DOI: https://doi.org/10.13025/1znb-ze51

Cás-staidéar sa bhainistíocht teanga i mBaile Seirbhíse Gaeltachta: Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Réamhrá

In imeacht na ndeich mbliana ó achtaíodh Acht na Gaeltachta, 2012, is iomaí alt taighde a foilsíodh ina bpléitear an reachtaíocht sin agus ina ndéantar léirmheas, idir mhaith agus olc, uirthi (Ó Giollagáin, 2014; Ó Giollagáin & Péterváry, 2016; Walsh, 2019a, 2019b, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022). Is é an snáithe coitianta leanúnach a fhitear trí na haistí sin ar fad ná go bhfuil an stát ag cúlú ó aon ról lárnach a bheith aige i bpróiseas na pleanála teanga ag leibhéal an phobail. Agus an stát ag teacht faoi anáil an nualiobrálachais, áitítear go bhfuil príobháidiú á dhéanamh ar an bhfearann poiblí agus ar an mbeartas poiblí araon, rud a fhágann go bhfuil gníomhartha praiticiúla na pleanála teanga á bhfágáil faoi choistí deonacha pobail (Ó Giollagáin & Péterváry, 2016; Ó Ceallaigh, 2021, 2022; Walsh, 2021).

I bhfianaise an fholúis cheannaireachta sin a fhágann an stát ina dhiaidh, cén ról atá ag gníomhaithe agus ag deonaithe sa phróiseas pleanála teanga go háitiúil? Caithfear solas ar an gceist sin san aiste seo trí chás-staidéar a dhéanamh ar Chaisleán an Bharraigh, baile mór i gContae Mhaigh Eo atá aitheanta ag Foras na Gaeilge mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus ar ullmhaíodh plean teanga dó in 2021 (Rowland, Ní Uigín, Callinan, 2021). Is é Gnó Mhaigh Eo atá ag feidhmiú mar ‘cheanneagraíocht’ agus an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm i gCaisleán an Bharraigh. Tá an plean teanga á mheas ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi láthair.

Ó thaobh na hanailíse agus na tráchtaireachta de, bainfear earraíocht as múnla an ‘bhainisteora teanga’ (Ní Dhúda, 2017) chun léargas a thabhairt ar roinnt samplaí de ghníomhaíochas na teanga i bplean teanga Chaisleán an Bharraigh (Rowland, Ní Uigín, Callinan, 2021). I dtuairim Spolsky (2004: 8), tograíonn an ‘bainisteoir teanga’ ionramháil a dhéanamh ar chúrsaí teanga in aon turas ar mhaithe le sprioc áirithe a bhaint amach; is é sin chun tionchar a imirt ar iompar teanga daoine eile. Ar aon dul leis sin, deir Ní Dhúda (2017: 221) gurb éard atá sa bhainisteoir teanga ná ‘a person that takes an active role, makes an intervention and produces a particular effect or outcome’.

Chuige sin, breathnófar ar an bhfeachtas atá faoi lán seoil i gCaisleán an Bharraigh faoi láthair chun Gaelcholáiste a bhunú ar an mbaile. Pléifear an bhaint atá ag gníomhaithe agus ag deonaithe teanga leis an nGaelcholáiste a chur chun cinn agus céard a spreagann a gcuid iarrachtaí sa bhainistíocht teanga. Tá ceist seo na bainistíochta teanga, gona béim ar an ngné dheonach den scéal, ina hábhar spéise i bhfianaise chúlú an stáit ón bpleanáil teanga ag leibhéal an phobail.

Próifíl Chaisleán an Bharraigh

Tá daonra iomlán de 12,068 duine i lonnaíocht Chaisleán an Bharraigh dar le Daonáireamh 2016. Is ionann sin agus 9% de dhaonra an chontae ina iomláine i bhfianaise daonra de 130,507 duine a bheith i gCo. Mhaigh Eo trí chéile. Tá 13.5 ciliméadar cearnach laistigh de theorainn Chaisleán an Bharraigh agus tá an baile lonnaithe i lár Mhaigh Eo i mbarúntacht Cheara (Mac Gabhann, 2014: 43).

Os cionn céad bliain ó shin, i nDaonáireamh 1911, d’fhógair 30.1% de phobal Chaisleán an Bharraigh, nó 1,112 duine, go raibh siad ina gcainteoirí Gaeilge (Coimisiún na Gaeltachta, 1926: 83). Léiríonn Daonáireamh 1926, áfach, nach raibh ach 19.9% de phobal an bhaile ina gcainteoirí Gaeilge faoin tráth sin (an Roinn Tionscail agus Tráchtála, 1926: 19). B’ionann sin agus laghdú 10.2% den daonra iomlán thar thréimhse cúig bliana déag. In ainneoin an mheatha theangeolaíoch seo le linn bhlianta luatha an tSaorstáit, tá mórphearsana stairiúla na Gaeilge i Maigh Eo tar éis a lorg a fhágáil ar chuid mhaith de na hinstitiúidí cultúrtha agus oideachais atá ann anois i gCaisleán an Bharraigh agus i mbailte eile an chontae. I gcuimhne ar an Ardeaspag Seán Mac Éil (1789–1881) agus ar an bhfile aitheanta Antaine Raiftearaí (1799–1835), mar shampla, a ainmníodh Páirc Mhic Éil agus Scoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh. Ba as Caisleán an Bharraigh don Chanónach Uileog de Búrca (1829–1887), an scoláire Gaeilge a bhfuil an teideal ‘Athair na hAtbheochana’ luaite leis agus is i gClár Chlainne Mhuiris atá Gaelscoil Uileog de Búrca lonnaithe ón mbliain 1981 (Ó Muraíle, 1983: 56).

Is ón mbliain 2016 atá na staitisticí daonáirimh is déanaí le fáil agus léiríonn siad sin gur dhearbhaigh 4,648 duine (40.4%) as daonra iomlán de 11,507 duine i gCaisleán an Bharraigh, atá os cionn 3 bliana d’aois, go bhfuil cumas acu sa Ghaeilge. As an líon sin, deir 196 duine (1.7%) go labhraítear an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais amháin. D’fhéadfaí a rá gurb é seo croíphobal na teanga ar an mbaile.

Luann formhór fhreagróirí an daonáirimh chéanna sa bhaile an náisiúntacht Éireannach leo féin (83.2%). Sa dara háit, tá an náisiúntacht Pholannach a luaitear le 5.8% de dhaonra an bhaile. Tá náisiúntacht de chuid na Ríochta Aontaithe agus náisiúntacht de chuid na Liotuáine ag 2.7% agus ag 1.6% den daonra faoi seach. Maidir leis an éagsúlacht teangacha i gCaisleán an Bharraigh, tá 2,162 duine a labhraíonn teangacha iasachta agus is iad an Pholainnis (794 duine), an Fhraincis (108 duine) agus an Liotuáinis (189 duine) na teangacha is coitianta ina measc.

Ag eascairt as an anailís thuas, is féidir a rá go bhfuil croíphobal teanga (196 duine/1.7%) ar an mbaile a úsáideann an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. I measc an ghrúpa sin freisin, tá daoine a mhaíonn go n-úsáideann siad an teanga go laethúil lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais (45 duine). Anuas ar an gcroíghrúpa sin, tá lear mór daoine eile i gCaisleán an Bharraigh a deir go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil laistigh den chóras oideachais amháin (1,295 duine) chomh maith le cainteoirí ócáideacha Gaeilge, a úsáideann an Ghaeilge go seachtainiúil (293 duine) agus grúpa eile a úsáideann an teanga níos mírialta ná sin (1,703 duine).

Tá trí Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT) i gContae Mhaigh Eo mar atá: LPT Mhaigh Eo Thuaidh (ceantar Iorrais), LPT Mhaigh Eo Thiar (Acaill) agus stráice de LPT Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh. Áirítear Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh i mbarúntacht Cheara in éineacht le Caisleán an Bharraigh. Tá LPT Mhaigh Eo Thiar lonnaithe siar ó Chaisleán an Bharraigh i mbarúntacht ar a dtugtar Buiríos Umhaill. Tá LPT Mhaigh Eo Thuaidh lonnaithe in Iarthuaisceart Mhaigh Eo i mbarúntacht Iorrais siar ó thuaidh ó Chaisleán an Bharraigh agus is é Béal an Mhuirthead príomhbhaile an LPT sin.

Is í an bhunaidhm atá leis an mBaile Seirbhíse Gaeltachta gur lárionad uirbeach é ina gcuirtear seirbhísí poiblí agus sóisialta ar fáil do na LPTanna atá sa cheantar máguaird. Deir Ní Dhúda go n-úsáideann ‘formhór na ndaoine an Béarla mar phríomhtheanga cumarsáide i nGaeltacht Mhaigh Eo anois agus tá an t-iompú teanga go Béarla á chur i gcrích ann go pras’ (2014b: 838). Is é an tátal céanna atá ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a mheasann gur ‘i gcomhthéacs na hathnuachana nó na hatógála is gá tabhairt faoi chúraimí na pleanála teanga sa chontae seo (…) cé is moite de thoghrann Chnoc an Daimh (ceantar Cheathrú Thaidhg)’ (Ó Giollagáin, 2013: 106).

Nuair a chuirtear na trí cheantar Gaeltachta i Maigh Eo san áireamh agus nuair a dhéantar comparáid idir faisnéis na nDaonáireamh 2006, 2011 agus 2016, is é an patrún doshéanta atá le tabhairt faoi deara san eolas staidrimh, go bhfuil úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil phobail ag meath agus ag cúlú go mór i nGaeltacht Mhaigh Eo, fiú sna toghcheantair ba láidre Gaeilge (Ó Giollagáin, 2013; Ní Dhúda, 2014b).

Ar mhaithe le faisnéis a bhailiú i dtaobh úsáid agus chumas na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh sa lá atá inniu ann, scaipeadh suirbhéanna i measc grúpaí éagsúla sa bhaile agus plean teanga an bhaile á ullmhú – daltaí meánscoile agus lucht an ghnó, mar shampla. An modh céanna a bhí in úsáid ag an meitheal taighde d’fhonn moltaí a bhailiú ón mórphobal trí shuirbhé ginearálta a scaipeadh. D’fhreagair 410 duine an suirbhé sin, líon suntasach i gcomhthéacs dhaonra Chaisleán an Bharraigh – beagáinín le cois 12,000 duine. Léiríodh sa suirbhé sin go raibh tromlach mór na rannpháirtithe báúil leis an nGaeilge. Tá fonn ar go leor acu cur lena n-inniúlacht féin sa teanga; tá suim acu an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid gasúr agus sa chóras oideachais i gCaisleán an Bharraigh, chomh maith le breis deiseanna a bheith acu an Ghaeilge a chleachtadh. Ar an gcaoi sin, deir 85% de na rannpháirtithe ‘gur mhaith leo’ nó ‘gur mhaith leo go mór’ níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Ina theannta sin, ba mhaith leo go mbeadh an teanga ní b’fheiceálaí sa bhaile mór agus cé nach léir i gcónaí tuiscint iomlán a bheith acu ar a bhfuil i gceist le Baile Seirbhíse Gaeltachta, tá báúlacht le muintir na Gaeltachta maidir le seirbhísí agus cearta teanga léirithe thall is abhus i bhfreagraí na rannpháirtithe chomh maith (Rowland, Ní Uigín, Callinan, 2021: 52–66).

An Próiseas Pleanála Teanga

Is toradh é an próiseas reatha pleanála teanga, agus Acht na Gaeltachta go háirithe, ar thréimhse fhada allagair agus thaighde ar cuireadh tús léi sna 1990idí. Deir Ó Giollagáin agus Péterváry (2016: 22) gurbh é leabhar Reg Hindley, The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary, a chéadspreag na fiosrúcháin éagsúla sochtheangeolaíochta ar tugadh fúthu idir na blianta 1990 agus 2015. 

Chuir saothar Hindley ar a súile do na húdaráis a ghéire agus a phráinní is a bhí ceist na teanga sa Ghaeltacht chomh maith leis an luas a bhí faoin aistriú teanga inti. Bhí an teachtaireacht cheannann chéanna le tabhairt faoi deara i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 2002. Dúradh sa tuarascáil sin nach raibh ach 18 dtoghrann as 154 toghrann sa Ghaeltacht ar fad ina raibh breis agus 75% den daonra iontu ina gcainteoirí laethúla Gaeilge (Coimisiún na Gaeltachta, 2002: 11).

Léirigh tuarascáil 2002, mar sin de, go raibh an Ghaeilge ag teacht faoi an-bhrú mar theanga inmharthana phobail i bhformhór mór na Gaeltachta oifigiúla. Spreag an méid sin ‘ré úr’ (Walsh, 2012: 47) i bhforás na pleanála teanga in Éirinn a dtugann Ó Giollagáin agus Péterváry (2016: 20) an ‘fiosrúchán éigeandála’ uirthi.  Mar chuid den ‘fhiosrúchán éigeandála’ sin, foilsíodh líon mór cáipéisí beartais agus taighde ón mbliain 2000 i leith, agus achtaíodh cineálacha éagsúla reachtaíochta ina dtagraítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar bhealaí éagsúla: An tAcht Oideachais 1998; An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000; Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; An tAcht Craolacháin 2009 agus Acht na Gaeltachta 2012, a phléifear thíos. 

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 20102030 i mí na Nollag 2010. Ar aon dul leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh in 2007, moltar sa Straitéis gur cheart critéir teanga a chur sa mheá, murab ionann agus critéir thíreolaíocha, agus stádas Gaeltachta á shainiú feasta (Rialtas na hÉireann, 2010: 20). Moltar go gcuirfí borradh faoi phróiseas na pleanála teanga, ag leibhéal an phobail, trí Acht Gaeltachta nua a achtú. Chuige sin, aithnítear trí chomhthéacs éagsúla ina bhféadfaí tabhairt faoin bpleanáil teanga le tacaíocht an stáit mar atá: (a) Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, (b) Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus (c) Líonraí Gaeilge (Rialtas na hÉireann, 2012).

Tráchtaireacht ar Acht na Gaeltachta, 2012

Agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith le hAcht na Gaeltachta faoi thrácht ag Ó Giollagáin agus Péterváry (2016: 51), meastar go bhfuil ‘tuiscintí na gcáipéisí sin fréamhaithe i bhfealsúnacht nualiobrálach a bhfuil an t-indibhidiúlachas ina gcroílár’. Faoin bhfealsúnacht úd, maíonn na húdair go dtugtar ‘tosaíocht don fhreagracht agus don ghníomhaíocht indibhidiúil, rud a chiallaíonn go ndéantar príobháidiú ar ghnóthaí sóisialta,’ amhail an beartas teanga agus na freagrachtaí a bhaineann leis (Ó Giollagáin & Péterváry, 2016: 27). Tá Ben Ó Ceallaigh ar aon bhuille leis an méid sin freisin. Bíodh is go gcuirtear in iúl gur cumasú pobail atá i gceist leis an Acht, deir Ó Ceallaigh gurb é a mhalairt atá fíor i ndáiríre. Dá bhíthin sin, deir sé go bhfuil an stát ag cúlú ó aon ról tábhachtach suntasach a bheith aige i bhfeidhmiú praiticiúil an phróisis ag leibhéal an phobail agus áitítear gur meon nualiobrálach is bunús leis sin:

While the state, then, claims that the language planning process under the Gaeltacht Act promotes community ownership and participation in language revitalization, it in effect amounts to a classic example of the neoliberal “roll-back” of the state from an area which it had previously presided over […]. Thus, under the guise of democratizing the Irish-language management regime, the state is in effect able to withdraw from its historic commitment to language revitalization. […] such withdrawal of the state from the provision of services previously seen as core duties is entirely in accordance with the neoliberal project of privatization and restructuring (Ó Ceallaigh, 2022: 156–7).

Is í bunteachtaireacht Uí Cheallaigh ná go gcuirtear an tAcht i láthair faoi fheisteas an daonlathais agus chumhachtú an phobail. Ach is é an áit a bhfuil an gad ná gurb é díchumhachtú an phobail (Ó Giollagáin & Péterváry, 2016: 31) an toradh atá air, le fírinne, ó tharla go bhfágtar cúram na pleanála teanga faoi choistí deonacha pobail. Is léiriú é an méid sin, dar le Ó Ceallaigh (2022: 157), ar an gcóras a bheith á phríobháidiú, mar is dual don nualiobrálachas. Áitíonn Ó Ceallaigh (2021) go bhfuil dlús leis an bpróiseas seo ón mbliain 2008, go háirithe, mar thoradh ar pholasaí na déine a lean an ghéarchéim airgeadais. Ciallaíonn sin, dar le Ó Giollagáin & Péterváry (2016: 21), go bhfuil an stát ag iarraidh cúram na Gaeilge a chaitheamh uaidh agus gurbh í sin an chúis a bhfágtar cúram na pleanála teanga faoi choistí pobail. Mar sin de, is í Roinn na Gaeltachta a cheapann an beartas teanga; cuirtear an beartas sin i bhfeidhm trí bhíthin Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge. Is iad an dá áisíneacht sin a thugann an taobh praiticiúil d’obair na pleanála teanga ar láimh don tsochaí shibhialta nó do choistí deonacha pobail (Ó Giollagáin, 2014: 104; Walsh, 2021: 337). Dá thiomanta agus dá dhíograisí iad na coistí sin, tugann Walsh faoi deara ‘nach bhfuil aon saineolas teicniúil’ ag a bhformhór sa phleanáil teanga. Is mar gheall air sin a áitíonn sé go bhfuil dícheangal le tabhairt faoi deara idir lucht déanta beartais, go náisiúnta, agus feidhmiú an phróisis féin ag leibhéal an phobail (Walsh, 2021: 314): ‘[…] cuireann an Stát fad a sciatháin idir é féin agus formhór d’obair phraiticiúil na pleanála teanga sa phobal, obair nach ndéantar comhordú ceart uirthi agus gur bocht an maoiniú atá ar fáil di’ (Walsh, 2019).

Síolraíonn an cur chuige rialachais seo, dar le Walsh (2021: 335), ó shamhail na comhpháirtíochta sóisialta a tháinig chun cinn in Éirinn ó na 1980í i leith. Ciallaíonn an méid sin go mbíonn eagraíochtaí éagsúla sa tsochaí shibhialta – eagraíochtaí Gaeilge ina measc – in iomaíocht lena chéile ar mhaithe le maoiniú a fháil ón stát. Is é an toradh a bhíonn air sin ná go mbrúitear easaontas faoi chois mar thoradh ar an tsochaí shibhialta a bheith spleách ar an státchóras (Walsh, 2021: 336). Is é an tátal a bhaineann Walsh (2021: 336) as sin ná go múchtar spiorad an ghníomhaíochais i measc na sochaí sibhialta agus i measc an phobail trí chéile. Chomh maith leis sin, osclaítear bearna freagrachta idir an stát féin, ag an leibhéal náisiúnta, agus na cinntí beartais a dhéantar ar a shon go háitiúil. Sampla gléineach de seo is ea próiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht, dar le Walsh:

Similarly, the Gaeltacht language planning process whereby Údarás na Gaeltachta chooses community or voluntary groups to prepare language plans, is another example of diffusing the locus of accountability and distancing it from the state itself. Social partnership has been criticised as being imbued with the values of neoliberalism because it orients citizenship away from activism and radical critique and towards weak articulations of citizenship such as self-reliance (2021: 336).

Lena ais sin ar fad, cuireann Ní Dhúda (2017) léamh eile ar an scéal seo i láthair in alt léi ‘Language management and language managers: who are the Irish language managers in Breacbhaile?’ Ag tarraingt di ar thaighde eitneagrafach atá déanta aici féin i gceantar anaithnid Gaeltachta (Ní Dhúda, 2017; 2018), feictear di go bhfuil tualangacht ag an Acht chun gníomhaíochas na teanga a spreagadh go háitiúil ó tharla go dtugtar deis do na pobail ról a bheith acu i bpróiseas na pleanála teanga go háitiúil (Ní Dhúda, 2014a: 30). Is dá bhíthin sin a d’fhéadfadh bainisteoirí agus ceannairí teanga teacht chun cinn go horgánach nádúrtha ag leibhéal an phobail, dar léi:

The development of a comprehensive language planning system at community level in the Gaeltacht through new legislation (i.e. Gaeltacht Act 2012) is the central strategy being put in place by the Irish government to ensure that the Irish language survives as a community language in the Gaeltacht. This perceived retreat at macro level, and delegation of power to language communities through this new approach and legislation (i. e. Gaeltacht Act 2012), has created not only space but an integral role for language activism, managers and agencies at micro and local levels. (Ní Dhúda 2017: 220)

Coincheap na bainistíochta teanga

Ní féidir an bhainistíocht teanga a phlé beag beann ar an mbeartas teanga, ar cur chuige é a luaitear le Bernard Spolsky (2004; 2009). Faoi mhúnla sin an bheartais teanga, moltar go ndéanfaí ionramháil:

  • ar na cleachtais teanga (is é sin an chaoi a n-úsáidtear an teanga ó lá go lá, na roghanna teangeolaíochta a dhéantar sa teaghlach nó in institiúidí eile pobail, mar shampla);
  • ar na creidimh teanga (is é sin an méid a chreideann daoine faoin luach a bhaineann leis na teangacha a labhraítear). (Ó hIfearnáin, 2006: 1)

Is éard a chuireann an beartas teanga roimhe féin ná ‘bainistíocht’ a dhéanamh ar na creidimh agus ar na cleachtais sin. D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur gléas ionramhála agus idirghabhála í an bhainistíocht teanga a fhágann a lorg ar chreidimh agus ar chleachtais teanga an phobail. Míníonn Ó hIfearnáin (2006: 7) gur fearr a fheileann an téarma ‘bainistíocht’ ná ‘pleanáil’ chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid sin d’idirghabháil ó tharla go dtugann an bhainistíocht, dar leis, tús áite ‘d’iompar an phobail teanga seachas do thoil na n-údarás pleanála.’

Ó tharla gur próiseas comhfhiosach meabhrach é an beartas teanga a éilíonn torthaí follasacha mar thoradh ar an mbainistíocht a dhéantar (Spolsky, 2009: 1), luíonn sé ciall go mbeadh ‘bainisteoir’ de dhíth chun an próiseas sin a riaradh (Spolsky, 2009: 6). Is éard atá sa bhainisteoir teanga, dar le Ní Dhúda (2014a: 71) ná ‘duine a dhéanann iarracht réamhghníomhach leanúnach chun iompar teanga agus dearcthaí teanga thart timpeall air a athrú nó a stiúradh (.i. an Ghaeilge a chur chun cinn).’ Ciallaíonn sé sin go bhfuil gné chomhfhiosach fheasach ag roinnt leis an mbainistíocht teanga sa mhéid is go bhfuil an bainisteoir ar a bhionda athrú éigin a spreagadh. Tugtar ‘gníomhúchán’ (agency) ar a leithéid sin de choincheap ina dtagraítear do chumas an duine gníomhú go comhfhiosach toildeonach sa domhan sóisialta ar mhaithe le hathruithe a spreagadh in iompar agus i gcleachtais daoine eile (Ahearn, 2001: 112).

Tugtar faoin obair seo go hoifigiúil, mar fhostaí a bhfuil cúram na Gaeilge air/uirthi (Ní Dhúda, 2017: 224), nó tugtar faoina leithéid go neamhoifigiúil mar oibrí deonach atá tiomanta don teanga ar chúiseanna pearsanta idé-eolaíochta (Ní Dhúda, 2017: 226). Is ar an mbainisteoir teanga neamhoifigiúil a dhíreofar sa chuid eile den aiste seo trí tharraingt ar an moladh go mbunófaí Gaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh. Tugann Ní Dhúda an ‘gníomhaí teanga’ (2017: 226) ar an gcineál sin bainisteora agus áitíonn sí gurb é an t-inspreagadh intreach a chuireann an lasair dhíograise faoi:

[…] intrinsic motivation involves acting autonomously, doing an activity even in the absence of reinforcements or rewards, doing something for its inherent satisfaction. This is a very personal or internal motivation, which is fuelled by an awareness, resolution or conscious decision (ideological choice) for personal reasons, and is also associated with self-determined behaviour (2017: 222).

Meánscolaíocht Ghaeilge sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Cuirtear in iúl i bhforáil 6(i) den Acht Oideachais, 1998, agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (Rialtas na hÉireann, 2010: 12) gur bealach é an córas oideachais trínar féidir an dátheangachas a scaipeadh ar an tsochaí i gcoitinne sa chaoi is ‘go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal’ (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 1998: 10–1). Baineann tábhacht leis an gcóras oideachais, a deir Splosky (2004: 46), chun cumas teanga daoine óga a chothú agus chun deiseanna sóisialaithe a chur ar fáil dóibh, anuas ar réimse an teaghlaigh.

As na sé bhaile dhéag atá aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, léiríonn an fhaisnéis, a chuirtear ar fáil ar an suíomh www.gaeloideachas.ie, go bhfuil soláthar éigin Gaeilge á chur ar fáil ag leibhéal na meánscoile i ndeich gcás díobh sin: Leitir Ceanainn, An Clochán Liath, Béal an Mhuirthead, Cathair na Gaillimhe, Daingean Uí Chúis, Trá Lí, Cathair Saidhbhín, Cathair Chorcaí, Maigh Chromtha agus Baile Átha Buí. Is Scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí nó Aonaid Lán-Ghaeilge a áirítear i measc na ndeich sampla sin. Fágann sin fuílleach de shé bhaile mhóra nach ndéantar freastal díreach orthu ó thaobh an Ghaeloideachais de. Is iad sin, Baile Dhún na nGall, Baile an Róba, Caisleán an Bharraigh, an Clochán, Dún Garbhán agus an Uaimh. Sna Critéir Pleanála Teanga a bhaineann leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta dearbhaítear gur cheart féachaint chuige go mbeadh:

Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, 2020: 6).

I gcás Chontae Mhaigh Eo, léiríonn an méid sin gur ghá an soláthar Gaeilge, ag leibhéal na meánscoile, a fheabhsú i gCaisleán an Bharraigh agus i mBaile an Róba araon sa chaoi is go mbeadh an dá bhaile sin in ann cloí leis na critéir pleanála teanga. Tá obair ar bun i gCaisleán an Bharraigh cheana féin chun an bhearna sin sa soláthar oideachais meánscoile a dhúnadh. Bheadh an Gaelcholáiste ina chrann taca ag Scoil Raifteirí, an Ghaelscoil i gCaisleán an Bharraigh a bunaíodh in 1983.

Gaelcholáiste

Is iad Emer Mayock, fliúiteadóir traidisiúnta agus píobaire uilleann, agus Frainc Ó Clochartaigh, suirbhéir cairte agus ceantálaí, is mó a luaitear leis an bhfeachtas chun Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh. Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa ar an 5 Feabhra 2020 in Bridge St, teach tábhairne agus cuartaíochta i lár an bhaile mhóir, agus bhí suas is anuas le 35 duine ina láthair. Ba í an aidhm a bhí leis an gcéad chruinniú sin ná an méid spéise a léireofaí i nGaelcholáiste a thomhas. Ar an drochuair, bhuail an phaindéim COVID-19 an tír go gairid ina dhiaidh sin, rud a chuir moill ar an bhfeachtas ó shin. Tá Mayock agus Ó Clochartaigh beirt ina mbaill de Choiste Comhairleach an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh. Ciallaíonn sin go bhfuil ról foirmeálta acu sa phróiseas ach, ina ainneoin sin, áitítear gur bainisteoirí neamhoifigiúla iad atá ag feidhmiú go deonach ar a gconlán féin.

An tInspreagadh

Baineann an t-inspreagadh leis an idé-eolaíocht a mhúnlaíonn cleachtais an bhainisteora agus a thiomáineann an bainisteoir sin chun gnímh (Ní Dhúda, 2017: 222). Tá beirt pháistí ag Mayock féin agus iad ag freastal ar Scoil Raifteirí faoi láthair. Socraíodh na gasúir a sheoladh chuig Scoil Raifteirí, a deir sí, mar gheall ar an tumoideachas Gaeilge chomh maith leis an gcultúr ar féidir teacht i dtír air trí mheán na Gaeilge, dar léi. Is údar aiféala do Mayock é go dtiocfadh deireadh leis an gcineál sin oideachais nuair a bhainfeadh a cuid gasúr aois a dhá bhliain déag amach:

I thought that it was a shame…having spent all of their formative years in a Gaelscoil that there was no follow-on and that it’s a dead-end. I’m also aware of the fact that children go into the secondary schools from Scoil Raifteirí or any Gaelscoil and of course they’re really ahead in Irish…but by second year/third year, that’s gone because they’re not using their language. (Mayock, 2021)

Is ar mhaithe leis an leanúnachas sin, ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, a choinneáil i dtreis a theastaíonn ó Mayock go mbunófaí Gaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh. Deir Mayock gur chaith sí tamall de bhlianta ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, áit a raibh aithne aici ar go leor daoine a d’fhreastail ar Ghaelcholáistí éagsúla le linn a n-óige; leithéidí Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin, mar shampla. Chonacthas di go raibh saibhreas cultúir agus teanga ag baint leis an eispéireas sin dóibh, saibhreas arbh fhéidir buntáiste a bhaint as sa saol amach anseo. Tá a leithéid sin d’eispéireas á cheilt ar dhaltaí Scoil Raifteirí faoi láthair, a deir sí, nuair a théann siadsan isteach sa mheánscoil d’uireasa Gaelcholáiste a bheith i gCaisleán an Bharraigh:

I’m very happy with the way Scoil Raifteirí celebrates customs and celebrates music. When I look into the yard on a Wednesday, pre-COVID, everybody has an instrument and it doesn’t make any difference if you’re a girl or a boy or whatever, and unfortunately that can all fall away [during the teenage years]. And this is not all about traditional music, it’s about that acceptance of culture as part of our world; that visual art, music, language are part of our world […] It exists in the ethos of the school, like in Scoil Raifteirí, music isn’t rammed down their throats, neither is art but there is this tide that is ebbing and flowing throughout every celebration in the school and every acknowledgment and it’s through the Irish language but also it celebrates our culture and every culture. (Mayock, 2021)

Ar an gcaoi sin, ceapann Mayock go bhfuil an Ghaeilge, an cultúr, an ceol agus na healaíona de dhlúth agus d’inneach i bhfealsúnacht Scoil Raifteirí. Is í an fhís atá aici ná go mbeadh an fhealsúnacht cheannann chéanna ina cloch choirnéil faoin nGaelcholáiste, má bhíonn rath ar an bhfeachtas.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil blaiseadh de hipitéis Sapir-Whorf le tabhairt faoi deara san idé-eolaíocht seo atá ag Mayock. Is é sin go bhfeictear snaidhm idir an teanga agus na smaointe cultúrtha a léirítear tríthi. Ar an gcaoi sin, cuirtear in iúl go bhfuil luachanna cultúrtha ar leith buanaithe sa teanga; is luachanna iad sin ar féidir teacht i dtír orthu trí bhíthin na Gaeilge (féach: May, 2012: 139).

Iarmhairtí an Ghaelcholáiste

Tá an Gaelcholáiste thar a bheith tábhachtach, dar le Mayock, chun aidhmeanna phlean teanga Chaisleán an Bharraigh a bhaint amach. Cén mhaith plean Gaeilge a bheith ann, a deir sí, mura bhfuil dlús cainteoirí óga gníomhacha Gaeilge ar an mbaile:

I feel that the Language Plan is a great positive for the town. I think it has huge potential to influence cultural activity in the town and to have a meaningful impact on people’s lives and engagement with the Irish language. But I do believe that the Gaelcholáiste is very much part of that, and I feel that if you have a language plan, then you need speakers and you need to produce new Irish speakers in a realistic and sustainable manner – they have to be over 12 years of age, they need to be be educated through Irish throughout their teenage years. The ethos and output of a Gaelcholáiste has the potential to feed into and support all other elements of the language plan for Castlebar. And there are very many ways to engage people of all ages but the confidence to speak Irish, and an environment to speak it in, where it is completely accepted, [is very important] (Mayock, 2021).

Tagann Ó Clochartaigh leis an méid seo go bhféadfadh tionchar an-dearfach a bheith ag Gaelcholáiste ar ghnéithe eile de shaol cultúrtha agus sóisialta an bhaile mhóir. Is é réimse an teaghlaigh atá i gceist go sonrach ag Ó Clochartaigh sa chás seo. Dá bhfeicfí leanúnachas sa chóras oideachais Gaeilge, ó leibhéal na bunscoile ar aghaidh, chuirfeadh sin abhaile ar dhaoine go bhfuil córas iomlán oideachais lán-Ghaeilge ar fáil i gCaisleán an Bharraigh. Is í an tuiscint atá ag Ó Clochartaigh ná go dtabharfadh a leithéid spreagadh do thuismitheoirí, agus go gcuirfeadh sé an lasair dhíograise fúthu, an Ghaeilge a úsáid i réimsí eile lasmuigh den chóras oideachais, agus sa teaghlach go háirithe:

Is féidir a rá le daoine, tá tú in ann oideachas iomlán a fháil trí mheán na Gaeilge san áit seo [Caisleán an Bharraigh], cén fáth nach ndéanfá an rud céanna i do theach féin ón tús? Tusa an chéad duine a bhíonn ag plé leis an ngasúr sin ó thaobh an oideachais de, déan é trí mheán na Gaeilge – beidh an páiste in ann dul go Scoil Raifteirí le haghaidh na bunscolaíochta agus go dtí an Gaelcholáiste le haghaidh na meánscolaíochta. (Ó Clochartaigh, 2021).

D’fhéadfaí a rá gur ‘tearmann teanga’ a bheadh sa Ghaelcholáiste, is é sin ‘ionad aitheanta ina bhfuil fáilte fhollasach roimh an nGaeilge agus cúis shoiléir í a úsáid’ (Ní Dhúda, 2014a: 41). Feictear do Mayock agus d’Ó Clochartaigh beirt go ngabhfadh ‘tearmann’ an Ghaelcholáiste chun tairbhe don bhainistíocht teanga i réimsí eile de shaol an bhaile mhóir agus is ar an ábhar sin a luaitear an teaghlach, na healaíona agus cúrsaí ceoil go sonrach. Téitear i ngleic leis na réimsí sin ar fad i bplean teanga Chaisleán an Bharraigh trí bhearta fónta a leagan amach. Mar shampla, moltar go gcuirfí scéim phíolótach ar bun sa Linenhall Arts Centre ina dtugtar deis do dhéagóirí ceol traidisiúnta a sheinnt le chéile agus chun dreas cainte a dhéanamh i nGaeilge (Rowland, Ní Uigín, Callinan, 2021: 196–7).

An feachtas

Maidir leis an bhfeachtas féin, is í an obair chúlrach atá ar bun faoi láthair. Bhí cruinniú ag Mayock agus ag Ó Clochartaigh leis an bhForas Pátrúnachta i gCill Dara in 2020 chun an próiseas aitheantais a phlé agus chun tuiscint a fháil ar na céimeanna éagsúla a bheadh le tabhairt. Tá dhá rogha éagsúla ann chomh fada agus a bhaineann leis an oideachas meánscoile trí mheán na Gaeilge:

  1. Gaelcholáiste lán-Ghaeilge a bheadh go huile is go hiomlán neamhspleách;
  2. Aonad lán-Ghaeilge a bheadh ag feidhmiú i gceann amháin de na meánscoileanna reatha i gCaisleán an Bharraigh. Is é an Bord Oideachais agus Oiliúna a riarann a leithéid in áiteanna eile. D’fhágfadh sin gur Coláiste Dháibhéid a bheadh i gceist i gCaisleán an Bharraigh.

Tá Mayock agus Ó Clochartaigh beirt deimhin de gur Gaelcholáiste lán-tumoideachais a theastaíonn, murab ionann agus aonad lán-Ghaeilge a bheadh súite isteach i struchtúr ceann de na meánscoileanna eile ar an mbaile. An buntáiste a bhainfeadh leis an nGaelcholáiste, a bheadh neamhspleách ar na scoileanna eile, ná go dtreiseodh sé éiteas Gaeilge agus cultúrtha na scoile, dar le Mayock. Ina theannta sin, tugann sé rogha shoiléir do thuismitheoirí maidir leis an gcineál oideachais a chuirfí ar fáil dá bpáistí, bíodh sin trí na mheán na Gaeilge nó ná bíodh. Tá Stiofán Ó Móráin, atá ina Chathaoirleach ar Chraobh an Phiarsaigh de Chonradh na Gaeilge, ar aon bhuille le Mayock agus le Ó Clochartaigh maidir leis na buntáistí a bhainfeadh le Gaelcholáiste neamhspleách a bheith i gCaisleán an Bharraigh. Ag tarraingt dó ar shampla Choláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh, a bhíodh ina choláiste ullmhúcháin fadó, deir Ó Móráin go bhféadfadh an Gaelcholáiste an Ghaeilge a scaipeadh agus a chur chun cinn ar fud an chontae, faoi mar a dhéanadh iardhaltaí Choláiste Mhuire san am a caitheadh (Ó Móráin, 2021).

Conclúid

San aiste seo, rinneadh cur síos ar an dioscúrsa acadúil faoina dtéitear i ngleic le hAcht na Gaeltachta. Faoin dioscúrsa úd, áitítear go bhfuil an stát ag cúlú ó aon ról lárnach díreach a bheith aige sa phróiseas pleanála teanga ag leibhéal an phobail; tá dlús leis an gcúlú sin ó na 1970í i leith (Ó Giollagáin, 2014; Ó Giollagáin agus Péterváry, 2016; Walsh, 2019b, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022). Nuair a thagraítear don phleanáil teanga ag ‘leibhéal an phobail’ is iad na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, den chuid is mó, atá i gceist ag na húdair sin. Iarracht atá san aiste seo chun spléachadh a thabhairt ar fheidhmiú an phróisis i mBaile Seirbhíse Gaeltachta, téama nár chaith an t-aos acadúil mórán dua leis fós.

Má ghlactar leis go bhfuil an stát ag tarraingt siar ón mbainistíocht teanga ag leibhéal an phobail, ní mór a aithint freisin go bhfágann an cúlú sin ‘spás’ don ghníomhaíochas agus don bhainistíocht teanga go háitiúil. D’fhéadfaí a rá, go deimhin, nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann i bhfianaise chúlú an stáit. Ciallaíonn sin, dar le Ní Dhúda (2017: 220), go gcuireann Acht na Gaeltachta deiseanna ar fáil do ghrúpaí pobail chun gníomhaíochtaí a chur ar bun as a stuaim féin agus chun obair mhaith fhiúntach a dhéanamh dá réir sin. Sampla de bhainistíocht teanga dá leithéid is ea an feachtas chun Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh. Is feachtas é atá fréamhaithe sa chur chuige deonach agus is é an t-inspreagadh intreach atá á thiomáint. Fágann sin gur tiomantas pearsanta idé-eolaíochta na rannpháirtithe atá ina chloch choirnéil faoina gcuid bainistíochta teanga. Is é an toradh a bheidh ar an mbainistíocht teanga, i gcás an Ghaelcholáiste, ná chun iompar teanga agus dearcthaí teanga na hóige a athrú nó a stiúradh. Ar an gcaoi sin, léiríonn an aiste seo go bhfuil bunús le háiteamh Uí Dhúda (2017: 218) go bhfuil bainistíocht teanga, den uile chineál, ag tarlú go horgánach institiúideach ag leibhéal an phobail, d’uireasa idirghabháil an stáit.

Dá bhailí é an méid sin, ní mór a aithint go bhfuil laincisí ar an gcur chuige seo freisin. Níl an feachtas chun an Gaelcholáiste a bhunú ach ina thús. Ar an gcaoi sin, ní fios fós an seasfar an cúrsa leis an bhfeachtas nó cén rath a bheidh air ar deireadh. Ní heol, ach an oiread, cé na baic a chuirfear sa bhealach ar an bhfeachtas agus cén chaoi a ngabhfar i ngleic leis na dúshláin sin, má ghabhann. Áitítear san aiste seo go bhféadfadh borradh teacht faoin mbainistíocht teanga go háitiúil san fholús ceannaireachta a fhágann an stát ina dhiaidh. Ach b’fhiú a lua nár ghá go mbeadh sé ar chumas gach pobail ceannaireacht dá leithéid a léiriú; braitheann a leithéid ar a eagraithe is atá an pobal féin chomh maith le tiomantas agus díocas na mbainisteoirí teanga, idir oifigiúil agus neamhoifigiúil, a fheidhmíonn ann. Ó tharla go mbíonn an próiseas pleanála teanga cleithiúnach ar an obair dheonach, in amanna, léiríonn sé sin, dar le Ó Ceallaigh, an claonadh ‘nualiobrálach’ i dtreo gnéithe den bheartas sóisialta a fhágáil faoi iarrachtaí príobháideacha:

Is é an breac sa mbainne i gcás polasaí Gaeilge, áfach, ná go bhfuil an stát sna 26 contae diongbháilte don nualiobrálachas mar fhealsúnacht eacnamaíochta. Is cur chuige é seo a tharraingíonn tacaíocht stáit siar ó go leor réimsí den pholasaí poiblí, agus an tuairim ann go mbeidh toradh níos fearr orthu má fhágtar iad faoi riaradh chumhacht an mhargaidh. Cuireadh luas mór faoi tharraingt siar tacaíochta stáit do pholasaí Gaeilge sa tréimhse a lean cliseadh eacnamaíochta 2008 […]. Cé gur thuill an nualiobrálachas an-droch-chlú mar gheall ar an ngéarchéim sin, leanann sé air, ceal gluaiseacht láidir go leor lena athrú (Ó Ceallaigh, 2021).

Dá thábhachtaí í an obair dheonach i bpróiseas na pleanála teanga, deir Ní Dhúda (2014a: 53) nach féidir ‘a bheith ag brath ar obair dheonach amháin chun plean teanga a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas trí chéile’. Is mar gheall air sin a áitíonn Ní Dhúda (2014a: 53) gur gá bainisteoir teanga ‘oifigiúil’ a cheapadh a mbeadh luach saothair á thabhairt dó/di chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Chuige sin, is é an chéad bheart a chuirtear i láthair i bPlean Teanga Chaisleán an Bharraigh ná go gceapfaí Oifigeach Pleanála Teanga lánaimseartha; is é an tOifigeach Pleanála Teanga a dhéanfaidh cúram de chur i bhfeidhm an phlean teanga chomh maith le monatóireacht a dhéanamh air.

 

Leabhairliosta

Leabhair agus Ailt

Ahearn, L. (2001) ‘Language and Agency.’ Annual Review of Anthropology 30: 109–37.

An Roinn Oideachais agus Scileanna. (1998) Acht Oideachais, 1998. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Tionscail agus Tráchtála. (1926) Census of Population 1926 (Volume VIII): Irish Language with Special Tables for the Gaeltacht Areas. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. (2020) Rialacháin maidir le critéir pleanála teanga. Le fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/rialachain-maidir-le-criteir-pleanala-teanga/. (Léite 26 Eanáir 2022).

Coimisiún na Gaeltachta. (1926) Gaeltacht Commission: Report. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Coimisiún na Gaeltachta. (2002) Tuarascáil. Baile Átha Cliath: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Hindley, R., (1990) The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary. Routledge.

Mac Gabhann, F., (2014) Logainmneacha Mhaigh Eo. 5, Barúntacht Cheara: Anailís ar Ainmneacha na mBailte Fearainn agus roinnt Ainmneacha eile i mBarúntacht Cheara i Lár Mhaigh Eo. Binn Éadair, Baile Átha Cliath: Coiscéim.

May, S., (2012) Language and Minority Rights: Ethnicity, Nationalism and the Politics of Language. New York: Routledge.

Ní Dhúda, L., (2014a) Roghanna: Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga. Béal Átha Buí: Glór na nGael.

Ní Dhúda, L., (2014b) ‘Gaeltacht Mhaigh Eo an lae inniu: Staidéar Cainníochtúil.’ In: Moran, G. & Ó Muraíle N. (eagí.). Mayo History and Society. Baile Átha Cliath: Geography Publications, 817–42.

Ní Dhúda, L., (2017) ‘Language management and language managers: who are the Irish language managers in Breacbhaile?’ International Journal of Sociolinguistics 2017; 245: 217–43.

Ní Dhúda, L., (2018) ‘Éagsúlacht agus contrárthacht na gcreideamh teanga sa Bhreacbhaile.’ In: Ó hIfearnáin, T. & Walsh, J. (eagí.). An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Baile Átha Cliath: Cois Life.  1–38.

Ó Ceallaigh, B., (2021) ‘Breithiúnas an Bhoird Snip Nua agus Toil an Troika: Polasaí Gaeilge i bPoblacht na hÉireann, 2008–2018.’ In: ComharTaighde 7.

Ó Ceallaigh, B., (2022) ‘Interests, Power and Austerity in Irish-language Policy 2008–18.’ In: Nekula, M., Sherman, T. & Zawiszová, H. (eag.). Interests and Power in Language Management. Bern: Peter Lang.

Ó Giollagáin, C. & Péterváry, T., (2016) ‘An Pobal Gaelach sa Stát Éireannach: Forbairt agus Éigeandáil.’ In: Ó Giollagáin, C. agus Ó Curnáin, B. Beartas úr na nGael: Dálaí na Gaeilge San Iar-Nua-Aoiseachas. Indreabhán: Leabhar Breac.  15–58.

Ó Giollagáin, C., (2013) ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Impleachtaí do Ghaeltachtaí Mhaigh Eo.’ In: Léann Teanga: An Reiviú 2013.

Ó Giollagáin, C., (2014). 'From Revivalist to Undertaker: New developments in official policies and attitudes to Ireland’s ‘First Language.’ Language Problems & Language Planning, 38.

Ó hIfearnáin, T., (2006) Beartas Teanga. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Muraíle, N., (1983) ‘Staid na Gaeilge i gConnachta in Aimsir Sheáin Mhic Héil.’ In: Ní Cheannain, Á. (eag.). Leon an Iarthair: Aistí ar Sheán Mac Héil. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.  37–66.

Rialtas na hÉireann. (2010) Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Baile Átha Cliath: Foilseacháin an Rialtais.

Rialtas na hÉireann. (2012) Acht na Gaeltachta, 2012. Le fáil ag: https://www.gov.ie/en/publication/cc6a9-gaeltacht-act-2012/.  (Léite: 15 Feabhra 2022).

Rowland, H., Ní Uigín, D. & Callinan, L. (2021) Plean Teanga Chaisleán an Bharraigh (20212028): Baile Seirbhíse Gaeltachta. Maigh Eo: Gnó Mhaigh Eo.

Spolsky, B., (2004) Language Policy. Cambridge: Cambridge University Press.

Spolsky, B., (2009) Language Management. Cambridge: Cambridge University Press.

Walsh, J., (2012) Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socioeconomic Development. Bern: Peter Lang.

Walsh, J., (2019a) ‘Sainiú na Gaeltachta: Pobail, ceantair agus líonraí.’ In: Ó hIfearnáin, T. (eag.) An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh. Baile Átha Cliath: Cois Life. 185–210.

Walsh, J., (2019b) ‘An Stát ag cúlú ón nGaeilge agus ón nGaeltacht agus na heagraíochtaí teanga curtha ina dtost’. In: Tuairisc.ie, 14 Feabhra, ar fáil ag: https://tuairisc.ie/an-stat-ag-culu-on-ngaeilge-agus-on-ngaeltacht-agus-na-heagraiochtai-teanga-curtha-ina-dtost/ [15 Feabhra 2022].

Walsh, J., (2021) ‘The governance of Irish in the neoliberal age: The retreat of the state in the guise of empowerment.’ In: Language Revitalisation and Social Transformation. London: Palgrave Macmillan.

Agallaimh

Mayock, E., (2021) Agallamh le hEmer Mayock ón bhfeachtas atá ag cur ar son Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, 10 Feabhra.

Ó Clochartaigh, F., (2021) Agallamh le Frainc Ó Clochartaigh, Cathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach, Baile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh, 19 Márta.

Ó Móráin, S., (2021) Agallamh le Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach ar Chraobh an Phiarsaigh, Caisleán an Bharraigh, 13 Feabhra.