DOI: https://doi.org/10.13025/3vjy-nz35

Réamhrá

Seo é an t-aonú heagrán déag de An Reiviú, iris ó na mic léinn atá ag dul don MA (Léann Teanga). Údar ríméid a leithéid d’fhoilseachán a bheith ar fáil, é a bheith piarmheasúnaithe agus ábhar ar fáil ann ó raon disciplíní a thagann faoi chlóca an léinn teanga. Is breá a fheiceáil freisin go bhfuil fáilte san iris roimh údair ó na hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre.

Ag breathnú ar an raon leathan disciplíní a chlúdaítear san iris, ní féidir gan suntas a thabhairt don fhorás atá tagtha ar shaothrú ‘chuile ghné acu ón uair a bunaíodh Institiúid Teangeolaíochta Éireann sna seachtóídí. Sna blianta tosaigh sin, agus ceobhrán na polaitíochta ag luí ar shaolú na hinstitiúide agus ar obair an cheannródaí, Colmán Ó hUallacháin, chaithfeadh gurbh éigean dóibh siúd a tháinig ina dhiaidh cosán cúramach a threabhadh. Ach d’éirigh le foireann chumasach scoláirí a bhí ansin bunsraith ghairmiúil oilte a chur faoi thaighde i réimsí éagsúla den teangeolaíocht agus foilsíodh an taighde sin i dtuarascálacha suntasacha chomh maith le hirisí rialta. An tráth céanna bhí scoláirí eile sna coláistí tríú leibhéal ag tarraingt réimsí den teangeolaíocht chucu féin agus ag foilsiú in irisí éagsúla. Ní raibh disciplín na teangeolaíochta, mar a thuigtear sin anois, fairsing, má bhí sé bunaithe ar chor ar bith, sa gcuid is mó de na hinstitiúidí tríú leibhéal anseo. Bhí obair mhór ar siúl i dteangacha na hEorpa ag an am, go háirithe sa bhFraincis, agus de réir a chéile tosaíodh ag baint leasa as an taighde a bhí déanta maidir le teagasc teangacha Eorpacha ó thaobh sainmhíniú siollabas agus modheolaíocht theagasc na Gaeilge. Bhí borradh ag teacht faoi bhunú Ghaelscoileanna freisin. An dá chloch ba mhó ar an bpaidrín ná staid na Gaeilge, a tháinig faoi bhrat na sochtheangeolaíochta, agus teagasc na teanga. Tá ailt agus léirmheasanna breátha san iris seo ag cíoradh mhodhanna teagaisc agus chur chuigí a bhfuil saothar na mblianta mar bhunsraith leo. Ní luafaidh mé na hailt ná na léirmheasanna ina gceann is ina gceann ach tréaslaím leis na húdair chumasacha a rinne an bhunobair agus leis an bhfoireann dhíograiseach a chuir an iris ar fáil.

Amach sna nóchaidí agus an tír ag teacht ar a cosa tháinig borradh cinniúnach faoi staid na Gaeilge. Bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 anois), forbairt a chothaigh an tionscal físe ba bhonn leis na comhlachtaí léiriúcháin agus as ar lean an dá réimse eile a chlúdaíonn An Reiviú – cumarsáid agus teicneolaíocht. Bhí bealaí craoltóireachta beo eile agus foilseacháin chlóite thábhachtacha, mar thaca roimh an teilifís. Chuir bunú Foinse tuilleadh bealaidh faoin roth. Tugadh céim mhór chun cinn le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus leis an stádas a bhain an Ghaeilge amach san Aontas Eorpach ó 2007 ar aghaidh. Tá cur síos san eagrán seo den iris ar an obair mhór a bhíothas á déanamh leis an stádas san Eoraip a bhaint amach. Leis an stádas sin, tháinig ceann eile de na fodhisciplíní atá comhartha ag An Reiviú chun cinn go mór – an t-aistriúchán. Tá alt breá san eagrán seo faoin aistriúchán i bhfad siar. Nuair a bunaíodh an stat, dhírigh daoine aonair agus An Gúm ar théacsanna  scoile, ar aistriúcháin chruthaitheacha agus ar shaothair chruthaitheacha a chur ar fáil, rud a d’fhág scoth na saothar againn ó scoth na scríbhneoirí cruthaitheacha. Sna nóchaidí agus an reachtaíocht nua i bhfeidhm, tháinig éileamh mór ó institiúidí stáit in Éirinn agus ó na hinstitiúidí Eorpacha ar aistriúcháin ar cháipéisí oifigiúla stáit, riaracháin, institiúídeacha agus dlí. B’éigean mórfhorbairt bheacht a dhéanamh ar théarmaíocht, ar fhasaigh teanga, ar chruinneas caighdeán agus ar bhogearraíocht teicneolaíochta le táirgí teanga a sheachadadh laistigh de spriocdhátaí daingne cúnga le freastal ar an éileamh sin. Taobh le taobh leis sin, tá cos eile faoin stól ag An Reiviú, an phleanáil teanga, raon a leathnaigh le foilsiú an pholasaí Rialtais Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010. Cruthúnas ar an bhfuirse sin ar fad na hailt agus na léirmheasanna breátha sna disciplíní éagsúla atá san iris seo.

Agus ina theannta sin uilig tá na scríbhneoirí ag tabhairt faoi ghné a mbíodh drogall tabhairt faoi ar feadh scaithimh – an nasc nádúrtha docheilte sin idir litríocht na Gaeilge agus litríocht an Bhéarla in Éirinn. Sampla maith de sin an t-alt breá ar chomparáid idir obair Heaney agus saothar Chathail Uí Shearcaigh. Nuair a tosaíodh ag caint ar dtús ar an ní ar a tugadh An Léann Dúchais, bhíodh imní ar dhaoine gurbh í an litríocht i nGaeilge a bheadh thíos leis. Is léir anois gur minic gurb é an chaoi a mhealltar tuilleadh léitheoirí chuig an nGaeilge.

Clúdaítear san iris seo ábhar ó theagasc na Gaeilge sa seomra ranga sa nGaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, an teagasc i measc an phobail go ginearálta agus cur chuige ceardlann mar mhodh teagaisc, cleachtais teanga i gcumann mar an CLG, ról na litríochta, aistriúchán ón nGaeilge agus an litríocht chomparáideach chomh maith le hailt eolasacha ar ghnéithe dúchasacha mar an curach. Teist ar aon fhoilseachán ná an mbaineann an léitheoir taithneamh as an léitheoireacht agus an gcuirtear leis an eolas. Déantar amhlaidh anseo agus go raibh fada buan an iris agus mic léinn a chothaíonn an léann teanga seo. Tréaslaím leo.