Réamhrá le Réamonn Ó Ciaráin (Príomhfheidhmeannach Gael Linn)

Seo é an dara heagrán déag de Léann Teanga: An Reiviú, iris na mac léinn atá ag dul don MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe. Tá réimse ábhar ó raon disciplíní a bhaineann leis an léann teanga san iris. Cuirtear fáilte roimh údair ó na hinstitiúidí léinn ar fud na tíre agus ghlac siad an deis sin le fonn. Is ar líne a fhoilsítear an iris seo a chiallaíonn go bhfuil teacht éasca ar an ábhar shaibhir ar fud na cruinne dá bharr sin. Tá gach alt ó gach eagrán ar fáil ar an suíomh seo. Is mór an gar fosta, is dóigh liom, go bhfuil siad rangaithe go téamach agus de réir eagrán.

Ní gan dua ar ndóighe a thagann iris acadúil mar seo ar an tsaol agus á tiomsú arís bliain i ndiaidh bliana. Cuireann eagrán na bliana seo go mór leis an tsaibhreas smaointeoireachta atá carntha cheana ó cuireadh tús leis An Reiviú. Tá sé ríthábhachtach don Ghaeilge agus don scríbhneoireacht ardán mar seo a bheith ann ar a bhfuil ailt phiarmheasúnaithe le léamh. Is beag ardán eile mar é i léann na Gaeilge.

D’éirigh le coiste An Reiviú arís i mbliana cnuasach alt scolártha den chaighdeán is airde a chur i dtoll a chéile. Tá ailt bhreátha a dhéanann cíoradh ar ghnéithe suimiúla a bhaineann leis an Ghaeilge ann. Tréaslaím a saothar leis na húdair chumasacha a roinn a gcuid smaointe linn agus leis an fhoireann dhíograiseach eagarthóireachta.

Agus Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 130 bliain a mbunaithe anuraidh, tá sé tráthúil go bhfuil machnamh déanta ar an fhóram dhaonlathach san alt ‘Conradh na Gaeilge agus Inniu’. Chuir lucht Ghlúin na Buaidhe, grúpa a scar ó Chonradh na Gaeilge, béim ar ‘an tseirbhís don náisiún’. Bhí bunú an nuachtáin náisiúnta Inniu ina chuid lárnach den tseirbhís seo.  San alt seo, déantar scagadh ar an dearcadh ar Chonradh na Gaeilge a léiríodh ar Inniu idir 1943 agus 1984.

Alt domhain cuimsitheach é ‘Creimeadh teanga i gContae Longfoirt’ a mhíníonn fáthanna an mheatha a tháinig ar an Ghaeilge sa chontae sin ó 1851. Díríonn an t-údar ar a bhfuil le foghlaim sa daonáireamh faoi staid na Gaeilge i gceantair áirithe agus déanann plé ar chuid de na cúiseanna taobh thiar de na staitisticí sin agus ar thionchar Chonradh na Gaeilge sa chontae.   

Tá an córas oideachais lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge. Ní mór dúinn é a fháil i gceart. Is nós le hailt An Reiviú ceisteanna crua a chur maidir le teagasc na Gaeilge agus teagasc trí mheán na Gaeilge. San alt ‘An Cumasú Teanga i bhForbairt Ghairmiúil an Mhúinteora Tumoideachais tré chur chuige cumaisc’ éilítear tréanoiliúnt, ullmhú sainiúil agus forbairt ghairmiúil shuntasach an mhúinteora sa tumoideachas chun cur lena gcumas dul i ngleic go huathúil le hábhar, teanga agus forbairt na litearthachta. Dearbhaítear go bhfuil ardfheasacht agus ardchumas teanga an mhúinteora riachtanach don phleanáil teagaisc agus foghlama i suíomhanna an tumoideachais. Tá ábhar machnaimh, gan dabht, ardaithe san alt breá ‘An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga le cuidiú teicneolaíochta (R-FCÁT): Ó Pholasaí go Cleachtas’. Cé go bhfuil trácht ar FCÁT le fada an lá is cinnte go bhfuil buntáistí breise le breith as an chur chuige seo don teanga ach an toil agus an tacaíocht a bheith léirithe ag lucht déanta polasaí. Tá na hailt seo ar an oideachas agus an Ghaeilge bunaithe ar thaighde mionchúiseach ildisciplíneach chun oideolaíocht stuama a fhorbairt a thagann ón teoiric agus ón chleachtas fosta. Is léir an géarghá le tacaíocht bhreise do mhúinteoirí atá faoi oiliúint chomh maith leis na múinteoirí atá ag obair sna goirt cheana féin. Beidh spéis ag oideachasóirí san alt ‘An t-aistriú ó bhunscolaíocht lán-Bhéarla go hiar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge: An tumoideachas déanach mar bhac nó buntáiste?’ Déanann an t-alt seo iniúchadh ar aistriú an fhoghlaimeora ó mhórtheanga go mionteanga ag an iar-bhunleibhéal. Déanann sé scagadh criticiúil ar an litríocht ábhartha agus tugann spléachadh ar aois mar chúinse don tsealbhú éifeachtach teanga. Fiosraítear na himpleachtaí forbartha ó pheirspictíochtaí éagsúla d’fhoghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh agus bearna inniúlachta teanga le sárú acu. Taighde cuimsitheach atá tráthúil agus leagtha amach go córasach soiléir atá sna ailt ar an oideachas san eagrán seo.

Aduaidh a thagann alt spéisiúil ar an fhilíocht mar ábhar spreagtha le teideal uamach; ‘Féidearthachtaí le Foghlaim na filíochta le fonn is le fiosracht a fhorbairt.’ Fiosraíonn údar an ailt seo chomh héifeachtach agus atá an cur chuige nua-oideolaíoch seo maidir le foghlaim na filíochta a fhorbairt. Is maith go gclúdaítear gnéithe éagsúla de theagasc na Gaeilge agus na litríochta san eagrán seo.

Díríonn an t-alt ‘Ainmneacha áiteanna agus ciall don áit dhúchais i litríocht na Gaeilge’ ar an cheangal a bhíonn ag daoine le háiteanna, le logainmneacha agus le logainmniú. Measann an t-údar gurbh é próiseas an ghalldaithe a rinneadh ar ainmneacha áiteanna sa tír seo sa 19ú céad, an rud a chuir deighilt idir na daoine agus ciall a bheith acu dá n-áit dhúchais agus dá n-ainmneacha. Pléann sé cuid de na téamaí céanna a spreag an dráma iontach Translations le Brian Friel.

San alt ‘Scríbhinní ó pheann an bhaniriseora in Déirdre: Iris na mBan’ déantar iniúchadh ar ghuth iriseoireachta na mban sa ráitheachán seo a foilsíodh idir 1954 agus 1986. Tá léargas ar mheon agus ar dhearcadh bantrachta maidir le ceisteanna móra an tsaoil le linn thréimhse na hiar-athbheochana.

Tugann An Reiviú deis do mhic léinn fochéime ábhar a fhoilsiú, agus is deas an rannóg seo a fheiceáil arís i mbliana agus aistriúchán cumasach ann.

Is deas freisin dán a fheiceáil ar eagrán na bliana seo, mar nach minic a bhíonn a leithéid ar fáil ar leathanaigh An Reiviú. Léiríonn an dán seo nach beag beann atá an lucht acadúil ar chúrsaí an tsaoil agus ar a bhfuil ag tarlú sa domhan.

Bíonn na léirmheasanna ina gcuid thábhachtach ag An Reiviú fosta. Díríonn siad aird na léitheoirí ar fhoilseacháin nua atá tábhachtach do léann na Gaeilge. Tá léirmheas tomhaiste ar Teasáras Gaeilge-Béarla Garry Bannister agus Stórchiste Nicholas Williams. Is maith fosta go bhfuil alt tuisceanach ar Deirdre le Darach Ó Scolaí, athinsint ar scéal ón Rúraíocht a léiríonn go bhfuil níos mó cosúlachtaí ná éagsúlachtaí idir daoine an lae inniu agus an mhuintir anallód ná mar a ba mhaith linn admháil go bhfuil. Tá léirmheas cuidiúil ar One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022 le John Walsh. Tugann an t-alt seo le fios go n-éiríonn le Walsh anailís shoiléir agus áititheach a chur os comhair an léitheora. Tá léirmheas tuisceanach agus ionraic ar scannán a raibh an trup go léir faoi anuraidh An Cailín Ciúin.

San eagrán seo de An Reiviú tá an sean agus an nua taobh lena chéile. Taighde cuimsitheach tráthúil atá leagtha amach go córasach soiléir atá sna hailt. Tá ardmholadh tuillte ag lucht eagair na hirise agus ag na rannpháirtithe uilig. Is cinnte go mbainfidh an léitheoir taitneamh agus tairbhe as ábhar leathan an eagráin seo. Go raibh fada buan an iris thábhachtach seo. Tréaslaím a n-éacht leis na mic léinn dhíograiseacha iarchéime seo ó Ollscoil na Gaillimhe a chuir Léann Teanga: An Reiviú i dtoll a chéile dúinn. Cnuasach an-bhreá saothair gan dabht atá againn arís i mbliana.