DOI: https://doi.org/10.13025/23vt-jg85

Réamhrá

Tréaslaím leis na scoláirí iarchéime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar éirigh leo leanúint lena dtraidisiún foilsitheoireachta in aimsir seo na haicíde.  Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, a deir siad, agus b’in mar a bhí ag Coiste Eagarthóireachta an eagráin seo den Reiviú.  D’éirigh leo cnuasach an-bhreá d’ailt léannta a chur i dtoll a chéile in ainneoin na gconstaicí a bhí sa tslí orthu.  Is minic sinn ag tabhairt sracfhéachaint ar fhoilseacháin den saghas seo agus ansin á gcur i leataobh i measc ábhar léitheoireachta na méire fada, ach íocfar do shaothar leat má théann tú tríd an gceann seo ó thús deireadh. Gheobhaidh tú réimse an-leathan ábhar san eagrán seo ag dul ón stair go dtí an oideolaíocht, go léirmheasanna, go húsáid na teicneolaíochta chomh maith le haistriúchán an-bhreá ón bhFraincis go Gaeilge – iad scríofa ag scoláirí, idir údair sheanbhunaithe agus daoine atá ag tosú amach ar chosán an léinn.  Ba mhaith liom anseo spléachadh a thabhairt ar na hailt seo ar fad agus focal amach as mo bholg féin a chur leo.

Is tearc iad na tuairiscí ar bhuntaighde atá á ndéanamh trí mheán na Gaeilge agus is tearc iad chomh maith na fóraim lena leithéidí a fhoilsiú, go deimhin féin.  Is díol suntais é mar sin go bhfeictear An Reiviú mar fhóram inar féidir taighde reatha a thuairisciú agus a phlé.  Tá an t-alt le Seán Mac Corraidh san eagrán seo thar a bheith spéisiúil.  Pléann sé an buntaighde a rinne sé ar éifeacht na grinnléitheoireachta mar mhodh múinte ar mhic léinn Ghaeilge atá sa dara bliain Ollscoile.  D’imigh an léitheoireacht mar mhodh múinte as faisean breis is leathchéad bliain ó shin faoi anáil theoiricí múinte nuatheangacha a tháinig i dtreis ó na seachtóidí anall, is gan aon róphlé déanta ar thábhacht na litríochta d’fhoghlaimeoirí teanga – teanga a bhfuil a saibhreas ag dul i léig.  Glacann an t-údar le sainmhíniú Uí Dhoibhlin (1965) ar an ‘ngrinnléitheoireacht’ gan cur leis ná baint uaidh mar bhunsraith dá mhodh taighde.  D’úsáid sé giotaí gearra as téacsanna iomráiteacha i litríocht na Gaeilge (muintir Mhic Grianna ach go háirithe) agus chuir sé na mic léinn i mbun grinnstaidéir orthu.  D’fhéach sé ar éifeacht na dtéacsanna seo chun saibhreas na Gaeilge, idir stór focal, nathanna cainte agus stíl scríbhneoireachta a mhúineadh do na mic léinn.  D’úsáid sé fócasghrúpaí chun a chuid torthaí a chur i dtoll a chéile.  Cé go ndeachaigh na téacsanna dian ar na mic léinn, ba léir gur bhain siad siúd a chaith dua lena n-iarrachtaí an-tairbhe as an eispéireas, bíodh is nach mó ná sásta a bhí cuid eile acu.  Ar deireadh, tá plé maith déanta ag an údar ar impleachtaí an taighde seo do ról an léachtóra ina leithéid seo d’fhiontar.  Má tá locht amháin ar an alt seo is ar athbhreithniú na litríochta ábhartha atá sé.  Tá an chuid is mó dá chuid tagairtí ag eascairt as taighde a rinneadh sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus ba shuimiúil an rud é an gníomhthaighde seo a chomhthéacsú i dtaighde agus saothair nua-aimseartha agus sna tuiscintí nua-aimseartha, idirnáisiúnta atá ar fáil ar an gceist.

Taighde cuimsitheach atá tráthúil agus leagtha amach go córasach soiléir atá san alt ‘Feasacht Teanga an Mhúinteora Tumoideachais: Préamh agus Guairne an Chleachtais’ le T.J. Ó Ceallaigh agus Christine Ní Chathasaigh.  Cé nach alt guairneánach é, tá cur síos an-chuimsitheach ann ar na laigí agus na dúshláin a bhaineann leis an leagan den tumoideachas atá á chleachtadh againn in Éirinn.  Léiríonn siad na dúshláin mhóra atá ag roinnt leis an múinteoireacht sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna agus an géarghá atá le tacaíocht bhreise do mhúinteoirí atá faoi oiliúint chomh maith leis na múinteoirí atá ag obair sna goirt sin cheana féin.  Faraor, níl aon bhainistíocht lárnach ná scáthbhainistíocht ag na Gaelscoileanna ach iad ar fad faoi eagrais éagsúla – na deoisí Caitliceacha, na boird oideachais agus oiliúna agus eile – eagrais nach í an Ghaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín i gcónaí agus ar beag a dtuiscint ar shainriachtanais na nGaelscoileanna atá faoina gcúram.  Féachann sé go bhféadfaí i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh dá mbeadh bainistíocht lárnach ag na Gaelscoileanna a bheadh sásta na deacrachtaí atá acu a aithint agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna atá luaite ag Ó Ceallaigh agus Ní Chathasaigh.  Ní réiteofar na fadhbanna seo thar oíche ach caithfear plean nó polasaí éigin a cheapadh go luath chun dul i ngleic leo.  An bhfuil líon na nGaelscoileanna ag fás róthapaidh agus gan ár ndóthain múinteoirí oilte againn chun seirbhís cheart a thabhairt do dhaltaí trí mheán na Gaeilge?  Seo ceist nach bhfuil mórán plé déanta uirthi agus nach n-ardódh éinne nach Gaeilgeoir eiriciúil í/é.  Tá ábhar machnaimh, gan dabht, ardaithe san alt breá seo.

Rinne Raymona Ní Chonaill fiosrú ar úsáid na Gaeilge ar an ardán Twitter ina halt ‘Ligeann an Ghaeilge chuici is uaithi ar na meáin shóisialta: Cás-staidéar ar an suíomh Twitter’.  Fiosraíonn sí minicíocht a húsáide agus na fáthanna a n-úsáidtear an Ghaeilge ar an ardán domhanda seo.  Úsáideann sí taighde Kevin Scannell chun minicíocht úsáid na Gaeilge a léiriú agus chun na príomhúsáideoirí a aithint agus níl dabht ar bith faoi ach go n-úsáidtear go mion is go minic é.  Deir an t-údar go gcruthaíonn sé seo pobal fíorúil agus go gcuireann sé an Ghaeilge i measc mhórtheangacha an domhain.  Tá sí den tuairim gur féidir ‘pobal’ a thabhairt ar na húsáideoirí mar go n-aithníonn siad a chéile mar chuid de phobal.  Téann sí siar chomh fada le hOrdlathas Riachtanais Maslow (1943) chun míniú a fháil ar na fáthanna a dtéann daoine i mbun scríbhneoireachta ar Twitter agus tagann sí ar an tuairim gur chun a sainfhéiniúlacht a chruthú a théann siad ina bun.  Feiceann sí go dtéann leithéid Twitter chun leas na Gaeilge mar go meallann sé níos mó daoine i dtreo phobal labhartha na Gaeilge.  Is léir go bhfuil an t-alt seo bunaithe ar thaighde leathan ildisciplíneach agus tá moladh ag dul do Ní Chonaill as an gcaoi ar tharraing sí na disciplíní seo le chéile anseo.

Ardaíonn Belinda McHale ceist ar deacair í a réiteach ina halt ‘Déphearsantacht an Chainteora Dhátheangaigh – an ann di?’  Fiosraíonn sí an éifeacht (más ann di!) a bhíonn ag an dátheangachas ar phróiseáil chognaíoch an té a bhfuil níos mó ná teanga amháin aige/aici.  An mbíonn éifeacht ag an teanga, nó ag na teangacha atá agat ar do dhearcadh saoil, nó an é go múnlaíonn do chleachtadh saoil do theanga(cha)?  Is fada pléite an cheist seo agus tá scrúdú maith déanta ag McHale ar na teoiricí éagsúla a tháinig chun treise ó aimsir Sapir-Whorf, beagnach céad bliain ó shin.  Tá an nuathaighde san alt seo bunaithe ar fhreagraí a thug ochtar atá dátheangach nó ilteangach ar cheistneoir a dáileadh orthu agus is é an chonclúid atá san alt ná go mbíonn éifeacht ag na teangacha a bhíonn á labhairt ag na freagróirí ‘ar an mbealach a gcaitheann siad leis an saol agus an dearcadh atá acu i leith an tsaoil chéanna’.  Luann an t-údar na deacrachtaí a bhaineann le taighde mar seo go háirithe nuair nach bhfuil aon chomhaontú againn faoin téarmaíocht faoi cad is dátheangachas ann go díreach. Bíonn na suíomhanna ina bhfaightear an dátheangachas chomh difriúil sin lena chéile gur deacair ginearálú a dhéanamh nó teoiric uilíoch a chruthú bunaithe ar shamplaí ar leith.  Ach, fiú más deacair í an cheist, ní chiallaíonn sé sin nach fiú í a ardú.

Thug Dorothy Ní Uigín sciuird trí stair na Gaeilge i gCúige Uladh (agus nós na nUltach, Co. Lú a ghabháil chucu féin ar uairibh) mar chúlra dá cur síos ar stair an nuachtáin atá imithe den bhfód ó 2008.  Alt an-bhreá é seo agus é thar a bheith spéisiúil dóibh siúd ar mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar chuid de na ceisteanna atá fós á bplé faoi áit na Gaeilge sa tsochaí nó faoi thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail.  Ní inniu ná inné a thosaigh na hUltaigh ag brath go raibh neamhaird á déanamh ar a gcanúint féin ag lucht ceannasaíochta ghluaiseacht na Gaeilge agus tá tagairt dó seo in Dearcadh (1954).  Ba é seo ba chúis le bunú Chomhaltas Uladh – gluaiseacht a bhí comhthreomhar leis an gConradh ach scartha nó scoilte uaidh.  Threabh na hUltaigh a ngort féin, cuid mhaith, agus b’fhéidir gur féidir a mhaíomh anois gurb í canúint Uladh an ceann is treise de na trí mhórchanúint, i measc foghlaimeoirí ach go háirithe.  Cé gur nuachtán spreagúil uaillmhianach a bhí in , de réir chuntas Ní Uigín, tháinig sé chun críche in 2008 ar iliomad cúiseanna.  Arbh é go raibh a lucht bainistíochta rófhada chun tosaigh ar an bpobal in 2008 nuair a bhí siad ag iarraidh é a iompú isteach ina nuachtán digiteach nó arbh é nach raibh Foras na Gaeilge sách fadradharcach chun go dtabharfaidís tacaíocht agus maoiniú d’fhiontar nua-aimseartha mar é?  Ceist shuimiúil í seo lena n-éiríonn le Ní Uigín an stair agus ceisteanna an lae inniu a nascadh go paiteanta.

Leabhar clasaiceach atá idir chamánaibh ag Padaí de Bléine agus é ag féachaint ar an tionchar a bhí ag Pádraig Mac Piarais ar Mháire (Séamus Ó Grianna) mar atá sé léirithe ina úrscéal Mo Dhá Róisín (1921).  Tá an Bléineach den tuairim go raibh tionchar mór ag scríbhinní an Phiarsaigh ar shaothar Mháire chomh fada is a bhain sé le cúrsaí polaitíochta, le cúrsaí creidimh agus le cúrsaí oideachais. Luann sé freisin an ról a chonaic Máire do mhná i saol na linne sin agus cé chomh soiléir is a bhí Róise, príomhcharachtar an úrscéil, faoin gcomhionannas idir mná is fir.  Poblachtánach amach is amach a bhí i Máire agus is sa leabhar seo is láidre a chuirtear a chuid tuairimí chun tosaigh. Chreid sé san idéalachas a bhain le hÉirí Amach 1916 agus, go deimhin féin, chaith sé tréimhse i ngéibheann i nDroichead Nua le linn Chogadh na gCarad mar gur mheas sé go raibh an t-idéalachas céanna á ligean le sruth ag an Rialtas nua a bunaíodh ag tús an tSaorstáit.  Tá cíoradh críochnúil déanta ag Padaí de Bléine san alt seo ar an gceangal idir fealsúnacht an Phiarsaigh agus mórgacht an tsaoil a chruthaigh Máire ina úrscéal agus léargas eile tugtha aige ar a shaol.   

Músclaíonn seanphictiúir seanchuimhní agus is maith mar a úsáideann Dónal Ó Droighneáin giotaí as an ngearrscannán The Melody Isle, a taifeadadh i gCasla i gConamara, agus a eisíodh in 1934, chun saol atá imithe a thabhairt chun cuimhne.  Seo iad na laethanta a mbíodh daoine ón gceantar ag baint agus ag tarraingt móna, á luchtadh sna leathbháid agus ag dul go hÁrainn nó go Gaillimh chun í a dhíol.  Tá an saol seo ag imeacht as cuimhne na ndaoine agus cé go ndeir an t-údar gur scannán sách maoithneach atá ann, téann sé féin níos doimhne sa sobal chun saol na ndaoine a raibh orthu a gceart a bhaint le neart a ngéag, a thuairisciú.  Ba iad na giotaí ón seanscannán a spreag a fhiosracht ach úsáideann sé eolas fisiciúil ón tírdhreach, eolas scríofa agus an béaloideas chun pictiúr níos réadúla de shaol na linne sin a chur os ár gcomhair.  Tagann saothar Uí Dhireáin chun cuimhne anseo agus is maith mar a fhítear íomhánna rómansúla an chuairteora le réalachas mhuintir na háite san alt.

Ansin tagaimid go dtí na léirmheasanna a bhíonn mar chnámh droma ag foilseacháin mar seo.  Díríonn siad aird na léitheoirí ar fhoilseacháin nua atá tábhachtach don Ghaeilge nó ar sheanchinn a bhfuil tábhacht nach beag leo i litríocht na Gaeilge, ach atá i mbaol a mbáite i dtuile na nuascríbhneoireachta.

‘Is seodnóibhille é seo idir ábhar agus stíl’, a deir Marie Whelton ina léirmheas ar an leabhar Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin agus ní haon bhréag di é.  Is in 1978 a céadfhoilsíodh an leabhar agus rinne na foilsitheoirí, Leabhar Breac, Indreabhán, athchló air in 2018.  D’áirigh Alan Titley é i measc leabhair chlasaiceacha na Gaeilge ach bhí an baol ann go raibh sé chun sleamhnú ó aird léitheoirí na Gaeilge agus ón nglúin óg, ach go háirithe, murach gur thug Leabhar Breac chun solais arís é.  Seodleabhar ó fhear seoigh.  Fear a bhí mór ina dhreach agus ina dheilbh, fear mór amhrán is cainte, fear mór Gaoluinne is seanchais ón mbeann is faide siar ar leithinis Chorca Dhuibhne.  Sa léirmheas seo téann Whelton trí mhórthéamaí an scéil agus chuirfidís faobhar ar d’fhonn agus ar d’fhiach chun an leabhar clasaiceach seo a léamh nó a athléamh.

Tá léirmheas ag Darragh Mac Giolla Phádraig agus Niall Ó Cléirigh ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh ar na mallaibh agus cur síos déanta acu ar na gnéithe is suntasaí den saothar toirtiúil tábhachtach seo.  Leagann siad béim ar an nuálaíocht atá ag roinnt leis an bhfoclóir agus maíonn siad go ‘líonann sé bearna foclóireachta sa Ghaeilge’.  Tá siad ag tagairt anseo don stór focal agus don úsáid chomhaimseartha a bhaintear as téarmaí éagsúla.  Tá roinnt léirmheastóireachta déanta ar an bhfoclóir nua seo cheana féin agus déantar tagairtí dóibh seo síos tríd an alt.  Is áis úsáideach í an liosta léirmheasanna seo féin don té atá ag iarraidh tuiscint níos iomláine a fháil ar ‘ábhar is fáth’ an fhoclóra nua seo.

Deir Niamh Ní Chuinn agus Tadhg Ó Duinnshléibhe go bhfuil nócha bliain caite againn ag feitheamh le haistriúchán ar Of Mice and Men le John Steinbeck, ach fiú má tá, níl a chuma sin ar úire ná ar ghrinneas a stíl léirmheastóireachta.  Ar Luch agus Ar Dhuine, an t-aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin, atá faoi chaibidil acu agus tá anailís chuimsitheach déanta acu ar theicnící an aistriúcháin a thug Ó Monacháin leis agus é i mbun saothair.  Léirítear go maith an tslí ar éirigh leis an aistritheoir fanacht dílis do chultúr agus do chomhthéacs an bhunleabhair agus fanacht dílis do ghnás na Gaeilge chomh maith.  Tá na léirmheastóirí an-tógtha leis an úsáid chliste a baineadh as canúnachas na Gaeilge chun léiriú a dhéanamh ar an éagsúlacht stíle a bhí in úsáid ag Steinbeck agus idirdhealú á dhéanamh aige idir an scríbhneoireacht thuairisciúil agus gnáthchaint na bpríomhcharachtar.

Tá léirmheas an-deas déanta ag Ciarán Mac Uidhir agus Máire Uí Dhufaigh ar an leabhar Óráidí a Chuaigh i gCionn le hAibhistín Ó Duibh.  Bailiúchán d’óráidí móra ó thús aimsire atá sa leabhar seo agus iad roinnte ina dhá chuid – óráidí móra idirnáisiúnta agus óráidí Éireannacha. Táid seo ar fad aistrithe go Gaeilge ag aistritheoirí proifisiúnta.  Aithníonn na léirmheastóirí cuid de na deacrachtaí a bhaineann le saothar mar seo agus ceistíonn siad an chúis ar fágadh cinn áirithe ar lár – aithisc ó mhná na hÉireann ach go háirithe.  Tarraingíonn siad aird ar mhná ar nós Mháire Geoghegan-Quinn, Constance Markievicz agus eile nár tugadh spás dóibh san eagrán seo ach ní dhéanann siad cás d’aon óráid ar leith ó na mná seo.  Is mór idir cáil a bheith ort agus óráid cháiliúil a thabhairt ag am cinniúnach i stair an domhain nó i stair na hÉireann.  Ar an iomlán tá na léirmheastóirí an-mholtach faoin leabhar agus gríosaíonn siad a léitheoirí chun é a cheannach don tseilf agus blúiríní a léamh uaidh ó am go chéile.

Is iomaí aistriúchán atá déanta ó theangacha eile isteach sa Ghaeilge, traidisiún a thosaigh i luathbhlianta an Stáit ach atá ag dul i léig le tamall de bhlianta anuas, cé is moite de leabhair do pháistí.  Is deas mar sin aistriúchán nua le Keith Dowling ar cheann de ghearrscéalta de chuid Maupassant a fheiceáil anseo.  Cé go bhfuair Maupassant bás ag aois an-óg, gan aige ach trí bliana le cois an dá scór, mhair a cháil ina dhiaidh mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Fraince agus mar cheannródaí in ealaín na gearrscéalaíochta.  Baineann sé leis an dara leath den naoú haois déag.  Is minic scéalta Maupassant duairc gruama agus iad ag streachailt leis an mbás. Is amhlaidh don scéal seo ina bhfuil cur síos ar bheirt fhear ag faire cara leo atá os cionn cláir agus samhlaítear dóibh gur beag atá idir an beo agus an neamhbheo.  Níl aon rian den aistriúchán sa leagan seo den scéal agus d’fhéadfá a shamhlú gur i nGaeilge a scríobhadh an scéal an chéad lá riamh.

Sin é an t-eagrán seo den Reiviú ina bhfuil an sean agus an nua le hais a chéile – súil siar agus súil ar aghaidh.  Clóca nua againn inniu ar sheancheisteanna ach ní mór ceisteanna an lae inniu a aithint agus a chíoradh i gcomhthéacs a staire chun iad a thuiscint i gceart.  Gura fada buan An Reiviú!