Nóta Beathaisnéise an Eagarthóra 2024

Eva Ní Mhealláin

Is as contae Ard Mhacha ó dhúchas d’Eva ach tá sí ag cur fúithi in Rennes sa Bhriotáin. Bhain sí céim chéadonóracha amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2020. Is teagascóir Gaeilge í Eva in Ollscoil Iarthar na Briotáine agus tá spéis mhór aici i gcúrsaí aistriúcháin agus sa mhíleatacht ar son na Gaeilge agus na Briotáinise. Tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.