aidan Doyle. Tá léirmheas tomhaiste eile le léamh in eagrán na bliana seo ar Béaloideas 6 a bhuí le Dónal Ó Droighneáin.

Tá ábhar den scoth in eagrán na bliana seo de An Reiviú agus tá na húdair, na léirmheastóirí, an coiste eagarthóireachta agus a stiúrthóirí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le moladh as a gcuid iarrachtaí.