DOI: https://doi.org/10.13025/2xcg-rh42

Réamhrá

Bíonn éacht nach beag ag baint le foilseachán ar bith a thabhairt chun cló ar bhonn rialta, bua sa bhreis más ábhar acadúil a bhíonn i gceist.  Is é seo an t-ochtú heagrán den iris phiarmheasúniathe seo, Léann Teanga: An Reiviú agus tá an t-imleabhar reatha á fhoilsiú i gcomhthéacs eisceachtúil ar fad mar gheall ar an ghéarchéim san am i láthair mar gheall ar COVID-19.  Is beag caint a bhí ar an choróinvíreas nuair a fógraíodh an ghairm ar pháipéir tamall de mhíonna ó shin ach mar is dual don fhoireann eagarthóireachta – eagarthóirí úra bliain i ndiaidh bliana – tá doimhneacht, éagsúlacht agus saíocht go leor le feiceáil ar leathanaigh na hirise seo arís i mbliana.

Éiríonn leis na mic léinn seo ábhar sainiúil a mhealladh ó gach aon chearn den tír agus ó scoláirí idirnáisiúnta fosta le cnuasach aistí agus alt a chur i dtoll a chéile.  Tá focal molta saothraithe ag na rannpháirtithe ildánacha seo ar fad, scríbhneoirí a chuireann ailt, léirmheasanna agus aistriúcháin ar fáil don fhoilseachán seo gach bliain agus go leor acu ag filleadh le hábhar nua arís eile san eagrá seo.  Teangeolaíocht agus téarmaíocht, teagasc agus foghlaim na Gaeilge, an phleanáil teanga agus saol na Gaeltachta, nuachtáin agus iriseoireacht na Gaeilge, insealbhú teanga agus an mheaisínfhoghlaim, úrscéalaíocht agus aistriúcháin.  Tá ábhar iomadúil agus ilghnéitheach anseo ó thús deireadh agus ábhair a bheas inspéise againn uilig: taighdeoirí agus teagascóirí, foghlaimeoirí agus aistritheoirí, scoláirí agus gníomhairí teanga.

Tá foghlaim na Gaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla mar lárthéama ann tríd seo.  Tugtar léargas fosta ar ról na teicneolaíochta i leathnú na ndeiseanna foghlama sin.  Téann alt Kevin Scannell i ngleic leis an mheaisínfhoghlaim i gcomhthéacs na Gaeilge agus pléann sé go mionsonraíoch le cuid de na himpleachtaí don chlaonadh inscne.  Is léir óna chuid taighde anseo go bhféadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith leo ó thaobh na gclaontaí inscne de.  Tá an-léargas san alt seo mar gheall ar a chuid saineolais ar an réimse ríomheolaíochta seo, feinimeán atá ag éirí níos coitianta ar bhonn laethúil agus a bheas lárnach i ngach aon chuid den saol san am atá le teacht.

Míníonn sé gurb ionann an mheaisínfhoghlaim agus ‘raon leathan teicnící a ligeann don ríomhaire scileanna nua a fhoghlaim as a stuaim féin’ agus léiríonn sé go sonrach na féidearthachtaí maidir le ríomhaistriúchán a shocrú ó Bhéarla go Gaeilge sa chéad dul síos agus idir teangacha eile amach anseo.  Ach le bheith ábalta córas mar seo a chur i bhfeidhm, ní foláir an meaisín a oiliúint i dtosach báire agus leagtar amach san alt seo an tábhacht a baineann le ‘sonraí traenála’ a sholáthar don mheaisín agus ligint dó beart a dhéanamh de réir a bhriathair ina dhiaidh sin.  Pléann sé fosta le ‘líonraí néaracha’, teicníc ar leith de chuid na meaisínfhoghlama a thugann deis don ríomhaire creatlach mhatamaiticiúil a úsáid le fadhbanna a réiteach le cur chuige algartamach.  Tá doras á oscailt ag Scannell sa taighde reatha seo a chuireann ar ár gcumas na mórfhéidearthachtaí a bhaineann leis an anailisiú sonraí a thuiscint ach, níos tábhachtaí b’fhéidir, cuid de na baoil a aithint chomh maith.

Tá dhá alt ann a phléann leis an phleanáil teanga i nGaeltachtaí éagsúla: Margarita Neothallaigh a thugann faoin Phlean Teanga i nGaeltacht na Mí; agus Caitríona Breathnach a dhéanann plé cuimsitheach ar an ‘eispéireas taighdeora’ amuigh sa ghort i nGaeltacht na nDéise.  Cé go bhfuil siad beirt ag plé le Limistéar Pleanála Teanga (LPT) éagsúil, tá cosúlachtaí go leor idir an dá chás, na dúshláin agus na deiseanna inchurtha lena chéile.

Pléann Brian Ó Donnchadha leis an Tumoideachas bunaithe ar an taithí atá aige mar oide san earnáil seo le fiche bliain anuas agus taighde atá déanta agus bailithe aige i gcomhthéacsanna éagsúla.  Tugtar cúlra stairiúil an tumoideachais in Éirinn agus déantar scagadh agus anailís ar earráidí coitianta ag tumdhaltaí.  Cíorann Karen Ní Chlochasaigh cás na Gaeilge maidir le sealbhú an TX (coincheap Deweale) i gcodarnsnacht le léiriú T1, T2, T3 agus araile.  Amharctar go mion ar na cúinsí indibhidiúla a imríonn tionchar ar shealbhú éifeachtach den dara teanga agus pléitear coinbhinsiúin, nósmhaireacht agus dea-chleachtais idirnáisiúnta agus impleachtaí ar leith d’insealbhú na Gaeilge sa chóras oideachais in Éirinn.

Tá Áine Nic Niallais ‘chun spairne’ le Briathra Frásacha na Gaeilge (briathar agus réamhfhocal i gcuideachta a chéile go minic) agus léiríonn an ghné seo de theangeolaíocht na Gaeilge le ‘Comhrac na nDineasár’ i gcomhthéacs foghlama.  Pléann sí le príomhchineálacha struchtúr agus le hinsealbhú teanga, friotal agus deismireachtaí a chothú ar dhóigheanna éagsúla agus dul an Bhéarla a sheachaint sa Ghaeilge labhartha agus scríofa.  Déantar rangú spéisiúil de ‘raon na n-úsáidí’ agus leagtar amach samplaí iomadúla go slachtmhar i dtáblaí úsáideacha soléite.

Déanann Padaí de Bléine plé ar a chuid taithí féin mar aistritheoir ar úrscéalta do pháistí.  Pléann sé go córasach le scéim na n-aistriúchán do Ghaeilgeoirí óga ó thuaidh, córas agus comhthéacs a bhfuil taithí na mblianta aige orthu.  Is féidir go leor a fhoghlaim ón chur chuige chéimiúil a léirítear anseo agus ón tuairimíocht atá bailithe aige ó agallaimh le haistritheoirí eile in Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann (CCEA) agus leis an chomhairle oideachais san Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.  Is ionaid iad seo chuireann soláthar sainiúil ar fáil do phobal léitheoireachta na nGaelscoileanna ó thuaidh, pobal scoile atá ag fás de shíor le tríocha bliain anuas agus a fágadh in áit na leathphingine minic go leor go dtí gur tugadh deis mhacasamhail an údair seo dul i mbun aistriúcháin.  Léiríonn de Bléine cás-staidéar a rinne sé ar an chéad daichead leathanach den úrscéal Toro! Toro! (le Michael Morpurgo) a d’aistrigh sé féin go Gaeilge.  Mar chuid den taighde, seoladh an téacs aistrithe chuig deichniúr múinteoirí a bhí ag obair in Eochairchéim a Dó (le páistí 9–11 bliain d’aois) i nGaelscoileanna sa tuaisceart agus iarradh orthu an téacs féin agus dul na teanga san aistriúchán a mheas.  Tá rangú spéisiúil déanta anseo ar chur i bhfeidhm na simplíochta ar mhaithe le léitheoirí óga, mar shampla: ‘thug mo thuismitheoirí Antonio orm’ in ionad ‘tugadh Antonio orm’ (an saorbhriathar a sheachaint) nó ‘ghlan sé na deora dá aghaidh’ mar mhalairt ar ‘chuimil sé lorg na ndeor dá leicne’.  Cuireann sé comhairle a leasa ar dhuine ar bith eile a mbeadh cúram mar seo roimhe/roimpi: ‘Ní leor don aistritheoir an buntéacs a thuiscint, ní mór dó an scéal a athinsint i dteanga atá nádúrtha, a bhfuil rithim léi agus atá soléite’.

Tugann Séamus Ó Coileáin faoi mheon an aistritheora féin (agus faoin bhuairt a théann leis) in alt a bhfuil ‘Scéal fá Dhá Leabhar’ mar fhotheideal air.  Pléann sé teoiric Venuti maidir le  ‘dofheictheacht’ an aistritheora agus úsáideann sé samplaí spéisiúla ó shaothair cháiliúla Bhéarla ar iompaíodh go Gaeilge iad: Eachtra Robinson Crúsó, Asarlaí Oscartha Oz agus Don Cíochóte.  Déantar scagadh anseo fosta ar chur chuige na n-aistritheoirí Gaeilge agus cuirtear san áireamh comhairle chneasta ó scríbhneoirí agus ó aistritheoirí Gaeilge eile, Brian Ó Nualláin agus Antain Mac Lochlainn ina measc siúd.  Deir sé gurb ‘í dofheictheacht nó neamhfheictheacht an aistritheora an tslat tomhais is mó lena meastar aistriúchán litríochta’ ach léirítear le solaoidí seiftiúla go dtéann sé crua ar an aistritheoir Gaeilge (nó teanga ar bith eile) a bheith dílis do dhul agus do chomhthéacs na chéad teanga i dtólamh. 

Tá an gort seo treafa cheana féin ag Seán Mac Corraidh ina mhórshaothar Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir (2004) ach filleann sé ar oidhreacht Ultach agus ar Rann na Feirste féin san alt ‘Téarmaí gan Iomrá’, imearatas focail a thugann nod dá dhúchas Ultach agus dá dhílseacht do cheantar áirithe de chuid na Rosann i dTír Chonaill.  Déantar mionscrúdú anseo ar théarmaí a d’úsáid nó a chum Seosamh Mac Grianna agus é ag iompú Béarla go Gaeilge sa dara ceathrú den chéad seo a chuaigh thart ach téarmaí, dar leis, ‘nach raibh i gcúrsaíocht ina dhiaidh sin’.  Cuireann sé ar fáil liosta focal, frásaí, nathanna cainte agus téarmaí a d’úsáid Mac Grianna ina chuid aistriúchán.  Tugadh neamhaird don stór focal seo ó shin (níor úsáideadh na haistriúcháin ar chor ar bith agus Foclóir de Bhaldraithe á thiomsú, a deir Mac Corraidh) agus cuirtear na téarmaí seo taobh le leaganacha na bhfoinsí digiteacha a bhíonn in úsáid againn anois ar mhaithe le comparáid cheart a éascú.  Is iontach an saibhreas atá le ceapadh sna solaoidí seo agus tá blaiseadh luachmhar anseo ar a bhfuil ar fáil go fóill i litríocht na haoise sin a rachadh go mór chun sochair do Ghaeilge theicniúil an lae inniu.

Tá sé feiliúnach go bhfuil cúrsaí aistriúcháin mar bhunchloch do ‘Rannóg na bhFochéimithe’ mar a bhfuil aistriúchán ón Fhraincis le Rosa Kalla le fáil mar eiseamláir den obair a dhéanann mic léinn an Acadaimh.  Tá Un Appartement à Paris le Guillaume Musso aistrithe ag Rosa mar Árasán i bPáras agus an obair leagtha amach go slachtmhar tríd síos.  Is fiú an caidreamh seo idir mic léinn na gcúrsaí san Acadamh agus obair na rannóige a thabhairt faoi deara.  Tá alt iontach anseo fosta le Dorothy Ní Uigín, ceannaire na gcúrsaí ansin, a chruthaíonn deiseanna do mhic léinn dul i dtaithí ar an eagarthóireacht nó ábhar a fhoilsiú iad féin gach bliain.  Ar a bharr sin, soláthraíonn Dorothy ábhar luachmhar í féin i ngach eagrán agus tá an léamh aici anseo ar an nuachtán Anois fíorspéisiúil mar thrácht ar an iriseoireacht Ghaeilge i gcoitinne, ‘Céad-Táblóideach na Gaeilge’ á scrúdú aici go húdarásach.

Is cuid lárnach agus luachmhar den iris seo iad na léirmheasanna a sholáthraítear ar an ardán seo gach bliain.  Tá cúig cinn de léirmheasanna spéisiúla ar shaothair éagsúla agus ceann acu a phléann le mórthéama an eagráin seo ar fad – cúrsaí aistriúcháin.  Tugann Eoin P. Ó Murchú léargas luachmhar dúinn ar an teoiric idirnáisiúnta atá ar fáil in Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language (1997) le Douglas Hofstadter agus Clément Marot. ‘Leabhar trom toirtiúil tiubh’ mar a deir sé féin ach lón machnaimh do lucht an aistriúcháin in Éirinn (agus i bhfad i gcéin) agus iad ag iompú téacsanna go Gaeilge (nó a mhalairt).

Tá saothar a bhaineann le mórlaochra na miotaseolaíochta agus le mórlaochra na litríochta comhaimseartha idir chamáin chomh maith.  Tá Titley le Máirtín Coilféir faoi scrúdú ag Róisín Masson agus Clodagh Ní Éilí; agus Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí á mheas ag Marie Whelton mar ‘leagan úr d’eipic dhúchasach a thuilleann áit bhuan i gcanóin liteartha na Gaeilge’.

Tá stair na Gaeilge agus cúrsaí pleanála teanga mar théamaí coitianta fosta ar an iris seo agus ní ionadh mar sin go bhfuil léirmheas ag Aoife Ní Chonghaile agus Máire-Áine Uí Ailín ar An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh le Tadhg Ó hIfearnáin mar atá déanta ag Fiona Ní Fhátharta agus Sionainn Ní Ghréacháin leis An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge le Noel Ó Murchadha.

Tá saíocht agus saineolas go leor i ngach aon chuid den eagrán seo de Léann Teanga: An Reiviú.  Tá ardmholadh tuillte gan amhras ag lucht eagair na hirise agus ag na rannpháirtithe uilig.  Is leor scolárthacht agus dúthracht de ghnáth le hiris mar seo a thabhairt chun críche agus tá seiftiúlacht agus draíocht de chinéal éigin eile ag teastáil le foilseachán den chaighdeán seo a chur i dtoll a chéile in aimsir seo na géarchéime COVID-19.  Múineann gá seift, ar ndóigh, agus tréaslaím le gach duine a bhfuil baint acu leis an eagrán iontach seo den iris.  Gura fada buan sibh!