Eagarfhocal

Is geal linn fáilte a chur romhaibh chuig an dara heagrán déag de An Reiviú. Is iris acadúil í a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach aon bhliain. Tá lúcháir orainn go mbeidh Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, linn leis an iris a sheoladh i nGaillimh i mbliana.

Ba mhaith leis an Choiste Eagarthóireachta ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le gach aon duine a thug cuidiú leis an eagrán seo a fhoilsiú. Dóibh siúd ar fad a scríobh ailt agus léirmheasanna di, na piarmheasúnóirí agus foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge ar fad, ní bheadh sé ar ár gcumas an iris seo a chur i gcrích murach iad.

Ní mór dúinn moladh agus buíochas a thabhairt don Dr Dorothy Ní Uigín; tá muid go mór faoi chomaoin ag Dorothy i gcás ullmhú na hirise seo. Tá lorg a feabhais acadúil, macántacht agus díograis fágtha ar an obair agus ar a comhghleacaithe ar aon; ní haon eisceacht é an saothar seo.

Anuas air sin, ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an dearthóir Shannon Reeves atá ag plé ón tús le dearadh na hirise agus a choinníonn bail agus cuma mhaith uirthi gach aon bhliain. Is mór an chreidiúint dó í.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge, agus ag an Fhoras féin, as ucht an obair seo a mhaoiniú agus as tacú leis an iris ó cuireadh ar an fhód in 2013 í.

Mar fhocal scoir, ár mbuíochas libh, a léitheoirí dílse, as ucht bhur dtacaíocht i gcónaí. Go mbaine sibh sult agus tairbhe as an eagrán seo de An Reiviú.

An Coiste Eagarthóireachta 2024

Eva Ní Mhealláin