Eagarfhocal

Is mór an chúis áthais agus bhróid dúinne, seisear ban Choiste Eagarthóireachta na bliana seo, fáilte a chur romhat chuig an ochtú heagrán den Reiviú.  Iris acadúil is ea An Reiviú a bhíonn á foilsiú ar bhonn bliantúil ag mic léinn chéad bhliana an chúrsa MA sa Léann Teanga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.  Agus cuid againn inár n-ábhair aistritheoirí agus cuid eile inár n-ábhair pleanálaithe teanga, táimid an-sásta roinnt alt a bhaineann leis na réimsí sin a bheith san áireamh in iris na bliana seo.  I measc na n-ábhar eile a chlúdaítear inti, tá an teicneolaíocht, teagasc teangacha agus cúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge, mar aon le cúig léirmheas ar leabhair idir shean agus nuafhoilsithe.  Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as ábhar inniúil, ilghnéitheach an eagráin is déanaí seo a chur faoi d’fhiacail agus is mór againn a bheith in ann cur leis an mbunachar acmhainní atá ann do lucht léinn na Gaeilge, go háirithe in aimsir seo na dianghlasála.

Táimid go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair dúinn agus an t-eagrán seo den Reiviú á chur in eagar.  Táimid thar a bheith buíoch den Dr Malachy Ó Néill, atá ina Phropast ar Champas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, as glacadh lenár gcuireadh an réamhrá a scríobh agus den Ollamh Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita de chuid Roinn na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a ghlac leis an gcuireadh eagrán 2020 den Reiviú a sheoladh.

Ar ndóigh, is iad na scríbhneoirí cumasacha, a d’fhreagair an glaoch agus a chuir ailt agus léirmheasanna chugainn, croí an tsaothair seo.  Gabhaimid buíochas leo agus molaimid go mór iad as an dua a chaith siad lena gcuid saineolais agus taighde a chur ar fáil don Reiviú.  Ní mór aitheantas ar leith a thabhairt do na piarmheasúnóirí freisin as an dúthracht agus dea-thoil a léirigh siad d’fhonn ardchaighdeán An Reiviú a chinntiú arís eile i mbliana.  Ba ríluachmhar í an taithí réalaíoch, phraicticiúil a bhain le hullmhú agus le foilsiú na hirise seo dúinne mar choiste agus bhaineamar idir thaitneamh agus tairbhe as an teagmháil a bhí againn leo siúd ar fad a bhí páirteach inti ó thús go deireadh an phróisis. 

Chomh maith leis sin, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do dhearthóir shuíomh An Reiviú, Shannon Reeves, a chuireann cuma shlachtmhar, shnasta ar an suíomh gach bliain.   Táimid thar a bheith buíoch, go háirithe i mbliana agus cúinsí reatha mar atá, a bheith in ann ábhar An Reiviú a chur ar fáil ar líne.  Gabhaimid buíochas freisin le Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar an togra agus a thacaigh leis ó céadbhunaíodh in 2013 é.

Ar deireadh, ba mhaith linn ár mórbhuíochas a ghabháil le foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge – go háirithe an Dr Dorothy Ní Uigín – a roinn a cuid ama go fial, flaithiúil linn chun treoir agus cuidiú a thabhairt dúinn agus múineadh agus comhairle a chur orainn agus muid ag stiúradh an tionscadail seo.

Is iomaí uair an chloig a chaith an coiste ag eagrú, ag profú agus ag tacú lena chéile agus tá súil againn gur iomaí uair an chloig scagaidh agus léitheoireachta agus gur iomaí ábhar machnaimh a chuirfidh an toradh deiridh ar fáil do léitheoirí An Reiviú

An Coiste Eagarthóireachta

Róisín Masson, Aoife Ní Chonghaile, Clodagh Ní Éilí, Fiona Ní Fhátharta, Sionainn Ní Ghréacháin, Máire-Áine Uí Ailín