Is cúis mhór bhróid agus áthais dúinn, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2020/21, na mílte agus na múrtha fáilte a chur romhat chuig an naoú heagrán den Reiviú, iris acadúil a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar bhonn bliantúil. Cuimsítear réimse leathan ábhar san iris i mbliana, lena n-áirítear pleanáil teanga, teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht, teagasc teangacha, an léann dúchais, cúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge. Anuas air sin, tá léirmheasanna ar réimse leabhar a bhaineann le léann na teanga. Táthar ag súil go mbeidh an t-eagrán seo ina acmhainn luachmhar thaitneamhach do lucht léinn na Gaeilge.
Táimid go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair dúinn agus an t-eagrán seo den Reiviú á chur in eagar. Táimid fíorbhuíoch den Dr Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath as an réamhrá a scríobh.
Chuir féile, díograis agus cineáltas scríbhneoirí na n-alt gliondar orainn mar choiste eagarthóireachta, agus, ar ndóigh, ní bheadh ann don iris gan iad. Táimid fíorbhuíoch díobh as a gcuid saineolais a roinnt go flaithiúil linn. Ba mhaith leis an gCoiste Eagarthóireachta buíochas a ghabháil freisin leis na piarmheasúnóirí as ucht a gcuid oibre, a chuir le hardchaighdeán na hirise.
Táimid buíoch d’Anna Davitt agus d’Fhoras na Gaeilge as an urraíocht fhlaithiúil a chuir siad ar fáil ó bunaíodh An Reiviú. Gabhaimid buíochas leis an dearthóir Shannon Reeves a chuireann slacht ar an iris bliain i ndiaidh bliana.
Is mór againn an cúnamh a fuair muid ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chomh maith. Táimid go mór faoi chomaoin ag an bhfoireann uile. Ba í an Dr Dorothy Ní Uigín bunchloch agus crann taca an tsaothair agus b’iontach an chúis mhisnigh agus mhuiníne dúinn an treoir fhoighneach a roinn sí go flaithiúil linn. Go raibh míle maith agat, a Dorothy.
Bliain eisceachtúil a bhí ann, agus ní raibh deis againn casadh ar a chéile mar choiste. Cé nach raibh againn ach cruinnithe fíorúla, bhaineamar an-taitneamh as an iris a chur le chéile. Tá súil againn go mbainfidh lucht léite na hirise an taitneamh céanna as scagadh a dhéanamh uirthi.
An Coiste Eagarthóireachta
Darragh Mac Giolla Phádraig, Ciarán Mac Uidhir, Niamh Ní Chuinn, Niall Ó Cléirigh, Tadhg Ó Duinnshléibhe agus Máire Uí Dhufaigh