DOI: https://doi.org/10.13025/f0f5-a198

Cuntas ar ghnéithe de stair agus de ról na próslitríochta a aistríodh go Gaeilge, agus go Béarla ón Ghaeilge, idir ré na Sean-Ghaeilge agus an 21ú haois

Glactar leis go mbaineann an tréimhse i stair na Gaeilge, a dtugtar ré na Sean-Ghaeilge uirthi, leis an achar ama ó 700 AD go 900 AD. Ar an ábhar sin, tá níos mó ná míle trí chéad bliain i gceist leis an ré a ndéantar machnamh uirthi i dtaca le stair agus ról na litríochta a aistríodh go Gaeilge san aiste seo. Is achoimre ghinearálta atá san aiste ar na mórshaothair phróis a aistríodh go Gaeilge agus ón Ghaeilge idir an 7ú haois agus an 21ú haois. Rinneadh Meán-Ghaeilge (900 AD–1200 AD) den tSean-Ghaeilge (700 AD–900 AD), agus Nua-Ghaeilge Mhoch (1200 AD–1650 AD) den Mheán-Ghaeilge, agus Nua-Ghaeilge (1650 AD go dtí an lá atá inniu ann) den Nua-Ghaeilge Mhoch (Ó Murchú, 1985) le linn an ama sin. Mar thoradh agus iarmhairt ar chineálacha éagsúla eachtraí síochánta agus foréigneacha ar a n-áirítear cúnguithe, ionraí, concais, plandálacha agus lonnuithe, bhí an Laidin, an tSean-Ioruais, Fraincis na Normannach, an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis mar bhunteangacha d’aistriúcháin dhílse agus do théacsanna a cuireadh in oiriúint sa Ghaeilge le samhlaíocht agus le cruthaitheacht (Cronin, 1996). Tá sé d’aidhm san fhordhearcadh seo eolas a sholáthar ar chur i ngníomh an aistriúcháin le linn an ama atá i gceist anseo agus an tábhacht a bhaineann leis an ghníomhú chéanna don phróslitríocht i nGaeilge.

Ré na Sean-Ghaeilge an t-am inar bhreac scríobhaithe na heaglaise in scriptoria mórán mainistreacha sa tír seo, lingua franca na Laidine (L) ar pár. Chuir siad gluaiseanna nó nótaí mínithe agus liricí pearsanta sa tSean-Ghaeilge agus sa Laidin chomhaimseartha isteach, idir na línte agus ar na himill. Is minic a caomhnaíodh iad i mainistreacha Éireannacha na hEorpa i dtéacsanna mar Litreacha Phóil sa Codex Paulinus in Wurzburg, agus na Sailm in Codex Ambrosianus in Milan (McCone, 1994: 61, in McCone et al., 1994: Ó Murchú, 1985: 16). Dar le Cronin (1996: 9), seo an chéad fhianaise atá againn ar an aistriú go Gaeilge agus is leis an tseachtú, leis an ochtú agus leis an naoú haois a bhaineann siad. Tá mórán den eolas atá againn ar an tSean-Ghaeilge fréamhaithe sna nótaí mínithe seo agus tá códmhalartú, códmheascadh, ciallú agus aistriú i gceist leo. Cuidíonn machnamh ar ghnéithe d’úsáid na teanga sna gluaiseanna linn dáta a chur lena leithéid de théacsanna.

Ón Laidin a tháinig mórán téarmaí sa tSean-Ghaeilge atá ag baint le foghlaim agus litearthacht amhail lebor (< L. liber), le reiligiún agus cúrsaí eaglasta, ar a n-áirítear eclais (< L. ecclesia) agus téarmaí comónta amhail cathaír (< L. cathedra). Is ón teanga sin a fuarthas iasacht na bhfocal sin (Ó Murchú, 1985: 16). Mar gheall ar thrádáil agus chreachadh na Lochlannach, fuarthas téarmaí farraige agus iascaireachta ar iasacht ón tSean-Ioruais, téarmaí amhail dorú, mangaire, beoir, fuinneog na Nua-Ghaeilge ó dorg, mangari, bjórr, vindauga na Sean-Ioruaise (Ó Murchú, 1985: 19). Rinneadh cód rud beag níos simplí ná cód na Sean-Ghaeilge, a dtugtar an Mheán-Ghaeilge air, agus is leis na blianta sin idir timpeall 900 AD agus 1200 AD a bhaineann sí. Teacht na nAngla-Normannach ba chúis le méadú ar na bailte móra agus le tabhairt isteach teanga nua, Fraincis na Normannach. Sholáthair an teanga nua seo téarmaí riaracháin, trádála, ailtireachta agus uirlisí amhail barún, seomra, casúr atá sa Nua-Ghaeilge uathu seo: barrun, chaumbre agus cassur na nAngla-Normannach. D’fhéadfaí a rá faoi na hiasachtaí ó na teangacha sin gurb é a bhí i gceist leo, ainmniú agus lipéadú na gcoincheap agus na rudaí nua ag baint le réimsí éagsúla sa Ghaeilge agus ó thaobh na Laidine de, próiseas na scríbhneoireachta. Ba í an Laidin, mar theanga na heaglaise, an chéad bhunteanga d’aistriúcháin go Gaeilge. Mhaígh Ní Shéaghdha (1984: 107), mar sin féin, go bhfeádfaí cur síos ar leaganacha samhlaíocha de scéalta, prós den chuid is mó, amhail Togail Troí, an ceann is sine de na téacsanna clasaiceacha a ndearnadh leagan Gaeilge de, agus Merugud Uilix maic Leirtis mar ‘chur in oiriúint liteartha’ mar nár cleachtadh an tiontú litriúil sna luathlaethanta seo in Éirinn.

Bhí na leaganacha Gaeilge de shaothar na n-údar clasaiceach, ina raibh cur in oiriúint agus cur leis dúchasach, de réir mhodh scéalaíochta na Gaeilge, á gcumadh ón naoú haois ar aghaidh ar feadh sé chéad bliain. Is é Stair Ercuil an téacs clasaiceach deiridh a aistríodh (nó an ceann deiridh a tháinig anuas chugainn ar a laghad ar bith), ach is beag moladh a tugadh riamh dó. Thairis sin, bhí an t-achoimriú agus an athinsint coitianta i measc aistritheoirí ar fud na hEorpa san am, a oiread sin gur scríobh O’Connor (2014: 17) gur chosúla le húdair iad ná le haistritheoirí. An fhéinmhuinín agus an neamhspleáchas a bhaineann le leaganacha Gaeilge na scéalta clasaiceacha amhail Togail Troí, a thug ar an tráchtaire Mac Gearailt (2000–1: 83) a rá go léiríonn an dá bhua sin an bheogacht agus an gus a bhain le traidisiún liteartha na heaglaise san aonú céad déag. I gceist leis an stíl sin, bhí sraith d’aidiachtaí uamacha, ar cumadh roinnt acu chuige sin, agus tuilleadh fós ag díriú ar fhuaimeanna na sprioctheanga níos mó ná ar bhrí sa bhuntéacs. Maidir le Stair Ercuil agus Togail Troí, maíonn Cronin (1996: 22) go raibh an t-aistritheoir ag iarraidh gnásanna teanga agus stíle litríocht na sprioctheanga a aimsiú.

Ón 13ú céad amach

De réir mar a mhéadaigh ar rannpháirteachas oird na mbráthar, na Proinsiasaigh go háirithe, agus uaisle na Normannach, tharla an dara ré in obair an aistriúcháin (Byrne, 2019: 1), i dtréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche ón 13ú céad amach. Croí-bhuntéacsanna sa Bhéarla, sa Laidin agus sa Fraincis ar stíl Rómánsach na Mór-Roinne, a bhí i gceist. Orthu sin, tá an t-aistriúchán seanaimseartha Gaeilge ar Quest del Saint Graal nó an Quest of the Holy GrailLorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha i nGaeilge agus Conquests of Charlemagne. Ní léir an teanga chomhaimseartha ar Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha, an t-aon scéal Artúrach a aistríodh, cé go raibh éileamh mór ar leaganacha de scéalta a bhí bunaithe ar théamaí Artúracha ar nós Eachtra an Mhadra Mhaoil. Scríobh Mac Gearailt (2018: 154) go raibh foirmeacha seanaimseartha briathar agus focal le léamh air, a bhí in úsáid suas le 400 bliain roimhe. Chomh maith leis sin, bheadh leoreolas ag scríobhaithe san aois sin ar an Bhéarla agus bhí an teanga sin mar bhealach isteach ar scéalta ón Mhór-Roinn. Lena chois sin, rinneadh leaganacha Gaeilge de bhuntéacsanna Béarla. Thiontaigh Uilliam Mac an Leagha saol agus eachtraí beirt tiarnaí agus luathchrosáidithe, Guy of Warwick agus Bevis of Hampton, go Gaeilge i modh dúchasaithe faoin ainm Beathadh Sir Gui agus Beathadh Bibius, sa chúigiú céad déag. Mar sin féin, cé go meastar go bhfuil na haistriúcháin iad féin smálaithe de dheasca liostaí d’aidiachtaí agus de dhobhriathra agus d’ainmfhocail a dhéanann uaim le chéile agus mar gheall ar chomhfhocail aduaine nuachumtha, cuíosach maolaithe atá an teanga san aistriúchán, i dtaca leis sin de.

I gcosamar na litríochta saolta seo, macasamhail na scéalta a luadh ó chianaibh agus na litríochta taistil amhail Marco Polo’s Travels, a bhfuil a bhunús sa Laidin, cumadh litríocht reiligiúnach sna heaglaisí agus sna mainistreacha i bhfoirm bheatha na naomh agus scéalta morálta a dtugtar exempla orthu chomh maith le téacsanna leighis (Flower, 1947: 119). Is chun eolas a chur amach ar an cholainn, ar ghalair agus ar leigheasanna a tiontaíodh na téacsanna leighis go Gaeilge. Ar mhaithe le treorú spioradalta a cumadh na téacsanna cráifeachta. Bhí O’Rahilly (1941: xvi) den bharúil agus é ag trácht ar Fhlaithrí Ó Maolchonaire, bráthair, údar agus aistritheoir agus ar a aistriúchán ar Desiderius Sgáthan an Chrábhaidh, go ndearnadh é chun creideamh a chomhthíreach, a bhí faoi leatrom, a neartú. Agus na cúiseanna praiticiúla seo chun tosaigh ina n-intinn, is beag den ársaíocht ó thaobh na teanga de, a breacadh síos. Ina áit sin, tá fianaise ann gur baineadh feidhm as an Ghaeilge mar a bhí sí in úsáid san am, ní nach ionann agus teanga chaighdeánach fhilíocht chomhaimseartha na mbard, mar shampla. Díríodh na haistriúcháin seo ar phobal leathan léitheoireachta mar a rinneadh sa 17ú céad nuair a tiontaíodh an téacs Fraincise Introduction a la vie devoté a chum S. Francois de Sales, Easpag Geneva (1567–1622) (Dillon, 2005: 5).

An t-ochtú céad déag: deireadh traidisiúin?

Thug Cronin (1996: 81–4) cuntas ar an athrú a tháinig ar an chomhthéacs teangeolaíoch in Éirinn ag tús an ochtú céad déag agus lena linn. Bhí eolas ar Bhéarla ar oileán na hÉireann ag teacht anoir as na tailte galldaithe agus méadú ag teacht air ar luas lasrach. Bhí sé seo ag tarlú sna bailte móra agus sna sráidbhailte a bhí suite ar na bealaí trádála go háirithe. Chonacthas fianaise de sin, mar shampla, i scaipeadh na n-amhrán macarónach (Ó Muirithe, 1980). I gceist sa chomhthéacs seo fosta, bhí forbairt agus foilsiú na n-aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla, amhail an tiontú a rinneadh ar shaothar ceannródaíoch an Chéitinnigh, Forus Feasa ar Éirinn, Reliques of Irish Poetry le Charlotte Brooke agus ar ndóigh in Albain aistriúcháin Macpherson ar scéalta faoi Oisín, ar tugadh ‘Ossianic tales’ orthu, chomh maith leis an chleachtas seanbhunaithe, aistriúchán i nGaeilge a sholáthar ón Bhéarla agus ó theangacha Rómánsacha. Is iad na cúinsí ainniseacha agus an mífhortún a threascair litríocht na Gaeilge, mar thoradh carnach ar phlandálacha, ar dhíshealbhuithe, ar dhaorsmacht na bPéindlithe, ar chailliúint na patrúnachta, ar anró agus ar bhoichtíneacht a cheadaigh do Bhreatnach (1961: 150) a mhaíomh gur deireadh ré agus deireadh traidisiúin a bhí san ochtú haois déag in ainneoin dheisbhéalaí fhiliúnta na n-aislingí, na n-aortha, amhráin na ndaoine.

Díograis agus dícheall na cléire is cúis le cothú litríocht na Gaeilge san aois sin, i bhfoirmeacha na dtéacsanna deabhóide, na seanmóirí agus na n-aitheasc. Ar ndóigh, bhí na bráithre á gcur féin i gcontúirt agus iad ag gabháil don obair sin faoin Phéindlí. Luann Cronin (1996: 80–1) cás Thaidhg Uí Chonaill, a raibh an téacs deabhóide Fraincise La Trompette du Ciel tiontaithe go Gaeilge aige sa lámhscríbhinn Trompa na bhFlaitheas faoi 1755. Ba den riachtanas bealach an aistriúcháin a úsáid le litríocht deabhóide a sholáthar do Chaitlicigh san ochtú céad déag. Is sa tréimhse seo a forbraíodh próslitríocht ar nós Párliament na mBan, scéal Stair Éamoinn Uí Chléirigh a bhfuil greann ag baint leis agus a díoladh faoina luach dar le Williams & Ní Mhuiríosa (1979: 279). Is é Seán Ó Neachtain, agus é lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, a chum an saothar sin. Chomh maith leo sin, tá Eachtra Thomáis Mhic Caiside san áireamh anseo, cuntas neamhghnách dírbheathaisnéiseach le Tomás Ó Caiside, fear a bhain le Fear Manach le hoidhreacht ach a rugadh i Ros Comáin. Cuntas i bprós agus i bhfilíocht atá ann, ar a shaol ar tugadh faoi i mainistir ach ar theip glan air, ar a fhánaíocht ó am go ham agus ar a shlí bheatha mar shaighdiúir.

An naoú céad déag: ré Fhuascailt na gCaitliceach, an Ghorta thubaistigh agus iarmhairtí apacailipteacha don Ghaeilge

Caithfear machnamh a dhéanamh ar fhortúin theanga agus litríocht na Gaeilge sa naoú céad déag, suas a fhad le 1870 (Doyle, 2015), agus le tús thréimhse na hAthbheochana, i gcomhthéacs eachtraí amhail an t-aistriú cultúir agus teanga a tharla, an rath polaitiúil a bhí ar Dhónall Ó Conaill, bunú chóras na Scoileanna Náisiúnta in 1831 agus iarmhairtí apacailipteacha an Ghorta Mhóir idir 1845 agus 1847 (Cronin, 1996: 106). Léiríonn Ó Murchú (1985: 26) go raibh daonra na hÉireann ag méadú leis ó dheireadh an ochtú céad déag agus go dtiocfadh dó go raibh timpeall ceithre mhilliún cainteoir Gaeilge in Éirinn faoi 1835. Fuair milliún de na boicht bás, cainteoirí Gaeilge a mbunús, agus d’imigh dhá mhillíún acu as an tír ar fad. Ní raibh dóigh ar bith a raibh na cúinsí anróiteacha geilleagair, polaitíochta agus sóisialta ag dul a chothú litríochta sa Ghaeilge, teanga bhunús mór na ndaoine sin a d’fhulaing go mór, a d’imigh nó a d’éag. Teanga a bhí sa Ghaeilge a raibh beagán daoine inniúil ar í a léamh ná a scríobh, agus a bhí á séanadh agus á tréigean ag líon mór daoine ar luas lasrach mar gur mheas siad gurbh í ba chiontaí, ar dhóigh, leis an fhíor-dhrochbhail anacrach a bhí orthu. Mar sin féin, foilsíodh aistriúcháin shuntasacha san am seo. Le linn ré Dhónaill Uí Chonaill agus san am ar baineadh amach Fuascailt na gCaitliceach (1829), i ndiaidh dó an rath a fheiceáil a bhí ar Macpherson agus ar a véarsaí ‘bréag-aistrithe’ faoi Ossian, mar a thug Macpherson air, d’fhoilsigh James Hardiman Irish Minstrelsy, lena chinntiú nach ndéanfaí dearmad go deo ar shaothar fhilí na hÉireann (Cronin, 1996: 103). Foilsíodh aistriúchán Gaeilge Daniel O’Sullivan den téacs Imitation of Christ, faoin ainm Searcleanamhain Chríosd, i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1822. Sa bhliain 1833, d’fhoilsigh Cuideachta Gaedhilge Uladh (The Ulster Gaelic Society) leaganacha aistrithe de Forgive and Forget agus de Rosanna, saothar de chuid Maria Edgeworth. San aois sin, mar sin féin, mar gheall ar an tsuim a bhíothas a chur i dteanga ársa na nGael agus ina litríocht, ó thaobh na seandálaíochta agus na hársachta de, aibhsíodh agus éilíodh aistriúcháin Bhéarla ar théacsanna Gaeilge agus cuireadh leithéidí Annals of the Four Masters (O’Donovan, 1851) agus Poets and Poetry of Munster (O’Daly, 1849 & 1860) ar fáil. Chaith scríobhaithe dúthrachtacha, dícheallacha mar Phól Ó Longáin achar suntasach ama ag gabháil don chineál seo aistriúcháin, obair a raibh rath uirthi ó thaobh airgid de, rud nach mbeadh amhlaidh dá mbeadh na scríobhaithe céanna ag saothrú na Gaeilge mar sprioctheanga san am (Cronin, 1996: 123).   

Athmhúsclaíodh spéis mhuintir na hÉireann i dteanga a muintire, lasadh an bród arís a bhí orthu aisti, agus tháinig fonn láidir chun a hathshealbhaithe orthu (de Brún, 2019), le linn ré athbheochana na Gaeilge. Tharla sé seo mar gheall ar ghríosú Chonradh na Gaeilge a bunaíodh in 1893, a raibh mianach iontu ar bhonn náisiúnta faoi cheannasaíocht uchtúil agus threoir shiosmaideach daoine amhail Dubhghlas de hÍde, Seosamh Laoide agus Eoin Mac Néill (Williams & Ní Mhuiríosa, 1979: 345-50). Mhaígh an tOllamh Kevin Whelan ó Ollscoil Notre Dame, agus é ag caint ar chlár teilifíse de chuid RTÉ, a craoladh ar an 12 Márta 2022, gurbh é a bhí in Athbheochan na Gaeilge freagra fíor, cultúrtha mhuintir na hÉireann ar an dochar síceolaíoch a rinne an Gorta Mór agus an t-aistriú teanga ionann is iomlán a tharla agus nár thit amach áit ar bith eile i gcomhthéacs na hEorpa.

An Gúm: an scéim

Chuidigh an t-aistriúchán le hábhair léitheoireachta a sholáthar sa chéad cheathrú den 20ú haois, chun freagairt na ndaoine a chomhlíonadh maidir le hiarrachtaí leis an Ghaeilge a athbheochan (de Brún, 2019: 55–6). Rinne Peadar Ó Laoghaire, duine de na chéad úrscéalaithe Gaeilge, rinne sé leagan de Don Cíochótae idir 1913 agus 1922, leagan Gaeilge den bhun-úrscéal Spáinnise El Ingenioso Hidalgo don Don Quixote de la Mancha. Is féidir breathnú ar Ó Laoghaire, ar an ábhar gur fhoilsigh sé Eisirt in 1909 agus 1913, mar réamhtheachtaire ar Sheosamh Mac Grianna, ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar Sheán Mac Maoláin, a thiontaigh saothair litríochta i dteangacha éagsúla go Gaeilge. Rinne siad an obair sin mar chuid den scéim aistriúcháin a cuireadh ar bun taobh istigh de Rannóg Foilseachán na Roinne Oideachais, leis an dúshraith a bhí faoi litríocht na Gaeilge a dhaingniú. Is faoi chúram Earnáin de Blaghad a feidhmíodh an scéim, ar tugadh ‘An Gúm’ uirthi (Ó Tuathaigh, 2020). Bhí an scéim i dtuilleamaí barraíocht ar an Bhéarla mar theanga fhoinseach. Bhí sin amhlaidh, is léir, ar an ábhar gurbh é ab fhearr leis na haistritheoirí Gaeilge a bhí leis na saothair a bhí siad ag dul a aistriú, a roghnú. Ina dhiaidh sin is uile, cuireadh roinnt aistriúchán ar fáil ó theangacha eile seachas Béarla. Tugann Cronin (1996: 157) le fios go raibh naoi n-úrscéal is nócha le fáil i nGaeilge a tiontaíodh ó theangacha eile faoi 1937, obair a rinne aistritheoirí a bhí ag obair sa Ghúm. Mar sin féin, rinne Roibeárd Ó Faireacháin fiosrú ar na staitisticí sin agus ar na teangacha foinseacha. Cé gur scríobh sé gur thuig sé na cúiseanna a bhí le lámh an uachtair a bheith faighte ag an ábhar aistrithe ar an bhunscríbhneoireacht, mhaígh sé nach bhféadfaí a chosaint gurbh ann do cheithre oiread leabhar a tiontaíodh ó Bhéarla agus a bhí san iomlán a aistríodh ó theangacha eile (Ó Faireacháin, 1937: 175–6, luaite in Cronin, 1996: 157).

Ar na scríbhneoirí nár aontaigh gur cheart go mbeadh an lá ag an aistriúchán ar an scríobh cruthaitheach, bhí Seosamh Mac Grianna agus Máirtín Ó Cadhain. Scríobh Mac Grianna (1970 [1940]: 9) go raibh fuath aige ar an Ghúm agus gur mhian leis é ‘a loit agus a scrios’. Scríobh Ó Cadhain gur gheall an Gúm le carraig chloiche nach bhféadfaí a bhogadh, íomhá óna bhfuair Uí Laighléis (2017) teideal a leabhair Gallán an Ghúim. Ghlac Mac Grianna agus an Cadhnach páirt sa scéim, rud atá íorónta go leor. D’aistrigh Mac Grianna tuairim’s ar mhilliún go leith focal ó Bhéarla (Mac Corraidh, 2004). Ainneoin chur in aghaidh dúthrachtach scríbhneoirí sa scéim, mhair sí agus coinníodh ag soláthar aistriúcháin liteartha faoina cúram go dtí an lá atá ann inniu féin.

Le gairid

Rinneadh dul chun cinn mór i bhforbairt na Gaeilge san aistriúchán agus an Ghaeilge ag feidhmiú mar sprioctheanga agus mar theanga fhoinseach. Is teanga í an Ghaeilge atá anois comhtháite go hiomlán mar theanga de chuid an Aontais Eorpaigh agus éileamh ar aistritheoirí in ionaid riaracháin san Eoraip amhail an Bhruiséil agus Lucsamburg. Tá an teach foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht, ag déanamh a ndíchill a chinntiú go gcuirtear leaganacha in oiread teangacha agus is féidir den úrscéal mór Gaeilge, Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i gcló. Is le déanaí a aistríodh agus a foilsíodh leagan Béarla den leabhar, rud atá fíor b’fhéidir ar an ábhar gur séanadh a bheadh ann ar dhílseacht an údair dá theanga dhúchais, teanga a mheas sé a d’fhéadfadh imeacht de dhroim an domhain agus as béal na ndaoine sula n-éagfadh sé féin. Millte amach is amach atá lucht léitheoireachta an Bhéarla nó tá dhá leagan aistrithe de Cré na Cille ar fáil anois mar atá The Dirty Dust (Titley, 2015) agus Graveyard Clay (Mac Con Iomaire & Robinson, 2016). Trí bliana ó shin, agus an teideal This Road of Mine (Ó hAodha, 2020) air, chuir Micheál Ó hAodha leagan Béarla ar fáil de Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, ceann de na cuntais dhírbheathaisnéiseacha Ghaeilge is fearr ón fhichiú céad ar geall le manifesto polaitiúil é. Ar an drochuair bhí moill cheithre scór bliain ar sholáthar an aistriúchán ón uair a foilsíodh an leabhar Gaeilge an chéad lá riamh in 1940.

Léiríonn na trí aistriúchán liteartha seo ó Ghaeilge go Béarla, a rinneadh ar na mallaibh, an tábhacht atá le haistriúcháin i réimse de theangacha foinseacha ón Ghaeilge. Táthar ag soláthar aistriúcháin Ghaeilge fós ar ardchaighdeán agus a bhfuil aird orthu, de théacsanna liteartha Béarla na laethanta seo chomh maith (Ó Monacháin, 2020; Ó Scolaí, 2013). Tá tábhacht ábhalmhór ag baint le haistriúchán, ó Ghaeilge agus go Gaeilge, agus leis na haistriúcháin inmheánacha a d’fhoilsigh Leabhar Breac le fiche bliain anuas amhail Mé Suibhne (2021) agus An Tromdhámh (2019) le Feargal Ó Béarra, Conaire Mór (2017), Tuatha Dé Danann (2018) agus Éadaoin (2020) le Diarmuid Johnson agus An Cléireach (2007), An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000) le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir agus scríbhneoir. Fairsingíonn siad uile go léir feasacht ar litríocht na Gaeilge, ar a traschur agus a léirmhíniú mar theanga fhoinseach agus mar sprioctheanga, mar a bhí sa stair fhada ó aimsir na sean-Ghaeilge anall, agus mar atá léirithe san aiste seo. 

Leabhairliosta

Breatnach, R. A. (1961) ‘The end of a Tradition: A Survey of Eighteenth-Century Gaelic Literature.’ Studia Hibernica, 1. Liverpool: Liverpool University Press. 128–50.

Byrne, A. (2019) Translating Europe: Imported Narratives and Irish Readers at the End of the Middle Ages. Maynooth: School of Celtic Studies.

Cronin, M. (1996) Translating Ireland. Cork: Cork University Press.

de Brún, F. (2002) Seosamh Mac Grianna: An Mhéin Rúin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

de Brún, F. (2019) Revivalism and Modern Irish Literature. Cork: Cork University Press.

Dillon, C. (2005) ‘An Bheatha Chrábhaidh: A Popular Translation.’ Aspects of the Irish Book from the 17th Century to the Present Day. LISA e-journal, Vol. III, 1, 2–10.

Doyle, A. (2015) A History of the Irish Language. Oxford: Oxford University Press.

Flower, R. (1947) The Irish Tradition. Oxford: Clarendon Press.

Flower, R.  (1994) [1931] Poems and Translations. Dublin: The Lilliput Press.

Mac Con Iomaire, L. & Robinson, T. (2016) (aistritheoirí) Graveyard Clay, a translation of Cré na Cille by Máirtín Ó Cadhain (1949). New Haven & London: Yale University Press.

Mac Corraidh, S. (2004) Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Mac Gearailt, U. (2000–1) ‘Togail Troí: an example of translating and editing in Medieval Ireland.’ Studia Hibernica. 71–85.

Mac Grianna, S. 1970 [1940] Mo Bhealach Féin. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

McKone, K. (1994) ‘An tSean-Ghaeilge agus a Réamhstair.’ McKone et al. (eag.) 61–220.

McCone, K. et al. (eag.) (1994) Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad.

Ní Shéaghdha, N. (1984) ‘Translations and Adaptations into Irish.’ Celtica. Vol. 16. 107–28.

Ó Cadhain, M. (2003) [1969] Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Connor, R. (2014) ‘Irish narrative literature and the Classical Tradition, 900-1300.’ O’Connor (ed.) Classical Literature and Learning in Medieval Irish Narrative. 1–22.

O’Curry, E. (1995) [1861] Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History. Blackrock, County Dublin: Four Courts Press.

Ó Faireacháin, R. (1937) ‘Regarding an Gúm.’ Bonaventura. Summer. 175–6.

Ó hAodha, M. (2020) This Road of Mine. Dublin: The Lilliputt Press. A translation to English of Mo Bhealach Féin by Seosamh Mac Grianna (1940).

Ó Monacháin, C. (2020) Ar Luch agus ar Dhuine. Indreabhán: An Leabhar Breac. A translation to Irish of Of Mice and Men by John Steinback (1937).

Ó Muirithe, D. (1980) An tAmhrán Macarónach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Murchú, M. (1985) The Irish Language: Aspects of Ireland, Gnéithe dár nDúchas. Dublin: Government of Ireland.

O’Rahilly, C. (1949) Eachtra Uilliam. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

O’Rahilly, C. (1955) Trompa na bhFlaitheas. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

O’Rahilly, T. (1941) Desiderius, otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh, by Flaithrí Ó Maolchonaire, Florence Conry. Mediaeval and Modern Irish Series 12. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

Ó Scolaí, D. (2013) Oileán an Órchiste. A translation to Irish of Treasure Island by Robert Louis Stevenson (1883). Indreabhán: An Leabhar Breac.

Ó Tuathaigh, G. (2020) ‘An Gúm: Comhthéacs a Bhunaithe.’ Coilféir, M. (eag.) An Scéim: An Gúm 19262016, Baile Átha Cliath: An Gúm. 1–18.

Titley, A. (2015) (aistritheoir): The Dirty Dust, a translation of Cré na Cille by Máirtín Ó Cadhain (1949). New Haven & London: Yale University Press.

Uí Laighléis, G. (2017) Gallán an Ghúim: Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Whelan, K. (2022) Agallamh le Tommy Tiernan ar The Tommy Tiernan Show, RTÉ. Ar fáil ag https://www.youtube.com/watch?v=YyLQJ3F5ues.

Williams, J.E. Caerwyn & Ní Mhuiríosa, M. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.