DOI: https://doi.org/10.13025/r1xd-7v95

Curach Thoraí: Stair, Stíl, Feidhm agus Forbairt

 

Curach ar an Cheann Thoir, Toraigh

 

Is iomaí ceird a forbraíodh as riachtanas; múineann gá seift. San am a caitheadh b’éigean do na daoine cibé rud a bhí de dhíth orthu a dhéanamh, a thógáil nó a fhás, agus d’fhorbair siad bealaí le bheith beo ina dtimpeallacht, agus iad ag baint úsáid chúramach as an timpeallacht chéanna. D’fhoghlaim an chéad ghlúin eile na scileanna seo óna dtuismitheoirí agus leanadh den mhodh oibre agus maireachtála traidisiúnta seo gan mórán athruithe, mar a deir Ó Laoire (2016: 1): 

Ghlac siad leis go raibh dóigh áirithe ann le cineálacha éagsúla oibre a dhéanamh agus iompair áirithe a chur i gcrích, gnáis a leanadh den chuid is mó agus a dtiocfadh athrú air de réir a chéile, de réir mar a fuarthas níos mó eolais fá dhóigheanna a b’fhearr ná iad. 

Sin, nó gur imigh an riachtanas. De réir a chéile tháinig athrú suntasach ar an saol agus ligeadh go leor de na ceirdeanna i ndearmad, ceann acu sin an tsaoirseacht bád. San alt seo díreofar ar fheidhm agus ar fhorbairt an churaigh, bád traidisiúnta ar Oileán Thoraí, an t-oileán is faide amach ó chósta na hÉireann a bhfuil pobal ann ó cheann ceann na bliana. Anuas air sin cuirfear san áireamh an tionchar atá ag na curaigh seo ar an phobal a thóg iad; ní féidir déantúsán a scaradh go hiomlán ón gcomhthéacs sóisialta níos leithne lena mbaineann sé. Deir Godsen (2006: 440):

People as social beings can be shaped in how they think and how they feel by objects. Ideas and feelings do not exist in cultural forms in a manner prior to things but are created partly by them.

Mar a fheicfimid, chuaigh an curach, agus bádaí eile ar ndóighe, i bhfeidhm go mór ar phobal Thoraí, agus bíonn siad lárnach ina gcuid ealaíne agus a gcuid amhránaíochta.

 Is iomaí sin lasta préataí,

a thug mé féin ‘s mo dheartháir,

ó Chonnachta go Malainn,

fríd farraigí ‘bhí trom (Ceathrú as Béal Buí Uaighe, amhrán a cheoltar i dToraigh.)

 

Ní fá choinne spóirt agus pléisiúir amháin a bhí na curaigh fadó, ainneoin go mbíodh rásaí go minic mar chaitheamh aimsire acu. (Luaitear gur chuir Séamus Mac a’ Bhaird (2019: 15) ‘barr feabhais ar scileanna rámhaíochta bhádóirí Thoraí thar na blianta, rud a d’fhág go raibh clú agus cáil orthu ag rásaí na mbád uilig thart ar chósta iarthuaisceart Thír Chonaill’. Chomh maith leis sin tá tagairt ag Mac Póilín (2007: 57) do na rásaí curach a bhíodh coitianta sna 1920idí.) Modh taistil, modh cumarsáide, modh iompair do mhóin agus a leithéid, agus, thar rud ar bith eile, dóigh le slí bheatha a bhaint amach a bhí sna curaigh. Luann Micí John Mac Ruairí an tábhacht a bhí leis an churach dá athair agus é ag iarraidh teaghlach a thógáil i dToraigh (Mac Cormaic, 2009).

Bhíodh daoine ag iascaireacht murlas, deargóg agus gliomach thart fán chósta chreagach, agus ag cruinniú feamainne fá choinne ceilp a dhéanamh. Bhí árthach de dhíth a bhí éadrom, furasta a stiúradh, furasta a chur ‘na farraige nó a tharraingt aníos, agus furasta a dhéanamh; árthach a bheadh fóirsteanach don áit agus don fheidhm agus b’shin an curach.

Fig.1 Greanadóireacht de Thoraigh 1894

 Ainneoin go bhfuil sé ráite gur i gcurach a tháinig Colm Cille go Toraigh an chéad iarraidh (Ó Colm 1995: 61), níl taifead scríofa ar an churach i dToraigh, nó i nDún an Gall fiú, go dtí 1780 nó mar sin, nuair a dúradh i litir chuig Joseph Cooper Walker i Sasain: ‘Their boats, called curraghs, were oval baskets, covered with seal-skins’ (Mac Polin, 2007: 29). Tráchtann A.J. Moore ar ‘a flat oval frame, perforated with holes at regular distances’ (Mac Polin, 2007: 54). Bheadh seo ag teacht leis an íomhá thuas a dhear cuairteoir go Toraigh in 1894, ina bhfeictear an chosúlacht atá idir an curach sin agus curach na Bóinne, bád abhann a dhéantaí as slatacha coill (Stephens, 1935). Thógtaí béal faoi iad, teicníc atá fréamhaithe sa chaoladóireacht, agus d’úsáidtí lataí chomh maith leis an choll agus leis an tsaileach (Mac Cárthaigh, 2008: 426).

Nuair a shuímse cois na tineadh agus smaointím ar an am

A raibh mé fein ’s mo churach bheag amuigh ar bharr na dtonn

Gan idir mé ’s an tsíoraíocht ach an t-éadach tana tarr

Ag cosnadh gaoithe is farraige i measc éanacha na mbeann. (Ceathrú as ‘Amhrán na Scadán’, amhrán a scríobh Eamonn Doolaí Mac Ruairí, as Toraigh.)

Tháinig forbairt ar dhearadh an churaigh sna 1830idí i dToraigh, agus sa tír, agus tosaíodh ar úsáid canbháis seachas seithe, agus baineadh úsáid níos mó as adhmad gearrtha seachas coll agus saileach. Níos moille sa chéad, díríodh deireadh an churaigh go raibh sé ní ba chosúla le folcadán i gcruth. Seo mar a rinne Getty cur síos ar churach Thoraí in 1853:

The frame-work consists of a gunwale and a quantity of branches for ribs, which are kept in their places by smaller twigs interwoven. According to the original fashion, a fresh hide with the hair inside was drawn over this skeleton, and, being laced with thongs to the gunwale, became rigid as it contracted in drying. At present, a cheaper material is found in tarred canvass, manufactured from flax or hemp spun by the women, and which is considered of superior strength to what is purchased at a warehouse… To render the canvass secure it is made double, and tarred; a layer of brown paper being generally inserted between the two portions of canvas…on the coast of the opposite mainland the curaghs have generally sharp bows and square sterns, but those of a moderate size, intended to pass with safety through the long swell of the Atlantic are square, or nearly so, at both extremities.

 

Ina alt in An Claidheamh Soluis (1903) dúirt Séamus Mac a’ Bhaird go raibh na curaigh thart faoi ocht dtroithe ar fad, ceithre troithe ar leithead agus trí troithe i ndoimhneacht (Mac Polin, 2007: 27). An curach céaslaidh a bhí i gceist aige.

Fig. 2: íomhá le caoinchead ó Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá curach acu seo, a tógadh i dToraigh in 1923, ar taispeántas in Ard-Mhúsaem an hÉireann, Saol na Tuaithe, i dTurlach, Caisleán an Bharraigh. Jimmy Phaidí Fheilimidh Mac Ruairí a thóg é. Creatlach adhmaid[1] agus é clúduithe le canbhas atá i gceist. Tá sé 11 troigh ar fad, trí troithe ar leithead, thart faoi dhá throigh go leith i ndoimhneacht. Síneann na garmana (Garmain=Garma; focal a thig ón fhíodóireacht, an bíoma a bhíonn ar an seol. Seans gur baineadh úsáide as ceann le curach a dhéanamh, nó seans go bhfuil cosúlachtaí idir an dá gharmain agus  dhá bhíoma an fhíodóra. Baintear úsáid fosta as an fhocal gar-adhmad, agus seans nach bhfuil i gceist ach sin) siar ón mhaide deiridh, agus tá cíl agus dhá shraith chosanta ar an bhun, mar chosaint agus an curach á tharraingt aníos thar chreagacha. Agus é ag tagairt don churach seo, deir Mac Polin (2007: 55) gur d’adhmad raice, nó adhmad ar baineadh úsáid as roimhe (rinneadh ‘glúin’ sa churach is úire i dToraigh as adhmad a fuarthas ón ‘Chalifornia’ a briseadh in 1914 agus í ar an bhealach anall as Meiriceá. Comhlacht de chuid Doire ar leo í. Ní chuirtear adhmad ar bith amú in am ar bith) a rinneadh é; na heasnacha agus lataí déanta as craobhacha garbha a scoilteadh agus iad fuaite le ribí róin (fionnadh ainmhí, capall nó asal cuir i gcás) nó rud ar bith, ar leag siad lámh air, a d’fhéadfá a úsáid. Ar ndóighe, áit lom í Toraigh agus níl crann ar bith ann.

Le céasla a chuirtí an curach seo chun siúil agus seo mar a chuireann Ó hEochaidh síos air (1965:5):                 

Ní rabh tafta ar bith iontu seo, agus ba le maide amháin a dtugtaí an céasla air a ba ghrách á gcur ‘un siúil. Bíonn an céaslóir ar a ghlúine i dtoiseach an churaigh, agus an céasla á oibriú aige ‘un tosaigh. Dá mbeadh iascaireacht ar bith le déanamh shuidhfeadh an t-iascaire i ndeireadh an churaigh.

 

Ba scil ann féin a bhí sa chéaslóireacht seo: ‘the intricate sweeps of the paddle are so sure, so skillful, that the currach responds to every flick of the blade.’ (O’Neill, 1940: 39).

Bhí radharc ag an chéaslóir ar a raibh roimh, nó díreach faoin churach, agus bhí sé ábalta an céasla a úsáid leis an churach a bhrú ar shiúil ó chreag, nó a tharraingt amach as tanalacht (Tuairisc ó Vincent O Donnell, agus é ag cur síos ar a óige i Rann na Feirste. Mac Polin, 2007: 37), agus smacht aige ar an churach, árthach a bhí sásta don iascaireacht chois cloiche nó bhí sé chomh héadrom agus ‘Í thuas ar bharr na toinne mar bheadh faoileog ann’(Ó hEochaidh, 1965: 5).

Ach má bhí féin, bhí sé beag go maith agus, nuair a bhí gá leis, chuaigh saoir Thoraí i gceann oibre arís agus tógadh curach a bhí níos mó – an curach rámha – a bhí níos faide agus níos láidre, a raibh taftaí agus leapacha agus rámhaí iontu mar a bheadh ar bhád rámha. (Ó hEochaidh 1965: 5). De réir eolas a chruinnigh Aodh Ó Domhnaill agus é i dToraigh in 1938, thug muintir Thoraí faoi deara curach a bhí ag muintir Ros Guill (stíl Sheephaven Bay) agus chuir siad dúil ann. Thug siad faoi deara an tosach géar agus thuig siad go gcuirfeadh sin luas leis an churach.

 Fig 3: An Curach Rámha le caoinchead ó CBÉ

Fig 4: Curach rámha agus curach céaslaidh i dToraigh, le caoinchead ó CBÉ

Rinne siad aithris orthu ar feadh tamaill, agus tógadh go leor curach leis an dearadh sin, ach ina dhiaidh sin, thuig siad go raibh siad róthrom agus rómhór le hiompar thar chreagacha, cé go mbeadh siad maith don áit a raibh farraige chiúin agus trá ghainimh. D’fhill siad arís ar churach a bhí níos lú. Choinnigh siad cuid den dearadh seo áfach chomh maith leis an stíl traidisiúnta a bhí acu féin: an gob géar, na rámhaí agus na taftaí agus deirí na ngarman (na cluasa, mar a thugtar orthu) á ngobadh thar dheireadh an churaigh, nó thug seo cosaint don chraiceann agus iad ag tarraingt an churaigh thar chreagacha. Imríonn feidhm, timpeallacht agus traidisiún tionchar ar dhearadh curaigh. (Mc Caughran, 2009: 5).

Anocht is mé ag meabhrú liom thart siar fán Ghaineamh Mór

Ar na curaigh is ar na rámhaí, ar na bádaí is ar na seoil

A Rí nár mhéanair dá bhfeicfinn iad ag dul síos an Camas Mór

Is an fhoireann ag teannadh an éadaigh orthu is ag cur sprait insa tseol mhór. (Ceathrú as an amhrán ‘Bádaí na dTrí Seol’ le hÉamonn Ghráinne Mac Ruairí.)

Anuas fríd na blianta tógadh geolta (nó skiffeanna), báid, leathbháid, puntanna etc, ag freagairt don riachtanas, nuair a bhí iascaireacht scadán nó brádán i gceist, agus fágadh ar leataobh go leor acu arís nuair a d’imigh an t-iasc, ach bhí curaigh i gcónaí le feiceáil ar an oileán, nó is fearr a fhóireann bád beag nach bhfuil de dhíth ach duine ná beirt lena stiúradh, go háirithe ar oileán nach bhfuil pobal rómhór ann.

Rinneadh athruithe eile ar an dearadh ar ndóighe: fáschíle ceithre orlaí a chur air, é a choinneáil thart fá dheich dtroigh ar fad, agus ní fhágtar spás ar bith idir na lataí.

On Tory Island (Co Donegal) a particular style of curach replaced the paddle currach, possibly early in the last century, (Mac Cárthaigh, 2008). It is a small craft, with a punt-like bow and a keel, using some traditional curach materials and techniques in its construction. (O’Sullivan & Downey, 2015: 4)              

Is beag difir idir an curach a dhéantar an lá atá inniu ann agus an ceann a dhéantaí in 1938, cé gur fá choinne corrlá iascaireachta, agus rása ó am go chéile, a mbaintear úsáide astu na laethanta seo seachas le slí bheatha a bhaint amach, mar sin féin cuirtear an tsuim chéanna i gcurach úr ar bith atá á thógáil, agus nuair a thosaigh Ailish Haughey, múinteoir ar an oileán, ar churach a dhéanamh faoi stiúir Pobby Val Ó Dubhchoin, chruinnigh na daoine isteach arís le féacháint cad é mar a bhí ag éirí leo, le corrathrú a mholadh anseo agus ansiúd, nach n-éisteofaí leo, agus le plé a dhéanamh faoi churaigh a rinneadh agus a cailleadh agus faoi na daoine a thóg iad. Ócáidí sóisialta iad seo don phobal, idir óg agus aosta, ina dtig siad le chéile, agus iad bródúil as a n-oidhreacht agus as a gcuid scileanna: ‘This skill and reputation live on. A ‘Tory boat’ is always something to be admired.’ (Fox, 1995: 132)

Choinnigh Ailish taifead ar an obair agus tá suíomh idirlín á chruthú aici a bhfuil cur síos ar an obair agus neart grianghraf ann. Seo a leanas na céimeanna éagsúla a bhaineann le curach Thoraí a dhéanamh (íomhánna uilig le caoinchead Ailish Haughey).

Fig 5: Úir Thoraí i mbuidéal bheag

Is deacair gné amháin de shaol an oileáin a scaradh ó ghnéithe eile nó bíonn an nósmhaireacht laethúil, an teanga, an cultúr, an amhránaíocht agus damhsa, an ealaín agus an creideamh fite fuaite fríd a chéile. Ar ndóighe ní chuirtear bád de chineál ar bith síos san fharraige gan Úir Thoraí ann. Créafóg bheannaithe atá san úir, (a thógann an duine is sine de Chlann Uí Dhubhgáin) a bheireann cosaint don churach agus do na daoine ann. Tá an nósmhaireacht seo chomh tábhachtach ag na hoileánaigh an lá atá inniu ann agus a bhí na blianta fada ó shin nuair a bhí an pobal seo ag brath go hiomlán ar churaigh agus ar bháid.

Cúis bhróid iad na curaigh seo don phobal mar a léirítear ina gcuid amhrán agus ealaíne. Is iomaí amhrán ina bhfuil trácht ar bhád nó ar churach, ar thaisme a tharla nó ar éacht a rinneadh, agus is léir go mothaíonn muintir Thoraí gur cuid bhunúsach dá saol iad na soithí seo, bíodh is nach bhfuil siad ag brath orthu an oiread sin níos mó. Tarraingíonn páistí na bunscoile curaigh agus báid eile ina gcuid pictiúr,  agus is ábhar spreagtha iad i gcónaí do na healaíontóirí ar an oileán.  (Tá scoil phéintéireachta chlúiteach ar an oileán a bunaíodh nuair a tháinig an t-ealaíontóir Derek Hill chun na háite in 1956.)

Tá clú amuigh ar mhuintir Thoraí as a saoirseacht bád agus curach den chéad scoth. Ní iontas ar bith é, nó tá an fharraige agus na hárthaí seo mar bhunchloch dá saol agus dá n-oidhreacht. (Mac Cormaic, 2009). Thóg siad curaigh nó thuig siad gur sin an t-árthach ab fhearr a d’fhóir don iascaireacht cois cladaigh ar an oileán; bhí sé éadrom, furasta a thógáil agus a stiúradh. Tháinig forbairt ar an dearadh thar na blianta, ón árthach ubhchruthach go dtí an curach a tógtar go fóill ar an dóigh thraidisiúnta a tugadh anuas thar na glúnta (Mac Cormaic, 2009), agus dar le Mac Conamhna gur ‘sampla tábhachtach í d’fhorbairt dhúchasach ó churach céaslaithe go dtí an curach iomartha’ (2016: 152). Ní raibh leasc ar phobal Thoraí dearadh úr a thriail, nuair a chonaic siad an t-athrú a tháinig ar churach Chuan an Long, ach ní raibh leasc orthu ach an oiread pilleadh ar an dearadh ab fhearr dá dtimpeallacht, agus tháinig forbairt éigin ar an dearadh sin thar na blianta. Is cuid d’fhéiniúlacht an oileáin na soithí seo agus cinnte go leanfar don traidisiún ar an oileán go ceann fada go leor. Mar a deir Paidí Mac Fhionntaigh: ‘Mura raibh curach i dToraigh agat bheifeá caillte’ (Ó Gallchóir, 2001).

 

Dhéanfaidh Mac John Eoin go beacht, Cros de chéaslaidh a bheas gan locht,

‘S dhéanfaidh an curach cónair dhíon dom féin go brách,

Cuirfidh Beití le mo thaobh léinidh uisce de mhálaí plúir,

Is dhéanfaidh scarfa marbhfáisc orm san uaigh. (Ceathrú as an amhrán ‘Béití Sailí Dan’ a scríobh Séamus Mac a’ Bhaird.)


[1] ‘Gní muid fhéin dhá (fuaim=dhea) ghualainn, dhá gharamaid agus maide deiridh. Cuirimid achan pháirt acu sin le chéile, agus ghreamóchaidh é le táirgní. Cuirimid a bhéal faoi ar a’ talamh, agus cuirimid dhá phlainc nó trí faoi. Greamóchaidh muid iad sin do ar eagla ‘s go mbogfadh sé. Bhéarfaidh muid linn ansin na dromanaigh. Adhmad Dair atá ‘sna dromanaigh. Sháith muid iad, agus bíonn muid a gabhail dó go ndeánamaid cothrom é. Bhearfaidh muid linn ansin ar gcuid leabthacha, agus fuaighfidh muid de sin iad le tairgní copaor.’ (CBÉ. Aodh Ó Domhnaill, 1938)

Leabhairliosta

CBÉ: 0478:612-613 Ag déanamh curach; Domhnaill Mac Ruaidhrigh. Bailitheoir: Aodh Ó Domhnaill, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, 6 Aibreáin 1938. Ar fáil ag: https://www.duchas.ie/en/cbe/9000650/7227300/9088254?&Language=&ContentScript=.

Fox, R. (1995) The Tory Islanders: a people on the Celtic Fringe. Indiana: University of Notre Dame Press.

Getty, E. (1853) ‘The Island of Tory; its history and antiquities.’ The Ulster Journal of Archeology [ar líne] Vol 1: 27-37 Belfast https://archive.org/details/jstor-20563440/page/n7/mode/2up.

Godsen, C. (2006) ‘Material Culture and Long-Term Change.’ Handbook of Material Culture. London: Sage Publications.

Hamilton, J.N. (1974) The Irish of Tory Island. Belfast: Institute of Irish Studies, QUB.

Hunter, J. (2006) The waves of Tory, Tonnta Thoraí. Buckingham UK: Colin-Symthe Ltd.

Mac a’ Bhaird, S. (2019) Eachtraí Mara Pháidí Pheadair as Toraigh. Baile Átha Cliath: Arlen House.

Mác Cárthaigh, C. (2008) ‘Irish Skin Boats.’ Mac Cárthaigh, C. (eag.)Traditional Boats of Ireland. History, Folklore and Construction. Cork: The Collins Press. 419–27.

Mac Conamhna, B. (2016) Curaigh na hÉireann: a stair agus a scéal. Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht. 151–5.

Mac Cormaic, R. (2009) ‘Race of the Two-man Tory currachs brings Earragail festival to a finish.’ Irish Times. 20 Iúil.

Mac Polin, D. (2007) The Donegal Currachs.  Donaghadee: Ballyhey Books.

McCaughan, M. (2008) ‘Irish Vernacular Boats.’ Mac Cárthaigh, C. (eag.) Traditional Boats of Ireland: History, Folklore and Construction. Cork: The Collins Press. 2–11.

Ó Colm, E. (1995) Toraigh na dTonn. Gaillimh: Cló Iar-Chonnachta. 61–3.

Ó Gallchóir, D. et al. (2001) Bailiúchán Béaloidis Gaoth Dobhair: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. http://www.bealoideasbeo.ie/fais-amhain/496.

Ó Gallchóir, D. et al. 2009. Bailiúchán Béaloidis Gaoth Dobhair: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. http://www.bealoideasbeo.ie/fais-amhain/201.

Ó hEochaidh, S. (1965) Seanchas Iascaireachta agus Farraige. Iml:33. 1–96  Baile Átha Cliath: An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/20521308.

Ó Laoire, L. (2016) An Teanga agus Oidhreacht na nAmhrán i dToraigh Gaillimh: Ollscoil na Gaillimhe. Ar fáil ag: https://www.academia.edu/29399579/Teanga_agus_Oidhreacht_na_nAmhr%C3%A1n_i_dToraigh_An_aiste_i_gcl%C3%B3_in_Guth_an_Iarthuaiscirt_Essays_on_Songs_and_Singing_from_Northwest_Ulster_Eag_Peadar_Mac_Gabhann_Sin%C3%A9ad_Coyle_%C3%89igse_Cholm_Cille_Doire_2016

O’Neill, P. (1940) ‘Further Notes on the Donegal Curragh.’ Ulster Journal of Archaeology. 3(3). 38–41. Béal Feirste: Ulster Archaeological Society. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/20627309.

O’Sullivan, M. & Downey, L. (2015) ‘Curraghs’ Archaeology Ireland. 29(1) Earrach. 39–42. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/43233816.

Stephens, F. (1935) ‘Boyne Curragh’ LookAroundIreland.com 2008. Ar fáil ag:    https://www.youtube.com/watch?v=aCWFDMnKLyM.

Ríomhphoist ag cuartadh ceada / ag cuardach eolais:

Nic Mhathúna, M.C. (mcmcm777@hotmail.com), 31 Eanáir 2022. Ábhar: Ceist faoi churaigh Dhún na nGall. Ríomhphost chuig Dónal Mac Polín (donalmacpolin@gmail.com)

Nic Mhathúna, M.C. (mcmcm777@hotmail.com), 30 Eanáir 2023, Ábhar: Cead a lorg íomhánna ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann a úsáid san alt.

Ríomhphost chuig Críostóir Mac Cárthaigh (criostoir.maccarthaigh@ucd.ie)

Nic Mhathúna, M.C. (mcmcm777@hotmail.com), 30 Eanáir 2023. Ábhar: Cead a lorg le hiomhá ón Ard-Mhúsaem a úsáid san alt. Ríomhphost chuig Noel Campbell (ncampbell@museum.ie)

Nic Mhathúna, M.C. (mcmcm777@hotmail.com), 21 Eanáir 2023. Ábhar: Ceisteanna faoin churach a rinne sí agus cead a lorg íomhánna a úsáid san alt. Ríomhphost chuig (ailishhaughey112@donegaletb.ie)