(Nóta: Tá an t‑alt seo mar chuid de thionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) faoin gclár taighde agus nuálaíochta ‘Horizon 2020’ de chuid an Aontais Eorpaigh (conradh deontais uimhir 802695). Thacaigh Acadamh Ríoga na hÉireann le taighde atá luaite san fhoilseachán seo chomh maith agus táim fíorbhuíoch díobh as maoiniú a chur ar fáil dom le taisteal chuig cartlanna i gCúige Uladh. Táim buíoch freisin de Phádraig Chonaill, Brendan Ó Dufaigh, Máire Nic Cathmhaoil agus Séamus Mac Dháibhéid as cabhair fhlaithiúil a thabhairt dom agus mé i mbun taighde.)
![]() |
Bronnadh sparánacht taistil ar an údar chun freastal ar an gcomhdháil ‘CARTLANN: Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ a reáchtáladh in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. Cuireadh ábhar na haiste seo i láthair i bhfoirm póstaeir le linn na comhdhála sin. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN. |
Réamhrá
In 2024, bhí 120 bliain slánaithe ag na Coláistí Gaeilge ón lá a osclaíodh an chéad Choláiste i gCorcaigh in 1904. Cé go bhfuil cuimhní ar leith ag glúnta éagsúla d’Éireannaigh ar a bheith ag freastal ar chúrsaí sna Coláistí gach samhradh ó shin, is beag atá ar eolas i gcoitinne go fóill faoi stair fhada na n-institiúidí sin. Is iad Nollaig Mac Congáil agus Seán Ó Coigligh na húdair is mó go dtí seo atá tar éis scéal na gColáistí Gaeilge i mblianta luatha na hAthbheochana a insint. Tá ocht gcinn d’ailt scríofa ag Nollaig Mac Congáil ar ghnéithe éagsúla de stair na gColáistí Gaeilge. Sa chomhthéacs Ultach, tá ailt scríofa aige ar Choláiste Chomhghaill, Béal Feirste, ar Choláiste Uladh, Cloch Cheann Fhaolaidh, Tír Chonaill agus ar Choláiste na gCeithre Máistrí, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Is é tráchtas Sheáin Uí Choigligh, Na Coláistí Gaeilge mar ghné d’Athbheochan na Gaeilge, 1904–1912, an saothar is iomláine go dtí seo ar luathstair agus ar chomhthéacs oideachasúil na gColáistí Gaeilge. Seachas sin, áfach, is in ailt agus i leabhair fhánacha a fhaightear eolas ar ghnéithe éagsúla d’obair na gColáistí thar na blianta, agus is annamh freisin a fheictear trácht ar ról na gColáistí agus mórimeachtaí staire an 20ú haois á bplé ag scoláirí. In 2025, tá os cionn 100 bliain caite ó Chríochdheighilt na hÉireann in 1921, agus ó cruthaíodh dhá chóras oideachais éagsúla sa tír seo in 1922 — nithe a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stair na tíre agus ar ghluaiseacht na teanga ach go háirithe. Ina ainneoin sin, áfach, níl ann do shaothar acadúil go fóill a thugann faoi ról na gColáistí Gaeilge sna himeachtaí sin a mheas. Cuireann an t-alt seo roimhe, mar sin, léargas a thabhairt ar luach na gColáistí Gaeilge do ghluaiseacht na teanga i gCúige Uladh sna blianta luatha i ndiaidh na Críochdheighilte sna 1920í agus 1930í. Díreofar ar Rann na Feirste i dTír Chonaill mar chás-staidéar a thugann léargas ar leith dúinn ar thábhacht na gColáistí maidir le forbairt agus buanú Ghaeilge Uladh ar an dá thaobh den teorainn a scar an cúige in 1921.
Sracfhéachaint ar Fhorbairt na gColáistí Gaeilge i gCúige Uladh roimh 1921
Ar an 4ú lá de mhí Iúil 1904 a osclaíodh an chéad Choláiste Gaeilge, Coláiste na Mumhan, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Cuireadh tús leis an gColáiste chun múinteoirí náisiúnta na tíre a oiliúint sa Ghaeilge agus modheolaíocht oiriúnach chun í a theagasc, agus chun cainteoirí dúchais a spreagadh le dul leis an múinteoireacht. (Le haghaidh míniú domhain a fháil ar an gcomhthéacs oideachasúil agus stairiúil as ar eascair na Coláistí, féach Ó Coigligh, 2014: 31–170; McCafferty, 2024: 33–58.) Ar dhaoine fásta a bhí na Coláistí dírithe ar dtús mar sin, cé go bhfuil samplaí éagsúla ann de pháistí a bheith ag freastal orthu i rith na mblianta luatha. (Nic Congáil,2022: 55–62; Mac Diarmada, 2020: 97–111.) Tá tábhacht ar leith ag baint le Cúige Uladh i luathstair na gColáistí, óir i gCúige Uladh ba thúisce a bunaíodh Coláistí Gaeilge eile i ndiaidh 1904. Faoi dheireadh 1906, bhí Coláiste Chomhghaill (Béal Feirste), Coláiste na gCeithre Máistrí (Leitir Ceanainn, Tír Chonaill) agus Coláiste Uladh (Cloch Cheann Fhaolaidh, Tír Chonaill) oscailte (Mac Congáil, 2006: 110–40). Coláiste de chineál iomlán nua a bhí i gColáiste Chomhghaill óir bhí sé ag feidhmiú i gceantar uirbeach agus bhíodh na ranganna ar siúl istoíche agus ag na deirí seachtaine i rith an gheimhridh seachas i rith an tsamhraidh (Mac Congáil, 2009: 109–25). Ach bhí conspóid leanúnach ag baint le Coláiste Chomhghaill óir Gaeilge na Mumhan a bhí á teagasc ann, conspóid ba chúis le bunú na hArdscoile Ultaí sa chathair in 1911 le Gaeilge Uladh a mhúineadh do lucht a bhfreastalta (Ó Coigligh, 2014: 299–300; McCafferty, 2024: 82–6).
Dhá bhliain níos déanaí, in 1913, tháinig modheolaíocht nua chun cinn sna Coláistí Gaeilge darbh ainm ‘Modh Uí Thuathail’ nó ‘Modh na Ráite.’ Fear darbh ainm an tAthair Domhnall Ó Tuathail a chur tús leis, a bhí ag múineadh i Scoil samhraidh Gaeilge i nDún Phádraig, Co. an Dúin, agus é d’aidhm aige Gaeilge na ndaoine a thabhairt do na mic léinn. (McCafferty, 2022: 8–16.) Ba í an Ghaeilge bheo labhartha a bhí mar bhunús fhealsúnacht oideachasúil Uí Thuathail, agus mhaígh sé go bhféadfadh sé cainteoirí líofa a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí laistigh de shé mhí, ag baint úsáid as a mhodh féin bunaithe ar chaint nádúrtha na ndaoine (‘The Phrase or Dialogue Method of Teaching Irish’, An Claidheamh Soluis, [ACS feasta] 14.3.1914: 9). Cé nár chainteoir dúchais a bhí ann féin, dúirt sé i gcónaí gur fhoghlaim sé togha na Gaeilge ó sheanchainteoir dúchais as Co. Aontroma darbh ainm Máire Mhór (https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=550). Dhírigh Ó Tuathail ar an tumoideachas sa teanga bheo labhartha go príomha, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mbealach a bhfoghlaimíonn páistí focail agus frásaí óna dtuismitheoirí agus iad óg (Ó Tuathail, 1919). Chreid sé gurbh í an chaint bun agus barr foghlaim nádúrtha na teanga, arb fhéidir tógáil uirthi níos déanaí le scileanna scríbhneoireachta agus eile. Níorbh fhada go dtí gur tosaíodh ar leas a bhaint as an modh san Ardscoil Ultach agus i gColáistí Gaeilge eile a raibh Gaeilge Uladh chun cinn iontu, amhail Coláiste Bhríde a bunaíodh in Ó Méith, Co. Lú in 1912 a raibh ‘The Conversational College’ baiste acu orthu féin faoi 1916 (Ó Coigligh, 2014: 319; Fógra do Choláiste Bhríde, Ómeith, ACS, 24.6.1916: 11). Bhí Modh na Ráite in úsáid ag formhór na gColáistí Ultacha nua a bunaíodh sna 1920í chomh maith agus is cosúil mar sin gur féidir ‘An Modh Ultach’ a bhaisteadh ar an modh úd (McCafferty, 2024: 72–8).
Bliain chinniúnach a bhí in 1913 do Ghaeilge Uladh ar chúis eile freisin. Chuir an Ardscoil Ultach agus Ardchraobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste tús le scéim cheannródaíoch maidir le caomhnú agus leathnú na canúna sin a mbeadh tionchar ollmhór aici ar aos óg Bhéal Feirste go ceann i bhfad. I mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, foilsíodh grianghraf agus ainmneacha ceathrar cailíní óga in ACS a bhí roghnaithe le cúig seachtaine ‘de laethibh saoire’ a chaitheamh ar Choláiste Uladh i gCloch Cheann Fhaolaidh (‘Cumann na hÓige,’ ACS, 4.10.1913: 10). Foilsíodh litreacha na gcailíní in ACS ar fhilleadh go Béal Feirste dóibh, mar ar chuir siad síos ar an taithí a bhí acu sa Ghaeltacht, taithí a thugann léargas dúinn ar mhothúcháin an duine óig i bhfad ó bhaile agus le saoirse áirithe den chéad uair, faoi mar atá ag tarlú sna Coláistí Gaeilge le breis agus céad bliain (‘Cumann na hÓige – Comórtas – Laethe Saoire,’ ACS, 18.10.1913: 10). D’éirigh go han-mhaith leis an scéim seo ar tugadh ‘Ciste na bPáistí’ uirthi, agus bhí líon ard páistí á seoladh ó Bhéal Feirste chuig Coláistí Gaeilge i dTír Chonaill agus i gCo. Lú sar i bhfad.
In 1918, thug Séamus Ó Grianna moladh do ‘G[h]aedhil Bheulfeirsde’ as an scéim seo agus an obair a bhí á déanamh acu chun ‘an cineál cheart daoine a chur ’un na Gaedhealtachta’ (‘Ins an Ghaedhaltacht,’ Fáinne an Lae, 9.11.1918: 4). Bhí ardmholadh le tabhairt, dar leis, don tumoideachas a bhí i gceist leis na scoláireachtaí, agus leis an ngeallúint a bhí le tabhairt ag na páistí gan ach Gaeilge a labhairt agus iad sa Ghaeltacht: ‘Foghluimeochaidh an mac léighinn iongantas Gaedhilice nuair a chaithfeas sé an samhradh sa Ghaedhealtacht, agus gan cead aige Beurla a chanstan. Caithfidh sé a labhairt, sin nó bheith ‘na thost’ (FL, 1918: 4). Bhí borradh ag teacht ar na Coláistí Gaeilge ag an am seo i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916 agus i rith Chogadh na Saoirse agus an teanga chun cinn i gcúrsaí féiniúlachta náisiúnta mhuintir na hÉireann (McCafferty, 2025). Faoi dheireadh na bliana 1921, bhí breis agus 40 Coláiste agus Scoil Ghaeilge curtha ar bun agus dhá cheann d’éag acu sin lonnaithe i gCúige Uladh agus i gCo. Lú, leis an gcéad Choláiste Gaeilge dírithe go hiomlán ar pháistí (Coláiste Íde) oscailte i gCeann Chlochair, Co. Lú in 1919 (McCafferty, 2022: 18–9).
Críochdheighilt na Tíre & Comhthéacs Oideachasúil na Gaeilge
In 1921 cuireadh an Government of Ireland Act agus críochdheighilt na tíre i bhfeidhm, agus ar an 7 Eanáir 1922, ghlac an Dáil leis an gConradh Angla-Éireannach agus le cruthú Shaorstát Éireann – stát a thiocfadh i bhfeidhm go dlíthiúil ar an 6 Nollaig 1922 (Gannon & McGarry, 2022; Bourke, 2022). I mí Feabhra, 1922, deich mí sular bunaíodh Saorstát agus Tuaisceart Éireann go hoifigiúil, aistríodh seirbhísí oideachais na Sé Chontae ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste (Andrews, 1997: 59).
Sa Saorstát, bhí sé ríshoiléir go mbeadh an Ghaeilge ag croílár an chórais oideachais agus é beartaithe ag an rialtas an teanga a athbheochan trí na scoileanna náisiúnta, an uirlis chéanna a úsáideadh ón mbliain 1831 chun an Ghaeilge a chur faoi chois (Ó Laoire, 2019: 243–64; Akenson, 2012). Ó Lá Fhéile Pádraig 1922 bhí sé de dhualgas ar gach scoil náisiúnta i Saorstát Éireann an Ghaeilge a chur ar fáil mar ghnáthábhar, agus an teanga a úsáid mar mheán teagaisc sna gráid shóisearacha (Walsh, 2022: 142). Bhí ról tábhachtach ag na Coláistí Gaeilge sa pholasaí teanga seo, óir reáchtáladh cúrsaí oiliúna bliantúla do mhúinteoirí náisiúnta iontu darbh ainm ‘An Cúrsa Gaedhilge’ idir 1922 agus 1929 (McCafferty, 2024: 185–208).
Níorbh amhlaidh a bhí ag tarlú ó Thuaidh, áfach, agus níorbh fhada go dtí go raibh Aireacht an Oideachais sna Sé Chontae ag díriú ar stádas a bhaint den teanga. Bhí an Ghaeilge go hiomlán as alt le féiniúlacht na n-aontachtaithe a bhí lárnach sa rialtas nua, mar atá ráite ag Mac Póilin (2006: 122):
Ulster unionism by this point was in the final stage of a redefinition from an Irish unionism – culturally Irish and politically British – to a British unionism which rejected on principle all forms of Irish identity beyond the purely geographical. As there is no more unequivocal manifestation of an Irish cultural identity than the Irish language, interest in the language was itself seen as subversive to the state.
Dhá lá tar éis do na seirbhísí oideachais aistriú go Béal Feirste i Feabhra 1922, d’fhógair Lord Londonderry, Aire úr Oideachais Thuaisceart Éireann, nach mbeadh an teanga ar fáil sna bunscoileanna a thuilleadh ach amháin mar ábhar roghnach, agus nach mbeadh ábhar ar bith eile ar fáil trí Ghaeilge (Andrews, 1997: 59). I mí Lúnasa, dhear Bonapart Wyse, Rúnaí Cúnta Oideachais, polasaithe nua maidir leis na Coláistí Gaeilge sna Sé Chontae, agus glacadh leo cúig lá ní ba dhéanaí (Andrews, 1997: 60–1). Bhain na moltaí le haitheantas agus maoiniú iomlán a bhaint de na Coláistí Gaeilge agus dá gcuid teistiméireachtaí, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an dá Choláiste a bhí fágtha sna Sé Chontae: an Ardscoil Ultach agus Coláiste Chomhghaill (Andrews, 1997: 60–1). Is cosúil gur tháinig deireadh le Coláiste Chomhghaill dá dheasca sin, ach cé gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhí ag freastal ar an Ardscoil Ultach sna 1920í, lean an Ardscoil ar aghaidh i bhfoirgnimh éagsúla go dtí gur dódh go talamh í sna 1980í (Mac Maoláin, 1969: 135–7; Ulster Herald, 23.3.1929: 9; Forbairt Feirste & Foras na Gaeilge, 2010: 18–9).
Cé nár cuireadh cosc iomlán ar an nGaeilge i mbunscoileanna, nó ‘elementary schools’ na Sé Chontae mar a thugtaí orthu i ndiaidh 1922, chuir Aireacht an Oideachais neart srianta i bhfeidhm i rith na 1920í agus 1930í (Andrews, 1997: 55). Faoi 1923 bhí maoiniú agus aitheantas bainte de na Coláistí Gaeilge, agus an t-am a tugadh do mhúineadh na Gaeilge mar ábhar roghnach sna bunscoileanna laghdaithe go 90 nóiméad in aghaidh na seachtaine (Andrews, 1997: 65). In 1924 cuireadh srianta breise i bhfeidhm a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a mhúineadh do na ranganna sóisearacha, agus í ar fáil mar ábhar roghnach sna ranganna sinsearacha amháin as sin amach (Mac Póilín, 2006: 123). Fiú agus an rogha sin ar fáil, cuireadh an Ghaeilge i ngrúpa ‘B’ de na hábhair roghnacha, agus é éigeantach do scoláirí tabhairt faoi dhá ábhar i ngrúpa ‘A’ sula bhféadfaidís súil a chaitheamh ar ábhair ‘B’ (Andrews, 1997: 68). Mar atá ráite ag Andrews (1997: 68–9):
At best, Irish could only be a third choice and in such a crowded programme it would be lucky to be taught at all…the language now had the status which conformed to typical unionist thinking. It was classified amongst the foreign and dead languages, as far away from the core curriculum as possible, without being totally banned.
In 1926, cuireadh deireadh leis na táillí do mhúinteoirí as an nGaeilge a mhúineadh mar ábhar breise i ‘Standards III and IV’ na mbunscoileanna (Andrews, 1997: 70). Laistigh de bhliain, tháinig laghdú 70% ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sna bunscoileanna, agus in 1933, fógraíodh go gcuirfí deireadh iomlán leis na táillí a bhí ar fáil do mhúinteoirí an teanga a theagasc mar ábhar breise (Mac Póilín, 2006: 123; Andrews, 1997: 81–2). Cé nár cuireadh deireadh iomlán leis an nGaeilge i mbunscoileanna an Tuaiscirt, tá sé ríshoiléir gur thug Aireacht Oideachais an Tuaiscirt fogha géar faoin nGaeilge sa chóras oideachais sna 1920í agus 1930í. Léiriú is ea ainmniúchán sonrach na gColáistí Gaeilge sna srianta seo ar a dtábhacht maidir le cothú agus leathnú an oideachais Ghaelaigh i rith bhlianta luatha an 20ú haois. In ainneoin, agus mar gheall ar shrianta an rialtais in 1922, bheadh ról lárnach ag na Coláistí Gaeilge Ultacha sna 1920í arís maidir le deis oideachasúil a thabhairt do mhuintir na Sé Chontae, agus d’aos óg na scoileanna ach go háirithe.
Críochdheighilt na Tíre & Gluaiseacht na Teanga i gCúige Uladh
Tuigeadh do lucht na Gaeilge ó thuaidh nach bhféadfaí leanúint go praiticiúil faoi stiúir Chonradh na Gaeilge mar a bhí ó 1922 ar aghaidh, agus stádas na Gaeilge chomh héagsúil ar an dá thaobh den teorainn trí Chúige Uladh a scar tuaisceart agus deisceart na tíre. Thug Úna Ní Fhaircheallaigh, Ardollamh Choláiste Uladh, óráid phoiblí i mí Lúnasa 1923, inar labhair sí faoin dochar a bhí déanta do Chúige Uladh trí chéile de dheasca chruthú na teorann:
Crossing and re-crossing the border created by the recent unnatural division of this small Island, we realise in its iniquity, the crime that has been perpetrated against our nation. It is not as if a hand or a foot were looped off. Some of the vital organs have been withdrawn, with the exclusion of Ulaidh from the Councils and life in Ireland. (‘The Dissection of Ulster,’ Donegal Democrat, 3.8.1923: 3; Féach freisin Nic Congáil, 2010)
Anuas ar na dúshláin a bhí ann maidir leis an teanga i gcóras oideachais na Sé Chontae i ndiaidh 1922, bhí buairt ag fás sa ghluaiseacht teanga i gCúige Uladh go raibh éagóir á déanamh ar Ghaeilge Uladh sa Saorstát. De réir Uí Dhiolúin bhí ‘míshásamh fada, forleathan’ á léiriú ag Ultaigh maidir leis an tús áite a bhí tugtha do Ghaeilge na Mumhan san earnáil phoiblí, agus i measc cúrsaí foghlama Gaeilge dá bharr sin (Ó Diolúin, 2007: 326; O’Leary, 2004: 29–37) Mura mbeadh an Ghaeilge ar fáil do pháistí scoile ó Thuaidh, is cinnte nach gcothófaí Gaeilge Uladh ina measc, agus dá ndéanfaí dearmad ar Ghaeilge Uladh sa deisceart, cén seans a bheadh ag an gcanúint sin maireachtáil laistigh de Ghaeltachtaí Uladh gan trácht ar a bheith ag leathnú amach ó na ceantair sin? Ba ríléir go raibh gá le cumann faoi leith i gCúige Uladh, a bheadh in ann díriú go hiomlán ar obair na teanga ó thuaidh.
Tharla sé sin in 1926 nuair a bunaíodh Comhaltas Uladh agus é scríofa i miontuairiscí an chéad chruinnithe gurbh é ‘The revival of Irish as a spoken language in Ulster’ a bheadh mar aidhm ag an eagraíocht (‘Coisde Groithe Sealadach – Cruinniú 17/xi/26,’ Miontuairiscí Chomhaltas Uladh). Cuireadh Contae Lú faoi choimirce an Chomhaltais freisin ar mhaithe le cúrsaí canúna agus le tionchar chisteoir an Chomhaltais, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, a bhí ag obair le Coláiste Bhríde Ó Méith ó 1913 (Ó Diolúin, 2007: 322 & 331). Bhí baint fhada ag an Athair Ó Muireadhaigh leis na Coláistí Gaeilge, óir d’fhreastail sé ar Choláiste Uladh ar dtús in 1906. Ba chara speisialta é le Coláiste Bhríde Ó Méith ach go háirithe, Coláiste ar fhreastail sé air in 1912 agus ar mhúin sé ann ó 1913 go dtí gur bhog sé chuig Rann na Feirste in 1926. Ó Muireadhaigh a bhunaigh an iris iomráiteach An tUltach freisin in 1924. (Mac Giolla Chomhaill, 1982; https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2177). Bhí suntas nach beag ag baint le tuiscint Uí Mhuireadhaigh ar luach na gColáistí Gaeilge d’obair na teanga, óir bheadh na Coláistí céanna i gcroílár obair an Chomhaltais ó bhliain a bhunaithe ar aghaidh. Ag an gcéad chruinniú den Chomhaltas in 1926, aithníodh an dochar mór a bhí déanta don Ghaeilge i mbunscoileanna na Sé Chontae, ábhar gníomhaíochta do Chomhaltas Uladh ó shin i leith (‘Comh-dháil Gaedheal Uladh, i nÁrd Maca, Lá Fhéil Maolmhaodhog’, Miontuairiscí Chomhaltas Uladh, 1926. Feictear ‘Irish in the Six County Schools’ mar ábhar plé i miontuairiscí an Chomhaltais tríd síos na 1920í agus 1930í).
Níorbh fhada freisin go raibh an Comhaltas ag léiriú díomá faoi easpa Ghaeilge Uladh ar pháipéir scrúduithe ‘An Cúrsa Gaedhilge’ do mhúinteoirí i Saorstát Éireann:
The following resolution was passed unanimously: That it is the opinion of this Committee that neither Ulster Irish nor the programmes of the Ulster Gaelic Colleges received due recognition in the papers set at the November Examination for Teachers in the Free State Schools. (‘Coiste an Chúigidh – Cruinniú 8/12/27,’ Miontuairiscí Chomhaltas Uladh.)
Cé go raibh Coláistí Gaeilge ag feidhmiú i dTír Chonaill, a bhí mar chuid den Saorstát, níor tugadh cothrom na Féinne do chanúint Uladh in ábhair ná téacsanna ‘An Cúrsa Gaedhilge.’ (Féach, mar shampla, liosta na leabhar don Chúrsa in 1925 in FL, 9.5.1925: 2.) Bhí Comhaltas Uladh buartha go gcuirfeadh an mhíchothromaíocht sin le fás an aineolais ar Ghaeilge Uladh, agus toisc go raibh fogha á thabhairt faoin nGaeilge i scoileanna an Tuaiscirt freisin, ba bhuairt dhlisteanach í sin. Bhí tuiscint luath ann i measc bhaill Chomhaltas Uladh, mar sin, ar an tábhacht a bhain le seoladh an aosa óig chun na Gaeltachta chun an teanga a chur chun cinn. Ag an gcéad chruinniú oifigiúil den eagraíocht i mí na Samhna 1926, aontaíodh go mbunófaí scéim scoláireachtaí chun páistí a sheoladh chuig Gaeltachtaí Thír Chonaill (‘Coisde Groithe Sealadhach – Cruinniú 17/xi/26,’ Miontuairiscí Chomhaltas Uladh, 1926). Pléadh an scéim arís ag an gcéad chruinniú de ‘An Dáil Mhór,’ cruinniú bliantúil an Chomhaltais ar 6 Meitheamh 1927:
On the motion of Fr. L. Murray and Fr. C. Ward, it was agreed, after discussion, to provide two scholarships, value £5 each, in an Irish-speaking district, for students of Irish in each of the Six Counties, that candidates for these scholarships be under 17 years of age, and that the standard for examination be that of entrance to the Fainne.
Thabharfadh na scoláireachtaí seo deis do pháistí sna Sé Chontae tumadh a fháil i nGaeilge bheo Uladh ionas go bhféadfaidís í a chur chun cinn ina gcontaetha féin. Is léir ó thuairiscí nuachta an ama gur seoladh na páistí chuig Coláistí Gaeilge i Rann na Feirste, Tír Chonaill ar feadh míosa. (‘The Language Movement in Ulster,’ Fermanagh Herald, 17.12.1927: 6; Donegal News, 5.10.1929: 4.)
Díreofar anois ar ról ceannródaíoch na gColáistí Gaeilge sin maidir le dlús a chur faoin aos óg sna Coláistí ó na 1920í ar aghaidh, ag an am céanna go raibh formhór na gColáistí Gaeilge sa Saorstát gafa le cúrsaí do mhúinteoirí.
Ciste na bPáistí agus Coláiste Bhríde i Ros Glas, Co. an Dúin
Is i gcomhthéacs naimhdeas rialtas an Tuaiscirt i leith na teanga agus neamhaird rialtas Shaorstát Éireann ar Ghaeilge Uladh a cuireadh níos mó béime ar scéimeanna Gaeltachta don aos óg sna Sé Chontae sna 1920í agus 1930í, amhail Ciste na bPáistí i mBéal Feirste. Cé go raibh an Ciste ag feidhmiú le beagnach 20 bliain faoi 1921, chuir imeachtaí na Críochdheighilte isteach ar reáchtáil na scéime an bhliain sin agus in 1922. In 1921, thug Seán Mac Maoláin, gníomhaí teanga i mBéal Feirste, páistí na scéime chuig Rann na Feirste agus chuir sé ranganna ar siúl dóibh sa scoil náisiúnta. (Bhí an-taithí aige ar shaibhreas Ghaeilge an cheantair agus é pósta le bean as Doire na Máinseir, Anna Nic Giolla Chomhghain, Mac Maoláin, 1969: 130; ‘Ceann Dubrann 3,’ Agallamh le Seán Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste, 2004; Uí Laighléis, 2003).
Leagadh béim úr ar Chiste na bPáistí an bhliain dar gcionn in 1922 agus Tuaisceart Éireann ag teacht i bhfeidhm. Tugadh aitheantas do luach na scéime i litir a scríobh ‘Old Timer’ san Irish Independent i mí an Mheithimh:
In past years the Belfast Gaelic League sent a large number of the children attending their classes to Irish colleges in Donegal, Omeath, Clogherhead, and other centres in the summer months. It will, I suppose, be hardly possible for the Belfast Coiste Ceanntair to do so this year; but as their children have suffered, and are suffering, a good deal, I think an effort should be made to keep the tradition either by Aireacht na Gaedhilge or the Coiste Gnotha (‘Belfast Children and Irish,’ Irish Independent, 8.6.1922: 7).
Thug ‘The Phrase Method Committee’ freagra ar ‘Old Timer’ seachtain ní ba dhéanaí:
We thank ‘Old-Timer’ for his letter suggesting help from the Aire na Gaedhilge or Coisde Gnotha to send Belfast children, as in former years, to an Irish College. A few old-timers met in Father Toal’s parlour in order to keep up the tradition he mentions and arranged to send 30 children to Rossglass College for July – a good month to be out of Belfast (‘Belfast Children and Irish,’ Irish Independent, 13.6.1922, 6.1922: 7)
Luaitear ‘Rossglass College’ sa tuairisc seo, Coláiste nach maireann mórán eolais air ar chor ar bith. Is cosúil gur timpeall bliain nó dhó i ndiaidh bhunú Choláiste Íde i gCo. Lú, a bunaíodh Coláiste Bhríde Ros Glas, Co. an Dúin; Coláiste eile dírithe go hiomlán ar pháistí, a bhí faoi stiúir an Athar Uí Thuathail. (De réir Aedín Ní Choirbhin [1980] bunaíodh an Coláiste in 1920, agus deir Ciarán Uí Dhuibhín [2023] go raibh sé ar bun faoi 1921. Ní raibheas in ann teacht ar thagairt ar bith don Choláiste sna nuachtáin, áfach, go dtí an bhliain 1922). Ba dheis iontach í bunú an Choláiste don Athair Ó Tuathail leas a bhaint as a mhodh teagaisc féin, Modh na Ráite, agus leabhar foilsithe aige ar an modh sin in 1919. De réir chuntas Sheáin Mhic Mhaoláin ar an gColáiste in Misneach in 1922 (‘Colaisde na bPaisde i Ros Glas, 2.12.1922: 3):
Le cainnteóirí Gaedhilge a dhéanamh de na páisdí a cuireadh an Choláisde ar bun. Caidé eile dhéanfadh sí agus an t-Athair Ó Tuathail i n-a cionn?… Na daoine bhí ag teagasg ar an Choláisde i Ros Glas, bhí sean-chleachtadh agus eolas ceart ar Mhodh na Ráidhte aca. Ba neamh-ionann a gcuid oibre agus cuid de’n teagasg a dtabhairtear Modh na Ráidhte air. Le n-a chois sin, ba chainnteóirí dúthchais beirt de’n lucht teagaisg.
Bhí Modh na Ráite in úsáid ar bhealach ‘ceart’ anseo mar sin, agus an Coláiste faoi stiúir fhís Uí Thuathail an teanga bheo nádúrtha a theagasc. Fiú agus cainteoirí dúchais ar an bhfoireann teagaisc, díol spéise is ea lonnú an Choláiste i Ros Glas, óir níor Ghaeltacht a bhí sa cheantar sin sna 1920í, agus ba thumadh an fhoghlaimeora sa teanga bheo a bhí gar do chroí Uí Thuathail i gcónaí (Ní Choirbhin, 1980: 3–4). Ach b’fhéidir gur bhain suíomh an Choláiste lena chomharsanacht do Bhéal Feirste, mar a deir Ní Choirbhin (1980: 3–4): ‘Bhí an suíomh fóirsteanach go maith do chúrsaí samhraidh. Sa chéad áit, níl sé ach tríocha míle ó Bhéal Feirste, agus bhí seirbhís traenach fhad le Cill Locha. Tá an dúiche fairsing, folláin agus tá an trá sábháilte.’ Níor mhair an Coláiste ach go dtí samhradh 1923, tuairim is leathbhliain i ndiaidh bhás Uí Thuathail, ach lean an Coláiste ar aghaidh an bhliain sin faoi stiúir sagairt eile a raibh baint acu le gluaiseacht na teanga ó thuaidh, an tAthair Aodh Ó Brolcháin, an tAthair Fullerton agus sagairt eile ina measc (Ó Duibhín, 2023).
Bunú Choláiste Phádraig i Rann na Feirste, 1924
De réir Ní Choirbhin (1980: 4): ‘I samhradh na bliana 1924 chuaigh baicle d’iarscoláirí an choláiste (i Ros Glas) ar an turas fada go Tír Chonaill, go Rinn na Feirste, agus na sagairt dhílse sin, an tAthair Ó Brolcháin, an tAthair Ó Broin, agus an tAthair Mac an tSagairt, á dtionlacan.’ De réir cuntais in An tUltach in 1963, chuaigh Maighréad Nic Eoin, iar-theagascóir sa Choláiste i Ros Glas, chuig Rann na Feirste an bhliain chéanna sin in 1924, ‘nuair a bhí sí ag cuidiú leis an Athair Ó Brolcháin a bhunaigh an chéad choláiste samhraidh ansin’ (An tUltach, 1963: 2). Is dócha gurb é Coláiste Phádraig, Rann na Feirste, atá i gceist anseo – Coláiste do pháistí freisin. Níl aon saothar foilsithe go fóill a dhíríonn ar an gColáiste seo, agus is deacair teacht ar eolas ar bith faoi. Tá cúpla focal ag Pádraig Ó Baoill (2000: 225), áfach, faoin gColáiste in Ó Ghleann go Fánaid: ‘Bhí muintir Bhéal Feirste fosta ar na chéad daoine a chuaigh go Coláiste Phádraig i Loch na nDeorán, nuair a bhunaigh an tAthair Mac Luaidh (Fullerton) agus an tAthair Ó Brolacháin an Coláiste sin in 1924.’ Tá alt le hIóseph Ó Searcaigh (1976: 17–9) in iarsmalann Choláiste Bhríde a thugann léargas breise ar an scéal: ‘bhí coláiste ag an Ath. Ó Brollacháin as Béal Feirste [i Loch na nDeorán] – foirgneamh trí sheomra a tógadh go luath ins na tríochaidí’. Is cinnte gurbh é seo Coláiste Phádraig, agus an sagart céanna luaite leis. Cé nár tógadh foirgneamh an Choláiste go dtí am éigin sna 1930í, is cosúil go mbíodh an Coláiste á reáchtáil i Scoileanna Náisiúnta an cheantair roimhe sin, rud a tuairiscíodh in 1933:
We have the use of the National schools in Rann na Feirsde, for the college, which is divided into two classes, one for those who have been previously to the Gaedhealtacht and are fairly proficient. This class is taken by Johnny Sheamuisin, a native, a truly splendid type; he teaches by the phrase method. The other class, which is for children who are experiencing the Gaeltacht for the first time, is taken by a very experienced teacher specially sent from Belfast (Irish Press: 8).
Cé nach luaitear Coláiste Phádraig go sonrach san alt seo, is soiléir gurb é atá i gceist agus ní Coláiste Bhríde, óir na sagairt chéanna a bheith luaite, an bhéim ar Bhéal Feirste agus na ranganna a bheith ar siúl sna scoileanna náisiúnta seachas Coláiste Bhríde féin (bhí baint ag Johnny Shéamaisín leis an dá Choláiste, féach Nic Laifeartaigh, 2001) ) Is dócha gur féidir a rá, mar sin, nach raibh foirgneamh Choláiste Phádraig tógtha go fóill in 1933, ach is léir go raibh an Coláiste á reáchtáil. Feictear an bhéim a leagadh ar Mhodh na Ráite sa Choláiste seo chomh maith, cosúil le Coláiste Bhríde Ros Glas agus Ciste na bPáistí trí chéile, agus tuairiscíodh freisin:
The rules of grammar, phonetics, and reading have no place on the programme, the aim of the college is to make fluent Irish speakers…Before the children go to Rann na Feirsde they are pledged to speak in Irish only while in the Gaedhealtacht. This promise is made a very solemn and serious affair. An examination is held previously and children are rejected whose proficiency would not permit of their keeping this pledge. The children stop in the houses of the people, who are, of course, forbidden to speak English to them. Everything is provided from Belfast and back to Belfast, and the actual outlay per head runs to about £6 (Irish Press, 30.5.1933: 8. ).
Ba mar gheall ar scéim Chiste na bPáistí i mBéal Feirste a bunaíodh an chéad Choláiste Gaeilge do pháistí i Rann na Feirste, mar sin, agus ba Bhéal Feirstigh óga ba mhó a d’fhreastail air. De réir Ióseph Uí Shearcaigh, cheannaigh Coláiste Bhríde foirgneamh Choláiste Phádraig in 1940, agus an Coláiste ag streachailt go mór toisc nach rabhadar in ann ‘rations’ cogaidh a fháil ó rialtas na Sé Chontae (1976: 19). B’fhéidir gurb é sin an fáth a bhfuil sé fíordheacair obair Choláiste Phádraig a scaradh ó Choláiste Bhríde agus taighde á dhéanamh orthu. Tá an ceart ag Ní Choirbhin (1980: 3–4) maidir le ról Ros Glas ‘i scéal leanúnach na gcoláistí Gaeilge i gCúige Uladh,’ óir thug an Coláiste sin deis foghlama do pháistí sna blianta luatha i ndiaidh chríochdheighilt na tíre, chinntigh sé go leanfadh Ciste na bPáistí i mBéal Feirste ar aghaidh sna blianta sin, agus is mar thoradh ar Choláiste Ros Glas a bunaíodh an chéad Choláiste do pháistí i Rann na Feirste, mar a bhí, Coláiste Phádraig.
Coláiste Bhríde
Díreofar anois ar an gColáiste Gaeilge is iomráití i Rann na Feirste: Coláiste Bhríde. Cé nach bhfuil stair iomlán an Choláiste scríofa go fóill, craoladh clár raidió tábhachtach in 2020 a thugann léargas ginearálta ar ról Choláiste Bhríde i Rann na Feirste ó 1926 (Ó Dónaill, 2020). Ba mar chraobh de Choláiste Bhríde Ó Méith (b.1912) a thosaigh an Coláiste amach i Rann na Feirste in 1926, agus bhog an Coláiste as Ó Méith in 1927 óir bhí Gaeilge Oirialla ag dul i léig go mór. (‘Coláiste Bhríghde, Oméith’ An tUltach 3, uimh.4 [Bealtaine 1926], 1; ‘Coláisde Bhríghde, Rann-na-Feirsde,’ An tUltach 4, uimh.4 [Dómhnach Cásc 1927], 8; Gallagher: 2012 ‘Coláiste Bhríde Ó Méith Mara: Comóradh an Chéid 2012,’ Oidhreacht Oirialla). Chuimhnigh Peadar Ó Dubhda go raibh ‘seanbhunadh Ó Méith ag imeacht i gcré na cille rith an ama, duine ar dhuine, go dtí nach raibh fágtha díofa ach triúr nó ceathrar fán bhliain seacht is fiche,’ agus deir sé gurbh é ‘An Sagart Ó Muireadh a smaointiú ar an choláiste a aistriú go Rann na Feirste i dTír Chonaill. Bhí deireadh le Coláiste Ó Méith sa bhliain ocht is fiche’ (Cartlann RTÉ, 1950). D’oscail an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh Coláiste Bhríde Rann na Feirste i Meitheamh 1926, agus bhí an Coláiste sin faoina stiúir mar phríomhoide go dtí gur ghlac Comhaltas Uladh an cúram sin uaidh in 1935 (Ó Diolúin, 2007: 329 & 335; McCafferty, 2024: 223–9).
Bhí ról speisialta ag an aos óg i gColáiste Bhríde ón tús. In 1927, an chéad bhliain den Choláiste a bheith go hiomlán i Rann na Feirste, bhí seisiún speisialta le haghaidh ‘Scoil na bPáisde’ ar siúl i mí Lúnasa agus fógraíodh í mar seo a leanas:
Páistí a bhfuil measaracht Gaedhilge aca is fearr bhóirfidh an áit seo dóbhtha. Ní labhairtear innte ach Gaedhilg, agus, mar sin de, ba ghairid a bheadh a leithéid ag teacht isteach ar chainnt na ndaoine. Má’s maith leat an Ghaedhilg a thabhairt do na páisdí, cuir chuige Rann-na-Feirsde iad i Mí Lúghnasa. (‘Coláisde Bhríghde, Rann-na-Feirsde,’ An tUltach 4, uimh. 7 (Lughnasa 1927), 8)
Ba léir go raibh fás ag teacht ar líon na bpáistí an bhliain dar gcionn in 1928 óir bhí dhá sheisiún de ‘Scoil na bPáisde’ ar siúl sa Choláiste, i mí Iúil agus i mí Lúnasa, rud a fógraíodh go bródúil ar bhrollach An tUltach (An tUltach 5, uimh. 5 [Mí na Feil’ Eóin], 1). Bhí mí Iúil ina iomláine tugtha do na páistí faoin am seo (‘Coláisde Bhríghde, Rann-na-Feirsde,’ Réamheolaire an Choláiste do 1928, Iarsmalann Choláiste Bhríde. 1928: 1). Faoi 1932, ba léir go raibh an Coláiste ag tiontú níos mó i dtreo an aosa óig agus tuairiscíodh: ‘While courses are provided for teachers and adults during the month of August, Rannafast is primarily a Children’s College’ (Strabane Chronicle, 1932: 8). Tháinig fás mór ar líon na bpáistí a bhí ag freastal ar Choláiste Bhríde sna 1930idí, agus feictear i ngrianghraif a foilsíodh in An tUltach an chodarsnacht mhór idir an chéad sheisiúin de ‘Scoil na bPáistí’ in 1926, agus líon ard na scoláirí óga a bhí ag freastal díreach ar sheisiún amháin den scoil sin in 1935 (An tUltach 3, uimh. 8, 1926 agus An tUltach 12, uimh. 9, 1935). Is cosúil gur mhair na ranganna Gaeilge ar an gcúrsa do pháistí i gColáiste Bhríde ón 11am go dtí 3pm Luan go hAoine, le sos uair an chloig le haghaidh lóin (Strabane Chronicle, 1932: 8). Bhí an-bhéim ar shiamsa sa Choláiste, agus imeachtaí ar nós: bádóireacht, snámh agus dreapadh sléibhte á reáchtáil go minic, agus céilithe ar siúl cúpla tráthnóna i rith na seachtaine chomh maith (Strabane Chronicle, 1932: 8). Díol suntais is ea obair an Choláiste ar son Ghaeilge bheo Uladh agus ar Mhodh na Ráite chun í a theagasc – tá macalla mhaíomh Uí Thuathail le brath, go deimhin, i maíomh an Choláiste féin ‘that, after one session, we can make fluent Irish Speakers of children who have completed the ordinary National School programme.’ (in 1914, mar shampla, scríobh Ó Tuathail ‘I am convinced that, if the right method were followed, fluent speakers of Irish could be made in six months’ in ‘The Phrase or Dialogue Method of Teaching Irish,’ ACS, 14.3.1914, 9). Go deimhin bhí seanaithne ag an Athair Ó Muireadhaigh ar an Athair Ó Tuathail agus iad beirt ag teagasc in Ó Méith ó 1913. (Coláisde Bhrighde Oméith, Réamheolaire an Choláiste 1913, Iarsmalann Choláiste Bhríde Rann na Feirste.) In 1950, thagair Peadar Ó Dubhda don obair a bhíodh ar siúl acu beirt ansin an Ghaeilge bheo a scaipeadh i measc scoláirí an Choláiste:
Is iomdha sin módh múinteórachta bhain muid triail as, ach ba é ‘modh na ráite’ an módh b’éifeachtaighe. An Sagart Donal Ó Tuathail as Dún Phádraig, i gCo. an Dúin a chéad-smaointigh ar an módh sin, agus a chuir i bhféim é…bhearfadh sé fhéin agus an Sagart Lorcan Ó Muireadhaigh sgaifte mhór de na scoláirí leofa suas a sléibhte ar cuairt ag sean-bhean éigin. Bhí neart ceoltaí 7 scéaltaí acu uilig in Oméith. Suidheadh an tsean-bhean ar an chlaidhe amuighe agus scaifte thart uirthi ag éisteacht. Chuiridís ráite indéidh ráite de ghlan-mheabhair no go mbíodh aca. Eadar sin agus an modh céadna ins an Choláisde, ní rabh i bhfhoghluim na Gaeilge againn ach caithiú aimsire aoibhinn. (Cuntas Pheadar Uí Dhubhda ar obair Choláiste Bhríde Ó Méith. Litir ó Pheadar Ó Dubhda chuig Proinsias Ó Conluain 5.7.1950, P259/1083, Cartlann UCD.)
Cosúil leis an méid a bhíodh ar siúl in Ó Méith, tugadh páistí i Rann na Feirste ‘on tours to some of the noted Seanachies where stories, etc., are transcribed under the guidance of members of the staff’ (Strabane Chronicle, 1932: 8). Bhí an Coláiste an-dian ar labhairt an Bhéarla ón tús agus tuairiscíodh:
Any student who is not prepared to avoid altogether the speaking of English need not think of attending the College. This rule is strictly enforced – in the halls, at recreation time, and in the boarding houses. The people of the district are noted for their kindness – in regard to this one rule do they realise that strictness is necessary (Strabane Chronicle, 1932: 8).
D’fhógair lucht an Choláiste i gcónaí go seolfaidís abhaile duine ar bith a labhair i mBéarla, agus tá neart scéalta ag muintir na háite faoin Athair Ó Muireadhaigh ag tabhairt páistí a labhair Béarla chuig an stáisiún traenach, ach é i gcónaí déanach don traein, amhail an méid seo a luann Lorcán Ó Searcaigh (2000: 133–48):
Cé go dtiocfadh leis bheith tobann fosta anois agus arís, ní raibh an tAth. Ó Muirí míréasúnta agus, má chonaic sé go raibh scoláirí ag déanamh a ndíchill, ní chuirfeadh sé chun an bhaile iad. Is iomaí uair a bhí sé, d’aon ghnó, mall don traein nó don bhus agus é ag bagairt an bhaile orthu.
Luach Choláistí Gaeilge Rann na Feirste do ghluaiseacht teanga Chúige Uladh
Is spéisiúil, agus is tábhachtach luach Rann na Feirste don ghluaiseacht teanga sna Sé Chontae ó lár na 1920í ar aghaidh. Bhí fíornasc cothaithe ag na Coláistí ansin idir muintir na Sé Chontae agus Gaeltacht Thír Chonaill, agus le Béal Feirste go háirithe, de thairbhe ‘Chiste na bPáistí,’ rud a bhí ríshoiléir ag tús na 1930í nuair a tuairiscíodh:
All our people know of Rann na Feirsde, and it has been said that a greater percentage of Belfast Gaels spend their holidays in the Gaedhealtacht. than those of any other part of Ireland. This is due to the fruits and advertisement of the children’s annual visit. (Irish Press, 1933: 8)
Go deimhin, in 1933 agus tarraingt siar na ndeontas don Ghaeilge mar ábhar bunscoile á bagairt ag Rialtas Bhéal Feirste, luadh Rann na Feirste agus a Coláistí mar chroílár ghluaiseacht na teanga ó thuaidh:
we trust that there will not be one of the Six Counties that will not be represented by several pupils at Rannafast. That will be Gaelic Ulster’s real reply to the narrow-minded anti-Nationalism of the Unionist majority in the Belfast Parliamen.t (‘To Answer Six County Bigotry,’ The Derry Journal, 9.6.1933: 7)
Ghlac Coláiste Phádraig, Coláiste Bhríde agus Coláistí Ultacha eile ról tábhachtach mar institiúidí oideachais a thug deis d’aos óg na Sé Chontae a dteanga dhúchais a fhoghlaim nuair a bhí fogha á thabhairt faoin teanga sna Sé Chontae, agus neamhaird á tabhairt ar Ghaeilge Uladh sa Saorstát; rud a chinntigh buanú agus sealbhú Ghaeilge bheo Uladh i measc glúinte úra. Go deimhin in 1934, thug an Tiarna Ashbourne, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas soiléir ar ardluach na gColáistí Gaeilge do ghluaiseacht na teanga ó Thuaidh:
When in Belfast two years ago, I was in the Falls district, and I was delighted to observe that a new Gaeltacht was growing up in that populous area. This is the direct result of sending Belfast children to the Donegal Gaeltacht. (Irish Independent, 1934: 10)
Conclúid
Tá sé soiléir gur cuireadh béim faoi leith ar luach an aosa óig in obair na Gaeilge sa Tuaisceart ó 1922 ar aghaidh, ach rinneadh sin ar chúiseanna éagsúla ón Saorstát. Seachas an teanga a dhaingniú sa chóras oideachais, bhí rialtas na Sé Chontae ag baint an deis de pháistí í a fhoghlaim laistigh de ghnáthuaireanta an lae scoile. Faoi 1920, ní raibh ach Coláiste Gaeilge amháin do pháistí ar an bhfód, ach tháinig athrú air sin i ndiaidh na críochdheighilte in 1921, nuair a bunaíodh Coláiste Ros Glas le cinntiú go mbeadh deis ag páistí Bhéal Feirste leanúint den Ghaeilge a fhoghlaim. Ba cheart aitheantas a thabhairt, mar sin, do ról tábhachtach Choláistí Gaeilge thuaisceart na tíre, i gCo. an Dúin agus i dTír Chonaill ach go háirithe, a thosaigh ag díriú ar pháistí go speisialta sna blianta ó 1921 ar aghaidh – beagnach deich mbliana sula bhfeictear a leithéid ag tarlú sa Saorstát trí chéile. I rith na 1920í, chuir na Coláistí Gaeilge Ultacha go mór le buanú agus leathnú Ghaeilge Uladh, agus daingníodh naisc láidre idir muintir Ghaeltachtaí Thír Chonaill agus aos óg na Sé Chontae. Leis na Coláistí Ultacha do phaistí sna 1920í, mar sin, a fheictear fréamhacha Choláistí Gaeilge na todhchaí á gcur: institiúidí d’aos óg scoileanna na tíre go príomha.