DOI: https://doi.org/10.13025/1862-cr94

Iniúchadh ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge i mBunscoileanna Gaeltachta i gCatagóir A

Coimriú

San alt seo, déanfar cur síos ar thaighde ar tugadh faoi i dtrí bhunscoil Ghaeltachta i gCatagóir A chun léargas a fháil ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal éifeachtach a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais[1] Gaeilge ó cuireadh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm (ROS, 2016). I dtús báire, tabharfar spléachadh ar chúlra an staidéir, ar chomhthéacs sainiúil na mbunscoileanna Gaeltachta agus pléifear cás an chainteora dúchais sa chomhthéacs áirithe sin. Ina dhiaidh sin, déanfar plé ar na modhanna taighde cáilíochtúla a úsáideadh i bparaidím thógachaíoch chun sonraí ábhartha a bhailiú ó na scoileanna seo. Tabharfar léargas gearr ar na bunscoileanna a bhí páirteach sa taighde. Ansin, díreofar aird ar na dea-chleachtais is coitianta a úsáidtear i mbunscoileanna na Gaeltachta trí anailís théamach a dhéanamh ar na sonraí taighde. Luafar na mórtheachtaireachtaí agus na moltaí a d’eascair ón taighde ar mhaithe le barr feabhais a chur ar an soláthar oideachais a chuirtear ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge i mbunscoileanna na Gaeltachta i gCatagóir A.

Réamhrá

Tugtar le fios sa Polasaí don Oideachas Gaeltachta go bhfuil An Roinn Oideachais tiomanta d’fhorbairt agus do shóisialú Ghaeilge na gcainteoirí dúchais taobh istigh den soláthar oideachais a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht (ROS, 2016). Cuirtear treoir chuimsitheach ar fáil sa pholasaí maidir leis an gcineál freastail ar chóir a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta. Is beag ár n-eolas, áfach, ar na cleachtais éifeachtacha atá i bhfeidhm ag múinteoirí na scoileanna Gaeltachta ina gcuid seomraí ranga féin chun treoir an pholasaí a chur i bhfeidhm. Ba í aidhm an taighde seo an bhearna sin idir polasaí agus cleachtais a iniúchadh agus creat teoiriciúil a dhearadh de na cleachtais is rathúla a bheadh praiticiúil do mhúinteoirí le húsáid ina gcuid suíomhanna féin. Mar thoradh ar an taighde seo, tá súil go mbeidh freastal níos éifeachtaí á dhéanamh ar na cainteoirí dúchais Gaeilge atá ag fáil a gcuid oideachais i mbunscoileanna na Gaeltachta i gCatagóir A.

Cúlra an staidéir

Áitítear go bhfuil an Ghaeilge ag staid leochaileach sna ceantair Ghaeltachta sa lá atá inniu ann. Is léir nach bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge mar theanga teaghlaigh ná mar theanga phobail i gcuid mhaith ceantar atá lonnaithe taobh istigh de limistéir oifigiúla Ghaeltachta a thuilleadh (Ó Flatharta, 2007; ROS, 2016). Deimhníonn staitisticí ó Dhaonáireamh 2016 nach bhfuil ach 20,586 nó 21.4% de dhaonra na Gaeltachta (aois 3+) a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2016). Léirítear i dtuarascáil Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta nach bhfuil ach 23% den mhéid iomlán teaghlach atá ina gcónaí sa nGaeltacht ag tógáil a gclann trí Ghaeilge (Ní Chuaig et al., 2021). Fíoraíonn na figiúirí seo gur líon fíorbheag de ghasúir na Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu agus atá ina gcainteoirí dúchais Gaeilge (Ó Duibhir et al., 2015). Ina ainneoin seo, creidtear gurb iad na cainteoirí dúchais Gaeilge croílár na Gaeltachta a chinnteoidh go dtiocfaidh bláthú ar an teanga go nádúrtha i gcomhthéacs an lae inniu (ROS, 2016). Caithfear saibhriú teanga a chinntiú do na cainteoirí dúchais óga agus an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga pobail (Ó Duibhir & Ní Thuairisg, 2019; Ó Brolcháin, 2016). Tá ról lárnach ag an gcóras oideachais an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht i gcomhpháirt leis na heagraíochtaí eile ar fad atá ag feidhmiú inti (Mac Donnacha et al., 2005).

Comhthéacs na scoileanna Gaeltachta

Tá comhthéacs casta sochtheangeolaíochta ag baint leis na bunscoileanna Gaeltachta. Rinne Mac Donnacha et al. (2005) rangú ar an dá chineál gasúr a bhíonn ag freastal ar scoileanna na Gaeltachta. Is iad sin gasúir gan aon Ghaeilge nó gan mórán Gaeilge agus gasúir a bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas (130). Tá méadú tagtha anois ar líon na ngasúr atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta atá ag foghlaim na Gaeilge mar thríú teanga chomh maith. Is cinnte go bhfuil riachtanais teangeolaíochta an-éagsúil ag na gasúir seo agus dá bharr sin tá dúshlán mór curtha os comhair na scoileanna Gaeltachta maidir le freastal cuí a dhéanamh ar na gasúir ar fad a bhíonn ag freastal orthu (Nic Cionnaith, 2008; Ó Duibhir et al., 2015).

Tarlaíonn sé go minic gurb iad na cainteoirí dúchais a bhíonn thíos leis mar nach ndéantar cúram oiriúnach dóibh i gcomhthéacsanna mar seo (Hickey, 2001). Tuairiscítear go dtugtar tús áite do riachtanais na bhfoghlaimeoirí Gaeilge (an tromlach) seachas do riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais (an mionlach) (Ní Shéaghdha, 2010; Ó Giollagáin et al., 2007; Péterváry et al., 2014). Aithnítear, áfach, gurb iad na cainteoirí dúchais an grúpa is leochailí i gcóras oideachais na Gaeltachta agus gur gá a gcuid cearta teanga a chur chun cinn ar chearta na bhfoghlaimeoirí (Ó Duibhir et al., 2015). 

Tá ard-ionchur teanga a bhfuil saibhreas ag baint léi ag teastáil ó na cainteoirí dúchais Gaeilge atá ag fáil a gcuid oideachais sa chomhthéacs seo amhail is dá mbeadh siad ag fáil a gcuid oideachais i ngnáthchlár T1 (Ó Brolcháin, 2016). Tuigtear go mbíonn sé dúshlánach do mhúinteoirí dea-chleachtais chun saibhriú teanga a chur i bhfeidhm i gcónaí chun freastal orthu siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu. Ag an am céanna, áfach, is gá do mhúinteoirí a gcuid cleachtas a athrú nó a leasú chun gur féidir leo freastal níos éifeachtaí a dhéanamh ar riachtanais teangeolaíochta na ngasúr arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais agus iad siúd atá ag foghlaim na teanga (Coady & Ó Laoire, 2002; Ní Shéaghdha, 2010).

Modheolaíocht an Taighde

Roghnaíodh paraidím thógachaíoch mar fhráma teoiriciúil don taighde seo. Úsáideadh an cur chuige cáilíochtúil seo chun eolas a bhailiú maidir leis na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal a dhéanamh ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais i scoileanna Gaeltachta i gCatagóir A.

Ba chur chuige feiliúnach é an cur chuige cáilíochtúil chun ardán a thabhairt do ghlór na múinteoirí i mbunscoileanna Gaeltachta agus chun béim a chur ar an uathúlacht a bhaineann leis an suíomh áirithe ina bhfuil siad ag múineadh (Cohen et al., 2018). Chuir an cur chuige cáilíochtúil ar chumas na dtaighdeoirí teacht ar thuiscintí nua ón eolas a bailíodh ó rannpháirtithe an taighde, mar sa chur chuige seo cuirtear béim ar chuntas a thabhairt ar mhothúcháin, ar dhearcthaí agus ar thaithí in áit iad a thomhas (Bryman, 2016; Crotty, 1998; Kumar, 2019). Tugann an cur chuige seo deis don taighdeoir béim a chur ar an uathúlacht a bhaineann le múinteoirí na Gaeltachta mar gheall ar an suíomh sonrach ina bhfuil siad ag múineadh. 

In much qualitative research the emphasis is placed on the uniqueness, the idiographic and exclusive distinctiveness of the phenomenon, group or individuals in question, i.e. they only represent themselves, and nothing or nobody else. (Cohen et al., 2018: 223) 

Cuireann próiseas ionduchtach an cur chuige cáilíochtúil ar chumas an taighdeora teacht ar thuiscintí nua ón eolas a bhailítear ó rannpháirtithe an taighde (Bryman, 2016; Crotty, 1998). Úsáideadh breathnóireacht ranga, agallaimh leathstruchtúrtha agus athbhreithniú ar dhoiciméid (Meastóireacht Scoile Uile agus Plean Scoile don Ghaeilge) mar mhodhanna taighde cáilíochtúla chun eolas a bhailiú ó na scoileanna a bhí rannpháirteach sa taighde. Baineadh úsáid as cur chuige don anailís théamach (Braun & Clarke, 2017) don staidéar seo:

…to identify patterns within and across data in relation to participants’ lived experience, views and perspectives, and behavior and practices; ‘experiential’ research which seeks to understand what participants’ think, feel, and do (2017: 298)

Déanfar plé anois ar chomhthéacs na dtrí bhunscoil ar a ndearnadh an taighde.

Cás-staidéar ar na scoileanna a ghlac páirt sa taighde

Léirigh Ní Chuaig (2021) gurb iomaí cosúlacht a bhíonn idir comhthéacsanna na mbunscoileanna beaga Gaeltachta atá suite i gCatagóir A. Tá siad suite faoin tuath gar don fharraige; is scoileanna beaga iad den chuid is mó; agus is minic a bhíonn idir dhá agus ceithre rang á múineadh ag múinteoirí in aon seomra ranga amháin (Ní Chuaig, 2021). Bhí na cosúlachtaí sin ar fad ag baint leis na trí scoil a ghlac páirt sa taighde seo. Maidir le cumas teangeolaíochta na ngasúr a bhíonn ag freastal ar na scoileanna seo, tá siad ar fad dátheangach (Gaeilge agus Béarla) nó ilteangach (níos mó ná dhá theanga ar a dtoil acu). Níl ach líon beag cainteoirí dúchais Gaeilge ag freastal ar fhormhór na scoileanna seo.

 

Scoil 1

Scoil 2

Scoil 3

Líon na ngasúr atá ag freastal ar an scoil (2021/2022)

10

38

23

Líon na ngasúr sa rang a ndearnadh breathnóireacht inti

5

18

8

Líon na gcainteoirí dúchais sa rang áirithe sin

3

11

1

Líon na bhfoghlaimeoirí sa rang áirithe sin

2

7

7

Tábla 1: Cúlra Teanga na nGasúr sna 3 Scoil sa staidéar

Torthaí an Taighde

Leanadh na sé chéim atá leagtha síos ag Braun & Clarke (2006) chun anailís théamach a dhéanamh ar na sonraí taighde chun na dea-chleachtais is coitianta a úsáideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta a aithint. 

 

   

Figiúr 1: Sé chéim an anailís théamach mar atá leagtha síos ag Braun & Clarke (2006).

Tar éis an phróisis sin tháinig ceithre mhórthéama chun cinn ar a dhéanfar cur síos cuimsitheach sa chuid seo.

Figiúr 2: Na mórthéamaí ón anailís théamach.

Saibhriú Teanga

Dea-chleachtas

Deimhníonn torthaí an taighde seo an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí saibhriú teanga ar nós na drámaíochta, na scéalaíochta agus na hamhránaíochta i scoileanna na Gaeltachta (AD1, MSU1, AD2, MSU2 agus AD3). Tugann an drámaíocht agus an scéalaíocht muinín phearsanta agus teanga do ghasúir atá ina gcainteoirí dúchais Gaeilge chomh maith le saibhreas teanga thar cuimse a chur ar fáil dóibh (Ní Shéaghdha, 2010). Tugtar idir dhá uair go leith (ranganna Naíonáin) agus trí huaire an chloig (Rang 1 ar aghaidh) ar a íosmhéid don oideachas ealaíona sa tseachtain ag an mbunleibhéal (Rialtas na hÉireann 1999: 70). Cé go gclúdaítear an drámaíocht agus an amhránaíocht/ceol i rith an ama seo go seachtainiúil, is minic a nasctar na gníomhaíochtaí seo le hábhair eile an churaclaim, go háirithe an ceacht Gaeilge. Bíonn an scéalaíocht mar chuid den cheacht Gaeilge laethúil de ghnáth.

Luaitear sna pleananna scoile a cuireadh ar fáil don taighdeoir go gcuirtear béim ar an drámaíocht agus ar an scéalaíocht sa trí scoil (AD1, AD2 agus AD3). Úsáidtear an drámaíocht mar mhodh oibre go leanúnach i Scoil 1 agus bíonn seansanna ag na gasúir páirt a ghlacadh inti go minic (MSU1). Mar a chéile i Scoil 2, cuirtear deiseanna rialta ar fáil do ghasúir chun cumarsáid a dhéanamh tríd an drámaíocht ag úsáid straitéisí éagsúla ar nós agallaimh agus rólghlacadh (AD2 agus MSU2). I Scoil 3, luaitear go gcuirtear deiseanna ar fáil chun teanga na ngasúr a shaibhriú tríd an drámaíocht (AD3).  Léirítear drámaí ar an stáitse i rith ócáidí ceiliúrtha ar nós na Nollag agus tugtar cuireadh don phobal áitiúil teacht ag breathnú orthu (AP1, AP2 agus AP3). Glacann Scoil 3 páirt i gcomórtais Drámaíochta go hiondúil.

Déanann muid chuile iarracht an deis a thapú chun páirt a ghlacadh i gcomórtais agus tá stair láidir ag an scoil maidir le páirt a ghlacadh sna comórtais Cumann Scoil Dhrámaíochta agus sa Slógadh a bhíodh ann.

 (Agallamh le Príomhoide 3)

Cruthaítear deiseanna scéalaíochta do na gasúir sna scoileanna seo go seasta (AD1, MSU1, AD2, MSU2 agus AD3). Molann Príomhoide 1 an clár Séideán Sí agus leabhair ó scríbhneoirí áitiúla chun saibhriú teanga a chinntiú do na gasúir ó thaobh na scéalaíochta de.

… na leabhra a bhaineann leis an Séideán Sí. Tá saibhreas teanga iontach iontu sin. Na húrscéalta sin agus tá leabhra bheaga eile freisin. Dá n-éireoidh leat scríbhneoirí áitiúla a fháil, bíonn an teanga a úsáidtear níos gaire don mharc ná bhíonn aon cheo eile. (Agallamh le Príomhoide 1)

Luann Príomhoide 2 agus Príomhoide 3 go bhfuil fiúntas ar leith ag baint leis na scéalta as Séideán Sí chomh maith leis na scéalta atá ag dul leis an gclár Mar a Déarfá! atá dírithe go sonrach ar chainteoirí dúchais Gaeilge (AP2 agus AP3).  Tá Scoil 1 ag réiteach chun páirt a ghlacadh i gcomórtas ag Oireachtas na Samhna a bheidh ag teacht aníos i mí Dheireadh Fómhair agus tá na gasúir ag obair ar ábhar scríbhneoireachta a bhaineann leis an gCúntóir Teanga (AP1).

Aithníodh freisin ón taighde seo go gcuireann ranganna sean-nóis deiseanna saibhriú teanga ar fáil do na gasúir. Bíonn ranganna sean-nóis ar siúl go seachtainiúil sna trí scoil.  Samplaí de na hamhráin a fhoghlaimíonn na gasúir ná An Raicín Álainn, Cúirt Bhaile Nua, Cúnnla, Sadhbh Ní Bhruinneallaigh  agus Sí do Mhamó Í (AP1, AP2 agus AP3). Beidh na scoileanna ar fad ag glacadh páirt i bhFeis Cheoil ag deireadh na scoilbhliana chun léiriú a dhéanamh ar an sean-nós agus ar an gceol a bhíonn á gcleachtadh acu i rith na bliana (AP1, AP2 agus AP3).

Is cinnte mar sin gur dea-chleachtas é úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta ar nós na drámaíochta, na scéalaíochta agus na hamhránaíochta atá saibhir ó thaobh na teanga de le ‘(oidhreacht), cultúr agus saíocht na teanga a chaomhnú agus a chosaint’ i gceantair Ghaeltachta chun an teanga a chur chun cinn (Rialtas na hÉireann, 2010: 5).

Moltaí do scoileanna agus do cheantair na Gaeltachta

  • Imeachtaí ealaíon: Ba chóir do scoileanna Ghaeltachta teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht Ealaín na Gaeltachta faoin gclár Cuisle chun imeachtaí ceoil, amhránaíochta, damhsa agus ealaíona béil a eagrú. Tá sé mar aidhm ag an gclár Cuisle na healaíona dúchasacha a neartú agus cur le saibhriú na teanga don chéad ghlúin eile (Ealaín na Gaeltachta, 2019). Moltar do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá clár tacaíochta acu atá dírithe go sonrach ar ghasúir atá ina gcainteoirí dúchais Gaeilge. Eagraíonn siad ceardlanna sna healaíona dúchasacha sna ceantair Ghaeltachta mar chuid den chlár seo (Tuismitheoirí na Gaeltachta, 2023).

Deiseanna Cainte

Dea-chleachtas

Léiríonn torthaí an taighde seo go bhfuil gá le deiseanna cainte a chruthú do na cainteoirí dúchais taobh istigh den seomra ranga. Ceann d’aidhmeanna Curaclam Teanga na Bunscoile (2019) ná gasúir a spreagadh chun ‘cumarsáid a dhéanamh ina dteanga oidhreachta le haghaidh cuspóirí éagsúla’ (13).

Cruthaíodh neart deiseanna cainte do na gasúir ar fad, cainteoirí dúchais san áireamh sna ceachtanna Gaeilge a ndearnadh breathnóireacht orthu, bunaithe ar théamaí éagsúla an Churaclaim (BR1, BR2 agus BR3).

I Scoil 1, tugadh deis chainte do chuile ghasúr faoi uair éigin a ndeachaigh siad féin chuig an bpictiúrlann agus faoin scannán ar bhreathnaigh siad air (BR1).

Idirghníomhaíocht i Rang 1

Inis dom faoin uair dheireanach a raibh tú ag an bpictiúrlann. Cén scannán a chonaic tú?  Déan cur síos ar an méid a tharla ann. (Breathnóireacht Ranga 1)

 

I Scoil 2, tugadh deis do na gasúir a bheith ag obair le páirtí chun an caitheamh aimsire is fearr leo a phlé (BR2).

Idirghníomhaíocht i Rang 2

  1. Foghlaimeoir: Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
  2. Cainteoir dúchais: Is breá liom a bheith ag seinm ceoil.
  3. Cainteoir dúchais: Cén caitheamh aimsire is fearr leatsa?
  4. Foghlaimeoir: Is aoibhinn liom a bheith ag léamh. (Breathnóireacht Ranga 2)                                                        

 

I Scoil 3, cuireadh deiseanna cainte ar fáil do na gasúir tríd an bplé ranga agus trí na ceisteanna a chuir an múinteoir bunaithe ar Naomh Pádraig (BR3).

Idirghníomhaíocht i Rang 3

Plé ranga a thosaigh an múinteoir bunaithe ar an téama Lá Fhéile Pádraig.

Cé mhéad lá eile go dtí Lá Fhéile Pádraig? Céard é an scéal faoi Naomh Pádraig? Cén chaoi ar athraigh sé? Céard é seamróg?

Plé faoi Chruach Phádraig agus an pictiúr a tharraing na gasúir an lá roimhe sin.

An bhfuil tú in ann barr an chnoic a fheiceáil? Cár chuir tú Naomh Pádraig? Ar bharr an chnoic?

                                                                                                                                      (Breathnóireacht Ranga 3)

Feictear ó thorthaí an taighde mar sin gur dea-chleachtas é deiseanna cainte a chruthú do chainteoirí dúchais Gaeilge taobh istigh den seomra ranga ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar theanga na gcainteoirí dúchais Gaeilge.

Tá fianaise i dtorthaí an taighde freisin go bhfuil gá deiseanna a chruthú d’úsáid na Gaeilge neamhfhoirmiúla taobh amuigh den seomra ranga freisin. Mar shampla, deir Príomhoide 1 go dtéann siad ar go leor siúlóidí dúlra leis na gasúir agus go bhfuil tairbhe ag baint leis sin.

Músclaíonn tú an spéis i bhfad níos fearr agus bíonn siad níos oscailte iontu fhéin nuair a bhíonn siad amuigh ar an mbóthar uaireanta ná nuair a bhíonn siad istigh sa seomra ranga.

                                                                                                         (Agallamh le Príomhoide 1)

Tugann deiseanna cainte neamhfhoirmiúla taobh istigh den chóras scolaíochta seans don chainteoir dúchais comhrá nádúrtha a bheith acu le gasúir eile agus le foireann na scoile. Tá fiúntas ag baint leis na cineálacha seo comhráite chun an Ghaeilge a chur chun cinn ní hamháin mar theanga na scoile ach mar theanga chlainne agus mar theanga phobail freisin (ROS, 2016).

Cé go bhfuil ról ar leith ag na scoileanna i bhforbairt teanga na gcainteoirí dúchais go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil, is gá go mbeadh deiseanna a chruthú do chainteoirí an teanga a úsáid amuigh sa phobal freisin. Tá sé tábhachtach go mbeadh na scoileanna agus an pobal Gaeltachta timpeall orthu ag oibriú as lámha a chéile chun go mbeadh Gaeilge atá cruinn agus saibhir á sealbhú ag na cainteoirí dúchais (Ó Duibhir & Ní Thuairisg, 2019).

Moltaí do Choistí Pleanála Teanga Áitiúla

  • Naisc a chruthú: Ba chóir ceangal láidir a bheith idir na hOifigigh Pleanála Teanga agus na scoileanna sna ceantair áirithe chun deiseanna cumarsáide a chinntiú amuigh sa phobal do chainteoirí dúchais óga. Mar shampla: féilte agus comórtais áitiúla nó imeachtaí spórtúla a bhíonn ar siúl.
  • Baill an Choiste: B’fhiú d’ionadaithe ó na scoileanna Gaeltachta a bheith ina mbaill de na coistí pleanála teanga áitiúla ar mhaithe le riachtanais na scoileanna Gaeltachta a shonrú.

Difreálú

Dea-chleachtas

Tá teagasc difreálaithe riachtanach chun gur féidir freastal ar na foghlaimeoirí ar fad sa rang ach go háirithe na cainteoirí dúchais chun go mbeidh ar a gcumas forbairt a dhéanamh sa chéad teanga (Ní Chuaig et al., 2021; RO agus COGG, 2020).

Bhí an difreálú a dhéantar chun freastal ar na cainteoirí dúchais agus ar na foghlaimeoirí ó thaobh an churaclaim de le feiceáil i rith na breathnóireachta ar na ceachtanna Gaeilge (BR1, BR2 agus BR3). Tugadh na nósmhaireachtaí céanna faoi deara sna trí scoil:

  • Idirdhealú ó thaobh leibhéal ceistiúcháin: Bhí ar na múinteoirí leideanna a thabhairt do na foghlaimeoirí i rith an cheistiúcháin. Ní raibh na leideanna sin ag teastáil ó na cainteoirí dúchais mar go raibh stór leathan frásaí agus foclóra acu cheana féin (BR1, BR2 agus BR3).
  • Idirdhealú ó thaobh leathnú foclóra: Bhítear ag súil le níos mó ó na cainteoirí dúchais ná ó na foghlaimeoirí agus spreagadh iad go minic chun teacht aníos le bealaí eile chun na frásaí agus na focail a rá (BR1, BR2 agus BR3).

Is cinnte go bhfuil dúshlán ar leith fós le sárú nuair a thagann sé chun freastal cuí a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais agus ar na foghlaimeoirí in aon seomra ranga amháin.                                                                                                                     

  • Cothromaíocht ama agus cothromaíocht san idirdhealú: In ainneoin na hiarrachta is fearr ó na múinteoirí, bhí sé soiléir i rith na seisiún breathnóireachta go raibh orthu roinnt mhaith ama a chaitheamh leis na foghlaimeoirí tríd an gceacht Gaeilge chun focail a mhíniú dóibh (BR1, BR2 agus BR3).

Ba í an mhór-theachtaireacht a tháinig chun cinn ná go dteastaíonn straitéisí difreálaithe a chur i bhfeidhm go héifeachtach i seomraí ranga na Gaeltachta chun gur féidir freastal sonrach a dhéanamh ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais.

Moltaí don chleachtas sna scoileanna Gaeltachta

  • Freastal teangalárnaithe: Ag eascairt ón treoir a chuirtear ar fáil i gCuraclam Teanga na Bunscoile (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, 2019), ba cheart spriocanna teanga sainiúla a leagan amach do chainteoirí dúchais chun a chinntiú go mbeidh ionchur teanga saibhir á fháil acu.
  • Grúpáil de réir cumais: Moltar grúpáil de réir cumais a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais ar feadh tréimhse áirithe i rith an lae scoile ar mhaithe le deiseanna saibhrithe teanga a chur ar fáil dóibh.
  • Tacaíochtaí breise: Ba chóir leas a bhaint as na tacaíochtaí breise a mholtar sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, mar shampla an Múinteoir Tacaíochta don Ghaeilge agus an Cúntóir Teanga, chun freastal níos dírithe a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais Gaeilge (ROS, 2016).

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Dea-chleachtas

Tá ról ar leith ag múinteoirí i mbunscoileanna na Gaeltachta nuair a thagann sé chuig freastal iomlán a dhéanamh ar na riachtanais shonracha atá ag na cainteoirí dúchais Gaeilge. Tá sé riachtanach mar sin go mbeidh an saineolas agus na scileanna oideolaíochta cuí acu chun é sin a dhéanamh (ROS, 2016).

Thuairiscigh na scoileanna ar fad a bhí páirteach sa taighde seo go gcuireann eagraíochtaí ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta (COGG feasta) agus An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM feasta) deiseanna don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach ar fáil dóibh ó go rialta (AP1, AP2 agus AP3). Deir Príomhoide 1 go gcoinníonn na cúrsaí a eagraíonn na heagraíochtaí thuasluaite suas chun dáta iad (AP1). Tacaíonn tuairimí Phríomhoide 3 leis an méid atá á rá ag Príomhoide 1.

Is breá an rud an tacaíocht a fhaigheann muid ó SFGM agus go dtagann an comhairleoir ar cuairt ag na scoileanna agus coinníonn sé suas chun dáta muid go minic. (Agallamh le Príomhoide 3)

Léiríonn tuairimí na bpríomhoidí mar sin gur dea-chleachtas riachtanach é an fhorbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí na scoileanna Gaeltachta ach go háirithe maidir le straitéisí praiticiúla don seomra ranga maidir le freastal éifeachtach a dhéanamh ar chainteoirí dúchais sa scoil Ghaeltachta.                                           

Údar imní a tháinig chun solais ó thuairimí na bpríomhoidí, áfach, ná an easpa ceangal a bhíonn acu le scoileanna Gaeltachta eile taobh amuigh dá gceantar féin seachas na laethanta a eagraíonn COGG agus SFGM.

Rinne Príomhoide 1 comparáid idir an ceangal a bhíodh aige le múinteoirí eile sa cheantar Béarla ina mbíodh sé ag múineadh ann roimhe seo le hais an chaidrimh a bhíonn aige le múinteoirí as na scoileanna Gaeltachta anois:

Níl an méid sin i ndáiríre sna scoileanna Gaeltachta. Sa cheantar a bhí mé fhéin ag múineadh ann cheana, is ceantar Béarla a bhí ann. Ach i dtaobh comhthéacs, an saghas ranga agus mar sin de, bheadh teagmháil go leor agam leis na múinteoirí eile. I dtaobh an t-aon am a d’fheicinn múinteoirí, múineadh na Gaeilge agus mar sin de, ná ag cruinnithe COGG i ndáiríre is dócha. (Agallamh le Príomhoide 1)

Shonraigh Príomhoide 2 go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcaidreamh sin a bhíonn idir scoileanna. Luann sí go mbíonn scoileanna ag streachailt leis na fadhbanna céanna ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de go minic agus go dtugtar misneach dá chéile trí labhairt lena chéile (AP2). Tugann sí léargas freisin ar an tairbhe a bhaineann le háiseanna agus smaointe a roinnt lena chéile:

…b’fhéidir go mbeadh rud éicint cloiste ag duine amháin nó feicthe ag duine amháin is go mbeadh siad in ann é a mholadh don chéad duine eile, rud éicint mar sin. (Agallamh le Príomhoide 2)

Deir Príomhoide 3 go bhfuil ceangal idir iad féin agus na scoileanna sa cheantar ach gur bhreá an rud é dá mbeadh níos mó deiseanna acu teacht le chéile le scoileanna taobh amuigh den cheantar ach nuair a fhágtar é sin ag na scoileanna iad féin tá sé níos deacra é a dhéanamh (AP3).                                                                                              

Moltaí do na soláthraithe a chuireann cúrsaí san Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach ar fáil do scoileanna Gaeltachta

  • Líonraí gairmiúla a chruthú de réir róil: Moltar go gcruthófaí líonraí gairmiúla idir múinteoirí na scoileanna Gaeltachta, atá ag obair sna róil chéanna, chun na dea-chleachtais atá in úsáid acu chun freastal ar na cainteoirí dúchais Gaeilge a roinnt. Chuirfeadh líonraí gairmiúla tacaíocht ar fáil do Chúntóirí Teanga freisin mar gur fíorbheagán oiliúna a chuirtear orthu agus tá ról suntasach acu i gcur chun cinn theanga na gcainteoirí dúchais sna scoileanna Gaeltachta freisin. Tuigtear go bhfuil sé dúshlánach cruinnithe rialta aghaidh ar aghaidh a eagrú de bharr an achair fhada atá idir scoileanna Gaeltachta. D’fheilfeadh cur chuige ar líne mar sin chun seans a thabhairt d’fhoireann na scoileanna ceangal a dhéanamh le chéile go rialta ar bhealach níos éifeachtúla ó thaobh solúbthachta agus costais de.
  • Oiliúint maidir le straitéisí difreálaithe: Tá gá le sraith seimineár a dhíríonn go sonrach ar straitéisí difreálaithe a dhearadh do mhúinteoirí chun gur féidir freastal oiriúnach a dhéanamh ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais i gcomhthéacs measctha na scoileanna Gaeltachta. Ba cheart go ndéanfaí an oiliúint seo ar bhonn leanúnach chun gur féidir oiliúint a chur ar mhúinteoirí nua a thagann isteach i gcóras oideachais na Gaeltachta.
  • An clár ‘Mar a Déarfá!’: Tá leathnú déanta ar chlár Mar a Déarfá! (Breacadh, 2012) atá dírithe ar chainteoirí dúchais Gaeilge le gairid. Cé go bhfuil Céim 1 agus Céim 2 curtha i bhfeidhm in go leor scoileanna Gaeltachta sna bunranganna cheana féin, moltar cúrsaí san fhorbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil d’fhoireann na scoileanna Gaeltachta uile chun an clár a leathnú suas chuig leibhéal na n-ardranganna le Céim 3 chun leanúnachas a chinntiú.
  • Deiseanna breathnóireachta: Ba cheart clár a dhearadh chun naisc a chruthú idir na scoileanna Gaeltachta agus scoileanna idirnáisiúnta. Thabharfadh clár mar seo deis do mhúinteoirí breathnóireacht a dhéanamh i scoileanna a bhfuil an comhthéacs céanna teanga iontu ar mhaithe le heolas a fháil ar chleachtas nuálach chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge.

Focal Scoir

Tugann an staidéar seo aitheantas do na dea-chleachtais atá in úsáid ag múinteoirí i dtrí scoil Ghaeltachta maidir le freastal éifeachtach a dhéanamh ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge. Is léir ón staidéar go bhfuil tábhacht ag baint le deiseanna cainte foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chruthú do na gasúir seo ní hamháin ar scoil ach amuigh sa phobal freisin ar mhaithe le deiseanna sóisialaithe trí Ghaeilge a chinntiú dóibh. Cinntíonn gníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta ar nós na drámaíochta, na scéalaíochta agus na hamhránaíochta ar an sean-nós go bhfuil ionchur teanga saibhir á fháil ag na cainteoirí dúchais Gaeilge a thacóidh lena bhforbairt teanga.

Ar an taobh eile, tarraingíonn an staidéar aird ar mhórdhúshlán sainiúil amháin a bhíonn le sárú ag múinteoirí na scoileanna Gaeltachta go laethúil. Is é an mórdhúshlán sin ná straitéisí difreálaithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais i suíomhanna oideachais ina bhfuil cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí a ag fáil a gcuid oideachais le chéile iontu.

Ar bhonn na tuairimíochta seo, bheartaigh an taighdeoir creat teoiriciúil a dhearadh do mhúinteoirí atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta i gCatagóir A d’fhonn freastal níos éifeachtaí a dhéanamh ar shainriachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge (Féach Aguisín B). Tá súil aici go gcuirfidh an creat treoir chuimsitheach ar fáil do na múinteoirí seo. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil ról lárnach ag múinteoirí na Gaeltachta maidir le cothú agus buanú na teanga sna cainteoirí óga chun bisiúlacht na teanga a chinntiú.

 

 

 

Leabharliosta

 

 

 

 


[1] Cé go bhfuil castachtaí ag baint leis an téarma ‘cainteoir dúchais’ in aon phlé ar an oideachas sa Ghaeltacht (féach Mac Donnacha et al., 2005; Ó Giollagáin et al., 2007; Pétervary et al., 2014; Ó Brolcháin, 2015 agus Ní Chuaig, 2016, mar shampla) is é seo an téarma atá in úsáid sa Polasaí Oideachais don Ghaeltacht (2016) chun cur síos a dhéanamh ar ‘leanaí agus daoine óga atá á dtógáil trí Ghaeilge’ (2016: 7).

Leabhairliosta

Braun, V. & Clarke, V.  (2017) Thematic analysis, The Journal of Positive Psychology. 12(3).  297–8. Ar fáil ag: doi: 10.1080/17439760.2016.1262613.

Braun, V. & Clarke, V. (2006) ‘Using thematic analysis in psychology.’ Qualitative Research in Psychology. 3(2). 77–101. Ar fáil ag: doi: 10.1191/1478088706qp063oa.

Bryman, A. (2016) Social Research Methods. 5ú heagrán. Oxford: Oxford University Press.

Coady, M. & Ó Laoire, M. (2002) ‘Mismatches in Language Policy and Practice in Education: The Case of Gaelscoileanna in the Republic of Ireland.’ Language Policy: An International Journal. 1(2). 143–58. Ar fáil ag: doi: 10.1023/A:1016102201242.

Cohen, L., Manion, L. & Morrison, K. (2018) Research Methods in Education. 8ú heag. London: Routledge.

Crotty, M. (1998) The Foundations of Social Research: Meaning and Perspective in the Research Process. Thousand Oaks, California: SAGE.

Hickey, T. (2001) ‘Mixing Beginners and Native Speakers in Minority Language Immersion: Who is immersing whom?’ The Canadian Modern Language Review, 57(3), 443–74. Ar fáil ag: doi: 10.3138/cmlr.57.3.443.

Kumar, R. (2019) Research Methodology: A Step-by-Step Guide for Beginners. 5ú heag. London: SAGE.

Ní Chuaig, N. (2021) ‘Polasaí don oideachas Gaeltachta 2017–2020 sa chóras bunscolaíochta: Deiseanna agus dúshláin.’ Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Laoire, M. (eag.) An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais, An Dara Comhdháil Taighde Uile-oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. 305–13.

Ó Brolcháin, C. (2016) ‘Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara.’ An Reiviú. Iml.4, Ollscoil na Gaillimhe. Ar fáil ag: http://leannteangaanreiviu.com/node/351.

Ó Duibhir, P. & Ní Thuairisg, L. (2019) ‘Cur siar mhúineadh an Bhéarla i mbunscoileanna Gaeltachta: Más mall is mithid.’ TEANGA: Eagrán Speisialta 10. Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn. 228–42. Ar fáil ag: https://journal.iraal.ie/index.php/teanga/article/view/80/63.

Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C. & Sheahan, J. (2014) Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An Sealbhú Teanga i measc Ghlúin Óg na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Tuarascáil agus Doiciméid Polasaí

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (2019) Curaclam Teanga na Bunscoile / Primary Language Curriculum, Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge / Irish-medium schools. Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/getmedia/fc8c86b9-9c77-46a7-a7d8-a7b9abfb2013/PLC-Document_Irish.pdf.

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2016) Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Oideachais agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (RO agus COGG) (2020) Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta Táscairí Dea-Chleachtais don Tumoideachas, An Aonad um Oideachas Gaeltachta, An Roinn Oideachais: Baile Átha Cliath. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/0936d5-none/.

Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & Ní Mhainín, T. (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004: Léargas ó na Príomhoidí, na Múinteoirí agus na Tuismitheoirí. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ní Chuaig, N., Ó Brolcháin, C., Ní Chlochasaigh, K. & Ó Ceallaigh, T.J. (2021) Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta. Tuarascáil Taighde do Tuismitheoirí na Gaeltachta. Maoinithe ag: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Ní Shéaghdha, A. (2010) Taighde ar Dhea-Chleachtais Bhunscoile i dtaca le Saibhriú / Sealbhú agus Sóisialú Teanga do Dhaltaí arb í an Ghaeilge a gCéad Teanga. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Duibhir, P., Ní Chuaig, N., Ní Thuairisg, L. & Ó Brolcháin, C. (2015) Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ó Flatharta, P. (2007) Struchtúr Oideachais na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & O’Brien, M. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthorthaí agus Moltaí. Baile Átha Cliath: An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (tuarascáil dhátheangach).

Rialtas na hÉireann (1999) Curaclam na Bunscoile. Réamhrá. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Rialtas na hÉireann (2010) Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030: 20-year strategy for the Irish language 2010–2030. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Nic Cionnaith, P. (2008) Léargas ar Dhearcadh agus Tuairimí i dtaobh an Chórais Oideachais Gaeltachta ag Tuismitheoirí Gaeltachta atá ag tógaint a gCuid Páistí le Gaeilge. Tráchtas neamhfhoilsithe (MA), Ollscoil na Gaillimhe.

Foinsí ar líne

An Roinn Oideachais (RO) (2020) Póstaeir, Critéir theanga-bhunaithe d’aitheantas mar bhunscoil Ghaeltachta. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/polasai-don-oideachas-gaeltachta-20172022/.

An Phríomh-Oifig Staidrimh (2016) Statistics, Census of Population 2016 – Profile 10 Education, Skills and the Irish Language, The Gaeltacht. Ar fáil ag: https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-cp10esil/p10esil/ilg/.

Breacadh (2012) Mar a Déarfá! An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge. Casla, Gaillimh: Breacadh. Ar fáil ag: https://www.maradearfa.ie/.

Ealaín na Gaeltachta (2019) Cuisle, Eolas faoi Cuisle, Ar fáil: https://ealain.ie/en/eolas-faoi-cuisle/.

Tuismitheoirí na Gaeltachta (2023) Teaghlaigh, Imeachtaí agus spraoi. Ar fáil ag: https://www.tuismitheoiri.ie/.

 

Agusín

Aguisín A: Liosta giorrúchán maidir leis na modhanna a úsáideadh chun sonraí a bhailiú.

Scoil 1

Scoil 2

Scoil 3

AP1 - Agallamh le Príomhoide 1. BR1 - Breathnóireacht ar Phríomhoide 1 i mbun teagaisc. AD1 - Anailís ar dhoiciméid i Scoil 1 (Plean Scoile don Ghaeilge). MSU1 - Meastóireacht Scoile Uile ar Scoil 1. AP2 - Agallamh le Príomhoide 2. BR2 - Breathnóireacht ar Phríomhoide 2 i mbun teagaisc. AD2 - Anailís ar dhoiciméid i Scoil 2 (Plean Scoile don Ghaeilge). MSU2 - Meastóireacht Scoile Uile ar Scoil 2. AP3 - Agallamh le Príomhoide 3. BR3 - Breathnóireacht ar Phríomhoide 3 i mbun teagaisc. AD3 - Anailís ar dhoiciméid i Scoil 3 (Plean Scoile don Ghaeilge).
     

Aguisín B: Creat Teoiriciúil Bunúsach

Aguisín C: Critéir theanga-bhunaithe d’aitheantas mar bhunscoil Ghaeltachta

  (An Roinn Oideachais, 2020)