DOI: https://doi.org/10.13025/nk8t-8x97

Ag Foghlaim na Gaeilge agus ag Foghlaim trí mheán na Gaeilge sa Suíomh lán-Ghaeilge: Peirspictíochtaí na nDaltaí

Réamhrá

Is toradh é an t-alt seo ar staidéar a dhírigh ar shealbhú na Gaeilge sa tsuíomh lán-Ghaeilge agus na foinsí tacaíochta a bhí ann do pháistí mar chuid den phróiseas sealbhaithe. Dhírigh an taighde seo go príomha ar ról na gcúntóirí ranga sa suíomh lán-Ghaeilge, agus an ról a bhí acu i bhforbairt teanga na ndaltaí.  

Le sealbhú an dara teanga a éascú, cuirtear an-bhéim ar theagmháil na ndaltaí leis an Ghaeilge, le freastal cuí a dhéanamh ar riachtanais teanga na ndaltaí siúd atá tumtha go minic i dteanga nach í an teanga baile í. Ar an ábhar nach í an Ghaeilge máthairtheanga mhórchuid na ndaltaí, is iad foireann na scoile, múinteoirí agus cúntóirí ranga go háirithe, a n-imríonn an-tionchar ar shealbhú agus ar fhorbairt an dara teanga.

Déantar tuairisciú sa pháipéar seo ar an ról suntasach atá ag daoine fásta agus iad ag tacú le forbairt an dara teanga sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Mar chuid de chás-staidéar, rinneadh iniúchadh ar bharúlacha na ndaltaí ar shealbhú mionteanga, Gaeilge sa chás seo, sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Tugtar léargas ar thuairimí na ndaltaí ar fhoghlaim na Gaeilge, ar fhoghlaim trí mheán na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhaineann leis seo, dar leo. Bunaíodh na tuairimí seo ar na heispéiris foghlama a bhí ag na páistí chuige seo agus an tacaíocht a tugadh dóibh mar chuid den phróiseas sealbhaithe.

Súil ar an Litríocht

Tháinig ann don Ghaeloideachas i bPoblacht na hÉireann nuair a bunaíodh An Saorstát in 1922 (Mc Adory & Janmaat, 2015) sular tháinig ann dó i dTuaisceart na hÉireann. Tháinig rath agus bláth ar an tumoideachas ó Thuaidh mar gheall ar an phaisean, ar an fhís agus ar an tiomantas a léirigh gníomhairí teanga sna seascaidí agus sna seachtóidí. D’aithin an dream seo buntáistí an tumoideachais, agus mar a mhaíonn Mc Adory & Janmaat (2015), ba mhian leo go mbeadh a bpáistí in ann a saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge. 

Tá fás agus forbairt nach beag tagtha, agus go fóill ag teacht, ar an Ghaeloideachas ó Thuaidh ó bunaíodh an chéad scoil lán-Ghaeilge in 1971. Is mar gheall ar an rath acadúil agus ar inniúlacht teanga na bpáistí a bhí á gceiliúradh ag Scoil Ghaeilge Bhéal Feirste (mar a bhí uirthi ag am) a spreagadh pobail eile le Gaelscoileanna a bhunadh (Nig Uidhir, 2005). De réir staitisticí Chomhairle na Gaelscolaíochta (2021), bhí timpeall ar 7 000 páiste ag foghlaim trí mheán na Gaeilge sa scoilbhliain 2020/21, rud a léiríonn go bhfuil an Ghaelscolaíocht faoi bhláth ó Thuaidh.

Agus an tumoideachas ag fás sna 1970í tháinig athrú mór ar na roghanna oideachais ó Thuaidh. Tháinig athrú suntasach ar dhéimeagrafach na hearnála agus ar phróifíl theanga na ndaltaí mar gheall ar an éileamh seo. Bhí impleachtaí ag líon na ndaltaí a bhí ag teacht ó chúlra Béarla don chur chuige teagaisc. Mar sin, cuireadh oideolaíocht an tumoideachais i bhfeidhm le freastal ar riachtanais teanga na bpáistí seo, páistí a bheadh an Ghaeilge acu mar dhara teanga. Lántumadh atá le sonrú i nGaelscoileanna ó Thuaidh agus na páistí tumtha go hiomlán sa Ghaeilge sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Cuirtear béim mhór ar chur chun cinn na teanga ar dhóigh bhríoch, chomhthéacsúil le dátheangachas suimitheach a bhaint amach, agus ar mhaithe leis na páistí a threorú i dtreo líofachta agus inniúlacht sa sprioctheanga (Ní Bhaoill & Ó Duibhir, 2004).

Modheolaíocht an Tumoideachais: Sealbhú an Dara Teanga

Pléitear oideachas trí mheán na Gaeilge mar mhúnla tumoideachais sa pháipéar seo. Is é is aidhm an tumoideachais na foghlaimeoirí a thumadh sa mhionteanga, teanga nach í an teanga baile í (Lyster, 1987: Johnson & Swain, 1997). Ar an ábhar go dtreoraítear na páistí i dtreo líofachta sa sprioctheanga agus i dtreo gnóthachtáil acadúil, forbraítear coincheapa acadúla agus inniúlacht teanga na bpáistí sa dara teanga araon.  

Sa tsuíomh tumoideachais, creidtear go gcuirtear béim láidir ar fhorbairt tuisceana, sula ndírítear ar struchtúr na teanga (Porkop, 1990), go háirithe sna luathbhlianta. Sa chéad dul síos, forbraítear scileanna glactha na bpáistí. Is é sin an cumas atá acu an teanga a thuiscint. Treoraítear iad de réir a chéile leis an teanga a ghiniúint. Leagtar bunscileanna sa teanga, agus tugtar réimse deiseanna do pháistí a bheith ag idirghníomhú sa mhionteanga le dúshraith láidir a chur síos ionas gur féidir leo teanga ard-oird acadúil a thuiscint agus a úsáid. Cuirtear an-bhéim ar an teanga shóisialta mar chuid lárnach den phróiseas sealbhaithe ó thús deiridh. Mar sin, cuirtear scileanna tuisceana agus scileanna cumarsáide na bpáistí i croílár na foghlama. Tá gá le deiseanna cuí a chruthú do pháistí leis an teanga a úsáid go sóisialta mar mhodh cumarsáide nádúrtha, agus go hacadúil le dul i ngleic le riachtanais an churaclaim.

Go minic, foghlaimíonn cainteoirí Gaeilge an Ghaeilge taobh amuigh den tsuíomh baile. Luann Walsh, O’Rourke & Rowland (2015) gurb iomaí cúlra atá ag cainteoirí na Gaeilge: iad siúd a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil, iad siúd a fuair blaiseadh den Ghaeilge sa teach taobh amuigh den Ghaeltacht, agus iad siúd a tógadh le Béarla sa Ghaeltacht ach a fuair blaiseadh den Ghaeilge ar scoil nó sa phobal, ina measc. Tugtar nuachainteoirí ar na daoine seo, daoine nach raibh mórán teagmhála acu leis an Ghaeilge sa bhaile nó sa phobal, nó daoine a d’fhoghlaim nó a shealbhaigh an Ghaeilge sa suíomh acadúil (O’Rourke et al. 2015).

Sa scoil ina ndearnadh an staidéar seo, bhí Béarla amháin mar theanga baile ag 62% de na páistí, bhí Gaeilge amháin mar theanga baile ag 10%, bhí Fraincis mar theanga baile ag 1% agus bhí Gaeilge agus Béarla in úsáid sa bhaile ag 27% de na páistí sa scoil. Ar an ábhar go raibh an Béarla amháin ina theanga baile ag tromlach na ndaltaí, is féidir, mar sin, nuachainteoirí Gaeilge a thabhairt ar na páistí a ghlac páirt sa staidéar seo.

Go minic sa tsuíomh lán-Ghaeilge bíonn an Béarla ag mórchuid na bpáistí mar mháthairtheanga. Roghnaíonn tuismitheoirí an Gaeloideachas dá bpáistí ar fháthanna éagsúla, féiniúlacht, rath acadúil, agus inniúlacht teanga na ndaltaí (Nig Uidhir, 2005) ina measc. Maíonn Kavanagh (2014) go n-imríonn éileamh na dtuismitheoirí go fóill an-tionchar ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála. Is minic nach labhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge iad féin, ach léiríonn siad tiomantas don teanga lena  bhfreastal ar ranganna agus trí fhrásaí bunúsacha a úsáid leis na páistí sa tsuíomh baile a oiread agus is féidir.

Modheolaíocht

Taighde cáilíochtúil a bhí sa taighde seo. Dhírigh an taighde go príomha ar ról an chúntóra ranga sa tsuíomh lán-Ghaeilge. Trí agallaimh leath-structhúrtha agus fócasghrúpaí a eagrú, tugadh deis do chleachtóirí (foireann cheannasaíochta na scoile, múinteoirí agus cúntóirí ranga), agus do pháistí machnamh a dhéanamh ar an chleachtas reatha i leith ról na gcúntóirí in aon Ghaelscoil amháin i gceantar uirbeach i mBéal Feirste. Scoil saorsheasaimh, fadbhunaithe a bhí i gceist, scoil ina raibh an t-údar seo ag obair ag an am. Fiosraíodh ról an chúntóra ranga i bhforbairt teanga na bpáistí i gcomhthéacs oideolaíocht an tumoideachais. Threoraigh na ceisteanna taighde thíos an fiosrúchán:

  • Dar le múinteoirí, cad é príomhról na gcúntóirí ranga sna luathbhlianta?
  • Dar le cúntóirí ranga, cad é an príomhról atá acu sa seomra ranga?
  • Cad é an ról atá ag cúntóirí ranga maidir le forbairt dhara teanga na bpáistí sa seomra ranga lán-Ghaeilge?      

Déantar tuairisciú anseo ar dhearcthaí na ndaltaí amháin.                                                         

Baineadh úsáid as sampláil bhreithiúnais (Merriam & Tisdell, 2016), bunaithe ar eolas agus ar thuiscint an taighdeora leis na rannpháirtithe cuí a roghnú. Tugadh cuireadh do gach páiste in Eochairchéim a 2, is iad sin na páistí is sine sa scoil, páistí idir 8 agus 11 bliana d’aois, páirt a ghlacadh sa staidéar. Tugadh cead do 13 páiste a bheith páirteach. Bhí mórchuid na rannpháirtithe seo ag sealbhú agus ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga. Tháinig triúr acu ó theaghlaigh inar labhair ar a laghad tuismitheoir amháin Gaeilge líofa.

Maíonn Kolb (2007) go bhfuil sé de chumas ag páistí machnamh a dhéanamh ar an phróiseas foghlama agus tuairimí a nochtadh dá réir. Ar an ábhar go bhfuil an-eolas agus tuiscint acu ar a gcuid taithí féin (Dockett & Perry, 2005), spreagadh na páistí le labhairt ar a n-eispéiris chuige seo maidir le foghlaim agus sealbhú na Gaeilge, agus ar na daoine a thacaigh leo mar chuid den phróiseas foghlama, dar leo. Rinneadh fócasghrúpaí leis na páistí (2 ghrúpa) agus iarradh barúlacha na bpáistí ar na gnéithe seo a leanas:

  • a gcuid mothúchán faoin Ghaeilge;
  • cad é mar a d’fhoghlaim siad an Ghaeilge;
  • dúshláin a bhaineann le foghlaim agus le sealbhú na Gaeilge;
  • na daoine a thacaigh leo an Ghaeilge a fhoghlaim.

Baineadh úsáid as anailís théamach (Braun & Clarke, 2006) atá fréamhaithe i dteoiric chun téamaí na sonraí a aithint, a chur i gcóimheas agus a anailísiú. I dtús báire, rinneadh códú ar an tsonraíocht, roimh théamaí a aimsiú ionas go dtiocfaí anailís a dhéanamh ar na téamaí sin.

Cloíodh le cód eiticiúil taighde (BERA, 2018) le linn ullmhúchán agus stiúradh na n-agallamh. I gcás na bpáistí, iarradh cead eolasach scríofa ar thuismitheoirí na rannpháirtithe. Míníodh nach mbeadh duine ar bith le haithint agus go dtiocfadh le rannpháirtithe tarraingt siar ag pointe ar bith. Agus an t-údar ag dul don taighde, bhí sé ag obair sa scoil mar mhúinteoir ranga.

Plé agus Anailís

Go príomha, dhírigh tuairimí na bpáistí ar ghnéithe phraiticiúla den fhoghlaim, le béim ar na mothúcháin agus na dearcthaí a bhí acu i leith na Gaeilge. Go ginearálta, léirigh na páistí gur bhain siad sult as an fhoghlaim, agus d’aithin siad na buntáistí a bhain leis na heispéiris foghlama a bhí acu, agus buntáistí an dátheangachais. Anuas air seo, d’aithin roinnt acu go raibh easpa deiseanna acu an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den chomhthéacs scoile, agus go mbraitheann na deiseanna seo ar phroifíl teanga an teaghlaigh.

Tháinig trí mhórthéama, a phléifear thíos, chun cinn. Is iad sin:

  • Tábhacht na Gaeilge
  • Taithí / eispéiris foghlama
  • Daoine a thacaigh leo mar chuid den phróiseas foghlama

Tábhacht na Gaeilge

Thagair na páistí uilig don bhród a bhí orthu gur féidir leo an dara teanga, Gaeilge sa chás seo, a thuiscint agus a labhairt. Chuir cumas agus líofacht sa Ghaeilge go mór leis an fhéiniúlacht s’acu. D’aithin na páistí gur tugadh réimse deiseanna dóibh sa suíomh scoile an teanga a úsáid ar bhonn acadúil agus ar bhonn shóisialta, agus gur chuir an cumas teanga a bhí á fhorbairt acu le húsáid na teanga taobh amuigh den chomhthéacs scoile fosta. Spreagadh roinnt acu, mar shampla, le clárú le cumainn ina raibh an Ghaeilge in úsáid go coitianta, nó spreagadh iad leis an Ghaeilge a úsáid le baill teaghlaigh sa bhaile.

Labhair na páistí ar fad a bhí páirteach go dearfach faoin Ghaeilge agus léiríonn an t-athfhriotal thíos gur aithin na páistí buntáistí an dátheangachais:  

Páiste B: It’s good to have a second language.

Páiste C: It can help you get jobs.

Páiste D: It’s a pleasure to speak Irish.

 

Is léir anseo go raibh ról láidir ag an Ghaeilge i saol na bpáistí seo.  Pléadh gurbh ionann cumas sa Ghaeilge agus bua nó láidreacht a bheith acu, agus gur chruthaigh cumas sa Ghaeilge deiseanna fadsaoil. Tagann seo le taighde a rinne Ó Duibhir et al. (2017) inar aithin roinnt rannpháirtithe gur bua pearsanta é a bheith in ann Gaeilge a thuiscint agus a úsáid. Cé gur aithin na páistí gurbh fhéidir leis an Ghaeilge tacú le daoine teangacha eile a fhoghlaim, agus le poist a fháil, ní raibh siad in ann an smaoineamh seo a fhorbairt.

Tá sé deacair an nasc idir an Ghaeilge agus an pholaitíocht a sheachaint ó Thuaidh. Bhí nasc idir teanga, polaitíocht agus féiniúlacht le sonrú go minic i roinnt tuairimí a nocht na páistí. Mar chuid den phlé ar an fhéiniúlacht agus ar thábhacht na Gaeilge, tharraing na páistí aird ar an ghá an teanga a chosaint, a scaipeadh agus a fhorbairt, ’because there are people who want Irish to not be a language anymore so it’s great to be able to speak Irish (Páiste D). Thiocfaí a rá gur léir ón mhéid a dúirt na páistí gur imir inniúlacht sa teanga an-tionchar ar an fhéiniúlacht s’acu mar Éireannaigh. Luann Ó Duibhir et al. (2017) go dteánn an nasc a aithníonn foghlaimeoirí idir an teanga agus stair na tíre i bhfeidhm go mór ar a dtoilteanas Gaeilge a labhairt. Rinneadh trácht don Ghaeilge mar ‘our own language’ (Páiste A), teanga a bhí agus atá le cosaint agus le caomhnú. Chomh maith leis seo, tharraing na páistí aird ar thábhacht na Gaeilge mar theanga dhúchais na tíre.

Taithí Foghlama

Cé gur aithin na páistí roinnt dúshlán a bhain le foghlaim na Gaeilge, fuaimniú, litriú agus aistriú ó Bhéarla go Gaeilge san áireamh, go ginearálta, labhair siad go dearfach faoina n-eispéiris foghlama chuige seo.

Thagair na páistí uilig don ghrá a bhí acu don Ghaeilge agus don tsonas a chruthaigh sí dóibh.  Labhair na páistí go dearfach faoi na heispéiris, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhí acu an Ghaeilge a chluinstin agus a úsáid, sa chomhthéacs scoile go háirithe. Thagair na páistí do na deiseanna a tugadh dóibh an Ghaeilge a úsáid sa tseomra ranga, sa chlós, le baill foirne, lena chéile, agus sna cumainn iarscoile. Is léir gur tugadh réimse leathan d’eispéiris shaibhre do na páistí i dtimpeallacht teangashaibhir, le hinniúlacht sa sprioctheanga a threisiú.

Rinneadh tagairt d’fhoghlaim na Gaeilge mar phróiseas carnach.

Páiste F: I started with the easy words and then it got a bit harder and then I started doing work.

Páiste D: The way I learnt Irish is: I would listen to people say like one word and put them in with an English sentence. If I was trying to say I want a drink, when I was only like 5 and all, I would say I want uisce.

 

D’aithin roinnt páistí mar sin gur fhoghlaim agus gur shealbhaigh siad foclóir bunúsach, roimh théarmaíocht níos casta a fhoghlaim le tacú leo obair acadúil a dhéanamh sa sprioctheanga. Tá tagairt le sonrú anseo don scafláil (Bruner, 1978) nuair a chuirtear foghlaim chun cinn ar dhóigh chéimnithe, chórascach le tacaíocht agus le treoir.

Cé gur aithin na páistí uilig gur imir an scoil ról lárnach sa phróiseas sealbhaithe, d’aithin siad fosta gur ghné thábhachtach í den fhoghlaim na luatheispéiris a bhí acu sa bhaile. Fosta, aithníodh gur spreagadh a bhí in ionchur agus i ndearcthaí na dtuismitheoirí. Luaigh mórchuid na bpáistí gur spreag bród na dtuismitheoirí iad i dtreo labhairt agus úsáid na Gaeilge, rud a chothaigh cumas sa teanga.

Mar a léirítear sa ráiteas thíos, rinneadh tagairt do na tuismitheoirí mar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus ról tacaíochta ag páistí san fhoghlaim seo:

Páiste D: If my mummy wanted to learn a new phrase, I’d tell her it and keep saying it in Irish to help her learn.

 

Léiríonn seo tuiscint na bpáistí ar an tábhacht a bhaineann le hathrá le húsáid teanga a threisiú. Nuair atá daoine sa bhaile ag foghlaim na Gaeilge mar seo, ní hamháin go mbíonn ról tacaíochta ag na páistí, ach cruthaítear deiseanna cainte dóibh a chuireann leis an chumas teanga s’acu. Ar an dóigh seo, cuirtear le muinín na bpáistí.  

Dúshláin

Tháinig an chodarsnacht agus an choimhlint idir Béarla agus Gaeilge chun cinn mar dhúshlán suntasach. Go ginearálta, d’aithin na páistí gurb teanga í an Ghaeilge a bhí in úsáid go príomha sa scoil nó le baill teaghlaigh ar leith.

D’aithin roinnt páistí mar sin gur imir úsáid an Bhéarla sa mhórthimpeallacht tionchar ar úsáid agus ar choinneáil na Gaeilge. Mar atá le sonrú thíos, thuairiscigh roinnt páistí gurbh fhéidir leo dearmad a dhéanamh ar roinnt den téarmaíocht acadúil sa Ghaeilge nuair a bhí an Béarla in úsáid go coitianta thart orthu.

Páiste D: Because like everybody always speaks to me in English in my house and sometimes you forget some of the Irish words, but when you go back to school you’re in an Irish environment so you can get them back if you know what I mean.

 

Ina theannta sin, nuair a cuireadh ceist ar na páistí faoin leibhéal Gaeilge s’acu, luaigh páiste amháin nach raibh caighdeán na Gaeilge chomh maith agus ba mhaith leis cionn is your family talk in English and you talk more English than Irish because you only talk Irish during school or to certain family members or teachers’ (Páiste I). Léirítear anseo gur féidir le húsáid an Bhéarla na deiseanna a bhíonn ag páistí an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den chomhthéacs scoile a laghdú, agus do mhórchuid na bpáistí nach mbíonn an sprioctheanga ach in úsáid sa tsuíomh scoile (Swain & Johnson, 1997). Bíonn dúshlán roimh fhoghlaimeoirí na Gaeilge mar sin an cumas Gaeilge atá acu ar scoil a aistriú go gnéithe eile dá saol (Nig Uidhir et al., 2016) mar gheall ar easpa deiseanna atá ag roinnt acu an Ghaeilge a chluinstin agus a úsáid taobh amuigh den chomhthéacs scoile.

Chomh maith leis sin, tharraing páiste amháin aird ar dhúshlán eile sa phróiseas foghlama, is é sin easpa Gaeilge na foirne. Cé gur aithin an páiste seo gur labhair múinteoirí agus cúntóirí ranga Gaeilge i rith an ama, aithníodh ‘in the dinner hall, you know the way they aren’t fluent, they only have wee bits’ (Páiste G). Léirítear anseo go mbíonn sé doiligh ar pháistí aistriú ó theanga amháin go teanga eile i rith am ama, agus seans maith ann go laghdaítear láidreacht na foghlama agus na páistí ag dul ó Bhéarla go Gaeilge agus a mhalairt go minic.  Mar a mhaíonn Ó Duibhir et al. (2017) bíonn scileanna teanga na ndaltaí níos treise nuair a bhíonn Gaeilge amháin in úsáid ag an fhoireann.

I gcomparáid leis na dúshláin a bhain le haistriú idir Béarla agus Gaeilge, bhí páistí ann a d’aithin go raibh focail nó téarmaíocht ar eolas acu i nGaeilge, nach bhfuil ar eolas acu i mBéarla, mar atá léirithe thíos:

Páiste C: Sometimes I get confused as well because there are words I know in Irish but I don’t know in English.

 

Thiocfaí a rá go raibh na páistí seo muiníneach sa Ghaeilge agus gur aithin siad caighdeán na teanga gurbh fhéidir leo a thuiscint agus a ghiniúint. D’aithin siad gur fhorbair foclóireacht leathan mar gheall ar an tumadh sa dara teanga.

Daoine a Chuidigh Leo

Thagair na páistí don réimse leathan daoine a chuidigh leo sa phróiseas foghlama, foireann scoile agus baill teaghlaigh go príomha. Is léir ó thuairimí na bpáistí gur tugadh tacaíocht dhearfach dóibh agus iad ag sealbhú na Gaeilge.

Cé nár tógadh mórchuid na bpáistí le Gaeilge, luaigh roinnt mhaith acu an tionchar a d’imir daoine sa bhaile ar an fhoghlaim. Mar atá léirithe sa ráiteas thíos, is féidir le meon, le tiomantas agus le hionchur na dtuismitheoirí páistí a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid:

Páiste B: Yep. My mummy always tells me she is proud that I can speak Irish.

Aithníonn Dornyei (2009) an ról lárnach atá ag spreagadh, moladh agus atreisiú dearfach le tacú le páistí an dara teanga a úsáid agus a shealbhú.  

Mar chuid de ról an teaghlaigh phléigh na páistí na cúiseanna ar roghnaigh na tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge dóibh, ar na tuismitheoirí mar fhoghlaimeoirí na Gaeilge, ar fhéiniúlacht agus ar chaighdeán oideachais ina measc.  

Ina theannta sin, d’aithin roinnt páistí go raibh a dteaghlaigh féin gníomhach i saol mór na Gaeilge. Rinne páiste amháin tagairt dá sheantuismitheoirí mar ghníomhairí teanga, daoine ‘who like worked to save the Irish language’ (Páiste E). Labhair sé go bródúil air seo, agus ba léir gur imir gníomhaíochas Gaeilge a mhuintire tionchar ar an luach a chuir sé féin ar an Ghaeilge.

Chomh maith leis seo, d’aithin na páistí uilig an ról lárnach a bhí ag foireann na scoile, múinteoirí agus cúntóirí ranga go háirithe, sa phróiseas sealbhaithe.  

D’aithin mórchuid na rannpháirtithe gur tugadh deiseanna neamhfhoirmiúila dóibh an Ghaeilge a shealbhú sa tsuíomh réamhscolaíochta sular chuir siad tús lena n-aistear foghlama go foirmiúil sa tsuíomh scoile. Chruthaigh na hoibrithe sna suíomhanna réamhscolaíochta lán-Ghaeilge deiseanna do na páistí Gaeilge a shealbhú ó aois óg. Leag na heispéiris seo dúshraith don tsealbhú teanga a tháinig níos faide anonn go foirmiúil sa tsuíomh scoile.

Focal Scoir

Trí iniúchadh a dhéanamh ar pheirspictíochtaí na ndaltaí ar mhionteanga a shealbhú, rinneadh tuairisciú sa pháipéar seo ar an ról suntasach atá ag daoine fásta agus iad ag tacú le forbairt an dara teanga sa tsuíomh tumoideachais. Bunaíodh tuairimí na bpáistí ar a n-eispéiris foghlama agus ar an tacaíocht a fuair siad chuige seo.

Tháinig trí mhórthéama chun cinn, is iad sin tábhacht na Gaeilge, taithí nó eispéiris foghlama na bpáistí agus na daoine a thacaigh leo mar chuid den phróiseas foghlama. Bhí tionchar na polaitíochta le sonrú i roinnt tuairimí a nocht na páistí.

Cuireadh in iúl go raibh na páistí iontach bródúil gurbh fhéidir leo an dara teanga a thuiscint agus a labhairt. Chuir cumas agus líofacht sa Ghaeilge go mór leis an fhéiniúlacht s’acu mar Éireannaigh. Mar nuachainteoirí na Gaeilge, d’aithin na páistí gur tugadh réimse deiseanna dóibh an teanga a úsáid ar bhonn acadúil agus ar bhonn shóisialta agus, i roinnt cásanna, spreag an cumas teanga a bhí acu úsáid na teanga taobh amuigh den chomhthéacs scoile.

Ba léir gurb í gné lárnach, thábhachtach í an Ghaeilge d’fhéinilacht na bpáistí.. Is dócha gur imir na dearchtaí, na tuairimí agus an t-eolas a tháinig ó dhaoine eile tionchar ar fhorbairt na ndearchtaí seo. Mar a mhaíonn Langlois (2006), is iomaí difríocht a mhaireann ó Thuaidh, difríochtaí i leith teanga, oideachais agus creidimh, agus mar sin, aithnítear go minic nasc láidir idir polaitíocht, creideamh agus an Ghaeilge. D’imir an nasc seo tionchar ar thuairimíocht na bpáistí. Lorg na staire agus ceachtanna idirghlúine a tháinig chun cinn nuair a labhair na páistí ar stair na tíre agus orthu féin mar chaomhnóirí teanga.

Dhaingnigh tuairimíocht na bpáistí, mar sin, gurb iomaí gné a spreagann tuismitheoirí an oideachas lán-Ghaeilge a rognhú dá bpáistí, féiniúlacht, caighdeán ard oideachais, buntáistí cognaíocha agus suim sa teanga ina measc.

Sa tsuíomh lán-Ghaeilge, suíomh ina bhfuil miontheanga in úsáid mar mhodh teagaisc agus mar mhodh chumarsáide, bíonn ról lárnach ag foireann na scoile sa phróiseas sealbhaithe. Trí ionchur fiúntach, sothuigthe agus ardchaighdeánach a sholáthar, chothaigh foireann na scoile suim agus muinín i measc na bpáistí leis an Ghaeilge a labhairt go cruinn, go líofa agus go bródúil. Tugadh tacaíocht dhearfach, leanúnach dóibh mar chuid lárnach den phróiseas sealbhaithe. Tháinig seo chun cinn ó pheirspictíocht na ndaltaí. Mar sin, tá ról ríthábhachtach ag foirne scoile scileanna tuisceana, labhartha, éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt, scileanna atá riachtanach le bheith dátheangach agus déliteartha.

 

Leabhairliosta

Leabhair

Andrews, A. (2018) Support material for CCEA preschool curricular guidance: Irish-medium early years immersion education. Belfast: Krujen.

Baker, C. (2007) A parent’s and teacher’s guide to bilingualism. Clevedon: Multilingual Matters.

Bruner, J. (1978) ‘The role of dialogue in language acquisition.’ Sinclair, R., Jarvelle, R.J. & Levelt, W.J.M. (eag.) The child’s conception of language. NY: Springer.

Johnson, K. & Swain, M. (1997) Immersion Education: International Perspectives. Cambridge: Cambridge University Press.                                                                                                      

Dӧrnyei, Z. (2009) ‘The L2 motivational self system.’ Dӧrnyei, Z. Ushioda, E. (eag.) Motivation, Language Identity and the L2 Self. Bristol: Multilingual Matters. 9–42.

Krashen, S. (1987) Principles and practice in second language acquisition. Hertfordshire: Prentice Hall.

Merriam, S.B. & Tisdell, E.J. (2016) Qualitative research: a guide to design and implementation. San Francisco: Jossey-Bass

Nig Uidhir, G.  (2005) ‘The Shaw’s Road urban Gaeltacht: role and impact.’ de Brún, F. (eag.) Belfast and the Irish language. Dublin: Four Courts. 136–47.

Ní Bhaoill, M. agus Ó Duibhir, P. (2004) Tús na léitheoireachta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & O’ Brien, M. (2007) Comprehensive linguistic study of the use of Irish in the Gaeltacht: Principal findings and recommendations. Dublin: Brunswick Press.

Prokop, M. (1990) The German language in Alberta: maintenance and teaching. Edmonton, AB: University of Alberta Press.

Swain, M. & Johnson, R.K. (1997) ‘Immersion education: a category within bilingual education.’ Swain, M. & Johnson R.K. (eag.) Immersion education: international perspectives. Cambridge: Cambridge University Press. 1–16.

Ailt

Braun, V. & Clarke, V. (2006) ‘Using thematic analysis in psychology.’ Qualitative Research in Psychology. 3(2). 77–101.

Dockett, S. & Perry, B., (2005) ‘Researching with children: Insights from the Starting School Research Project.’ Early Childhood Development and Care. 175(6). 507–21.

Kavanagh, L. (2014) ‘Exploring parental involvement and home-school relations in Irish immersion education: integrating multiple perspectives.’ in Journal of Immersion and Content-Based Language Education. 2(1). 121–38.

Kolb, A. (2007) ‘How languages are learnt: primary children’s language beliefs.’ Innovation in Language Learning and Teaching. 1(2). 227–41.

Langlois, T. (2006) ‘Canada: a multicultural model for Northern Ireland?’ in British Journal of Canadian Studies. 9(2). 201–20.

Mc Adory, S.E. & Janmaat, J.G. (2015) ‘Trends in Irish-medium education in the Republic of Ireland and Northern Ireland since 1920: shifting agents and explanations.’ Journal of Multilingual and Multicultural Development. 36(5). 528–43.

NigUidhir, G., Ó Cathalláin, S., & Ó Duibhir, P. (2016). 'Tuismitheoirí ina ngníomhairí in earnáil an Ghaeloideachais', COMHARTaighde, 2(1). 2–28

O’Rourke, B., Pujolar, J. & Ramallo, F. (2015) ‘New speakers of minority languages: the challenging opportunity – foreword.’ International Journal of the Sociology of Language. 231(1). 1–20.

Tuairiscí

Ó Duibhir, P., Nig Uidhir, G., Ó Cathalláin, S. & Ní Thuairisg, L. (2017) Anailís ar Mhúnlaí Soláthair Gaelscolaíochta (Tuairisc Thaighde). Béal Feirste: An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas.

Walsh, J., O Rourke, B. & Rowland, H. (2015) Tuarascáil taighde ar nuachainteoirí na Gaeilge,Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Foinsí Leictreonacha

BERA (2018) Ethical Guidelines for Educational Research. Ar fáil ag: https://www.bera.ac.uk/publication/ethical-guidelines-for-educational-research-2018.

Comhairle na Gaelscolaíochta. (2021) Ceiliúradh na Gaelscolaíochta 2021. Ar fáil ag:  https://www.colaistefeirste.org/single-post/ceili%C3%BAradh-na-gaelscola%C3%ADochta---celebrating-irish-medium-education-2021/.