DOI: https://doi.org/10.13025/49gn-gq85

An Óige agus an Athbheochan

Cló Léann na Gaeilge, 47 Sráid Harrington, Baile Átha Cliath 8

Údar: Ríona Nic Congáil

ISBN: 978-1-9196013-5-9

 

Léirmheas le Róisín Ní Cheallaigh

Is leabhar faisnéiseach oideachasúil é An Óige agus an Athbheochan a scríobh an Dr Ríona Nic Congáil. Is monagraf atá sa leabhar seo ‘a dhíríonn ar an gcaidreamh idir stair na hóige agus an Ghaeilge’ (xxii) agus le linn ‘thréimhse na hAthbheochana in Éirinn, ó na 1880idí go 1922’ (xxii). Mínítear an comhthéacs stairiúil agus an tábhacht shiombalach a bhaineann le clúdach an leabhair dúinn, ag cur in iúl go bhfuil ‘slánú na hÉireann ag brath ar an aos óg’ (xviii) agus mar sin is meafar maith é do phríomhthéama an leabhair. Bhain an t-údar PhD sa Nua-Ghaeilge amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2009, áit a bhfuil sí ina hOllamh Comhlach faoi láthair i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis. Anuas air sin, is príomhthaighdeoir í ar an togra de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde dar teideal Youth Engagement in European Language Preservation, 1900–2020 a bhfuil mar aidhm aige, an nasc idir an óige agus caomhnú na teanga a thabhairt chun solais. Is údar an-chumasach í – tháinig idir leabhair agus aistí éagsúla óna peann i gcaitheamh na mblianta agus is sárshaothar é an leabhar seo gan amhras.

Cuirtear béim ar ‘sciar mór tábhachtach de dhaonra na hÉireann i rith thréimhse na hAthbheochana, sciar den daonra nár tugadh aitheantas ceart dó riamh roimhe seo’ (xxxv). Fíonn an t-údar stair na tíre agus stair na teanga le chéile, rud a thabharfadh ábhar machnaimh don léitheoir agus is gá an t-ábhar a chíoradh go mion dá bharr sin.

Tugtar léargas dúinn sa chéad chaibidil ar an mbearna idirghlúine a bhí i réim ag deireadh an 19ú haois agus pléitear an chaoi a raibh an náisiúnachas fréamhaithe i gcultúr na n-óg. Tuigtear don léitheoir gur cor cinniúnach a bhí ann don tír nuair a rinneadh ‘an t-aos óg a spreagadh agus a mhealladh i dtreo an náisiúnachais tríd an bhfocal clóite’ (3). Rianaíonn an t-údar buaicphointí na hAthbheochana nuair a thugann sí achoimre dúinn go croineolaíoch ar chumainn agus ar cholúin i bhfad agus i gcéin a tháinig as an gceangal sin. Leagann an t-údar béim ar cholún ceannródaíoch dar teideal ‘Cumann na hÓige’ a tháinig ar an bhfód agus a thug ‘ardán do chainteoirí óga le scéalta agus litreacha a fhoilsiú’ (17). Tugann an t-údar le fios gur ‘chothaigh an Irish Fireside Club an chothromaíocht inscne’ (16) agus gur réitigh Hester Sigerson an bealach do mhná nuair a thuig sí ‘go bhféadfadh ról nua, poiblí a bheith ag mná i ngluaiseacht an náisiúnachais chultúrtha, dá mbeadh an ról sin ag díriú ar dhaoine óga’ (23).

Tugtar cuntas dúinn sa dara caibidil ar ról athraitheach na mban agus iad ag iarraidh ról gníomhach a bhaint amach i ndáil le náisiúnachas cultúrtha a chothú agus a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Cuireann an t-údar beocht sa scéal trí chur síos ar thábhacht obair na mban in Inghinidhe na hÉireann i ndáil leis ‘na páistí a thumadh sa náisiúnachas cultúrtha’ (28). Is fiú a lua go leagann an t-údar béim ar an bhfíoras gurb é Conradh na Gaeilge ‘an t-aon eagraíocht i ngluaiseacht an náisiúnachais chultúrtha a thug le fios go ligfeadh sí na mná isteach ar comhchéim leis na fir’ (31). Déanann an t-údar an téama seo a iniúchadh sa chéad chaibidil eile.

Léiríonn an t-údar sa tríú caibidil tionchar Chonradh na Gaeilge ar chur chun cinn na litríochta agus na drámaíochta agus ar thús a chur leis ‘an gcéad scéim chun daoine óga a chur chuig coláistí samhraidh in Éirinn’ (44). Tuigtear don léitheoir gur ‘trí Rannóg na nÓg, a chothaigh Craobh Londan glúin óg agus nuair a d’fhás an ghlúin sin aníos’, gur ‘lean cuid acu ar aghaidh ag cur an náisiúnachas cultúrtha chun cinn i measc na n-óg’ (62).

Déantar ‘anailís agus comhthéacsú ar shaothar Mhic Cumhaill agus Uí Shiochfhradha’(xxx) go háirithe sa cheathrú caibidil. Déanann an t-údar anailís chuimsitheach ar ghnéithe suntasacha de litríocht Ghaeilge na nÓg. Pléann an t-údar na bunchúiseanna a raibh na daoine fásta meáite ar dhaoine óga a mhealladh chun na drámaíochta sa chúigiú caibidil, an chaibidil is faide sa leabhar: ‘Modh úsáideach a bhí sa drámaíocht chun an Ghaeilge a mhúineadh don aos óg, agus chun tuiscint a thabhairt dóibh ar ghnéithe den náisiúnachas cultúrtha’ (96). Thairis sin, ba é ‘Pádraic Mac Piarais an chéad duine a bhain úsáid as múnlaí agus plotaí na seanscéalta Gaelacha chun drámaí don óige a chruthú’ (112). 

Tuigtear don léitheoir sa séú caibidil a thábhachtaí agus a bhí feiseanna chun úsáid na teanga a leathnú i measc an phobail. Míníonn an t-údar gur ‘modh a bhí sna feiseanna chun daoine óga a ghríosú lena gcuid ama shaoir a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge, agus ar thuiscint a fháil ar stair agus ar chultúr Gaelach na hÉireann’ (141–2). Sa seachtú caibidil tugann an t-údar le fios go raibh ‘áit lárnach ag na cluichí Gaelacha i gcultúr náisiúnaíoch na n-óg faoi dheireadh na 1910idí’ (149) agus d’fhéadfaí a rá gurb amhlaidh an scéal sa lá atá inniu ann.

Tugtar le fios dúinn san ochtú caibidil gur ‘theastaigh ó Chonradh na Gaeilge bogadh ar aghaidh ó íomhá sin an anró: ina áit sin, dhírigh lucht na nuachtán ar chainteoirí dúchais a rinne éacht éigin, ainneoin na n-ainneoin’ (159). Thug Pádraig Mac Piarais cor nua isteach sa scéal trína chuid colún in An Claidheamh Soluis nuair a chuir sé ‘íomhá den “Irish-speaking child” i mbéal an phobail, agus íomhá theibí, rómánsúil agus fhirinscneach a bhí ann’ (169) i gcodarsnacht le híomhá na bochtaineachta a bhí i réim ag an am.

Tugann an t-údar léiriú sa naoú caibidil ar an mborradh faoin teanga a tharla i measc an aosa óig. ‘Faoi thús na 1910idí, bhí cainteoirí óga dúchais ag léamh, ag scríobh agus ag foilsiú ábhar Gaeilge i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla: dream nach raibh aon ghlór acu riamh roimhe sin i bhfóram clóite’ (184). Is léir don léitheoir gur mór an tionchar a bhain leis an ngluaiseacht sin agus cainteoirí óga dúchais ag scríobh litreacha agus aistí in An Claidheamh Soluis, Catholic Bulletin agus An Lóchrann. Filleann an t-údar ar théarma na cothromaíochta inscne ag cur in iúl gur ‘trí ghníomh na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta’, go raibh ‘na cailíní scoile ag brú na dteorainneacha a bhain le róil inscne an ama sin’ (184). Déanann an t-údar tráchtaireacht shóisialta chun léiriú níos doimhne a thabhairt don léitheoir ar an seansaol.

Filleann an t-údar ar phríomhphointí an leabhair sa chonclúid agus cuireann sí i gcuimhne gur ‘dhírigh an leabhar seo ar thuairimí agus ar ghníomhaíochtaí na ndaoine fásta go príomha i leith an aosa óig i dtréimhse na hAthbheochana’ (209–0). Is léir don léitheoir go raibh sé ‘mar aidhm ag na daoine fásta sin, lucht na hAthbheochana, An Ghaeilge a choinneáil beo i measc na gcainteoirí óga dúchais agus í a leathnú i measc aos óg na tíre go ginearálta’ (210). Tuigtear don léitheoir gur éirigh leo na cuspóirí uileghabhálacha seo a bhaint amach ar son na teanga.

Is léir go bhfuil tuiscint mhaith ag an údar ar an ábhar ach ní saothar gan locht é. Feictear dúinn go bhfuil ailt i mBéarla scaipthe ar fud an leabhair gan mórán dealraimh, rud a chuireann isteach ar an léamh toisc nach mínítear dúinn ar bhealach sách soiléir an fáth a bhfuil siad ann ar an gcéad dul síos.

Cló Léann na Gaeilge a chuir an leabhar seo i gcló faoi chlúdach crua, agus praghas €25.00 air. Is fiú go mór é. Tá stíl na scríbhneoireachta sothuigthe agus tá struchtúr deas cuimsitheach ag baint leis an leabhar, rud a bheadh ina chuidiú don léitheoir.  Bheadh an leabhar seo úsáideach do theangeolaithe, do staraithe agus do dhaoine a bhfuil spéis acu sa teanga agus i stair na tíre seo. Féadfaidh an léitheoir tusicint níos fearr a fháil ar staid na teanga mar atá, trí mhachnamh a dhéanamh ar ar thit amach le linn ré na hAthbheochana. Mar fhocal scoir, is léir go luaitear téamaí suimiúla sa leabhar seo a bhfuil gné choiteann stairiúil ag baint leo. B’fhiú go mór tuilleadh taighde a dhéanamh orthu astu féin chun monagraif nua a chur ar fáil amach anseo.