Foghlaim na filíochta ag an tríú leibhéal: éisteacht ghníomhach agus féidearthachtaí maidir le fonn agus fiosracht a spreagadh i measc na mac léinn

Achoimre

Is é aidhm an taighde seo a fháil amach an gcuirfidh modh eile teagaisc, a chuireann béim ar cheol agus ar aithris na filíochta agus ar fhoghlaim ghníomhach, fonn ar mhic léinn staidéar a dhéanamh uirthi agus an músclóidh sé fiosracht na mac léinn inti. Tá an taighde seo bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch. Cuireann Watkins & Mortimore (1999: 3) síos ar theagasc bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch mar seo a leanas, ‘any conscious activity by one person designed to enhance the learning of another’. Cuireann Campbell & Groundwater-Smith (2010: 13) síos ar thaighde cleachtóra mar ‘Practitioner research, located in the larger field of practice-based and applied research, is distinguished by its focus on research done by practitioners themselves, usually an investigation of practice with a view to evaluation or improvement’. Is é aidhm an taighdeora sa chás seo a chleachtas féin maidir le teagasc na filíochta a fheabhsú agus a fhorbairt agus taithí dhearfach ar an fhilíocht a thabhairt do na mic léinn. Ó thaithí an taighdeora, is minic a bhíonn dearcadh diúltach ag mic léinn tríú leibhéal ar fhoghlaim na filíochta agus a shíleann siad go bhfuil sí leadránach. Baineadh úsáid as cur chuige eile teagaisc sa taighde seo le hiarracht a dhéanamh a suim a mhúscailt inti. Rinneadh fiosrú oideolaíoch lena fháil amach an gcuideodh sé le foghlaim na filíochta dá n-éistfeadh na mic léinn le teachtaireacht phearsanta a chuir an file Cathal Ó Searcaigh chucu maidir le foghlaim na filíochta, dá n-éistfeadh siad leis an fhile ag aithris a chuid filíochta, dá léifeadh siad féin cuid dánta de chuid Uí Shearcaigh os ard agus dá mbeadh siad féin gníomhach san fhoghlaim. Deir Creely (2019: 1): ‘I contend that an experiential basis to poetry teaching has the potential for positive reception by students and may promote a deeper and more sustained understanding of poetry and poetic language.’

An Mhodheolaíocht

Shocraigh an taighdeoir go mbainfí úsáid as modhanna éagsúla taighde le sonraí a bhailiú ar thuairimí na mac léinn faoi fhoghlaim na filíochta. Baineadh úsáid as ceistneoirí agus as fócasghrúpaí leis na mic léinn agus as agallamh leis an fhile Cathal Ó Searcaigh. Taighde cáilíochtúil a bhí ann agus, mar sin de, bhí tuairimí scríofa agus tuairimí ó bhéal na mac léinn an-tábhachtach. Baineadh úsáid as ceistneoirí le tuairimí na mac léinn ar an fhilíocht agus a gcuid eolais uirthi a mheas ag tús an taighde. Molann Buckler & Moore (2023: 213) stíleanna éagsúla ceisteanna don cheistneoir. (Aguisín 2). Dar le Buckler & Moore, (2023: 211) ‘the questionnaire is a versatile approach to gathering a lot of data from a wide sample in a limited time’. Cé go bhfuil na buntáistí seo leis an cheistneoir, dar leo, ‘one of the main limitations is that you are unable to ask follow up questions once the questionnaire has been distributed.’ Chuige sin socraíodh go mbeadh fócasghrúpaí ann fosta leis an bhearna seo a dhruidim. Deir Sinner et al (2022), gurb é an dúshlán atá roimh an taighdeoir agus é ag dul don fhócasghrúpa ná a chinntiú go mbeidh deis ag gach rannpháirtí sa ghrúpa a bharúil a thabhairt. Chuige sin eagraíodh trí fhócasghrúpa de sheisear agus ceann amháin de sheachtar leis an deis sin a thabhairt do gach rannpháirtí. Dar le Kara (2015), Taber (2013) agus Cohen et al (2007), is dóigh éifeachtach é an t-agallamh le heolas cáilíochtúil a bhailiú. Tagraíonn Bell (2010) agus Denscombe (2014) do dhá chineál agallamh: agallaimh struchtúrtha agus agallaimh leathstruchtúrtha. Baineadh úsáid as agallamh leathstruchtúrtha (Aguisín 4) don taighde seo. Roghnaíodh an modh seo de thairbhe go dtugann sé deis don agallóir ceisteanna oscailte a chur ar an agallaí agus tugann sé deis don agallóir na freagraí a fhorbairt agus labhairt go mion ar a thaithí féin. Rinneadh taifeadadh den agallamh leis an fhile Cathal Ó Searcaigh lena chinntiú go mbeadh na cuntais a thugtar san alt cruinn beacht (Aguisín 4).  Sular cuireadh peann le pár, chuaigh an taighdeoir i dteagmháil le Coiste Eiticí an Choláiste agus le hOifig Thaighde an Choláiste le cead a iarraidh an taighde a dhéanamh, agus toiliú scríofa a iarraidh.

Comhthéacs

Rinneadh taighde ar straitéisí gníomhacha le foghlaim na filíochta ag an tríú leibhéal ag díriú ar na féidearthachtaí maidir le fonn agus fiosracht a spreagadh i measc mhic léinn na chéad bhliana. Deir Ní Mhaonaigh (2009: 82): ‘Tá sé tábhachtach réimse tascanna a chur le chéile ina gcuirtear béim ar an idirghníomhaíocht.’  Is gnách go ndéantar staidéar ar fhilí agus ar fhilíocht nua-aimseartha mar chuid de na modúil sa chéad bhliain. Rinneadh staidéar ar mhodh eile maidir le ‘teagasc’ na filíochta agus cuireadh béim sa mhodh teagaisc seo ar éisteacht ghníomhach leis an fhile ag aithris a chuid filíochta agus ar a thábhachtaí atá sé don fhoghlaimeoir an dán a aithris os ard agus á chur i láthair. Mar a mhaíonn Schmidt, (2015: 96) ‘Poetry was written to be read aloud in most cases and carries with it performativity.’ Rinneadh iniúchadh ar réimse leathan sainmhínithe ar an fhilíocht fosta agus roghnaíodh dánta de chuid Chathail Uí Shearcaigh a shíl an taighdeoir a bheadh fóirsteanach do leibhéal teanga agus do thaithí na mac léinn.

I ndiaidh don taighdeoir cead a iarraidh ar an choiste eiticí, cuireadh ríomhphost chuig na mic léinn lena chinntiú go raibh siad sásta páirt a ghlacadh sa taighde (Aguisín 1). Bhí na mic léinn uilig (cúig dhuine is fiche) toilteanach páirt a ghlacadh ann.

Foghar na filíochta

Roghnaigh an taighdeoir cúig dhán de chuid Chathail Uí Shearcaigh do na léachtaí filíochta. Roghnaíodh ‘Tiontú’, as An Fear Glas (2015: 144), ‘Na Pionnaí Gruaige’ as An tAm Marfach ina Mairimid (2010: 20), agus ‘Tearmann’, ‘Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr’, agusOícheanta Geimhridh’ as An Bealach ’na Bhaile (1993: 94, 46, 112). Cuireadh béim ar cheol agus chantaireacht na ndánta ón tús agus na mic léinn ag éisteacht leis na dánta. Rinneadh cinnte de go raibh taifeadadh ann de Chathal Ó Searcaigh ag aithris na ndánta a roghnaíodh. Mura raibh taifeadadh ar fáil iarradh ar an fhile ar mhiste leis ceann a dhéanamh i ndiaidh an agallaimh a cuireadh air agus bhí sé breá toilteanach sin a dhéanamh. Chuir Cathal Ó Searcaigh féin béim ar thábhacht na héisteachta agus é ag labhairt leis an taighdeoir san agallamh (Aguisín 4):

Is cinnte gur féidir filíocht a theagasc ach déarfainnse gurb é an bunrud, domsa mé féin dá mbeinn ag múineadh filíochta gurb é an bunrud ná éisteacht leis an dán agus an dán a thabhairt chun solais trí é a rá amach ansin cluineann tú an dóigh a n-oibríonn an dán, na fuaimeanna agus mar sin de, mo shaothar féin, tá an chantaireacht tábhachtach agus tá sé tábhachtach go léifidh an múinteoir an dán ach fosta go léifidh na mic léinn an dán os ard más féidir.

Chuir T.S. Eliot (1933) béim ar cheol agus ar chantaireacht na filíochta fosta agus dúirt go raibh cumhacht acu, ‘to activate the auditory imagination’. Cuireann Day-Lewis (1956: 7) béim ar thábhacht na héisteachta agus na fuaime don fhoghlaimeoir filíochta:

So, for the beginner in poetry – reading- and not only for the beginner I recommend reading the poem aloud (or better, having it read aloud to him) submitting to the words, not racking his brain to make out their ‘sense’.

Dar le O’Brien (1969: xvi), ‘Léiríonn an ealaín fré chéile céadfaíocht nó staid aigne, ach léiríonn an fhilíocht an tréanmhothú pearsanta níos soiléire ná ealaín ar bith eile de bhrí gur le focail is le fuaimeanna a dhéantar an léiriú.’ Dhírigh Heaney (1989: 20) ar thábhacht an cheoil san fhilíocht nuair a dúirt sé, ‘the pitch of their music, their nerve-end tremulousness, their treble in the helix of the ear’. Tagraíonn Ó Searcaigh, (2018: 35) do ‘dhraíocht na fuaime’ agus é ag labhairt ar an fhilíocht. Cuireann sé an cheist, ‘an é a tharlaíonn go dtéann fuaimeanna áirithe i bhfeidhm ar an chóras néaróige, go n-oibríonn siad mar chatailís, go dtionscnaíonn siad gníomhú ceimiceach a athraíonn meabhar agus meon an duine a thig faoina dtionchar?’ San agallamh (Aguisín 4) d’aibhsigh Ó Searcaigh tábhacht na ngutaí ina chuid filíochta;

Deirim i mBéarla, ‘a successful poem in Irish is a successful vowel movement.’ I mo chuid dántaí, cuirim an-bhéim ar ghluaiseacht na ngutaí. Samhlaím gurb iad na gutaí anam an dáin agus gurb iad na consain, gurb iad sin corp an dáin. Is é an t-idirphlé sin idir an dá ghné sin a chruthaíonn domsa ceol agus cantaireacht an dáin.

Dar le Paterson, (2018: 56), ‘In the human voice, the vowel carries the bulk of our ‘feelings’ in its complex tonal and quantitative discriminations; the consonants which interrupt that breath create the bulk of the semantic sense.’ Dar le Ó Doibhlin, (1973: 11), ‘Tá éifeacht intleachta acu [na focail] (sa mhéid go gciallaíonn siad nithe dár dtuiscint); ach éifeacht mhothaithe acu chomh maith (bogann siad ár gcroí agus spreagann ár samhlaíocht) agus éifeacht fhisiciúil mar gur féidir dóibh ár gcluas a chluanadh lena gceol agus lena rithim.’  Is cinnte go gcuireann Ó Searcaigh béim ar thábhacht na rithime agus na fuaime, nó mar a deir sé féin (2018: 35), ‘Fuaim fhogharbhinn an fhocail! Cumhacht an bhriathair.’ Tagraíonn Sewell (2002: 57) do thionchar fhuaim na bhfocal as Béarla fiú ag Ó Searcaigh; ‘Ó Searcaigh recalls his father’s recitation of poems by Robert Burns as his first, youthful introduction to the then unintelligible, but still magical, sound of poetic speech.’ Dar le Paterson (2018: 3), ‘Even in its most primitive form, poetry was concerned with transcending a human limitation; it was a ‘magical’ discipline…Long before the book, poetry was the brain’s first ‘external storage’, our first ‘mnemotechnology’.  Ar ndóigh, teanga bheo a bhí sa Ghaeilge ó thus ama agus mhair sí beo ar theanga na ndaoine, mar atá scríofa ag Williams & Ní Mhuiríosa (1979: xxii):

Is follas nach i lámhscríbhinní amháin a mhair litríocht na Gaeilge. Mhair sí freisin san ionad is dual do gach litríocht a bheith beo, i gcuimhne na ndaoine. Is deacair do dhaoine a tógadh le leabhar nach bhfuil acu ach ‘cuimhne na leabhar’ aon tuiscint a bheith acu ar na héachtaí atá i gcumas chuimhne an duine.

Léiríonn an t-athfhriotal sin a thábhachtaí atá sé an teanga a labhairt os ard chun a rithim agus a tréithe a luacháil agus chun patrúin na fuaime a aithint agus a shealbhú. Cuireadh béim láidir ar thábhacht na héisteachta agus na haithrise in eagrú na léachtaí.

Deir Cathal Ó Searcaigh go bhfiafraítear go minic de cad is ciall le filíocht. Freagraíonn sé go bhfuil sí chomh héalaitheach leis an aonadharcach agus chomh seachantach leis an Yeti. Deir Ó Searcaigh fosta, (2018: 38): ‘Má dhéantar an bomaite reatha, bomaite na suaithníochta a cheapadh agus a shrianadh, cuirtear an t-am ar ceal agus sealbhaítear an tsíoraíocht’.

Dar le Day-Lewis (1956: 6), ‘Poetry is above all a way of using words to say things which could not possibly be said in any other way, things which in a sense do not exist until they are born (or re-born) in poetry.’ De réir Uí Dhoibhlin (1973: 8) agus é ag trácht ar na healaíona:

Cuireann an ealaín saol úr inár láthair, saol a thugann taitneamh agus sásamh dúinn a bhfuil gá againn leo. Is é atá ann an saol réalta ach é arna cheartú, arna leasú, arna shaibhriú, arna athchóiriú ag an ealaíontóir: homo additus naturae, mar a dúirt an Renaissance, ‘an duine in éineacht leis an dúlra’.

Is cinnte go gcaitheann Ó Searcaigh solas ar thábhacht an dúlra i mórchuid dá chuid filíochta. Go deimhin, ina dhán ‘Tearmann’, cáineann sé ‘Dia na nDeor agus Dia na nDealg’ agus é ag moladh a Dhé réamhChríostaí, atá ina Dhia na ndúl. Dúirt Ó Searcaigh ina agallamh go raibh sé i gcónaí ‘ag tnúth leis an tsolas’ agus é i mbun filíochta. Is é sin an aidhm atá ag an léachtóir agus é ag teagasc filíochta do na mic léinn, solas a chaitheamh ar an fhilíocht do na mic léinn agus í a dhéanamh tairbheach taitneamhach samhlaíoch sothuigthe agus na dánta a thabhairt chun solais. Mar a deir Ó Searcaigh (2018: 41), ‘Gileacht a dhéanamh dár ndoircheacht!’ San agallamh (Aguisín 4), mhol Cathal an múinteoir ceardscoile, Tomás Breatnach, a bhí aige go hard agus dúirt gurbh eisean a mhúscail an tsuim a bhí aige san fhilíocht:

Is cuimhin liom gur tháinig an múinteoir óg seo isteach ins an rang an chéad lá a bhí mé ansin agus múinteoir an Bhéarla a bhí ann. Tomás Breatnach, Tom Walsh. Léigh sé an dán agus an dán a bhí ann ná, The Road Not Taken, le Robert Frost. Léigh sé an dán seo amach os ard agus ansin chuir sé an cheist nár cuireadh riamh ormsa ar an bhunscoil, dúirt sé leis an rang, ‘What do you think of that poem?’ Bhí mo lámhsa thuas mar a bheadh urchar ann mar níor cuireadh an cheist sin orm riamh agus níor tugadh deis dom riamh roimhe agus mé trí bliana déag d’aois.

Is é a bhí roimh an taighdeoir sa chás seo, suim san fhilíocht a mhúscailt ins na mic léinn ar an dóigh chéanna ar mhúscail Tomás Breatnach an tsuim i gCathal Ó Searcaigh. Cuireadh béim ar an éisteacht ghníomhach agus ar na féidearthachtaí le fonn agus fiosracht a spreagadh iontu sna léachtaí.

Intreoir do na léachtaí

Cuireadh an cheist, ‘cad is filíocht ann?’ ar na mic léinn ar an cheistneoir a tugadh dóibh roimh na léachtaí. Pléadh na freagraí a bhí acu ar an cheistneoir sa chéad léacht agus pléadh Ó Searcaigh (2018: 35–47) Teanga na gCorr. Cuireann an file síos go healaíonta ar an dóigh a dtéann focail i bhfeidhm air, ‘a gcló is a gcruth, a mboladh agus a mblas’. Deir sé go gcuireann sé focail in aithne dá chéile agus é ag feidhmiú mar fhear cleamhnais. Dúirt Ó Searcaigh san agallamh a cuireadh air (Aguisín 4): ‘Is filíocht liriciúil a scríobhaim den chuid is mó’. Is gnách go scríobhtar filíocht liriciúil sa chéad phearsa agus is amhlaidh atá an cás leis na dánta de chuid Uí Shearcaigh a roghnaíodh don taighde seo. Ar a bharr sin, is minic a chuireann an file a chuid mothúchán in iúl i bhfilíocht liriciúil trí rithim agus rím agus na patrúin fuaime a mbaintear úsáid astu.

Rinneadh iarracht tuiscint níos doimhne a bheith againn ar shamhlaíocht an fhile agus é ag labhairt ar an phatrún fuaime a chuaigh i bhfeidhm ar a chéadfaí; siollaí a chuir ag gol agus ag gáire é, abairtí a chuir áthas agus alltacht air agus ár n-intinn a dhíriú ar na gnéithe seo agus muid ag éisteacht leis na dánta agus á scagadh. In alt a d’fhoilsigh David Orr ar The New York Times, (15.05.2015), ar chlosleabhair, bhí an méid seo le rá aige, ‘Poetry after all is “the most insistently physical art,” according to Robert Pinsky. Indeed, it “lies dead on the page, until some voice brings it to life” in the words of Basil Bunting. Taking it a bold step further, W.H. Auden declares that “no poem which when mastered, is not better heard than read is good poetry.” Mar sin de, cuireadh béim ar fhuaim agus ar cheol na filíochta agus ar éisteacht leis an dán sna léachtaí agus iad á n-aithris ós ard chun beocht agus beatha agus ‘cor úr’ a chur iontu. Molann Schmidt (2015: 96) an cur chuige seo. Dúirt sí gurbh fhearr lena cuid mac léinn an dán a léamh os ard, ‘to hear the musicality embedded in the words; and to even get up out of their seats and perform some of the poetry we studied.’

Na mic léinn i mbun staidéir

Is é an chéad rud a rinneadh ná deis a thabhairt do na mic léinn éisteacht leis an teachtaireacht phearsanta a chuir Cathal Ó Searcaigh chucu. Thug sé seo deis dóibh aithne níos fearr a chur ar an fhile féin agus éisteacht lena ghuth agus lena chuid Gaeilge. Deir Ní Riain (2014: 115) ina halt, ‘Máirtín Ó Direáin agus Múineadh na Gaeilge san Ollscoil’ go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuigfidh na mic leinn cúlra an fhile.  Bhí pictiúr de agus é ina shuí ina theach féin in airde ar an chlár bhán idirghníomhach ionas go dtuigfeadh na mic léinn cé a bhí ann. Éisteadh leis an teachtaireacht phearsanta ag tús na léachtaí uilig le teachtaireacht an fhile a threisiú. Cuireadh béim ar an ráiteas ón agallamh leis an fhile, (Aguisín 4):

Tá sé tábhachtach go ndéanfá an dán a léamh os ard seachas é a léamh go ciúin. Má léann tú os ard é, más dán maith atá ann, cluineann tú éifeacht na teanga, cluineann tú an chantaireacht a bhaineann le focail agus iad curtha i gceann a chéile go fórsúil agus go fóinte. Más rud ar bith atá ina an fhilíocht, is é atá ann mar a dúirt W.H. Auden, ‘an exploration of the possibilities of language’.

Cuireadh béim fosta ar an ráiteas ón agallamh chéanna:

Braithim go bhfuil an solas iontach tábhachtach i mo shaothar féin. Dá ndéanfá staidéar air thar na cnuasaigh éagsúla atá scríofa agam, chífeá sin. Níl a dhath níos iontaí, nó níos éifeachtaí nó níos sásúla ná a bheith ag tnúth leis an tsolas.

Bhí na mic léinn gníomhach ag éisteacht leis an dán agus ag plé cad is ciall leis na ráitis. Chuir na ráitis an fhilíocht s’aige i gcomhthéacs agus bhí sé sin an-fhóirsteanach i gcomhthéacs an dáin ‘Oícheanta Geimhridh’, cuir i gcás, agus muid ag caint ar an ‘tine’ agus ar an tsolas a thagann uaithi.

I gcás an dáin ‘Oícheanta Geimhridh’, cuireadh ceist ar na mic léinn cad iad na pictiúir a tháinig chucu ina samhlaíocht nuair a chuala siad an teideal ‘Oícheanta Geimhreidh’. Chruthaigh an ghníomhaíocht seo an t-atmaisféar agus an teanga do théama an dáin. Ansin d’éist muid leis an taifeadadh a rinne Cathal Ó Searcaigh de. Iarradh ar na mic léinn éisteacht leis an dán á léamh ag an fhile ar mhaithe le pléisiúr agus ar mhaithe le ceol agus le cantaireachta agus le patrún na teanga a chloisteáil. Cuireadh an cheist orthu a chuir Tomás Breatnach ar Chathal Ó Searcaigh sa cheardscoil, ‘cad é a shíl sibh de sin?’ Casadh an dán arís ach an iarraidh seo iarradh ar na mic léinn an dán a mheas ag tagairt don teideal, don teanga, do na téarmaí, do na téamaí, don téagar, do na teicnící filíochta agus do na teachtaireachtaí ann, dá mb’fhéidir leo. Tugann Nica (2011: 216) ‘building from scraps’ agus ‘reconstructing the text’ ar an chur chuige seo agus tugann sé seo deis do na mic léinn a scileanna smaointeoireachta criticiúla a úsáid, gné den oideachas a mholtar go hard ag gach leibhéal.  Bhí na mic léinn ábalta focail agus frásaí ar nós, ‘Neddie Eoin, seanchiteal, mugaí móra, os comhair an tseanchaí, samhlaíocht, ina choirneal scéalaíochta, as a shúile, Cogadh an Dá Rí, Machaire Rabhartaigh, Oíche Shamhna, siamsaíocht, lena mholadh, corradh le fiche bliain, ó chuaigh a thine as, a mhothaím anocht’ a bhreacadh síos.  Agus na mic léinn ag tabhairt aiseolais scríobhadh na focail agus na frásaí ar an chlár bhán idirghníomhach. Rinneadh iarracht ansin ceangal agus nasc a dhéanamh idir na focail agus na frásaí agus íomhá den dán a thógáil. Ansin tugadh téacs an dáin amach agus iarradh ar na mic léinn a bheith ag obair i mbeirteanna agus an téasc iomlán a scagadh agus a phlé i mbeirteanna maidir le teideal, teanga, téamaí, teicnící, téagar, agus teachtaireacht an dáin. Taispeánadh an dán ar an chlár bhán idirghníomhach ina dhiaidh sin agus phléigh muid le chéile é (Aguisín 6). Iarradh ar na mic léinn véarsaí a léamh os ard le chéile agus casadh comhad fuaime de ghálaí gaoithe agus chnagarnach tine leis an atmaisféar a chruthú agus iad á léamh. Rinneadh tagairt do thábhacht na teanga do Ó Searcaigh (2018: 36), agus don dóigh a raibh sé ag iarraidh fuaim na teanga a cheapadh agus muid á phlé;

Sa teach ar tógadh mise ann bhí tinidh mhór fhoscailte againn – mar a bhí coitianta i dtithe den tseandéanamh sin – agus is minic a chluinfeá siorradh gaoithe ag ochlán sa tsimléir. Bhí mé ag iarraidh cnead agus scréach na gaoithe a cheapadh i bhfuaimvéarsaí.

Tugadh deis do na mic léinn an frása a bhí ag Ó Searcaigh san agallamh, ‘ag tnúth leis an tsolas’ a phlé i gcomhthéacs an dáin. Bhí siad gníomhach san fhoghlaim agus thug siad freagraí mar ‘soláthraíonn an tine teas agus solas, agus sholáthair an seanchaí Neddie Eoin teas agus solas lena chuid siamsaíochta ar an dóigh chéanna’. Is léir go raibh ardmheas ag Ó Searcaigh ar Neddie Eoin, go díreach mar atá aige ar chuid mhaith de na seandaoine ar fhás sé aníos leo agus thug sé seo ábhar maith díospóireachta do na mic léinn. Ina alt in ‘On the Side of Light’ (2002: 23), léiríonn Mac Cárthaigh cé chomh tábhachtach agus atá na daoine seo dó:

If he is inspired by his homeland, he is also inspired by his people – the words of the storyteller in ‘Oícheanta Geimhridh’ are ‘drithleoga dearga ag lasadh na samhlaíocht’ ionainn. This people have given him much – not only the collective memory contained in their stories but also, more importantly, ‘caint mhiotalach mo dhaoine’ the raw material in which he, a ‘gabha focal’ chooses to work.

Is é a dhála céanna é sa dán ‘Tiontú’. Sa dán seo caitheann an file solas ar Maggie Neddie Dhonnchaidh a bhí ina comharsa aige. Léiríonn sé sa dán go raibh Gaeilge go smior inti agus go raibh sí ina saoi ar a dóigh féin cé gur gnáthdhuine a bhí inti. Deir Ó Searcaigh (2023: 50) agus é ag caint ar Maggie Neddie Dhonnchaidh:

She became a Seer – a file, a poet. Maggie Neddie Dhonnchaidh is dead for many years now but her one-day Homeric journey [turas a rinne sí go Co. an Chláir tráth] continues to reverberate in my mind; a shining epic that reveals the world of the ordinary, conceals the marvellous. Maggie’s story brought to light for me the momentous of the ordinary.

Tá sé suimiúil go n-úsáideann Ó Searcaigh an focal ‘light’ san athfhriotal thuas. Caitheann Sewell (2002: 66) solas ar a thábhachtaí a bhí na daoine dó ina chuid filíochta agus tagraíonn sé don chaidreamh pearsanta a bhí aige leo agus d’uaisleacht a dtréithe:

Ó Searcaigh’s relationship with them [local friends and neighbours] is always personal. The poems make clear that he himself had to be consumed by, for example, the warmth and wisdom of local characters before he would allow, or redirect, the same warmth and homely wisdom to radiate out to readers. Therefore in ‘Oícheanta Geimhridh’, Ó Searcaigh illuminates his current ‘Winter Nights’ by recalling former heartening times in the company of Neddie Eoin, a local seanchaí / storyteller.

Rinneadh staidéar ar na cúig dhán leis an chur chuige céanna; éisteacht ghníomhach leis an dán ar mhaithe le pléisiúr, éisteacht leis arís agus focail agus frásaí a bhreacadh síos agus a chur le chéile le scéal an dáin a thógail, plé i mbeirteanna agus an dán a léamh os ard agus ceol sa chúlra agus plé ar théamaí eile a bhain leis an dán. Cuireadh béim fosta ar an fhrása, ‘ag tnúth leis an tsolas’ i gcomhthéacs na ndánta uilig. Sa tséú léacht iarradh ar na mic léinn dán de na cúig dhán a scagadh le chéile arís agus é a aithris os comhair ranga ar an ardán agus póidiam in úsáid acu leis an dán a thabhairt chun solais agus chun beatha. Molann Ní Mhaonaigh (2009: 82) gné na hidirghníomhaíochta i bproiséas sealbhaithe teanga. Deir sí go mbíonn daoine ag foghlaim agus iad i mbun caidrimh agus ag comhoibriú le foghlaimeoirí agus le teagascóirí, chomh maith le bheith ag plé le daoine eile sa phobal teanga agus rinneadh iarracht timpeallacht dhearfach foghlama den chineál sin a chruthú sna léachtaí uilig.

Aiseolas a aimsíodh as na sonraí a bailíodh

Cuireadh ceisteanna an cheistneora agus an fhócasghrúpa le chéile le barúlacha na mac léinn a aimsiú ar fhiosrú oideolaíoch maidir le foghlaim na filíochta. Fiosraíodh barúlacha na mac léinn ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna druidte agus úsáideadh an scála Likert 1–5 agus 5 ar an fhreagra is dearfaí:

  • An dtuigeann tú cad is filíocht ann?
  • An dtaitníonn filíocht leat?
  • An bhfuil tú eolach ar fhilí Gaeilge?

Is fiú a lua anseo go dtugann an Council for The Curriculum, Examinations and Assessment, (CCEA) rogha ag A2 Irish maidir le staidéar litríochta. Is féidir leis na scoláirí A2 staidéar a dhéanamh ar sheánra amháin den litríocht idir drámaíocht, gearrscéalaíocht agus filíocht. Mar sin de, do chuid de na mic léinn sa ghrúpa seo, ba é seo an chéad uair a bhí deis acu staidéar a dhéanamh ar fhilíocht as Gaeilge. Maidir leis na ceistneoirí, fuarthas fiche freagra as fiche a cúig. Bhí sé suimiúil gur scríobh gach mac léinn idir 3 agus 5 mar fhreagra ar an chéad cheist. Léirigh sé sin don taighdeoir go raibh tuiscint éigin ag na mic léinn ar cad is filíocht ann ón tús. D’fhreagair 50% acu go raibh go leor tuisceana acu uirthi agus 25% go raibh eolas iontach acu uirthi agus 25% go raibh eolas iomlán acu uirthi. Maidir leis an dara ceist, roghnaigh mac léinn amháin uimhir 5, triúr acu 4, seisear acu 3, seachtar acu 2 agus triúr acu 1. Léiríonn sé sin go raibh 50% de na mic léinn ann a léirigh nach raibh mórán dúile acu san fhilíocht. I dtaca le ceist 3, d’fhreagair beirt go raibh siad iontach eolach ar fhilí Gaeilge, duine dhéag go raibh siad eolach go leor, cúigear go raibh eolas measartha acu agus triúr nach raibh raibh eolas ar bith acu uirthi. Léiríonn na freagraí ar na ceisteanna 1–3 ar an cheistneoir go bhfuil réimse leathan mac léinn sa rang agus taithí dhifriúil ag gach duine acu ar an fhilíocht.

Iarradh ar na mic leinn a mbarúlacha a thabhairt ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna oscailte:

  • Cad iad na dúshláin a bhíonn agat le staidéar na filíochta?
  • An bhfuil tú ábalta dán nó véarsa de dhán a aithris i nGaeilge nó i mBéarla?

Seo na freagraí a fuarthas ar an chuid seo den cheistneoir. Maidir leis na dúshláin, luadh na gnéithe seo a leanas:

  • Ag cuimhneamh ar an dán
  • Na teicnící filíochta
  • Anailís cheart a dhéanamh
  • Brí an dáin a aimsiú
  • Ní bhaintear úsáid as gnnáthstruchtúr abairte
  • Deacair a thuiscint
  • Téarmaíocht
  • Leadránach
  • Doiligh na focail uilig a fhoghlaim
  • Na focail a thuigbheáil
  • Anailís liteartha a dhéanamh i m’aonar mar scríobh an múinteoir na freagraí dom sa mheánscoil.

Dúirt triúr de na mic léinn nach raibh taithí ar bith acu ar fhilíocht as Gaeilge agus nach raibh barúil ar bith acu le tabhairt.

Maidir leis an cheist an raibh siad ábalta dán nó véarsa de dhán a aithris, bhí freagraí suimiúla ann. Luaigh duine amháin gur chuimhin leis dánta ar nós ‘Cá bhfuil mo mhála scoile?’ a d’fhoghlaim sé don fheis ar scoil agus go raibh siad ar bharr a theanga aige go fóill. Dúirt duine eile go raibh sí ábalta amhráin a rá as Gaeilge ach nach raibh sí ábalta dán a aithris. Dúirt tromlach na mac léinn, áfach, nach raibh sé ar a gcumas dán a aithris nó fiú véarsa de dhán a aithris.

Cuireadh ceisteanna oscailte ar na mic léinn agus iad san fhócasghrúpa. Tugadh deis do gach duine a b(h)arúil a thabhairt. Iarradh ar na mic léinn a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na gnéithe seo a leanas:

  • Cad é a shíl sibh den fhile ag cur teachtaireacht phearsanta chugaibh?
  • Cad é a shíl sibh den teachtaireacht féin agus an méid a bhí le rá aige inti?
  • Tá cúig dhán clúdaithe againn go dtí seo. Cad é a shíleann sibh de na dánta – cén ceann is ansa libh? Cad chuige?
  • Cad é a shíleann sibh den chur chuige a bhí againn?
    1. ag éisteacht leis an dán ar mhaithe le pléisiúr,
    2. ag éisteacht leis arís agus breacadh síos nótaí,
    3. agus á phlé i mbeirteanna.
  • Cad é mar a mhothaíonn sé an dán a léamh os ard?
  • Ar fhoghlaim tú véarsa ar bith as dán ar bith de ghlanmheabhair? Cad chuige? Cad é a fuair tú as?
  • An bhfuil líne nó véarsa ar bith as dán ar bith a sheasann amach?
  • An fearr a thuigeann tú cad is filíocht ann anois i ndiaidh cúig dhán a dhéanamh?
  • An dtuigeann tú tréithe na filíochta, uaim, meafar, rithim agus rím?
  • Cad é an rud is mó a d’fhoghlaim tú faoin fhilíocht agus ón fhilíocht?
  • Cad é a shíleann tú den fhilíocht mar sheánra litríochta?
  • An dtig leat smaoineamh ar dhóigh ar bith eile nó ar chur chuige ar bith eile le staidéar a dhéanamh ar an fhilíocht?

Seo léargas ar na freagraí a bhí lán de shonraí saibhre a bailíodh ó na mic léinn. Bhí na mic léinn buíoch de Chathal Ó Searcaigh as an teachtaireacht phearsanta a chuir sé chucu. Dúirt cuid acu gur léirigh sé paisean agus gur spreag sé i dtreo na filíochta iad. Ba iad ‘Tiontú’ agus ‘Oícheanta Geimhridh’ an dá dhán ab fhearr leo. Bhí dúil acu sna híomhánna agus sna mothúcháin sna dánta agus thuig siad an dóigh a gcronaíonn sé Maggie Neddie Dhonnchaidh agus Neddie Eoin, go háirithe na mic léinn a chaill duine muinteartha leo agus is cosúil gur mhúscail na dánta seo mothúchán an chumha iontu agus gur bhog siad a gcroí. Dúirt siad go raibh an cur chuige difriúil leis an chur chuige a bhí acu ar scoil. B’éigean dóibh díriú isteach ar na focail agus an file á n-aithris agus bhain siad tairbhe agus taitneamh as an fhoghlaim ghníomhach seo. Mhothaigh siad gur ‘intreoir éifeachtach’ a bhí ann a dhírigh ar chéadfa na héisteachta. Mhothaigh na mic léinn neirbhíseach ag léamh an dáin os ard os comhair a bpiaraí ag an phóidiam. Dúirt siad, áfach, go raibh sé an-mhaith gur caitheadh léacht iomlán ar ullmhúchán na ndánta le chéile agus gur thug sé deis dóibh béim a chur ar na focail agus iad a n-aithris. Mar a mhaíonn Schmidt, (2015: 96) ‘because poetry is so dense, it can seem like the perfect time to slow down the pace of teaching and learning and simply appreciate the words.’ Dúirt cuid acu gur chuidigh sé leo cuimhneamh ar na focail agus gur chuir sé lena bhfoclóireacht. Dúirt duine amháin go dtiocfadh léi, ‘rithim na bhfocal a chloisteáil ina ceann’ agus í a léamh os ard. Ní raibh ann ach cúpla duine a d’fhoghlaim véarsa nó líne as dán ar bith. Bhí dúil acu sna línte ‘agus mé ag feidhmiú mar chuisle de chroí mo chine’ as ‘Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr’, agus ‘tá sé corradh le fiche bliain ó chuaigh a thine as’ as ‘Oicheanta Geimhridh’. Dúirt siad gur chuir na léachtaí lena dtuiscint ar an cheist, ‘cad is filíocht ann?’ Dúirt siad gur léirigh Cathal Ó Searcaigh gur scríobh sé faoi dhaoine agus áiteanna a raibh meas agus grá aige orthu. Bhí dúil acu san íomhá den fhile ‘ag déanamh cleamhnais idir na focail.’ Mhothaigh siad gur léirigh Cathal Ó Searcaigh a scéalta pearsanta trí mheán na filíochta agus go raibh saibhreas Gaeilge aige, rud ar chuir siad suim mhór ann. Thaitin a dheismireachtaí stíle leo. Ar ndóigh, cheangail cuid de na mic léinn an fhilíocht go fóill le ‘hobair scoile’ mar a dúirt duine amháin agus mhothaigh siad go mbeadh sé doiligh go fóill an fhilíocht a léamh ar mhaithe le pléisiúr agus ní ar mhaithe le grád maith san obair chúrsa. Dúirt mac léinn amháin, a bhfuil dúil aici sna hamhráin, go raibh na scéalta san fhilíocht cosúil leis na scéalta sna hamhráin agus na téamaí céanna acu. Dúirt sí go raibh stíleanna éagsúla ceoil ann agus go dtaitníonn stíl áirithe ceoil le gach duine agus go mb’fhéidir go bhfuil stíl éigin filíochta amuigh ansin a d’fhóirfeadh do gach duine, barúil a bhí an-suimiúil mar ráiteas.

Focail scoir

Ba mhian leis an taighdeoir torthaí an taighde a thabhairt le chéile sa chonchlúid. Is follasach go n-amharcann tromlach na mac léinn ar an fhilíocht mar sheánra litríochta atá casta dúshlánach agus go bhfuil sí bainteach le hobair scoile nó hobair ollscoile seachas ábhar arbh fhéidir sult a bhaint as. Rinneadh iarracht sa taighde seo cur chuige eile a thriail a bhí gníomhach agus idirghníomhach ag dúil go spreagfadh an cur chuige seo fonn agus fiosracht sna mic léinn maidir le foghlaim na filíochta ionas go mbeadh siad ‘ag tnúth leis an tsolas’. Is léir gur éirigh leis an chur chuige go pointe agus gur chuidigh an cur chuige seo le cuid de na mic léinn na lancaisí a bhain leis an fhilíocht a chaitheamh uathu agus tuiscint níos fearr a fháil uirthi. Is cinnte gur chuir cúrsaí ama agus srianta líon na bhfocal ceangal ar an taighde agus gurbh fhearr a bheadh sé dá ndéanfaí staidéar ar roinnt filí thar bhliain acadúil agus iad a chur i gcomparáid lena chéile. Is léir, áfach, go bhfuil féidearthachtaí leis an chur chuige agus go gcaithfidh an múinteoir nó an léachtóir béim a chur ar an éisteacht ghníomhach leis an fhilíocht leis an cheol agus an chantaireacht a threisiú agus go gcaithfidh na mic léinn a bheith gníomhach san fhoghlaim leis na féidearthachtaí a aithint. Má fuair na mic léinn an teachtaireacht sin as na léachtaí filíochta agus má chuidigh sé leo tuiscint níos fearr a fháil ar an fhilíocht, b’fhiú go mór é. Ar ndóigh, éiríonn ceisteanna eile taighde as an taighde a rinneadh. Cuir i gcás, an mbeadh an scéal difriúil dá roghnófaí dánta difriúla nó file difriúil? Molann Ní Mhaonaigh, (2009: 78–9) siollabas atá dírithe ar riachtanais, ar aidhmeanna agus ar mhianta na bhfoghlaimeoirí. Chuige sin, an bhfuil dóigh ar bith ann a dtiocfadh leis na mic léinn a bheith páirteach i roghnú na ndánta a ndéanfaí staidéar orthu? Ceisteanna eile a eascraíonn as ná an mbeadh an scéal difriúil agus na mic léinn ag plé leis an Bhéarla? An bhfuil difríocht ann idir an cainteoir dúchais T1 agus an foghlaimeoir nó an cainteoir T2 maidir le foghlaim na filíochta? Mar sin de, níl sa taighde seo ach tús agus tá tuilleadh taighde de dhíth leis na ceisteanna thuas a fhreagairt.

 

 

 

 

 

Leabhairliosta

Tagairtí

Bell, J. (2010) Doing Your Research Project: A guide for first-time researchers. 5th ed. London: McGraw-Hill Education.

Buckler, S., & Moore, H. (2023) Research Methods in Education. London: Sage Publications.

Campbell, A., & Ground-Water Smith, S. (2010) Connecting Inquiry and Professional Learning in Education. Abingdon, Oxon: Routledge Publications.

Creely, E. (2019–2020) ‘“Poetry is dying”: Creating a (re)new(ed) pedagogical vision for teaching poetry’. The Australian journal of language and literacy. Vol. 42(2). 116–27

Creswell, J.W. (2012) Educational research: Planning, conducting, and evaluating quantitative and qualitative research (4th ed.) Boston: MA: Pearson.

Day-Lewis, C. (1956) Enjoying Poetry: A Reader’s Guide. Cambridge: The National Book League.

Denscombe, M. (2014) The good research guide. For small scale projects. 5th ed. Berkshire: Open University Press.

Doan, J., & Sewell, F. (2002) On the Side of Light. The Poetry of Cathal Ó Searcaigh. Galway: Arlen House.

Eliot, T.S. The Use of Poetry, and The Use of Criticism. London: Faber & Faber.  

Heaney, S. (1989) ‘Learning from Eliot’. Agenda, Seamus Heaney, Fiftieth Birthday Issue. London: Agenda & Editions Charitable Trust.

Kara, H. (2015) Creative research methods in the social sciences: A practical guide. 1st ed. London: Policy Press.

Krueger, R.A. (1994) Focus groups. A Practical Guide for applied research. London: Sage Publications.

Murdock, K. (2015) The Power of Inquiry: teaching and learning with curiosity, creativity, and purpose in the contemporary classroom. Sea Star Education.

O’Brien, F. (1969) Duanaire Nuafhilíochta. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.  

Ó Doibhin, B. (1973) Litríocht agus Léitheoireacht. Corcaigh: Cló Mercier.

Ó Searcaigh, C. (1993) An Bealach ‘na Bhaile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Searcaigh, C. (2010) An tAm Marfach ina Mairimid. Dublin: Arlen House.

Ó Searcaigh, C. (2015) An Fear Glas: The Green Man. Dublin: Arlen House.

Ó Searcaigh, C. (2018) Teanga na gCorr. Dublin: Arlen House.

Ó Searcaigh, C. (2023) Errigal Sacred Mountain. Belfast: The Irish Pages Press.

Paterson, D., (2018) The Poem. London: Faber & Faber.

Schmidt, P.S. (2015) ‘Reading Aloud: Poetry at Its Finest.’ English Journal. High school edition; Urbana Vol.104, Iss. 4 (March). 96–7.

Taber, K. (2013) Classroom-based research and evidence-based practice: An introduction. 1st edn. London: Sage Publications Limited.

Williams J.W. & Ní Mhuiríosa M., (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Suíomhanna Idirlín

Ní Riain, I. (2014) ‘Máirtín Ó Direáin agus Múineadh na Filíochta san Ollscoil.’ https://www.academia.edu

Nica, M. (2011) ‘Teaching Poetry to Undergraduate Students.’ https://www.researchgate.net.

Sinner, S., Prochazka, F., Paus-Hasebrink, I Austria & Farrugia, L. (2022) What are some good approaches to conducting Focus Groups with children. http://www.lse.ac.uk/media-and-communications/assets/documents/research/eu-kids-

Cáipéisí

GCE Specification in Irish (2016). Council for The Examinations and Assessment, Clarendon Dock, Belfast.

Agusín

Aguisín 1 

A chara, Is léachtóir sinsearach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste mé. Mar atá a fhios agat, is é ceann de mo chuid dualgas ná teanga na Gaeilge a theagasc do mhic léinn na Gaeilge. Tá rún agam tionscadal beag a dhéanamh ar straitéisí éagsúla leis an fhilíocht a theagasc agus bhur mbarúlacha a fháil amach den straitéis chéanna. Beidh Cathal Ó Searcaigh faoi chaibidil sna leachtaí filíochta. Tosóidh an tionscadal seo i Mí na Samhna 2023 le ceistneoir i measc mhic léinn uile na Gaeilge BOid 1 agus SA1. Déanfar an taighde uilig trí mheán na Gaeilge. Is é an dara modh a mbainfear úsáid as ná ceithre fhócasghrúpa leathstruchtúrtha de sheisear mac léinn. Tarlóidh na hagallaimh leis na fócasghrúpaí i ndiaidh na léachtaí filíochta. Tabharfar le fios duit féin agus do na mic léinn eile nach mbeifear in ann sibh a aithint sa taighde agus go dtig leatsa agus leis an chuid eile tarraingt amach as an tionscadal in aon am. Inseofar duit agus do na mic léinn eile fosta gur cinnte go bhfoilseofar an taighde i nGaeilge. Ní imreoidh do pháirteachas ná do neamhpháirteachas tionchar ar bith ar an ghrád a gheobhas tú sa chuid seo den mhodúl. Tá súil agam go dtig leat insint dom go luath: cé acu atá nó nach bhfuil tú sásta bheith páirteach sa cheistneoir agus san fhócasghrúpa. Lean an chomhairle anseo thíos agus cuir do fhreagra ar ais chuig an seoladh rphoist faoi m’ainm. Is mise le meas, Padaí de Bléine, 23/11/23                                                                                                                             St Mary’s University College Belfast. p.blaney@smucb.ac.uk Folínigh do fhreagra:   Is mian liom bheith páirteach sa taighde. Ní mian liom bheith páirteach sa taighde.   AINM:___________________________ Síniú:____________________________ Data:____________________________    

Aguisín 2 

Ceistneoir – Filíocht B1 Dearcadh na mac léinn ar an fhilíocht sula gcuireann siad tús leis an staidéar uirthi.  
  1. An dtuigeann tú cad is filíocht ann?

5-go hiomlán, 4-iontach, 3-go leor, 2-go measartha, 1 ní thuigim

 
  1. An dtaitníonn an fhilíocht leat?

5-go hiomlán, 4-go hiontach, 3-go maith, 2-go measartha, 1 ní thaitníonn

 
  1. An bhfuil tú eolach ar fhilí Gaeilge?

5-iomlán, 4-iontach, 3-go leor, 2-go measartha, 1 níl mé

 
  1. Cad iad na dúshláin a bhíonn agat le staidéar filíochta?

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

 
  1. An bhfuil tú ábalta dán nó véarsa de dhán a aithris i nGaeilge nó i mBéarla?

_________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

     

Aguisín 3

Fócasghrupa

  Cad é a shíl sibh den fhile ag cur teachtaireacht phearsanta chugaibh?   Cad é a shíl sibh den teachtaireacht féin agus an méid a bhí le rá aige inti?   Tá cúig dhán clúdaithe againn go dtí seo. Cad é a shíleann sibh de na dánta – cén ceann is ansa libh? Cad chuige?   Cad é a shíleann sibh den chur chuige a bhí againn?
  • ag éisteacht leis agus ag scríobh nótaí beaga,
  • ag éisteacht leis arís agus ag cur leis,
  • agus á phlé i mbeirteanna.
  Cad é mar a mhothaíonn sé an dán a léamh os ard?   Ar fhoghlaim tú véarsa ar bith as dán ar bith de ghlanmheabhair? Cad é a fuair tú as?   An fearr a thuigeann tú cad is filíocht ann anois?   Cad é an rud is mó a d’fhoghlaim tú faoin fhilíocht agus ón fhilíocht?   Cad é a shíleann tú den fhilíocht mar sheánra litríochta?   Ar chuidigh na haistriúcháin Bhéarla leat agus tú ag déanamh staidéir ar an fhilíocht?   An dtig leat smaoineamh ar dhóigh ar bith eile nó ar chur chuige ar bith eile le staidéar a dhéanamh ar an fhilíocht?      

Aguisín 4

Agallamh le Cathal Ó Searcaigh – 01-11-23

Cad é mar atá saol an fhile Gaeilge sa lá atá inniu ann?

Go fóill, táimid imeallach mar scríbhneoirí Gaeilge, táimid ar an imeall mar a dúirt Nuala Ní Dhomhnaill blianta ó shin, ‘we are the exotica on the margins of English language literature in Ireland.’ Sin fíor go fóill. Cé go bhfuil rudaí i bhfad níos fearr agus go mbímid rannpháirteach lenár mbráithre i mBéarla, ach ag an am céanna, is beag eolas atá ag aosdána an Bhéarla ar litríocht na Gaeilge. Tá sin fosta i nduanairí a thig amach, duanairí ar litríocht na hÉireann atá iontu, ach is beag áit atá tugtha d’fhilíocht na Gaeilge ins na duanairí sin. Tá sé rud beag níos fearr anois. Tháinig an ceann sin, The Penguin Book of Irish Verse amach. Rinne Patrick Crotty eagarthóireacht, agus tá Gaeilge ag Patrick agus thug sé a sciar féin d’fhilíocht na Gaeilge ansin. Cuireann sé isteach orm go bhfuil an-chuid filí ansin agus scríbhneoirí agus chan fhaigheann siad aitheantas ar bith, tá siad ar dóigh ach go díreach nach bhfuil siad mar chuid den phoiblíocht sin. Rud eile fosta, ní maith liom an stocaireacht a bhíonn á déanamh ag cuid de na filí fosta le hiad féin a chur chun tosaigh, an mhargaíocht sin ar fad, an phoiblíocht. Ní maith liom an stocaireacht sin ar fad. Ag an am céanna, caithfidh daoine a bheith beo agus tá an t-ádh ormsa gur ball den aosdána atá ionam. Níl ach roinnt bheag againn. Má tá ochtar ann sin a bhfuil. Tá mise, tá Gabrielle ann, Paddy Bushe. Is aistritheoir iontach maith é Paddy. Tá ciall iontach aige don dá theanga. Is file iontach maith atá ann i mBéarla mar go bhfuil saothar mór déanta aige sa teanga sin ach fosta i nGaeilge. Tuigeann Paddy an dá ‘register’ agus tá sin iontach tábhachtach mar ní hionann ‘register’ an Bhéarla agus ‘register’ na Gaeilge. Tá sé in ann an trasnú sin a dhéanamh thar an duibheagán agus cuireann sé iontas orm in amanna an dóigh go dtig leis an casadh agus an cor úr sin a chur i mBéarla in abairtí atá agam féin i nGaeilge.

Cén fáth nach ndéanann tú féin aistriúchán ar do chuid filíochta?

Ceann de na fáthanna nach ndéanaim féin aistriúchán, amanna déanaim aistriúchán, ach is annamh a dhéanaim iad, ach ceann de na fáthanna nach ndéanaim ná go sílim go mbeinn ag smaointiú ar an aistriúchán agus mé i mbun an leagan Gaeilge. Dá dtiocfainn aníos le rud éigin ins an bhunleagan nach mbeinn in ann a mhacasamhail a aimsiú i mBéarla chuirfeadh sin isteach orm. B’fhéidir go bhfágfainn an dán ar lár nó rud inteacht. Dírím isteach go díreach ar na dánta i nGaeilge. Tá Gabrielle Rosenstock thar barr fosta, cara mór de mo chuid leis na cianta agus tá an dá theanga ar a thoil ag Gabrielle. Ach fear eile atá fíormhaith, tá an-mheas agam air mar aistritheoir agus mar scoláire, sin Frankie Sewell. Tá sé ina léachtóir Béarla i gCúl Raithin. Tá Frankie fíormhaith. Cuid de na rudaí atá aistithe ag Frankie de mo chuidse, chuirfeadh siad iontas ort. Éiríonn leis rud éigin a dhéanamh i mBéarla atá spéisiúil domsa.

Mar a bheadh bunleagan ann?

Siúráilte. Amhail is nach aistriúchán é ach dán úr atá ann a d’eascair amach as dúchas an Bhéarla. File maith atá ann féin fosta. D’fhoilisgh sé cnuasach filíochta. Bhí sé ag obair ar leabhar mór le blianta anuas faoi stair an leabhair, leabharthaí i nGaeilge, achan rud a foilsíodh i nGaeilge ó thus ama.

Mar léachtóir sa Choláiste bímse ag teagasc filíochta, agus tá mé ag iarraidh dul i mbun na filíochta go mbainfidh na mic léinn sult aisti ar ndóigh. An féidir filíocht a theagasc nó an gcothaíonn tú grá don fhilíocht?

Is cinnte gur féidir filíocht a theagasc ach déarfainnse gurb é an bunrud, domsa mé féin dá mbeinn ag múineadh filíochta gurb é an bunrud ná éisteacht leis an dán agus an dán a thabhairt chun solais trí é a rá amach ansin cluineann tú an dóigh a n-oibríonn an dán, na fuaimeanna agus mar sin de, mo shaothar féin, tá an chantaireacht tábhachtach agus tá sé tabhachtach go léifidh an múinteoir an dán ach fosta go léifidh na mic léinn an dán os ard más féidir. Is cuimhneamh liom agus mé ar an cheardscoil i nGort a’Choirce, tá cur síos fada agam ar mo chuid oideachais ar an cheardscoil i nGort an Choirce, mar bhí múinteoir iontach ansin agam, ach níor thaitin an bhunscoil liom ar chor ar bith. An bhrúidiúlacht a bhain leis an chineál sin oideachais, bhí fuath agam air agus char fhreastail mé rómhinic ar an bhunscoil, d’fhan mé sa bhaile. Bhí leabharthaí againn sa bhaile. Bhí orm dul áit inteacht leis an bhliain dheireanach a chomhlíonadh agus chuaigh mé go dtí an cheardscoil i nGort a’Choirce agus d’athraigh sin mo shaol ar fad. Is cuimhin liom gur tháinig an múinteoir óg seo isteach ins an rang an chéad lá a bhí mé ansin agus múinteoir an Bhéarla a bhí ann. Tomás Breatnach, Tom Walsh. Léigh sé an dán agus an dán a bhí ann ná, The Road Not Taken, le Robert Frost. Léigh sé an dán seo amach os ard agus ansin chuir sé an cheist nár cuireadh riamh ormsa ar an bhunscoil, dúirt sé leis an rang, ‘What do you think of that poem?’ Bhí mo lámhsa thuas mar a bheadh urchar ann mar níor cuireadh an cheist sin orm riamh agus níor tugadh deis dom riamh roimhe agus mé trí bliana déag d’aois. Bhí leabhair léite agam faoin am sin mar bhí gnás ag m’athair leabharthaí a thabhairt ar ais as Albain i gcónaí agus bhí leabharthaí i gcónaí ins an teach rud a bhí neamhannamh mar an chuid is mó de na tithe ní bheadh leabharthaí ar bith ann ach bhí leabharthaí i gcónaí ag Micí m’athair. Bhí spéis aige san fhilíocht go háirithe Robbie Burns agus leabharthaí Patrick McGill. Nuair a thosaigh mise a chur spéise i leabharthaí rachadh sé go dtí na beáir ar a bhealach ar ais arís líonfadh se cúpla sac le leabharthaí mar bhí siad ar fáil ar saorchonradh agus bhí na leabharthaí sin leis. Bhí achan chineál leabharthaí á léamh agamsa chomh luath agus a bhí mé ábalta léamh. Ins an bhaile míorúilteach sin bhí na ‘beat poets’ leis, Allen Ginsberg agus Corso iad sin de thaisme, ní hé gur phioc sé iad d’aon ghnó. Rachadh sé thart agus phiocfadh sé leabharthaí. Bhí sé ábalta iad a fháil iontach saor agus thug sé leabharthaí iontacha ar ais. Mar sin de, bhí rudaí léite agam nach mbeadh léite ag mo mhacasamhail eile ar an scoil agus spéis agam ins an rud fosta. Spreag Tom an spéis sin. B’shin an chéad rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. ‘What do you think of that poem?’ Chuir sé muid uilig ag caint faoin dán sna ranganna. Ní eisean a bhí thuas ansin ag insint dúinn, ‘this is what it means’. Lig sé do na mic léinn a dtuairimí féin, agus bhí daoine dár ndóigh, páistí beaga soineanta, daoine iontach faiteach eagla orthu labhairt, ach bhí sé de bhua agus d’éirim ag Tom gur éirigh leis caint a bhaint amach as na daoine seo. Rinne sé an rud iontach spéisiúil ar an dóigh sin. Chomh maith leis sin, rud eile ba ghnách leis a dhéanamh ná muid ar fad a chur a léamh an dáin mar chór, ag fáil daoine leis an dán a léamh i bpáirteanna éagsúla. Bhíodh línte áirithe ag an dream seo agus línte áirithe ag dream eile. Bhí sé ábalta iad seo a nascadh le chéile. Bhrisfeadh sé suas an dán, b’fhéidir go mbeadh muid ag cur béime ar fhocal amháin nó ar fhrása amháin. Bhí sé ag cruthú na cantaireachta seo. Thuig Tom go raibh mantra tábhachtach ins an fhilíocht, an t-athrá sin. Is cuimhneamh liom ina dhiaidh sin nuair a thosaigh mé féin ag amharc ar an dóigh a n-oibríonn dán, go háirithe dánta na Gaeilge, an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm agus a dtugaim aire dó i gcónaí, ná na ‘vowels’, na gutaí an a,e,i,o,u sin, agus an dóigh go n-úsáidtear iad sin i bpatrúin fuaime an dáin. Braithim gurb é sin an rud a bheathaíonn an dán, an dóigh a n-úsáideann file na gutaí sin. Tá sé sin léirithe go hiontach ins na hamhráin. Má amharcann tú ar cheann de na hamhráin is mó a thaitníonn liom, Tá mé i mo shuí. Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir Ag cur teineadh síos gan scíth 's á fadú go géar Tá bunadh a' tí 'na luí 's tá mise liom féin Tá na coiligh ag glaoch 's tá 'n saol ina gcodladh ach mé Sheacht mh'anam déag do bhéal, do mhalaí ’s do ghrua Do shúil ghorm ghlé gheal fá'r thréig mé aiteas is suairc Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl Is a charaid mo chléibh tá na sléibhte ag gabháil idir mé ’s tú Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá Char admhaigh mé é nó go raibh sé ’ndiaidh mo chroí ’stigh a chrá Aicíd ró-ghéar, faraor nár sheachnaigh mé í Chuir sí arraing 's céad go géar fríd cheartlár mo chroí Casadh bean sí domh thíos ag Lios Bhéal an Áth' 'S d'fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glais ar bith grá 'Sé dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh Nuair a théann sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách. An patrún fuaime ins an dán sin, braithim go bhfuil sé iontach ar fad. Na ‘íanna’ sin, tá mé i mo shuí, na gutaí sin ar fad. An dóigh a n-idirdhealaíonn siad an fhilíocht ón phrós. An dóigh go bhfuil mairseáil déanta ar na gutaí. Deirim i mBéarla, ‘a successful poem in Irish is a successful vowel movement.’ I mo chuid dántaí, cuirim an-bhéim ar ghluaiseacht na ngutaí. Samhlaím gurb iad na gutaí anam an dáin agus gurb iad na consain, gurb iad sin corp an dáin. Is é an t-idirphlé sin idir an dá ghné sin a chruthaíonn domsa ceol agus cantaireacht an dáin. Is dóigh liom go bhfuil an ceol tábhachtach, nach sin traidisiún na filíochta i nGaeilge, an chuid is fearr de? Tá an ceol sin ann.

An scríobhann tú filíocht duit féin nó do dhaoine eile?

Dom féin ar dtús, mar is as rud inteacht atá ag déanamh buartha dom nó rud éigin a bhfuil spéis agam ann. Tá sé pearsanta sa dóigh sin. Is filíocht liriciúil a scríobhaim den chuid is mó. An liric go bunúsach, rud pearsanta atá ann. Má thaitníonn sé liom féin súil agam go dtaitneoidh sé le daoine eile. Ach, fosta, le blianta anuas, is dóiche go bhfuil mé ag déanamh ráitisí poiblí ins na dántaí sin fosta nó go bhfuil an dán ag rá ann – an ráiteas poiblí agus an ráiteas príobháideach. Cuir i gcás an dán cosúil le Caoineadh, tá an ráiteas príobháideach ann mar tharla sé sin. Chuaigh mé le mo mháthair agus mé i mo pháiste suas na Béithí ar lorg Mollie an peata caorach a bhí againn ag an am sin agus fuair muid Mollie thuas ar an tsliabh agus na préacháin dhubha ag ithe na súl amach aisti. Bogann sé ansin ón trágóid phearsanta sin, léimeann sé go cás agus meath na teanga agus bás na teanga.  Is maith liom nuair a eascraíonn an ráiteas poiblí amach as an ráiteas pearsanta. Cuir i gcás dántaí cosúil le Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Ráiteas príobháideach caoineadh agus crá ag Eibhlín Dhubh Ní Chonaill atá ann ach ag an am céanna ins an dán sin tá crá agus pianpháis na hÉireann fosta ann. Oibríonn an caoineadh ar an dá leibhéal sin. Bíonn caoineadh éifeachtach nuair a éiríonn leis a bheith níos mó ná an rud pearsanta.

Tá a fhios agat go bhfuil eagla ar dhaoine roimh an fhilíocht, na mic léinn. Cad é mar a thig leat sin a laghdú nó a mhaolú ar dhóigh?

Is dóigh liom go mbíonn eagla orthu roimpi mar nach bhfuil siad páirteach in ‘experience’ an dáin. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na mic léinn iad féin páirteach go ndéanfadh siad siad ins an rang mionscrúdú ar an dán agus an dóigh is fearr le sin a dhéanamh ná an dán a léamh go poiblí.

Úinéireacht a ghlacadh ar an dán?

Sin é. Bíonn eagla ar dhaoine mar an meafar agus an simile, an dóigh go leathnaíonn sé ciall. Bíonn eagla ar dhaoine mar ní thuigeann siad. Go minic briseann an meafar an réasún. Táimid go mór faoi bhrú agus faoi cheangal ag an réasún. Iarracht atá ann sa mheafar ar bhealach, tá tú ag déanamh ceangal idir dhá rud nach bhfuil ceangal ar bith eatarthu. Tá tú ag tabhairt rudaí le chéile agus ag cruthú fírinne úr. Is dócha nach dtuigeann daoine sin ná go mbíonn eagla orthu roimh an chineál sin léim samhlaíochta. Páistí beaga, sílim, tá siad iontach maith, go bhfuil tuigbheáil acu air sin mar nach bhfuil eagla orthu roimh léim na samhlaíochta mar sin an saol ina mbeathaíonn siad féin. Tá iontas orthu roimh achan rud agus creideamh acu, ar bhealach, in achan rud cé nach gcreideann siad i rud ar bith.

An bhfuil soineantacht ag baint leis?

Tá soineantacht ag baint leis fosta. Is dócha go gcaithfidh tú soineantacht áirithe a bheith ionat le hamharc ar rudaí go húrnua. Tá réamhchlaonadh á chur ar ceal ionas go bhfeiceann tú an saol trí shúile úra mar thar rud ar bith ins an fhilíocht, tá sé tábhachtach go dtugann an fhilíocht, go bhfuil ‘lateral thinking’ ins an fhilíocht tábhachtach. Tógtar muid le bheith cineál céillí agus críonna agus réasúnta agus níl an fhilíocht mar sin. Tá dearcadh réabhlóideach ins an fhilíocht. Braithim de réir mar a éiríonn daoine níos sine go seargann an tsamhlaíocht iontu go minic agus go mbíonn sé fosta níos deacra acu teagmháil leis an fhilíocht.

Bhí mé ag léamh filíochta de chuid Ciarán Carson ar na mallaibh, agus bhí seisean ag scríobh faoi Bhéal Feirste agus faoi na Trioblóidí, tusa ag scríobh faoin Earagail. Braitheann sé ar do thimpeallacht ar ndóigh an rud a scríobhann tú faoi.

‘Sense of place’, ar ndóigh.

Ar scríobh tú rud ar bith faoi na Trioblóidí?

Scríobh. Miontrágoide na Cathrach ach ní thig cóip de a fháil anois. Ansin, b’fhéidir cúpla bliain ó shin rinne muid eagrán úr de Mhiontrágóide Cathrach, ach é leasaithe mar bhí na bunleaganacha agam. Cuireadh Miontragóide Cathrach amach 1975 agus rinneadh é a phriontáil go háitiúil. Bhí ‘printing press’ i nGaoth Dobhair, fear as an tuaisceart agus cara de mo chuid ar a dtugtar, Seán Ó Corráin. Bhí sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i nGaoth Dobhair níos moille ach bhí muid ar scoil le chéile. Bhí sé ag freastal ar an ollscoil i nGaillimh i 1975 agus chinn sé sin go gcuirfeadh sé an leabhar amach go pearsanta é féin. Sin an rud a tharla, ach bhí an leabhar cineál caite le chéile agus shíl mé gur chóir leagan úr a chur amach agus b’fhéidir dánta eile nach raibh ins an chéad chnuasach agus cuid de na dánta sin baineann siad leis an tuaisceart mar bhí muid i lár na dtrioblóidí. Mar sin de, baineann siad leis an tuaisceart. Ach tá go leor scríofa agam faoi chúrsaí cogaíochta ó shin, an cogadh in Iaráic.

Mar sin de, scríobhann tú faoin Earagail ach thig leat teacht amach as agus scríobh faoi rudaí eile?

Cinnte. Ní féidir leat a bheith beo ins an am atá muid ann, in am ar bith, gan do shúile a bheith agat ar imeachtaí an tsaoil fosta, ní maith liom filíocht cineál go bhfuil tú díonaithe isteach ionat féin go huile is go hiomlán, ‘hermitic poetry’. Níl an oiread sin spéise agam sa chineál sin.

Is ball den chine daonna thú, tá tú a rá.

Dar ndóigh, tá mo chomharsana i Mín an Leá, ach tá siad fosta in Gaza, agus tá siad in Kiev agus tá siad in áit ar bith ina bhfuil daorsmacht. Tig dán isteach i mo cheann, Cárta Poist chuig Iosaef in Iaráic. Déanaim plé ar an ábhar sin ar fad. Nuair a bhím ag féachaint ar an teilifís nó ag léamh scéalta nuachta i láthair na huaire faoi na rudaí uafásacha atá ag tarlú, spreagann sin mé fosta le teanga a thabhairt don tost.

Agus an dtagann abairt le chéile nó focail, cad é mar a tharlaíonn sé?

Focail den chuid is mó. Focal inteacht, tá Gaza iontach, fiú an focal é féin. Tá brí agus beocht san fhocal féin. Scríobh mé sraith dánta. Sin rud eile a dhéanaim anois. Scríobhaim cineál sraith dánta ar an ábhar amháin a thugann léargais ó aird éagsúla ar an ábhar. De ghnáth, tosaíonn dánta domsa le focal a gcuirim spéis ann. Cuireann an focal tochas i mo shamhlaíocht. Tá an focal áirithe sin mar a bheadh maighnéad ann agus tarraingíonn sé focal eile chuige agus tá an chéad abairt ann. An rud is deacra ar fad dom féin i ndán ná an líne dheireanach. Cá háit a bhfuil an dán ag dul?, go bhfuil deireadh leis ach nár chineál ‘summation’ nó achoimre é an deireadh ar an dán ar fad ach gur líne atá ann a thugann cead don dán dul ar eiteogaí, agus a dhul amach ansin, is maith liom an cineál sin dáin. Cuir i gcás, Cor Úr, an líne dheireanach ansin, ‘deonaigh cor úr a chur i mo dhán’. Dar ndóigh, tá cialla éagsúla leis sin, nach bhfuil?, dán mar chinniúint agus dán mar dhán na bríonna agus na cialla éagsúla. I ndán fosta, cuirtear gnáthfhoclaí faoi bhrú agus pléacsann siad. Tá ‘subtext’ an foleibhéal sin atá i bhfoclaí agus nuair a chuirtear iad i gcomhthéacs áirithe, téann siad in aois agus cailleann siad a mbrí agus caithfidh tú ‘vitality injection’ a thabhairt dóibh. Fosta, tá an oiread sin cleachta againne ar a bheith ag úsáid clichéanna inár gcuid cainte, nach bhfuil?, sean-nathanna a bhfuil an tsú agus an súlach bainte astu. Sílim gurb é sin cuid de thábhacht na filíochta fosta, go ndéantar athnuachan ar shean-nathanna. Tháinig sin chugam féin blianta fada ó shin nuair a bhí mé ag léamh filí cosúil leis na ‘beats’ ach go háirithe filí Béarla Liverpool, daoine cosúil le Roger Mc Gough go háirithe. Bhí cáil air ins sna seachtóidí, tá sé beo go fóill, ach bhí dánta beaga atá cliste aige nuair a chuir sé béim ar an teanga cosúil leis seo, is cuimhneamh liom an tsraith dánta seo a bhí aige ar a dtugtar Summer with Monica ina gcuireann sé síos ar a bheith lena ghirseach i seomra beag cúng i Liverpool agus tá sé iontach ‘claustrophobia’ leis an tsaol ar fad ina maireann sé féin agus an ghirseach s’aige. Tosaíonn sé an dán, ‘some days we thought about the seaside, and built sandcastles in the blankets and paddled amid the pillows’, ach ansin tá an líne seo ann, ‘other days we went for long walks around the table.’ Wow, sin é, sin go díreach an rud a raibh muid ag caint air ar ball faoi, an leathnú agus an síneadh a dhéanann an fhilíocht. ‘Other days we went for long walks around the table’, má tá tú in ann ‘long walks’ a dhéanamh thart ar an tábla, tá tú foscailte agus tá iontas agus draíocht ag baint le hachan rud. Mar tá tú ag feiceáil rudaí ar bhealach úr agus ar leibhéal úr. Sa leabhar céanna tá an dán beag seo aige, ina ndeir sé, baineann sé úsáid as cliché ach cuireann sé brí ur ins an cliché, ‘your finger sadly has a familiar ring about it’. An dóigh a nglacann sé an nath sin, ‘that’s got a familiar ring about it.’ Is maith liom nuair a tharlaíonn sé sin agus glacaim leis an rud a dúirt Auden, ‘poetry is an exploration of the possibilities of language’, ag cur na teanga faoi bhrú, ag leathnú féidearthachtaí na teanga. Agus le filíocht a scríobh is dóigh liom go gcaithfidh do mhéar a bheith agat ar chuislí na teanga, go gcaithfidh tú éisteacht leis an dóigh a bhfeidhmíonn agus a n-oibríonn an teanga, mar tá cuisle ins an teanga fosta, agus caithfidh tú a bheith ag éisteacht le bualadh croí na bhfocal fosta leis an phreabaireacht sin.

Cad é an rud a spreagann do chuisle filíochta ionat féin?

Cuireann an teanga faoi dhraíocht muid agus nuair a thugann tú go míoriúltach, cibé dóigh a dtarlaíonn sé, níl a fhios agam. Ní cheistím mé féin rómhór faoi sin ach an dóigh a ndéanann tú cleamhnas idir foclaí áirithe, go gcrutaítear patrún fuaime atá iontach. ‘Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir.’ Tá sin, shílfeá simplí, ach tá draíocht ag baint leis fosta, agus baineann sin leis an dóigh go bhfuil na fuaimeanna sin curtha i gceann a chéile. Tá sé tábhachtach ag file ar bith atá ag toiseacht amach a bheith eolach ar an dóigh a n-oibríonn an teanga. Tá filíocht ar dóigh á scríobh i nGaeilge ach fosta, tá go leor nach bhfuil agus sa phrós fosta. Ní mhothaímse go bhfuil dúchas na teanga ins sna scríbhneoirí, agus b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra ins an tsaol ina mairimid fosta. Tógadh mise leis an teanga. Ní hionann, ar ndóigh, filíocht a chumadh agus an teanga a bheith agat go huile is go hiomlán. Tá a fhios agam daoine a bhfuil an teanga acu go huile is go hiomlán ach nach féidir filíocht a scríobh.

Cad é an dán is fearr leat? Nó an é an dán deireanach an ceann is fearr leat? 

An ceann nár scríobh mé go fóill, sin an ceann. Mar a dúirt Kavanagh, ‘the masterpieces that we will begin tomorrow’. Sin an ceann is mó a thaitníonn liom mar nuair a bhíonn ceann déanta agat chíonn tú cineál na laigí a bhaineann leis, bíonn an aisling sin agat don dán iontach seo.

Tá dúil agam féin in Van Morrison agus tá seisean mar an gcéanna. Cé go bhfuil rudaí iontacha scríofa aige sna seascaidí agus sna seachtóidí bíonn sé ag amharc chun tosaigh.

Tá sin tábhachtach fosta, nach mbeifeá suite go huile is go hiomlán ins an rud atá déanta agat. Tá ort bealaí úra a thriail fosta. I láthair na huaire, tá mé ag cur níos mó suime sna dánta a scríobh na díthreabhaigh, sa tséú, tseachtú agus san ochtú haois, ‘Early Irish Lyrics’, mar a thugtar orthu. Is breá liom iad sin. Tá leabhar á bheartú agam i láthair na huaire, ‘Leabhar na gCeall’ a thugtar air. Agus baineann sé le manaigh as an tréimhse sin, ach manaigh atá aerach, mar go raibh siad ann dár ndóigh. Tá mé ag tabhairt gutha dóibh sin i ‘Leabhar na gCeall’, agus ag tarraingt ar theicnic na filíochta na tréimhse sin. Rud eile fosta go bhfuil spéis agam ann ach níl sé déanta go fóill ag duine ar bith – teicnic. Tá an-spéis agam in ‘teicnic’, an cheardaíocht atá ins an dán, agus go mbeadh sé sin le feiceáil fosta. Níor tarraingíodh ariamh i Nua-fhilíocht na Gaeilge ar Fhilíocht na mBard. Is teicnic ar fad atá i bhFilíocht na mBard; cuntas na siollaí sin agus an mheadaracht. Teicnic ar fad a bhí ann. Agus d’fhoghlaim siad sin ar feadh na seacht mbliana a d’fheastail siad ar scoltacha na filíochta. Agus go leor de, níl ann ach teicnic. Dá mbeifeá in ann rud éigin a dhéanamh le teicnic na mbard agus é a chur in oiriúint dár n-am féin agus d’ábhar nua-aoiseach, sin an rud a bhfuil an-spéis agam ann i láthair na huaire.

An dtaitníonn sé leat go mbíonn daoine ag déanamh staidéir ar do chuid filíochta?

Taitníonn, is minic a léim rudaí agus a deirim, tá sin spéisiúil. Go háirithe duine a dhíríonn isteach ar na dánta agus a fheiceann rud éigin iontu nach bhfaca mé fein nó nach raibh a fhios agam. Tá go leor scríofa ag Frankie Sewell mar gheall ar mo shaothar, agus arís tá Frankie géarchúiseach ins an dóigh sin. Chuir sé amach dochtúireacht s'aige, an leabhar bhí ann, The New Alhambra, ina ndéanann sé scagadh ar Ó Ríordáin, Ó Direáin, orm féin agus ar Nuala, an ceathrar againn. Scríobh sé aiste mhór fhada orainn uilig agus bhí sin iontach spéisiúil. Dhírigh sé isteach ar rudaí nach bhfaca mé féin ins an fhilíocht. Sin an fáth a bhfuil Heaney ina léirmheasóir chomh maith sin. File ar dóigh, ach bhí sé ina léirmheastóir ar dóigh fosta, an dóigh a níonn sé scagadh ar shaothar fhile éigin, go dtugann sé saothar an fhile sin chun solais. Bíonn go leor den léirmheastóireacht chomh cnapánach sin agus chomh hamscaí. Ach Heaney ag scríobh faoi dhán, an teanga a úsáideann sé, tá sí chomh beo sin agus chomh spéisiúil sin, an dóigh a gcuireann sé focal le chéile. Baineann sé preab asam i gcónaí agus baineann na tuiscintí agus an mheabhraíocht atá déanta aige ar an dán preab asam.

Ar casadh ort é riamh?

Ó, go minic. Bhí mé iontach mór leis. Duine chomh dámhúil sin a bhí ann agus duine galánta. Chuidigh sé leis an oiread sin daoine. Chuir sé brú agus tuirse an domhain air féin mar nach raibh sé ábalta diúltú. Bhí sé chomh fial flaithiúil sin agus bhí brú air i gcónaí ag déanamh rudaí. Tuigeadh dó go raibh oibleagáid agus freagracht air ar son na filíochta. Is dóigh liom go raibh ualach air – ualach poiblí.

An bhfuil ualach ortsa?

Níl. Is maith liom a bheith ag léamh do chairde ceart go leor ach ní maith liom a bheith ag déanamh rudaí poiblí. Rinne mé an-chuid de sin. Is cineál sorcais atá ann fosta. ‘Performance’ atá ann. Léann tú. Agus tá an ‘performance’ chomh tábhachtach leis an rud atá tú a rá. D’éirigh mé tuirseach de sin.

Nach síleann tú gur tusa an file Gaeilge is aitheanta faoi láthair?

Níl a fhios agam, b’fhéidir gur mé.  

Aguisín 5

Taifeadta ar 01-11-23

Cathal Ó Searcaigh ag labhairt go díreach leis na mic léinn

  Tá mise i mo chónaí i Mín a’ Léa agus tá Padaí ag déanamh taifeadta de seo ar lá beag giobach fuar agus doineanta inniu. Ach táimid istigh anseo i mo theach agus tá rud beag solais le bheith ag caint ar an fhilíocht agus sin b’fhéidir ceann de bhuanna móra na filíochta domsa. Agus mé ina bun go mbím ag tnúth leis an tsolas. Braithim go bhfuil an solas iontach tábhachtach i mo shaothar féin. Dá ndéanfá staidéar air thar na cnuasaigh éagsúla atá scríofa agam, chífeá sin. Níl a dhath níos iontaí, nó níos éifeachtaí nó níos sásúla ná a bheith ag tnúth leis an tsolas. I dtaca leis an fhilíocht de, mholfainn do mhic léinn agus daoibhse sa tseomra ranga an dán a léamh os ard. Tá sé tábhachtach go ndéanfá an dán a léamh os ard seachas é a léamh go ciúin. Má léann tú os ard é, más dán maith atá ann, cluineann tú éifeacht na teanga, cluineann tú an chantaireacht a bhaineann le focail agus iad curtha i gceann a chéile go fórsúil agus go fóinte. Más rud ar bith atá ins an fhilíocht, is é atá ann mar a dúirt W.H. Auden, ‘an exploration of the possibilities of language’. Is dóigh liom gurb é sin an fáth a bhfuil mé féin ag scríobh i gcónaí, ná go bhfuil an oiread sin spéise agam ins an dóigh a n-oibríonn an teanga, an dóigh a n-oibríonn foclaí, nuair a chuirtear i gcleamhnas lena chéile iad. Agus níl a fhios agam an dóigh a dtarlaíonn sé, agus ní cheistím é rómhór ach is dóigh liom gurb é sin an rud, an cineál comhartha aitheantais is mó d’fhile nó an dóigh go gcuireann sé foclaí i gceann a chéile, agus sin an bua. Tá daoine ar ndóigh a bhfuil an teanga acu, ach ní i gcónaí go mbíonn siad ábalta foclaí a chur le chéile i bhfilíocht. Níl a fhios agam cé acu tíolacthaí ón Spiorad Naomh atá ann, ach amanna agus mé i mbun dáin, braithim go mbíonn spreagadh ann ó áit inteacht atá taobh amuigh dom féin. Bím in agallamh leis an aingeal coimhdeachta seo cé nach bhfuil gnáthchreideam ar bith agam. Braithim go mbím in agallamh le fórsa, le neach inteacht eile.  

 Aguisín 6