DOI: https://doi.org/10.13025/39sh-b889

An Tumoideachas Tríú Leibhéal agus an Ollscolaíocht trí Ghaeilge: Eispéireas Foghlama na Mac Léinn

Le Fiona Ní Chualáin

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

1 Réamhrá agus Cúlra an Taighde

Tá borradh tagtha faoin éileamh maidir le hoideachas bunleibhéil agus dara leibhéal trí mheán na Gaeilge in Éirinn le 40 bliain anuas.  Léiríonn an fhorbairt a tháinig ar líon na ngaelscoileanna an t-éileamh seo (Gaelscoileanna, 2013).  Tá an-chuid taighde déanta ar chóras an tumoideachais, .i. múineadh tríd an dara teanga (T2), i gCeanada ó na seascaidí i leith a léiríonn gur múnla oideachais an-éifeachtach é ó thaobh shealbhú agus fhorbairt an dara teanga (Cummins, 1998; Swain agus Lapkin, 1986; Swain, 1996), go háirithe ó thaobh fhorbairt na scileanna gabhchumais (tuiscint agus léamh).  Is le blianta beaga anuas atá ardú beag tagtha ar an méid taighde atá á dhéanamh ar an gcóras tumoideachais in Éirinn.  Díríonn taighde Hickey (1997), Ó Muircheartaigh & Hickey (2008), Harris et. al. (2006), Walsh (2007) agus Ó Duibhir (2009), mar shampla, ar an gcóras Gaelscolaíochta ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal. 

In ainneoin an bhorrtha atá tagtha faoin oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal níor tháinig an fhorbairt chéanna ar sholáthar cúrsaí trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal.  Cé go raibh ról suntasach ag an nGaeilge mar mheán teagaisc in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh léiríonn Bohan (2009) gur tháinig meath ar an teagasc trí mheán na Gaeilge san ollscoil idir na blianta 1929 agus 2006.  Deir Ó Cinnéide nuair a rinneadh infheistíocht mhór san oideachas tríú leibhéal sa tír seo, nach léir dó “gur deineadh forbairt ar chúrsaí trí Ghaeilge ar an scála céanna” (2004: 52).  Creideann Ó Cinnéide go ndearnadh faillí mhór i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair nár freastalaíodh ar riachtanais na bpobal sin oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a sholáthar dóibh.

Níl aon taighde déanta ar an tumoideachas tríú leibhéal in Éirinn ná ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge mar mhúnla foghlama go fóill agus is beag taighde atá déanta ar an ábhar seo go hidirnáisiúnta ach oiread.  Léireoidh an páipéar seo peirspictíocht agus taithí na mac léinn ar an tumoideachas tríú leibhéal.  Scrúdaíonn formhór an taighde ar an tumoideachas cumas na bhfoghlaimeoirí sa dara teanga, ach mar a deir de Courcy (2002: 3) ‘we still know little about students’ immersion learning processes and experience’.  Tabharfaidh an páipéar seo léargas dúinn ar eispéireas agus riachtanais foghlama na mac léinn, ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge agus ar an tumoideachas tríú leibhéal.  Déanfar cíoradh agus scagadh ar eispéireas foghlama na mac léinn a bhí ag tabhairt faoin gcéim sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2012.

2 An Mhodheolaíocht

Rinneadh an taighde seo i measc grúpa mac léinn a bhí ag tabhairt faoin gcéim sa Chumarsáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain acadúil 2011-12.  Reáchtáiltear an cúrsa céime ceithre bliana seo go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge in ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.  Cuireadh tús leis an gcéim sa Chumarsáid in 2006 agus 14 mac léinn ag gabháil don chúrsa agus in 2012 bhí 66 mac léinn cláraithe ar an gcúrsa.  Ghlac mic léinn a bhí sa chéad, sa dara agus sa cheathrú bliain den chéim páirt sa taighde seo.  Cinneadh nach dtabharfaí mic léinn an tríú bliain san áireamh de bharr iad a bheith ar shocrúchán oibre.

Úsáideadh ceistneoirí agus agallaimh aonair chun sonraí an taighde a bhailiú.  Cinneadh úsáid a bhaint as ceistneoirí mar uirlis taighde chun réamheolas agus léargas a fháil ar na réimsí seo a leanas: cúlra baile; cumas (féinmheasta) sa Ghaeilge; cúlra oideachais; agus oideachas tríú leibhéal na mac léinn.  Socraíodh an fhaisnéis seo a bhailiú sular roghnaíodh na mic léinn a chuirfí faoi agallamh.  Is cur chuige úsáideach agus éifeachtach atá sna ceistneoirí chun réamheolas a bhailiú ar na rannpháirtithe agus a gcuid tuairimí a chíoradh ar ábhar an taighde sula ndéanfaí tuilleadh iniúchta agus dian-staidéar ar an ábhar níos deireanaí.  Scaipeadh 34 ceistneoir agus fuarthas 34 ceistneoir ar ais.  Níor cuireadh ceistneoir amháin san áireamh de bharr nár freagraíodh formhór na gceisteanna.  Fágann sé sin gur bailíodh 33 ceistneoir bailí agus gur ghlac 63% de mhic léinn na chéad bhliana, an dara agus an cheathrú bliain den chéim sa Chumarsáid páirt sa taighde. (Féach Tábla 2.1 thíos) 

Molann Denscombe (2010: 173) úsáid a bhaint as agallaimh má tá mionléargas ag teastáil maidir le tuairimí, mothúcháin, taithí agus eispéireas na rannpháirtithe.  Cuireadh agallamh aonair ar naonúr mac léinn.  Cuireadh agallamh ar thriúr mac léinn ón gcéad, ón dara agus ón gceathrú bliain. (Féach Tábla 2.1)

Bliain

Líon na mac léinn a bhí cláraithe ar an BA sa Chumarsáid 2011-2012

Líon na gceistneoirí bailí

Líon na mac léinn a cuireadh faoi agallamh aonair

Bliain 1

17

12                           

3

Bliain 2

19

11

3

Bliain 3

14

0

0

Bliain 4

16

10

3

Iomlán

52/66

33 (63%)

9 (17%)

TÁBLA 2.1:   LÍON NA MAC LÉINN CLÁRAITHE AR AN gCÉIM SA CHUMARSÁID AGUS LÍON NA gCEISTNEOIRÍ BAILÍ

 

3.0 Torthaí an Taighde

Déanfar plé comhtháite ar thorthaí an cheistneora agus ar thorthaí na n-agallamh anseo. Déanfar scagadh agus cíoradh ar eispéireas foghlama na mac léinn de réir na dtéamaí seo a leanas: próifíliú na mac léinn; caidreamh na mac léinn le mic léinn eile an chúrsa; dúshláin teanga na mac léinn; sealbhú teanga agus sainábhair an chúrsa; ról na dteagascóirí; agus ionad agus suíomh an chúrsa.

3.1 Próifíliú na Mac Léinn

Léirigh torthaí an cheistneora go meallann an chéim sa Chumarsáid mic léinn éagsúla ar fud na hÉireann.  Cláraíonn idir mhic léinn Ghaeltachta arb í an Ghaeilge a gcéad teanga (T1) agus mhic léinn Ghalltachta arb í an Ghaeilge a ndara teanga (T2) ar an gcúrsa agus is líonmhaire mic léinn T2 (73%) (léaráid 3.1).

LÉARÁID 3.1: ÁIT DÚCHAIS NA MAC LÉINN (n=33)

Léiríonn cúlra oideachais na mac léinn go bhfuil trí ghrúpa shainiúla mac léinn ag freastal ar an gcéim sa Chumarsáid .i. mic léinn a d’fhreastail ar scoileanna Gaeltachta; mic léinn a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge; agus mic léinn a d’fhreastail ar scoileanna Béarla.  Fuair os cionn leath (52%) de mhic léinn an chúrsa a n-oideachas iar-bhunscoile i scoileanna Béarla ach d’fhreastail 42% de na mic léinn sin ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. (Féach Léaráid 3.2)

LÉARÁID 3.2: CÚLRA OIDEACHAIS BUNSCOILE AGUS IAR-BHUNSCOILE NA MAC LÉINN

Ba é seo an chéad uair ag 30% de mhic léinn an chúrsa tabhairt faoina gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, trí mheán an dara teanga.  Cé nár fiosraíodh an teanga teagaisc sna hiar-bhunscoileanna Gaeltachta léiríonn taighde Mhic Dhonnacha et al. (2005) agus taighde Uí Ghiollagáin et al. (2007) an meascán teanga a bhíonn le sonrú i ranganna na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta fiú sna ceantair láidre Ghaeltachta.  Léiríonn na torthaí seo na dúshláin a bhíonn roimh theagascóirí an chúrsa agus iad ag iarraidh dul i ngleic le riachtanais teanga trí ghrúpa shainiúla mac léinn.

3.2.1 Cumas Teanga na Mac Léinn

Léiríonn torthaí an taighde go raibh cumas maith Gaeilge ag 70% de na mic léinn sular thosaigh siad ar an gcúrsa.  Ní mór a thabhairt san áireamh anseo gur cuntas féinmheasta suibiachtúil na mac léinn atá i gceist.  Shealbhaigh mic léinn T1 an Ghaeilge sa bhaile agus shealbhaigh na mic léinn T2 an Ghaeilge ón mbunscoil, ón iar-bhunscoil agus ón tréimhse a chaith siad i gcoláiste Gaeilge le linn an tsamhraidh.  Dearbhaíonn na torthaí seo go bhfuil ról lárnach ag an gcóras oideachais maidir le sealbhú na Gaeilge.

Léirigh beagnach leath de na mic léinn gur tháinig feabhas ar a gcuid Gaeilge ó thosaigh siad ar an gcúrsa agus is cainteoirí líofa Gaeilge nó cainteoirí maithe Gaeilge tromlach na mac léinn (97%) anois. (Féach Tábla 3.1 thíos)

Conas a chuirfeá
síos ar do chumas
mar chainteoir Gaeilge?

(Roghnaigh freagra amháin)

Cainteoir líofa
Gaeilge (leibhéal an
chainteora dúchais)

Cainteoir
maith
Gaeilge

Tá Gaeilge
mheasartha
agam

Níl agam ach
beagán Gaeilge

Sular tosaíodh ar an gcúrsa (n=33)

7

(21%)

16

(49%)

9

(27%)

1

(3%)

Anois (n=33)

14

(42%)

18

(55%)

1

(3%)

0

TÁBLA 3.1:   CUMAS GAEILGE NA MAC LÉINN ROIMH AN gCÚRSA AGUS ANOIS (n=33)

 

Iarradh ar na mic léinn tuairisciú a dhéanamh ar na cúiseanna dar leo féin gur tháinig feabhas ar a gcumas sa Ghaeilge ó thosaigh siad ar an gcúrsa.  Tugadh liosta leathan d’ fhéidearthachtaí agus bhí rogha ag na mic léinn cúpla ceann a roghnú.  Léirigh 79% de na mic léinn gurbh iad teagascóirí / léachtóirí an chúrsa; 76% gurbh iad na léachtaí agus na ranganna teagaisc a bheith i nGaeilge; 73% gur óúsáid na Gaeilge an t-am ar fad; agus 58%gurbh iad mic léinn an chúrsa na nithe a chabhraigh leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Taispeánann na torthaí seo go bhfuil ról suntasach agus tábhachtach ag teagascóirí an chúrsa maidir leis an dul chun cinn a rinne na mic léinn sa teanga.  Léiríonn agus dearbhaíonn na torthaí seo go bhforbraítear agus go sealbhaítear an sprioctheanga trí chóras an tumoideachais agus go háirithe an tumadh iomlán sa teanga. 

3.2.2 Na Cúiseanna ar Roghnaíodh an Cúrsa

Ba iad na cúiseanna ar roghnaigh na mic léinn an chéim sa Chumarsáid ná an tsuim a bhí acu sa Ghaeilge (79%), an tsuim a bhí acu cúrsa ollscoile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge (79%) agus an tsuim mhór a bhí acu san ábhar (73%).  Léiríonn torthaí an tsuirbhé gur thábhachtaí suim na mac léinn sa Ghaeilge agus suim na mac léinn cúrsa céime a dhéanamh trí Ghaeilge ná suim na mac léinn in ábhar an chúrsa féin.

(Féach Tábla 3.2)

Cén fáth ar roghnaigh tú an BA sa Chumarsáid?

Cuir do chuid roghanna in ord tosaíochta (1 is tábhachtaí)

Ord Tosaíochta

1-3

Iomlán

1

2

3

Bhí mé ag iarraidh cúrsa céime a dhéanamh trí Ghaeilge

9

(30%)

7

(23%)

6

(20%)

22

(73%)

Suim mhór agam san ábhar

8

(25%)

6

(19%)

5

(16%)

19

(60%)

Suim mhór agam sa Ghaeilge

8

(26%)

10

(32%)

6

(19%)

24

(77%)

Thaitin ionad an chúrsa liom

0

0

0

0

Cúrsa ar siúl sa Ghaeltacht ar an gCeathrú Rua

0

3

(10%)

5

(16%)

8

(26%)

Cairde de mo chuid ag déanamh an chúrsa / a rinne an cúrsa

0

1

(3%)

1

(3%)

2

(6%)

Mhol mo thuismitheoirí dom an cúrsa a dhéanamh

1

(3%)

1

(3%)

0

2

(6%)

Mhol mo mhúinteoir/mhúinteoirí sa mheánscoil dom an cúrsa a dhéanamh

2

(6%)

0

1

(3%)

3

(9%)

Eile

0

0

0

0

TÁBLA 3.2:   NA CÚISEANNA AR ROGHNAÍODH AN CÚRSA

 

Léirigh beirt mhac léinn a cuireadh faoi agallamh, mac léinn ón nGaeltacht agus mac léinn ón nGalltacht, agus a fuair a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge go raibh sé tábhachtach dóibh leanúint lena gcuid oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge.  Ba spéisiúla fós gur léirigh beirt mhac léinn T2 nár fhreastail ar bhunscoil nó iar-bhunscoil lán-Ghaeilge go raibh siad ag iarraidh tabhairt faoi chúrsa ollscoile trí Ghaeilge.

Is léir gur mic léinn ar leith, a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge, a roghnaíonn cúrsa ollscoile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.  Níor fiosraíodh le linn an taighde seo cé as ar eascair a suim sa Ghaeilge.  Is léir go bhfuil sé an-tábhachtach do mhic léinn a d’fhreastail ar scoileanna Gaeltachta nó ar scoileanna lán-Ghaeilge rogha a bheith ar fáil dóibh leanúint lena n-oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge.

3.3 Caidreamh na Mac Léinn le Mic Léinn eile an Chúrsa

Léirigh torthaí an taighde go mbíonn deacrachtaí móra ag mic léinn T2 mic léinn T1 a thuiscint go háirithe ag tús an chúrsa.  Aithníonn na mic léinn T1 agus mic léinn T2 an deacracht seo.  Cruthaíonn an easpa tuisceana seo idir na mic léinn éagsúla roinnt mhaith fadhbanna i measc na mac léinn ag tús an chúrsa, go háirithe nuair is í seo an tréimhse is goilliúnaí dóibh.  Chuir sé go leor brú ar mhac léinn amháin ón nGaeltacht nuair nach raibh na mic léinn T2 ina rang ábalta í a thuiscint.  Bhí uirthi labhairt an-mhall agus d’iompaigh sí ar an mBéarla go minic ionas go dtuigfeadh na mic léinn eile í.  Bhí faitíos ar mhac léinn eile ón nGalltacht labhairt le mic léinn T1 de bhrí nach dtuigfeadh sí iad.  Bhí sí ábalta na mic léinn eile ón nGalltacht a bhí ina rang a thuiscint mar a léirigh sí ‘ní raibh Gaeilge den scoth agam so bhí saghas buartha agam chun labhairt le daoine eile ach bhí mé in ann cúpla daoine a thuiscint ach bhí siad na daoine i mo rang na mic léinn eile’.

Chothaigh na deacrachtaí tuisceana grúpáil de réir chumas teanga na mac léinn agus as sin d’eascair grúpaí beaga mac léinn a bhí bunaithe ar chumas teanga éagsúil.  Léirigh mac léinn ón nGaeltacht gur fhan na mic léinn Ghaeltachta a bhí ina rang le chéile i ngrúpa díobh féin agus léirigh mac léinn ón nGalltacht gur fhan na mic léinn a d’fhreastail ar iar-bhunscoil Bhéarla le chéile i ngrúpa díobh féin.  Ní mhaireann na grúpaí beaga cumais seo i bhfad agus tagann deireadh leo go minic ag deireadh na chéad bhliana.  Is forás nádúrtha a bhíonn sa chineál grúpála seo go háirithe do mhic léinn a thosaíonn ar chúrsa nua.

An réiteach nádúrtha a bhíonn ag mic léinn T1 ar fhadhb na míthuisceana ná iompú ar an mBéarla.  Dúirt mac léinn ón nGaeltacht go n-iompaíonn sí ar an mBéarla ionas go dtuigfeadh na mic léinn eile í agus léirigh mac léinn ón nGalltacht gur iompaigh mic léinn T1 ar an mBéarla nuair a bhí sí sa chomhluadar leo.  Tá an-taithí ag mic léinn na Gaeltachta ar a bheith in aon rang le foghlaimeoirí Gaeilge.  Léiríonn taighde Hickey (2001: 456) ar an réamhscolaíocht go n-iompaíonn páistí óga Gaeltachta ar an mBéarla má tá foghlaimeoir Gaeilge amháin sa chomhluadar leo.  Léiríonn taighde Mhic Dhonnacha et al. (2005: 127) ar na bunscoileanna Gaeltachta go dtagann 54% de na daltaí chun na bunscoile le Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith sna ceantair Ghaeltachta is láidre ach nach labhraíonn ach 54% de na daltaí sin Gaeilge den chuid is mó i dtimpeallacht na scoile.  Is léir gur nós í seo a fhanann le mic léinn na Gaeltachta fiú agus iad ag an tríú leibhéal.

Creideann Cummins (1998) agus Swain (2000) nach n-éiríonn le foghlaimeoirí T2 caighdeán an chainteora dúchais a bhaint amach sa labhairt ná sa scríobh mar gheall ar an easpa teagmhála idir na cainteoirí dúchais T1 agus na foghlaimeoirí T2.  Léiríonn an taighde seo go gcothaíonn an easpa teagmhála agus caidrimh seo deacrachtaí tuisceana idir na mic léinn T1 agus na mic léinn T2 freisin.  Téann mic léinn T2 i dtaithí ar chanúint agus Gaeilge na gcainteoirí dúchais ach is achar ama éagsúil a bhíonn ann do gach mac léinn.  Léiríodh sa taighde gur thóg sé cúpla seachtain ar chúpla mac léinn dul i ngleic leis an gcanúint agus thóg sé cúpla mí ar mhic léinn eile.  Ní bhíonn na deacrachtaí céanna tuisceana ag mic léinn T2 nuair a thugann siad faoin dara bliain den chúrsa.

Cé go mbíonn deacrachtaí tuisceana ag na mic léinn T2 ag tús an chúrsa agus nach dtuigeann siad na mic léinn T1, léiríonn torthaí an taighde go bhfuil caidreamh maith idir mic léinn uile an chúrsa.  Is léir go mbraitheann siad go mór ar a chéile agus go dtugann siad cúnamh agus tacaíocht dá chéile.  Tagann na torthaí seo le taighde de Courcy (2002) a chinntíonn go mbíonn tionchar dearfach ag an gcaidreamh a bhíonn idir na foghlaimeoirí sna cláir thumoideachais ar eispéireas foghlama na bhfoghlaimeoirí.

3.4 Dúshláin Teanga na Mac Léinn

Bíonn roinnt mhaith dúshlán teanga le sárú ag na foghlaimeoirí ar an gcúrsa céime seo.  Sáraíonn na mic léinn an chuid is mó dá gcuid dúshlán i rith na chéad agus an dara bliain. Shíl na mic léinn T1 a d’fhreastail ar scoileanna Gaeltachta agus na mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge nach mbeadh mórán deacrachtaí acu tabhairt faoi chúrsa ollscoile trí mheán na Gaeilge ó tharla go raibh cleachtadh maith acu ar oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge.  Dúirt mac léinn T2 a d’fhreastail ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ‘tá Gaeilge agam beidh mé ceart go leor’.  Ní raibh aon súil ag na mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge leis na dúshláin teanga a bhí le sárú acu nuair a thosaigh siad ar an gcúrsa.  Níor léirigh na mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna Béarla aon chineál tuairimíochta faoi na deacrachtaí a bheadh rompu ar an gcúrsa.  An é gur thuig nó go raibh a fhios ag na mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna Béarla go mbeadh deacrachtaí nó fadhbanna teanga acu le linn an chúrsa seo, go háirithe ag tús an chúrsa?

3.4.1 Deacrachtaí Tuisceana

Ní hamháin nach raibh mic léinn T2 ábalta mic léinn T1 a thuiscint (mar a pléadh thuas) ach ní raibh siad in ann teagascóirí an chúrsa a thuiscint ach oiread.  Chuir canúint na gcainteoirí dúchais, idir na mic léinn agus na teagascóirí, mearbhall ar mhic léinn T2 ar dtús.

Léiríodh gurbh í an éisteacht a chuidigh leis na mic léinn T2 dul i dtaithí ar an gcanúint agus ar Ghaeilge na dteagascóirí agus na mac léinn T1.  Chuidigh suíomh an chúrsa go mór leis na mic léinn dul i ngleic leis an teanga mar go raibh siad báite sa sprioctheanga ó thosach an chúrsa.  Léirigh 94% de na mic léinn gur fhan siad sa cheantar le linn an téarma acadúil agus is léir gur cuidiú mór é seo do mhic léinn T2 dul i dtaithí ar an gcanúint.

3.4.2 Labhairt na Gaeilge

Chruthaigh labhairt na Gaeilge go leor deacrachtaí do na mic léinn T2 ag tús an chúrsa. D’airigh siad míchompordach ag labhairt na Gaeilge, go háirithe na mic léinn nár fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge ná coláiste Gaeilge agus dúradh nach raibh fonn rómhór orthu an Ghaeilge a labhairt.

Is léir go bhfuil dlúthbhaint idir cumas Gaeilge na mac léinn T2 agus féinmhuinín na mac léinn céanna.  Dar le mac léinn ón nGalltacht agus a d’fhreastail ar scoil Bhéarla go gcuireann sí isteach ar na mic léinn eile lena gcuid ‘Gaeilge mall lofa’ agus airíonn sí faoi bhrú nach bhfuil Gaeilge chruinn aici.  Dúirt mac léinn eile ón nGalltacht agus a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge nach raibh mórán muiníne aici as a cuid Gaeilge labhartha agus bhraith sí an-mhíchompordach á labhairt, go háirithe le cainteoirí maithe Gaeilge.

Is spreagadh mór suíomh an chúrsa do na mic léinn T2 úsáid a bhaint as an nGaeilge. Cuireann suíomh an chúrsa deiseanna ar fáil dóibh an sprioctheanga a úsáid taobh amuigh de na ranganna.  Léirigh na mic léinn go spreagann imeachtaí agus ócáidí trí Ghaeilge iad an teanga a úsáid go sóisialta.

4.4.3 Cumas Scríbhneoireachta agus Cruinneas Teanga

Léirigh 60% de na mic léinn go raibh a gcumas scríbhneoireachta sa Ghaeilge réasúnta lagan-lag sular thosaigh siad ar an gcúrsa.  Cé gur thuairiscigh na mic léinn gur tháinig feabhas ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta, léirigh 33% díobh gur cumas réasúnta atá acu sa scríbhneoireacht faoi láthair.  Léiríonn Tábla 3.3 deacrachtaí na mac léinn le gnéithe de scríbhneoireacht na Gaeilge.

 

 

An mbíonn deacracht agat leis na rudaí seo thíos?

(Cuir √ sa bhosca cuí i ngach cás)

Ní bhíonn deacracht ar bith agam

Bíonn roinnt deacrachta agam

Bíonn a lán deacrachta agam

Litriú na Gaeilge roimh an gcúrsa n=33

7 (21%)

20 (61%)

6 (18%)

Litriú na Gaeilge anois n=33

13 (39%)

20 (61%)

0

Sínte fada na Gaeilge roimh an gcúrsa n=33

15 (46%)

15 (45%)

3 (9%)

Sínte fada na Gaeilge anois n=33

22 (67%)

10 (30%)

1 (3%)

Gramadach cheart a úsáid do
labhairt na Gaeilge roimh an gcúrsa n=33

12 (36%)

13 (39%)

8 (24%)

Gramadach cheart a úsáid do
labhairt na Gaeilge anois n=33

16 (49%)

15 (45%)

2 (6%)

Gramadach cheart a úsáid do
scríobh na Gaeilge roimh an gcúrsa n=33

2 (6%)

17 (52%)

14 (42%)

Gramadach cheart a úsáid do
scríobh na Gaeilge anois n=33

11 (33%)

20 (61%)

2 (6%)

TÁBLA 3.3:   DEACRACHTAÍ NA MAC LÉINN LE STRUCHTÚR TEANGA NA GAEILGE ROIMH AN gCÚRSA AGUS ANOIS

 

Is sa litriú (61%) agus sa ghramadach (51% do labhairt na Gaeilge agus 67% do scríobh na Gaeilge) a fheictear na deacrachtaí is mó.  Léirigh na mic léinn nár fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge na deacrachtaí a bhíonn acu a gcuid tuairimí a léiriú in aiste Ghaeilge.  Is léiriú é seo ar easpa taithí na mac léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna Béarla aistí a scríobh trí Ghaeilge agus is léir freisin go bhfuil tionchar diúltach ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair a dhéantar don Ardteist, mar a léirigh Ní Mhuirthile (2009), ar chumas scríbhneoireachta na mac léinn.

Ardaíodh agus pléadh castacht ghramadach na Gaeilge i ngach agallamh.  Thuairiscigh dhá thrian de mhic léinn an chúrsa (67%) a ghlac páirt sa suirbhé go raibh roinnt deacrachtaí nó a lán deacrachtaí acu le gramadach cheart a úsáid i nGaeilge.  Léiríonn taighde Uí Loideáin (2008: 64) go bhfuil na deacrachtaí céanna ag tromlach na mac léinn Gaeilge (80%) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le gramadach na Gaeilge.  Thuairiscigh os cionn leath (56%) de na daoine óga Gaeltachta ó na ceantair láidre Ghaeltachta go raibh deacrachtaí acu le gramadach na Gaeilge (Ó Giollagáin et al., 2007: 307). Mhínigh na mic léinn T1 agus T2 nár foghlaimíodh agus nár múineadh gramadach na Gaeilge sna ranganna sna hiar-bhunscoileanna.  Ba shoiléir do na mic léinn T1 agus T2 na mic léinn a raibh plé beag déanta acu ar ghramadach na Gaeilge san iar-bhunscoil.  D’airigh na mic léinn T1 an-mhíshuaimhneach faoi seo agus bhraith siad go raibh siad faoi mhíbhuntáiste. 

Léiríonn taighde Uí Dhuibhir (2009) agus Walsh (2007) a rinneadh ar an gcóras tumoideachais in Éirinn agus taighde Cummins (1998), Swain agus Lapkin (1986) agus Swain (1996) a rinneadh i gCeanada go mbíonn go leor deacrachtaí ag foghlaimeoirí an dara teanga cruinneas teanga a bhaint amach.  Is léir ón taighde seo go streachlaíonn na mic léinn ar fad, idir na mic léinn T1 agus na mic léinn T2, leibhéal ard Gaeilge chruinn scríofa agus labhartha a bhaint amach.  Léirigh na mic léinn go raibh sé tábhachtach dóibh go mbainfidís cruinneas scríofa (100%) agus labhartha (91%) amach sa Ghaeilge le linn na gceithre bliana.  Léirigh na mic léinn ón gceathrú bliain a cuireadh faoi agallamh gur éirigh leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí ag deireadh an cheathrú bliain ach léirigh 70% de mhic léinn an cheathrú bliain a ghlac páirt sa suirbhé seo go raibh roinnt deacrachtaí fós acu le gramadach cheart a úsáid i nGaeilge.

Is léir go gcuireann fadhb an mhíchruinnis brú ar roinnt mac léinn agus go ndéanann sé dochar d’fhéinmhuinín roinnt mac léinn eile.  Léiríodh sa taighde gur chuir sé isteach go mór ar roinnt mac léinn T1 agus T2 nuair a ceartaíodh a gcuid botún labhartha.  Dúirt mac léinn T1 ‘chuile shórt a dheireann tú bhí siad [na teagascóirí Gaeilge] ag rá no – ná habair é sin, nó athraigh é sin’, agus dúirt mac léinn T2 a d’fhreastail ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ‘uaireanta níl mé ag iarraidh éist go bhfuil mé ag déanamh botúin tar éis botúin agus bíonn sé deacair éist leis sin i gcónaí nuair atá tú ag iarraidh foghlaim’. Mhínigh de Courcy (2002: 71) go raibh ról tábhachtach ag teagascóirí sna cláir thumoideachais aiseolas agus ceartúchán a dhéanamh ar bhotúin labhartha agus scríofa na mac léinn agus ní mór dóibh a bheith tuisceanach ar riachtanais na mac léinn nuair a thugann siad faoin aiseolas agus faoin gceartúchán seo.

Léirigh roinnt de na mic léinn nach raibh siad ag súil go gceartófaí a gcuid Gaeilge agus chuir sé isteach go mór ar mhac léinn T2 gur cheartaigh mic léinn an cheathrú bliain a cuid Gaeilge.  Is gné thábhachtach agus riachtanach den sealbhú teanga an ceartúchán agus ní mór tuiscint mhaith a bheith ag teagascóirí ar an gcur chuige is fearr a fheileann do gach mac léinn.

3.5 Sealbhú Teanga agus Sainábhair an Chúrsa

Léirigh na mic léinn go raibh sainfhoclóir agus téarmaíocht an chúrsa deacair agus dúshlánach ach d’éirigh le 79% de na mic léinn dul i ngleic leis seo.  Léirigh idir na mic léinn T1 agus na mic léinn T2, áfach, go mbeadh téarmaíocht an chúrsa agus ábhar na léachtaí deacair dóibh in aon teanga.  D’admhaigh roinnt de na mic léinn T2 go raibh deacrachtaí acu le sainfhoclóir an chúrsa a fhoghlaim ag tús an chúrsa ach gur éirigh leo an sprioctheanga agus an téarmaíocht a shealbhú go nádúrtha i ngan fhios dóibh féin in imeacht ama.  Mhol na mic léinn gné phraiticiúil an chúrsa agus dúradh gur chuidigh sé leo dul i ngleic leis an téarmaíocht.  Cinntíonn gné phraiticiúil an chúrsa go mbaineann na mic léinn úsáid as an teanga le linn na hoibre praiticiúla a bhíonn ar bun acu agus dar le Swain (2000) go sealbhaítear teanga trí úsáid a bhaint aisti.  Léiríonn an t-aschur teanga do na mic léinn na gnéithe den sprioctheanga a bhfuil fadhbanna acu agus cuirfidh sé ar chumas na mac léinn déileáil leis na fadhbanna agus deacrachtaí sin. 

Thuairiscigh 88% de na mic léinn go raibh siad sástaan-sásta go raibh siad ag déanamh an BA sa Chumarsáid agus bhí 94% díobh sásta an-sásta go raibh an cúrsaar siúl trí mheán na Gaeilge.  Léirigh 81% go raibh siad sásta an-sásta go raibh an cúrsa suite sa Ghaeltacht. (Féach Tábla 3.4)  Is léir go bhfuil tionchar ar mheon dearfach na mac léinn i leith an chúrsa ar an bpróiseas sealbhaithe teanga freisin.

 

Léirigh do thuairim faoi na ráitis seo a leanas.

(Cuir √ sa bhosca cuí i ngach cás)                   

An-sásta

Sásta

Réasúnta sásta

Míshásta

An-mhíshásta

Táim sásta go bhfuilim ag déanamh an BA sa Chumarsáid (n=33)

21

(64%)

8

(24%)

4

(12%)

0

0

Táim sásta go bhfuil an BA sa Chumarsáid ar siúl trí mheán na Gaeilge (n=32/33)

22

(69%)

8

(25%)

2

(6%)

0

0

Táim sásta go bhfuil an cúrsa ar siúl sa Ghaeltacht (n=31/33)

22

(71%)

3

(10%)

4

(13%)

2

(6%)

0

TÁBLA 3.4:   DEARCADH NA MAC LÉINN I LEITH AN BA SA CHUMARSÁID

 

D’admhaigh mac léinn amháin ón nGalltacht a d’fhreastail ar iar-bhunscoil Bhéarla go raibh sí fós, ag deireadh na chéad bhliana, ag streachailt go mór leis an sprioctheanga agus le bheith ag foghlaim tríd an dara teanga.  Chreid sí nach dtuigfeadh sí ábhar na léachtaí, gur chaill sí suim san ábhar agus nach raibh aon aird aici ar ábhar na léachtaí:

Just suí mé ag the back of the class, ag bun an seomra agus ní raibh mé ag éisteacht. Níor éist mé le éinne mar just bhí sé i mo intinn nach thuig mé nach thuigfidh mé so just just kinda I gave up ach ansin like píosa le píosa just ag éisteacht i gcónaí leis like tháinig sé dom like ach like thóg sé am

Ní raibh bunfhoclóir an chúrsa ar eolas aici mar shampla eagarthóireacht agus craoltóireacht nuair a thosaigh sí ar an gcúrsa agus is léir gur chuir sé seo isteach uirthi agus gur chuidigh sé lena tuiscint nach mbeadh sí ábalta ábhar na léachtaí a thuiscint.

3.6 Ról na dTeagascóirí

Léiríonn torthaí an taighde seo an tábhacht atá le teagascóirí an chúrsa seo.  Tuairiscíodh gur chuidigh na teagascóirí le 79% de na mic léinn feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Spreagann siad úsáid na sprioctheanga ní hamháin sna ranganna agus san ionad ach taobh amuigh den ionad freisin.  Úsáidtear an Ghaeilge le hábhar a mhíniú nach dtuigeann na mic léinn agus cruthaíonn siad suíomh nádúrtha sealbhaithe teanga ina gcuid ranganna.

Léiríodh sna torthaí go raibh caidreamh an-mhaith ag na teagascóirí leis na mic léinn. Cuidíonn an dea-chaidreamh a bhíonn idir na teagascóirí agus na mic léinn le plé oscailte a bheith eatarthu sna ranganna agus sna léachtaí.  Spreagann siad na mic léinn le ceisteanna a ardú sa rang agus cuidíonn sé seo leis na mic léinn dul i ngleic le hábhar an chúrsa agus an sprioctheanga a shealbhú.

 

3.7 Ionad agus Suíomh an Chúrsa

Chuir ionad agus suíomh an chúrsa go mór le heispéireas foghlama na mac léinn T2 agus is léir gur chuidigh suíomh an chúrsa le sealbhú teanga na mac léinn T2.  Tacaíonn suíomh an chúrsa le tumadh iomlán sa teanga agus cuireann sé deiseanna ar fáil do na mic léinn T2 an sprioctheanga a úsáid taobh amuigh de na ranganna.  Rinne na mic léinn cur síos ar ionad an chúrsa mar ‘ollscoil bheag’ agus de bharr gur ionad beag atá acu forbraíodh dlúthchairdeas idir na mic léinn agus na teagascóirí.  Cothaíonn an dlúthchairdeas seo atmaisféar faoi leith a spreagann úsáid na sprioctheanga agus sealbhú teanga.

4.0 Conclúid

Cuireann an taighde seo eolas luachmhar ar fáil maidir leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge agus an tumoideachas tríú leibhéal.  Léirítear ar an gcéad dul síos go bhfreastalaíonn idir mhic léinn arb í an Ghaeilge a gcéad teanga (T1) agus mhic léinn arb í an Ghaeilge a ndara teanga (T2) ar an gcéim sa Chumarsáid.  Is féidir na mic léinn seo a shainiú i dtrí ghrúpa éagsúla, bunaithe ar a gcúlra oideachais: mic léinn T1 a d’fhreastail ar scoileanna Gaeltachta; mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge; agus mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna Béarla.

Cé gur léirigh 70% de na mic léinn a ghlac páirt sa suirbhé go raibh Gaeilge mhaith nó Gaeilge líofa acu agus gur léirigh 91% díobh go raibh cumas maith nó an-mhaith tuisceana acu ar an nGaeilge nuair a thosaigh siad ar an gcúrsa, léirigh torthaí na n-agallamh go raibh deacrachtaí tuisceana ag mic léinn T2 na cainteoirí dúchais Gaeilge, idir mhic léinn agus theagascóirí, a thuiscint, go háirithe ag tús an chúrsa.  Ní hamháin go raibh deacrachtaí tuisceana ag na mic léinn T2 a d’fhreastail ar scoileanna Béarla ach bhí deacrachtaí tuisceana ag na mic léinn T2 a d’fhreastail ar na scoileanna lán-Ghaeilge freisin.  Ní mhaireann na deacrachtaí seo ach tréimhse ghearr ach is léir go gcuireann siad brú agus strus ar na mic léinn, go háirithe ag tús an chúrsa, agus cuireann siad as d’fhéinmhuinín na mac léinn chomh maith.

Cruthaítear sa taighde seo go mbíonn deacrachtaí ag gach mac léinn, idir na cainteoirí dúchais Gaeilge agus na foghlaimeoirí Gaeilge, le scríbhneoireacht na Gaeilge. Bíonn siad ag streachailt le litriú agus gramadach na Gaeilge i gcaitheamh na gceithre bliana ar an gcúrsa.  Is ábhar dóchais é go bhfuil sé tábhachtach do gach uile mhac léinn go gcuirfidh siad feabhas ar a gcuid Gaeilge scríofa ach is dúshlán mór dóibh é.

Tá tromlach na mac léinn thar a bheith sásta go bhfuil siad i mbun na céime seo trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.  Is cúrsa dúshlánach ach taitneamhach atá ann dóibh.  Éiríonn leo téarmaíocht agus sainfhoclóir an chúrsa a shealbhú agus cuireann siad feabhas ar a gcuid Gaeilge scríofa agus labhartha.  Tá ról faoi leith ag teagascóirí, ionad agus suíomh an chúrsa maidir le dul chun cinn na mac léinn sa sprioctheanga.

4.1 Moltaí

Is iad seo a leanas moltaí an taighde atá bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh le linn an taighde:

  • Go gcuirfí dianchúrsa coicíse Gaeilge ar fáil do na mic léinn T2 sula dtosóidís ar an gcéim sa Chumarsáid.  Ba cheart díriú ar labhairt na Gaeilge agus buntéarmaíocht na n-ábhar cumarsáide le linn an dianchúrsa, rud a d’ullmhódh na mic léinn le tabhairt faoin gcúrsa.
  • Go reáchtálfaí ceardlanna feasachta teanga ar shealbhú na chéad agus an dara teanga do mhic léinn na chéad bhliana le linn thréimhse ionduchtúcháin an chúrsa.  Chuideodh na ceardlanna feasachta teanga le tuiscint na mac léinn ar úsáid agus ar fhoghlaim na sprioctheanga.
  • Go bhforbrófaí córas meantóireachta a bheadh á rith ag mic léinn ón gceathrú bliain a thacódh le mic léinn na chéad bhliana.  Ba cheart meantóirí cúnta ón gceathrú bliain a cheapadh do gach mac léinn sa chéad bhliain.  Chuirfeadh na meantóirí cúnta comhairle ar fáil do mhic léinn na chéad bhliana a dhíreodh ar labhairt na Gaeilge, agus ar fhoghlaim agus ar shealbhú théarmaíocht agus shainfhoclóir an chúrsa.
  • Go gcuirfí oiliúint ar theagascóirí agus ar mheantóirí cúnta ar na múnlaí éagsúla aiseolais agus ceartúcháin.  Ba chóir seisiún comhairleach aonarach a shocrú leis na mic léinn le plé a dhéanamh ar an gcur chuige aiseolais agus ceartúcháin is fearr a chabhródh leo ó thaobh na foghlama.
  • Go mbunófaí ionad scríbhneoireachta a thacódh le scríbhneoireacht acadúil Ghaeilge na mac léinn.  Ba cheart go gcuirfí comhairle ar fáil do mhic léinn san ionad scríbhneoireachta agus go ndíreofaí ar fhadhbanna agus ar dheacrachtaí na mac léinn maidir le scríobh na Gaeilge.

 

4.2 Focal Scoir

Is léir gur eispéireas foghlama faoi leith a bhíonn ag mic léinn a thugann faoi chéim ollscoile trí mheán na Gaeilge.  Is léiriú é an taighde seo ar fhiúntas an tumtha iomláin sa sprioctheanga maidir le heispéireas foghlama na mac léinn Gaeltachta agus Galltachta araon.

Leabhairliosta

Foinsí Clóite

Bohan, K. (2009) Teagasc trí Mheán na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: 1929 – 2006. Tráchtas MA neamhfhoilsithe. Gaillimh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cummins, J. (1998) ‘Immersion Education for the Millennium: What we have Learned from 30 Years of Research on Second Language Immersion?’ Childs, M.R. agus Bostwick, R.M (eag). Learning through two Languages: Research and Practice. An dara Katoh Gakuen Siompóisiam Idirnáisiúnta ar an Tumoideachas agus an tOideachas Dátheangach. Katoh Gakuen, an tSeapáin. 34-47.

de Courcy, M. (2002) Learners’ Experiences of Immersion Education: Case Studies of French and Chinese. Clevedon: Multilingual Matters.

Denscombe, M. (2010) The Good Research Guide for Small-Scale Social Research Projects (4ú heagrán). Maidenhead: Open University Press.

Harris, J., Forde, P. Archer, P., Nic Fhearaile, S., & O’Gorman, M. (2006). An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht. BÁC: Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Hickey, T. (1997) An Luath-Thumadh in Éirinn: Na Naíonraí. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Hickey, T. (2001) ‘Mixing Beginners and Native Speakers in Irish Immersion: Who is Immersing whom? The Canadian Modern Language Review, 57 (3). 443-474.

Ní Mhuirthile, Á. (2009) ‘Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach’. Ní Fhrighil, R agus Nic Eoin, M. (eag). Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga. Baile Átha Cliath:Cois Life. 40-5.

Ó Cinnéide, M. (2004) ‘Ollscolaíocht Ghaeilge le béim ar leith ar Riachtanais na Gaeltachta’. Nic Pháidín, C. agus Uí Bhraonáin, D. (eag). Ollscolaíocht Ghaeilge: Dúshláin agus Léargais, Páipéir Chomhdhála. BÁC: Fiontar.

Ó Duibhir, P. (2009) The Spoken Irish of Sixth–Class Pupils in Irish Immersion Schools. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe. BÁC: Coláiste na Tríonóide.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. agus O’ Brien, M. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Ó Loideáin, C., 2008. Próifíl Teanga na Mac Léinn Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tráchtas MA neamhfhoilsithe. Gaillimh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ó Muircheartaigh, J. agus Hickey, T. (2008) ‘Academic Outcome, Anxiety and Attitudes in Early and Late Immersion in Ireland’, International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 11 (5). 1-20.

Swain, M.(1996) ‘Discovering Successful Second Language Teaching Strategies and Practices from Programme Evaluation to Classroom Experimentation’. Journal of Multilingual and Multicultural Development 17, 2-4. 89-104.

Swain, M. (2000) ‘French Immersion Research in Canada’. Annual Review of Applied Linguistics 20. 199-212.

Swain, M. & Lapkin, S. (1986) ‘Immersion French in Secondary Schools: “the goods” and “the bads”’. Contact, 5 (3). 2-9.

Walsh, C., (2007) Cruinneas na Gaeilge Scríofa sna hIar-bhunscoileanna lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath. BÁC: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

 

Foinsí ar-líne

Gaelscoileanna Teo. (2013) Fúinn/staitisticí [ar-líne]. BÁC: Gaelscoileanna Teo. Ar fáil ag http://www.gaelscoileanna.ie/about/statistics/?lang=ie(léite 1 Márta 2013).

Wesche, M. (1998) ‘Continuing Immersion Schooling into Post-Secondary Institutions’. I: Klee, C., Lynch, A., agus Tarone, E. (eag). Research and Practice in Immersion Education: Looking back and Looking ahead. Tógtha ó pháipéar comhdhála (CARLA Working Paper #10). Minneapolis: Ollscoil Minnesota, an tIonad d’Ardthaighde ar Shealbhú Teanga. 73-80. Ar fáil ag: www.carla.umn.edu/resources/working-papers/documents/WP10_ImmConf_LookingBack_Ahead.pdf(léite: 1 Márta 2013).