Is iniúchadh atá sa leabhar An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh ar stádas na Gaeilge in Éirinn de réir an dlí. Déantar cur síos ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí a bhaineann leis an nGaeilge go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. D’fhoilsigh Leabhar Breac sa bhliain 2020 é, agus mar sin rithfeadh cúpla bearna leis an léitheoir, mar shampla, Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 chomh maith leis an Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022. Mar abhcóide é féin, éiríonn leis an údar leagan amach soiléir, loighciúil a chur i bhfeidhm ar an ábhar. Leanann an leabhar forbairt stádas na Gaeilge ó bhunú an tSaorstáit go dtí an lá atá inniu ann, dírithe ar phleanáil teanga agus na státseirbhísí.
Ní breithiúnas go díreach é an leabhar seo ar chur chun cinn na Gaeilge i ndlí na hÉireann, ach is léir gur úsáid Mac Cárthaigh a chuid eolais mar abhcóide ina anailís. Tá tuairimí ó thús deireadh an leabhair, go háirithe iad siúd atá ag cáineadh laigí an Stáit as an nGaeilge a chur chun cinn tríd an reachtaíocht. Feictear an anailís is cáintí i réamhrá agus i mbrollach an leabhair, ina ndéantar tagairt do cheann de na pointí is láidre a fheictear sa leabhar; ‘I dTeach Laighean, áfach, leantar den drochnós Billí a fhoilsiú agus a reáchtú as Béarla amháin…agus cuirtear amach tiontú oifigiúil Gaeilge orthu tamall ina dhiaidh sin, má chuirtear.’ (14). Léiríonn an friotal san alt seo – úsáid na bhfocal ‘áfach’ agus ‘drochnós’ – réim breithiúnach an bhrollaigh nach bhfeictear sa chuid eile den leabhar mar gheall ar an réim acadúil, oideachasúil a úsáidtear. Is struchtúr éifeachtach é seo mar léiritear tuairimí an údair ón tús, ach is féidir teacht ar eolas gan bhac.
Osclaíonn príomhthéacs an leabhair le cur síos ar an gcomhthéacs stairiúil a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa dlí in Éirinn. Déantar cur síos cruinn ar ról na teanga sna gluaiseachtaí náisiúnachais. Is caibidil thábhachtach í seo chun ábhar an leabhair a chur i gcomhthéacs, go háirithe mura bhfuil eolas staire ag an léitheoir. Mar sin féin, tá easpa comhthéacs idirnáisiúnta sa leabhar. Chonacthas gluaiseachtaí náisiúnachais ar fud an domhain sa 19ú agus san 20ú haois, go háirithe mar thoradh ar scaipeadh na teoirice Marxaí, agus ní féidir gluaiseachtaí na hÉireann a scaradh ón gcomhthéacs seo. Is fíor go bhfuil an leabhar seo bunaithe ar stair na hÉireann, ach ní rithfeadh an easpa comhthéacs idirnáisiúnta leis an léitheoir mura raibh tagairtí go minic do thíortha eile níos déanaí sa leabhar chun comhthéacs reachtaíocht an dátheangachais a léiriú.
Cuireann an leabhar seo béim ollmhór ar an dátheangachas i reachtaíocht na hÉireann, go háirithe maidir le stádas na Gaeilge faoin mBunreacht – ‘Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í…Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.’ (Bunreacht na hÉireann 1937, Airteagal 8.1). Déanann Mac Cárthaigh comparáid idir chur i bhfeidhm an stádais seo in Éirinn agus i dtíortha eile an Chomhlathais (go háirithe i gcomhthéacs an tSaorstáit). Is iad Ceanada agus An Afraic Theas na tíortha a roghnaítear, maidir le Béarla agus an Fhraincis agus Béarla agus an Ísiltíris faoi seach. Is léir nach comparáidí cruinne iad seo. Sna tíortha sin is teangacha coilíneacha eile na teangacha sa reachtaíocht; is miontheangacha iad an Fhraincis agus an Ísiltíris mar gheall ar dhíospóidí coilíneacha idir na chéad choilínithe agus na Sasanaigh a tháinig ina ndiaidh. In Éirinn, is í an Ghaeilge an teanga dhúchais, ní teanga choilíneach í, agus mar sin tá tábhacht agus comhthéacs an stádais a bronnadh uirthi mar theanga oifigiúil na tíre éagsúil. Is féidir comparáid níos sláine a chruthú idir stádas na Gaeilge in Éirinn agus stádas na Maoraise sa Nua-Shéalainn. Déantar tagairtí do Cheanada go minic sa leabhar ach níl tagairt ar bith don phointe follasach seo. Feictear an fhadhb chéanna sa reachtaíocht a ndearnadh tagairt di sa leabhar seo; ní fheictear an focal ‘dúchas’ ná ‘indigenous’ in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ná sa Leasú a foilsíodh in 2021. Níl tagairt sa reachtaíocht seo don fháth ar cuireadh na rialacha seo chun cinn, agus is fadhb mhór í seo nuair atá miontheanga dhúchais i gceist i gcomhthéacs iarchoilíneach. I gcodarsnacht leis seo, tá a mhalairt le feiceáil sa Nua-Shéalainn. In Te Ture mō Te Reo Māori 2016, macasamhail Acht na dTeangacha Oifigiúla, cuirtear feidhm an achta chun cinn ag tús an achta; ‘The purpose of this Act is…to affirm the status of the Māori language as…the indigenous language of New Zealand…’. Mar sin, is léir go mbainfeadh an leabhar seo tairbhe as comparáid a dhéanamh idir an Nua-Shéalainn agus Éire in ionad Cheanada, mar a rinneadh.
Deirtear go bhfuil an leabhar dírithe ar mhic léinn agus ar dhlíodóirí cleachtacha araon (Blurba ar chúl an leabhair). Is fíor é seo, ach léirítear go mbeadh an leabhar seo an-úsáideach do mhic léinn dlí go háirithe mar gheall ar an gcur síos sonrach ar chóras dlí an Aontais Eorpaigh. Tá beagnach 20 leathanach sa chaibidil seo agus is cinnte gur achoimre an-chruinn é. Tá seans ann nach bhfeilfeadh an mionchuntas seo do gach léitheoir mar is achoimre dírithe ar thosaitheoirí é seo ina bhfuil go leor sonraí. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an chuid seo den leabhar rófhada mar níl tagairtí do chásdlí an Aontais Eorpaigh rómhinic sa leabhar, agus mar sin níl gá leis an leibhéal saineolais atá ann.
Mar sin, is leabhar maith do mhic léinn an dlí é. Ar an lámh eile, mar gheall ar an mbéim ar mhionsonraí agus ar shaineolas, is saghas almanaig é an leabhar seo ar ábhar na Gaeilge sa dlí. Níl sé riachtanach eolas dlí a bheith ag an léitheoir toisc go bhfuil an t-eolas leagtha amach go sothuigthe, ach b’fhéidir go mbeadh sé deacair na sonraí cruinne, go háirithe maidir leis an gcásdlí, a thuiscint. Cuireann na fonótaí go mór leis an eolas sa leabhar, agus críochnaíonn gach caibidil le críoch shoiléir agus láidir.
Mar fhocal scoir, is leabhar dea-eagraithe agus léirsteaneach é seo. Ar an drochuair, tá easpa tagairtí don iarchoilíneachas, rud atá ábhartha d’aon phlé ar thopaic na Gaeilge. Ní féidir stádas na Gaeilge in Éirinn agus an t-iarchoilíneachas a phlé go neamhspleách ar a chéile. Mar a dúradh, tá easpa tagairtí do Thuaisceart na hÉireann sa leabhar seo chomh maith, ach is léir go bhfuil an leabhar dírithe ar reachtaíocht an tSaorstáit agus na Poblachta. Dá scríobhfaí an leabhar i mbliana ní fhéadfaí cearta teanga an Tuaiscirt a sheachaint. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil na fadhbanna céanna a aimsíodh i reachtaíocht na hÉireann le feiceáil san Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, maidir le heaspa tagartha don iarchoilíneachas. San acht seo, ní dhearnadh tagairt don Ghaeilge mar theanga dhúchais na tíre. Bronnadh an stádas céanna ar theanga na hUltaise gan admháil do stair leatromach an stáit i gcás na Gaeilge, mar a rinneadh i rialtas na Nua-Shéalainne. Ina ainneoin seo, is leabhar lán de saineolas é An Ghaeilge sa Dlí atá oiriúnach do mhic léinn agus do dhlíodóirí cleachtacha araon. Tá struchtúr an leabhair soiléir agus ciallmhar agus is ciclipéid iontach é do dhaoine i réimse an dlí.