Rónán Ó Dubhthaigh – Laoch ar Lár

 

Chaill an ollscoil agus saol na Gaeilge trí chéile cara mór agus comhleacaí dílis nuair a bhásaigh Rónán Ó Dubhthaigh i mí na Samhna, 2021.  Thíos, roinneann roinnt dá chuid comhleacaithe cuimhní atá acu ar Rónán agus ar an obair mhór a rinne sé ar son na meán Gaeilge agus ar son mhic léinn na hollscoile seo.


Thosaigh Rónán amach sa raidió bradach le BLB i mBrí Chualann agus i gcraoltóireacht na Gaeilge i gCill Mhantáin agus d’fhan sé dílis dá fhís i leith na craoltóireachta pobail ar feadh a shaoil ghairmiúil.  Bhí an chraoltóireacht agus oiliúint don phobal ina leith fite fuaite ina chéile i bhfís Rónáin i gcónaí. 

Níor chruthaigh sé fad ariamh idir é féin agus na mic léinn agus rinne sé cairdeas leo go nádúrtha.  Chuir sé béim ar an taithí oibre mar ghné lárnach de na cúrsaí cumarsáide a d’fhorbair sé san Ollscoil agus chruthaigh sé deiseanna do na mic léinn tríd sin agus sna tionscadail ar son phobal na Gaeltachta a bhí idir lámha aige féin i gcónaí. Cé go raibh a chroí sa raidió, bhain sé éacht amach mar léiritheoir feidhmeach le sraith teilifíse phobal na Gaeltachta dar teideal Idir Mhagadh ’s Dáiríre go luath i stair TG4. Thaitin an clár seo go mór le pobal na Gaeltachta agus iad ag breathnú ar ghnáthdhaoine óna gceantar féin ar an scáileán go seachtainiúil agus thug cur chuige nuálach Rónáin deiseanna oiliúna do léiritheoirí nua Gaeltachta na scéalta a léiriú. 

D’oibrigh mé taobh le Rónán ar feadh deich mbliana ag forbairt ábhar teilifíse agus cúrsaí cumarsáide san Ollscoil.  Spreag sé mé le páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Bhí grá ar leith aige do chultúr na Gaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta a bhí lárnach ina chuid oibre.  Ba dhuine croíúil, flaithiúlach é a thacaigh le pobal na Gaeltachta i ngach beart a rinne sé.

Dan Dwyer


Chuir mé aithne ar Rónán sa mbliain 2004 nuair a ceapadh mé mar Fheidhmeannach Cumarsáide leis an Acadamh ar an gCeathrú Rua.  Ní i gcónaí a d’aontaigh mé leis ná lena dhearcadh agus bhíodh na díospóireachtaí san Aonad Cumarsáide te teasaí go mion minic ach má bhí féin níor choinnigh sé  ‘cloch sa muinchille’ dom riamh.

Nuair a theastaigh uaim marcanna a bhronnadh do chaighdeán na Gaeilge sna modúil chraoltóireachta raidió a bhí á bhforbairt agam, sheas sé liom agus thuig go raibh tábhacht le hardchaighdeán Gaeilge a bheith ag craoltóirí óga.

Níor loic sé riamh orm sa dearcadh a bhí aige go raibh sé tábhachtach labhairt agus scríobh na Gaeilge i saol na craoltóireachta raidió agus teilifíse a thomhas i ngach aon mhac léinn.

Chuir sé spéis mhór sna mic léinn a d’fhreastail ar ár gcúrsaí ar an gCeathrú Rua agus bhíodh aithne aige i gcónaí orthu. Ba mhinic iad ag triall ar a dhoras fiú agus é ina riarthóir ar an Aonad Cumarsáide, nuair nach raibh sé ag teagasc agus deir sin ann féin linn an sórt duine ab ea é. Bhí croí mór aige agus chonaic mé féin go pearsanta é ag iarraidh daoine a chur ar bhealach a leasa. Spreag agus mhol sé duine le brú ar aghaidh sa saol, daoine a bhí thuas seal thíos seal agus ní dhearna riamh aon ghaisce faoi. Is mar gheall ar a chuid allais go bhfuil céim sa gCumarsáid agus sa nGaeilge forbartha i nGaillimh.

Norita Ní Chartúir


Faoi mar is eol dúinn go léir, is fear mór a bhí i Rónán Ó Dubhthaigh. Ní hamháin sin ach bhí pearsantacht mhór aige, bhí smaointe móra aige agus bhí intleacht mhór aige. 

Fear mór comhluadair a bhí ann a raibh am i gcónaí aige píosa cainte a dhéanamh le duine agus is é a bhí in ann comhrá a dhéanamh faoi ábhar ar bith. Thaitin an diabhlaíocht agus an tsáraíocht thar cionn leis chomh maith agus ba mhór an spórt iad na scéalta barrúla a bhí aige. Bhí sé in ann an dubh a chur ina gheal ar dhaoine, rud a dhéanadh sé go minic! Mheallfadh sé an t-éan ón gcrann agus is iomaí duine a ghlac páirt (uaireanta dá mbuíochas!) i dtograí agus scéimeanna Rónáin toisc nach bhféadfaidís diúltú dá bhriathra binne agus dá bhealach álainn.

Fear mór a bhí ann ach ní raibh sé mór ann féin. Cé go raibh údar aige, ní raibh aon ghaisce aige, rud atá annamh in earnáil na cumarsáide. Dar ndóigh, is é a leag ceann de bhunchlocha thionscal na meán Gaeilge agus a chuir oiliúint ar na céadta mac léinn cumarsáide ar na cúrsaí ceannródaíocha a bhí faoina chúram: an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach agus an BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Theastaíodh i gcónaí uaidh go n-éireodh go maith le daoine agus níl áireamh ar na mic léinn agus fostaithe óga a chuir sé ar bhóthar a leasa, dream atá anois ina léiritheoirí, stiúrthóirí, fiontraithe, úinéirí agus ceannasaithe ar chuid de na comhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge is rathúla sa tír.

Thar aon ní eile bhí croí mór ag Rónán. Ní fear é a bhí faoi smacht ag an gclog agus níor dhiúltaigh sé riamh do ghar, d’iarratas, d’achainí ná do smaoineamh, cuma cé chomh craiceáilte is a bhí sé! Ba mhinic é ag cabhrú, ag cur comhairle agus ag tacú le daoine. Is iomaí lá fada agus oíche dhorcha a chaith sé ag deisiú, ag leigheas agus ag baint an dochair de thuaiplisí éagsúla agus níor thug sé a chúl riamh d’fhear, bean ná páiste.

Ba mhór agamsa an tacaíocht, an chomhairle agus an saineolas a roinn Rónán Ó Dubhthaigh liom agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar a ghnaíúlacht, ar a fhlaithiúlacht ná ar a bhráithreachas. Bhí an fhoireann mór leis agus bhí seisean mór leosan. Aireoimid uainn an fear mór.

Odí Ní Chéilleachair


Agus comóradh 100 bliain ar bhreith Mháirtín Uí Chadhain ar bun in 2006, d’oibrigh Rónán agus mé féin ar fhíseán faoin údar cáiliúil ón gCnocán Glas, an Spidéal: Claíocha Arda: Máirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Bhíomar ag eagarthóireacht linn, Rónán ar na cnaipí, mise suite in aice leis ag ól tae, briseadh tobac á thógaint go rialta ag Ó Dubhthaigh. Ag pointe amháin, bhí radharc os ár gcomhair ar an scáileán, cónra an Chadhnaigh á hiompar chun na huaighe i Reilig Chnocán Iaróm, Baile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 1970.  Thosnaigh Rónán ag dul siar is aniar ar ghiota beag den fhíseán, siar is aniar go mall réidh.

 ‘Cad atá ar bun agat?’ dúirt mé féin. ‘Sin é m’athair chun tosaigh ar chlé faoin gcónra,’ arsa eisean. ‘Breathnaigh, casann sé a chloigeann agus féachann sé díreach i dtreo an cheamara; tá sé ag breathnú orm.  Tá sé ag inseacht dom go bhfuil sé ceart go leor.’ 

Cailleadh a athair nuair nach raibh Rónán ach bliain is fiche d’aois, ba chara le Máirtín Ó Cadhain é Fiachra Ó Dubhthaigh (1935–1987).

Tá Rónán é féin imithe uainn i bhfad ró-óg.  Déarfainn go bhfuil sé ag coinneáil comhluadair le carachtair na cille: Caitríona Pháidín, Jeaic na Scolóige, Tomás Taobh istigh, a athair, Fiachra, a Mham, Bláthnaid agus a dheartháir, Ciarán.

Seans go bhfuil sé ag éisteacht agus ag caint is ag cadaráil le glórtha na cille:

 ‘An saol céanna atá anseo, a Chaitríona, agus a bhí san ould country, ach gurb é a bhfeiceann muid an uaigh a bhfuil muid inti, agus nach bhféadann muid an chónra a fhágáil.’

Tá súil agam go bhfuil cead tobac sa chónra.

Solas síoraí ort, a Rónáin, is gan dearg go deo ná rabhair!

Aodh Ó Coileáin


Fear lách, ildánach a bhí i Rónán a thug an t-uafás cúnaimh do go leor leor daoine thar na blianta. Nuair a bhí sé i gceannas ar an gCúrsa Cumarsáide san Ollscoil sna nóchaidí, thug sé post páirtaimseartha dom ag luchtú chadhnraí an trealaimh agus ag plé le mic léinn. Bhí mé buartha, ní hamháin faoin easpa scile a bhí agam leis an trealamh ach faoin easpa Gaeilge a bhí agam chomh maith. ‘Tiocfaidh feabhas ar do chuid Gaeilge le cleachtadh,’ a dúirt Rónán liom, ‘Ní theastaíonn ach abairt amháin uait má thagann ort – Cuir ceist ar Rónán faoi sin,’ a dúirt sé agus miongháire mór ar a éadan. Bhí sé ag iarraidh cabhrú liom toisc gur mhac léinn aibí a bhí ionam agus chuidigh an post sin agus a chuid cineáltais agus tacaíochta go mór liom an chéim a bhaint amach. Suaimhneas síoraí dá anam uasal!

Daithí Ó Madáin


Slán, a chara

Mo bhuíochas as an am a chaith tú liom,
Mo bhuíochas as an aire a thug tú dom,
Mo bhuíochas as an gcairdeas, as an gcomhluadar is an chraic,
Mo bhuíochas as an méid a thug tú dom go fial flaithiúil.

Go raibh maith agat as ucht na ndeiseanna a thug tú dom,
Go raibh maith agat as ucht na comhairle a bhí agat dom,  
An t-am a chaith muid ‘Idir Mhagadh is Dáiríre’,
Go raibh maith agat as na hoícheanta go maidin is an chraic.

Anois agus an turas sin thart,
Ba mhaith liom, a chara, Slán a rá leat!

Fionn Ó Sealbhaigh