DOI: https://doi.org/10.13025/4pyx-rr92

Comóradh Liteartha Ilghnéitheach ar Chathair na Gaillimhe: Léirmheas ar Gaillimh: Díolaim Cathrach

 

in eagar ag Brian Ó Conchubhair,

Cló Iar-Chonnacht, An Spidéal, 2020.  

ISBN: 978-1-78444-207-1.

Léirmheas le

Réamhfhocal

Ainmníodh Cathair na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ach bhí ar na heagraithe go leor de na himeachtaí a bhain le ‘Gaillimh 2020’ a chur in oiriúint d’ardáin fhíorúla seachas d’ardáin bheo na bliana cinniúnaí sin.  Cé go mba dhúshlán é, sna cúinsí sin, an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a chur ‘i lár an aonaigh liteartha agus cultúrtha’ (21), is ábhar ceiliúrtha é do litríocht na Gaeilge gur éirigh le Brian Ó Conchubhair an cnuasach téagartha  ilghnéitheach seo – Gaillimh: Díolaim Cathrach – a chur in  eagar mar chuid den chomóradh.  435 leathanach san iomlán atá ann agus é roinnte ina dhá leath.  Sa chéad chuid, tá rogha thuisceanach  gearrscéalta agus sleachta as úrscéalta agus sa dara cuid, tá rogha leathan dánta.  Tá píosaí litríochta san áireamh ó fhathaigh iomráiteacha na litríochta Gaeilge, ó scríbhneoirí áitiúla Gaeltachta, ó scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge chomh maith le saothar ó dheichniúr banfhilí ar iarradh orthu go speisialta dánta a chur ar fáil  don chnuasach chun cothromaíocht inscne níos fearr a chinntiú sa díolaim (21).  Cuireann an t-eagarthóir Réamhrá cuimsitheach léannta ar fáil ag tús an chnuasaigh agus nótaí beathaisnéise agus comhthéacsúla roimh gach píosa litríochta.  Tá na nótaí réamhráiteacha sin spreagúil agus úr agus ní leanann siad teimpléad ar leith.  Ag deireadh an leabhair, tá eolas treorach bibleagrafaíoch.  Baineann gach píosa litríochta le gné éigin de shaol na cathrach agus cuimsítear tréimhsí éagsúla staire ó na Meánaoiseanna go dtí an lá atá inniu ann.  An cheist is mó a eascraíonn don léirmheastóir, tá sí ardaithe ag an eagarthóir sa Réamhrá: ‘Cén léargas a thugtar ar Chathair na dTreabh sa litríocht?’ (11).  Cé nach bhfuil freagra simplí ar an gceist sin agus cé nach bhféadfaí freagra cuimsitheach a thabhairt uirthi in alt léirmheasa gearr, déanfar iarracht blaiseadh a thabhairt don léitheoir ar an íomhá de Ghaillimh a eascraíonn ón díolaim faoi thrí cheannteideal éagsúla.  Beidh sé soiléir go léirítear Gaillimh sa litríocht atá tiomsaithe sa chnuasach mar áit shainiúil eisceachtúil lena tréithe, lena logainmneacha (21) agus lena saincheisteanna teanga, tíreolaíochta agus oidhreachta féin (13),  ach beidh sé soiléir, freisin, gur íomhá ilghnéitheach fhairsing bheo de ‘Ghaillimh na Líog Lígheal’ (11) a thagann chun cinn – íomhá de chathair atá ar aon dul le cathair idirnáisiúnta ar bith eile sa mhéid is go bhfuil éagsúlacht an chine dhaonna agus an tsaoil ar fáil inti.  

Fuadar na Cathrach

Gné den chathair a thagann chun cinn go mionmhinic sna sleachta litríochta ná fuadar na cathrach ar laethanta aonaigh, margaidh, spóirt agus ceoil.  Má ghlactar leis ‘nach bhfuil i mBaile an Chaisil ach Cathair na Gaillimhe faoi ainm eile’ (188), faightear peannphictiúr glinn ó Bhreandán Ó hÉithir in Lig Sinn i gCathú (atá suite sa bhliain 1949) ar an tslí ar ghlac muintir na tuaithe seilbh ar an gcathair lá sa tseachtain:

Thagadh athrú suntasach ar Bhaile an Chaisil chuile Shatharn.  Ghlacadh pobal na tíre ar gach taobh de seilbh ar na sráideanna agus ar na siopaí.  B’iad a líonadh an chearnóg bheag os comhair na hArdeaglaise, ag díol fataí, glasraí, uibheacha agus éanlaithe clóis le muintir an bhaile.  Ina dteannta bhíodh na mangairí fáin a mbíodh a ngréithe agus stáin leagtha amach go lonrach ar na cosáin. (193)

Is iomaí tagairt a dhéantar sna píosaí litríochta do mhná i mbun margaíochta agus tráchtála ag an margadh céanna: tugann an gearrscéal clúiteach le Máirtín Ó Cadhain, ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair,’ mar shampla, léargas ar an bhfaoiseamh síceolaíoch a mhothaíonn Bríd agus í ag teacht i ngiorracht don chathair agus í ag fáil réidh chun trí scór ubh a dhíol agus, ansin, ar an ardú meanman a mhothaíonn sí tar éis di a táirgí a reic agus a gnó cathrach a chur i gcrích (164–5); tagraíonn Pádhraic Óg Ó Conaire i sliocht as Ceol na nGiolcach (1968) do bhean óg a bhíodh ‘ag imeacht ar fud na Gaillimhe agus a ciseán éisc go buacach ar a ceann aici ag rá fresh herrins’ (172); agus i ndán le Máire Holmes, spreagann na cácaí úra atá ar díol óna carr ag an gcainteoir, agus an rath atá ar an trádáil reatha ag Margadh na Gaillimhe, machnamh ar stair na hÉireann agus ar an nganntanas a bhíodh ann tráth (432). 

Ní íomhánna amháin d’ionaid eacnamaíochta fuinniúla a thagann chun cinn ach léirithe a mhúsclaíonn na céadfaithe go léir.  Samhlaítear bolaithe ar leith le margaí éagsúla: airítear ‘boladh na cáise as Sheridan’s Cheesemongers’ (261) in Ré an Charbaid (2003) le Pádraig Ó Cíobháin, agus faightear sár-léiriú ar bholaithe agus ar dhoirte dhairte na cathrach sa bhliain 1612 mar a shamhlaítear iad do Liam Mac Cóil sna píosaí seo ón gcéad imleabhar (An Litir) dá thriológ eachtraíochta mhór-ráchairte:

Bhí Margadh an Éisc faoi lán tseoil…Thaitin boladh an éisc úr [sic] le Lúcas – boladh éadrom mealltach murab ionann agus an boladh gránna trom a bhíonn ar an seaniasc…

Bhrostaigh sé ar aghaidh.  D’fhág siad an slua ina ndiaidh agus thug Lúcás boladh faoi deara nárbh é boladh úr an éisc é ach boladh trom na cathrach féin.  Is rud é an boladh trom úd a dtéann gach duine i dtaithí air, ach an uair sin, toisc is dócha go raibh sé in éineacht le duine strainséartha, thug Lúcás rudaí faoi deara, geall leis, as an nua.  Faoi láthair ba é boladh bréan an chaca agus an mhúnlaigh é, go háirithe múnlach na mbeithíoch anoir an tSráid Chúil chucu ó Shráid an Phluda… (282–8)

Tugann cuid de na sleachta léargas ar Rásaí na Gaillimhe ag tréimhsí staire éagsúla agus ar na gníomhaíochtaí tánaisteacha imeallacha a bhíodh ar siúl aimsir na rásaí.  Tagraíonn Dónall Mac Amhlaigh (timpeall na bliana 1962), mar shampla, don mhíle ‘deis bheag’ a bhíonn ann ‘leis an airgead a mhealladh amach as póca an duine’ (125) agus do bhinneas ‘gártha aoibhnis a ligfeadh na cailíní thuas ar an roth mór astu gach aon uair a bhéarfadh sé go buaic a imlíne iad’ (125); tá sliocht íogair mothálach le Pádraic Breathnach a foilsíodh sa bhliain 1990, ar eispéireas buachalla a bhuann duais ó cheann de na botháin a bhí ar oscailt  ‘aimsir na rásaí móra capall’ (83); agus, is mar seo a chuireann Máirtín Ó Cadhain síos ar an atmaisféar i dteach tábhairne aimsir na rásaí  i ngearrscéal luath da chuid, ‘Gan an Craiceann ná a Luach’ (1941):

‘Is gearr anois go gcraoltar an rás,’ arsa seisean, ag casadh cnó sa ngléas éisteacháin leis an gceol gártha a mhaolú roinnt.

‘Creidim gurb í “Ceann Fhionnach” rogha an phobail,’ a deir ‘Corp,’ is é idir dhá thaoscán den phionta. (65) 

Is féidir spleodar agus bís na rásaí a bhlaiseadh sa dán, ‘Beairtle (Mír IX)’ (1985), le Seán Ó Curraoin, freisin:

‘Caithfidh mé dul chuig na Rástaí…

…Charles Edward

a bhuafas an Galway Plate…

Go bhfeicfidh mé na Maggies is fear na dtrí chártaí,

Is fear na méaracán is style na mban,

Go gcuirfidh mé airgead ar Charles Edward…’ (409)

Sa scéal ‘Dúshlán’ le Liam Ó Flaithearta (Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh go Gaeilge), tugtar léiriú ar atmaisféar fiáin foréigeanach Aonach na Faiche Móire i lár an chéid seo caite.  Is cuid suntais iad na ‘steiréitíopaí diúltacha’ (70) den lucht siúil agus caint bhorb mhórtasach mhaslach an bhréaglaochais sa phíosa seo:

Shiúil an fear óg anonn d’aon ghnó chuig seaicéad stiallta a chéile comhraic.  Léim sé anonn is anall thairis, é ag caitheamh smugairle uaidh le gach léim.  Ansin d’fhill sé ar an ionad ina raibh sé agus bhuail sé a dhá dhorn dúnta i gcoinne a chéile os cionn a chloiginn.

‘Tugaim dúshlán chuile tincéara as seo go Contae Chill Mhantáin,’ a dúirt sé.  ‘Níl oireadh agus tincéara amháin beo nach gcéasfainn. ’

Chuir an tincéara [sic] scread as agus thosaigh ag stróiceadh stiallacha ó bhrollach a léine.  Rith a bhean chuige agus rug air. (77)  

Samhlaítear ceol agus siamsaíocht sráide le Gaillimh, freisin.  I mír as an úrscéal meitificsin a luadh thuas, Ré an Charbaid (2003) le Pádraig Ó Cíobháin, faightear cur síos meidhreach ar an gceol  atá le cloisteáil ar Shráid na Céibhe (259); scríobhann Máire Holmes faoi ‘Luthier Chnoc na Sí’ – fear a chaith a shaol i Sráid Doiminic Íochtar  ‘Ag cruthú gléasanna ceoil don domhan’ (335); agus, in ‘Seán an t-ainm a bhí air,’ déanann Celia de Fréine casadh ar dhán le Máirtín Ó Direáin chun ról na mban i sorcas sráide a áireamh go bródúil:

                Os mo chomhair amach ar an gCladach,

                A bhfeistis chaointe á mbaint díobh,

                Iad ag dul in airde ar théad rite

                Áit ar chas siad amhrán

                A chum maighdean mhara na cianta ó shin. (392)  

Sa lá atá inniu ann glactar le Cathair na Gaillimhe, i bhfocail an eagarthóra, ‘mar eiseamláir don chultúr in iarthar na hÉireann; déantar gaisce gur ceann scríbe breá í do chuile dhuine, idir ealaíontóirí agus chruthaitheoirí’ (11).  Ní i gcónaí, áfach, a fháiltíonn na daoine áitiúla leis an bhfuadar agus leis an torann a thagann mar thoradh ar an stádas eiseamláireach sin.  Sa bhliain 2015, bronnadh ‘Gradam Corcra’ ar Chathair na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt don iarracht a bhí á déanamh ag an gcathair saol sóisialta oíche a chothú.  Léiríonn an dán, ‘Comhairle Cathrach,’ le Joe Steve Ó Neachtain, dearcadh na ndaoine áitiúla ar an bhfleáchas cultúrtha:

Aitheantas do chathair

A chothaíonn scléip

Ó dhubh go geal

Chuile oíche den tseachtain,

Cé go mothaíonn dream…

Gurb in tráth den oíche

Ar chóir an gleo

A ruaigeadh abhaile. (402)

Áilleacht na Cathrach

Bíodh is go bpléann cuid de na húdair codanna den chathair atá gránna agus neamhtharraingteach  agus ina bhfuil ‘cuma ghruama ar gach rud’ (111), is minice a chuireann na húdair áilleacht aeistéitiúil na cathrach os comhair an léitheora.  Is cur síos é seo thíos le Dónall Mac Amhlaigh as an úrscéal Saol Saighdiúra (1962) ar áilleacht íocshláinteach na radharc atá le feiceáil sa chathair:

Is deas an baile mór é Gaillimh dá mbeadh an saol ag caint.  Tá aer deas bog ann agus boladh na farraige mar íocshláinte, agus is dream séimh boglabhartha iad na Gaillimhigh.  Is deas an rud a bheith scaitheamh i do sheasamh ar an droichead is tú ag éisteacht le monabhar ceolmhar an tsrutha thíos fút agus ag ligean don suaimhneas agus don chiúnas a dhul i bhfeidhm ort.  Tá buanna eile ag Gaillimh freisin, buanna nach bhfuil ag aon bhaile mór eile in Éirinn, sílim. (119)

In Aiséirí (2011) le Alex Hijmans, faightear scéal Rebekka (inimirceach ón Ísiltír) a oibríonn i gcaifé dátheangach le linn ré an Tíogair Cheiltigh agus a thiteann i ngrá le cathair ilchultúrtha na Gaillimhe.  Chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar bhia agus ar chultúr réchúiseach caifé na cathrach (270; feic freisin, 388), faightear radhairc áille den chineál seo san úrscéal:

Bhí an taoide ag dul amach; bhí uisce na Coirbe ag ísliú.  B’aoibhinn le Rebekka díoscán shlabhraí na mbád a bhí ceangailte leis na mullaird ar an gcéibh.  B’aoibhinn léi boladh na feamainne ag lobhadh, fiú amháin.  D’imigh an ghrian i bhfolach agus las solas teolaí taobh thiar d’fhuinneoga beaga gleoite thithe an Chladaigh.  Cén chaoi a bhféadfadh ceann faoi a bheith ar dhuine a raibh radharc den chineál seo amach os comhair a thí, a raibh na céadta ealaí mar chomhluadar aici taobh amuigh agus ochtar ealaíontóirí óga, ceannródaíocha taobh istigh?’ (269)

Luann An tSr Finín Ní Choncheanainn ‘galántacht’  álainn ‘Ealaí gleoite an Chladaigh’ (416), freisin, agus d’fhéadfaí go leor samplaí eile d’áilleacht na radharc a lua ón díolaim (331, mar shampla eile).  Is í leochaileacht na háilleachta nádúrtha, áfach, agus na n-ealaí céanna a thagann chun cinn sa dán nua-aimseartha, ‘Cneá,’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh:

Bhris an Choirb a bruacha

Aréir…

Bhí fear cromógach suite

Ar bhalla íseal…

Ina bhaclainn, bhí eala,

Sac dubh uimpi

Is cneá dearg ar a muineál. (390)

I dteannta na ndánta faoi áilleacht an nádúir, tá dánta éagsúla sa chnuasach a cheiliúrann gnéithe d’aeistéitic dhealbhóireacht na cathrach.  Déanann Máire Holmes cur síos ar dhealbh chonspóideach in ‘Bád i Lár Cearnóige’ (372); tugann busta den Mhons. Pádraig de Brún inspioráid do dhán le S. E.  Ó Cearbhaill (357); agus, déanann dánta le Dolores Stewart (365), Tomás Mac Pháidín (367) agus Áine Durkin (369) gnéithe d’ealaín deilbhe de Phádraic Ó Conaire a chíoradh.  

Ceann de na híomhánna is áille a sheasann amach ón díolaim, áfach, ná an íomhá dhraíochtúil a chruthaíonn Máirtín Ó Direáin d’fhear lasta lampaí na cathrach i ndán leis ón mbliain 1928.  Ní haon ionadh é gur dán é atá greanta ar leacht ar Bhóthar na Trá:

Ba dhraíodóir an fear beag

A raibh an solas ina ghlaic,

É ag tabhairt na gile leis

Ó lampa go lampa sráide. (333)

Is caoithiúil, sa chomhthéacs sin, a lua go samhlaíonn Diarmuid Johnson Gaillimh (sa bhliain 2004) le solas agus le gile shéanmhar, freisin:

Is í mo Ghaillimhse Gaillimh na gile…

Gailimh abhainngheal ghealbholg bardán…

Is gile liom a gealgháirí

Ná gáirí gloinegheal dí

Ná gáirí sluagheal daoine. (400)

Coimhthíos na Cathrach

Téama sonrach eile a thagann chun cinn sna sleachta litríochta atá cnuasaithe sa díolaim ná an fhulaingt agus an coimhthíos a bhaineann le saol na cathrach do dhaoine agus do ghrúpaí  áirithe agus is fiú, arís, féachaint ar roinnt samplaí.  Sa dán ‘Cosán an Ghorta’  leis an tSr Finín Ní Choncheanainn, mar shampla, tá cur síos ar an turas a rinne máthair in éineacht lena naíonán ó Chonamara go Cathair na Gaillimhe le linn an Ghorta Mhóir.  Ní éiríonn le ceachtar acu teacht slán ón ocras agus tugann an dán éachtaint ar an mbréagdhóchas a bhíodh ag muintir na tuaithe, ag am an Ghorta, as an gcathair mar fhoinse chothaithe.  Tá uafás a gcruacháis le léamh go háirithe ag deireadh an dáin:

Agus sa bpoll dubh dorcha

D’adhlaic sí leanbh a croí.

Chaith sí í féin ar an gcréafóg dhúranta.

D’imigh an t-anam aisti

Le contráth na hoíche. (404–5)  

Tagraíonn Pádhraic Learaí Ó Finneadha (325) d’uaigneas Phríosún na Gaillimhe (príosún a dúnadh sa bhliain 1939) agus scríobhann Tomás Bairéad  go cumasach sa ghearrscéal ‘Costas an Ghiorria’ (1936), faoi atmaisféar eascairdiúil an phríosúin  chéanna agus faoin tslí ar chuir fuaimeanna an phríosúin isteach ar Thadhg Phádraic Thaidhg agus é ina chime aonarach ann:

Ba phlimp thoirní, beagnach, le Tadhg Phádraic Thaidhg an torann millteach a rinne geata mór an phríosúin nuair a dúnadh é a thúisce is a bhí a shála taobh istigh den tairseach…(39)

Tugann sliocht cáiliúil ó Deoraíocht (1910), le Pádraic Ó Conaire, léargas ar leith ar an tslí a gcuireann Cathair na Gaillimhe le heispéireas deoraíochta an phríomhcharachtair (29) agus tagann téama den chineál céanna chun cinn sa scéal ‘An Sceach’ (2017) le Alex Hijamans ina scrúdaíonn an t-údar na straitéisí a fhorbraíonn inimirceach ón mBrasaíl chun déileáil leis an taithí a fhaigheann sé ar chiníochas caolchúiseach laethúil i nGaillimh (302).  An doicheall a chuir na húdaráis rialtais, ag tús na mílaoise, roimh inimircigh is ábhar, freisin, do ‘Fáilte Uí Dhonnchú’ le Louis de Paor:

Ar shráideanna naofa

Chathair na dTreabh,

Mar a bhfuair Cromail,

De réir an tseanchais,

Lóistín dá chapall…

 

I lár an aonaigh

Lena súile bó, tá bean

Ón Rúmáin ina suí le geata

Meánaoiseach an tséipéil,

Cárta mór faoina muineál

Mar a bheadh peaca marfach

Á admháil aici i láthair na bhfíréan. (397)

Coimhthíos de chineál eile a thagann chun cinn sa sliocht as Sna Fir (1999), le Micheál Ó Conghaile, ina mbuaileann an léitheoir le mac léinn óg ollscoile a bhfuil scrúduithe an tsamhraidh á gcríochnú aige agus atá ag iarraidh ábhar a roghnú do thráchtas cheann cúrsa.  In ainneoin go bhfuil  saoirse na cathrach agus saoirse shaol na hollscoile á gceiliúradh sa  sliocht, tuigtear freisin, go bhfuil imeallú áirithe déanta ar Eoin Pól nach bhfuil  in ann ionannú iomlán a dhéanamh lena ábhar staidéir de bharr ghanntanas samplaí den ghrá homaighnéasach i litríocht na Gaeilge trí chéile:

Cá raibh fáil agamsa i litríocht na Gaeilge ar bheirt fhear…ag titim i ngrá lena chéile agus ag gáire go hard.  Nó dul amach le chéile mar lánúin, fiú ar an gcúlráid, ní áirím ag caitheamh saol fada sona sásta le chéile. (237)    

Taobh dorcha den chathair chomhaimseartha a eascraíonn, freisin, ón dán in ‘Sráid San Proinsias’ le Máire Holmes (425) ina dtagraíonn sí do choimhthíos na ndaoine gan dídean a chodlaíonn ar shráideanna na cathrach sa bhliain 2020:

I gCathair Chultúrtha na Gaillimhe agus béim ar Fiche Fiche

Beidh daoine ina gcodladh ar chosáin na sráide. (425)

Agus in ‘Gaillimh le Gaoth’ (2006) scrúdaíonn Dairena Ní Chinnéide an chodarsnacht idir treibheachas bríomhar na cathrach agus coimhthíos an té a chuireann lámh ina bhás féin sa chathair chéanna:

Gaillimh le gaoth

Crusties ag déanamh a gcoda

Hippies ag stracadh leo

Trads ag seinm…

 

Ach bhí duine amháin

Nár éist aon duine lena ghlór…

 

Cuma cén spleodar mórthimpeall

Cén fhaill a d’imir an saol seo air?

Díbeartach i gCathair na dTreabh. (395)

 

Clabhsúr

Cé nach bhfuil gach sliocht sa díolaim luaite sa léirmheas seo, is léir ó na samplaí ionadaíocha a scrúdaíodh thuas go dtugann an díolaim ina hiomláine osradharc saibhir suaithinseach ar shaol trádála dinimiciúil Chathair na Gaillimhe, ar shaol siamsaíochta bríomhar na cathrach, ar an áilleacht a shamhlaítear sa litríocht leis an gcathair agus ar an gcoimhthíos a fhulaingíonn daoine áirithe sa chathair chéanna.   Tá éacht curtha i gcrích ag an eagarthóir agus ábhar liteartha iomadúil ransaithe aige chun na sleachta sa díolaim a bhailiú le chéile in aon fhoinse raidhsiúil amháin.  Is iomaí leabhar Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar thábhacht áiteanna i litríocht na Gaeilge, ó staidéir fhlúirseacha ar an dinnseanchas (An Cumann Logainmneacha 1964–1965, mar shampla amháin), go staidéir ar chruth na tíre sa litríocht nua-aimseartha (Ní Annracháin & McLeod 2003, mar shampla).  Is annamh, áfach, a dhéantar ceiliúradh scolártha ar an léiriú a thugann litríocht na Gaeilge ar log uirbeach.   Ar an ábhar sin, is díolaim cheannródaíoch í seo  a thugann ‘spléachadh ar na slite éagsúla ar léiríodh, ar samhlaíodh agus ar tuigeadh príomhchathair an Iarthair, príomhchathair na Gaeilge, d’údair agus d’fhilí Gaeilge’ (21).   Fáilteoidh scoláirí staire agus litríochta araon roimh an díolaim agus cuideoidh na hinsintí go léir leo gnéithe éagsúla de thírdhreach uirbeach ilghnéitheach agus de charachtair éagsúla na Gaillimhe a iniúchadh agus a chur i gcomórtas lena chéile.  Cuireann an díolaim eiseamláir ar fáil, freisin, d’eagarthóirí eile agus spreagfaidh sí bailiúcháin den chineál céanna faoi chathracha Éireannacha eile.  Ní leabhar don speisialtóir amháin é seo, áfach, ach leabhar a mbainfidh an léitheoir ginearálta nó aon duine le spéis i gcathair na Gaillimhe taitneamh agus tairbhe as.  Tá an foilsitheoir le moladh, as cruth tarraingteach a chur ar leagan amach an leabhair agus as an dearadh slachtmhar.  Cuireann an ealaín mhín chlúdaigh – ‘The  Claddagh Story’  le J.P.  Rooney – go  mór le diamhair an léirithe i gcoitinne.  Níl amhras faoi ach go léiríonn líon agus feabhas na bpíosaí litríochta sa díolaim go mbíonn Gaillimh ina hábhar inspioráide go rímhinic ag scríbhneoirí  litríochta agus go gcothaíonn sí scríbhneoirí Gaeilge ar bhealach ar leith (14).  Ar an ábhar sin, is cnuasach é seo a léiríonn go muiníneach – ina  shubstaint agus ina théagar – nach  féidir neamhaird a thabhairt ar litríocht na Gaeilge agus cultúr na Gaillimhe á chomóradh ar an ardán idirnáisiúnta. 

Leabhairliosta

An Cumann Logainmneacha (1964–1965) Dinnseanchas.  Imleabhar 1: 1–4. Le fáil ag: https://www.logainm.ie/en/res/160.  (Léite: 23 Feabhra, 2022).

Ní Annracháin, M.  & McLeod, W., (eag.) (2003) Cruth na Tíre. Baile Átha Cliath:  Coiscéim.

Póirtéir, C.  (2022) ‘Gaillimh: Díolaim Cathrach. ’ Leabhair Idir Lámha.  Books Ireland Magazine.  Le fáil ag: https://booksirelandmagazine. com/leabhair-idir-lamha-gaillimh-diolam-cathrach/.  (Léite: 23 Feabhra, 2022).

Titley, A.,  (2021) ‘Cnuasach a léiríonn gur bhain an Ghaeilge le leacracha sráide agus le lánaí cúnga riamh. ’ Tuairisc.  26 Lúnasa.  Le fáil ag: https://tuairisc.ie/cnuasach-a-leirionn-gur-bhain-an-ghaeilge-le-leacracha-sraide-agus-le-lanai-cunga-riamh/.  (Léite: 23 Feabhra, 2022).