Achoimre
Is é aidhm an taighde seo a fháil amach an gcuirfidh modh eile teagaisc, a chuireann béim ar cheol agus ar aithris na filíochta agus ar fhoghlaim ghníomhach, fonn ar mhic léinn staidéar a dhéanamh uirthi agus an músclóidh sé fiosracht na mac léinn inti. Tá an taighde seo bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch. Cuireann Watkins & Mortimore (1999: 3) síos ar theagasc bunaithe ar fhiosrú oideolaíoch mar seo a leanas, ‘any conscious activity by one person designed to enhance the learning of another’. Cuireann Campbell & Groundwater-Smith (2010: 13) síos ar thaighde cleachtóra mar ‘Practitioner research, located in the larger field of practice-based and applied research, is distinguished by its focus on research done by practitioners themselves, usually an investigation of practice with a view to evaluation or improvement’. Is é aidhm an taighdeora sa chás seo a chleachtas féin maidir le teagasc na filíochta a fheabhsú agus a fhorbairt agus taithí dhearfach ar an fhilíocht a thabhairt do na mic léinn. Ó thaithí an taighdeora, is minic a bhíonn dearcadh diúltach ag mic léinn tríú leibhéal ar fhoghlaim na filíochta agus a shíleann siad go bhfuil sí leadránach. Baineadh úsáid as cur chuige eile teagaisc sa taighde seo le hiarracht a dhéanamh a suim a mhúscailt inti. Rinneadh fiosrú oideolaíoch lena fháil amach an gcuideodh sé le foghlaim na filíochta dá n-éistfeadh na mic léinn le teachtaireacht phearsanta a chuir an file Cathal Ó Searcaigh chucu maidir le foghlaim na filíochta, dá n-éistfeadh siad leis an fhile ag aithris a chuid filíochta, dá léifeadh siad féin cuid dánta de chuid Uí Shearcaigh os ard agus dá mbeadh siad féin gníomhach san fhoghlaim. Deir Creely (2019: 1): ‘I contend that an experiential basis to poetry teaching has the potential for positive reception by students and may promote a deeper and more sustained understanding of poetry and poetic language.’
An Mhodheolaíocht
Shocraigh an taighdeoir go mbainfí úsáid as modhanna éagsúla taighde le sonraí a bhailiú ar thuairimí na mac léinn faoi fhoghlaim na filíochta. Baineadh úsáid as ceistneoirí agus as fócasghrúpaí leis na mic léinn agus as agallamh leis an fhile Cathal Ó Searcaigh. Taighde cáilíochtúil a bhí ann agus, mar sin de, bhí tuairimí scríofa agus tuairimí ó bhéal na mac léinn an-tábhachtach. Baineadh úsáid as ceistneoirí le tuairimí na mac léinn ar an fhilíocht agus a gcuid eolais uirthi a mheas ag tús an taighde. Molann Buckler & Moore (2023: 213) stíleanna éagsúla ceisteanna don cheistneoir. (Aguisín 2). Dar le Buckler & Moore, (2023: 211) ‘the questionnaire is a versatile approach to gathering a lot of data from a wide sample in a limited time’. Cé go bhfuil na buntáistí seo leis an cheistneoir, dar leo, ‘one of the main limitations is that you are unable to ask follow up questions once the questionnaire has been distributed.’ Chuige sin socraíodh go mbeadh fócasghrúpaí ann fosta leis an bhearna seo a dhruidim. Deir Sinner et al (2022), gurb é an dúshlán atá roimh an taighdeoir agus é ag dul don fhócasghrúpa ná a chinntiú go mbeidh deis ag gach rannpháirtí sa ghrúpa a bharúil a thabhairt. Chuige sin eagraíodh trí fhócasghrúpa de sheisear agus ceann amháin de sheachtar leis an deis sin a thabhairt do gach rannpháirtí. Dar le Kara (2015), Taber (2013) agus Cohen et al (2007), is dóigh éifeachtach é an t-agallamh le heolas cáilíochtúil a bhailiú. Tagraíonn Bell (2010) agus Denscombe (2014) do dhá chineál agallamh: agallaimh struchtúrtha agus agallaimh leathstruchtúrtha. Baineadh úsáid as agallamh leathstruchtúrtha (Aguisín 4) don taighde seo. Roghnaíodh an modh seo de thairbhe go dtugann sé deis don agallóir ceisteanna oscailte a chur ar an agallaí agus tugann sé deis don agallóir na freagraí a fhorbairt agus labhairt go mion ar a thaithí féin. Rinneadh taifeadadh den agallamh leis an fhile Cathal Ó Searcaigh lena chinntiú go mbeadh na cuntais a thugtar san alt cruinn beacht (Aguisín 4). Sular cuireadh peann le pár, chuaigh an taighdeoir i dteagmháil le Coiste Eiticí an Choláiste agus le hOifig Thaighde an Choláiste le cead a iarraidh an taighde a dhéanamh, agus toiliú scríofa a iarraidh.
Comhthéacs
Rinneadh taighde ar straitéisí gníomhacha le foghlaim na filíochta ag an tríú leibhéal ag díriú ar na féidearthachtaí maidir le fonn agus fiosracht a spreagadh i measc mhic léinn na chéad bhliana. Deir Ní Mhaonaigh (2009: 82): ‘Tá sé tábhachtach réimse tascanna a chur le chéile ina gcuirtear béim ar an idirghníomhaíocht.’ Is gnách go ndéantar staidéar ar fhilí agus ar fhilíocht nua-aimseartha mar chuid de na modúil sa chéad bhliain. Rinneadh staidéar ar mhodh eile maidir le ‘teagasc’ na filíochta agus cuireadh béim sa mhodh teagaisc seo ar éisteacht ghníomhach leis an fhile ag aithris a chuid filíochta agus ar a thábhachtaí atá sé don fhoghlaimeoir an dán a aithris os ard agus á chur i láthair. Mar a mhaíonn Schmidt, (2015: 96) ‘Poetry was written to be read aloud in most cases and carries with it performativity.’ Rinneadh iniúchadh ar réimse leathan sainmhínithe ar an fhilíocht fosta agus roghnaíodh dánta de chuid Chathail Uí Shearcaigh a shíl an taighdeoir a bheadh fóirsteanach do leibhéal teanga agus do thaithí na mac léinn.
I ndiaidh don taighdeoir cead a iarraidh ar an choiste eiticí, cuireadh ríomhphost chuig na mic léinn lena chinntiú go raibh siad sásta páirt a ghlacadh sa taighde (Aguisín 1). Bhí na mic léinn uilig (cúig dhuine is fiche) toilteanach páirt a ghlacadh ann.
Foghar na filíochta
Roghnaigh an taighdeoir cúig dhán de chuid Chathail Uí Shearcaigh do na léachtaí filíochta. Roghnaíodh ‘Tiontú’, as An Fear Glas (2015: 144), ‘Na Pionnaí Gruaige’ as An tAm Marfach ina Mairimid (2010: 20), agus ‘Tearmann’, ‘Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr’, agus ‘Oícheanta Geimhridh’ as An Bealach ’na Bhaile (1993: 94, 46, 112). Cuireadh béim ar cheol agus chantaireacht na ndánta ón tús agus na mic léinn ag éisteacht leis na dánta. Rinneadh cinnte de go raibh taifeadadh ann de Chathal Ó Searcaigh ag aithris na ndánta a roghnaíodh. Mura raibh taifeadadh ar fáil iarradh ar an fhile ar mhiste leis ceann a dhéanamh i ndiaidh an agallaimh a cuireadh air agus bhí sé breá toilteanach sin a dhéanamh. Chuir Cathal Ó Searcaigh féin béim ar thábhacht na héisteachta agus é ag labhairt leis an taighdeoir san agallamh (Aguisín 4):
Is cinnte gur féidir filíocht a theagasc ach déarfainnse gurb é an bunrud, domsa mé féin dá mbeinn ag múineadh filíochta gurb é an bunrud ná éisteacht leis an dán agus an dán a thabhairt chun solais trí é a rá amach ansin cluineann tú an dóigh a n-oibríonn an dán, na fuaimeanna agus mar sin de, mo shaothar féin, tá an chantaireacht tábhachtach agus tá sé tábhachtach go léifidh an múinteoir an dán ach fosta go léifidh na mic léinn an dán os ard más féidir.
Chuir T.S. Eliot (1933) béim ar cheol agus ar chantaireacht na filíochta fosta agus dúirt go raibh cumhacht acu, ‘to activate the auditory imagination’. Cuireann Day-Lewis (1956: 7) béim ar thábhacht na héisteachta agus na fuaime don fhoghlaimeoir filíochta:
So, for the beginner in poetry – reading- and not only for the beginner I recommend reading the poem aloud (or better, having it read aloud to him) submitting to the words, not racking his brain to make out their ‘sense’.
Dar le O’Brien (1969: xvi), ‘Léiríonn an ealaín fré chéile céadfaíocht nó staid aigne, ach léiríonn an fhilíocht an tréanmhothú pearsanta níos soiléire ná ealaín ar bith eile de bhrí gur le focail is le fuaimeanna a dhéantar an léiriú.’ Dhírigh Heaney (1989: 20) ar thábhacht an cheoil san fhilíocht nuair a dúirt sé, ‘the pitch of their music, their nerve-end tremulousness, their treble in the helix of the ear’. Tagraíonn Ó Searcaigh, (2018: 35) do ‘dhraíocht na fuaime’ agus é ag labhairt ar an fhilíocht. Cuireann sé an cheist, ‘an é a tharlaíonn go dtéann fuaimeanna áirithe i bhfeidhm ar an chóras néaróige, go n-oibríonn siad mar chatailís, go dtionscnaíonn siad gníomhú ceimiceach a athraíonn meabhar agus meon an duine a thig faoina dtionchar?’ San agallamh (Aguisín 4) d’aibhsigh Ó Searcaigh tábhacht na ngutaí ina chuid filíochta;
Deirim i mBéarla, ‘a successful poem in Irish is a successful vowel movement.’ I mo chuid dántaí, cuirim an-bhéim ar ghluaiseacht na ngutaí. Samhlaím gurb iad na gutaí anam an dáin agus gurb iad na consain, gurb iad sin corp an dáin. Is é an t-idirphlé sin idir an dá ghné sin a chruthaíonn domsa ceol agus cantaireacht an dáin.
Dar le Paterson, (2018: 56), ‘In the human voice, the vowel carries the bulk of our ‘feelings’ in its complex tonal and quantitative discriminations; the consonants which interrupt that breath create the bulk of the semantic sense.’ Dar le Ó Doibhlin, (1973: 11), ‘Tá éifeacht intleachta acu [na focail] (sa mhéid go gciallaíonn siad nithe dár dtuiscint); ach éifeacht mhothaithe acu chomh maith (bogann siad ár gcroí agus spreagann ár samhlaíocht) agus éifeacht fhisiciúil mar gur féidir dóibh ár gcluas a chluanadh lena gceol agus lena rithim.’ Is cinnte go gcuireann Ó Searcaigh béim ar thábhacht na rithime agus na fuaime, nó mar a deir sé féin (2018: 35), ‘Fuaim fhogharbhinn an fhocail! Cumhacht an bhriathair.’ Tagraíonn Sewell (2002: 57) do thionchar fhuaim na bhfocal as Béarla fiú ag Ó Searcaigh; ‘Ó Searcaigh recalls his father’s recitation of poems by Robert Burns as his first, youthful introduction to the then unintelligible, but still magical, sound of poetic speech.’ Dar le Paterson (2018: 3), ‘Even in its most primitive form, poetry was concerned with transcending a human limitation; it was a ‘magical’ discipline…Long before the book, poetry was the brain’s first ‘external storage’, our first ‘mnemotechnology’. Ar ndóigh, teanga bheo a bhí sa Ghaeilge ó thus ama agus mhair sí beo ar theanga na ndaoine, mar atá scríofa ag Williams & Ní Mhuiríosa (1979: xxii):
Is follas nach i lámhscríbhinní amháin a mhair litríocht na Gaeilge. Mhair sí freisin san ionad is dual do gach litríocht a bheith beo, i gcuimhne na ndaoine. Is deacair do dhaoine a tógadh le leabhar nach bhfuil acu ach ‘cuimhne na leabhar’ aon tuiscint a bheith acu ar na héachtaí atá i gcumas chuimhne an duine.
Léiríonn an t-athfhriotal sin a thábhachtaí atá sé an teanga a labhairt os ard chun a rithim agus a tréithe a luacháil agus chun patrúin na fuaime a aithint agus a shealbhú. Cuireadh béim láidir ar thábhacht na héisteachta agus na haithrise in eagrú na léachtaí.
Deir Cathal Ó Searcaigh go bhfiafraítear go minic de cad is ciall le filíocht. Freagraíonn sé go bhfuil sí chomh héalaitheach leis an aonadharcach agus chomh seachantach leis an Yeti. Deir Ó Searcaigh fosta, (2018: 38): ‘Má dhéantar an bomaite reatha, bomaite na suaithníochta a cheapadh agus a shrianadh, cuirtear an t-am ar ceal agus sealbhaítear an tsíoraíocht’.
Dar le Day-Lewis (1956: 6), ‘Poetry is above all a way of using words to say things which could not possibly be said in any other way, things which in a sense do not exist until they are born (or re-born) in poetry.’ De réir Uí Dhoibhlin (1973: 8) agus é ag trácht ar na healaíona:
Cuireann an ealaín saol úr inár láthair, saol a thugann taitneamh agus sásamh dúinn a bhfuil gá againn leo. Is é atá ann an saol réalta ach é arna cheartú, arna leasú, arna shaibhriú, arna athchóiriú ag an ealaíontóir: homo additus naturae, mar a dúirt an Renaissance, ‘an duine in éineacht leis an dúlra’.
Is cinnte go gcaitheann Ó Searcaigh solas ar thábhacht an dúlra i mórchuid dá chuid filíochta. Go deimhin, ina dhán ‘Tearmann’, cáineann sé ‘Dia na nDeor agus Dia na nDealg’ agus é ag moladh a Dhé réamhChríostaí, atá ina Dhia na ndúl. Dúirt Ó Searcaigh ina agallamh go raibh sé i gcónaí ‘ag tnúth leis an tsolas’ agus é i mbun filíochta. Is é sin an aidhm atá ag an léachtóir agus é ag teagasc filíochta do na mic léinn, solas a chaitheamh ar an fhilíocht do na mic léinn agus í a dhéanamh tairbheach taitneamhach samhlaíoch sothuigthe agus na dánta a thabhairt chun solais. Mar a deir Ó Searcaigh (2018: 41), ‘Gileacht a dhéanamh dár ndoircheacht!’ San agallamh (Aguisín 4), mhol Cathal an múinteoir ceardscoile, Tomás Breatnach, a bhí aige go hard agus dúirt gurbh eisean a mhúscail an tsuim a bhí aige san fhilíocht:
Is cuimhin liom gur tháinig an múinteoir óg seo isteach ins an rang an chéad lá a bhí mé ansin agus múinteoir an Bhéarla a bhí ann. Tomás Breatnach, Tom Walsh. Léigh sé an dán agus an dán a bhí ann ná, The Road Not Taken, le Robert Frost. Léigh sé an dán seo amach os ard agus ansin chuir sé an cheist nár cuireadh riamh ormsa ar an bhunscoil, dúirt sé leis an rang, ‘What do you think of that poem?’ Bhí mo lámhsa thuas mar a bheadh urchar ann mar níor cuireadh an cheist sin orm riamh agus níor tugadh deis dom riamh roimhe agus mé trí bliana déag d’aois.
Is é a bhí roimh an taighdeoir sa chás seo, suim san fhilíocht a mhúscailt ins na mic léinn ar an dóigh chéanna ar mhúscail Tomás Breatnach an tsuim i gCathal Ó Searcaigh. Cuireadh béim ar an éisteacht ghníomhach agus ar na féidearthachtaí le fonn agus fiosracht a spreagadh iontu sna léachtaí.
Intreoir do na léachtaí
Cuireadh an cheist, ‘cad is filíocht ann?’ ar na mic léinn ar an cheistneoir a tugadh dóibh roimh na léachtaí. Pléadh na freagraí a bhí acu ar an cheistneoir sa chéad léacht agus pléadh Ó Searcaigh (2018: 35–47) Teanga na gCorr. Cuireann an file síos go healaíonta ar an dóigh a dtéann focail i bhfeidhm air, ‘a gcló is a gcruth, a mboladh agus a mblas’. Deir sé go gcuireann sé focail in aithne dá chéile agus é ag feidhmiú mar fhear cleamhnais. Dúirt Ó Searcaigh san agallamh a cuireadh air (Aguisín 4): ‘Is filíocht liriciúil a scríobhaim den chuid is mó’. Is gnách go scríobhtar filíocht liriciúil sa chéad phearsa agus is amhlaidh atá an cás leis na dánta de chuid Uí Shearcaigh a roghnaíodh don taighde seo. Ar a bharr sin, is minic a chuireann an file a chuid mothúchán in iúl i bhfilíocht liriciúil trí rithim agus rím agus na patrúin fuaime a mbaintear úsáid astu.
Rinneadh iarracht tuiscint níos doimhne a bheith againn ar shamhlaíocht an fhile agus é ag labhairt ar an phatrún fuaime a chuaigh i bhfeidhm ar a chéadfaí; siollaí a chuir ag gol agus ag gáire é, abairtí a chuir áthas agus alltacht air agus ár n-intinn a dhíriú ar na gnéithe seo agus muid ag éisteacht leis na dánta agus á scagadh. In alt a d’fhoilsigh David Orr ar The New York Times, (15.05.2015), ar chlosleabhair, bhí an méid seo le rá aige, ‘Poetry after all is “the most insistently physical art,” according to Robert Pinsky. Indeed, it “lies dead on the page, until some voice brings it to life” in the words of Basil Bunting. Taking it a bold step further, W.H. Auden declares that “no poem which when mastered, is not better heard than read is good poetry.” Mar sin de, cuireadh béim ar fhuaim agus ar cheol na filíochta agus ar éisteacht leis an dán sna léachtaí agus iad á n-aithris ós ard chun beocht agus beatha agus ‘cor úr’ a chur iontu. Molann Schmidt (2015: 96) an cur chuige seo. Dúirt sí gurbh fhearr lena cuid mac léinn an dán a léamh os ard, ‘to hear the musicality embedded in the words; and to even get up out of their seats and perform some of the poetry we studied.’
Na mic léinn i mbun staidéir
Is é an chéad rud a rinneadh ná deis a thabhairt do na mic léinn éisteacht leis an teachtaireacht phearsanta a chuir Cathal Ó Searcaigh chucu. Thug sé seo deis dóibh aithne níos fearr a chur ar an fhile féin agus éisteacht lena ghuth agus lena chuid Gaeilge. Deir Ní Riain (2014: 115) ina halt, ‘Máirtín Ó Direáin agus Múineadh na Gaeilge san Ollscoil’ go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuigfidh na mic leinn cúlra an fhile. Bhí pictiúr de agus é ina shuí ina theach féin in airde ar an chlár bhán idirghníomhach ionas go dtuigfeadh na mic léinn cé a bhí ann. Éisteadh leis an teachtaireacht phearsanta ag tús na léachtaí uilig le teachtaireacht an fhile a threisiú. Cuireadh béim ar an ráiteas ón agallamh leis an fhile, (Aguisín 4):
Tá sé tábhachtach go ndéanfá an dán a léamh os ard seachas é a léamh go ciúin. Má léann tú os ard é, más dán maith atá ann, cluineann tú éifeacht na teanga, cluineann tú an chantaireacht a bhaineann le focail agus iad curtha i gceann a chéile go fórsúil agus go fóinte. Más rud ar bith atá ina an fhilíocht, is é atá ann mar a dúirt W.H. Auden, ‘an exploration of the possibilities of language’.
Cuireadh béim fosta ar an ráiteas ón agallamh chéanna:
Braithim go bhfuil an solas iontach tábhachtach i mo shaothar féin. Dá ndéanfá staidéar air thar na cnuasaigh éagsúla atá scríofa agam, chífeá sin. Níl a dhath níos iontaí, nó níos éifeachtaí nó níos sásúla ná a bheith ag tnúth leis an tsolas.
Bhí na mic léinn gníomhach ag éisteacht leis an dán agus ag plé cad is ciall leis na ráitis. Chuir na ráitis an fhilíocht s’aige i gcomhthéacs agus bhí sé sin an-fhóirsteanach i gcomhthéacs an dáin ‘Oícheanta Geimhridh’, cuir i gcás, agus muid ag caint ar an ‘tine’ agus ar an tsolas a thagann uaithi.
I gcás an dáin ‘Oícheanta Geimhridh’, cuireadh ceist ar na mic léinn cad iad na pictiúir a tháinig chucu ina samhlaíocht nuair a chuala siad an teideal ‘Oícheanta Geimhreidh’. Chruthaigh an ghníomhaíocht seo an t-atmaisféar agus an teanga do théama an dáin. Ansin d’éist muid leis an taifeadadh a rinne Cathal Ó Searcaigh de. Iarradh ar na mic léinn éisteacht leis an dán á léamh ag an fhile ar mhaithe le pléisiúr agus ar mhaithe le ceol agus le cantaireachta agus le patrún na teanga a chloisteáil. Cuireadh an cheist orthu a chuir Tomás Breatnach ar Chathal Ó Searcaigh sa cheardscoil, ‘cad é a shíl sibh de sin?’ Casadh an dán arís ach an iarraidh seo iarradh ar na mic léinn an dán a mheas ag tagairt don teideal, don teanga, do na téarmaí, do na téamaí, don téagar, do na teicnící filíochta agus do na teachtaireachtaí ann, dá mb’fhéidir leo. Tugann Nica (2011: 216) ‘building from scraps’ agus ‘reconstructing the text’ ar an chur chuige seo agus tugann sé seo deis do na mic léinn a scileanna smaointeoireachta criticiúla a úsáid, gné den oideachas a mholtar go hard ag gach leibhéal. Bhí na mic léinn ábalta focail agus frásaí ar nós, ‘Neddie Eoin, seanchiteal, mugaí móra, os comhair an tseanchaí, samhlaíocht, ina choirneal scéalaíochta, as a shúile, Cogadh an Dá Rí, Machaire Rabhartaigh, Oíche Shamhna, siamsaíocht, lena mholadh, corradh le fiche bliain, ó chuaigh a thine as, a mhothaím anocht’ a bhreacadh síos. Agus na mic léinn ag tabhairt aiseolais scríobhadh na focail agus na frásaí ar an chlár bhán idirghníomhach. Rinneadh iarracht ansin ceangal agus nasc a dhéanamh idir na focail agus na frásaí agus íomhá den dán a thógáil. Ansin tugadh téacs an dáin amach agus iarradh ar na mic léinn a bheith ag obair i mbeirteanna agus an téasc iomlán a scagadh agus a phlé i mbeirteanna maidir le teideal, teanga, téamaí, teicnící, téagar, agus teachtaireacht an dáin. Taispeánadh an dán ar an chlár bhán idirghníomhach ina dhiaidh sin agus phléigh muid le chéile é (Aguisín 6). Iarradh ar na mic léinn véarsaí a léamh os ard le chéile agus casadh comhad fuaime de ghálaí gaoithe agus chnagarnach tine leis an atmaisféar a chruthú agus iad á léamh. Rinneadh tagairt do thábhacht na teanga do Ó Searcaigh (2018: 36), agus don dóigh a raibh sé ag iarraidh fuaim na teanga a cheapadh agus muid á phlé;
Sa teach ar tógadh mise ann bhí tinidh mhór fhoscailte againn – mar a bhí coitianta i dtithe den tseandéanamh sin – agus is minic a chluinfeá siorradh gaoithe ag ochlán sa tsimléir. Bhí mé ag iarraidh cnead agus scréach na gaoithe a cheapadh i bhfuaimvéarsaí.
Tugadh deis do na mic léinn an frása a bhí ag Ó Searcaigh san agallamh, ‘ag tnúth leis an tsolas’ a phlé i gcomhthéacs an dáin. Bhí siad gníomhach san fhoghlaim agus thug siad freagraí mar ‘soláthraíonn an tine teas agus solas, agus sholáthair an seanchaí Neddie Eoin teas agus solas lena chuid siamsaíochta ar an dóigh chéanna’. Is léir go raibh ardmheas ag Ó Searcaigh ar Neddie Eoin, go díreach mar atá aige ar chuid mhaith de na seandaoine ar fhás sé aníos leo agus thug sé seo ábhar maith díospóireachta do na mic léinn. Ina alt in ‘On the Side of Light’ (2002: 23), léiríonn Mac Cárthaigh cé chomh tábhachtach agus atá na daoine seo dó:
If he is inspired by his homeland, he is also inspired by his people – the words of the storyteller in ‘Oícheanta Geimhridh’ are ‘drithleoga dearga ag lasadh na samhlaíocht’ ionainn. This people have given him much – not only the collective memory contained in their stories but also, more importantly, ‘caint mhiotalach mo dhaoine’ the raw material in which he, a ‘gabha focal’ chooses to work.
Is é a dhála céanna é sa dán ‘Tiontú’. Sa dán seo caitheann an file solas ar Maggie Neddie Dhonnchaidh a bhí ina comharsa aige. Léiríonn sé sa dán go raibh Gaeilge go smior inti agus go raibh sí ina saoi ar a dóigh féin cé gur gnáthdhuine a bhí inti. Deir Ó Searcaigh (2023: 50) agus é ag caint ar Maggie Neddie Dhonnchaidh:
She became a Seer – a file, a poet. Maggie Neddie Dhonnchaidh is dead for many years now but her one-day Homeric journey [turas a rinne sí go Co. an Chláir tráth] continues to reverberate in my mind; a shining epic that reveals the world of the ordinary, conceals the marvellous. Maggie’s story brought to light for me the momentous of the ordinary.
Tá sé suimiúil go n-úsáideann Ó Searcaigh an focal ‘light’ san athfhriotal thuas. Caitheann Sewell (2002: 66) solas ar a thábhachtaí a bhí na daoine dó ina chuid filíochta agus tagraíonn sé don chaidreamh pearsanta a bhí aige leo agus d’uaisleacht a dtréithe:
Ó Searcaigh’s relationship with them [local friends and neighbours] is always personal. The poems make clear that he himself had to be consumed by, for example, the warmth and wisdom of local characters before he would allow, or redirect, the same warmth and homely wisdom to radiate out to readers. Therefore in ‘Oícheanta Geimhridh’, Ó Searcaigh illuminates his current ‘Winter Nights’ by recalling former heartening times in the company of Neddie Eoin, a local seanchaí / storyteller.
Rinneadh staidéar ar na cúig dhán leis an chur chuige céanna; éisteacht ghníomhach leis an dán ar mhaithe le pléisiúr, éisteacht leis arís agus focail agus frásaí a bhreacadh síos agus a chur le chéile le scéal an dáin a thógail, plé i mbeirteanna agus an dán a léamh os ard agus ceol sa chúlra agus plé ar théamaí eile a bhain leis an dán. Cuireadh béim fosta ar an fhrása, ‘ag tnúth leis an tsolas’ i gcomhthéacs na ndánta uilig. Sa tséú léacht iarradh ar na mic léinn dán de na cúig dhán a scagadh le chéile arís agus é a aithris os comhair ranga ar an ardán agus póidiam in úsáid acu leis an dán a thabhairt chun solais agus chun beatha. Molann Ní Mhaonaigh (2009: 82) gné na hidirghníomhaíochta i bproiséas sealbhaithe teanga. Deir sí go mbíonn daoine ag foghlaim agus iad i mbun caidrimh agus ag comhoibriú le foghlaimeoirí agus le teagascóirí, chomh maith le bheith ag plé le daoine eile sa phobal teanga agus rinneadh iarracht timpeallacht dhearfach foghlama den chineál sin a chruthú sna léachtaí uilig.
Aiseolas a aimsíodh as na sonraí a bailíodh
Cuireadh ceisteanna an cheistneora agus an fhócasghrúpa le chéile le barúlacha na mac léinn a aimsiú ar fhiosrú oideolaíoch maidir le foghlaim na filíochta. Fiosraíodh barúlacha na mac léinn ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna druidte agus úsáideadh an scála Likert 1–5 agus 5 ar an fhreagra is dearfaí:
- An dtuigeann tú cad is filíocht ann?
- An dtaitníonn filíocht leat?
- An bhfuil tú eolach ar fhilí Gaeilge?
Is fiú a lua anseo go dtugann an Council for The Curriculum, Examinations and Assessment, (CCEA) rogha ag A2 Irish maidir le staidéar litríochta. Is féidir leis na scoláirí A2 staidéar a dhéanamh ar sheánra amháin den litríocht idir drámaíocht, gearrscéalaíocht agus filíocht. Mar sin de, do chuid de na mic léinn sa ghrúpa seo, ba é seo an chéad uair a bhí deis acu staidéar a dhéanamh ar fhilíocht as Gaeilge. Maidir leis na ceistneoirí, fuarthas fiche freagra as fiche a cúig. Bhí sé suimiúil gur scríobh gach mac léinn idir 3 agus 5 mar fhreagra ar an chéad cheist. Léirigh sé sin don taighdeoir go raibh tuiscint éigin ag na mic léinn ar cad is filíocht ann ón tús. D’fhreagair 50% acu go raibh go leor tuisceana acu uirthi agus 25% go raibh eolas iontach acu uirthi agus 25% go raibh eolas iomlán acu uirthi. Maidir leis an dara ceist, roghnaigh mac léinn amháin uimhir 5, triúr acu 4, seisear acu 3, seachtar acu 2 agus triúr acu 1. Léiríonn sé sin go raibh 50% de na mic léinn ann a léirigh nach raibh mórán dúile acu san fhilíocht. I dtaca le ceist 3, d’fhreagair beirt go raibh siad iontach eolach ar fhilí Gaeilge, duine dhéag go raibh siad eolach go leor, cúigear go raibh eolas measartha acu agus triúr nach raibh raibh eolas ar bith acu uirthi. Léiríonn na freagraí ar na ceisteanna 1–3 ar an cheistneoir go bhfuil réimse leathan mac léinn sa rang agus taithí dhifriúil ag gach duine acu ar an fhilíocht.
Iarradh ar na mic leinn a mbarúlacha a thabhairt ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna oscailte:
- Cad iad na dúshláin a bhíonn agat le staidéar na filíochta?
- An bhfuil tú ábalta dán nó véarsa de dhán a aithris i nGaeilge nó i mBéarla?
Seo na freagraí a fuarthas ar an chuid seo den cheistneoir. Maidir leis na dúshláin, luadh na gnéithe seo a leanas:
- Ag cuimhneamh ar an dán
- Na teicnící filíochta
- Anailís cheart a dhéanamh
- Brí an dáin a aimsiú
- Ní bhaintear úsáid as gnnáthstruchtúr abairte
- Deacair a thuiscint
- Téarmaíocht
- Leadránach
- Doiligh na focail uilig a fhoghlaim
- Na focail a thuigbheáil
- Anailís liteartha a dhéanamh i m’aonar mar scríobh an múinteoir na freagraí dom sa mheánscoil.
Dúirt triúr de na mic léinn nach raibh taithí ar bith acu ar fhilíocht as Gaeilge agus nach raibh barúil ar bith acu le tabhairt.
Maidir leis an cheist an raibh siad ábalta dán nó véarsa de dhán a aithris, bhí freagraí suimiúla ann. Luaigh duine amháin gur chuimhin leis dánta ar nós ‘Cá bhfuil mo mhála scoile?’ a d’fhoghlaim sé don fheis ar scoil agus go raibh siad ar bharr a theanga aige go fóill. Dúirt duine eile go raibh sí ábalta amhráin a rá as Gaeilge ach nach raibh sí ábalta dán a aithris. Dúirt tromlach na mac léinn, áfach, nach raibh sé ar a gcumas dán a aithris nó fiú véarsa de dhán a aithris.
Cuireadh ceisteanna oscailte ar na mic léinn agus iad san fhócasghrúpa. Tugadh deis do gach duine a b(h)arúil a thabhairt. Iarradh ar na mic léinn a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na gnéithe seo a leanas:
- Cad é a shíl sibh den fhile ag cur teachtaireacht phearsanta chugaibh?
- Cad é a shíl sibh den teachtaireacht féin agus an méid a bhí le rá aige inti?
- Tá cúig dhán clúdaithe againn go dtí seo. Cad é a shíleann sibh de na dánta – cén ceann is ansa libh? Cad chuige?
- Cad é a shíleann sibh den chur chuige a bhí againn?
- ag éisteacht leis an dán ar mhaithe le pléisiúr,
- ag éisteacht leis arís agus breacadh síos nótaí,
- agus á phlé i mbeirteanna.
- Cad é mar a mhothaíonn sé an dán a léamh os ard?
- Ar fhoghlaim tú véarsa ar bith as dán ar bith de ghlanmheabhair? Cad chuige? Cad é a fuair tú as?
- An bhfuil líne nó véarsa ar bith as dán ar bith a sheasann amach?
- An fearr a thuigeann tú cad is filíocht ann anois i ndiaidh cúig dhán a dhéanamh?
- An dtuigeann tú tréithe na filíochta, uaim, meafar, rithim agus rím?
- Cad é an rud is mó a d’fhoghlaim tú faoin fhilíocht agus ón fhilíocht?
- Cad é a shíleann tú den fhilíocht mar sheánra litríochta?
- An dtig leat smaoineamh ar dhóigh ar bith eile nó ar chur chuige ar bith eile le staidéar a dhéanamh ar an fhilíocht?
Seo léargas ar na freagraí a bhí lán de shonraí saibhre a bailíodh ó na mic léinn. Bhí na mic léinn buíoch de Chathal Ó Searcaigh as an teachtaireacht phearsanta a chuir sé chucu. Dúirt cuid acu gur léirigh sé paisean agus gur spreag sé i dtreo na filíochta iad. Ba iad ‘Tiontú’ agus ‘Oícheanta Geimhridh’ an dá dhán ab fhearr leo. Bhí dúil acu sna híomhánna agus sna mothúcháin sna dánta agus thuig siad an dóigh a gcronaíonn sé Maggie Neddie Dhonnchaidh agus Neddie Eoin, go háirithe na mic léinn a chaill duine muinteartha leo agus is cosúil gur mhúscail na dánta seo mothúchán an chumha iontu agus gur bhog siad a gcroí. Dúirt siad go raibh an cur chuige difriúil leis an chur chuige a bhí acu ar scoil. B’éigean dóibh díriú isteach ar na focail agus an file á n-aithris agus bhain siad tairbhe agus taitneamh as an fhoghlaim ghníomhach seo. Mhothaigh siad gur ‘intreoir éifeachtach’ a bhí ann a dhírigh ar chéadfa na héisteachta. Mhothaigh na mic léinn neirbhíseach ag léamh an dáin os ard os comhair a bpiaraí ag an phóidiam. Dúirt siad, áfach, go raibh sé an-mhaith gur caitheadh léacht iomlán ar ullmhúchán na ndánta le chéile agus gur thug sé deis dóibh béim a chur ar na focail agus iad a n-aithris. Mar a mhaíonn Schmidt, (2015: 96) ‘because poetry is so dense, it can seem like the perfect time to slow down the pace of teaching and learning and simply appreciate the words.’ Dúirt cuid acu gur chuidigh sé leo cuimhneamh ar na focail agus gur chuir sé lena bhfoclóireacht. Dúirt duine amháin go dtiocfadh léi, ‘rithim na bhfocal a chloisteáil ina ceann’ agus í a léamh os ard. Ní raibh ann ach cúpla duine a d’fhoghlaim véarsa nó líne as dán ar bith. Bhí dúil acu sna línte ‘agus mé ag feidhmiú mar chuisle de chroí mo chine’ as ‘Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr’, agus ‘tá sé corradh le fiche bliain ó chuaigh a thine as’ as ‘Oicheanta Geimhridh’. Dúirt siad gur chuir na léachtaí lena dtuiscint ar an cheist, ‘cad is filíocht ann?’ Dúirt siad gur léirigh Cathal Ó Searcaigh gur scríobh sé faoi dhaoine agus áiteanna a raibh meas agus grá aige orthu. Bhí dúil acu san íomhá den fhile ‘ag déanamh cleamhnais idir na focail.’ Mhothaigh siad gur léirigh Cathal Ó Searcaigh a scéalta pearsanta trí mheán na filíochta agus go raibh saibhreas Gaeilge aige, rud ar chuir siad suim mhór ann. Thaitin a dheismireachtaí stíle leo. Ar ndóigh, cheangail cuid de na mic léinn an fhilíocht go fóill le ‘hobair scoile’ mar a dúirt duine amháin agus mhothaigh siad go mbeadh sé doiligh go fóill an fhilíocht a léamh ar mhaithe le pléisiúr agus ní ar mhaithe le grád maith san obair chúrsa. Dúirt mac léinn amháin, a bhfuil dúil aici sna hamhráin, go raibh na scéalta san fhilíocht cosúil leis na scéalta sna hamhráin agus na téamaí céanna acu. Dúirt sí go raibh stíleanna éagsúla ceoil ann agus go dtaitníonn stíl áirithe ceoil le gach duine agus go mb’fhéidir go bhfuil stíl éigin filíochta amuigh ansin a d’fhóirfeadh do gach duine, barúil a bhí an-suimiúil mar ráiteas.
Focail scoir
Ba mhian leis an taighdeoir torthaí an taighde a thabhairt le chéile sa chonchlúid. Is follasach go n-amharcann tromlach na mac léinn ar an fhilíocht mar sheánra litríochta atá casta dúshlánach agus go bhfuil sí bainteach le hobair scoile nó hobair ollscoile seachas ábhar arbh fhéidir sult a bhaint as. Rinneadh iarracht sa taighde seo cur chuige eile a thriail a bhí gníomhach agus idirghníomhach ag dúil go spreagfadh an cur chuige seo fonn agus fiosracht sna mic léinn maidir le foghlaim na filíochta ionas go mbeadh siad ‘ag tnúth leis an tsolas’. Is léir gur éirigh leis an chur chuige go pointe agus gur chuidigh an cur chuige seo le cuid de na mic léinn na lancaisí a bhain leis an fhilíocht a chaitheamh uathu agus tuiscint níos fearr a fháil uirthi. Is cinnte gur chuir cúrsaí ama agus srianta líon na bhfocal ceangal ar an taighde agus gurbh fhearr a bheadh sé dá ndéanfaí staidéar ar roinnt filí thar bhliain acadúil agus iad a chur i gcomparáid lena chéile. Is léir, áfach, go bhfuil féidearthachtaí leis an chur chuige agus go gcaithfidh an múinteoir nó an léachtóir béim a chur ar an éisteacht ghníomhach leis an fhilíocht leis an cheol agus an chantaireacht a threisiú agus go gcaithfidh na mic léinn a bheith gníomhach san fhoghlaim leis na féidearthachtaí a aithint. Má fuair na mic léinn an teachtaireacht sin as na léachtaí filíochta agus má chuidigh sé leo tuiscint níos fearr a fháil ar an fhilíocht, b’fhiú go mór é. Ar ndóigh, éiríonn ceisteanna eile taighde as an taighde a rinneadh. Cuir i gcás, an mbeadh an scéal difriúil dá roghnófaí dánta difriúla nó file difriúil? Molann Ní Mhaonaigh, (2009: 78–9) siollabas atá dírithe ar riachtanais, ar aidhmeanna agus ar mhianta na bhfoghlaimeoirí. Chuige sin, an bhfuil dóigh ar bith ann a dtiocfadh leis na mic léinn a bheith páirteach i roghnú na ndánta a ndéanfaí staidéar orthu? Ceisteanna eile a eascraíonn as ná an mbeadh an scéal difriúil agus na mic léinn ag plé leis an Bhéarla? An bhfuil difríocht ann idir an cainteoir dúchais T1 agus an foghlaimeoir nó an cainteoir T2 maidir le foghlaim na filíochta? Mar sin de, níl sa taighde seo ach tús agus tá tuilleadh taighde de dhíth leis na ceisteanna thuas a fhreagairt.