Léirmheas ar Stórchiste: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams agus ar Teasáras Gaeilge‒Béarla le Garry Bannister.

(Williams: Evertype, 2023. €50

Bannister: New Island, 2023. €55)

 

Léirmheas le Eva Ní Mhealláin

Is annamh is iontach a deirtear. Nárbh iontach é, sa chás sin, nuair a d’fhoilsigh Evertype  STÓRCHISTE: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams ag tús na bliana seo caite.  Is coincheap é féin an teasáras, nach raibh i dtraidisiún na Gaeilge go dtí foclóir analógach Uí Dhoibhlin (1998), agus is beag teanga eile ina bhfaightear teasaráis mar atá sa Bhéarla.  Nach mór an t-ionadh mar sin, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú an teasárais stairiúil seo gur fhoilsigh New Island Teasáras GaeilgeBéarla (IrishEnglish Thesaurus) le Garry Bannister.

Is scoláire é Nicholas Williams ar na teangacha Ceilteacha, an Choirnis agus an Nua-Ghaeilge ach go háirithe. Is ábhar spéise é Williams don ghnáthchainteoir Gaeilge nach bhfuil baint aige/aici leis an acadúlacht, agus is deis mhaith í an saothar seo aitheantas a thabhairt dó as a bhlianta fada tiomsaithe.  Is fada Garry Bannister i mbun saothraithe ar an teanga freisin, áfach, agus aon leabhar déag foilsithe aige ‒ idir fhoclóirí agus lámhleabhair nathanna agus mhionteasáras ina measc.  Ba mhó an aird a fuair an dara teasáras den phéire sna meáin dá réir sin (Ó Cuaig, 2023).  Ní féidir a rá go bhfuil an phróifíl ná an stíl chéanna ag an bheirt tiomsaitheoirí, cé gur fíor gur dhá theasáras shainiúla, thaitneamhacha iad, an oiread céanna don tsaineolaí agus don ghnáthdhuine.

Is téagartha leagan Bannister ná leagan Williams, agus 700,000 focal iniúchta ann,  treoir ghramadaí shonrach san áireamh.  Tá 12,000 iontráil ag Williams, agus 44,000 focal nó frása ar leith.  Is léir ón tsaothar ollmhór seo nach ag codladh go headra a bhí Bannister ó foilsíodh a chéad teasáras ach ag cur i gceann na taisce.  I dtaobh leagan amach de is fusa teasáras Bannister a léamh.  Clófhoireann MinionPro, idir méid 9 bpointe agus 10.5 bpointe, atá in úsáid ag Bannister, agus tá níos mó spáis ar gach leathanach idir gach iontráil, gné den dearadh atá soiléir, slachtmhar (Amharc Léaráid 1).

 

Léaráid 1 – Bannister, 2023: 119

Ní deacair teasáras Williams a léamh, áfach, ach is fadhb í an spásáil nach bhfuil oiriúnach do dhlús na bhfocal ann.  Caithfear a rá, áfach, go gcuidíonn eagar na n-uimhreacha san iontráil leis an tsoiléireacht sin, atá caillte i ndlús na bhfocal, ag réimniú na gcomhchiallach faoi mhíniú amháin den fhocal (Amharc Léaráid 2 ).  Ar a bharr sin, tá roinnt mhaith clófhoirne in úsáid sa leabhar idir Swift, Helvitica, Helvitica Black agus Helvitica Narrow, rud eile a chuidíonn leis an tsoiléireacht agus a sheachnaíonn an débhríocht.


Léaráid 2 – Williams, 2023: 80

Ní féidir a shéanadh go mbaineann loighic le hord aibitíre mar chur chuige don dá theasáras, agus ní ‘de réir téama’ mar a bhí ag foclóirí analógacha eile, ‘rud a éascaíonn go mór’(Williams, vii) a n-úsáid.

Is dócha go bhfuil lucht léitheoireachta inchomparáide ag an bheirt fhear.  Mothaítear gnéithe éagsúla ‒ míniú, saibhreas agus tagairtí liteartha ‒ i dteasáras Bannister a thugann le fios gur cuireadh ar fáil, ní amháin don fhoghlaimeoir, ach do lucht scríbhneoireachta na teanga fosta é.  Gné nach bhfuil gan suntas do thodhchaí na teanga, mar a luaigh Nic Pháidín, ‘Corpus planning is only worthwhile in a language in which poetry is still possible’(2008: 107). Chomh maith leis sin, b’uirlis chumachtach do lucht na hacadúlachta a bheadh ann. D’fhéadfadh le teasárais Ghaeilge taighde sa Ghaeilge a fhorbairt go mór le bunachar sonraí teasáras.

Ar an chéad spléachadh, shílfeá go raibh difear sprice i gceist acu lena dteasárais. Deir Williams gur ar mhaithe le ‘bearna i bhfoclóireacht na Gaeilge a líonadh’ (vii) a scríobh sé an teasáras.  I gcás Bannister is le haghaidh ‘informative, helpful and entertaining reference for all those who wish to investigate the Irish language or simply to enrich their vocabulary’(xii) a sholáthar a thug sé faoin obair.  Ní dhúisíonn cur síos grod Williams ar sprioc a theasárais aon phaisean sa léitheoir.  Go deimhin, baineann loighic lena réasúnú cosúil lena mhodh scríbhneoireachta ‒ go háirithe i gcomparáid le mionmhíniúcháin chuimsitheacha Bannister.  Is le staidéar ar bholg a shaothair, áfach, a fheictear dúinn eolas cuidiúil, siamsiúil, caolchúiseach Williams, liostaí eolais maidir leis an ghrá, an teanga, an nádúr agus ar aile.  Is follasach an sprioc choiteann in éagmais mhínithe.

Is cinnte go bhfuil neart siamsaíochta, agus an dúrud saibhreas teanga, le baint as nathanna agus seanfhocail liostaithe ag Bannister, cuir i gcás an focal ‘Adhairt’:

Adhairt f (~e; ~eanna) pillow, cushion

aerchúisín air cushion, babhstar bolster, bolastar bolster; bulky person, ceannadhairt pillow (for one’s head), cearchaill pillow; shaft, girder, cúisín cushion, cúisíniú cushioning, mála pónairí beanbag, pillín small cushion; pad (cf pillíní cosanta  protection pads), pillúr pillow, pioncás pincushion, pónaireán beanbag, taca cinn headrest

[1] comhrá ~e pillow talk, clúdach m ~e pillowcase

 [2]Fuair sé bás le h~. He died a natural death. (7)

Seo sampla den fhocal chéanna ag Williams, mar chomparáid:

Adhairt noun bolster, pillow: babhstar, bolastar, ceannadhairt, cearchaill, cúisín, pilliú, pillín. (4)

Is mór an difear stíle eatarthu. Is cóngaraí teasáras Williams do theasáras Béarla le liosta beacht, go minic gonta, comhchiallach aige. Ar an lámh eile, tá leagan amach Bannister níos cóngaraí d’fhoclóir Gaeilge‒Béarla agus áistriúchán i ndiaidh gach aon fhocail.  Cuir i gcás an focal ‘Seile’ ag Bannister:

Seile (~ ;-lí) spit, spittle, saliva

cúr spume, froth prislín drool, dribbling, seileagar dribbling from mouth, seileog spit, sileog spittle, smuga thick spittle; mucus, smugairle thick spittle, sreabhrán coirp body fluid, uan froth, uisce (le mo bhéal) watering (in mouth)

◇~ a chaitheamh to spit, Ní fiú sheilide é! It’s not worth a damn! (760)

agus a leithéid de shampla ag Williams:

seile noun spittle, saliva: pislín, pislíneach, priosla, priosláil, prislín, prislíneacht, seileog; pl. ramaí, ronna, silín, silíneacht, slabhra, sramadas, sramadh, pl. Sramaí (516)

Is mionsonraithe é teasáras Bannister, cé gur lú úsáide áistriúcháin Bhéarla atá i dteasáras Williams.  Ní chuireann síoraistriúcháin bac ar léamh leanúnach na Gaeilge ann, mar sin féin, ní léirítear na miondifríochtaí céille dá réir sin.  Is léir nach bhfuil seachaint an Bhéarla mar sprioc ag ceachtar de na fir; a mhalairt, is cuid dhílis é de léamh na saothar.

Níor mhiste a lua, ar an ábhar sin, gur teasárais Ghaeilge‒Béarla atá iontu, ach tarraingítear ceist anuas dá réir sin, ceist i dtaobh úsáid an Bhéarla.  Míníonn Bannister ina réamhra, go bhfuil ‘a vast number of those speaking and writing Irish are living in the Galltacht and are therefore using English to acquire and understand new Irish vocabulary’ (xiii).  Is tútach an difear, arís agus i dtólamh, idir foilseacháin i nGaeilge agus cinn i dteanga ar bith eile.  Níl gá ag a leithéid de theasárais sa Bhéarla (HarperCollins, 2019) ‒ sa Fhraincis (Péchoin, 1991), ná sa Bhriotáinis (Menard, 2001), mionteanga eile go fiú ‒ míniú a thabhairt ar a dteanga féin i dteanga eile.  Tuigtear, áfach, nach é an foilseachán cuí leis an chineál oibre ceannródaíoch seo a dhéanamh amhail mórleabhar tagartha Gaeilge‒Gaeilge.

Ceist thábhachtach eile a thagann chun cinn ná ceist na gcanúintí.  Ní thugann Bannister spás chun mínithe ar éagsúlachtaí céille i gcanúintí difriúla agus ní luann sé áit dúchais frásaí ar leith mar nach rabhthas ábalta ‘(to) be reflected fully due to issues of space, design and the book’s intended purpose’ (Bannister: xiv).  Is mór an t-údar díomá é seo, áfach, tá idirdhealú le déanamh idir feidhm teasárais agus foclóir stairiúil anseo, is lochtach í ba chirte a rá easpa na bhfoinsí cuí.  Is ábhartha é pointe Nic Pháidín ina thaobh sin, ‘Individual dictionary projects, however commendable, do not constitute a strategy for corpus planning which includes lexicographical resources, corpora and terminology’ (2008: 100).  I gcás Williams, áfach, tá nóta ar cheantair dhúchais corrthéarma; ar nós faoin iontráil ‘dradaire’, tugtar ‘mealltóir’ mar chomhchiallach agus luaitear ‘(i gContae na Gaillimhe)’ (210) ina dhiaidh, nó faoin iontráil ‘déanaí’, liostaítear ‘airneán (i gContae Phort Láirge)’ (185).  Is spéisiúl an méid seo d’aon léitheoir ar mhian leis/léi tuilleadh taighde a dhéanamh ar bhunús focal ar leith.

Níl bréag sa mhéid is gur ‘Áilleacht teanga ar bith is ea an t-idirghníomhú idir ciall agus modhanna chur in iúl céille’(Bannister, xix) agus cuireann Bannister an ‘t-idirghníomhú’ sin in iúl go fileata, leis an fhocal ‘Fáilte’, cuir i gcás:

Fáilte f (~; –) welcome, joy

aíocht hospitality, aoibhneas delight, bliss, áthas happiness, beannachtaí blessings; greetings, beannú greeting, cairpéad dearg red carpet, cead permission, ceiliúr greeing, address, ceiliúradh celebration, cuntanós civility, fáiltiú welcoming, féile generosity, flaithiúlacht munificence, forbhfáilte joyous welcome, friotháileamh (lit) reception, entertainment, glacadh reception, gliondar croí heartfelt joy, inghlacthacht acceptability, pléisiúr pleasure, sásamh gratification, sástacht satisfaction, suáilceas agreeableness, úire oinigh lavish hospitality

◊ ~ an aingil (rel) the angelus, Céad míle ~! Hundred thousand welcomes!, Chuir siad ~ Uí Cheallaigh romhainn. They gave us a generous and hearty welcome., Go raibh maith agat – Tá ~ romhat! Thank you! – You’re welcome!, Níl mé fad na ~ amuigh. I haven’t been away long enough to merit a welcome back.

Taispeántar éagsúlacht na céille; in aon sampla amháin luaitear ‘deasghnátha creidimh (Fáilte an Aingil), coinbhinsiúin ama (fad na fáilte) agus… tagairtí cultútha (fáilte Uí Cheallaigh)’ (xix).  Is dúshlánach an éagsúlacht chéanna a aithint i gcás Williams, ach tugtar flúirse comhchiallacha éigseacha, faoi ‘joy, bliss…welcome (agus) greeting’ (253), nach féidir locht a fáil air ach an oiread.

Thairis sin, is deacair a shéanadh an tionchar mór atá ag ré na nuatheicneolaíochta ar úsáid na n-áiseanna teanga atá ‘ag aistriú go tréan i dtreo na n-ardán digiteach’ (Ó Mianáin, 2020: ix).  Cuir i gcás an teasáras atá ar fáil ar Potafocal.ie a bhfuil 30,000 iontráil ann.  Tá sé tábhachtach, mar a aithníonn Bainnster, ‘léargas amháin reoite den urlabhra ag tréimhse áirithe i bhforbairt shíoraí na teanga’ a bheith againn (xvii).  Go réadúil, go gcoinneoidh ár bhfoinsí teangeolaíochta cos leis an tsaol, caithfear acmhainní ‘updated or replaced’ a bheith againn ‘each fifteen to twenty years’ (Nic Phaidín, 2008: 99), rud atá insamhlaithe i ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an tsaothar nua-aimseartha, inoiriúnaithe seo.  Níor dhóichí de scéal ná go mbeadh táb ‘Teasáras’ le cois na dtáb ‘Gramadach’ agus ‘Foghraíocht’ ar Teanglann.ie roimh i bhfad.  Is úsáideach, áfach, áis chlóite mar seo le hiomad nótaí nathanna, gramadaí agus cultúrtha san áis chéanna.  Is fíoréifeachtach iad clibeanna éagsúla Bannister – cuir i gcás d’eolas cultúrtha, riachtanach do thuiscint an fhoghlaimeora, leis an chlib: ○. Mar shampla, faoin fhocal ‘leannán’ faightear:

leannán sí  fairy/phantom lover – sometimes it was believed that a youth, usally a young man, with weak and failing health was being visited at night by a leannán who was draining his lifeforce from him. In this way, the term was then applied to any individual who was sickly and would have been expected to have had better health. The term is also used to express the meaning drochanáil baleful influence.(505)

Is fada buí óna chéile iad an dá theasáras, ní amháin i dtaobh réimse foclóireachta, ach pearsantacht fosta.  Cuir i gcás codarsnacht rogha na dtéarmaí faoin iontráil ‘Cailleach’ (Amharc Léaráid 1 & Léaráid 2), maidir le gnéithe meabhracha, sóisialta, eiticiúla agus mothúchánacha ag an bheirt scríbhneoirí, lena ‘language persona’ (Mazhitayeva et al, 2019: 3099) a léamh.  Is suimiúil, go háirithe maidir le focal inscneach ar nós ‘cailleach’, gurb é ‘Nun’ an chéad mhíniú faoin cheannfhocal ag Williams.  Os a choinne sin, ámh, ag teacht leis an chiall is fairsigne, tá ‘witch, old hag’ ag Bannister.  Is minic a bhíonn ‘words like …Witch… used to connote women negatively, (nó) inferiorly’ (Islam, 2016: 81), rud nach féidir a mhaíomh le hiontráil Williams, áit a bhfuil comhchiallacha ar nós ‘ban-chumhachtach’ nó ‘cailleach feasa’ atá cuibheasach dearfach, i gcomparáid le ‘bitseach’ nó ‘seanraicleach’ atá ag Bannister.  Faigheann an léitheoir blaiseadh dá bpearsantachtaí ‒ nua-aoiseacht, traidisiúnachas, ceartaiseacht, gnéasacht srl. ‒ ón réimse téarmaíochta a bheartaigh siad léiriú.  

Is mionsonrach, pearsanta é réamhrá Bannister, a liostaíonn go mion tobar na bhfoinsí a thug spreagadh dó: óna thaithí saoil, ó lucht scríofa na Gaeilge agus ‘three great lexicographers: Pádraig Ua Duinnín, Tomás de Bhaldraithe (agus) Niall Ó Dónaill’ go háirithe (ix). Treisíonn an buíochas, na foinsí agus an scéalaíocht phearsanta seo nasc comhbhá agus tuisceana an léitheora le saothar Bannister agus suim an léitheora ann dá bhrí sin.  Níl nóta tiomsaitheora Williams ach ina alt gonta gan mórán tráchta ar inspioróid ná stair phearsanta.  Is i gcaitheamh an 12,000 iontráil a leanann, áfach, a nochtann Williams gnéithe dá shuimeanna faoi leith: an Aibítir Choireallach (129), Devanagari (193), An Eabhrais (223) srl., liosta Pápaí agus Frithphápaí (442‒3), Ardeaspaig Ard Mhacha (27) nó Banríonacha agus Banimpirí tábhachtacha (37).  Thiocfaí a rá nach bhfuil cuid de nótaí eolais Williams ró-ábhartha agus is minic a théann sé ar seachrán ó shreabh an eolais analógaí, mar shampla, na deich leathanach an-chuimsitheach ar ‘Éin Éagsúla’(231‒40), atá rófhada le léiriú anseo.  Ní hionann sin le rá, áfach, nach bhfuil sé úrnua, úsáideach iad a bheith liostaithe le chéile ar an bhealach seo, ach mar chomparáid, tá liosta leathleathanaigh ag Bannister, ‘I measc éanlaith na spéire atá’ (332).  (Amharc Léaráid 3).  In ainneoin a gcuid inspreagtha éagsúil agus cé nach ionann a réimse spéise, is amhlaidh tionchar a saothair chríochnúil.  Spreagann siad fiosracht foghlama agus éagsúlacht téarmaíochta sa léitheoir.  Is cothrom é barúil Phóirtéir go bhfuiltear ‘to some extent personal and idiosyncratic choices; I presume that must be one of the small pleasures that keep lexicographers toiling away alone for decades.’(Póirtéir, 2023) agus mura raibh a bpléisiúir acu, ní bheadh an lón machnaimh cumasach seo ar fáil dúinn; beatha duine a thoil.

Léaráid a 3 – Bannister, 2023: 332

Mar fhocal scoir, caithfear a admháil ‒ i dtaobh líon agus leagan amach na n-iontrálacha, fairsinge an tsaibhris teanga agus leithead na dtagairtí liteartha, cultúrtha agus béaloidis de ‒ gur cuimsithí, sultmhaire é leagan Bannister.  Is feiliúnach an acmhainn í do chách.  Mar sin féin, is scoth cnuasaigh focal é saothar Williams a bhfuil teist agus moladh tuillte aige as.  Go háirithe as an obair dhian tiomsaithe do na boscaí eolais líonmhara ann, rí-oiriúnach do dhaoine atá ag obair trí mheán na Gaeilge – teangeolaithe, aistritheoirí agus a leithéid.  Is dhá leabhar tagartha riachtanacha, luachmhara iad, Stórchiste Williams agus Teasáras Bannister, do dhuine ar bith a bhfuil spréach paisin aige/aici don Ghaeilge agus do dhraíocht na bhfocal.

 

[1]‘Úsáidtear an triantán dubh ▲ roimh liosta ina dtaispeántar úsáid choitianta an cheannfhocail le focail eile’ (Bannister, 2023: xxii).

[2]‘Cuirtear muileata ◊ roimh lioste de nathanna cainte coitiant lena mbaineann an ceannfhocal’ (xxiii).

Leabhairliosta

Tagairtí

Bannister, G. (2023) Teasáras Gaeilge-Béarla (Irish-English Thesaurus). Dublin: New Island.

Cronin, M. (2023) ‘Teasáras | Thesaurus – Irish-English by Garry Bannister: a Tribute to Living Language.’  The Irish Times. Dublin: The Irish Times.

Everson, M. & Williams, N. (2023) Stórchiste–Teasáras Aibítreach na Gaeilge. Dundee: Evertype.

Islam, A.  (2016) ‘Sexism in Defining Gender Sensitive Lexical Entries: A Lexicographical Study From Feminist Perspective.’ The Dhaka University Journal of Linguistics, iml. 7&8: 69–88. Bangladesh: The University of Dhaka.

Kinsella, C. (2023) ‘“It’s Been a Huge Labour of Love”: Garry Bannister on His 700,000-entry Irish-English Thesaurus.’ TheJournal.ie,  21 Deireadh Fómhair. Ar fáil ag: https://www.thejournal.ie/garry-bannister-6200531-Oct2023/  (Léite: 23 Deireadh Fómhair 2023).

Mazhitayeva, S., Rapisheva, Z.D., Tuite, Y.Y., Nygmetova, N.T., Zhetpisbay, S., & Karmanova, S.B. (2019) ‘The Theory of Linguistic Personality, Its Structural and System Characteristics.’ Opcion, Año 35, Especial 19: 3086–101. Venezuela: Universidad del Zulia.

McLeod, W.T. (eag.) (2019) Collins English Thesaurus: All the words you need, every day. 7ú heag. London: Collins.

Měchura, M., (2007) ‘Teasáras · thesaurus.’ Pota Focal. Ar fáil ag: http://www.potafocal.com/thes/  [Feicthe 23 Samhain, 2023].

Menard, M. (2001) Geriadur Brezhoneg. Plougastel: An Here.

Nic Pháidín, C. (2008). ‘Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology.’ A New View of the Irish language. C. Nic Pháidín, & S. Ó Cearnaigh (eag.) 93-107. Dublin: Cois Life.

Ó Cuaig, S. (2023) ‘Is Mór an Chomaoin atá Curtha ag Garry Bannister ar Chlanna Gael Lena Theasáras Gaeilge-Béarla.’ Tuairisc.ie, 25 Bealtaine. https://tuairisc.ie/is-mor-an-chomaoin-ata-curtha-ag-garry-bannister-ar-chlanna-gael-lena-theasaras-gaeilge-bearla/ (Léite: 23 Deireadh Fómhair, 2023).

Ó Doibhlin, B. (1998) Gaoth an fhocail: Foclóir Analógach. Baile Átha Cliath: Caoimhin O'Marcaigh Ltd.

Ó Mianáin, P., (2020) Concise English-Irish Dictionary (Foclóir Béarla-Gaeilge). Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Péchoin, D. (eag.) (1991) Thésaurus Larousse, Des idées aux mots, des mots aux idées. 2ú heag. Paris: Larousse.

Póirtéir, C. (2023) ‘Lexicographical Delight— Cathal Póirtéir on Two Irish Language Thesauri Rich in Detail – Books Ireland.’ Books Ireland Magazine, 25 Lúnasa. Ar fáil ag: https://booksirelandmagazine.com/irish-language-thesauri/ (Léite: 23 Deireadh Fómhair, 2023).

Williams, N. (2012) ‘Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil Caighdeán Athbhreithnithe ‒ Léirmheas (Cuid I)’, Comhar 72 (11): 32–4. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.