DOI: https://doi.org/10.13025/hm1q-2f05

Ag Saothrú Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta mar acmhainn taighde

1 Réamhrá

Sa pháipéar seo, déantar cur síos ar fhorbairt an taispeántais dhigitigh Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (www.reabhloid.ie).  Is iarracht atá sa tionscadal seo ábhar staire ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) a chur ar fáil, ar bhealach struchtúrtha agus nuálach, do phobal taighde agus léinn, chomh maith leis an bpobal trí chéile.

1.1 RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1972, mar thoradh ar fheachtas na gluaiseachta ar son Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bhí tar éis Saor-Raidió Chonamara a bhunú roimhe sin (Ó Glaisne, 1982; Watson, 2002).  Is craoltóir uathúil é Raidió na Gaeltachta mar gur tugadh cúram dó seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta.  Rud nua a bhí anseo san earnáil chraoltóireachta ag an am, agus bhí aschur RnaG uathúil agus eisceachtúil dá bharr.  Bhíodh ceoltóirí, filí agus lucht cultúir eile páirteach i gcláir Shaor-Raidió Chonamara (Browne, 1993), agus choinnigh Raidió na Gaeltachta leis an traidisiún craoltóireachta seo, go háirithe i luathbhlianta an stáisiúin.  Cé nach raibh le craoladh acu ach cúpla uair an chloig in aghaidh an lae, is léir ó aschur na gcraoltaí sin go ndeachaigh foireann RnaG i mbun a gcuid oibre go díograiseach, agus is léir go raibh éiteas agus féiniúlacht láidir sa stáisiún ón tús.  Bhí cur chuige craoltóireachta RnaG difriúil óna chuid piaraí in earnáil an Bhéarla.  Cuireadh go leor béime ar chláir a chraoladh a bhain le stair, le cultúr agus le sochaí na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Bhí glórtha ón bpobal le cloisteáil go minic ar an aer, agus roinn siad a gcuid saineolais ar chúrsaí staire agus cultúrtha leis na láithreoirí agus leis an bpobal i gcoitinne.  Nuair a bhí cúrsaí staire á chraoladh, chuaigh RnaG i ngleic le ceisteanna casta an ama ar bhealaí difriúla ó chraoltóirí eile.  Bhí sé seo amhlaidh go háirithe maidir leis an gcraoladh a rinne siad faoi chomóradh Éirí Amach 1916, agus faoin gclúdach a rinne siad ar an bplé faoi eachtraí an Chogaidh Chathartha.  De réir mar a tháinig claochlú tapaidh ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge le himeacht na mblianta (Ó Giollagáin et al., 2007), tháinig méadú ar luach cultúrtha agus sóisialta aschur an stáisiúin.  

1.2 Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ó thosaigh RnaG ag craoladh, coinníodh taifead sa chartlann de gach clár a chuaigh amach ar an aer.  Is stór eolais luachmhar atá sa chartlann seo ar chultúr, ar shochaí agus ar stair phobal na Gaeilge.  Stóráladh an t-ábhar craolta ar théipeanna ¼ orlach (spól-go-spól) i gceanncheathrú an stáisiúin, i gCasla, Co. na Gaillimhe.  I Samhain na bliana 1999 tosaíodh ar thionscnamh idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Clár Fostaíochta Pobail de chuid FÁS (Foras Áiseanna Saothair), i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ina ndearnadh digitiú ar stór luachmhar fuaime na cartlainne.  Bhí trí mhóraidhm ag an tionscadal seo: an t-ábhar a chaomhnú, rochtain éasca ar an ábhar a chur ar fáil don RnaG, agus rochtain a chur ar fáil do phobal na hOllscoile chun críche taighde agus oideachais.  Is in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua, a rinneadh formhór na hoibre, agus is in Ionad an Acadaimh, Carna, atá an leagan digiteach stóráilte anois.  Le himeacht ama, d’fhorbair RnaG córas digitithe agus cartlannaíochta dá gcuid féin don ábhar reatha atá á chraoladh.  De réir mar a bhaineann daoine úsáid as an gcartlann i gCarna, cuirtear leis na meiteashonraí (faisnéis faoin ábhar).  Mar sin, ó cuireadh críoch le tionscadal digitithe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tá an dá bhailiúchán, an leagan digitithe i gCarna agus an leagan atá ag Raidió na Gaeltachta i gCasla, ag forbairt agus ag fás go neamhspleách ar a chéile.

1.3 Úsáid na Cartlainne

Cé gur thug an comhoibriú idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus RnaG deis d’fhoireann na hOllscoile leas a bhaint as an gcartlann chun críche taighde agus oideachais, faoi láthair is é RnaG atá ag baint níos mó úsáide as an gcartlann dhigiteach i gCarna.  Tá sé réasúnta éasca ag RnaG an t-ábhar agus na meiteashonraí a úsáid chun cur lena gcuid clár, nó chun sraith clár nua a réiteach.  Ó thaobh na hOllscoile de, tá úsáid á baint as ábhar na cartlainne mar áiseanna teagaisc ag leibhéal fochéime, agus tá cuid den ábhar curtha in oiriúint don churaclam náisiúnta bunscoile, agus curtha ar fáil ar iTunes U.  Tá úsáid threallach á baint as an mbailiúchán mar acmhainn do mhic léinn máistreachta, ach go dtí seo níl úsáid bheacht ná chórasach á baint as cartlann RnaG chun críche taighde (ach féach Coll & Ó Tuairisg, 2015).  Tá cúpla cúis leis seo.  D’fhéadfadh sé nach bhfuil an pobal taighde trí chéile ar an eolas faoin mbailiúchán, ná faoi luach agus inrochtaineacht an bhailiúcháin.  Anuas air seo, tá nádúr líneach, cróineolaíoch an bhailiúcháin in oiriúint do stáisiún raidió, ach ní gá go mbeadh sé seo amhlaidh do thaighdeoir atá ag obair de réir spriocanna agus modheolaíochtaí difriúla.  Ar an lámh eile, d’fhéadfaí gur áibhéil atá sa luach thar cuimse a chuirtear ar an mbailiúchán mar acmhainn taighde, agus go bhfeictear nach bhfuil an t-ábhar a aimsítear feiliúnach nuair a dhéantar iniúchadh nó cuardach ar an gcartlann.

Táthar den tuairim go bhfuil luach fiúntach taighde leis an gcartlann.  Tá seans ann gur chraol Raidió na Gaeltachta faisnéis go poiblí den chéad uair, agus mar sin d’fhéadfaí gur foinsí promhaidh taighde atá i gcuid de mhíreanna na cartlainne.  Go deimhin, in agallaimh le seanfhondúirí (atá pléite thíos), bhí eolas áirithe á roinnt leis an bpobal den chéad uair.  Fuarthas deis luach taighde na cartlainne—i réimse na staire—a mheas ar bhealach struchtúraithe nuair a socraíodh, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta faoin scéim ‘An Teanga Bheo’[1], taispeántas ar líne a fhorbairt bunaithe ar léargas RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an am corraitheach idir na blianta 1913 agus 1923, agus ar oidhreacht na tréimhse úd.  Tá os cionn 60,000 comhad fuaime – taifid de chláir a craoladh ó 1972 – sa bhailiúchán, agus is obair dhúshlánach í gnéithe den bhailiúchán a léiriú do phobal níos leithne mar gheall ar mhéid agus ar dhoimhneacht an bhailiúcháin.  Ach chuir teorannacha an tionscadail (na blianta roimh agus i ndiaidh Éirí Amach na Cásca), agus an téama beacht (stair na tíre mar a bhain sé le cúrsaí réabhlóide) ar ár gcumas sciar inláimhsithe den bhailiúchán a fhorbairt mar thaispeántas taighde.  Is é seo an chéad uair a baineadh athearraíocht as ábhar ó chartlann RnaG agus an t-ábhar sin á chur ar fáil do thaighdeoirí agus an pobal trí chéile, ar bhealach atá oiriúnach dá saothrú.

2   Ag Ullmhú An Ábhair

2.1 Ag Roghnú na Míreanna

Tá raon leathan téamaí agus topaicí clúdaithe i gcartlann RnaG.  Áirítear anseo cláir nuachta, cúrsaí reatha, cláir faisnéise, agallaimh, ceol agus amhráin, cláir litríochta agus drámaíochta agus cúrsaí creidimh.  Tá roinnt mhaith ábhair ann, freisin, a bhaineann le cúrsaí staire.  Cíoradh an chartlann chun na míreanna fuaime is feiliúnaí don ábhar faoi chaibidil (stair na tréimhse 1913-1923) a aithint.  Ós rud é nach raibh sé indéanta éisteacht le gach mír sa chartlann chun comhaid fuaime ábhartha a aimsiú, baineadh úsáid as bunachar sonraí (ina raibh na meiteashonraí stóráilte) na cartlainne chun é seo a dhéanamh.

Rinneadh cuardach sa chartlann ag úsáid eochairfhocail éagsúla (de Valera, Éirí Amach, IRA srl.) chun liosta tosaigh d’oibiachtaí digiteacha a chruthú.  Úsáideadh teideal an chláir agus ábhar an chláir (ina raibh eolas leathan faoin gclár, ar nós théamaí an chláir, aíonna an chláir srl.) chun na heochairfhocail a bhí uainn a aimsiú.  Tar éis dúinn staidéar a dhéanamh ar na míreanna seo, úsáideadh eochairfhocail ón ábhar fuaime sin chun athscagadh a dhéanamh ar an gcartlann agus níos mó clár ábhartha a aimsiú.  Ag deireadh an phróisis atriallaigh seo bhí os cionn 100 comhad fuaime aimsithe againn ina raibh ábhar staire ó 1913-1923 á phlé.  Ós rud é go bhfuil os cionn 65,000 mír fuaime sa chartlann, bhíothas ag súil go mbeadh líon níos mó ann a bhain leis an tréimhse faoi chaibidil.

2.2 Próiseáil Fuaime

Mar atá luaite thuas, rinneadh cartlann RnaG a dhigitiú ó 1999 i leith, agus le linn an phróisis seo aistríodh an fhuaim (os cionn 22,000 uair an chloig d’fhuaim agus os cionn 60,000 mír) ó na téipeanna ¼ orlach agus DAT (Digital Audio Tape) go comhaid dhigiteacha ar dhlúthdhioscaí CD, agus ansin chuig freastalaithe stórála de chuid na hOllscoile.  Chun spás a shábháil – ag am nuair a bhí spás stórála daor – rinneadh na comhaid a chomhbhrú.  Cé gur laghdaigh sé seo caighdeán na fuaime de bheagán, ní raibh tionchar ag an gcaighdeán laghdaithe ar an obair seo.  Tar éis dúinn na míreanna fuaime staire a úsáideadh don tionscadal seo a aimsiú, rinneadh níos mó próiseála orthu.  Déanadh normalú ar leibhéil fuaime na gcomhad, ionas go mbeidís ar fad ar aon leibhéal amháin don éisteoir.  Ní bhíonn aon tionchar ag an bpróiseas seo ar an gcóimheas idir comhartha agus torann, agus ní athraíonn sé dinimic choibhneasta na fuaime.  Cé go bhfuil an caighdeán fuaime go maith, tríd is tríd, sna cláir a léiríodh ón stiúideo, is minic go ndeachaigh craoltóirí isteach i dtithe na n-agallaithe, timpeallachtaí nach raibh comhoiriúnach do chaighdeán maith fuaime.  Anuas air seo, bhí glórtha na n-agallaithe lag le haois uaireanta, agus dá bharr bhí níos mó torainn le cloisteáil sna comhaid seo.  Sna cásanna seo, cuireadh algartam laghdaithe torainn i bhfeidhm ar na comhaid ina raibh an cóimheas idir comhartha agus torann an-íseal.  Léiríonn Figiúr 1 an difríocht a rinne sé seo don sruth fuaime.

Figiúr 1: Sruth fuaime ó mhír i gcartlann Raidió na Gaeltachta, ag léiriú an bhunchomhaid fuaime (thuas) agus an fhuaim tar éis dúinn normalú agus algartam laghdaithe torainn a chur i bhfeidhm air (thíos).  Chuidigh sé seo le heispéireas éisteachta níos fearr a thabhairt don úsáideoir.

I gcásanna eisceachtúla, bhí orainn déantáin ón bpróiseas digitithe (m.sh., cainéal steirió folamh) a cheartú.  Bhí próiseas suntasach eagarthóireachta le déanamh freisin.  Bhí na comhaid le gearradh, ionas nach raibh iontu ach fuaim a bhí ábhartha don tionscadal taighde.  Gearradh tús na gclár freisin (go hiondúil an ceol a bhí mar chuid den seoladh isteach) ionas go gcloisfeadh an t-úsáideoir/éisteoir an t-ábhar díreach i ndiaidh dóibh cliceáil air.  Rinneadh é seo ar fad chun eispéireas úsáide níos fearr a chur ar fáil don úsáideoir.

2.3 Meiteashonraí na Cartlainne

Tá struchtúr meiteashonraí ar leith ag cartlann Raidió na Gaeltachta, a léiríonn gur ó earnáil na craoltóireachta a tháinig an t-ábhar.  Cuireadh na meiteashonraí le chéile le linn an phróisis digitithe thuasluaite, nuair a cruthaíodh bunachar sonraí ina raibh faisnéis faoi na cláir stóráilte.  Bhíodh rannpháirtithe ó scéim oiliúna de chuid FÁS ag obair ar an tionscadal gach bliain, ag éisteacht leis na míreanna fuaime agus ag comhlánú an bhunachair sonraí.  Áiríodh san fhaisnéis seo sonraí faoi na cláir féin (dáta craolta, léiritheoir, láithreoir, aíonna, agus ábhar na gclár ina measc) agus sonraí rochtana na míre (uimhir dhlúthdhiosca agus uimhir thraic, m.sh.).  Mar nach raibh treoirlínte ná struchtúr córasaithe leagtha síos don obair seo, ní raibh cur síos na míreanna comhsheasmhach ó mhír go mír, go háirithe mar a bhain siad le hábhar an chláir, le hainmneacha daoine agus le logainmneacha.

Bhí struchtúr nua ag teastáil chun an t-ábhar a chur in oiriúint do thaispeántas ar líne, agus do riachtanais chomhaimseartha taighdeoirí agus an phobail trí chéile.  Dá bhrí sin rinneadh ailíniú ar an mbunleagan de na meiteashonraí ionas go mbeadh sé ag teacht le treoirlínte Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI[2]) i leith meiteashonraí (Bustillo et al., 2015).  Cuireadh scéimre meiteashonraí bunaithe ar an Dublin Core Metadata Initiative (nó DCMI) i bhfeidhm ar na sonraí (Hakala, 2000).  Cuidíonn sé seo le heispéireas maith taiscéalaíochta agus fionnachtana a chur ar fáil don úsáideoir (McCarthy, 2015).  Tá 55 téarma DCMI ann agus úsáideadh 16 acu chun cur síos a dhéanamh ar ábhar na cartlainne.  Socraíodh go mbeadh comhéadan úsáideora an tsuímh i nGaeilge amháin (Coll & Ó Tuairisg, 2015) agus thug sé seo saoirse dúinn ár dteideal féin a thabhairt do chuid de na téarmaí ón DCMI.  Mar shampla, úsáideadh an téarma Creator don Léiritheoir, úsáideadh an téarma Mediator chun cur síos a dhéanamh ar Láithreoir na míre, agus thug an téarma Contributor deis dúinn Aíonna an chláir a liostú.  Úsáideadh caighdeáin ionchódaithe atá in úsáid go forleathan, m.sh. ISO 639 d’aitheantóirí teanga (m.sh. ga, en).  Cloíodh le treoirlínte atá luaite in ‘Irish Guidelines for Indexing Archives’ (2013) agus ainmneacha pearsanta á bhformáidiú (m.sh. Láithreoirí, Léiritheoirí, Aíonna agus pearsana stairiúla).  Tá mionchur síos ar an struchtúr nua seo ar fáil in Ó Tuairisg et al (2016).

Cuireadh próiseas saibhrithe i bhfeidhm ar mheiteashonraí an ábhair, ionas go mbeidís feiliúnach do thaispeántas cuimsitheach, idirghníomhach ar líne.  Bhíothas ag iarraidh naisc a dhéanamh le bunachair sonraí eile ar líne, cosúil le ainm.ie, logainm.ie agus Biúró na Staire Míleata[3].  Éisteadh go grinn le gach mír fuaime, agus rinneadh nóta d’ábhar na míre, na daoine, na háiteanna, na heachtraí agus na tréimhsí a bhí luaite iontu.  Rinneadh nóta de na háiteanna a bhí luaite sna míreanna, agus úsáideadh an téarma DCMI Spatial Coverage chun naisc a dhéanamh chuig na háiteanna seo ar logainm.ie.  Úsáideadh an téarma Temporal Coverage chun dátaí agus tréimhsí ama suntasacha a stóráil.  Chun naisc a dhéanamh chuig suíomhanna eile ar líne úsáideadh an téarma Is referenced by.  Tá na 16 téarma DCMI a úsáideadh, chomh maith leis na teidil a tugadh dóibh i nGaeilge, sampla ón taispeántas, agus cur síos ar an téarma liostáithe i bhFigiúr 2. 

Figiúr 2: Na 16 téarma DCMI (sa chéad cholún) a úsáideadh chun cur síos a dhéanamh ar na míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tá an teideal Gaeilge a úsáideadh sa taispeántas sa dara colún, agus sampla tógtha ó mhír sa chartlann, agus cur síos mínithe sa tríú agus ceathrú colún faoi seach.

3 Ag Cruthú an Taispeántais

3.1 Ábhar an Taispeántais

Digital curation involves maintaining, preserving and adding value to digital research data throughout its lifecycle (Digital Curation Centre, 2017: 1).

Tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ag 3.00pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972 (RTÉ, 2017).  Mar sin, i measc na gcéad rudaí a craoladh, bhí na comorthaí a rinneadh an bhliain sin ar Éirí Amach 1916.  Is sna ceantair Ghaeltachta is mó atá láithreacht ag RnaG – tá stiúideonna i gConamara, i gCorca Dhuibhne agus i nGaoth Dobhair.  Cé gur stáisiún náisiúnta atá in RnaG, cuireadh béim ar an gcraoltóireacht áitiúil sna luathbhlianta, agus mar sin baineann go leor den ábhar staire leis na ceantair seo.

Clúdaíonn na míreanna staire a aimsíodh raon leathan topaicí, téamaí agus tréimhsí.  Tá idir léachtaí, agallaimh agus chláir faisnéise sa bhailiúchán seo.  Tugann na míreanna fuaime seo léargas ar chomhthéacs stairiúil, cultúrtha agus sóisialta an ama.  Léiríonn siad freisin an tionchar a bhí ag eachtraí corraitheacha, cosúil leis an gCogadh Mór, an tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha, ar phobal na hÉireann.  Chuir RnaG go leor béime ar chláir chomórtha a chraoladh ar dhátaí tábhachtacha, agus mar sin is minic gur tháinig an téama céanna (Éirí Amach na Cásca san Aibreán, mar shampla) aníos bliain i ndiaidh bliana.  Sna cláir chomórtha seo, cuireadh agallaimh orthu siúd a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla, agus b’fhoinsí suntasacha eolais a bhí iontu.  Tugann na míreanna sin léargas dúinn ar a ndearcadh siúd – a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar – ar na heachtraí stairiúla sin a tharla sa tréimhse chinniúnach dhíreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.  Bhí cuid den ábhar a úsáideadh fite fuaite i gcláir eile – giotaí beaga gearra a tháinig aníos i míreanna nuachta, i gcláir staire agus mar sin de.  Ach ar an lámh eile bhí cláir iomlána eile a mhair idir 60 agus 120 nóiméad a phléigh le téama amháin.  Bhí fúinn an t-ábhar seo go léir a chur i láthair an phobail sa taispeántas ar líne.  

3.2 Comhéadan an Taispeántais

Is í an oibiacht dhigiteach (an comhad fuaime agus na meiteashonraí a théann leis) an bunaonad, nó an bhunfhoinse, as ar cruthaíodh an taispeántas ar líne.  Cuireadh na hoibiachtaí digiteacha seo ar fad ar fáil don úsáideoir, ar bhonn brabhsála nó cuardaigh.  Léiríonn Kwasnik (1992) na buntáistí suntasacha atá le comhéadan éifeachtach a chuideoidh le heispéireas brabhsála fiúntach:

If a system provides a well-connected space and navigational aids, it is possible, by browsing, to explore the information in a system without prior knowledge of the content. In this way, browsable systems can be invaluable to users in crossing over into new and unfamiliar domains (Kwasnik, 1992: 198).

Ach deir Whitelaw (2015), mura gcuirtear comhéadan ceart ar fáil: ‘…though in digital collections browse-based collection interfaces are typically impractical and uninspired: pages of alphabetised lists.’  Cé nár seachnaíodh ‘liostaí in ord aibítre’ san fhuinneog bhrabhsála, tugadh faoi theachtaireacht Kwasnik a chur i bhfeidhm sa taispeántas, agus ‘well-connected space’ a chur i bhfeidhm sa chomhéadan.  Cruthaíodh naisc (hipearnaisc) idir míreanna gaolmhara, agus naisc eile amach chuig suíomhanna ábhartha eile ar an idirlíon (logainm.ie, ainm.ie, srl) chun é seo a dhéanamh.  Is é an próiseas cuardaigh an rogha, is coitianta ag an úsáideoir chun dul i ngleic le comhéadan ar líne, agus mar sin is féidir cuardach (simplí nó casta) a dhéanamh sa bhosca cuardaigh ar gach téarma DCMI sna meiteashonraí.  Chun an t-úsáideoir a spreagadh chun taiscéalaíochta, cuirtear ‘Mír faoi Thrácht’ agus ‘Taispeántas faoi Thrácht’ ar fáil ar an leathanach baile.  Roghnaítear iad seo ar bhonn randamach ar gach cuairt chuig an suíomh idirlín.

Agus an bhunfheidhmiúlacht seo curtha ar fáil, díríodh ar bhealaí chun na scéalta staire a bhí sna hoibiachtaí digiteacha a insint.  Ní fhéadfaí é seo a dhéanamh gan próiseas taighde agus coimeádaíocht chúramach a leanacht.  Ag úsáid na míreanna fuaime mar bhunfhoinsí, socraíodh na scéalta seo a chur i láthair an úsáideora i dtrí bhealach éagsúla:

  • coimeádaíocht ar leith a dhéanamh ar chláir na staraithe agus na seanfhondúirí;
  • aistí, nó insint na staire, a chruthú bunaithe ar chuntais finné súl, mar aon le mapaí a úsáid;
  • amlínte d’eachtraí suntasacha na tréimhse a chruthú.

3.3 Agallaithe agus Staraithe

Ba mhinic nach raibh seanfhondúirí a mhair sna blianta 1913-1923 ag iarraidh mórán cainte a dhéanamh faoin méid a chonaic siad agus na rudaí a rinne siad le linn na cogaíochta.  Ach de réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, agus le hugach ó chraoltóirí RnaG, nocht na seanfhondúirí roinnt de na scéalta agus na rúin a bhí acu.  Bhí suim ar leith againn na scéalta seo a léiriú sa taispeántas.  Rinneadh go leor de na hagallaimh seo sna 1970í agus sna 1980í.  Is foinsí príomha, tábhachtacha staire iad.  Tugann siad léargas ar an tionchar pearsanta a bhí ag an tréimhse seo orthu féin agus ar a muintir.  Freisin, chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta go leor clár ina ndearnadh iarracht comhthéacs na tréimhse 1913-1923 i stair na hÉireann a léiriú don phobal éisteachta.  Is iomaí saineolaí agus staraí a roinn a gcuid eolais ar na cláir faisnéise agus na míreanna nuachta seo.  Bhíothas ag iarraidh tús áite a thabhairt ar an suíomh don dá fho-thacar fuaime seo – cuntais na bhfinnéithe súl a ghlac páirt agus a chonaic na heachtraí stairiúla faoi chaibidil, agus cuntais na staraithe sin a rinne staidéar orthu.  

Cruinníodh le chéile na comhaid fuaime seo agus cuireadh i láthair ar leathanach amháin ar an suíomh iad.  Tá an t-amharc seo éagsúil ón amharc atá ag na hoibiachtaí digiteacha aonair, mar nach bhfuil le feiceáil ach an seinnteoir fuaime, teideal agus cur síos na míre.  Nuair a bhí níos mó ná comhad fuaime amháin luaite le finné súl nó le staraí (glacann an staraí Gearóid Ó Tuathaigh páirt i 10 gclár, mar shampla), taispeánadh iad seo go léir ar aon leathanach amháin.  Tá sampla de seo le feiceáil i bhFigiúr 3.

Figiúr 3: Sampla den choimeádaíocht a rinneadh chun amharc ar leith a thabhairt d’fhinné súl (Sighle Humphreys sa chás seo) agus do staraí (Gearóid Ó Tuathaigh).

 

3.4 Aistí Staire

Digital history allows the exploitation of kinds of evidence and data bases that would be too opaque or too unwieldy to use without computers. It is all the stuff that we cannot narrate, or at least narrate without losing our audience (White, 2010: 1).

Bhí uainn coimeádaíocht agus anailís dhomhain a dhéanamh ar ábhar na cartlainne agus an anailís seo a chur ar fáil don úsáideoir ar bhealach mealltach agus idirghníomhach.  Cuireadh le chéile ocht n-aiste staire dírithe ar mhórthéamaí na tréimhse 1913-1923[4], ag úsáid an eolais atá i míreanna fuaime an bhailiúcháin.  Sna taispeántais seo, dírítear ar an bhfianaise uathu siúd a chonaic nó a ghlac páirt in eachtraí stairiúla na tréimhse.  Glacadh leis na míreanna fuaime seo mar bhunfhoinsí staire, agus go bhfuil ábhar iontu nach bhfuil eolas coiteann air.  In áiteanna sna haistí seo, déantar tagairtí do mhíreanna fuaime ina bhfuil staraithe ag caint.  Déantar seo chun comhthéacs níos leithne a thabhairt don úsáideoir.  I ngach aiste, tá naisc i dtéacs aibhsithe chuig na míreanna fuaime as ar tógadh an t-eolas.  Déanann an téacs aibhsithe seo tagairt do cheantar tíreolaíoch atá luaite sa mhír.  Osclaíonn an nasc seo an mhír fuaime san áit chuí ar an mapa.  Is uirlis taiscéalaíochta í seo, ach is bealach freisin é seo chun comhthéacs níos leithne a thabhairt don úsáideoir faoi na foinsí as ar cruthaíodh an aiste.  Tá dhá ghabháil scáileáin, tógtha ó na haistí faoi Chogadh na Saoirse agus faoin Éirí Amach, le feiceáil i bhFigiúr 4.

 

Figiúr 4: Gabháil scáileáin de na haistí staire, mar atá siad léirithe le mapaí.

3.5 Amlínte

Is uirlisí iad amlínte a bhíonn in úsáid go forleathan i dtaispeántais fhisiciúla cartlainne, ach le déanaí tá níos mó úsáide á mbaint astu i dtaispeántais ar líne freisin.  Is bealaí maithe iad chun úsáideoirí a thabhairt ar aistear teamparálta tríd an ábhar, ach cuireann Lubar (2013) fainic orainn:

The timeline carries with it assumptions about the narrative structure of history, about the primacy of chronological understanding, and about progress. It makes it seem as though history is a path to the present (Lubar, 2013: 169).

I gcás an taispeántais seo, measadh go raibh cúpla sruth ama éagsúil i bhfeidhm san ábhar: an sruth teamparálta ó 1913 go 1923 san ábhar féin, agus sruth croineolaíochta na craoltóireachta agus na cartlainne (ó 1972 ar aghaidh).[5]  Dá shimplí atá siad, is ea is fearr a oibríonn amlínte mar uirlisí taiscéalaíochta.  Ar an mbunús seo, socraíodh ceithre amlíne éagsúla a chruthú.  Díríonn trí cinn acu – An tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha—ar eachtraí staire éagsúla ó na tréimhsí sin atá pléite ar mhíreanna fuaime ó chartlann Raidió na Gaeltachta.  Tugtar nasc chuig an mír/na míreanna fuaime ina bhfuil tagairt déanta don eachtra, chomh maith le heolas breise faoin eachtra, i bhfoirm nasc Vicipéide, mapa nó íomhá.  Taispeántar sa cheathrú hamlíne na míreanna fuaime go léir san ord inar craoladh iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tugtar nasc chuig an mír fuaime chomh maith le cur síos gonta faoi ábhar na míre.

Figiúr 5: Dhá chineál amlíne sa taispeántas. Ar chlé tá amlíne ina bhfuil na heachtraí éagsúla a bhaineann leis an Éirí Amach luaite (mar a thagann siad aníos sa chartlann).  Ar dheis tá sampla de mhír fuaime mar a bhreathnaíonn sé ar an amlíne craolta.

4 Conclúid

San alt seo, tugadh léargas ar na próisis, ar na cleachtais agus ar na cuir chuige a leanadh chun taispeántas ilmheánach, físiúil a chruthú as ábhar fuaime lom, aonchineálach ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Pléadh na modhanna a úsáideadh chun doimhneacht agus saibhreas an ábhair fuaime a léiriú.  Tugadh faoi ábhar na cartlainne a léiriú ar bhonneagar teicneolaíochta atá in oiriúint do mhodheolaíochtaí lucht taighde nuair atá siad ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar ábhar den sórt sin.  Bhíothas ag iarraidh freisin go mbeadh fáil éasca ag an bpobal ar an ábhar.  Le seo a dhéanamh, cuireadh próiseas coimeádaíochta agus comhthéacsaithe i bhfeidhm ar an ábhar fuaime.  Ar an mbealach seo saothraíodh an t-ábhar ionas go mbeadh saineolaithe an réimse in ann tuilleadh saothraithe a dhéanamh air.

Maidir le luach taighde an ábhair, is cinnte go bhfuil fiúntas le staidéar agus saothrú a dhéanamh ar chartlann RnaG.  Ach tiocfaidh eilimintí casta chun solais – ina measc, an brú a bhí ar an léiritheoir cloí le cúrsaí ama, claonadh comhfhiosach nó neamh-chomhfhiosach an chláir, agus torthaí na heagarthóireachta nach bhfuil le feiceáil sa táirge deiridh.  Caithfear na dúshláin seo ar fad a shárú, nó ar a laghad a aithint, sular féidir an leas is fearr a bhaint as an ábhar fuaime atá sa bhailiúchán mar amhábhar taighde.

Is sampla an taispeántas seo ar athúsáid agus atheagar a dhéanamh ar ábhar craolta, chun é a chur in oiriúint do phobal nua ag úsáid teicneolaíochtaí comhaimseartha.  Cé gur díríodh ar aschur staire an stáisiúin, tá na cleachtais seo bailí do réimsí eile.  Go deimhin, tá na huirlisí mapála a úsáideadh thar a bheith ábhartha do chúrsaí tíreolaíochta agus logainmníochta.  Amach anseo, tá sé ar intinn againn tuilleadh d’ábhar na cartlainne a chur ar fáil ar an mbealach seo.

 


[4] Is iad sin: An Ghaeilge sa Phobal (1913-1921); An Cogadh Mór (1914-1918); Éirí Amach na Cásca (1916); Éire in Aimsir na Réabhlóide (1917-1919); An Pobal agus na Réabhlóidithe (1916-1923); Cogadh na Saoirse (1919-1921); An Cogadh Cathartha (1922-1923); An Saol ina Dhiaidh (1923-).

[5] Ar leibhéal níos teibí, tá sruth ama ann atá ag dul an bealach eile, siar bóthar na smaointeoireachta.  Tá sé seo le feiceáil sna míreanna fuaime nuair atá na hagallaithe agus na staraithe ag smaoineamh siar agus iad ag roinnt a gcuid eolais leis na craoltóirí.

Leabhairliosta

Leabhair

McCarthy, K., (2015) Metadata Quality Control. Dublin: Royal Irish Academy.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A., & O’Brien, M., (2007). Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht /Comprehensive Linguistic Study of the Use of Irish in the Gaeltacht.  An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta.

Ó Glaisne, R., (1982) Raidió na Gaeltachta. Indreabhán: Cló Chois Fharraige.

Ailt

Browne, D. R., (1992) ‘Raidió na Gaeltachta: Reviver, Preserver or Swan Song of the Irish Language?’ European Journal of Communication, 7 (3). 415-33.

Coll, R. & Ó Tuairisg, S., (2015) ‘Preparing Bilingual Metadata for a Bilingual Repository’. New Review of Information Networking, 20 (1-2). 53-8.

Hakala, J., (2000)  ‘Dublin Core Metadata Initiative’. CRIS 2000-Current Research Information Systems.

Kwasnik, B. H., (1992) ‘A descriptive study of the functional components of browsing’ I: Larson, J. & Unger, C. (Eag.) Proceedings of the IFIP TC2/WG2.7 working conference on engineering for human-computer interaction, Ellivuori, Finland, 10-14 August 1992.  IFIP Transactions, A-18,  Amsterdam: Elsevier Science Publishers. 191-203.

Lubar, S., (2013) ‘Timelines in exhibitions’. Curator: The Museum Journal, 56 (2). 169-88.

Ó Tuairisg, S. Ní Cholla, R. & Ó Droighneáin, P., (2016) ‘Saothar Sheáin Mhic Giollarnáth ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann’. OÉ Gaillimh: Léann Teanga: An Reiviú, 4.

Schűller, D., (2004) ‘Sound recordings: problems of preservation’. Feather, J. (Eag.)  Managing Preservation for Libraries and Archives: Current Practices and Future Development.  Burlington, VT: Ashgate Publishing Ltd.

Watson, I., (2002) ‘Irish-language broadcasting: history, ideology and identity’. Media, Culture & Society, Dublin: University College Dublin Press, 24 (6). 739-57.

Whitelaw, M., (2015) ‘Generous interfaces for digital cultural collections’. Digital Humanities Quarterly, 9 (1). 38.

Foinsí leictreonacha

Bustillo, M., Collins, S., Gallagher, D., Grant, R., Harrower, N., Kenny, S., Martínez García, A., Ní Cholla, R., O’Carroll, A., Redmond, S. & Webb, S. (2015) Qualified Dublin Core and the Digital Repository of Ireland. Grant, R., (Eag.) Maynooth: Maynooth University; Dublin: Trinity College Dublin; Dublin: Royal Irish Academy; Galway: National University of Ireland, Galway.

Digital Curation Centre. (2017) What is digital curation? Le fáil ag: http://www.dcc.ac.uk/digital-curation/what-digital-curation. (Léite 28 Eanáir 2017).

RTÉ, (2017) Raidió na GaeltachtaEolas Fúinn. Le fáil ag: http://www.rte.ie/rnag/articles/eolas/2013/0418/382239-eolas-fuinn/. (Léite 28 Eanáir 2017).

White, R. (2010)  ‘What is Spatial History?’ Spatial History Project.  Lab Working paper. Le fáil ag: http://www.stanford.edu/group/spatialhistory/cgi-bin/site/pub.php?id=29. (Léite 28 Eanáir 2017).