DOI: https://doi.org/10.13025/5pcn-3t07

An Dátheangachas agus Saothair Dhrámaíochta TG4: iniúchadh ar dhomhan scéalaíochta An Klondike agus Corp + Anam

Réamhrá

Cé go bhfuil ficsean nuascríofa i nGaeilge á choimisiúnú agus á chraoladh ag TG4 ó bunaíodh an staisiún i 1996, feictear go bhfuil borradh suntasach tagtha ar an aschur drámaíochta ó Bhaile na hAbhann le roinnt blianta anuas. Feictear freisin go bhfuil ceangal ag an mbisiúlacht drámaíochta seo le teacht chun cinn roinnt cistí maoinithe lasmuigh den stáisiún, mar an scéim Fuaim agus Fís atá faoi chúram Údarás Craolacháin na hÉireann, ag tabhairt cosán do scriptscríbhneoirí i nGaeilge insint drámaíochta i nGaeilge a fhorbairt. Tá chomh maith is atá ag éirí le maoiniú a tharraingt i dtreo saothair dhrámaíochta i nGaeilge ag dul chun tairbhe TG4 sa chomórtas oscailte seo, go deimhin, tá os cionn €17 milliún[1] dáilte ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar 36 togra drámaíochta i nGaeilge ó 2006 (Údarás Craolacháin na hÉireann, 2017). Cé gur iomaí slat tomhais atá ann le go bhféadfaí áitheas na saothar ficsin seo a scrúdú, ar nós méid an lucht féachana mar shampla, b’fhiú a thabhairt ar aird go bhfuil soláthar drámaíochta TG4 ag tarraingt aire na léirmheastóirí agus na gcriticí go rialta, ní hamháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta chomh maith.

Tá dhá shraith drámaíochta a chraol TG4 agus a bhain duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta amach á n-iniúchadh sa pháipéar seo.  Is iad sin, Corp + Anam (Magamedia, 2011 agus 2014) a scríobh Darach Mac Con Iomaire agus a bhí á stiúradh aige, agus An Klondike/Dominion Creek (Abú Media, 2013 agus 2017) a chruthaigh agus a stiúir Dathaí Keane.  Roghnaíodh na saothair seo mar go dtugann siad léargas ar na dúshláin atá le sárú ag scríbhneoirí scripte i nGaeilge, cothromaíocht sna léirithe a bhaint amach i dtaobh chruthú na scéalaíochta, agus cur i láthair i mionteanga.  Roghnaíodh iad chomh maith, mar go bhfuil cosúlachtaí sna léiriúcháin seo i dtaobh scóipe agus i dtaobh buiséid de, ach an-éagsúlacht sa chaoi a gcuirtear an domhan scéalaíochta i láthair i nGaeilge.  Scrúdófar próisis forbartha agus deartha scripte na mórthograí drámaíochta seo trí agallamh leathstruchtúrtha a chur ar na scríbhneoirí, ina ndéanann siad anailís ar na mianta aeistéitice a chruthaigh siad. Tarraingítear freisin ar agallamh leathstruchtúrtha le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a thugann forléargas agus comhthéacsú ar an drámaíocht físe i nGaeilge, ina bpléitear an glacadh atá ag an lucht féachana leis.

TG4, an teanga, agus an margadh nualiobrálach teilifíse

Tá sé deacair aschur físe agus aeistéitice TG4 a scrúdú gan a bheith tarraingthe i dtreo dioscúrsaí atá sáite i bpolaitíocht na teanga a cheanglaítear go minic le cúrsaí maoinithe agus líon an lucht féachana a bhfuil Gaeilge acu.  Ceapann Máirín Nic Eoin go bhfuil ‘sé ionann is dodhéanta aon táirgeadh cultúir i dteanga mhionlaithe a phlé’ ar nós TG4  ‘beag beann ar stádas nó ar easpa stádais na teanga ina gcruthaítear é.’ (2008: 51); dar le Mike Cormack, airíonn pobail mhionteangacha go minic go mbíonn an teanga ag iompar mar a deireann sé ‘…the entire burden of cultural differentiation’ (1999: 294); agus síleann Mairéad Moriarty, go bhfuil ar a laghad ról indíreach ag TG4 in athbheochan na Gaeilge, (2008: 141).  Ní iontas é go gceanglaítear an stáisiún le polaitíocht na teanga má thugtar sracfhéachaint ar stair TG4, stair atá fréamhaithe i ngluaiseachtaí teanga agus Gaeltachta a bhí ar bun ó na 1970í.  Mar chuid den seimineár, TG4@10: Deich mBliana de TG4, a eagraíodh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2006, mheabhraigh Ité Ní Chionnaith nach ‘…go héasca a baineadh TnaG amach’ ach ‘mar thoradh ar bhreis is fiche bliain d’fheachtais leanúnacha a reáchtáil’ (2008: 30).  Is argóintí eacnamaíochta is mó a úsáideadh le beag a dhéanamh den stáisiún.  Dar léi, bhí freasúra glórach i gcoinne Theilifís na Gaeilge ón gcéad lá, leis an ‘Sunday Independent i dtús cadhnaíochta san obair seo’, de shíoraí ag ceistiú chostas an stáisiúin; ba ‘gravy train’ a bhí i Teilifís na Gaeilge dar le Diarmuid Doyle; agus bhaist Kevin Myers san Irish Times ‘Teilifís de Lorean’ ar an gcainéal, sular tosaíodh ag craoladh fiú (2008: 32).

Tá an Ghaeilge ceannasach i misean, fís agus croíluachanna an stáisiúin de réir mar a luaitear sa tuarascáil bhliantúil is déanaí a foilsíodh in 2015, ina bhfuil sé mar sprioc ‘an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn chun áit lárnach a chinntiú do TG4 i saol an Éireannaigh, in Éirinn agus thar lear’, ach ar an leathanach céanna, tá béim ar chláir ‘atá in ann a bheith san iomaíocht le haghaidh leibhéal ard lucht féachana agus atá in ann na leibhéil arda sin a bhaint amach agus a choimeád ar bun’ (2015:3).  Is féidir na gluaiseachtaí ar son cearta do mhionteangacha agus na hargóintí airgeadais a cuireadh i gcoinne na ngluaiseachtaí céanna sin a cheangal le hathruithe idé-eolaíochta a bhí ag teacht chun cinn i gcúrsaí craoltóireachta sna 1990í.  Dar le hIarfhlaith Watson in Broadcasting in Irish – Minority language, raidio, television and identity, tháinig Teilifís na Gaeilge ar an bhfód i dtréimhse nualiobrálach inar tugadh aghaidh ar thimpeallacht dhomhanda (2003: 116).  Ba é an dúshlán a bhí ag TG4 ón tús, an fód sin a sheasamh sa tionscal teilifíse nualiobarálach seo, ina gcuirtear béim ar fhigiúirí féachana agus teacht isteach fógraíochta, ach go gcaithfear táirge cultúrtha a fhorbairt freisin.  Aithníonn Watson na deacrachtaí agus na contrárthachtaí a bhí le sárú i mBaile na hAbhann i 1996:

Broadcasting in Irish has had to navigate between two opposing ideologies. Each ideology promotes its own nexus of ideas and ways of behaving. The traditional ideology supports the promotion and restoration of Irish – two difficult and, to some extent, contradictory demands in themselves. However, the modern liberal-neoliberal ideology makes further demands – expects commercial viability. In broadcasting, this implies realising finances via advertising revenue and directs attention toward attracting a large audience to gain the ratings required by advertisers. Nonetheless, one must not forget that rights are a central component of the liberal philosophy. This adds a further component – Irish speakers have a right to be informed and entertained in Irish (2003: 127).

Tá múnla an fhoilsitheora/chraoltóra ina bhfuil comórtas oscailte ann idir léiritheoirí neamhspleácha fós i bhfeidhm i mBaile na hAbhann, ach go bhfuil na céadta cainéal teilifíse breise ann anois (gan trácht ar na seirbhísí físe atá ar líne), agus é seo tar éis TG4 a chur faoi thuilleadh brú.  Ceapadh Alan Esslemont ina Ardstiúrthóir ar an stáisiún i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir i Meán Fómhair 2016 agus is léir dósan go bhfuil gá idirdhealú a dhéanamh ar lucht féachana TG4.  Mar chuid den cheiliúradh fiche bliain a bhí ag TG4 i mí na Samhna 2016, thug Esslemont le fios ar an gclár Seacht Lá (1 Samhain 2016) go bhfuil ar a laghad dhá chineál lucht féachana ag an stáisiún, an ‘croí-lucht féachana’, agus iad siúd ‘nach bhfuil Gaeilge chomh maith sin acu nó, nach bhfuil Gaeilge acu ar chor ar bith’.  Mar sin féin, mheas sé go gcaithfí ‘freastal air sin’.  Feictear dó go mbaineann an t-aschur drámaíochta go príomha, leis an gcroí lucht féachana:

Tá a fhios againn gur féidir linn go leor ceannlínte a fháil go náisiúnta le drámaíocht, ach i ndeireadh na dála ní thagann uimhreacha móra náisiúnta tríd. Ó thosaigh muid ag déanamh monatóireachta ar an gcroí-lucht féachana trí Fios Físe[2], táimid in ann a fháil amach go bhfuil drámaíocht an-tábhachtach don chroí-lucht féachana, is iad sin daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain, agus feictear domsa nuair atáimíd ag déanamh drámaíochta,  gur cheart dúinn a bheith ag freastal ar an gcroí-lucht féachana sin (Esslemont, 2017).

Eolas faoi An Klondike/Dominion Creek agus Corp + Anam

Craoladh An Klondike/Dominion Creek ar TG4 den chéad uair i Meán Fómhair 2015.  Is sraith le ceithre pháirt é faoi na deartháireacha Connolly, triúr inimirceach as Éirinn a chuaigh ó Montana go Yukon le linn fuadar óir na 1890í. Fuair an tsraith maoiniú ó TG4, ó Bhord Scannán na hÉireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann, agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann, chomh maith le cuidiú ón scéim tacaíochta atá i bhfeidhm ag an Stát (Mír 481) do dhrámaíocht teilifíse agus scannáin.  In 2016, bhuaigh An Klondike ceithre ghradam IFTA (Irish Film and Television Academy); baineadh amach an duais don dráma is fearr agus don script is fearr, an chéad uair riamh a bhronn IFTA a leithéid ar shraith drámaíochta teilifíse i nGaeilge.  Taispeántar An Klondike i dtíortha eile chomh maith. Is féidir teacht ar leagan dubáilte den saothar ar an tseirbhís síntiúis teilifíse ar líne, Netflix, sa Ríocht Aontaithe, ach gur faoin teideal Dominion Creek atá sé; is féidir é a fheiceáil ar líne chomh maith, i nGaeilge, ar Acorn TV atá ar fáil sna Stáit Aontaithe.

Tá dhá shraith den saothar drámaíochta comhaimseartha Corp + Anam craolta ag TG4 freisin. Is dráma é ina mbíonn an comhfhreagraí coiriúlachta teilifíse, Cathal Mac Iarnáin i mbun fiosruithe a thugann léargas géarchúiseach ar shochaí na hÉireann. Rinneadh an dráma le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann, ó Bhord Scannán na hÉireann, agus le cúnamh ón Stát (Mír 481).  I measc na nduaiseanna atá bainte amach ag an tsraith tá gradam speisialta IFTA do léiriú i nGaeilge agus duais Fhéile na Meán Ceilteach don dráma is fearr in 2012.

Cúlra, coincheap agus teanga

Nuair a bhí Dathaí Keane ag tabhairt faoin tsraith fáisnéise Mobs Cheanada (Abú Media) in Ontario do TG4 in 2011, thug sé faoi deara go raibh an-chosúlacht ag an tírdhreach le hiarthar na hÉireann, agus go háirithe le tuaisceart Chonamara.  Spreag cómhrá faoin nGaeilge a bhí aige leis an aisteoir cáiliúil Brendan Gleeson, nuair a ghuthaigh siad 1916: Seachtar na Cásca (Abú Media, 2010).  Phléigh siad deiseanna an Ghaeilge a úsáid i ndomhan scéalaíochta nach é domhan na hÉireann é, mar a rinneadh le scéal an dhaoránaigh Alexander Pearce san fhadscannán Astrálach Van Diemen’s Land, stiúrtha ag Johnathan Auf der Heide (2009):

Cén fáth nach bhfuil scannáin déanta i nGaeilge? Luaigh sé (Brendan Gleeson) Van Diemen’s Land, scannán atá lonnaithe san Astráil, fíor scéal, déanta ar bhuiséad íseal go leor; baineann sé le daoine atá curtha anon ansin, i saghas ‘penal colony’, ach briseann slua díobh amach. Tháinig na hAstrálaigh seo go hÉireann agus d’fhoghlaim siad Gaeilge agus tá a lán Gaeilge sa scannán. Bhí sé sin i mo chloigeann, ní chaithfidh an scéal seo a bheith lonnaithe in Éirinn (Keane, 2017).

D’éirigh le Keane, i gcuideachta an scríbhneora scripte Marcus Fleming, eilimintí de chuntas Mhicí Mhic Gabhann atá ina leabhar, Rotha Mór an tSaoil  faoin ruathar an óir go Klondike, a phacáistiú do TG4 i saothar físe a bhainfeadh leas as an tírdhreach a bhí ar leac an dorais aige i dtuaisceart Chonamara.  D’éirigh leis maoiniú a mhealladh ó na cistí éagsúla atá thuasluaite agus leis sin chraol TG4 an chéad scannán ‘buachaillí bó’ i nGaeilge.  Ní hamháin sin, ach chruthaigh sé saothar a chuaigh chuig margaí teilifíse eile.  Ón tús, bhí sé ag breathnú níos faide ó bhaile ná lucht féachana TG4 amháin:

Ní raibh mé ag iarraidh clár a dhéanamh a bhí parochial. Bhí mé ag iarraidh clár a dhéanamh a d’fhéadfaí a chur amach ar fud an domhain…go mbeadh muid in ann é a dhíol agus dáileadh idirnáisiúnta a fháil. Is breá liom teacht ar ‘dhomhan’ mar sin; bhí mé i gcónaí ag smaoineamh ar an nGaeilge. Scríobhaim féin i mBéarla, scríobhann Marcus i mBéarla ach bhí a fhios agam go mbeadh carachtair sa dá ‘dhomhan’, go mbeadh carachtair in ann Béarla a labhairt nuair a bhí siad ag iarraidh, ach go mbeadh siad in ann Gaeilge a labhairt freisin (Keane, 2017).

Más leathshúil i dtreo na ‘timpeallachta domhanda’ atá luaite ag Watson (2003: 116) a bhí ag Keane, b’fhéidir go bhféadfaí cur chuige Dharach Mhic Con Iomaire, a stiúir Corp + Anam, a cheangal leis an taobh eile den idé-eolaíocht liobarálach a bhí i bhfaisean ag an am, ina gcosnaítear cearta na bpobal le mionteanagacha.  Dar leis, tá géarghá fócas, struchtúr cuimsitheach, agus fiú teorainn a leagan ar thogra cruthaitheach má tá sé le teacht in inmhe.  Caithfear mioneolas a chur ar an ‘domhan’ scripte ina maireann na carachtair le go bhféadfar teacht ar insint atá ‘fírinneach’ nó dílis don phlota atá leagtha amach dóibh.  Cuireann Mac Con Iomaire suim i scéalta a chaitheann súil ghéar ar an tsochaí, go háirithe, mar a deir sé, nuair atá ‘cos ar bolg’ i gceist, á dhéanamh ag na húdaráis orthu siúd nach bhfuil in ann seasamh ina n-aghaidh.  Níl aon chúis nach mbeadh saothar mar seo tarraingteach do lucht féachana nach pobal TG4 iad ach is iad na bunphrionsabail scéalaíochta agus forbairt scripte a bhí mar thúsphointe aige, agus bhí air féin eolas cuimsitheach, iomlánaithe a chur ar an ‘domhan’ scripte seo ar dtús.  Déantar iarracht ansin coimhlint a chothú, mar gurb í an choimhlint an ‘ocsaigin atá ag scéal’.  Dar leis, is próiséas fadálach é an cruthú seo, mar go dtógann sé ‘bliain é a scríobh’ agus ‘bliain an t-airgead a fháil’ sular leagtar cos ar sheit, sular n-osclaítear lionsa an cheamara.

Tá codarsnachtaí sa chaoi a n-úsáidtear teanga i ndomhan scripte Corp + Anam leis an mbealach a gcuirtear i láthair é in An Klondike.  I mbaile Dominion Creek, cloistear Béarla, Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Chonamara agus uaireanta, Tlingit na Meiriceánach Dúchasach; iad uile ag meascadh le chéile ar an scáileán, iad uile ag maireachtáil sa spás scripte céanna. In Corp + Anam is í an Ghaeilge gnáth-theanga na gcarachtar ar fad; is Gaeilge atá ag an mangaire drugaí mar shampla, is Gaeilge atá ag na Gardaí, is Gaeilge atá ag na gasúir scoile fiú, cé go mbíonn roinnt béarlagair sa dialóg anois is arís.  Creideann Mac Con Iomaire go gcaithfear éalú ón bpolaitiú a dhéantar ar an teanga ar fhaitíos go gcaolófaí plota an scéil:

Má tá tú ag scríobh dráma ina bhfuil Béarla ann, beidh Béarla ag gach uile dhuine; má chuireann tú teanga eile ann, chaithfeadh go bhfuil fáth leis? Tá an ghráin agam ar an gcur chuige seo an Béarla/Gaeilge i scéalta comhaimseartha mar creidim go laghadaíonn sé an scóip atá ag scríbhneoir. Creidim gur féidir leat scéal a scríobh faoi rud ar bith i dteanga ar bith. Chomh fada is go bhfuil an scéal sách maith is cuma faoin teanga. An nóíméad is go dtógann tú isteach ceist na Gaeilge, ceist mhionteanga ar bith i scéal, caithfidh tú dul i ngleic leis an gceist pholatiúíl a bhaineann leis (Mac Con Iomaire, 2017).

Réalachas, an lucht féachana agus díbirt an amhrais

Más ag iarraidh polaitíocht na teanga a sheachaint ionas nach mbeidh teorannú á dhéanamh ar an bplota atá Mac Con Iomaire, is é an réalachas agus cruinneas fáisnéisiúil a thiomáineann aeistéitic Dhathaí Keane in An Klondike. Is ‘fírinne’ de shórt eile é sin. Leis an tsamhail sin, cruthaítear saothar atá inchreidte agus seachnaítear an tsaorgacht. Deir Keane go ndeachaigh scannán Robert Altman, McCabe & Mrs Miller (1971) i bhfeidhm go mór air; scannán a bhí suite in oirthuaisceart Mheiriceá ag tús an fhichiú haois,  ach ina raibh cead ag na haisteoirí a gcanúintí féin a úsáid, mar a rinne Julie Christie, a rugadh agus a tógadh i Sasana.  Molann Keane aeistéitic Altman, agus an réalachas ‘a chruthaíonn sé sa scannán sin’ le ‘very little artificiality’.   Níl sa dátheangachas a chloistear ar An Klondike ach léiriú réalaíoch ar fhírinne an domhain sin, cé go n-admhaíonn Keane go raibh sé ag cuimhneamh ar luchtanna féachana éagsúla agus iad ag déanamh na gcinntí sin:

B’fhéidir go bhfuil an bunús seo agam ó na cláir fáisnéise, go bhfuil a lán de na carachtair a bhfuil suim agam iontu bunaithe ar fhíor-dhaoine, a tháinig ón stair.  Is dócha nach mbeadh móran suime agam clár a dhéanamh go hiomlán…saghas Gaeilge a chur ar domhan, mar ní dhéanfadh sé ciall dom go mbeadh na carachtair ag labhairt i nGaeilge mar sin…ní oibreodh sé domsa. Is dócha go raibh mé ag iarraidh, b’fhéidir lucht féachana níos leithne a mhealladh agus ar shlí amháin, mheas mé lena sin a dhéanamh nach mbeadh sé go hiomlán i nGaeilge. B’fhéidir go mbeadh sé sin mar turn-off do dhaoine a bheadh ag breathnú air, nílim cinnte (Keane, 2017).

Domhan bréige atá cruthaithe ag Darach Mac Con Iomaire, ‘nach ann do Chathal Mac Iarnáin’ agus an stáisiún teilifíse Nuacht TV; nach ann don mhéid a thiteann amach ar an scáileán cé go bhfuil lorg na faisnéise i dtéamaí Corp + Anam chomh maith, leis an gcosúlacht atá acu le fíor-scéalta a tochlaíodh agus a bhí i mbéal an phobail in Éirinn le blianta beaga anuas.  Seachas glacadh leis an dátheangachas, déantar margadh le lucht féachana Corp + Anam ina gcruthaítear domhan scéalaíochta atá chomh mealltach agus go ndéantar neamhaird ar cheist na teanga ar an scáileán.  Tá cúiseanna praiticiúla ag an scríbhneoir dul sa treo sin, toisc nach bhfuil spás ná am le dioscúrsaí teanga a chur ar an scáileán; dar leis, caithfear tús áite a thabhairt i gcónaí don scéal:

Is bréag é gach uile shórt, gach uile shórt atá muid ag déanamh is bréag é, ó thaobh an chruthaithe, níl tada ar bith fíor, is construct é…ag breathnú ar na scannáin ón Dara Cogadh Domhanda agus bhí na Gearmánaigh ar fad ag labhairt Béarla, níor rith sé sin leat, mar bhí tú súite istigh sa scéal, agus bhí siad ar fad ag labhairt Béarla i gcanúint na Gearmáine, níor rith sé leat. Cruthaíodh domhan iomlán atá i nGaeilge, sin é an t-aon bhealach le neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge, agus creidim fós é sin. Tá cead agamsa mo rogha rud a scríobh. Níl aon riail, chomh fada is go bhfuil sé go maith (Mac Con Iomaire, 2017).

Síleann Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil díbirt an amhrais nó an glacadh atá ag an lucht féachana ar an domhan scéalaíochta a chruthaítear, lárnach sa phlé seo.  Feictear dó gur gá idirdhealú a dhéanamh ar an lucht féachana drámaíochta i nGaeilge mar go mbeidh an glacadh ag an té ‘nach bhfuil ach beagán den teanga acu’  éagsúil le glacadh an té atá ‘líofa’.  Dár leis, tá ról ag TG4 ‘leanúnachas’ agus seasmhacht i dtaobh ualach an dátheangachais i saothair dhrámaíochta a shocrú, cé go dtiteann sé ar ‘speictream’ atá deacair a shainniú.  Mar sin féin creideann sé go mba cheart go mbeadh an Ghaeilge ag ‘croílár’ na scéalaíochta:

…má tá an teanga agat go líofa tá disbelief difriúil agat…b’fhearr liom go mbeadh níos mó Gaeilge ann agus b’fhearr liom nach mbeadh muid ag dul iomarca i dtreo an dátheangachais…cuir i gcás An Klondike 2, feictear domsa b’fhéidir, go ndeachaigh sé in iomarca i dtreo an dátheangachais agus go raibh míreanna móra ann le Béarla. B’fhearr liom dá bhféadfadh muid scéalta a chumadh, den chuid is mó, trí Gaeilge le cliar nádúrtha…

Scagairí, téacs agus an cliar

Síleann Dathaí Keane nár cheart don téacs a bheith socair ach gur saothar é atá ag éabhlú agus ag fás de shíor.  Cuireann sé fáilte roimh an gcomhoibriú nádúrtha a eascraíonn ón bpróiséas léirithe, ina mbíonn criú agus cliar ag obair le chéile, ón script go scáileán. Feictear dó go bhfuil scagairí a thagann chun cinn, ní hamháin sa scripteáil ach le linn an phróisis léirithe, a lúbann an téacs.  Cé gur fhorbair sé féin imlíne an scéil, is é Marcus Fleming a scríobh an script, i mBéarla; chuir Brendán Ó hEaghra ‘snas ar an dialogue’ i nGaeilge, agus tháinig tuilleadh athruithe nuair a thosaigh na haisteoirí ag cleachtadh na línte.  Faoi sin, bhí neart moltaí ag an gcliar.  Bhí Dara Devaney, a thug leis gradam IFTA dá pháirt mar Séamus Connolly, ag cur ‘cruth’ ar an dialóg i gcónaí, agus thóg Máirtín Jaimsie ‘an script agus rinne sé rud iomlán difriúil leis, ach ag an am céanna bhí sé iontach’ dar le Keane:

Ní raibh aon fhadhb agam leis sin agus ar shlí amháin bhí mé ag iarraidh go ndéanfadh na haisteoirí é sin.  Bhíomar ag labhairt faoi gach rud agus bhíomar ag aontú ar gach rud; mura n-athraíonn sé an scéal bhí mé breá sásta é a dhéanamh.  Bhí evolution ann an t-am ar fad i dtaobh na scríbhneoireachta de (Keane, 2017).

‘Tá an chliar an-tábhachtach’, dar le Alan Esslemont, agus ba cheart don scriptscríbhneoir a bheith ag cuimhneamh ‘áit éicint i do chúl’ faoi ‘cén t-aisteoir a bheidh anseo’ mar go n-éiríonn níos fearr le drámaíocht carachtar lárnaithe i nGaeilge.  Cuireann an tArdstiúrthóir béim arís ar an gcineál lucht féachana a bheidh ag an gclár agus dá thoradh más iad an ‘croí-lucht féachana is tábhachtaí le drámaíocht’ caithfear ‘freastal orthu le casting maith’ atá ‘nádúrtha’ a deir sé.  Ní hamháin sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar bhunús na scripte mar ‘má táimid díreach ag aistriú scripteanna ón mBéarla, tá tú in ann a bhlas sin a fháil ar an script’.Níl aon fháilte ag Darach Mac Con Iomaire roimh athruithe a chur ar an téacs lasmuigh den phróiseas scríofa mar gheall go bhfuil ‘an t-uafás ama agus dua caite ar gach uile fhocal’ atá tomhaiste go maith, thar thréimhse fhada. Tá ról an aisteora agus ról an scríbhneora soiléir dó agus ní ligtear athruithe a dhéanamh gan chúis, nó gan ar a laghad tabhairt faoi roinnt ‘iomrascála’ agus plé:

…an cómhrá, an fothéacs, an charachtracht, tá sé ar fad breactha agus neadaithe sna focail a roghnaítear, san ord ina bhfuil siad, chun an fothéacs sin ar fad, agus an domhan a chruthú. Tá sé ag brath go mór ar theanga agus ar an gcumas teanga nó a mhalairt atá ag an scríobhneoir. Ní dóigh liom go dtugtar  dóthain airde air sin agus gur cineál ‘afterthought’ níos minicí ná a mhalairt atá sa bpróiseas aistriúcháin (Mac Con Iomaire, 2017).

Tugann Mac an Iomaire, a chaith tréimhse ina eagarthóir coimisiúnaithe le TG4, pointe spéisiúil ar aird faoi shaothair dhrámaíochta atá scríofa i mBéarla ach a aistrítear go Gaeilge roimh an tréimhse léirithe.  Cé nach bhfuil aon deacracht i bprionsabal aige coimisiúnú a dhéanamh ar scéal a thosaigh amach i mBéarla, síleann sé gur cheart próiseas stuama forbartha a leagan amach mar ‘is athscríobh atá i gceist seachas aistriúchán’ agus ‘is ceird iomlán dhifriúil í’.  Dar leis tá ‘céim lárnach sa phróiseas fágtha ar lár’ nuair a théitear ‘díreach ó choincheap go coimisiúnú’, go háirithe nuair nach bhfuil ach imlíne den tsraith ar fáil:

Má chaitear an t-am sin leis, níos minice ná a mhalairt faigheann an rud níos fearr agus ar a laghad ar bith beidh an craoltóir in ann cinneadh a thógáil, beidh sibh in ann na scripteanna ar fad a fheiceáil agus a léamh, agus cinneadh cinnte a thógáil. Ní tharlaíonn sé sin mar gheall nach bhfuil an infheistíocht sin á déanamh. Deacracht an-phraiticiúil le bheith ag coimisiúnú ná tá uaireanta le líonadh agus ní féidir iad a líonadh ach leis an stuif a chuirtear os do chomhair. Tá tú ag dul ón roghnú sin go dtí an léiriú agus níl aon spás, níl aon chéim ar an dréimire i gcomhair na forbartha (Mac Con Iomaire, 2017).

Aithníonn Ardstiúrthóir TG4 go raibh roinnt den drámaíocht a choimisiúnaigh TG4 go dtí seo déanta ar bhealach a bhí ad hoc agus go bhfuil gá próiseas atá níos soiléire a chur i bhfeidhm.  Creideann sé ‘go láidir gur cheart spás a thabhairt do scríbhneoirí, fiú mura dtagann aon rud as’ agus go bhféadfaí fiú a bheith ‘ag plé le fadscannáin i nGaeilge’ a thabharfaí chuig féilte scannán, mar ‘bheadh an deis againn cur leis an mbranda má tá an scannán go maith, agus i ndeireadh na dála d’oibreodh sé sin go maith don teilifís líneach freisin’.

Feictear dom nach díreach seirbhís chlosamhairc é an rud is mó a thugann TG4 don teanga, ach ardú stádais… agus feictear domsa gurbh é sin an rud is tábhachtaí gur féidir linn a dhéanamh…mar bhranda closamhairc agus an branda closamhairc is mó in Eirinn atá ag plé leis an Ghaeilge, b’fhéidir gur cheart go mbeadh ról (ag TG4) go pointe ag spreagadh cineama i nGaeilge (Esslemont, 2017).

Focal Scoir

Rinneadh iarracht san alt seo léargas a thabhairt ar an bpróiseas scriptscríbhneoireachta a bhaineann leis an drámaíocht i nGaeilge, trí iniúchadh agus anailís a dhéanamh ar phéire de na saothair is mó a bhain cáil amach do TG4 le déanaí, is iad sin na sraitheanna teilifíse An Klondike/Dominion Creek agus Corp + Anam.  Rinne scríbhneoirí na sraitheanna sin cur síos ar na mianta aeistéitice a bhí acu, ón mbunsmaoineamh go dtí an taispeáint ar an scáileán, le plé ar na dearcaí éagsúla atá acu i leith an dátheangachais ar an scáileán.  Pléadh an ceangal atá ag réalachas sa téacs leis an nglacadh atá ag lucht féachana le ‘domhan scéalaíochta’ atá i nGaeilge.                    

Tugadh spléachadh sa pháipéar seo chomh maith ar na fórsaí urchomhaireacha a bhfuil tionchar acu ar aschur teilifíse TG4, ina bhfuil mianta phobal na mionteanga ina gcruthaítear an déantán/táirge go minic in adharca bhrú an mhargaidh ina bhfuil an cruthaitheoir/déantasóir ag feidhmiú.  Léiríonn an dá shaothar atá faoi chaibidil anseo na contrárthachtaí idé-eolaíochta atá le sárú, ina measctar an teanga agus an margadh le chéile.  Is é an straitéis atá ag TG4 le dul i ngleic leis an deacracht seo ná trí dheighilt phaiteanta a dhéanamh ar an lucht féachana atá acu; cé go bhfuil tóir fós ar na fhigiúirí féachana a mhéadú, is léir go bhfeiceann Ardstiúrthóir TG4 gur cheart go ndíreofaí an drámaíocht ar an lucht féachana a bhfuil Gaeilge líofa acu, seachas an lucht féachana náisiúnta.  Beidh ar scriptscribhneoirí na drámaíochta i nGaeilge dul i ngleic leis seo agus a ‘ndomhain scéalaíochta’ á gcruthú acu’.

 


[1] Tá 36 saothar drámaíochta i nGaeilge maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus craolta ag TG4 faoin scéim Fís & Fuaim ó 2006.  Tugadh €17,645,157.10 i bhfoirm deontas suas go dtí Márta 2017.   Fuair Magamedia €550,000 ón Údarás don chéad sraith de Corp + Anam, agus €775,000 don dara sraith.  Fuair Abú Media €600,000 don chéad sraith de An Klondike, agus €450,000 don dara sraith.

[2] Is painéal féachana de phobal labhartha na Gaeilge é Fios Físe, ina dtomhaistear an tóir agus an t-éileamh atá acu ar chláir agus sceideal TG4; tuilleadh eolais ag http://www.fiosfise.ie/index.htm.

Leabhairliosta

Leabhar

Watson, I., (2003) Broadcasting in Irish: Minority language, radio, television and identity. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

Ailt

Bednarek, M., (2015) ‘An overview of the linguistics of screenwriting and its interdisciplinary connections with special focus on dialogue in episodic television’. Journal of Screenwriting, 6(2): 221-38.

Cormack, M., (1999) ‘Minority languages and television programming policy’. International Journal of Cultural Policy, 5(2): 293-13.

Moriarity, M., (2009) ‘Normalising language through television: the case of the Irish language television channel, TG4’. Journal of Multicultural Discourses, 4(2): 137-49.

Newman, M.Z., (2006) ‘From beats to arcs: towards a poetics of television narrative’. The Velvet Light Trap, 58(3): 16-28.

Nic Eoin, M., (2008) ‘An tArrachtach Binn: TG4 agus Cultúr na Gaeilge’. O’Connell, E., Walsh, J., agus Denvir, G. (Eag.)  TG4 @ 10: Deich mBliana de TG4. Cló Iar-Chonnacht: Indreabhán. 27-41.

Ní Chionnaith, I., (2008) ‘Fiosrú Aislinge: Cuimhí Cinn agus Smaointe Feachtasóra’. O’Connell, E., Walsh, J., agus Denvir, G. (Eag.)  TG4 @ 10: Deich mBliana de TG4. Cló Iar-Chonnacht: Indreabhán, 27-41.

Taylor, S., & Batty, C., (2016) ‘Script development and the hidden practices of screenwriting: perspectives from industry professionals’. New Writing, 13(2): 204-17.

Watson, I., (1996) ‘The Irish language and television: national identity, preservation, restoration and minority rights’. The British Journal of Sociology, 47(2): 255-74.

Agallaimh

Esslemont, A., (2017) agallmh le Seán Breathnach, 02 Márta.

Keane, D., (2017), agallamh le Seán Breathnach, 13 Eanáir.

Mac Con Iomaire, D. (2017), agallamh le Seán Breathnach, 10 Eanáir.

Comhfhreagras

Údarás Craolacháin na hÉireann, (2017) comhfhreagras pearsanta.

Scannáin agus cláir teilifíse

An Klondike/Dominion Creek (2013 agus 2017), Stiúrtha ag Dathaí Keane, Gaillimh: Abú Media.

Corp + Anam (2011 agus 2014) stiúrtha ag Darach Mac Con Iomaire, Gaillimh: Magamedia.

McCabe & Mrs. Miller (1971) stiúrtha ag Robert Altman, Stáit Aontaithe Mheiriceá: Warner Brothers.

Seacht Lá (2016) TG4, 1 Samhain.

Van Diemen’s Land (2009) stiúrtha ag Jonathan auf der Heide, An Astráil: Noise & Light, Inspiration Studios, agus Screen Australia.

Tuarascálacha

TG4 (2015) Tuarascáil Bhliantúil 2015. Gaillimh: TG4.