DOI: https://doi.org/10.13025/t6bx-z923

Léirmheas: A History of the Irish Language from the Norman Invasion to Independence le Aidan Doyle

Oxford University Press, 2015. 304 lch, €30.00 

 

Is ó pheann an údair Aidan Doyle an leabhar A History of the Irish Language from the Norman Invasion to Independence. Tá céim mháistreachta ag Doyle sa Nua-Ghaeilge agus céim dhochtúireachta aige sa teangeolaíocht.  Chaith sé roinnt ama ag múineadh thar lear agus in Éirinn.  Is léachtóir é anois i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.  Easpa acmhainní teagaisc agus foghlama a ghríosaigh é chun an leabhar seo a scríobh bunaithe ar ábhar a chuid léachtaí.

Tugann Doyle cuntas cuimsitheach ar stair na tíre agus ar an gcaoi a ndeachaigh na príomhtharlúintí stairiúla i gcion ar mheon mhuintir na hÉireann agus ar theanga na ndaoine.  Roghnaíonn sé an tréimhse 1200 go 1922 chun scéal na Gaeilge a insint. Léiríonn sé ar bhealach cothrom, meáite conas mar a tharla go raibh Gaeilge á labhairt go forleathan sa tír i 1200 ach, faoin mbliain 1922, nach raibh Gaeilge ach ag an mionlach. Tugann sé chun solais go bhfuair an Béarla an lámh in uachtar ar an nGaeilge agus gur fágadh forbairt na Gaeilge sa deireadh faoi chúram foghlaimeoirí, gan ról lárnach ag cainteoirí dúchais.  Léiríonn sé ag an am céanna faoi mar a d’athraigh an teanga sa tréimhse sin ó thaobh foclóra, comhréire, gramadaí, litrithe, fuaimnithe agus canúna de.   

Cuireann Doyle fianaise os comhair an léitheora a léiríonn go soiléir go raibh scaipeadh an Bhéarla ar cheann de na hathruithe sóisialta is mó a chuaigh i gcion ar mhuintir na tíre ó 1200 ar aghaidh. Cruthaíonn sé dlúthbhaint idir stair na Gaeilge agus stair an Bhéarla.  ‘The history of Irish is intimately bound up with the spread of English in Ireland.  This in turn is the result of a complex array of political, cultural, religious, educational and sociological factors.’ (2015: 3). Tá an ceangal idir stair an dá theanga chomh suntasach sin go ndearna Doyle machnamh ar theideal eile a chur ar an leabhar: A history of the Irish and English languages in Ireland (2015: 3).

Déanann Doyle iarracht choinsiasach an leabhar a chur in oiriúint don ghnáthléitheoir chomh maith leo siúd atá i mbun teagaisc, staidéir nó taighde. Tá an leabhar scríofa as Béarla agus soláthraíonn sé aistriúchán ar aon athfhriotail sa Ghaeilge. Cuidíonn a stíl scríbhneoireachta agus leagan amach an leabhair leis an léitheoir a mhealladh.  Tá bua na scéalaíochta ag Doyle agus cuireann sé stair na Gaeilge os comhair an léitheora ar bhealach tarraingteach, comhráiteach, amhail is go bhfuil sé ag insint scéil.  Ag seachaint béarlagair, éiríonn leis téarmaí teangeolaíochta a láimhseáil agus na hathruithe inmheánacha teanga a phlé ar dhóigh intuigthe. Cothaíonn sé leanúnachas sa scéal go han-éifeachtúil trí ghnéithe ar leith a shainaithint agus a dtionchar ar an teanga a phlé sna tréimhsí difriúla staire.  Áirítear an fhilíocht, an litríocht, reiligiún, an eaglais, oideachas, an pholaitíocht agus an dlí i measc na ngnéithe sin.  Briseann sé an insint le sleachta greannmhara agus scéalta faoi dhaoine mór le rá sa stair, a thacaíonn leis an anailís a dhéanamh ar dhóigh atá soléite.

Cabhraíonn leagan amach an leabhair leis an léitheoir dul i ngleic leis an ábhar. Sa réamhrá, caitheann Doyle dua le téarmaí a mhíniú; téarmaí atá in úsáid sa leabhar ach nach mbeadh tuiscint ag an ngnáthléitheoir orthu. Léiríonn sé, mar shampla, an t-idirdhealú idir ‘startha seachtracha teanga’ (na hathruithe i bpobail a labhraíonn teanga) agus ‘startha inmheánacha teanga’ (na hathruithe concréideacha sa teanga féin). Míníonn sé gur comhchumas sa dá theanga atá i gceist le ‘dátheangachas’ agus go bhfuil dhá réim teanga i gceist le ‘débhéascna’. Ar fhaitíos na míthuisceana soiléiríonn sé na tréimhsí difriúla a bhain leis an nGaeilge idir Ghaeilge Chianach, Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge, Nua-Ghaeilge Mhoch agus Nua-Ghaeilge. 

Nochtann Doyle scóip agus struchtúr an leabhair sa réamhrá freisin. Tuigeann an léitheoir ón tús go mbaineann gach caibidil le tréimhse ama ar leith, go mbeidh plé ar stair sheachtrach na teanga sa chéad chuid de gach caibidil agus plé ar stair inmheánach na teanga sa dara cuid.  Is féidir leis an léitheoir ansin a rogha bealach a dhéanamh tríd an leabhar agus díriú isteach go héasca ar cheachtar den dá chineál staire, más sin atá uaidh.  Scríobhann Doyle conclúid ag deireadh gach caibidle chun na naisc le cúrsaí teanga an lae inniu a léiriú.  Is leas leis an léitheoir na conclúidí seo mar soláthraíonn siad achoimre bheacht áisiúil ar mhórphointí na gcaibidlí, chomh maith le leideanna a thabhairt maidir le rudaí atá le titim amach.   

Tá rian an oideachasóra agus an taighdeora go mór le sonrú ar an saothar seo.  De réir mar a leanann Doyle leis an scéal, cuireann sé i gcuimhne don léitheoir téarmaí, téamaí agus bunphointí atá pléite cheana. Is seift éifeachtach í seo chun cabhrú leis an léitheoir an scéal a leanúint agus a thuiscint.  Is seift í freisin a dhaingníonn an fhoghlaim don té atá ag déanamh dianstaidéir ar stair na teanga. Is léir go bhfuil Doyle ag iarraidh an léitheoir a spreagadh chun staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an ábhar.  I dteannta le liosta fada tagairtí a chur ar fáil ar chúl an leabhair, leagann sé amach treoir luachmhar ag deireadh gach caibidle maidir le léitheoireacht bhreise.  Is leas leis an mac léinn, ach go háirithe, na féidearthachtaí taighde a luann sé tríd síos an leabhar.  Nochtann sé a thuairimí pearsanta féin agus, mar thoradh ar sin, sainíonn sé ceisteanna nua do thaighdeoirí, lena n-áirítear athbhreithniú agus athanailísiú ar sheantaighde i bhfianaise eolas an lae inniu.   

Níl aon leabhar gan locht mar is iomaí léitheoir atá ann agus is iomaí rud a thaitníonn le duine amháin nach dtaitníonn le duine eile.  An té a bhfuil an ghráin aige ar ghiorrúcháin, cuir i gcás. Soláthraíonn an t-údar liosta giorrúchán ag tosach an leabhair, idir ghiorrúcháin d’fhoilseacháin, do théarmaí, d’ainmneacha eagras agus do lipéid teangeolaíochta. Baineann roinnt mhaith acu siúd le ré atá caite agus leis an sainábhar a bhaineann le stair na Gaeilge. Tá sé fíordheacair don té nach maith leis giorrúcháin agus nach bhfuil ar an eolas faoin sainábhar sin cuimhneamh siar ar an téarma, ar an teideal nó ar an ainm ina iomláine. Tá fad ag baint le caibidlí deireanacha an leabhair amhail is go bhfuil Doyle ag streachailt leis an suaitheadh polaitiúil agus le hachrann an tsaoil ag an am. Tá a rian sin le sonrú ar an insint. Tá ton na cainte sách trom agus éadóchasach, agus is doiligh don léitheoir uaireanta dul i ngleic leis an athrú sin. Is suarach na cáintí sin san iomlán nuair a smaoinítear ar an saothar atá curtha i gcrích ag an údar seo; saothar atá cuimsitheach, luachmhar agus gríosaitheach.

Tríd is tríd, éiríonn go geal leis an údar, Aidan Doyle, stair na Gaeilge ó 1200 go 1922, idir an stair sheachtrach agus an stair inmheánach, a chur faoi bhráid an phobail. Spreagann sé suim an léitheora ón gcéad chaibidil nuair a mhíníonn sé cúlra an tsaothair. Treoraíonn Doyle an léitheoir ar aistear fíorspeisialta tríd an stair. Tugann sé forbhreathnú croineolaíoch ar na heachtraí stairiúla mar aon le cur síos ar éabhlóid na teanga le linn do na Normannaigh, na Túdaraigh agus na Stíobhartaigh a bheith in Éirinn. Déanann sé scagadh ar thionchar na bPéindlíthe, Acht an Aontais, an Ghorta, Chogadh na Talún agus Chogadh na Saoirse. Ar deireadh, díríonn sé aird ar obair Chonradh na Gaeilge, ar eagrais thábhachtacha eile agus ar dhaoine a thacaigh le hathbheochan na Gaeilge. 

Tá éacht curtha i gcrích ag Doyle chun leabhar chomh suimiúil agus chomh soléite a chur ar fáil. Roghnaíonn sé an bhliain 1922 mar chríoch dá scéal. Fágann sé sin go bhfuil ábhar leabhair eile ann chun stair na Gaeilge a thabhairt suas chun dáta. I bhfianaise na hoibre atá curtha i gcrích ag Doyle, bheadh sé deacair teacht ar údar ní b’fhearr chun tabhairt faoin obair sin.