Eagarfhocal

Is mór an onóir dúinn fáilte a chur romhaibh chuig an deichiú heagrán de An Reiviú, iris acadúil a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach bliain. Is eagrán speisialta é eagrán na bliana seo ó tharla gurb é an deichiú heagrán é agus gurb é an chéad uair a bhí seoladh ar an láthair againn ó tharla Paindéim Covid-19.

Tá réimse leathan ábhair san iris i mbliana; cúrsaí aistriúcháin, pleanáil teanga, teangeolaíocht, sochtheangeolaíocht agus teagasc na Gaeilge. Táimid ag súil go mbainfidh sibh taitneamh agus leas as an gcnuasach aistí seo.

Tá an Coiste Eagarthóireachta thar a bheith buíoch de gach duine a thug cúnamh dúinn an t-eagrán seo den iris a fhoilsiú.  Táimid fíorbhuíoch díobh siúd ar fad a scríobh na hailt agus de na piarmheasúnóirí freisin, a bhí an-fhlaithiúil go deo lena gcuid ama, óir ní bheadh aon fhoilseachán ann dá n-uireasa.  Ár mbuíochas chomh maith leis an Ollamh Máirín Nic Eoin as ucht an iris a sheoladh i mbliana; thoiligh sí tabhairt faoin gcúram sin anuraidh agus an bhliain roimhe sin, ach gur cuireadh an seoladh ar ceal an dá bhliain sin.  Táimid an-sásta go mbeidh sí linn agus an iris á seoladh i nGaillimh i mbliana.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hAnna Davitt freisin ó Fhoras na Gaeilge, agus leis an bhForas féin, as urraíocht agus tacaíocht a thabhairt do An Reiviú ó bunaíodh an iris in 2013.

Gabhaimid buíochas freisin leis an dearthóir Shannon Reeves atá ag plé le dearadh na hirise ó bunaíodh í chomh maith, agus a chuireann slacht ar ábhar na hirise gach bliain.

Agus ar ndóigh, cá mbeimis gan an Dr Dorothy Ní Uigín a bhí mar laoch againn in am an ghátair. Ní gá a rá go bhfuilimid fíorbhuíoch as gach uile ní dá ndearna sí dúinn; na ranganna ar fad agus an cúnamh a chuir sí ar fáil dúinn de lá agus d’oíche maidir leis an bhfoilseachán seo.  Bhí an t-ádh geal orainn go raibh sé de dheis againn a bheith i mbun oibre ar An Reiviú faoina cúram.

 

An Coiste Eagarthóireachta

Rhiann Flemming, Andrew Garnett, Shane McLoughlin, Dara Ó Conghaile