DOI: https://doi.org/10.13025/p552-0a56

Téarmaí gan Iomrá: Téarmaí a d’úsáid nó a chum Seosamh Mac Grianna agus é ag tiontú Béarla go Gaeilge idir na 1920idí agus na 1950idí agus nach raibh i gcúrsaíocht ina dhiaidh sin

Thiontaigh Seosamh Mac Grianna dhá leabhar déag Béarla go Gaeilge agus d’fhoilsigh an Gúm idir 1932 agus 1955 iad (Uí Laighléis, 2003; 2017; Mac Corraidh, 2004).  Thug sé Teacht Fríd an tSeagal (TS), aistriúchán ar Comin’ thro’ the Rye le Helen Mathers, don Ghúm in 1928 agus foilsíodh sa bhliain 1932 é.  Sa bhliain 1929, thug sé Ben Hur (BH) agus An Mairnéalach Dubh (MD) dóibh, aistriúcháin ar Ben Hur le Lew Wallace agus ar The Nigger of the Narcissus le Joseph Conrad faoi seach, agus foilsíodh sa bhliain 1933 iad.  Idir na blianta 1934 agus 1937, foilsíodh An Páistín Fionn (PF) (1934), aistriúchán ar The Whiteheaded Boy le Lennox Robinson, ar ghlac an Gúm leis in 1931; Séideán Bruithne agus Amy Foster (SB) (1935), ar ghlac an Gúm leis in 1930 agus ar aistriúchán ar Typhoon and Amy Foster le Joseph Conrad é; Teach an Chrochadóra (TC) (1935), aistriúchán ar Hangman’s House le Donn Byrne ar ghlac an Gúm leis in 1931; Muinntir an Oileáin (MO) (1935) ar ghlac an Gúm leis i 1933 agus ar aistriúchán é ar Islanders le Peadar O’Donnell a tugadh isteach in 1930; Imeachtaí Fhear Dheireadh Teaghlaigh (IFDT) (1936), aistriúchán ar Adventures of a Younger Son le E.J. Trelawney, ar ghlac an Gúm leis in 1931; Díth Céille Almayer (DCA) (1936), aistriúchán ar Almayer’s Folly le Joseph Conrad, ar ghlac an Gúm leis in 1930 agus Ivanhoe (I) (1937), aistriúchán ar Ivanhoe le Sir Walter Scott ar glacadh leis in 1930.  Is sa bhliain 1937 a glacadh le Eadarbhaile (E), aistriúchán ar Adrigoole le Peadar O’Donnell agus foilsíodh sa bhliain 1953 é.  Glacadh le Báthadh an Ghrosvenor (BG), aistriúchán ar The Wreck of the Grosvenor le W. Clark Russell, sa bhliain 1944 agus foilsíodh in 1955 é.  Is fiú a lua nár aistrigh Seosamh Mac Grianna gach ceann de na leabhair Bhéarla sin ina n-iomláine.  Mar shampla, tá a fhios againn gurb é Séamus Ó Grianna a d’aistrigh roinnt mhaith de Comin’ Thro’ the Rye sular fhág sé ina dhiaidh é nuair a fuair sé amach go raibh an leagan Gaeilge le foilsiú sa chló úr agus chuir Seosamh Gaeilge air ina dhiaidh sin (Uí Laighléis, 2017).

D’fhoilsigh an Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir (Mac Corraidh, 2004) inar soláthraíodh liosta focal, frásaí, nathanna cainte agus téarmaí a d’úsáid an t-aistritheoir.  Tá na téarmaí uilig a thugtar anseo thíos le fáil sa leabhar sin.  Is fiú a thabhairt faoi deara nach é amháin go gcaitheann ábhar an leabhair sin solas úr ar stór focal traidisiúnta Ghaeltacht Thír Chonaill ach go léiríonn sé fosta seiftiúlacht agus acmhainní Mhic Grianna mar aistritheoir sa mhéid is gur cheap sé féin téarmaí agus go ndearna sé an Ghaeilge a lúbadh, a chasadh agus a fhuirseadh  i dtreo na hathnuachana.  An cuspóir agus an úire atá leis an taighde deisce a rinneadh don alt seo ná gur féidir leis an léitheoir na téarmaí ‘teicniúla’ a chum nó a d’úsáid Mac Grianna a léamh agus a chur taobh le leaganacha na bhfoinsí digiteacha amhail tearma.ie, teanglann.ie agus focloir.ie chun leaganacha duine de mháistrí an aistriúcháin a mheas taobh leo sin atá in úsáid inniu.  Is chuige sin a rinneadh an taighde, agus fios ag an taighdeoir, mar shampla, nár úsáideadh na haistriúcháin ar chor ar bith agus Foclóir de Bhaldraithe á thiomsú (Mac Corraidh, 2004).

Má bhreathnaítear ar roinnt samplaí, feicfear cad is ciall leis an mhéid sin:  

colbha an domhain the horizon (t.ie/FNBG/FGB fíor na spéire, léaslíne; FNBG/FGB/EID bun na spéire; FGB/EID bun an aeir; FGB thar cholbha na mara, the rim of the sea)(I 160)

fuinneog mhullaigh skylight (t.ie/FNBG fuinneog dín; FNBG/EID spéirléas masc1; FGB fuinneog dhín; EID fuinneog dín)(BG 25)

reithe réabtha battering ram (t.ie, FNBG, FGB, EID, reithe cogaidh)(BH 114)

sóúltas fir. (sóúlacht) dessert (t.ie, FNBG, FGB, EID milseog f.)(IFDT 60). DESSERT, ÉISDINNÉAR, agus IARBHÉILE fosta

Is fiú leagan amach na solaoidí thuas a shoiléiriú.  Tugtar téarma ón aistriúchán mar cheannfhocal i gcló trom.  Is ina dhiaidh sin a luaitear an focal nó an frása a bhí i gceist sa bhuntéacs Béarla.  Luaitear ina dhiaidh sin na leaganacha (nuair is ann dóibh) atá sna foinsí digiteacha Gaeilge amhail tearma.ie, agus An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge.  Is ansin a luaitear na foclóirí traidisiúnta, English-Irish Dictionary de Bhalraithe (1959) agus Foclóir Gaeilge-Bearla Uí Dhónaill (1977).  Tugtar an tagairt don aistriúchán idir lúibíní ansin m.sh. (MO 82): ciallaíonn sin go bhfaighfear an téarma ar leathanach ochtó is a dó in Muinntir an Oileáin.  Má bhí focal eile ag Mac Grianna ar an téarma céanna Béarla, luaitear sin ar deireadh ar fad.  Mar shampla, má amharcaimid ar an tsampla dheireanach thuas, sóúltas a bhí aige ar ‘dessert’; ‘milseog’ a gheofar sna foinsí digiteacha inniu.  Tá sé le léamh ar leathanach seasca in Imeachtaí Fhear Dheireadh Teaghlaigh agus bhí ‘dessert’, ‘éisdinnéar’ agus ‘iarbhéile’ aige fosta ar an téarma céanna ina chuid aistriúchán.

Níl ceann ar bith de na téarmaí sin thuas sna samplaí a d’úsáid  Mac Grianna, ‘colbha an domhain’, ‘fuinneog mhullaigh’, ‘reithe réabtha’ ná ‘sóúltas’ i gcúrsaíocht sa chaint ná sna foinsí tagartha digiteacha Gaeilge sa lá atá inniu ann.  Mar thoradh ar an taighde seo, tá a fhios ag an léitheoir gur úsáid Mac Grianna iad ach nach sin na téarmaí a bhíonn in úsáid sa ghnáthchaint i nGaeilge ar ‘horizon’, ‘skylight’battering ram’ ná ‘dessert’ an Bhéarla ach gurb iad ‘bun na spéire’, ‘fuinneog dín’, ‘reithe cogaidh’ agus ‘milseog’ roghanna phobal na Gaeilge sa chaint agus sa scríobh.  Níl fáth ar bith nach ndéanfaí an Ghaeilge a fhairsingiú, a chothú agus a shaibhriú trí athmhúscailt na bhfocal agus na bhfrásaí seo uilig go léir agus go ndéanfaí amhlaidh le saothar na n-aistritheoirí eile, mar a d’éiligh Ó Ruairc (1988: 34).    

Is cosúil gurb é foclóir Lane O’Neill a bhí mar fhoinse focal a Mac Grianna agus é i mbun aistriúcháin (Ó hEaráin, 1986; Mac Corraidh, 1990).  Anseo thíos, tá na téarmaí a d’úsáid sé a d’aimsigh sé i bhfoinsí nó a chum sé ar uairibh amhail fear a bheadh ar maos i saibhreas ar ‘millionaire’ sa Bhéarla.  Is é an trua nár baineadh úsáid as na téarmaí seo agus foclóirí á dtiomsú (Mac Corraidh, 2004: 10, 162).  Mar sin féin, sin an fáth ar síleadh gurbh fhiú na téarmaí ‘teicniúla’ nach raibh iomrá orthu ina dhiaidh sin a chur os ard mar atá siad sa liosta thíos i gcló trom.    

Rinneadh grinnstaidéar ar an dá leabhar déag Gaeilge sin thuas mar ábhar miontráchtais ag leibhéal máistreachta agus bhí an leabhar Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir (Mac Corraidh, 2004) mar thoradh air sin fosta.  Tá mé i ndiaidh athchuairt a thabhairt ar an ghluais sin le dhá bhliain anois agus an t-am seo, tá liosta de na téarmaí ‘teicniúla’ a d’úsáid sé nó a chum sé á scagadh ón chuid eile ar nathanna cainte iad.  Chíor mé na foinsí nua ar líne nárbh ann dóibh nuair a foilsíodh an ghluais an chéad uair m.sh. tearma.ie, agus Foclóir Nua Béarla Gaeilge (focloir.ie).  Cuireadh cuid mhaith de na leaganacha seo isteach sa liosta anseo.

Seo a leanas na giorrúcháin ar ainmneacha na bhfoinsí eile tagartha atá in úsáid agam: LEID = Lane’s English Irish Dictionary (1904); EID = Foclóir de Bhaldraithe (1959); FGB = Foclóir Uí Dhónaill (1977); CIESG (Ó Corráin, 1989); FGBD = Foclóir Gaedhilge-Béarla Uí Dhuinnín; FNBG = Foclóir Nua Béarla-Gaeilge; t.ie = tearma.ie.

A

aerlong b. aeroplane (t.ie/FNBG/EID/FGB eitleán m.; FGB air-ship)(TC 250) aicíd an chreatha palsy (I 521)(t.ie crithghalar fir1; FNBG pairilis fem2; LEID galar creathach) aicíd na scamhán pneumonia (t.ie/FNBG/EID/FGB niúmóine fir4; FGB aicíd na scamhóg)(TC 239) aicíd na bpéisteog trichinosis (t.ie tricíonóis bain 2; )(TS 242) aicíd na stéigordóige appendicitis (t.ie/FNBG/EID aipindicíteas m.)(MO 82) ainbheathach fir. monster (t.ie ollphéist/FNBG arracht, ollphéist/FGB ainbheithíoch m./EID arrachtach, torachar, ollphéist)(MO 34). UATHPHÉIST fosta airíoch loinge shipkeeper (FNBG/FGB coimeádaí m., keeper)(MD 209) alltóir fir. barbarian (FNBG/FGB barbarach m,; FNBG brúid fem2)(TS 306) amhaircín fir. peep-show (t.ie pípsheó fir4) (TS 40)/(TS 45) amhlaíocht b. commonplace (platitude, truism)(BH 342/3) análán fir. ventilator (t.ie gaothrán fir.; FGB gaothaire m.; EID aerálóir m.)(SB 34) anchréatúr fir. horror (TC 476) anphótaire fir. teetotaller (t.ie réadóir fir.3; FNBG réadóir masc., staonaire masc4; FGB lánstaonaire m., FGB/EID staonaire m.)(MD 81) ardmhian fir. ambition (t.ie/EID uaillmhian bain2 glóirmhian bain2; FGB uaillmhian f.)(I 551)(BH 128)(I 552)(I 580) arm gonta weapon (I 37) (t.ie arm fir1; FNBG arm, uirlis troda, gléas troda) armadóir fir. armour (FGB armourer; cathéide f.)(I 144) atonn b. backwash of waves (t.ie/FGB cúlchaise f.; EID súrac m., tarraingt na toinne)(MD 83)

B

bacán teannaidh belaying pin (t.ie pionna ceangail; EID bacán m. ceangail) (BG 106)(BG 295) bád báire flag boat (MO 151) bád tarranta (tarraingthe) tug (t.ie /FGB tuga fir.; EID tug m.)(MD 35)(MD 205), (BG 6) bádánach fir. boatswain (FNBG/t.ie maor loinge, t.ie/FNBG/FGB bósan m.)(SB 17)(SB 68) báirg guail coal barge (BG 97) balscóid b.  tattoo (t.ie/FNBG/FGB/EID tatú m.)(MD 9); skunk (a despicable person)(BG 125) barometer a. barometer (SB 47) FNBG/t.ie/FGB/EID baraiméadar fir. GLOINE NA HAIMSIRE fosta bealach dromáin companion (of ship)(t.ie staighre fir4 boird; FGB staighre cábáin; EID staighre cábán )(BG 102)/ (BG 179) bealachas fir. alley-way (t.ie/EID pasáiste m.)(SB 26)(SB 74) béar sneachta polar bear (t.ie/FNBG/FGB/EID béar bán)(E 288) bean chuilteála quilter (EID/FGB cuilteálaí m.)(MO 160) bean freastala (freastail) waitress (t.ie/FNBG/FGB banfhreastalaí m./EID freastalaí mná/cailín freastail)(MO 160) bríce mná great woman(MO 125) bean chuideachta chaperon (FGB bean choimhdeachta)(TC 47) beathach carr hack (t.ie/EID capall marcaíochta (hackney); FNBG/EID capall diallaite)(TC 46) CAPALL FOSTAITHE fosta biorlus fir. acacia (t.ie, EID acaicia f.)(BH 7) blaisire fir. door-man (I 613) blár an ghainimh desert (t.ie/FGB/EID fásach m., gaineamhlach m.; t.ie/EID díthreabh bain2)(TC 419) bláth-theach fir. greenhouse (t.ie/FNBG/FGB teach gloine)(TC 282) bleachtán fir. daffodil (t.ie/FGB/EID lus an chromchinn; t.ie/FGB lus an aisig)(TC 320) (TC 326)/(TC 538) bloc marcaíochta mounting block (t.ie/EID ceap marcaigh)(TC 345) bochtshráid b. (bochtsráid) slum (t.ie plódcheantar; t.ie/FGB sluma m.; EID cúlsráid f. shuarach (TC 393) bollsaire fir. herald (t.ie spreagaire fir4;FGB/FNBG bolscaire m.,FNBG aralt masc1)(TC 36)(LEID bollsaire m.) bolscán fir. bolscán súlais jam-tart (t.ie toirtín suibhe)(TS 46) brat láimhe handkerchief (BG 110) bratán fir. kerchief. (t.ie ciarsúr fir.)(TS 460) breithchathaoir b. tribunal (t.ie/FNBG binse fir.)(BH 413)(LEID cathaoir bhreitheamhnais) brístiallacha (iol.) braces (FGB gealas, -ais m.; EID gealasacha mpl) (MD 29) bróga oíche, bróga seomra id. (LEID bróga seomra) bróigín b. slipper (t.ie/ FNBG/FGB slipéar, -éir mpl.)(MD 37)(BRÓGÁN, BRÓIGÍN agus LIUBHÁN fosta)(TC 447) bromach fir. pony (t.ie capailllín, pónaí, gearrchapaill); FGB colt)(TC 163) brónchluiche fir. tragedy (t.ie/FNBG/FGB/EID traigéide f.)(SB 142) bruisín maith daoine a good few people (E 152) buíbhán aid. amber (t.ie/FGB ómrach)(BG 122) bunríodh a. (bunrí) biceps.(t.ie/FNBG/FGB/EID bícéips f. )(MD 9)

C

caileantáir a. calendar (t.ie/FNBG/FGB féilire m.)(PF 133) cáiríneacht b. recrimination (FNBG frithmhilleánú; FNBG/EID comhchoiriú, cómhaslú)(I 265) caitheamh aimsire amateur (aid.)(TC 236) camrógacht b. forgery (t.ie/FGB/FNBG brionnú; EID brionnadh)(TS 520) capall fostaithe hack (TC 194) BEATHACH CARR fosta carrán fir. carriage (t.ie carráiste/EID carráiste; FGB small cart; FNBG carráiste/cóiste)(E 166)(MO 81) carróg b. carriage (E 47) cársán fir. bronchitis (t.ie/FNBG/FGB/EID broincíteas m.)(MO 6) caschomhla b. turnstile (t.ie geata; FNBG/EID geata casta)(TS 83) casinneall fir. windlass (t.ie/FGB/EID unlas m.; t.ie/EID castainn bain2) (BG 29)/(BG 33) cathaoir shlinneán armchair (EID/FGB/FNBG cathaoir uilleach) (TS 151) cathaoir longadáin rocking chair (EID, FGB, FNBG, cathaoir luascáin)(DCA 63) céad mhacán first mate (SB 8) chief (SB 23/4) agra cinn brains (t.ie éirim bain2; FNBG meabhar chinn, eagna chin; FGB eagna chinn)(TC 405) (TC 407)/(TC 465)(CCTC 10) ceann coróna (corónach) dynasty (t.ie/FNBG ríora fir4, ríshliocht fir3, (TC 90) ceann cabhlaigh admiral. (t.ie, FNBG; FGB aimiréal m.; EID aimiréal, ceann cabhlaigh)(IFDT 17) gan cheannach irreconcilable (t.ie/FNBG/FGB/EID doréitithe a3; FGB/EID bithnaimhdeach (TC 95) ceannaí siúil commercial traveller (t.ie/FNBG/FGB/EID taistealaí tráchtála) (MO 81) ceannairceoir fir. rebel (t.ie/FNBG/EID reibiliúnach fir1; FNBG/FGB/EID ceannairceach m.)(TC 65) céimsgán fir. verandah (FGB/FNBG/t.ie vearanda m.)(TS 31) céireán fir. mummy (of corpse) (t.ie/FNBG seargán, mumaí; FGB/EID seargán m.)(TS 414) ceo toite fog (t.ie, FNBG, FGB, EID ceo fir.)(BH 190) ceosholasta aid. dim (FNBG lag, fann, dorcha)(TS 136) ciarghlas aid. leaden-coloured (BG 231) ciumhasaí (ciumhaiseanna) na cathrach suburbanity (TC 6) clabsal fir. column (in newspaper) (t.ie/FNBG/FGB/EID colún m.)(TS 460)(LEID clabsal m.) claíomh mara cutlass (t.ie gan iontráil; FGB gan iontráil; FNBG/EID muirchlaíomh m.)(IFDT 93)(LEID claidheamh cam) clais b. wake (of a boat)(FGB marbhshruth m.)(TC 100/1) clais anála weasand (I 608) claon intinne bigotry (FGB biogóideacht f.)(I 505/6) clár cladaigh gang-plank (TC 563) clár iompair stretcher (t.ie/FNBG/FGB/EID sínteán m.; FGB/EID leaba shínteáin)(BG 399) cláradóir fir. registrar (t.ie, FGB cláraitheoir m.)(BH 98) cleas gan formais prank (FNBG cleas/ FGB áilt, cluicheog, dea-obair, tréith, EID cleas, bob, baileabhair)(IFDT 44) cléibhín a. cage (FGB cás m.) (BG 17)(LEID cléibhín m.) CLIABHÓG fosta cliabhagán fir. perambulator (t.ie pram fir4; FNBG naí-chóiste masc4/FGB pram m.)(TS 117) cliabhán rothaí perambulator (t.ie/FGB pram fir.; FNBG naí-chóiste; EID cairrín láimhe) (SB 157) cliabhóg b. bird cage (t.ie/FNBG éanadán fir 1/FGB cás m.)(MD 210)(CLIABHÁN agus CLÉIBHÍN fosta) clibín eochracha bunch of keys (FNBG cloigín eochracha, fáinne eochracha; FGB/EID cloigín eochrach)(TC 509) clíomáil b. scramble (t.ie sciob sceab; FNBG streachailt, FNBG/EID sciolairt, sciob sceab; FGB sciolairt f.)(SB 105) ceannach clú blackmail (t.ie/FNBG/FGB dúmhál m.)(TC 73) cloideog b. clown (circus)(FNBG bobaide, áilteoir, fear grinn)(TS 47) cloch ghréine sundial (FGB clog gréine)(TC 327) cloch leáite lava (t.ie, FNBG, FGB, EID laibhe f.)(IFDT 93) clog b. clock (FGB clog m.)(TC 514) clogán fir. gong (FGB small bell, FNBG clog, gang; t.ie gang, cloigín)(DCA 104) cnap scadán shoal of herring (MO 89) cneácheangal fir. bandage (t.ie bindealán m., FNBG, FGB, EID bindealán m., buadán m.)(IFDT 83) cnoc tine volcano (t.ie, EID, FGB, FNBG bolcán m.)(DCA 56/7)(IFDT 179) cnoc oidhreoige (oighir) iceberg (t.ie/FNBG/FGB/EID cnoc oighir) (SB 10) cofrán fir. bedside stand (TC 328) coiméideadh fir. (coiméide) corsets (EID/FGB cóirséad m.)(E 211) cóisire fir. guest (t.ie/FNBG/FGB aoi m.; FNBG cuairteoir masc3)(TC 340) colbha an domhain the horizon (t.ie/FNBG/FGB fíor na spéire, léaslíne; FNBG/FGB/EID bun na spéire; FGB/EID bun an aeir; FGB thar cholbha na mara, the rim of the sea)(I 160) comhairín cumhraise pouncet–box (I 451) comhartha géibhinn distress signal (t.ie/FNBG/FGB comhartha guaise)(BG 385) comharthaíocht b. gestures (t.ie comharthaí, gothaí/EID cor m., gotha m., comhartha m.) (MD 111) comharthráchtáil b. co-operation (t.ie/FGB comhar m.; EID comhar m. comhoibriú m.; FNBG comhoibriú masc.)(PF 26) comhla b. lock (water)(TC 394) connach a. sponge (t.ie, FNBG, spúinse fir.)(BH 12) conróideach aid. insecure (t.ie/FNBG/EID neamhdhaingean, corrach; FNBG scaoilte; EID neamhdhiongbháilte)(MD 65) coróin sholais halo (t.ie/FGB fáinne m. solais, naomhluan m.)(TC 67) corrmhíoltóg b. mosquito (t.ie corrmhíol f, muiscít f, FGB midge; EID corrmhíol f.)(IFDT)(LEID coirrmhíoltóg f.) corrsmaointiú fir. (corrsmaoineamh) quirk (TC 432) cosán fir. cosán tógála gangway (FGB clord m.) (BG 39)/(BG 119) cosbhrat fir. mat (FNBG mata masc4) (TS 211) cosfháinne fir. anklet (FNBG bráisléad murnáin/rúitín, EID bráisléad murnáin, FGB glaicín)(DCA 131) cosrópa fir. foot-rope. (BG 12) crann araicise trysting tree (I 411)(I 439) creachadóir mara pirate (t.ie, FNBG, FGB, EID  foghlaí mara)(IFDT 23)(LEID muir-chreachadóir) crís fir. creese (dagger)(IFDT 166) crithfhuaim a. throbbing sound (BG 436) crochadh fir. pitch (of a ship)(FGB of an arch, roof)(IFDT 68) crochchuradh fir. crusader (FGB crosáidí m.)(I 228) croíán loinge shipmate (FNBG comhloingseoir, leathbhádóir; FNGB/EID comrádaí farraige)(MD 216) croitheadh inchinne concussion (t.ie/FNBG/EID comhtholgadh fir.;  (SB 41) crónaire fir. coroner (FGB cróinéir m.)(TC 541) crosóg b. gaff (FGB cleith uachtair)(BG 352) (TC 22/3)/(TC 38); Crocairt, cricket (ITI 262) cruinneolas fir. geography (t.ie, FGB geografaíocht f., tíreolaíocht f.)(BH 22) cruth folaithe disguise (EID/FGB/FNBG bréagriocht f.)(TC 63) cruthaíocht b. figure (shape)(SB 90) Crothaidheacht, appearance, look (ITI 263) crutheolas fir. cosmogony (t.ie, FGB cosmagnaíocht f.)(BH 22) cú mhac tíre wolf-dog (TC 35) cuallaí biatachais mess-mate (on a ship) (FGB, EID cuibhreannach m.)(IFDT 29) cúirtgharraí fir. courtyard (t.ie/FNBG clós fir1; FGB clós caisleáin)(TC 191/2) cuisle b. cuisleannacha (cuislí) gaoithe flaws of wind.(IFDT 80) cúl cinn a. back-up (t.ie, FNBG, cúltaca m., FGB taca m.)(IFDT 161)    cur eangach a train of fishing nets (MO 49)/(MO 89) curúlacht b. chivalry (t.ie/FNBG niachas fir1; FGB/FNBG ridireacht f.)(I 129)(I 135)(I 378)

D

dabhach fothragtha bath (t.ie/FNBG/FGB folcadán m., FGB dabhach folctha)(TC 225) dallsholas fir. uncertain light (TS 79) dealbhcheann fir. figurehead (of ship)(t.ie ceann fíorach; EID dealbh tosaigh)(BG 10) dearg a. red hot ash (of a pipe)(MD 19) díminneas fir. discordance (EID/FGB míbhinneas m.)(MO) díobhóg b. trench (FGB mountain rill)(I 33) díomuntáisteach aid. disadvantageous (t.ie, FNBG, FGB, EID míbhuntáisteach)(IFDT 214) dochtúir an cháir dentist (t.ie/FNBG/FGB/EID  fiaclóir m.; FGB dochtúir fiacla)(MD 52) dochtúir an eallaigh veterinary surgeon. (t.ie/FNBG/FGB tréidlia m./EID tréidlia m. dochtúir m. beithíoch)(PF 7) do-éagthach aid. deathless (FGB neamhbhásmhar/EID do-mharaithe, síoraí, suthain)(TS 140) doirseagán fir. porch (FNBG póirse masc4)(TS 15) dorsagán fir. portico (t.ie póirseáid b.; EID colúnáid f.)(BH 205) dreacheolas a. physiognomy (FGB gné-eolaíocht f.)(LEID gnaoifhios) dreachshnoite aid. stern. (FNBG dairíre, crosta; FGB fiata; EID dian, crua, géar)(MO 230)(I 32) dréimlus fir. creeper (t.ie athair f., FGB athair f., féitheach m.)(IFDT 159) droichead tarranta (tarraingthe) drawbridge (FGB droichead tógála)(I 423) dúbhán aid. half-caste (EID, FGB meascach)(DCA 173) dubhurchóid b. malice (I 331) dúilbhriste aid. disappointed. (FNBG/FGB/EID díomách, meallta)(MO 173) duine siúlach nomad (EID fánaí m.)(TC 544) dúnamhaid fir. worst enemy (TS 21) dúshlánta aid. challenging (FGB dúshlánach)(TC 169)

E

eachlann b. stable-yard (FNBG clós stábla)(TC 83) eagrúil aid. disciplined (FGB riailbhéasach)(I 411) easair na madadh kennels (t.ie conchró fir4)(TC 191/2) ealaín farraige seamanship (t.ie/FNBG cumas mairnéalachta; FGB loingseoireacht, mairnéalacht; EID loingseoireacht)(MO 137) eascomhrac fir. non-resistance (FNBG cur in aghaidh, in éadan, i gcoinne ar ‘resistance’)(BH 606) éidíonmhar aid. leaky (BG 381)

F

fáigheadóireacht b. act of hovering (E 53), (E 103), (BG 27), (BG 241) faill seanchais interview (t.ie, FNBG, EID, FGB agallamh m.)(DCA 60) falsóir cladaigh beachcomber (FNBG tráiteoir fir3; FNBG/EID fear raice)(TC 63) fear bannaí trustee (t.ie iontaobhaí fir.; FGB caomhnóir m.; EID iontaobhaí m. riarthóir m.)(SB 168) fear cathaoire (cathaoirleach) chairman (t.ie/FNBG/FGB/EID cathaoirleach m.)(PF 69) fear claonbharúlach bigot (t.ie/FNBG/FGB/EID biogóid m.; EID duine dáigh)(I 507) fear dhéanta an bhealaigh guide (t.ie/FNBG/FGB/EID treoraí m.; EID fear eolais, cinnire)(I 31) fear dhéanta an eolais id. (I 32) fear na slí id. (I 32) fear loighce logician (t.ie, FNBG, FGB, EID loighceoir m.)(BH 106) fear a bheadh ar maos i saibhreas millionaire (FNBG/FGB/EID milliúnaí m.)(PF 7); bheith ar maos in airgead, to be filthy rich. (CIESG 242) fear oiliúna trainer (t.ie/FNBG traenálaí fir4; FNBG oiliúnóir masc; FGB oiliúnaí m.)(TC 252) fear próistí process-server (TC 505) fear soláthair manciple (I 566-7) fear tíre civilian (t.ie/FNBG/FGB/EID sibhialtach m.)(TC 89) fear ualach porter (FGB póirtéir m.)(TC 334) (PF 80) féasóg giall side whiskers (FGB féasóg  leicinn)(TC 549/50) fianúil aid. chivalrous (FGB ridiriúil)(TC 13) fionnaolta aid. whitewashed (FGB aoldaite)(TC 549)(TC 550) fonn feasa curiosity (FGB fiosracht f.)(TC 105) fíodhchat fir. trap (t.ie/FGB gaiste m.; FNBG gaiste fir., dol fir., trap fir.)(SB 144) foirgneamh tithe street of houses (MO)/(BG 6) foirgnitheoir fir. builder (t.ie tógálaí; FNBG, FGB foirgneoir m.) (BH 106)(LEID foirgnightheóir m.) foirmeacha molta  testimonials. (BG 23) foirmreadh fir. ceremony (t.ie/FNBG/FGB/searmanas fir1; EID seanmóir) (I 622)(I 643) forbadh fir. volley of shots (FNBG rois piléar; FGB rois urchar; EID rois piléar, cith piléar)(IFDT 90) forchaiseal fir. forecastle (FGB caiseal tosaigh)(BG 8) fuinneog chaoch scuttle (on ship) (FGB poll comhla)(BG 129) fuinneog mhullaigh skylight (t.ie/FNBG fuinneog dín; FNBG/EID spéirléas masc1; FGB fuinneog dhín; EID fuinneog dín)(BG 25)

G

gadaí mara pirate (t.ie, FNBG, EID, FGB foghlaí mara)(DCA 11)(LEID foghluidhe fairrge). CREACHADÓIR fosta gág fhéir cut from grass. (t.ie/FNBG/FGB/EID gearradh fir.) (MO 38) gáinneoir a. archer (FGB boghdóir m.)(I 132)(I 268); (LEID boghadóir, m., gainneóir, m.) gaisc-chluichí a.iol. heroics. (FNBG gaisce masc, éachtaí fem, gníomhartha gaisce)(BH 344-5) gaosán fir. nostril (t.ie polláire, FNBG, EID, FGB poll sróine, polláire m.)(DCA 74) garda tuatúil yeoman (FGB gíománach m.)(I 206) geabadánacht a.br. jabbering (FGB geabaireacht f.)(BG 80) geallnóta fir. promissory note. (t.ie/FNBG/ nóta gealltanais; EID bille gealltanais)(PF 158) an té atá faoi ghearán the accused (t.ie/FNBG cúisí; t.ie duine cúisithe, duine a bhfuil cúis curtha ina leith; FNBG an duine atá cúisithe; FGB/EID an cúisí)(I 512) géarbharúlacha iol. sarcasm (t.ie/FNBG searbhas fir1; FNBG tarcaisne)(TS 330) géarmhagúil aid. sarcastic (FNBG searbhasach, searbh, gear, tarcaisneach/FGB cnáideach, gear, goibéalta, niogóideach)(TS 270)(LEID géarmhagamhail) gearradh fir. sarcasm (I 200) gearradóir fir. cutter (t.ie/FNBG/FGB/EID gearrthóir m.)(TC 548) geasróga the occult (t.ie/FGB diamhair bain2; FNBG an draíocht, an arsalaíocht; FGB doilfe, briotais, geasrógacht, fiosaíocht)(I 365) glacláidir aid. athletic (t.ie lúfar; FNBG lúfar, aclaí, scafánta; FGB lúfar, EID lúthchleasach) (IFDT 202) glag-ghaoth b. squall. (t.ie cóch fir, cuaifeach fir; FNBG cóch fir, cuaifeach fir, soinneán gaoithe; FGB cóch, scallóid ghaoithe, sonnadh gaoithe)(MO 95) gléachas fir. gallery (TC 257)(I 245)(TC 258), (BH 101), (I 618); (LEID gléachas m.); (LFND 37) gléas fir. gléas ama chronometer (t.ie/FNBG/FGB/EID crónaiméadar m.)(SB 9) gloine an tomhaiste sandglass. (BG 59) gloine an teasmhaigh thermometer (t.ie, FNBG, FGB, EID teirmiméadar m.)(IFDT 80) golthaod fir. hysterics (FGB histéire f. (hysteria)/EID baspairt, taom histéire, líonrith)(TS 415)(TS 434)

I

(iarann) iomaireach corrugated (iron) (t.ie/FNBG roctha, rocach; FGB/EID roctha, iomaireach)(E 192) iarraidh chun tosaigh progress (t.ie/FNBG/FGB dul chun cinn; t.ie/FNBG forás)(TC 250) iarratas fir. ambition (t.ie uaillmhian b., glóirmhian b.; FGB uaillmhian f.)(BH 437) ARDMHIAN aige fosta.) an t-iasc bradach poaching (t.ie/FNBG/FGB/EID póitseáil f.)(MO 63) idirbheathach fir. (idirbheithíoch) jennet (EID capaillín Spáinneach)(E 9) iméadaire fir. zealot (t.ie, EID, FGB, díograiseoir fir.)(BH 53)(LEID 581) inc-sheastán fir. ink-stand (t.ie/EID seas dúchán)(SB 113) infhuilstine aid. bearable (FGB infhulaingthe)(TC 396) inghnímh aid. practicable (t.ie/FNBG infheidhmithe; FNBG/FGB/EID indéanta; FNBG/EID inoibrithe)(I 241) íocadóir a. paymaster (t.ie/FNBG/FGB/EID pámháistir m.)(I 464) slat iompair lightning conductor (t.ie/FNBG seoltóir tintrí; FGB conduchtaire tintrí) (BG 326) ionad siúil promenade (FGB promanád m.)(TC 561)(LEID ionad spaisteóireachta) ionadaí fir. pseudo (I 335)

L

laits a. latch (t.ie/FNBG/FGB laiste fir4; FGB cláibín) (MO 47) lámhéadach fir. handkerchief (FGB ciarsúr m. haincearsan m.)(TC 507);(LEID éadach láimhe) leaba chrochta hammock (FGB leaba luascáin) (BG 27)/(BG 395) leabachán fir. couch (t.ie tolg fir.; FNBG/FGB tolg masc, cúiste masc; EID leaba f. iomaí f. tolg m, cúiste m)(SB 46) leabhar an tsiúil log-book (t.ie logleabhar fir.; FNBG loga fir, logleabhar fir.; FGB leabhar loinge/EID leabhar loinge/turais/eitilte, dialann oibre) (SB 38). LEABHAR LOG, LOGLEABHAR, TURASLEABHAR aige fosta leacht-thor fir. monument (t.ie leacht fir., séadchomhartha fir.; FNBG leacht (cuimhneacháin); FGB séadchomhartha m.; EID séadchomhartha m, leacht m, cloch chuimhne)(SB 92) liathróid roithleagáin spinning top (TC 386) lindéar fir. manhole (t.ie/FNBG/EID dúnpholl fir. /FGB lindéar = lintel; dúnpholl m.)(SB 83) línfhionn aid. flaxen (EID buíbhán)(I 51) línteoir fir. ruler (t.ie/FNBG/FGB/EID rialóir m.)(SB 113) liomógach aid. saucy (FGB brusanta, deiliúsach, soibealta)(TS 450) liubhán fir. slipper (t.ie/FNBG/FGB/EID slipéar m.)(SB 93) BRÓG, BRÓGÁN, BRÓIGÍN aige fosta loca féasóige side whiskers (MO 131) lóchrann ancaire riding lamp (on ship)(BG 22) logleabhar a. logbook. (BG 149) long galach (gaile) steamer (FGB bád gaile, steamboat)(BG 17) longarm fir. navy (t.ie, FNBG, FGB, EID cabhlach m.)(IFDT 36) lorg láimhe autograph (FNBG/EID síniú m.; FNBG átagraf)(TC 516) luaithreán fir. duster (t.ie glantóir deannaigh/EID ceirt deannaigh). (TS 31)  lucht ceannairce rebels (TC 31) lucht cúlsráideanna ill-mannered people of the gutter (TC 182) lucht do chuideachta one’s associates (TC 321)  lucht do dhea-bharúla one’s admirers (TS 339)  lucht fíniúna wine-growers (t.ie saothróirí fíniúna)(BH 5) lucht gaimbín usurers. (t.ie/EID úsaire fir.)(SB 160)  swell (in sea)(t.ie mórtas farraige, bogadh; FNBG/FGB mórtas farraige, borradh farraige, suaill fem.; EID oibriú mór)(MO 114) shoal (MO 93) lucht leatroime the unfortunate (TC 285) lucht na gcnoc mountainy people (TC 127) lucht na ngealltach (ngeallta) backers (TC 107) lucht plandála colonists (TC 144) lus fir. an lus nimhe hemlock (E 263) luschuach b. locust (FGB, EID lócaiste m.)(BH 32)(LEID luschuach, dreoilín teasbhaigh) lúthghníomhach aid. athletic (FGB lúfar)(I 19) GLACLÁIDIR fosta.

M  

mac filíochta apprentice poet (TC 349) macán fir. mate (IFDT 40) maide bealaigh gangway (t.ie/FNBG stangairt, geata bordála; FGB/EID clord m.; EID bearna cloird)(BG 34) maide crochaidh (crochta) crane (t.ie/FNBG/EID craein bain; FGB maide croiche)(MO 40) maothsmaointiú fir. (maothsmaoineamh) sentimentalism (t.ie/FNBG maoithneas m., maoithneachas m.; FGB maoithneas)(MD 174) marbhcheo fir. haze. (t.ie/FNBG smúiteán fir.; FNBG ceo m, ceobhrán m; FGB ceo, ceobhrán, dusma; EID rosamh, ceo)(MO 170) marbhdhéanta monotonous (TS 577)/(BG 32) marbhfhuaimneach aid. monotonous (t.ie/FGB/EID aontonach, liosta)(TS 111) marbhghorm aid. pale blue (BG 70) marbhloinnir a. glimmer (BG 61) marbhmhealltach aid. voluptuous (FGB/EID macnasach)(TS 545) marcach airm trooper (FGB trúipéir m.)(TC 109) meáchan an aeir density of the atmosphere (t.ie/FNBG dlús fir1 (BG 82) méaracán sí bluebell (FGB cloigín m. gorm, méaracán m. gorm)(TC 15) mearúlacht b. excitement (t.ie  floscadh fir.; FNBG sceitimíní, scleodar masc 1, fuadar masc 1)(MD 9) Mí na Súilín Buí July (FGB Mí na Súl Buí)(TC 157) miadal fir. (méadal, iol. méadlacha) hold (of a ship) (t.ie/FNBG/ bolg fir. FGB bolg loinge; EID broinn/íochtar loinge)(SB11) míghinte aid.br. illegitimate (t.ie/FNBG/FGB/EID neamhdhlisteanach)(I 39) milisbhriathrach aid. suave (FGB mín)(TC 59) mionaglach a.br. twittering (na n-éan)(t.ie EID ceiliúr, giolcaireacht; FGB tríleach)(TS 38) moingréalta b. meteor (t.ie/FGB dreige f., meitéar; EID caor thine)(TS 211) mionliobrach aid. mincing (I 334) mómhaireacht b. modesty (t.ie/FNBG/FGB modhúlacht f.; FNBG umhlaíocht)(I 188)

N

neamhshó fir. discomfort (t.ie/FNBG/FGB míchompord m.; FNBG pian fem2)(I 243)

O

obair chloiche architecture (t.ie/FNBG/EID/FGB ailtireacht f.)(I 270) ógánach séidte coxcomb (conceited dandy)(I 447) oidhreogach b. (oighear)(t.ie/FNBG/FGB/EID leac oighir, oighear m.)(MO 225) oidhríocht b. (FGB oidhreacht f.)  inheritance (TC 36) ordú fir. discipline (FGB smacht m.)(TC 179) óriasc fir. goldfish (FGB iasc órga) (BG 455) osán fir. sandal (t.ie, FNBG, FGB, EID cuarán fir., FGB leg of trousers)(BH 102 & 144)

P

páipéar triomaithe blotting paper (t.ie/FNBG/FGB/EID páipéar súite)(TC 324) páirc dhruidte paddock (t.ie/FNBG/FGB/EID banrach f.)(TC 19) peansal fir. pencil (t.ie peann luaidhe, pionsail; FGB peann luaidhe, pionsail m.)(MO 27) pócadóir fir. pickpocket (t.ie/FGB/EID peasghadaí; EID piocaire póca )(TS 56) poilcí a. blouse (FGB blús m.)(E 121) poiliticí fir. politician (FNBG/t.ie/FGB/EID polaiteoir m.)(MD 176/209) poll fir. hole. (iol.) polltaí (FGB poill) (BG 71) poll ligthe scupper hole. (FGB scupar m.; EID lintéar loinge, scupar m.) (BG 71) (MD 48)/(TS 102),(TS 345) postordú fir. postal order (t.ie/FGB/EID ordú poist)(PF 138) porsalán fir. porcelain (t.ie/FNBG/FGB/EID poirceallán m.)(SB 105) púdarlann b. magazine (of ship) (t.ie, EID armlann, piléarlann; FNBG, FGB armlann f.)(IFDT 37)

R

raic rannta (roinnte) na gcnámh rack (torture)(t.ie raca fir4; FNBG/EID raca céasta; FGB ) (IFDT 30) rainse carraigeach coral reef (t.ie/FNBG sceir bain2 coiréil; FGB sceir f., reef)(IFDT 84) rámhrothán fir. propellor (t.ie/FNBG/FGB/EID lián m.)(SB 33) ROTHCHÉASLA aige fosta rangsheomra fir. classroom (t.ie/FNBG/FGB seomra ranga)(TS 150) rannach b. jennet (EID capaillín Spáinneach)(I 18) réalta scoite meteor (t.ie dreige, meitéar; EID, FGB dreige f.)(IFDT 114) reithe réabtha battering ram (t.ie, FNBG, FGB, EID, reithe cogaidh)(BH 114) rinneog b. jagged point (IFDT 197) ríréim a. reign (FGB réimeas m.)(I 590) rísheol a. royal (sail) (BG 5) rothchéasla a. propellor (t.ie/FGB/EID lián m.)(E 261) rúnaire fir. secretary (FGB rúnaí m.)(TC 50)(LEID rúnaire) rothphunann a. sheave (FGB síobh m.) (BG 13) rún-nochtadh fir. revelation (FNBG tabhairt chun solais, foilsiú FNBG, FGB nochtadh m.)(BH 19) ruspa a. file (hand tool)(FGB líomhán m.)(I 10)

 

S

saigeár fir. cigar (t.ie/FNBG/EID/FGB todóg  f.)(DCA 190); TOITEÁN, TOITEOG fosta saighdiúir mara marine (FNBG muirshaighdiúir; FGB muirí aid. marine; saighdiúir cabhlaigh)(IFDT 39) samhladóir fir. photographer (FNBG/t.ie/FGB grianghrafadóir m.)(TS 275) GRIANDEALBHTHÓIR saorbhailte (Bhaile Átha Cliath) the Liberties (of Dublin)(TC 334)(TC 246) scáthbhrat a. canopy (FGB awning)(I 35) scilp a. target (FGB sprioc f.)(I 183)(I 321) teacht as áit ar do sheachnadh  to come from a place as a refugee (TC 514) sealbhaire fir. owner (FGB sealbhóir m., úinéir m.)(TC 503). SEALBHAÍ fosta. saor aimsire apprentice (t.ie, FNBG, FGB, EID,  printíseach m.)(BH 153) sárshiorradh fir. hurricane (t.ie hairicín fir. spéirling b.; FNBG/FGB hairicín, spéirling; EID spéirling f. stoirm ghaoithe)(SB 30) scarúinteoir fir. separatist (t.ie, FNGB, EID scarúnaí m.)(BH 99) scéal iomrá report (t.ie/FNBG/FGB/EID tuairisc f.; FNBG/EID tuarascáil fem3; )(BG 23)(LEID scéal puiblidhe) scian b. knife (iol. scianacha)(FNBG scian f., iol. sceana). (MO 158) sciathántarnocht aid. bare-armed(MD 8) sciobtha aid. dandy (EID gleoite, breá)(MD 8)  scrúitseol a. staysail (t.ie staghsheol fir1; EID seol stotha) (BG 13)/(BG 308) scuim fir. film (FGB scannán m.)(MD 98) seascbhean b. virgin (t.ie ógh, maighdean; FNBG maighdean, ógh; FGB maighdean f.) (TS 332) séideán sealáin cyclone (t.ie cioclón fir.; FNBG/FGB cioclón m, cuaranfa m.)(SB 30) séimhbhlasta aid. delicate (of wine)(FGB fíneálta, mín)(TC 103) seol féachála trysail (FGB seol gaoithe móire)(BG 341) seol mullaigh top-gallant sail (BG 13) seol rubaill spanker (t.ie spangaire fir4; FGB/EID seol eireabaill) (MD 138) seol seasta staysail (FGB seol stagh) SCRÚITSEOL fosta (BG 57) seol stuine stunsail (BG 84) seomra an chaidrimh drawing room (TC 515) seomra cuideachta id. (TC 101) seomra dearmaid oubliette (I 609) seomra na biotáilte bar (FGB beár m.)(TC 361) seomra ólacháin id. (TC 367) seomra na cóisireachta guest room (TC 442) seomra suíocháin sitting room (FGB seomra suí)(TC 289) seomra suain bedroom (FGB seomra leapa)(TS 13)/(TS 116) (TS 469) seomra na fanachta (an fhanachta) waiting-room (FGB seomra feithimh)(TS 86) siabharscáil b. mirage (t.ie/FGB meabhalscáil b.; FGB/EID mearú súl)(SB 154) sileán fir. channel (FGB trickle, drip)(IFDT 225)(LEID siltheán m.) siorrán fir. fan (for cooling)(t.ie/FGB fean m., gaothrán m.; FGB geolán) (TS 175) sítheadh fir. progress (FGB dul chun cinn)(TC 191) síthmhaor fir. civil policeman (FGB síothmhaor = peace officer)(TC 8)(LEID síothmhaor m.) siúlach aid. nostalgic (FGB cumhúil)(TC 560) slaidheas fir. slice (t.ie slisne fir., sceall fir. FNBG slisne m., píosa m., sceall m.; FGB slis f. sceall m.)(MO 161) slatóg b. sapling (FGB buinneán m.)(TC 402) sleaspholl fir. (sliospholl) porthole (t.ie, FGB, sliospholl; EID sleaspholl, sleasfhuinneog)(IFDT 73)(IFDT 190)(LFND 52) slíocaí aid. (FGB slíocach) elegant (of words)(MD 9) smachtaire fir. tyrant (FGB aintiarna m.)(I 139) smachtmhar aid. violent (FGB foréigneach)(I 470) smailleog b. jerk (MD 69). Bhuail tú smailleac cheart air. (CCTC 271) snaidhmeán fir. tie (éadach mná)(TS 35) sornán fir. stove (FGB sornóg  f.)(MD 104) sóúltas fir. (sóúlacht) dessert  (t.ie, FNBG, FGB, EID milseog  f.)(IFDT 60). DESSERT, ÉISDINNÉAR, agus IARBHÉILE fosta spangaire fir. spanker (sail) (BG 5)/(BG 133) spreagantach aid. provocative (t.ie/FGB gríosaitheach)(TS 185) sréanóg spéire strip of sky (E 91) sronna fir.  slime. (t.ie slam fir 1; FGB (s)ronna m., dribble, slobber, mucus/EID ramallae m., sláthach m., glae m.)(MD 118) stáiseán fir. station (t.ie/FNBG/FGB/EID stáisiún m.)(PF 46) suanán fir. berth (t.ie/FNBG leaba b.; FGB leaba loinge)(MD 7) suíóg b. sofa (t.ie leaba thoilg (sofa bed)); EID/FNBG tolg; FGB suíóg = seat in stern of a boat; tolg m.)(MO 165)

T

tábhacht fir. economics (t.ie/FNBG/FGB/EID eacnamaíocht f.)(TC 464) tairbheach aid. serious (t.ie/FNBG/FGB/EID tromchúiseach)(TC 433) taisleach a. liquor (t.ie ; FNBG/EID deoch mheisciúil)(I 53) taosadóir fir. pastry-cook (FNBG/EID cócaire taosráin)(TS 46) tarbhchomhrac a. bull-baiting (FGB tarbhghríosú m.)(I 108) tarrangtán fir. tug (t.ie/FGB tuga m./EID tug m.)(MD 137) an chéadtarrtháil  first aid (t.ie/FNBG/FGB/EID garchabhair f.)(PF 23) teach an fhothragaidh lavatory (FGB ionlann f.)(E 288) teach gloine greenhouse teach na mbláth (mbláthanna) greenhouse (FGB teach gloine) (TC 324) teach plandaí id. (TC 548) (teach m. gloine) BLÁTH-THEACH fosta tinteoir fir. fireman (stoker)(FBG stócálaí; EID fear m. tine)(MD 15)(MD 143) tobarchith fir. fountain (t.ie scairdeán (uisce), FGB fuarán m.)(BH 205) tochardán a. capstan (BG 274) tógálóir fir. lift (for sails)(IFDT 30) tonnfaoi b. subswell (BG 87) traschrann fir. yard (for a sail)(BG 26) toiteán fir. cigar (t.ie/FNBG/FGB/EID todóg  f.)(SB 133) SAIGEÁR, TOITEOG aige fosta trasniall a. ratline (t.ie/FGB/EID raitlín m.)(MD 71) tréanasach aid. ascetic (FGB diantréanach)(TC 151) tuireasc fir. saw (tool)(BG 347)(LEID tuiriosc) turasleabhar a. logbook (t.ie dialann loinge, táscleabhar)(BG 167)

U

ualach creacha (creiche) booty (FNBG/EID éadáil fem3, creach fem2; FGB creach f.; )(TC 502) uathphéist b. monster (t.ie/FGB ollphéist f.; FNBG arracht, ainbheithíoch, amhailt)(TC 21)/(TC 261). AINBHEATHACH fosta. úllúsc fir. cider (t.ie/FNBG/FGB ceirtlis f., leann m. úll)(I 43) umhalbhéasach aid. graceful (TC 6)

Leabhairliosta

Leabhair

Dinneen, P., (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla.  Baile Átha Cliath: Cumann na Scríbheann nGaedhilge.

Lane, T. O’Neill, (1904) Lane's English-Irish Dictionary.  Baile Átha Cliath: The Phoenix    Publishing Company Limited.

Mac Corraidh, S., (2004) Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir.  Baile Átha Cliath.

Mac Grianna, S., (1932) Teacht Fríd an tSeagal.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1933) Ben Hur.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1933) An Mairnéalach Dubh.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1934) An Páistín Fionn.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1935) Séideán Bruithne agus Amy Foster.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1935/1952) Muinntir an Oileáin.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1935) Teach an Chrochadóra.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1936) Imeachtaí Fhear Dheireadh Teaghlaigh.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Grianna, S., (1936) Díth Céille Almayer.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

MacGrianna, S., (1937) Ivanhoe.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

MacGrianna, S., (1953) Eadarbhaile.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

MacGrianna, S., (1955) Báthadh an Ghrosvenor.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Corráin, A., (1989) A Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamus Ó Grianna.  Béal Feirste: Institute of Irish Studies, The Queen’s University of Belfast.

Ó Dónaill, N., (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Uí Laighléis, G., (2003) Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge.  Baile Átha Cliath: Cois Life.

Uí Laighléis, G., (2017) Gallán an Ghúim.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ailt

Ó Ruairc, M., (1988) ‘Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir.’  Comhar, Eanáir: 30–4.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Mac Corraidh, S., (1990) Liosta Focal as Aistriúcháin Sheosaimh Mhic Grianna: Staidéar Comparáideach Idir a Chuid Aistriúchán agus Foclóir Gaeilge Béarla.  Miontráchtas neamhfhoilsithe MA in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.

Ó hEaráin, S., (1986) Liosta focal ó Niall Ó Dónaill.  Miontráchtas neamhfhoilsithe MA in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.