Mise atá ann!
An gcloiseann sibh mé?
Abhus anseo
sa
dubh.
Glaoim ach ní chloistear.
An guth maolaithe,
Ag toll-bhuillí na dróntoirní,
Ag cartadh is ag tochailt,
Ag scairteach is ag screadach.
Glaoim arís ach ní chloistear.
An guth maolaithe,
Ag tost is ag ciúnas
lucht ceannais is cinseoireachta,
uaisle is údarás,
meán is mórchumhachtaí.
Mise abhus
seachas thuas.
Dorchadas agus dusta,
Ní gile ná úire.
Síol an fhuatha,
Ní bláth na hóige.
Duibheagán gan ghrinneall,
Ní dóchas go crann na spéire.
Fuacht is faitíos,
Ní lomcheart na beatha daonna.
Níl duine romham,
is níl duine i mo dhiaidh.
Cine á mhúchadh,
Coinneal ar choinneal.
Mise atá ann!
An gcloiseann sibh mé?
Abhus anseo
Sa dubh seo
Nach mbeidh arís
gealghorm.