Réamhrá
Baineann an t-alt seo le stádas na Gaeilge i gContae an Longfoirt de réir Dhaonáireamh 1911 sna ceantair seo a leanas: Sonnach, Béal Átha na Lao, An Ráth Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí. Tá na ceantair i mBarúntacht an Ghránaird. Luaitear tuaisceart an Longfoirt chomh maith le háiteanna i dtuaisceart Chontae na Mí mar áiteanna ina raibh an teanga láidir go lár an 19ú haois: bhí naonúr aonteangach ann ag an am (Adams, 1986: 114). Léiríonn FitzGerald go raibh an Ghaeilge fós á labhairt ag 4% den phobal a bhí os cionn 60 bliain in 1911 i gceantair bheaga sa Longfort agus san Iarmhí (2003: 204). Déanfar anailís ar shonraí an Daonáirimh le léargas a thabhairt ar an líon a choinnigh an Ghaeilge. Tagraítear do Chonradh na Gaeilge go háitiúil mar b’eagraíocht chomhaimseartha bharántúil í a bhunaigh craobhacha sna ceantair sin.
Is contae i gCúige Laighean é Contae an Longfoirt ina bhfuil 6 bharúntacht, 26 paróiste shibhialta agus 55 toghroinn cheantair. Tá timpeall is 903 baile fearainn ann, agus is limistéar 1091.7 ciliméadar cearnaithe é.
Bhí 1,969,000 duine i gCúige Laighean in 1841, agus bhí 115,491 duine i gContae an Longfoirt (O’Hara: 489).[1] In 1901, bhí 46,672 duine i gContae an Longfoirt agus in 1911 bhí 43,820 duine ann. Bhí laghdú leanúnach pobail ag tarlú ó 1841 sa chontae.
Bhí aistriú teanga ar siúl go luath i gContae an Longfoirt sa 19ú haois. Scríobh Samuel Lewis a Fhoclóir Topagrafaíochta in 1837 agus dar leis gurbh annamh a bhí an Ghaeilge le cloisteáil seachas ‘sna ceantair chnocacha’ ag an am sin. Ba é sin an taobh ó thuaidh den chontae. Dar leis gur i measc na seandaoine a bhí Gaeilge á labhairt fad agus a bhí Béarla á labhairt ag na daoine fásta agus ag an aos óg (1837: 310).
Bhí an Ghaeilge á labhairt déanach san 18ú haois ag ‘níos mó ná leathchuid den phobal i gceantar mór i ndeisceart na gcontaetha seo a leanas: Ard Mhacha, Muineachán agus an Cabhán; bhí sí á labhairt i dtuaisceart na Mí agus i gContae Lú agus bhí sí á labhairt ag beagnach leathchuid den phobal i gContae na hIarmhí thoir thuaidh agus i gContae an Longfoirt (FitzGerald, 2003: 203). Tá na contaetha sin ag síneadh lena chéile a bheag nó a mhór.
Taispeánann an tábla a leanas líon na gcainteoirí Gaeilge i gContae an Longfoirt mar chéatadán den phobal le linn gach móráirimh ó 1851 go 1926. (CSO 1926).
1851 |
1861 |
1871 |
1881 |
1891 |
1901 |
1911 |
1926 |
1.8% |
1.1% |
0.4% |
1.1% |
0.5% |
0.7% |
2.1% |
10.3% |
Léiríonn an tábla gur tharla an creimeadh teanga ba throime idir 1851 agus 1871 agus gur tháinig feabhas beag in 1911 agus cor faoi in 1926. Fuair an duine aonteangach deireanach le Gaeilge bás idir 1881 agus 1891 (Ó Súilleabháin, 2007: 61).
Luann an t-ollamh Marie Coleman ina leabhar County Longford and the Irish revolution 1910–1923 nach raibh mórán Gaeilge i gContae an Longfoirt ag an am sin (2003: 177). Ní raibh an teanga láidir le linn na hAthbheochana, bhí an líon is lú de chraobhacha Chonradh na Gaeilge sa tír sa chontae in 1905, rud a chuireann Coleman in iúl ina leabhar (2003: 177). Déantar plé san alt seo, mar a luadh thuas, ar a bhfuil sa Daonáireamh faoi na ceantair seo: Sonnach, Béal Átha na Lao, An Ráth Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí.
Modheolaíocht
Déantar léirmheas ar Dhaonáireamh 1911 mar mhodheolaíocht le faisnéis stairiúil a fháil ar staid na Gaeilge i gContae an Longfoirt i mbailte fearainn éagsúla randamacha idir chinn tuaithe agus uirbeacha. Is le stádas na teanga a aimsiú a dhéantar an taighde seo agus léargais na saineolaithe á gcur san áireamh (Adams, 1986: 114–6; FitzGerald, 2003: 204; Coleman, 2003: 177).
Laghdú pobail agus tionchar ar chúrsaí teanga i gContae an Longfoirt
D’fhéadfadh tosca áirithe tionchar a imirt ar an gcreimeadh teanga, an Ghaeilge go sonrach: rátaí básmhaireachta, rátaí eisimirce, tubaiste nádúrtha, aistriú teanga d’aon ghnó, an córas oideachais agus easpa oiliúna cuí, agus bás ceirdeanna traidisiúnta ar bhain foclóir sonrach leo.
Bhí rátaí básmhaireachta ban níos airde i gContae an Longfoirt ná in aon chontae eile i gCúige Laighean sa 19ú haois (O’Hara, 2010: 492). Ba iad mná os cionn 50 bliain a áirítear sa 50.8% den daonra in 1841 sna rátaí básmhaireachta agus, ba iad mná os cionn 50 bliain a áirítear sa 52.9% den daonra in 1851, sna ceantair thuaithe in Éirinn (Fitzpatrick, 1997: 53). Deir Ó Cuív gurbh é ba dhóichí go raibh mionphobail teanga i mbarúntacht An Ghránaird agus an Longfoirt ó thuaidh, agus i Ráth Claon in iarthar Chontae an Longfoirt in 1851 (1951, 1993: 24). Luann Ó Cuív gurbh iad na mná seachas na fir b’aineolaí ar an mBéarla go mór mór i gCúige Laighean agus i gCúige Uladh sna ceantair a raibh pobail Ghaeilge iontu (1991: 26).
Bhí rátaí eisimirce ard chomh maith. Murab ionann agus áiteanna eile sa tír, murar leis na fir óga an talamh agus murar leis na mná óga an spré, bhíodh orthu dul ar imirce (O’Hara, 2010: 506). D’imigh 726,389 duine ar imirce ó Chúige Laighean idir 1851 agus 1911 (Ní Dhonnchadha & Nic Eoin, 2008: 25). Chaill an Longfort 70,000 duine sna 70 bliain idir 1841 go 1911 agus bhí imní ann go mbeadh an Longfort cosúil le ‘fásach’ (Longford Leader, 1911). Bhí cainteoirí Gaeilge i measc na n-imirceach. Bhí 400,000 cainteoir Gaeilge sna Stáit Aontaithe ag deireadh an 19ú haois (McLeod, 2008: 110).
Bíonn amlíne idirthréimhseach i saol teangacha. Bhí 80 bliain idir na teaghlaigh san alt seo agus bunú an chórais oideachais – beagnach dhá thréimhse shaoil.[2] Sa chéad tréimhse shaoil, bhí glúin ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla de bharr nach rabhthas ag múineadh na Gaeilge sna scoileanna de réir bhunú an chórais oideachais 1831. Ba Bhéarla an dara teanga a bhí á múineadh dóibh mar chéad teanga. Sa dara tréimhse shaoil, bhí an ghlúin sin, a bhí ina dtuismitheoirí anois, ag labhairt as Béarla lena gclann.
Leagann Adams an milleán don laghdú teanga ar an gcóras oideachais agus ar an nGorta Mór agus deir sé gur ar na ceantair thuaithe ina raibh pobal ag labhairt Gaeilge a bhí an tionchar ba mhó (1986: 24). Dúradh ar an taobh eile nár ‘díothú pobail atá ina bhunchúis do bhás teanga’, áfach, ach gurbh é an t-aistriú teanga a bhí ina bhunchúis (Kandler et al., 2010). Tugann Lee ‘féinmharú’ ar chás na teanga sa 19ú haois in Éirinn agus leagann sé an milleán ar na scoileanna scairte mar rannpháirtithe san ‘fhéinmharú’ teanga seo seachas ar chóras nua oideachais na scoileanna náisiúnta (2008: 28). Bhíothas ag lorg cosáin le dul ar aghaidh sa saol agus roghnaíodh labhairt an Bhéarla mar threoir ar an gcosán sin: ‘Bhí an aicme íseal ag súil le dul chun cinn trí mheán an Bhéarla’, dar le Ó hUiginn (2008: 9). Ba é sin a tharla de bharr an Ghorta Mhóir. Ní dóigh go raibh Gaeilge ag na múinteoirí. Feictear go raibh líon mór scoláirí gan Gaeilge sna teaghlaigh a bhí ag freastal ar scoil.
Bhí an Ghaeilge ag daoine a raibh idirghníomhaíocht leo leis an bpobal i réimsí áirithe agus a raibh foclóir sonrach ag gabháil léi. Dar le Dorian go dtiteann teanga i léig nuair a thagann seancheirdeanna chun deiridh, ‘that like any other strictly local speech form deeply associated with a traditional lifestyle, the richness of the lexicon was chiefly connected with their own specialized way of life’. (Dorian, 2006: 7, luaite in Kandler et al., 2010: 3861).
An Daonáireamh mar shampla ionadaíoch
Moltar fóntas an Daonáirimh mar áis taighde theangeolaíoch (Nic Craith, 1993; Withers, 1984; Ruppert, 2008; Ó Gliasáin, 1996). Is foinse phríomhúil stairiúil é anDaonáireamh le líon daoine a chomhaireamh agus is taighde cainníochtúil é. Deir Mairéad Nic Craith a d’oibrigh ar Dhaonáirimh Chorcaigh gur ‘obair achrannach’ í ach go dtugann na Daonáirimh ‘éachtaint ar leith dúinn ar neart na teanga’ agus gurb iad an ‘fhianaise bhunúsach i gcónaí iad’ (1993: 89). Luann Withers (1984: 209) faoi thaighde ar Dhaonáireamh in Albain: ‘the evidence of the census is of great importance in understanding the position of the language in the last 100 years…’ Ach dar leis: ‘to list in detail the figures for the Gaelic population in every parish or county over a century would be repetitive and not very illuminative of changes in the geography of the language…’ Deir Ruppert go dtagann léargas nua ar bheathaí agus a dteanga le hathamharc ar lámhscríbhinní, léargas a chailltear nuair ‘a chónaisctear staitisticí go léir le chéile’ (2008: 3). Luann McMahon ina leabhar Grand Opportunity go bhféadfadh drogall a bheith ar an bpobal faoi eolas maidir lena líofacht i nGaeilge a roinnt le póilíní an stáit choilínigh (2008: 125), rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an gcomhaireamh i leith an mheatha.
Is é an luach a bhaineann le staitisticí, dar le Ó Gliasáin, áfach, ná gur féidir iad a úsáid le ‘comparáid a dhéanamh idir limistéar amháin den tír agus limistéar eile’ (1996: 7). Is féidir tús meatha a imscrúdú i gceantair Ghaeltachta áirithe ach taighde a dhéanamh ar Dhaonáireamh (Mac Cárthaigh, 2019).
Ba é Constáblacht Ríoga na hÉireann áiritheoirí Dhaonáireamh 1911. Sa sampla ionadaíoch léirítear nach raibh Gaeilge ag na constáblaí. Má tá sonraí i mBéarla agus mura bhfuil Gaeilge ag an áiritheoir, is é an Béarla atá ina ‘phointe tagartha’ (Leeman, 2018: 24). Ba é an sainmhíniú a cruthaíodh ar ‘baile’ i nDaonáireamh 1911 ná go mbeadh 20 teach cónaithe agus daoine ina gcónaí iontu (Nolan, 2010: 458) sa cheantar.
An tOideachas
Ceann de na hathróga tábhachtacha sa dioscúrsa teanga is ea an t-oideachas. Níor ceadaíodh múineadh na Gaeilge ná níor úsáideadh an Ghaeilge sna scoileanna náisiúnta ó 1831 ar aghaidh in Éirinn. Bhí fadhbanna seasta le hoiliúint múinteoirí agus múineadh na Gaeilge. Ní raibh ach Coláiste Shráid Mhaolbhríde ann d’oiliúint múinteoirí ag an am. Ní raibh na coláistí oiliúna sainchreidmheacha ar an bhfód go dtí 1883 (Walsh, 2016: 19). Bhí modhscoileanna ann, scoileanna ina raibh daltaí ag múineadh ach chaithfeadh na daltaí sin a bheith ina gcónaí sa timpeallacht dá mba chailíní iad (Doyle, 2003: vi).[3] Coláiste neamh-shainchreidmheach a bhí i gColáiste Shráid Mhaolbhríde (2016: 73).
Conradh na Gaeilge agus múinteoirí
I gcaipéisí i gCartlann Dhigiteach an Chonartha – Comhad G60/24/6/3 in Ollscoil na Gaillimhe – luaitear go raibh ‘ceist an oideachais ag déanamh scime de lucht Chonradh na Gaeilge i bhfad roimhe sin’ agus gurbh é polasaí an Chonartha ‘go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach do gach pháiste sa bhunscoil’. Cuimsíodh i ‘ndréacht-pholasaí oideachas an Chonartha go mbeadh teagasc na teanga agus teagasc na litríochta’ ar siúl. Chun fadhb na múinteoireachta a réiteach cuireadh coláistí ar bun ar ‘£50 gach bliain chun múinteoirí a thraenáil gan airgead ná aitheantas ón mBord Náisiúnta’ (G60/24/6/3). Cuireadh an-bhéim ar thraenáil na múinteoirí leis an nGaeilge a mhúineadh ach níor cuimsíodh an t-ábhar sna scrúduithe deireanacha sna coláistí oiliúna mar ábhar roghnach go 1905 (Walsh, 2021: 1171).
Próifíl áitiúil 1
Limistéar tuaithe i gContae an Longfoirt
Ba cheantar tuaithe é Sonnach i gContae an Longfoirt in 1911; baile fearainn d’fheirmeoirí ab ea é i bparóiste sibhialta Cholm Cille. Bhain an paróiste sin le hoidhreacht na scríbhneoireachta gaelaí san 18ú haois (Ní Mhunghaile, 2010: 291).
Trí scoil náisiúnta Chaitliceacha a bhí sa pharóiste sibhialta in 1892 le cónascadh de 391 scoláire, meascán de bhuachaillí agus cailíní[4]. 34 teaghlach a bhí ann in 1911. As na 34 sin bhí ochtar baintreach ina gcinn tí. Ba Chaitlicigh iad an pobal go léir. B’fheirmeoirí iad go léir seachas saor amháin agus ba mhac le feirmeoir é an duine úd. Bhí beirt oibrithe feirme agus cailín aimsire amháin ar lóistín i dteach an teaghlaigh. Bhí 11 teaghlach a raibh scoláirí ann in aois scoile iontu agus iad faoi 14 bliana d’aois[5].
Anailís
Sa cheantar seo bhí Gaeilge ag dhá theaghlach, Corcoran agus Farrelly. Sa 19ú haois, bhí tuismitheoirí dátheangacha ann sular cailleadh an teanga mar bhítí ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus ansin bhí siad aonteangach (Adams, 1986: 113). Bhí na scoláirí dátheangach mar bhítí ag foghlaim na Gaeilge mar ábhar breise amach ó am scoile. Rugadh na scoláirí in 1896, 1898, 1900 agus 1901 faoi seach. Bhí siad 15 bliana d’aois, 13 bliana d’aois, 11 bhliain d’aois agus 10 mbliana d’aois. Beirt chailíní agus beirt bhuachaillí a bhí ann. B’amhlaidh gur fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge sa scoil mar ceadaíodh múineadh na Gaeilge ó 1900 in am scoile. Bhí an teanga caillte ag tuismitheoirí Corcoran, a rugadh in 1859 agus 1865, sa dara tréimhse mar bhítí ag labhairt Béarla lena gclann. Rugadh tuismitheoirí Farrelly in 1842 agus 1846 i ndiaidh an Ghorta Mhóir, sa dara tréimhse shaoil beagnach, nuair a bhítí ag labhairt Béarla lena gclann.
Chaill Sonnach cúig theaghlach idir 1901 agus 1911. Cailleadh 2.9% den teanga agus cailleadh 14.7% de na teaghlaigh. Bhí Gaeilge ag 5.88% de na teaghlaigh sa cheantar seo. Bhí an teanga ag ceathrar: beirt chailíní agus beirt bhuachaillí arbh scoláirí iad idir 10 mbliana d’aois agus 15 bliana d’aois.
Próifíl áitiúil 2
Limistéar uirbeach i gContae an Longfoirt
Ba limistéar uirbeach ina raibh 30 teaghlach é Béal Átha na Lao i gContae an Longfoirt. Baile fearainn ina raibh ceirdeanna éagsúla á gcleachtadh ab ea é i bparóiste sibhialta Chluain Brónaigh. B’as an áit seo do Sheán Mac Eoin an poblachtánach.
Pobal oilte éagsúil meánaicmeach a bhí ann: daoine a chuir seirbhisí ar fáil agus daoine a bhí ag plé le cúrsaí riaracháin. I measc na gceirdeanna, bhí gabha stáin, giolla stábla, gréasaí, gúnadóir/haitéir, pláistéir, siopadóir, tábhairneoir agus táilliúir. Bhí constábla i gConstáblacht Ríoga na hÉireann agus sáirsint ansin. Bhí innealtóir, máistreás poist, ministir agus suirbhéir ordanáis ann. D’fhan múinteoir scoile lena deirfiúr ann. Bhí imirceach isteach a d’fhéadfadh a bheith ina bhuntáiste don Ghaeilge – an suirbhéir ordanáis le Gaeilge ó Dhún na nGall. D’oibrigh beirt cheann teaghlaigh a raibh talamh acu mar shiopadóirí chomh maith. Caitlicigh ab ea iad seo. Caitlicigh a bhí ann don mhórchuid ach bhí 14.6 % den phobal ina bProtastúnaigh. I measc na bProtastúnach bhí suirbhéir ó Shasana, constábla ón gCabhán agus plastrálaí ó Chontae an Longfoirt nach raibh Gaeilge acu.
Anailís
I mBéal Átha na Lao bhí Gaeilge ag an gceannaí. Bhí Gaeilge ag an suirbhéir ordanáis a bhí ag fanacht ar lóistín agus bhí Gaeilge ag cúntóir a bhí ag fanacht i dteach an cheannaí. Bhí múinteoir náisiúnta i dteach a deirféar nach raibh Gaeilge aici. Ní raibh Gaeilge ag na constáblaí ná ag an ministir ach oiread agus ní raibh Gaeilge sna teaghlaigh Phrotastúnacha. Bhí garchlann ó Albain, ceathrar ar aois scoile, ag fanacht lena seanmháthair nach raibh Gaeilge acu. Ní raibh Gaeilge ag aon duine de na 17 scoláire in aois scoile (5–14) i mBéal Átha na Lao.
Bhí Gaeilge ag teaghlach amháin sa cheantar seo, ba cheann teaghlaigh í ó Chontae Mhaigh Eo ó dhúchas é, arbh ceannaí agus feirmeoir é. Is é sin trí faoin gcéad. Bhí cailín ag fanacht sa teaghlach sin ó Chontae Mhaigh Eo a bhí ag obair mar chúntóir éadaitheoireachta a raibh Gaeilge aici. Bhí Gaeilge ag suirbhéir ó Chontae Dhún na nGall a bhí ar loistín i dteach baintrí a raibh gnó grósaera aici. Bhí an suirbhéir 30 bliain d’aois in 1911. Bhraithfeadh sé ar an gceantar i gContae Dhún na nGall mar bhí an teanga ag laghdú i ngach áit seachas in iarthar agus i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall in aimsir an Ghorta ar aghaidh (FitzGerald, 2003: 200). Tháinig an cúntóir as Contae Mhaigh Eo, rugadh í in 1887 agus bhí sí 24 bliain d’aois in 1911. Rugadh an ceann teaghlaigh in 1868. Bhí sé 43 bliain d’aois in 1911 agus ba as Contae Mhaigh Eo é. Bhí an Ghaeilge á labhairt i gContae Mhaigh Eo ach bhí sí ag laghdú i gceantracha ar nós Bhéal an Átha agus Cathair na Mart ó aimsir an Ghorta ar aghaidh (2003: 202).
Bhí an teanga ag triúr, beirt fhear (30, 43 bliain) agus bean amháin (24 bliain) a bhí ag obair i seirbhisí meánaicme sa chontae. Ní raibh Gaeilge ag na scoláirí in aois scoile.
Ciallaíonn sé sin nach raibh Gaeilge i scoil an bhaile, nó nach raibh Gaeilge ag na múinteoirí náisiúnta. Bhí Gaeilge ag daoine a mbíodh caidreamh geilleagrach acu leis an bpobal mar shampla, an t-éadaitheoir agus an siopadóir. D’fhéadfadh teangacha riachtanais áirithe a chomhlíonadh i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta – ‘Languages serve particular (often complex) sociopolitical economic and cultural agendas’ (Ricento, 1999: viii). In Éirinn ‘bhí an teanga riachtanach sa 19ú haois don siopadóir uirbeach agus é ag deileáil lena chustaiméirí uirbeacha rud a lean ar aghaidh le blianta anuas’, a deir Ó Cuív (1951, 1993: 26).
Bunaíodh Craobh de Chonradh na Gaeilge i gCluain Brónaigh in 1913 (G60/4/8). Luann McMahon gurbh eagraíocht a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an meánaicme é an Conradh (2008: 108). Bhí sé mealltach do lucht na gceardaithe – is den aicme sin 55% de bhaill an Chonartha (Murphy, 2008: 154).
Próifíl áitiúil 3
Limistéar tuaithe i gContae an Longfoirt
Ba limistéar tuaithe ina raibh 24 teaghlach é An Ráth Mór, Béal Átha na Muc Thoir i gContae an Longfoirt in 1911. Feirmeoirí ba mhó a bhí sa limistéar. Ba theaghlaigh Phrotastúnacha iad ceithre theaghlach, b’fheirmeoirí iad na cinn teaghlaigh. Bhí 20 teaghlach ina gCaitlicigh. Ní raibh ach ceird amháin ann – ceird an ghréasaí agus seanghréasaí a bhí ann; agus bhí tábharneoir amháin ann ó Chontae an Chabháin. Áit stairiúil ab ea Béal Átha na Muc a raibh baint aici leis na hÉireannaigh Aontaithe in 1798 a sheas le harm na Fraince i gcoinne na Sasanach (Murphy, 2010: 297). B’iomaí ainm Sasanach a bhí sa cheantar in 1911, ainmneacha ar nós Anderson, Job, Norris agus Wiggins, léiriú, b’fhéidir, gur chontae faoi phlandáil é go minic mar a luann Nolan (2010: 479). I gContae an Longfoirt, ní raibh an phlandáil chomh heagraithe agus a bhí i gCúige Mumhan agus i gCúige Uladh ach bhí imirce choilíneach leanúnach ann, gné a chuir leis an athrú cultúrtha, mar a deir Lyttleton (2010: 137).
Anailís
Bhí Gaeilge ag dhá theaghlach. I gceann amháin bhí triúr scoláirí le Gaeilge. Bhí fear óg amháin sa dara ceann, oibrí ab ea é a raibh Gaeilge agus Béarla aige. Ní raibh Gaeilge ag aon cheann teaghlaigh. Bhí múinteoir náisiúnta ann, Protastúnach ab ea í agus ní raibh Gaeilge aici. Ní raibh Gaeilge ag an tábharneoir. Ní raibh Gaeilge sna teaghlaigh Phrotastúnacha. Rugadh an t-oibrí talmhaíochta in 1889 agus ba chosúil gur fhoghlaim sé a chuid Gaeilge taobh amuigh d’am scoile. Ní raibh Gaeilge ag na tuismitheoirí. Rugadh na tuismitheoirí in 1838 agus 1840 agus mar sin bhí srianta an chórais oideachais i gceist ina gcás siúd. Bhí triúr scoláirí a raibh Gaeilge acu sa cheantar seo i dteaghlach eile. Rugadh an duine ab aosta in 1893, rugadh an chéad duine eile in 1900 agus rugadh an tríú duine in 1901. Bhí an scoláire ab aosta seacht mbliana d’aois in 1900 nuair a ceadaíodh múineadh na Gaeilge. Bhí sé fós ar scoil agus é 18 mbliana d’aois, agus b’annamh a tharla sé sin. D’fhéadfadh sé a bheith ag foghlaim a chuid Gaeilge ar scoil mar aon leis na scoláirí eile. Bhí beirt scoláirí eile sa teaghlach sin a rugadh in 1895 agus 1902, nach raibh Gaeilge acu. Ní raibh Gaeilge ag na múinteoirí go léir ag an am sin.
Bhí Gaeilge ag ceathrar sa cheantar seo: fear amháin 22 bliain d’aois, scoláire 18 mbliana d’aois agus beirt chailíní, 11 bhliain d’aois agus 10 mbliana d’aois.
Próifíl áitiúil 4
Limistéar uirbeach i gContae an Longfoirt
Ba limistéar uirbeach é Mainistir Leathrátha ina raibh naoi dteaghlach sa bhliain 1911 agus cúig theaghlach sa bhaile fearainn i mBarúntacht Ghránaird. Baintreacha a bhí i gceithre theaghlach mar chinn teaghlaigh. Bhí cúipéir, táilliúir, gabha, constábla ar scor agus múinteoir náisiúnta scoile i measc na n-áithritheoirí. Bhí imirce fhillte ann. Rugadh leanaí i Meiriceá agus chuir siad fúthu sa cheantar. Bhí dhá theaghlach Phrotastúnacha ann. Bhí roinnt mhaith baintreach fir sa cheantar.
Anailís
Bhí Gaeilge ag dhá theaghlach sa cheantar seo: i dteach an tsagairt agus i dteach an mhúinteora. Ní raibh ach ochtar leanaí in aois scoile sa cheantar. Ba mhac an mhúinteora é an t-aon pháiste amháín a raibh Gaeilge aige. Rugadh in 1902 é agus ba chosúil gur fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ar scoil. Rugadh an múinteoir in 1859 agus ba as Contae Liatroma ó dhúchas é agus ba Chaitliceach é. Bhí an Ghaeilge láidir i gContae Liatroma, áit a raibh an teanga ag idir 40% agus 80% á labhairt ag an bpobal in aimsir an Ghorta (2003: 201). Is cosúil gur thóg sé an teanga leis ina óige.
Bhí Gaeilge ag an sagart a rugadh in 1854. Ba as Contae an Longfoirt ó dhúchas é. Bhí 1,465 duine le Gaeilge in 1851 sa chontae; bhí 686 duine i mBarúntacht Ghránaird agus in 1891 bhí 252 duine dátheangach i gContae an Longfoirt agus 105 acu i mBarúntacht Ghránaird (Ó Cuív, 1951: 79). I ndiaidh an Ghorta Mhóir, chuaigh an Eaglais Chaitliceach ó neart go neart. Cuireadh oideachas ar na sagairt i gColaiste Phádraig agus i gColáiste na Naomh Uile, ceann amháin ag soláthar don tír féin agus an ceann eile ag soláthar do thíortha eile. Cothaíodh feasacht ar an dúchas in oiliúint na sagart, fiú i gColáiste na Naomh Uile (AHA 1929/30: 9). Bhí Gaeilge ag beirt fhear a bhí 57 bliain d’aois agus 52 bliain d’aois, agus ag buachaill amháin a bhí naoi mbliana d’aois, sa cheantar seo.
Osclaíodh Craobh Naomh Bryan de Chonradh na Gaeilge i Mainistir Leathrátha i mí na Bealtaine 1905 leis an Athair Tomás Langan, a bhí ina shagart paróiste ann, mar Uachtarán (G60/4/8).
Próifíl áitiúil 5
Limistéar tuaithe i gContae an Longfoirt
Ba limistéar uirbeach é Bun Lathaí i gContae an Longfoirt sa 19ú haois ach ba limistéar tuaithe é in am an Daonáirimh agus ocht mbaile fearainn suite i bparóiste sibhialta An Ghránaird. Níl tásc ná tuairisc ar an sráidbhaile anois. Deir Donohoe (2005: 42) go raibh pobal de 341 duine ann in 1841 ach nach raibh ach 73 duine fágtha in 1911. Osclaíodh ‘Craobh Bhun Lathaighe’ de Chonradh na Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 1905 (G60/4/8). Tá Bun Lathaí suite leathbhealach idir An Gránard agus Béal Átha na Lao.
Baile fearainn is ea Coillín i dtoghroinn Bhun Lathaí. Bhí 19 dteaghlach ann in 1911, trí theaghlach Phrotastúnacha agus 16 theaghlach Chaitliceacha. Feirmeoirí, baintreacha, baintreacha fir, oibrithe feirme, agus aoire amháin a bhí ann. Bhí ochtar scoláirí in aois scoile ann. Ní raibh aon Ghaeilge sa cheantar. Bhí roinnt mhaith ainmneacha Sasanacha le fáil sa cheantar ann: Armstrong, Fleming agus Gilpin arbh as Eaglais na hÉireann iad agus nach raibh Gaeilge acu.
Anailís
Bhí 14 theaghlach in iarsmaí shráidbhaile Bhun Lathaí in 1911. Feirmeoirí, baintreacha, baintreacha fir, oibrithe feirme, táilliúir, siopadóir agus scoláirí a bhí ann. Ba é an t-aon sampla as na samplaí randamacha go léir inar tugadh na sonraí go hiomlán i nGaeilge: Seaghan Mac Riocard agus Máire Ní Bhrádaigh, Caitlicigh, táilliúr agus scoláire faoi seach, a raibh Gaeilge agus Béarla acu araon. Rugadh Mac Riocard in 1873 agus rugadh Ní Bhrádaigh in 1898. Ba as Contae an Longfoirt ó dhúchas iad. Rugadh athair Mhic Riocaird in 1839, agus rugadh a mháthair in 1840 sa chéad tréimhse shaoil den aistriú teanga. Ní raibh Gaeilge acu. D’oibrigh athair agus mac araon i seancheird na táilliúireachta.
Bhí Gaeilge ag beirt sa cheantar seo; fear 38 bliain d’aois a d’oibrigh mar tháilliúir agus cailín 13 bliana d’aois a bhí ina scoláire i dteaghlach amháin. Tugadh na sonraí go léir i nGaeilge don bheirt seo.
Bhí craobh de Chonradh na Gaeilge anseo ó Dheireadh Fómhair 1905 (G60/4/8), (G60/24/6/2). William Ó Raghallaigh a bhí ina Uachtarán uirthi. D’fhreastail Seán Mac Eoin ar an gcraobh seo in 1908. Ba é tionchar amháin a bhí ag an gConradh ar na baill ná gur athraigh siad a n-ainmneacha ón mBéarla go Gaeilge. D’athraigh John Joseph McKeon, gabha, a ainm go Seán Mac Eoin (Sexton, 2023: 3).
Roghnaíodh 135 teaghlach. Bhí Gaeilge ag 16 duine sna teaghlaigh seo as 663 duine. Is é sin 2.41 %. Luadh 2.1% in 1911 i móráireamh an CSO 1926.
Tá na ceantair, líon na dteaghlach, daoine a raibh Gaeilge acu, idir bhuachaillí agus chailíní, a ngairmeacha agus a n-aoiseanna léirithe sa tábla thíos. Is iad na ceantair seo i gContae an Longfoirt atá léirithe: Sonnach, Béal Átha na Lao, An Ráth Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí/Coillín. Tá siad i mBarúntacht an Ghranáird, an chuid den Chontae ina raibh an teanga fós beo. Seisiúr fear, bean amháin, ceathrar buachaillí, agus cúigear cailíní a bhí sna ceantair a raibh Gaeilge acu in 1911. Ní raibh mórán difríochtaí idir an tuath agus an baile ó thaobh teanga de. Rugadh an duine ab aosta le Gaeilge roimh an nGorta Mór in 1844 sa chéad tréimhse shaoil den amlíne idirthréimhseach Gaeilge go Béarla.
Ceantar
|
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairmeacha |
Aoiseanna i mblianta |
1 T Sonnach 34 teaghlach |
|
|
Beirt |
Beirt |
Scoláirí |
15, 13, 11, 10 |
2 U Béal Átha na Lao 30 teaghlach |
Beirt |
Bean amháin |
|
|
Ceannaí Suirbhéir Cúntóir |
43, 30, 24 |
3 T An Ráth Mór 24 teaghlach |
Fear amháin |
|
Buachaill amháin |
Beirt |
Oibrí talmhaíochta Scoláirí |
22, 18, 11, 10 |
4 U Mainistir Leath Rátha 14 teaghlach |
Beirt |
|
Buachaill amháin |
|
Sagart Múinteoir náisiúnta Scoláire |
57, 52, 9 |
5 T Bun Lathaí / Coillín 33 teaghlach |
Fear amháin |
|
|
Cailín amháin |
Táilliúir Scoláire |
38, 13 |
Tábla a haon: An pobal Gaelach in 1911 sna ceantair Sonnach, Beal Átha na Lao, An Rath Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí i gContae an Longfoirt. T= tuaithe; U= uirbeach.
An Conradh
Bhí trí chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge sna limistéir uirbeacha sa sampla ionadaíoch: Bun Lathaí, Cluain Brónaigh agus Mainistir Leathrátha. I gContae an Longfoirt san iomlán bhí 12 craobh de Chonradh na Gaeilge ann (G60/4/8). Bhí 20 craobh i gContae na hIarmhí agus 39 acu i gContae na Mí (G60/4/8) sa tréimhse chéanna. B’eagraíocht bhunaithe sna bailte í an Conradh: ‘town-based structure’ agus ba é sin a laige dar le Murphy (2008: 154). Chomh maith leis sin, bhí ‘coimhlint idir an nua agus an sean, idir an chathair agus an tuath’ agus ‘ba bhoichte Athbheochan na Gaeilge dá bharr’ (Ó Conchubhair, 2009: 144).
Breathnaíodh ar 135 teaghlach sna ceantair a pléadh. Léirigh Garret FitzGerald (1974, 2003: 204), go raibh an teanga ag leathchuid den phobal i dtoir thuaidh an Chontae san 18ú haois ach nach raibh fágtha ach 4% den phobal a raibh Gaeilge acu in 1911. Bhí Gaeilge ag 16 duine sna ceantair randamacha in 1911 as 663 duine. Is é sin 2.41%.
Léiríonn an píosa taighde seo an líon daoine a choinnigh an Ghaeilge sna ceantair seo de réir Dhaonáireamh 1911. Ciallaíonn an t-aonteangachas marthanacht teanga (FitzGerald, 2003: 204). Ní raibh aon aonteangachas fágtha i gContae an Longfoirt in 1911, áfach, agus ní hionann ainmneacha agus sloinnte tugtha i nGaeilge agus an t-aonteangachas, mar a léiríodh thuas.
[1] Bunaithe ar Dhaonáireamh 1911, dúirt 17.6 % de dhaonra na tíre (6.6 milliún) go raibh Gaeilge acu agus go raibh Gaeilge ag 18.3% in 1926.
[2] Cuireann (Adams, 1986: 119) caoga bliain ar thréimhse shaoil. Déanann sé an analach mar seo: 150 bliain is ea trí thréimhse shaoil. Má thosaítear in 1611 i gCúige Uladh, 150 bliain ina dhiaidh sin, is é sin an tríú ceathrú den 18ú haois a bhásóidh an teanga. Bheadh an dátheangachas ann sa chéad cheathrú agus a t-aonteangachas sa dara ceathrú.
[3] Bheartaigh Rialtas na Breataine go mbeadh modhscoil i ngach contae agus bhí ceann i gCoill an Chollaigh i gContae an Chabháin, ar an taobh thoir thuaidh de Chontae an Longfoirt (Parkes, 2016: 51, 62). Níor bunaíodh ach 29 sa tír (2003: vi).
[4] Returns relating to national education in Ireland showing the number of pupils on roll, average daily attendance: https://parllipapersProquest.com.
[5] ‘The Irish Education Act of 1892 required parents in cities and urban areas throughout the country to send children between the ages of 6 and 14 to school for at least 75 days a year. Rural areas were excluded from the requirements of this Act, which stated that children could be kept out of school if they were prevented by “sickness, domestic necessity…husbandry and the ingathering of crops, or giving assistance in the fisheries, or other work requiring to be done at a particular time or season…”’
https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-1916/1916irl/society/education/
‘The 1892 Education Act for the first time made attendance at school compulsory for children aged between six and 14 years and stipulated that those under 11 years were not to be employed, except in periods of seasonal labour such as planting potatoes, hay-making and harvest’. (Irish Education Act, 55 & 56 Vict., c.42 (1892) in Parkes, 2010: 50).