DOI: https://doi.org/10.13025/v27c-dc90

Léirmheas ar An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh le Tadhg Ó hIfearnáin

Cois Life Teoranta, 2019. €20

Léirmheastóirí:

Tá eagarthóir an leabhair seo, Tadhg Ó hIfearnáin, ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Chaith sé tréimhsí roimhe seo ag léachtóireacht agus i mbun taighde in Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na Briotáine Uachtaraí, Ollscoil Uladh agus Ollscoil Utrecht.  Is leis an tsochtheangeolaíocht is mó a bhaineann formhór a chuid taighde, mar atá le feiceáil sa saothar atá foilsithe aige in imeacht na mblianta.  Naoi gcinn d’aistí atá sa leabhar nua seo, leis na húdair Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain, Siobhán Ní Laoire, Noel Ó Murchadha, Peadar Ó Muircheartaigh, Iarfhlaith Watson, Helena Ní Ghearáin, John Walsh, Eoghan Mac Éinrí, Muiris Ó Laoire, Pádraig Ó Duibhir agus Laoise Ní Thuairisg.  Is bailiúchán é an leabhar ar thaighde cuimsitheach lucht léinn na sochtheangeolaíochta.  Tá réimse leathan ábhar a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht ar fáil ann, réimsí éagsúla smaointeoireachta maidir le beartais, pleanáil teanga, dearcadh agus meon an phobail ina leith, san Eoraip, in Éirinn agus níos gaire do bhaile, sa Ghaeltacht.

Is é Tadhg Ó hIfearnáin féin a scríobh an chéad aiste sa leabhar, ‘Beartas Teanga agus Pleanáil Teanga’.  Tugann sé míniú ar an bpróiseas pleanála teanga san aiste seo, agus déanann sé plé ar an stair a bhaineann leis an bpróiseas.  Is pointe tosaigh maith é seo toisc go dtugtar eolas don léitheoir faoi ghné chomh tábhachtach sin den tsochtheangeolaíocht.  Pléann Muiris Ó Laoire leagan eile den phleanáil teanga ina aiste féin, dar teideal ‘An Ghaeilge sa chóras oideachais: Pleanáil sealbhaithe agus curaclam’.  Déanann sé cur síos ar thábhacht an chórais oideachais don teanga san aiste seo.  Ach fiú tar éis dó an tábhacht seo a léiriú, tuigeann sé nach aon ‘chabhair é curaclam Gaeilge ar fheabhas muna spreagtar foghlaimeoirí leis an teanga a fhoghlaim chun críche úsáide sa ghnáthshaol’ (259).  Is léir go bhfuil an tuiscint ag na húdair uile nach bhfuil aon ghné amháin den tsochtheangeolaíocht níos tábhachtaí ná aon cheann eile.

In aiste Phádraig Uí Dhuibhir agus Laoise Ní Thuairisg, ‘An tumoideachas agus soláthar cainteoirí nua’, cuirtear síos go cruinn ar an nGaeilge sa gcóras oideachais.  Léiríonn an staidéar seo bearnaí sa gcur chuige, áfach.  Tá sé soiléir ón ábhar a bailíodh agus an anailís a rinneadh air go dteastaíonn ceangal níos dlúithe idir an phleanáil do na pleananna teanga agus An Polasaí don Oideachais Gaeltachta 2017-2022, má táthar ag súil gurb iad seo a chuirfidh, ina mbealach sonrach féin, le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh agus taobh istigh den chóras oideachais.  Pléann Eoghan Mac Éinrí an córas oideachais chomh maith ina aiste, ‘An Ghaeilge sa chóras oideachais i dTuaisceart Éireann’, agus feictear na difríochtaí idir an córas atá i dTuaisceart Éireann agus an córas atá i dtíortha eile, ar nós na Breataine Bige, Shasana agus na hAlban (212).

Pléann Helena Ní Ghearáin an Caighdeán Oifigiúil ina haiste, ‘Caighdeán, caighdeánú agus cumhacht’.  Is tábhachtach an t-ábhar é seo, nach bhféadfaí a fhágáil amach as aon leabhar ina bpléitear an tsochtheangeolaíocht.  Tugann sí míniú simplí ar na céimeanna a bhaineann le caighdeán a leagan síos do theanga: ‘cló oiriúnach a roghnú, an córas ortagrafaíochta a shimpliú, rialacha gramadaí a aontú agus a leagan amach, an foclóir agus an téarmaíocht a shaothrú agus réimeanna teanga a fhorbairt do réimsí nua ar nós na reachtaíochta’ (58).  Thuigfeadh duine ar bith, fiú iad siúd nár chuala trácht ar chaighdeánú riamh, a bhfuil i gceist leis an bpróiseas tar éis dóibh an aiste seo a léamh.

Tugann John Walsh léargas cuimsitheach don léitheoir ina aiste, ‘Sainiú na Gaeltachta: Pobail, ceantair agus líonraí’, ar choincheap na Gaeltachta ó bunaíodh an Stát.  Pléann sé na hathruithe a tharla ón am sin go dtí anois, go háirithe foilsiú an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (Ó Giollagáin et al. 2007) agus Acht na Gaeltachta 2012.  Cuireann taighde John Walsh leis na díospóireachtaí atá ann cheana maidir lena bhfuil i gceist le ceantar Gaeltachta.  D’athraigh an sainmhíniú ó bunaíodh an Stát, tá próiseas pleanála teanga i bhfeidhm taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta agus ní fios fós cé na hathruithe a tharlóidh de bharr an phróisis sin. 

In aiste Iarfhlatha Watson, ‘Féiniúlacht agus teanga’, luann sé cúpla eachtra stairiúil amhail Éirí Amach 1798 agus Fuascailt na gCaitliceach sna 1820idí (146) agus an tionchar a bhí acu seo ar an teanga, chomh maith le ceisteanna móra féiniúlachta agus an tionchar a bheas ag réiteach na gceisteanna sin ar thodhchaí na teanga.

Tugann Siobhán Ní Laoire léargas dúinn ar an gcódmheascadh ina haiste, ‘Códmhalartú, códmheascadh agus trasteangú: Teangacha i dteagmháil’, rud nach bhfuil mórán measa ag an bpobal air, dar léi, ach atá an-choitianta.  Tá an t-ábhar seo lárnach agus luachmhar i staidéar na sochtheangeolaíochta agus in aon taighde a dhéantar uirthi, dar leis an údar.  Déanann Máire Ní Neachtain anailís ar an dátheangachas sa tír seo ina haiste, ‘An pobal urlabhra agus an t-ilteangachas’.  Rinneadh go leor taighde le roinnt blianta ar an dátheangachas i gcomhthéacs na pleanála teanga.  Bheadh sé úsáideach taighde a dhéanamh ar an gcódmheascadh sna ceantair chéanna sin chun léargas níos leithne a fháil ar chleachtais teanga na bpobal éagsúil.

Tá an t-ábhar a phléann Peadar Ó Muircheartaigh ina aiste, ‘An tsochtheangeolaíocht stairiúil’, tráthúil agus tarraingteach do lucht léinn an lae inniu, údaráis áitiúla agus pleanálaithe teanga.  Tugann sé léargas dúinn ar an stíl agus ar an gcur chuige idirdhisciplíneach a bhí i bhfeidhm go stairiúil, cur chuige nach mór eolas a bheith air le tuiscint a fháil ar staid teanga an lae inniu.

Tá réimse leathan tagairtí in úsáid tríd síos an leabhar uile, a thugann le fios saineolas na n-údar agus téagar an ábhair a fhoilsítear anseo.  Is iomaí sliocht athfhriotail atá sa leabhar, ach ceann amháin a théann i bhfeidhm go mór ná ceann ón mbliain 1577, a d’úsáid Noel Ó Murchadha ina aiste, ‘An aird ar an éagsúlacht teanga, an daonteangeolaíocht agus canúintí na Gaeilge’. Sa sliocht seo, tá Richard Stanihurst ag déanamh plé ar na canúintí réigiúnacha sa séú haois déag.  Feictear go bhfuiltear ag déanamh plé ar an tsochtheangeolaíocht agus na gnéithe uile a bhaineann léi le blianta fada anois, toisc go bhfuil sé os cionn 400 bliain ó scríobhadh an sliocht athfhriotail seo (93).

Ní leabhar é seo atá éasca le léamh ach is fiú go mór d’aon duine a bhfuil suim aige/aici i gcúrsaí sochtheangeolaíochta é sin a dhéanamh.  Cuireann sé leis na díospóireachtaí atá ar bun le fada an lá ar chúrsaí oideachais lán-Ghaeilge, feidhmiú pleananna teanga agus na bealaí is fearr le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ina mionteanga.  Tá forbairt mhór tarlaithe de thoradh staidéir éagsúla ar na hábhair seo le roinnt blianta ach is léir go bhfuil bearnaí ann fós gur fiú tabhairt fúthu chun a thuilleadh forbairtí a dhéanamh.  Admhaíonn eagarthóir an leabhair seo gur seans go bhfuil réimsí den tsochtheangeolaíocht nach bhfuil clúdaithe sa leabhar ar chor ar bith.  Dúirt an t-eagarthóir go raibh súil aige go spreagfadh an leabhar seo lucht léinn agus scoláirí le tabhairt faoi réimsí eile taighde bainteach leis an ábhar seo.  Tá na bearnaí sa taighde sin níos feiceálaí tar éis an leabhar seo a léamh.