DOI: https://doi.org/10.13025/w4hb-yw52

An Reiviú: Deich mbliana ag fás

Cuireadh tús le cúrsa nua iarchéime in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa bhliain 2012 – an MA sa Léann Teanga.  Bhí béim ar an aistriúchán, ar an bpleanáil teanga agus ar ardscileanna teanga ar chlár na céime, agus ar cheann de na modúil a bhain leis an MA nua bhí ‘An Scríbhneoireacht Acadúil’.  Ar cheann de na príomhthorthaí foghlama a luadh leis an modúl sin, bhí ‘réim na scríbhneoireachta acadúla a láimhseáil go muiníneach’, agus leis an toradh sin a bhaint amach, beartaíodh go ndéanfadh mic léinn an MA eagarthóireacht ar iris phiarmheasúnaithe.  Is as sin a tháinig An Reiviú, a foilsíodh den chéad uair ag tús na Bealtaine in 2013, agus is ar na réimsí léinn a leanas atá an bhéim san fhoilseachán ó shin: An tAistriúchán, an Phleanáil Teanga, an Teangeolaíocht, an tSochtheangeolaíocht, Teagasc Teangacha, Cúrsaí Cumarsáide agus Na Meáin Ghaeilge, an Cultúr Dúchais agus Cúrsaí Teicneolaíochta.

Deir Bourdieu, Passeron agus de Saint Martin: ‘Academic language is…no one’s mother tongue, not even that of children of the cultivated classes’ (1994: 8).  I gcás go leor de na cúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal, áfach, baineann castacht sa bhreis leis an scéal de bharr nach í an Ghaeilge céad teanga go leor de na mic léinn a bhíonn againn ach oiread.  Baineann tábhacht sa bhreis le hionduchtú na mac léinn sa saol acadúil agus i saol na Gaeilge mar sin, nuair is í an Ghaeilge dara teanga a dtromlaigh.  Leis an modúl seo, chuir muid (Belinda McHale agus mé féin a bhí i mbun an mhodúil ag an am) romhainn rannpháirteachas na mac léinn a chur ag croí na hoibre, agus an t-oideachas eispéireasach an bhunchloch oideachasúil a bhí againn lena aghaidh sin – ‘…education…that makes conscious application of the students’ experiences by integrating them into the curriculum’ (Carver, 2008: 150), agus tascanna foghlama an mhodúil againn ‘…that engage the learner directly in the phenomena being studied’ (Cantor: 1997: 1). 

Luaitear an méid seo a leanas maidir le rannpháirteachas na mac léinn sa National Strategy for Higher Education to 2030 (4):

The mission of higher education in Ireland, looks primarily at how we can pursue ambitious objectives in relation to the three core roles of higher education – teaching and learning, research, and engagement – and at how, collectively, these can frame a realisable vision for the future of higher education.

Tá an rannpháirteachas ar comhchéim leis an teagasc agus foghlaim agus leis an taighde sa Straitéis seo.  Níos faide anonn sa Straitéis, luaitear (11):

…it is the positive engagement that students have with higher education that stimulates the imagination and makes innovation possible. The quality of their learning experiences and the environment in which students learn will shape the future development of our society.

Cé gur mó béim a chuireann an tuairisc seo trí chéile ar an rannpháirteachas leis an saol lasmuigh den ollscoil, tá béim fós ar an gcaoi a gcothaítear an rannpháirteachas sin agus na mic léinn i mbun staidéir, agus tá an fhoghlaim eispéireasach lárnach anseo.  Le deich mbliana anuas agus eagráin bhliantúla An Reiviú á n-ullmhú againn, tá súil againn gur spreag muid samhlaíocht na mac léinn a bhí ina n-eagarthóirí ar an bhfoilseachán.  Leagadh go leor cúraimí ar na mic léinn, agus is iadsan a rinne tromlach na gcinnithe a bhain le foilsiú na hirise, faoinár stiúir agus faoi threoir na bpiarmheasúnóirí, a bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhfoilsiú An Reiviú. Ag deireadh an phróisis, bímid ag súil go n-airíonn na mic léinn gur baill thábhachtacha de phobal cleachtais acadúil iad.  Deir an Fóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama linn:

When students participate in dialogue or processes that aim to enhance the teaching and learning environment, it contributes to the wider culture change in higher education, moving away from learning as a solely teacher-led transactional process.  (Rannóg 3 de chúrsa an Fhóraim faoi rannpháirteachas na mac léinn faoi choimirce an National Student Engagement Programme – NStEP)

Creidimid go láidir go dtéann sé chun sochair na mac léinn agus chun ár sochair féin mar theagascóirí guth na mac léinn a chur i lár an aonaigh inár gcuid teagaisc, agus is mar sin atá i gcás fhoilsiú An Reiviú.

Na mic léinn féin a roghnaigh ‘An Reiviú’ mar ainm ar an iris tar éis roinnt mhaith plé agus díospóireachta.  ‘Breathnú nó féachaint arís’ is brí leis an bhfocal Fraincise ar a bhfuil an focal ‘reiviú’ bunaithe, agus sin, ar ndóigh, a bhíonn i gceist leis an obair acadúil – breathnú nó féachaint arís go géar ar ábhar, féachaint go fuarchúiseach, go cúramach, le súil an léirmheastóra; is teideal an-fheiliúnach é seo mar sin le haghaidh na hirise seo.  Agus, ar ndóigh, bíonn léirmheasanna leabhar ar leathanaigh An Reiviú freisin agus gné lárnach den saol acadúil is ea an léirmheastóireacht.

Tá fasaigh againn d’úsáid an fhocail ‘reiviú’ i dtraidisiún iriseoireachta na Gaeilge freisin, ar ndóigh: ‘Reiviú den Smaointeachas Éireannach…’ is fotheideal d’iris Chonradh na Gaeilge, Feasta, agus ag breathnú siar, bhí an Revue Celtique, a bunaíodh sa Fhrainc in 1870, ar cheann de na hirisí léannta ba luaithe a foilsíodh ar an Mór-Roinn a raibh baint aici le cúrsaí Ceiltise. Táimid sásta go bhfuil An Reiviú s’againne ina chuid thábhachtach den traidisiún foilsitheoireachta seo.

Cuimsíonn eagrán na bliana seo aon cheann déag d’ailt agus sé cinn de léirmheasanna.  Is teagasc na Gaeilge ag an gcéad, an dara agus ag an tríú leibhéal is ábhar do chúig cinn acu sin, agus tá an t-aistriúchán, an phleanáil teanga agus an teangeolaíocht á bplé in aistí eile.  Is taighdeoirí iad roinnt de na scríbhneoirí atá ag obair ina ngort taighde le píosa, ach is taighdeoirí óga iad roinnt eile d’údair na bliana seo.  Is den tábhacht é ardán An Reiviú a bheith ar fáil dóibh uilig.  Tréaslaím leo as caighdeán an ábhair atá curtha ar fáil acu d’eagrán na bliana seo de An Reiviú.

Tá Aguisín ar chúl eagrán na bliana seo in ómós do Rónán Ó Dubhthaigh, iar-chomhleacaí dár gcuid a fuair bás go ró-óg mí na Samhna seo caite.  Ba chomhleacaí den scoth é Rónán, duine fadradharcach, dílis, a bhfuil pobal na hollscoile seo, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne go mór faoina chomaoin.  Domsa, ba dhlúthchara liom é Rónán, fear a thacaigh go mór liom agus a sheas go minic liom.  Go deimhin, is é a chuir m’fhear céile in aithne dom an chéad lá riamh!  Is é a sheas mar athair baiste lenár mac.  Airímid uainn go mór é.  Leaba i measc na naomh go raibh aige.

In alt a scríobh mé le haghaidh An Reiviú in 2017, luaigh mé laoch pearsanta de mo chuid, Risteárd Ó Glaisne, duine a thug an-spreagadh dom mar mhac léinn óg breis is tríocha bliain ó shin.  Chuir sé in iúl domsa gur pobal amháin muid – mic léinn, léachtóirí, scríbhneoirí, iriseoirí, cainteoirí dúchais, foghlaimeoirí – pobal ar cás linn an Ghaeilge agus léann na teanga sin.  Mar sin, tá súil agam go bhfuair mic léinn an MA sa Léann teanga le deich mbliana anuas spreagadh den chineál céanna ón obair seo ar An Reiviú, go n-airíonn siad gur bhaill den phobal acadúil iad – níl siad imeallach sa phobal sin, ach lárnach – agus is baill de phobal níos leithne muid ar fad – pobal na Gaeilge a bhíonns faoi bhrú go minic ag nithe seachtracha. 

Ba mhór an pléisiúr domsa a bheith ag obair leis na mic léinn i gcaitheamh na ndeich mbliana; comhghairdeas ó chroí le Coiste Eagarthóireachta na bliana seo, Andrew Garnett, Dara Ó Conghaile, Rhiann Flemming agus Shane McLoughlin, agus mo bhuíochas leis na mic léinn uile a bhí linn le deich mbliana anuas: Áine Charlton, Áine Nic Gabhann, Áine Uí Fhoghlua, Anna Lee, Anna Ní Pheanróis, Aoife Ní Chonghaile, Aoife Ní Churraoin, Baba Nic Dhonnacha, Ben Ó Ceallaigh, Bernadette Uí Mhaoilchiaráin, Bríd Ní Chualáin, Catherine Francis, Christiann Flynn, Ciarán Mac Uidhir, Cillian Hanaphy, Clíona Uí Dhálaigh, Clodagh Ní Cheallaigh, Clodagh Ní Éilí, Conor Walsh, Daithí Ó Gallachóir, Darragh Mac Giolla Phádraig, Declan Quinn, Deirdre Ní Ghallchóir, Dolores de Bhál, Feargal Mac Thréinfhir, Fion Ní Fhátharta, Gráinne Ní Choisdealbha, Hannah Ní Dhoimhín, Helen Conlan, Helen Ó Catháin, Joyce Nic Giolla Shiomáin, Lisa McMahon, Máire N. Uí Mhurchú, Máire Nic Oireachtaigh, Máire Rós Ní Loingsigh, Máire Uí Dhufaigh, Máire-Áine Uí Ailín, Majella Ní Mheádhra, Margarita Neothallaigh, Maria Nic Chochláin, Neasa Ní Choisdealbha, Niall Ó Cléirigh, Niamh McCann, Niamh Ní Chuinn, Nóirín Uí Mhaoilchiaráin, Róisín Masson, Róisín Ní Cheallaigh, Sinéad Mansfield, Siobhán Fay, Siobhán Ní Chualáin, Sionainn Ní Ghréacháin, Tadhg Ó Duinnshléibhe, Tara Ní Mhóráin.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le Shannon Reeves a bhfuil cúram deartha An Reiviú air ó bunaíodh an iris.  Bíonn sé thar a bheith foighdeach linn gach bliain agus muid i mbun na hoibre seo, mar ní i gcónaí a chloímid leis na spriocanna a leagaimid féin síos!  Táimid go mór faoina chomaoin.

Ní mór dom freisin buíochas a ghlacadh leis an Dr Noelle Higgins, (mo dheirfiúr), a chéadmhol iris phiarmheasúnaithe nuair a cuireadh tús leis an MA sa Léann Teanga in 2012; thacaigh sí le hobair An Reiviú ó shin agus táimse an-bhuíoch di as a cuid cúnaimh.

Mar fhocal scoir, tréaslaím arís le scríbhneoirí na bliana seo agus leis na daoine ar fad a raibh baint acu leis An Reiviú ó bunaíodh é deich mbliana ó shin.  Go maire An Reiviú an céad.

Leabhairliosta

Leabhair

Bourdieu, P., Passeron J.C. & de Saint Martin, M., (1994) Academic Discourse. Cambridge: Polity Press.

Cantor, J.A., (1997) Experiential Learning in Higher Education: Linking Classroom and Community. ERIC Clearinghouse on Higher Education.

Ailt

Carver, R., (2008) ‘Theory for Practice: A Framework for Thinking about Experiential Education.’ 3 Philosophical Foundations149.

Ní Uigín, D., (2013) ‘An Litearthacht Acadúil agus an Fhéiniúlacht Acadúil: Cás-Staidéar ar an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.’ Léann Teanga: An Reiviú, 1. 66–80. (https://doi.org/10.13025/6vks-n428)

Ní Uigín, D., Higgins, N. & McHale, B., (2015) ‘The Benefits of Student-led, Peer-reviewed Journals in Enhancing Students’ Engagement with the Academy.’ Research in Education.  Manchester: Manchester University Press. 60–5.  (http://journals.sagepub.com/doi/abs/10.7227/RIE.0010?journalCode=riea)

Sword, H., (2009) ‘Writing higher education differently: a manifesto on style.’ Studies in Higher Education 34(3). 319–36.

Ábhar ar líne

https://hea.ie/assets/uploads/2017/06/National-Strategy-for-Higher-Education-2030.pdf

https://studentengagement.ie/