DOI: https://doi.org/10.13025/zc7x-jk74

Tionchar Choinbhéirseacht na Meán ar an Iriseoireacht Chraolta sa Ghaeilge

1. Réamhrá: Nuacht RTÉ/TG4

Tá an teorainn idir meáin chumarsáide thraidisiúnta agus meáin nua-aimseartha níos doiléire sa lá atá inniu ann ná riamh.  De thairbhe fhorbairtí teicneolaíochta agus cúlú eacnamaíochta go hidirnáisiúnta, tá tús áite á thabhairt do phróisis choinbhéirseachta.  Feictear comhnascadh, comhoibriú agus teacht le chéile idir meáin éagsúla agus idir baill foirne meán éagsúil.  Tá tionchar láidir ag an gcoinbhéirseacht seo ar ról agus ar shruth oibre laethúil an iriseora ghairmiúil.  Ar na saolta seo, den chuid is mó, is duine iloilte a sholáthraíonn seirbhís le haghaidh réimse feasachán, réimse eagraíochtaí agus réimse meán é an t-iriseoir craolta. Ní léir go fóill, áfach, na himpleachtaí ar fad a bheidh ag próisis na coinbhéirseachta ar obair an iriseora, ná go deimhin, ar thodhchaí na hiriseoireachta.  Breathnaítear san alt seo ar impleachtaí choinbhéirseacht na meán do shruth oibre laethúil agus do dhualgais an iriseora chraolta Ghaeilge.  Glactar Nuacht Gaeilge RTÉ/TG4 mar chás-staidéar.

Tá coinbhéirseacht theicneolaíoch, eacnamaíoch agus léirithe, chomh maith le hathruithe leanúnacha eile, ag teacht ar struchtúr seomraí nuachta agus ar mhodhanna oibre agus ar dhualgais na foirne nuachta.  In áit a bheith ag soláthar ábhair le haghaidh feasachán nuachta ar mheán amháin, táthar anois ag soláthar ábhair le haghaidh réimse leathan meán ag an am céanna.  Tá impleachtaí troma ag na forbairtí seo don bhainistiú a dhéantar ar sheomraí nuachta agus ar chleachtais oibre iriseoirí agus dá réir sin ar fhoirm agus ar chaighdeán na hiriseoireachta.  Dealraíonn sé gur próiseas éabhlóide seachas réabhlóide atá i gceist.  Gné lárnach d’obair an iriseora sa lá atá inniu ann, mar a luadh thuas, is ea gur gá dó/di a bheith iloilte.  Cad go díreach atá i gceist le hiriseoir iloilte?  Cad iad na hathruithe atá tagtha ar ról an iriseora nuachta chraolta Ghaeilge de bharr choinbhéirseacht na meán cumarsáide?  Tugtar léargas san alt seo ar thionchar na coinbhéirseachta ar iriseoirí nuachta Gaeilge RTÉ/TG4 agus ar struchtúr na heagraíochta a bhfuil siad ag obair di.

Is iad insintí rogha iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 príomhfhoinse eolais an ailt seo.  Tugann na hiriseoirí léargas ar a sruth oibre laethúil agus ar a bpríomhdhualgais.  D’iarr cuid de na hiriseoirí a ghlac páirt sa staidéar seo nach n-ainmneofaí iad.  Ar mhaithe lena bpríobháid a chosaint, i gcás gach duine de na hiriseoirí, baintear úsáid san alt seo as ainmneacha bréige.  Tarraingítear freisin ar agallaimh leathfhoirmeálta le ceannasaíocht Nuacht RTÉ/TG4 agus ar chomhráití neamhfhoirmeálta le teicneoirí na heagraíochta.  Maidir leis an bPríomheagarthóir Nuachta agus an Leas-Phríomheagarthóir Nuachta, bheadh sé dodhéanta a n-ainmneacha a cheilt agus, dá réir sin, baintear úsáid as a n-ainmneacha féin.  Chun insintí na n-iriseoirí a chur i gcomhthéacs, tugtar cuntas achomair thíos ar a bhfuil i gceist le coinbhéirseacht na meán.

1.1 Comhthéacs Teoiriciúil: Coinbhéirseacht na Meán

Cuireann an digitiú atá déanta ar chórais léirithe nuachta trí chéile agus forbairtí leanúnacha teicneolaíochta deireadh leis an deighilt a aithníodh go traidisiúnta idir próisis léirithe agus sheachadadh ábhar na meán cumarsáide éagsúil.   Ar an aimsir seo, is féidir le hiriseoirí ábhar físe, fuaime agus scríofa a roinnt agus a chur in oiriúint do mheáin éagsúla go héasca.  De thairbhe dúshláin agus féidearthachtaí ag éirí as na forbairtí seo, tá próisis choinbhéirseachta de chineálacha éagsúla curtha i bhfeidhm ag cuideachtaí cumarsáide ar fud an domhain.  Tá an choinbhéirseacht seo ag tarlú i gcomhthéacs mheathlú geilleagair, gearradh siar ar bhuiséid ranna nuachta agus titim san éileamh ar na meáin chlóite go hidirnáisiúnta.  Anuas air seo, tá easpa fáis ar lucht féachana teilifíse, tá fás ar líon na ndaoine ag brath ar an idirlíon mar fhoinse nuachta agus tá meáin nua ag teacht chun cinn go leanúnach (Deuze, 2004; Klinenberg, 2005).

I laethanta tosaigh na coinbhéirseachta bhí tuiscint theoranta ar a mbeadh i gceist le coinbhéirseacht na meán.  Dar le Pavlik is éard a bhí ann: ‘[the] coming together of all forms of mediated communications in an electronic, digital form, driven by computers’ (1996: 132).  De réir mar a thagann forbairtí teicneolaíochta nua chun cinn, forbairtí a thiomáineann modhanna oibre nua, léirítear tuiscintí níos leithne (Féach Blackman, 1998; Vallath, 2000; Pavlik, 2004).  Leagann Branston agus Stafford béim ar theacht le chéile tionscal a bhíodh roimhe seo neamhspleách óna chéile:

… the ‘coming together’ of previously separate industries (computing, printing, film, audio etc.) which increasingly use the same or related technology and skilled workers. A feature of the contemporary media environment, convergence is a product of mergers between companies in different sectors as well as an outcome of technological development (2003: 495).

Aithníonn Jenkins coinbhéirseacht ó thaobh soláthar seirbhíse ar lámh amháin agus glacadh seirbhíse ar an lámh eile (2006: 2).  Is léir ó na tuiscintí a dtagraítear dóibh anseo nach bhfuil aon sainmhíniú amháin ar an gcoinbhéirseacht ann.  Is constráid iltoiseach atá ann.  De réir mar a thagann agus mar a thiocfaidh athruithe teicneolaíochta, sóisialta, cultúrtha agus mar sin de ar na meáin chumarsáide, déantar, agus déanfar, leathnú ar na tuiscintí agus ar na comhthéacsanna atá i gceist.  I gcás an staidéir seo, féachfar go príomha ar an gcoinbhéirseacht theicneolaíoch a thug Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 le chéile agus ar na himpleachtaí atá ag an gcoinbhéirseacht seo ar ról an iriseora chraolta Ghaeilge chomhaimseartha.

1.2 Coinbhéirseacht idir Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4

Nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4, TnaG roimhe seo) i 1996, cuireadh tús le seirbhís nuachta TG4 faoi choimirce RTÉ.  De thairbhe phróiseas earcaíochta oscailte, ceapadh an t-iar-iriseoir agus eagarthóir le Nuacht RTÉ Michael Lally ina Phríomheagarthóir ar Nuacht TG4.  Seirbhís aistriúcháin, go príomha, a bhí i seirbhís Nuacht RTÉ go traidisiúnta (Reddington, 2016).  I gcodarsnacht leis seo, théadh iriseoirí Nuacht TG4 amach ar an mbóthar ag cuardach scéalta dá gcuid féin.  Faoi stiúir Lally, mar sin, léirigh Nuacht TG4 neamhspleáchas ó Nuacht RTÉ ó thaobh ábhair de agus ó thaobh sholáthar na seirbhíse de ón tús (Goan, 2016).  Cáineadh Nuacht TG4, áfach, as seirbhís réigiúnach seachas náisiúnta a chur ar fáil agus as a laghad scéalta a bhain le pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta a clúdaíodh (Mac Dubhghaill, 1998; Ó Muirí, 1998).  Ba í móraidhm Nuacht TG4 ag an am súil eile ar scéalta nuachta a thairiscint agus ar an dóigh sin a bheith éagsúil ón tseirbhís nuachta Ghaeilge a bhíodh á soláthar ag RTÉ ag an am.  De réir a chéile, áfach, láidríodh an ceangal idir Nuacht TG4 agus Nuacht RTÉ agus in 2001 rinneadh comhnascadh eatarthu.  Tháinig an bhuaicphointe in 2009 nuair a aistríodh seirbhís Nuacht RTÉ ó Dhomhnach Broc i mBaile Átha Cliath go dtí Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.  Nuacht RTÉ/TG4 a thugtar ar an tseirbhís nuachta Ghaeilge a sholáthraítear do RTÉ agus do TG4.

Cosúil le neart comhlachtaí meán cumarsáide eile ar fud na cruinne, bhí tionchar láidir ag an gcúlú eacnamaíochta ar chúinsí airgid RTÉ.  Tuairiscíonn Bord Airgeadais RTÉ go raibh ‘ísliú beagnach €130 milliún nó 29% tugtha i gcrích ag RTÉ ar an mbonn costais oibriúcháin bliantúil’ idir 2008 agus 2014 (Bord Raidió Teilifís Éireann 2014: 11).  Ba chuid de bheartas eacnamaíoch RTÉ é, mar sin, an comhnascadh idir Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 in 2009.  Cuireadh €3 milliún ar fáil chun stiúideo nua a thógáil i mBaile na hAbhann agus chun foireann theicniúil bhreise a fhostú agus a thraenáil (féach Bord Raidió Teilifís Éireann, 2014; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 2009; Fallon, 2009).  Sa lá atá inniu ann, soláthraítear an tseirbhís laethúil nuachta teilifíse i nGaeilge ar RTÉ agus ar TG4 araon, ó Cheanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann, Conamara (Bord Raidió Teilifís Éireann, 2014: 46).  Tá dualgas reachtúil ar Nuacht RTÉ/TG4 i leith na bhfeasachán nuachta teilifíse a sholáthraítear do TG4 (An tAcht Craolacháin, 2009: 127).  I mí Mheán Fómhair 2014 tharla dul chun cinn mór eile maidir le nuacht Ghaeilge in RTÉ.  Cuireadh seirbhís chuimsitheach nuachta réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta i nGaeilge ar fáil ar líne agus ar dheiseanna so-iompair den chéad uair (Bord Raidió Teilifís Éireann, 2014: 8).  Is ar iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4, le tacaíocht ó iriseoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thiteann sé ábhar a sholáthar do na seirbhísí seo (Reddington, 2016).  Anuas ar ábhar a sholáthar d’fheasacháin nuachta TG4, mar sin, anois soláthraíonn iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 ábhar nuachta – i nGaeilge go príomha, ach i mBéarla corruair freisin – do sheirbhís teilifíse agus raidió Nuacht RTÉ, do RTÉ News, do RTÉ NewsNow, an cainéal agus an aip, agus do shuíomhanna gréasáin RTÉ agus TG4.[1]  Is don tseirbhís Nuacht RTÉ/TG4 atá na hiriseoirí ar fad a ghlac páirt sa staidéar seo ag soláthar.  Ní beag na himpleachtaí atá ag an gcoinbhéirseacht idir Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 atá tarlaithe le blianta beaga anuas do ról agus do chúraimí an iriseora chraolta Ghaeilge, agus dá réir sin, do thodhchaí na hiriseoireachta Gaeilge trí chéile.  D’fhonn na himpleachtaí seo a fhiosrú agus léargas a fháil ar na hathruithe i dtéarmaí ról an iriseora, féachfar thíos ar ról iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 ar na saolta seo.  Ar dtús, ar mhaithe le comparáid agus comhthéacs a thabhairt, féachfar go hachomair ar ról iriseoirí Nuacht TG4 nuair a bunaíodh an tseirbhís ar dtús i 1996.

1.3 Iriseoirí Nuacht TG4

Ar dhuine de na chéad iriseoirí a chuaigh ag obair le Nuacht TG4 i 1996 tá Tammy Ní Laoire. In 2000, tar éis di ceithre bliana a chaitheamh sa phost, seo mar a chuir sí síos ar obair an iriseora le Nuacht TG4:

[As a broadcast journalist] you get to do everything… We cover elections, political stuff, job losses, job announcements, murders, any local issues that are bothering people… It is so varied – you just do everything, which is good…the variety makes it more interesting. …It’s great for the adrenalin when something real, something human is happening on the day (luaite in Byrne, 2000).

Is léir óna cuntas gur thaitin an tsaoirse agus an fhreagracht a bhain le tuairiscí nuachta a réiteach léi féin le Ní Laoire:

We are lucky, we can actually edit ourselves. We work with the cameraman or you do the whole thing yourself. You edit, script, completely control your own [news] package. It’s a multi-skilled job in that respect. You have to be a journalist, an editor, a producer and a presenter (luaite in Byrne, 2000).

Tugann Ní Laoire cuntas freisin ar shruth oibre laethúil an iriseora.  Cé go bhfuil sé beagáinín fada is fiú é a thabhairt anseo ina iomláine ar mhaithe le bheith in ann comparáid a dhéanamh idir é agus na cuntais a thugann na hiriseoirí a ghlac páirt sa staidéar seo:

Her working day usually starts at 9:30a.m. when she drives to the station about 20 miles outside Galway city. But 7:30 a.m. is the real start, she explains. Once the radio is turned on she’s listening to Morning Ireland. Then she listens to all the local programmes from stations in the Galway area to get a sense of what’s happening.

When she arrives at Baile na hAbhann “I meet my programme editor of the day and I head off with a camera crew. I make my calls on the go. We have such a wide area to cover. Getting from A to B you need to work on the way. I have the interview set up when I arrive at the location.” …Her day usually finishes around 7p.m. (luaite in Byrne, 2000).

Mar mhíniú ar an bhfáth nach mbeadh na cúinsí oibre agus an tuarastal céanna á bhfáil ag na hiriseoirí nua agus a bhíodh ag iriseoirí RTÉ go dtí sin, tugann Lally léargas breise dúinn ar shruth oibre an iriseora a bheadh ag obair ar Nuacht TG4:

[Ní bheidh] an brú céanna oibre ar [iriseoirí] TnaG: is minic go mbíonn ar lucht RTÉ tuairiscí sholáthar ó Morning Ireland ar maidin go dtí an tuairisc dhéanach nuachta ar Network 2 san oíche, ach ní bheidh ar lucht TnaG ach tuairisc amháin a réiteach (luaite in Mac Dubhghaill, 1996: 13).

Is léir ó chuntas Ní Laoire agus ó chuntas Lally go raibh ról an iriseora chraolta, agus na scileanna a bheadh ag teastáil ón iriseoir craolta chun feidhmiú go héifeachtach, cheana féin ag athrú i 1996.  Chun léargas a thabhairt ar na tuiscintí atá ag na hiriseoirí a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do Nuacht RTÉ/TG4 sa lá atá inniu ann, díreofar thíos ar chuntais a thugann na hiriseoirí féin.  D’fhonn tuiscint agus léargas níos iomláine a fháil ar na cuntais seo, agus ar athruithe struchtúir agus ar fhorbairtí teicneolaíochta a d’imir agus a imríonn tionchar ar shruth oibre laethúil na n-iriseoirí, tarraingeofar freisin ar agallaimh neamhfhoirmeálta le heagarthóirí, comhordaitheoirí, stiúrthóirí agus teicneoirí a bhfuil ról lárnach acu i soláthar Nuacht TG4.

2.  Torthaí Taighde: Cuntais na nIriseoirí

Is féidir na ceisteanna a cuireadh ar na hiriseoirí a roinnt ina dtrí chuid.  Cuireadh sraith cheisteanna ar dtús i dtaobh shruth oibre agus dhualgais laethúla an iriseora agus i dtaobh na scileanna a bheadh ag teastáil chun an obair sin a chur i gcrích.  Ansin, iarradh ar iriseoirí léargas a thabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus machnamh a dhéanamh ar an tionchar a d’imir na forbairtí sin orthu agus iad ag cur seirbhís nuachta ar fáil do Nuacht RTÉ/TG4.  Ar deireadh, iarradh ar na hiriseoirí a dtuairimí i dtaobh thodhchaí iriseoireacht chraolta na Gaeilge agus thodhchaí Nuacht TG4 go sonrach a thabhairt.  I bhfianaise léargas McLafferty (2003) i dtaobh úsáid ceistneoirí, aithnítear go bhféadfadh sé go raibh tionchar ag struchtúr na gceisteanna a cuireadh ar fhreagraí na rannpháirtithe.  Aithnítear freisin go mbíonn teorainn uaireanta le doimhneacht agus nuálach na bhfreagraí a faightear ar cheistneoirí (féach McLafferty, 2003: 87-100).  Ach, is cur chuige solúbtha é a chuidíonn leis an taighdeoir léargas a fháil ar threochtaí sóisialta agus ceadaíonn sé dó/di eolas i dtaobh tuairimí, iompair agus seasamh rannpháirtithe a bhailiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costas de.  Ceal spáis agus ar mhaithe le léargas chomh hiomlán agus is féidir a fháil ar thionchar choinbhéirseacht Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 ar iriseoirí nuachta craolta Gaeilge, díreofar anseo ar shruth oibre laethúil agus ar dhualgais na n-iriseoirí.  Déanfar ceisteanna i dtaobh na húsáide a bhaineann iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 as na meáin shóisialta a phlé amach anseo.

2.1 Sruth Oibre Laethúil agus Dualgais Iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4

Cé gur tuairiscíodh éagsúlachtaí ó thaobh dualgas de ag brath ar an áit ina raibh an t-iriseoir lonnaithe agus ar an scéal a bhí le clúdach, aithnítear go leanann na hiriseoirí a ghlac páirt sa staidéar seo an sruth oibre laethúil céanna, a mhórán nó a bheagán, ach amháin go mbíonn láithreoir nuachta an lae ag plé go hiondúil le mórscéalta idirnáisiúnta.  Na hiriseoirí eile, is ar scéalta náisiúnta agus áitiúla is mó a bhíonn a n-aird, is é sin, mura mbriseann scéal mór idirnáisiúnta a chaithfear a chlúdach (Ó hÓgáin, 2016).

Ó insintí na n-iriseoirí á ghlac páirt sa staidéar seo, mar a mbeifí ag súil leis, tosaíonn lá oibre an iriseora a luaithe is a éiríonn sé/sí ar maidin agus a thosaíonn sé/sí ag éisteacht le agus ag léamh scéalta atá i mbéal an phobail an lá sin.  Tagann deireadh le mórspriocanna an lae le craoladh fheasachán nuachta TG4 ar 7i.n.  Ach, bítear ag coinneáil súil ar scéalta móra an lae, agus ar scéalta nua atá ag briseadh, go dtí go dtéitear a luí istoíche.  Tugann Ní Chnáimhsigh achoimre mhaith ar an obair a bhíonn á déanamh acu i rith an ama sin:

Gach lá bíonn scéal le aimsiú, taighde le déanamh, pictiúirípictiúir le taifead, cainteoirí Gaeilge le n-aimsiú agus ansin bíonn eagarthóireacht le déanamh ar an bpacáiste (2016).

Míníonn na hiriseoirí go dtosaíonn siad obair an lae ag bailiú eolais i dtaobh na scéalta atá cheana féin i mbéal an phobail an mhaidin sin.  Bíonn cluas ghéar éisteachta ag na hiriseoirí le haghaidh scéalta nua nó eolas nua atá á sceitheadh i dtaobh scéalta a rabhthas ag tuairisciú orthu roimhe seo.  Tuairiscíonn na hiriseoirí go mbaineann siad úsáid as na meáin thraidisiúnta chun an obair seo a dhéanamh.  ‘Is é an chéad rud a dhéanaim ar mo ghnáth lá oibre, an raidió a chur ar siúl agus na nuachtáin a léamh sula bhfágaim an teach,’ a deir Ní Choileáin (2016).  Luann Nic an Éamhaigh dhá fhoinse eolais ar leith a mbaineann sí féin úsáid astu go rialta, mar atá, Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 agus Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (2016).

Ina dhiaidh seo, bíonn ‘scéal le haimsiú’ agus taighde le déanamh air (Ní Chnáimhsigh, 2016).  D’fhéadfadh iriseoir, dar le Ní Ghlaisne, a bheith ag plé le scéal atá molta aige/aici féin nó le scéal atá molta ag clár-eagarthóir nuachta an lae (2016).  Sa dá chás, is í an chéad chéim eile, an scéal ‘a phlé’ leis an gclár-eagarthóir.  Is minic, dar leis na hiriseoirí, a théitear i gcomhairle, ní amháin leis an gcláreagarthóir, ach leis an gceamaradóir a bheidh ag obair ar an scéal leo freisin.  Seo tuairisc ó Ní Choileáin:

Labhraím leis an chlár-eagarthóir ar dtús ar maidin le mo scéal a phlé. Nuair atá an scéal pléite againn, téim i gcomhairle leis an cheamradóirgceamaradóir faoin dóigh is fearr agus is físiúlafisicúla le tabhairt faoin scealscéal. Déanaim taighde, aimsím cainteoirí agus ansin téim féin agus an ceamradóirceamaradóir amach leis an scéal a thaifeadadh (2016).

Nuair a bhíonn an taighde déanta, an t-eolas bailithe, an script scríofa, na hagallaimh taifeadta agus píosa chuig ceamara déanta ag an iriseoir, bíonn an t-ábhar ar fad le chur le chéile i bhfoirm ‘pacáiste’ nó tuairisc nuachta (Ní Ghlaisne, 2016; Ní Shíocháin, 2016; Nic Andáin, 2016).  Míníonn Ní Ghlaisne, mar shampla, go mbíonn sí ‘ag suí leis an gceamaradóir faid is a bhímid araon gafa leis an eagarthóireacht’ (2016).  Ina cás siúd, deir Ní Ghlaisne go ndéanann sí féin an eagarthóireacht ‘ó am go chéile’ ach ‘de ghnáth bím ag obair le ceamaradóir’ (2016).  I gcás Nic Andáin, deir sí go ndéanann sí a cuid eagarthóireachta féin ‘nuair a bhíonn an ceamaradóir ag obair le hiriseoir eile i mo dhiaidh’ (2016). I gcás na n-iriseoirí eile, tuairiscíonn siad go ndéanann siad a gcuid eagarthóireachta féin i gcónaí, nó den chuid is mó, ach ó am go chéile go ndéanann an ceamaradóir an obair seo.  Le linn dóibh an obair seo ar fad a dhéanamh, meabhraíonn Ní Shíocháin dúinn an tábhacht a bhaineann le ‘súil a choimeád ar an méid atá ag titim amach’ i dtaca leis an scéal atá á chlúdach ag an iriseoir.  ‘Is féidir,’ a deir sí, ‘rudaí a chailliúint, áfach, nuair atánn tú ag rith timpeall ag bailiú agallamh, ag freastal ar phreasócáidí nó ag eagarthóireacht!’ (2016).

Anuas ar na preasócáidí a mbítear ag freastal orthu agus spriocamanna eile a socraítear i rith an lae, le hagallaithe agus le hurlabhraithe, cuir i gcás, bíonn tionchar freisin, dár ndóigh, ag am craolta na bhfeasachán a mbítear ag soláthar dóibh.[2]  Míníonn Ní Shíocháin, mar shampla, go ndéanann sí iarracht aon ‘p[h]íosa raidió’ a bhíonn á lorg don fheasachán ar RTÉ Raidió 1 ar 12:30 ‘a chur [di] sara dtuga[nn sí] aghaidh ar chúrsaí teilifíse’ (2016).  Maidir leis na tuairiscí teilifíse, bíonn mír isteach – an réamhrá a léann an láithreoir nuachta roimh gach tuairisc le linn an fheasacháin – le scríobh agus le cur ar fáil don fhoireann léiriúcháin nuachta roimh 16:00i.n. Bíonn an tuairisc féin le cur ar fáil ‘a luaithe a bhíonn sí réidh,’ ach, ar a 18:00 ar a dheireanaí (Nic Lochlainn, 2016).  I gcás Nuacht TG4 is é an feasachán nuachta ar 7i.n. ‘mórsheirbhís an lae’ agus an ceann is mó a mbíonn iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 dírithe air  (Reddington, 2016).

Cé gur ar fheasachán TG4 ag 7i.n. is mó a bhíonn aird iriseoirí físe Nuacht RTÉ/TG4 freisin, bíonn sruth oibre laethúil beagáinín éagsúil acu.  Ní ar scéalta móra an lae a bhíonn siad ag obair go hiondúil, ach ar ghné-thuairiscí.  Dá réir sin, bíonn níos mó ama acu a gcuid pacáistí a réiteach (Ní Chnáimhsigh, 2016). Tugann de Róiste cuntas ar obair an iriseora físe:

Tá obair go leor déanta agam freisin mar iriseoir físe, is é sin, mé i mo chadhain aonair mar fhear ceamra/fuaime, mar iriseoir agus mar eagarthóir físe ag bailiú ábhar físe agus agallamh, á chur le chéile agus á phacáistiú don teilifís.  Is mar seo a chlúdaigh mé na Cluichí Olimpeacha in 2008 i mBeijing agus i Londain in 2012 (2016).

Tuairiscíonn na hiriseoirí físe a ghlac páirt sa staidéar seo go dtaitníonn an modh oibre seo leo toisc go dtugann sé saoirse agus solúbthacht dóibh.  Ní bhíonn orthu brath ar cheamaradóir a bheith ar fáil agus bíonn smacht iomlán acu féin ar shruth oibre an lae (Nic Lochlainn, 2016).

Bíodh is go mbíonn iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 ag soláthar ábhair le haghaidh réimse leathan feasachán, idir theilifís, raidió agus na meáin shóisialta, tugtar tús áite i gcónaí d’fheasachán Nuacht TG4.  Míníonn Reddington: ‘[go bhfuil] an teilifís fós ag tiomáint roinnt na n-acmhainní agus is í an teilifís a stiúrann leagan amach an lá oibre freisin’.  Deir sé go bhfuil sé an-deacair imeacht ‘ó nós na spriocamanta’ le haghaidh na gclár teilifíse ‘agus is air sin a bhíonn [iriseoirí] ag cuimhneamh’ (2016).  Má chuimhnímid siar ar thuairisc Ní Laoire (féach 1.3 thuas), toisc go bhfuil an bhéim go fóill ar ábhar a sholáthar don fheasachán nuachta teilifíse, d’fhéadfá a shamhlú gur beag an t-athrú atá tagtha ar shruth oibre laethúil an iriseora.  Tá mórdhifríocht amháin ann, áfach, a aithníonn na hiriseoirí atá ag cur seirbhís ar fáil do Nuacht TG4 ó bunaíodh Teilifís na Gaeilge i 1996 agus is é sin teacht an idirlín.  San áit a mbíodh réimse gléasanna ag teastáil ón iriseoir chun agallaimh a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh agus tuairisc a chur ar fáil don fhoireann léiriúchán nuachta, is féidir an obair seo ar fad a dhéanamh ar aon ghléas amháin inniu (de Róiste, 2016).  Tá iriseoirí aonaracha cheana féin ag tapú an deis eagarthóireacht a dhéanamh ar an láthair nuachta, agallaimh bheo a dhéanamh ón láthair agus ábhar a sheachadadh ón láthair.  Athrú mór eile a bhfuil tionchar láidir aige ar shruth oibre laethúil an iriseora is ea teacht na meán sóisialta.  Tugann na rannpháirtithe sa staidéar seo le fios go mbaineann siad úsáid as na meáin shóisialta, Facebook agus Twitter go príomha, ar bhonn laethúil agus gur gné lárnach dá sruth oibre laethúil anois iad.  Ceal spáis, ní féidir na himpleachtaí atá ag na meáin shóisialta d’obair agus do dhualgais an iriseora a phlé anseo ach déanfar é sin amach anseo.

3. Conclúidí: Iriseoirí Ildánacha ach Easpa Cinnteachta

Tá léirithe sa pháipéar seo go bhfuil tionchar láidir ag coinbhéirseacht Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 ar shruth oibre laethúil iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4.  Go fóill tá feasachán laethúil Nuacht TG4 ag 7i.n. ina chuid sheasta de chlársceideal TG4 agus tá roinnt acmhainní Nuacht RTÉ/TG4 fós á tiomáint ag soláthar an fheasacháin teilifíse seo.  Ag éirí as an gcoinbhéirseacht idir Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4, agus as seirbhísí agus ardáin nuachta breise atá tagtha chun cinn, áfach, tá ról níos leithne agus dualgais bhreise ar na hiriseoirí a ghlac páirt sa staidéar seo.  Nochtadh gur daoine ildánacha iloilte iad a sholáthraíonn ábhar le haghaidh réimse leathan feasachán ar réimse ardán.

Dealraítear go mbraitheann an luas ag a dtéann iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 i ngleic le forbairtí teicneolaíochta cuid mhór ar an spéis phearsanta atá acu inti, seachas straitéis struchtúrtha shonrach ar leith a bheith leagtha amach ag Nuacht RTÉ/TG4.  Cé go dtugann an cur chuige seo saoirse d’iriseoirí a scileanna a fhorbairt ag luas a oireann dóibh féin, cruthaíonn sé easpa cinnteachta agus easpa misnigh i dtaobh thodhchaí iriseoireacht chraolta na Gaeilge.  In áit a bheith ag réiteach dó agus ag teacht roimh athruithe teicneolaíochta atá ag tarlú anois go leanúnach, tá Nuacht RTÉ/TG4 ag dul i ngleic leo ar bhonn ad hoc de réir mar a thiteann siad amach.

Is í an mhian is láidre a léiríonn na hiriseoirí seo i dtaobh thodhchaí iriseoireacht chraolta na Gaeilge, go dtabharfaí an deis dóibh agus an tacaíocht atá ag teastáil chun leanúint orthu ag freastal ar phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta.  Tá siad ar aon ghuth go bhfuiltear ag iarraidh seirbhís nuachta i nGaeilge a chur ar fáil ar na hardáin is déanaí agus ar an gcaighdeán is airde.

 

 


[1]Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí i dtaobh sholáthar na seirbhíse seo féach Tuarascáil Bhliantúil RTÉ 2014 agus sceidil laethúla RTÉ agus TG4.

[2]Faoi láthair cuireann iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 tuairiscí nuachta ar fáil le haghaidh Nuacht TG4, Nuacht RTÉ – feasacháin raidió agus teilifíse – agus le haghaidh NewsNow. Cuireann siad ábhar ar fáil freisin a fhoilsítear ar leathanaigh ghréasáin TG4 agus RTÉ agus ar an táb Gaeilge den aip NewsNow (Ní Shíocháin, R. (2016), Ceistneoir.)

 

Leabhairliosta

Leabhair

Branston, G. & Stafford, R., (2003) The Media Student’s Book (3ú eag.) Londain & Nua-Eabhrac: Routledge.

Jenkins, H., (2006) Convergence Culture: where old and new media collide.  Nua-Eabhrac & Londain: New York University Press.

Pavlik, J.V. (1996) New media technology and the information superhighway.  Bostún: Allyn & Bacon.

Ailt

Blackman, C.R., (1998) ‘Convergence between telecommunications and other media: How should regulation adapt?’ Telecommunications Policy, 22 3; 163-70.

Byrne, A., (2000) ‘Covering stories from the tragic to the bizarre’. The Irish Times, 10 Deireadh Fómhair.

Deuze, M. (2005) ‘What Is Journalism? Professional Identity and Ideology of Journalists Reconsidered.’  Journalism. Theory, Practice and Criticism 6 4 442-64.

Foley, M., (1996) ‘Industrial action by journalists could disrupt start of TnaG. The Irish Times.

Klinenberg, E. (2005), ‘Convergence: News Production in a Digital Age.’ The Annals of the American Academy of Political and Social Science 597 1, 48-64.

Mac Dubhghaill, U., (1996) ‘Nuacht TnaG ar bhruach na haille? The NUJ fears TnaG will be used as a “Trojan horse” for new arrangements in RTÉ’, The Irish Times, 28 Lúnasa.

Mac Dubhghaill, U., (1998) ‘What price success for Teilifís na Gaeilge?’, The Irish Times, 18 Feabhra.

McLafferty, S.L., (2003) ‘Conducting Questionnaire Surveys’, Clifford N., French, S. & Valentine, G. (eag.) Key Methods in Geography. Londain: Sage, 87-100.

Ó Muirí, Pól., (1998) ‘Nuacht Theilifís na Gaeilge – Zzzzzzzzzzzzzzzzzzz’, The Irish Times, 8 Aibreán.

Pavlik, J.V. (2004), ‘A sea-change in journalism: Convergence, journalists, their audiences and sources’, Convergence, 10 4,  21-9.

Vallath, C., (2000) ‘The Technologies of Convergence’, Hukill, M. Ono, R & Vallath, C. (eag.) Electronic Communication Convergence: policy challenges in Asia. New Delhi: Sage, 33-47.

Achtanna Rialtais

An tAcht Craolacháin, 2009.

Agallaimh

Reddington, J. (2016) ‘Agallamh leathstruchtúrtha: Nuacht RTÉ/TG4’, Ceannáras TG4: Baile na hAbhann Gaillimh.

Ceistneoirí

de Róiste, I., (2016).

Ní Chnáimhsigh, G., (2016).

Ní Choileáin, C., (2016).

Ní Ghlaisne, C., (2016).

Ní Shíocháin, R., (2016).

Nic an Éamhaigh, C., (2016).

Nic Andáin, L., (2016).

Nic Lochlainn, C., (2016).

Ó hÓgáin, M., (2016).

Comhfhreagras

Goan, C., (2016) ‘Bunú sheirbhís nuachta TnaG’.  Comhfhreagras pearsanta.

Foinsí Leictreonacha

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ‘Here’s the news RTÉ’s Nuacht goes west’. Ar fáil ag: www.gaelport.com. (Léite 1 Márta 2016.)

Fallon, J., (2009) ‘Here’s the news RTE’s Nuacht shifts base to west coast’, Independent.ie, 13 Iúil. (Léite 1 Márta 2016.)

Tuarascálacha

Bord Raidió Teilifís Éireann (2014) Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais an Ghrúpa 2014. Baile Átha Cliath: RTÉ.