Guth á Thabhairt do Luath-Naomh Suntasach: Alt Léirmheasa ar Ceallach: Cín Lae Fíréin AD 590-620 (le Diarmuid Johnson)

Leabhar Breac: Indreabhán. ISBN: 978 1 913814 25 0.

Léirmheastóir: Marie Whelton

 

Réamhrá

Scéal Naomh Gallus (Ceallach) atá sa leabhar Ceallach: Cín Lae Fíréin AD 590-620 le Diarmuid Johnson.  Bhí Naomh Gallus ar dhuine den ghrúpa manach a thaistil ó Mhainistir Bheannchair, Contae an Dúin, thar sáile agus ar fud na hEorpa faoi stiúir Naomh Columbanus sa 6ú céad ar mhisean soiscéalaíochta. Ag an am, bhí Mainistir Bheannchair ar cheann de na príomhionaid léinn in Éirinn (Flower, 1947: 13). Bhunaigh an grúpa manach mainistreacha in áiteanna atá lonnaithe in oirthear na Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine sa lá atá inniu ann, agus a bhí lonnaithe ar imeallchríocha dainséaracha na Críostaíochta lena linn féin. Sa deireadh, scar Ceallach ó Cholumbanus agus d’fhan sé san Eilvéis, áit ar bhunaigh sé díseart san áit a dtugtar ‘St Gallen’ air ina ómós fós (Ó Fiaich, 1986: 25). I leabhar Dhiarmuid Johnson, faightear léiriú suaithinseach ar an turas fisiceach agus ar an turas spioradálta a rinne na manaigh. San alt léirmheasa seo féachfar go háirithe ar an tslí a dtugann seánra na dialainne ficsin (seánra an Chín Lae) guth iontaofa inchreidte do Cheallach agus ar an tslí a n-éiríonn le Johnson an guth sin a úsáid chun léargas úr dúchasach a thabhairt ar chomhthéacs seachtrach agus ar shaol inmheánach naoimh shuntasaigh.

Seánra an Chín Lae agus Guth Cheallaigh

Is é seánra an Chín Lae a roghnaíonn Diarmuid Johnson chun scéal Cheallaigh a insint. Tá de bhuntáiste ag an seánra sin go gcuireann sé struchtúr ar leith ar fáil. Sraith d’iontrálacha gearra in ord croineolaíoch (590–620 AD) agus in ord áite atá i gceist, agus ciallaíonn sé sin go nochtar an scéal de réir a chéile i bpíosaí beaga machnamhacha thar am seachas trí phlota ardfhorbartha. Tá na hiontrálacha sin eagraithe i naoi gcaibidil san iomlán agus is iad logainmneacha na Sean-Eorpa is mó atá in úsáid mar theidil orthu: Ó Bheannchar go Landevennec; Ó Landevennec go Luxovium; Wabero, Sléibhte Vosges; Luxovium; Díbirt; Seachrán – ó Kiberon go Rotomagus; Ó Rotomagus go Mettis agus go Brigantinus; Brigantinus Cois Locha; Mo Chill Féin. Is é an toradh ná go bhfaigheann an léitheoir taifead léarscáile ar aistear na manach ar fud na hEorpa.

Ina theannta sin, is gaireas liteartha é seánra an Chín Lae a ligeann do Johnson an scéal a insint sa chéad phearsa ó thaobh an naoimh. Cruthaíonn sé sin suibiachtúlacht agus is éasca don léitheoir a shamhlú dá bharr, go bhfuil fuinneog á hoscailt ar charachtar agus ar thaithí phearsanta an naoimh idir smaointe, inspreagadh, dhearcadh, mhothúcháin agus shaol spioradálta. Is uirlis chumhachtach, dá bhrí sin, é seánra an Chín Lae chun guth a thabhairt don naomh agus is sa seánra-chomhthéacs sin a dhéanfar iniúchadh anois ar an nguth a chruthaítear do Cheallach.

Guth Léannta Uasaicmeach

Tá uasaicmeachas agus léann Cheallaigh faoi bhéim ó fhíorthús an leabhair, áit a gcuireann Ceallach é féin in aithne don léitheoir (7):

Mé Ceallach. Manach. Díthreabhach. Scríobhaí. In Oirialla mo dhúchas. M’athair ba rí. Ceithearnach a ainm. Bhí eallach agus éadáil aige, maith agus maoin. Ba mhór a chlú.

Ba ábhar taoisigh mé féin le mo linn, dá réir. Oidhre Oiriall agus comharba mo shinsear […] D’fhoghlaim ginealach mo threibhe. Chleacht cleasa lúith agus gaisce.

Is le focail den chineál céanna a dhúnann Diarmuid Johnson an nóta léirmhínithe a sholáthraíonn sé ag deireadh an leabhair (145):

Seo scéal Cheallaigh más ea: Manach agus mac rí, Éireannach agus Eorpach, iascaire agus talmhaí, scoláire agus fear teangacha, deoraí agus díthreabhach, Críostaí mór nuair is creideamh raidiceach [sic] óg a bhí sa Chríostaíocht, duine daonna a bhfuil a ainm beo buan san iasacht fós.

Tá an léiriú sin ar ghinealach uasal agus ar léann Cheallaigh ag teacht leis an léiriú ar Naomh Gallus a fhaightear sna foinsí éagsúla (Clark, 1926: 20–1; Ní Mheara, 2001: 214; Breen, 2009). Is iondúil go luaitear oideachas, éirim aigne agus buanna teangeolaíochta an naoimh sa scoláireacht agus tagraíonn Gearóid Trimble (2016: 119–21) don ‘lorg’ eiseamláireach a d’fhág Ceallach agus a chomharbaí ar fhorbairt intleachta agus spioradálta na hEorpa.

Is í an teicníocht is mó a úsáideann Johnson chun béim a chur ar léann, ar oideachas agus ar chumas teangeolaíochta Cheallaigh ná an réim theanga oiriúnach a roghnaíonn sé. Tá an Cín Lae scríofa i nGaeilge liteartha ghonta shaibhir a léiríonn tionchar na litríochta agus líofacht scéalaíochta. Prós álainn is ea é a chruthaíonn íomhá de scríbhneoir solabhartha machnamhach. Is mar seo a chuireann Johnson síos ar an nGaeilge atá in úsáid aige agus ar an aidhm a bhí aige réim theanga liteartha a aimsiú (143):

Is i nGaeilge atá an leabhar seo, ach is scéal é nár scríobhadh i nGaeilge cheana. Nuair is amhlaidh atá, is fíor a rá gur athghabháil ar chuid de dhúchas na Gaeilge agus na hÉireann atá sa saothar […]

Cén cineál Gaeilge atá sa leabhar seo? Is í mo chuid Gaeilge féin í. Tá sin le rá. Ach is Gaeilge í atá díoraithe [sic.] ón nGaeilge liteartha a bhí i réim ón 12ú haois go dtí an 17ú haois. Ar bhealach amháin, is consaeit atá inti, mar níl aon phrós Gaeilge ann ón 6ú haois, ní áirím téacs fada leanúnach. Ar bhealach eile, is Gaeilge í den chineál a bheadh á scríobh, dar liom, dá maireadh an seantraidisiún léinn.

Tá tagairtí oscailte i leabhar Johnson, freisin, d’ilteangachas Cheallaigh agus dá spéis in ilchultúrachas na hEorpa. Deir sé, mar shampla, gur fhoghlaim sé ‘beagán de chanúint na mBreatan’ (26) agus é in Landevennec; tugann sé an t-ilchultúrachas faoi deara i gcathair Aurelium, áit a raibh daoine ‘as tír na Siria. As Byzantium. As Marsellium’ (36).  Is í an mhuinín a chuireann Columbanus i gCeallach in Brigantinus labhairt leis an bpobal ina gcanúint féin is mó a léiríonn a chumas le teangacha. I bhfocail Cheallaigh, roghnaíodh é: ‘óir ní beag m’eolas ar bhriathra na canúna sin ó aimsir Luxovium cois sléibhte Vosges.’ (107).

Gné eile de léann Cheallaigh atá faoi bhéim ag Johnson ná an tslí a n-amharcann Ceallach air féin mar scríbhneoir agus mar scoláire. ‘Tá mo pheann ar fónamh’ (28) a deir sé in iontráil amháin, agus ní maith leis a bheith gan dúch in iontráil eile (29). Bíonn meas ag Ceallach, freisin, ar léann daoine eile. Agus é ag tagairt don Easpag Greagóir, mar shampla, deir sé: ‘An Greagóir sin is scríobhaí agus fear léinn. Is méanar don té a bhreacann briathar Dé’ (24). Cuireann Ceallach spéis, freisin, i gconspóidí reatha na heaglaise agus na diagachta agus nochtann sé a chuid tuairimí faoin easaontas a bhí ann, ag an am, idir eaglaisigh na hÉireann agus eaglaisigh na Róimhe maidir le Ceiliúradh na Cásca (56, 64).

Guth Manaigh agus Críostaí faoi Stiúir Naomh Columbanus

Sa dara háit is guth iontaofa manaigh agus Críostaí a chloistear sa Chín Lae seo. Tugann na hiontrálacha léargas ar thuiscint Cheallaigh ar a ghairm agus go háirithe ar an dualgas a mhothaíonn sé a bheith air gach ní a thréigean ar son na gairme sin (7).

Labhraíonn sé, freisin, faoin ‘peregrinatio pro Christo’ (8) mar ghné lárnach dá ghairm agus faoin iallach a chuireann an peregrinatio sin ar na manaigh gluaiseacht ar eachtra agus cúl a thabhairt ar Éirinn (10). Léiríonn an Cín Lae gur eachtra í atá lán le háilleacht agus le gliondar ar lámh amháin, ach atá lán le dúshláin agus cruatan ag an am céanna. Bíonn ‘Gaoth agus gairfean! Doineann agus fearthainn!’ (19) ar a slí; caitheann siad oícheanta ‘faoi mhuine mionchoille’ (13); cloiseann siad ‘Uallfairt faolchon agus mac tíre san oíche’ (36); téann siad i dtaithí ar bhrothall coimhthíoch na hEorpa agus ar thírdhreach úrnua (21); caitheann siad tréimhsí fada ag siúl (30); feiceann siad uafás, gorta agus ganntanas (30–1) agus caoineann siad bás ball dá ngrúpa (53, 114–5). In ainneoin na ndúshlán agus na ndeacrachtaí, is le buanchreideamh agus le buíochas lúcháireach croí a dhéanann Ceallach machnamh ar an aistear (38). Feictear an buíochas céanna sna tagairtí a dhéanann Ceallach d’áilleacht agus d’fhlúirse an nádúir agus na beatha (féach an cur síos ar fhlúirse Landevenec ar leathanach 23, mar shampla).  Ach, bíonn an buíochas croí sin le sonrú i nguth Cheallaigh fiú agus iad in umar na haimléise tar éis a bheith díbeartha ag Teuderich agus ar seachrán (90–1):

Triar d’aos leighis na cathrach do chur chugainn iar rochtain na cathrach dúinn. Ba dhíol sceoine ár bhfeiscint. Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn […] Chuir an triar lianna ungach ar gach lot dúinn. Tugadh deoch luibheanna dúinn le hól. Bearradh sinn. Ordaíodh othras coicíse dúinn. Is lag tréith a bhíomar tar éis imeachtaí na díbeartha agus an tseachráin. Móradh don Ardmhac a thug slán ón ngábh sinn.

Gné lárnach den peregrinatio ná craobhscaoileadh bhriathar Dé, is é sin ‘carthanas agus maiteanas, síocháin agus umhlaíocht’ (19) a léiriú agus a chur chun cinn, ní i measc na gCríostaithe, ach ar an gcoigríoch ‘i measc na ngéinte’ (92) ar ‘imeallchríocha ríocht na Meirvínseach’ (94). De réir thuairisc Cheallaigh, rinne siad é sin den chuid is mó tríd an dea-shampla agus tríd an teagasc. Luann Ceallach gur tháinig muintir na n-áiteanna éagsúla chucu ar an Domhnach óir ‘b’fhearr leis na daoine an choinneal ná an claíomh.’ (45) Ba nós leis na manaigh, freisin, teagasc speisialta a chur ar dhaoine óga áirithe ‘i suáilcí na bhfíréan, mar atá umhlaíocht agus aontumhacht, tost agus urnaí, beatha gan mhaoin gan éadáil’ (45).

Tugann Ceallach léargas sonraíoch ar shaol an mhanaigh faoi riail Cholumbanus idir throscadh, shaothar láimhe, thost, umhlaíocht (26) agus urnaí. Go deimhin, tá iontrálacha Cheallaigh ina Chín Lae breac le tagairtí ó na scrioptúir – tagairtí ó na sailm (13, 70, 99) go háirithe, ó phaidreacha an Aifrinn rómhánaigh (17, 104); ó urnaithe Caitliceacha coitianta (42) agus ó phaidreacha dúchais na Gaeilge (20, 70, 82, 119). Ar an ábhar sin, faigheann an léitheoir léargas ar dhuine atá ag maireachtáil as a chreideamh Críostaí agus atá i ndlúthchaidreamh mistiúil pearsanta lena Dhia.

Cuireann Johnson Ceallach i láthair mar mhanach a d’fhéach ar Cholumbanus mar anamchara (7) agus mar cheannaire (14) agus is léir gur chuir sé luach an-mhór ar an gcaidreamh a bhí eatarthu (65). Dar le Ceallach bhí ‘iomrá’ ar a anamchara ar fud na hEorpa agus tagraíonn sé, freisin, dá éirim agus dá chráifeacht (46, 94).

Maidir leis an saothar láimhe a bhíodh le déanamh ag na manaigh, tarraingíonn Ceallach pictiúir den saothar dian tógála agus feirmeoireachta a bhíodh le déanamh agus ar an mbealach ina ndéanaidís éadaí agus bróga (26–8). Tráchtann sé ar an tslí a rabhadar in ann líon iascaireachta a dhéanamh as neantóga (45) agus ar an obair a bhí ag teastáil chun ruacain a bhaint (14).

Pléann Ceallach na comharthaí agus na míorúiltí a chuir Columbanus agus a lucht leanúna i gcrích (25, 47, 63–4). Féachann Ceallach ar na comharthaí agus ar na míorúiltí sin de ghnáth mar chruthúnas ar chreideamh na gCríostaithe agus mar shiombailí de ríocht agus de láithreacht Dé. Ach léann sé teachtaireachtaí ó Dhia agus comharthaí spioradálta agus coinsiasa i bhfeiniméin nádúrtha freisin (55, mar shampla). Is léir go n-amharcann Ceallach ar an bpeaca mar chasadh ó láithreacht Dé agus tagraíonn sé don choimhlint inmheánach agus seachtrach leis an olc go minic sna hiontrálacha. In iontráil amháin luann sé ábhar bráthar a fuarthas ciontach i mí-úsáid na collaíochta (57). Is é an pionós a cuireadh air ná ‘carghas bliana’. Is é ráiteas Cheallaigh faoin tslí a gcoinneofar an peaca ina rún, áfach, a chuirfidh an léitheoir nua-aimseartha ar crith: ‘ceiltear an scéal, nó is dubh ár gclú’ (57).  Is cliste, dá bhrí sin, an tslí a mbaineann Johnson úsáid as guth Cheallaigh chun plé a dhéanamh ar an bhfadhb is mó atá ag an eaglais sa lá atá inniu ann. Is cosúil go rianaíonn Johnson fréamhacha na faidhbe sin siar go hóige na Críostaíochta agus go haimsir Cheallaigh. Feidhmíonn an iontráil áirithe sin mar chritic scanrúil chumhachtach ar pholasaí na heaglaise dul i ngleic go rúnda le fadhbanna d’fhonn clú na heaglaise a chosaint. 

Guth a Cheistíonn Cheannaireacht Cholumbanus

Is í an tríú gné de ghuth Cheallaigh a chuireann le hiontaofacht na dialainne ina hiomláine ná an léargas eolach a thugann sé ar cheannaireacht Cholumbanus. Ní fhágann Ceallach aon amhras ar an léitheoir maidir le scileanna polaitíochta agus scileanna taidhleoireachta Cholumbanus. Tagraíonn sé, mar shampla, don tslí a gcuireann Columbanus aithne ar cheannairí áitiúla agus ar an úsáid a bhaineann sé as snaidhmeanna cairdis idir easpaig agus rithe chun fearann a fháil ó rí áirithe i gceantair phágántachta (37) agus chun cead a lorg a chill a thógáil ar an bhfearann sin (32–3). I bhfocail Cheallaigh ba é an aidhm a bhí acu ná ‘soiscéal Dé a chraobhscaoileadh faoi choimirce agus faoi chumhdach an rí Chríostaí sin.’ (32)

In ainneoin gur bhain na manaigh úsáid as an dea-shampla chun briathar Dé a chraobhscaoileadh, léiríonn dhá eachtra mhóra sa Chín Lae gur bhain siad úsáid as an tseanmóireacht láidir cháinteach, freisin, mar mhodheolaíocht agus iad ag iarraidh deireadh a chur leis an bpágántacht (féach leathanach 141 le míniú Johnson ar na déúlachtaí éagsúla sa leabhar a léamh). Uaireanta is geall le cogadh cráifeach an obair a bhíodh ar siúl acu agus deamhain á ndíbirt acu ó áiteanna éagsúla.    

Baineann an chéad eachtra leis an Rí Teuderich agus iad in Luxovium. Iarrann Columbanus ar an Rí  ‘banchéile dlisteanach dea-Chríostaí’ a ghlacadh chuige agus ‘scoir leis an adhaltrannas’ (67). Ní ghlacann Teuderich le comhairle an Naoimh agus is í an díbirt an toradh a bhíonn air (72). Mallacht a chuireann Columbanus ar a namhaid mar fhreagra (77).

Bíonn tionchar ollmhór ag an gcoimhlint idir Columbanus agus Teuderich ar na manaigh go léir agus tugann Ceallach cur síos cumhachtach ar an sceon a mhothaigh siad (74–5) agus ar an amhras a tháinig ar a chroí féin (81). Chaith siad tréimhse ar seachrán crua achrannach agus ag pointe amháin tagann buairt ar Cheallach faoi anam Cholumbanus féin agus paidir á rá aige dó (102).

Baineann an dara heachtra lena dtréimhse in Brigantinus. Iarrann Columbanus ar Cheallach labhairt, agus is guth gríosaitheach dian go leor a chloisimid ó Cheallach agus é á chur féin i láthair amhail Maois, nó, Íosa sa Teampall, ag iarraidh ar an bpobal adhradh na ndéithe bréige a thréigean. Cuireann sé béim ar an aithrí ina óráid agus briseann sé dealbha na bpágánach (107–8). Cé go dtéann Ceallach i bhfeidhm ar dhaoine áirithe sa slua, bíonn cuid den slua i bhfearg leis agus déanann sé namhaid go háirithe den taoiseach, Gunzo, a thosaíonn ‘ag dord’ (112) i gcoinne na manach tar éis na heachtra. Sa deireadh, dúnmharaítear beirt de na manaigh agus ceapann Columbanus go raibh lámh ag Gunzo ina ndúnmharú (114). Is i dtéarmaí an chogaidh spioradálta a léann Columbanus an scéal arís agus tagann sé ar an gconclúid go bhfuil baol ann go n-athmhúsclóidh ‘seandeamhan an tsléibhe’ (115), go bhfuil siad go léir i mbaol a mbáis agus gur chóir dóibh an áit a fhágáil.  Ní aontaíonn Ceallach lena anamchara (116–7), áfach, agus déanann sé cinneadh scaradh lena bhráithre chun fanacht gar do Brigantinus ina aonar. Sula bhfágann Columbanus agus na manaigh eile, cuireann Columbanus pionós dian ar Cheallach: ‘Fan abhus más é is gá, a Cheallaigh dhil. Ach fad a mhairimse, séanaim cead ort aifreann Dé do rá’ (117).

Tugann an dá eachtra sin léiriú ar an gcoimhlint oscailte a bhíodh ann idir an phágántacht agus an Chríostaíocht agus ar an tseanmóireacht cháinteach a bhíodh in úsáid ag na manaigh chun an soiscéal a chraobhscaoileadh. Is mar choimhlint dhénártha spioradálta idir an t-olc agus an mhaitheas a léirítear an choimhlint sin den chuid is mó i leabhar Johnson. Is é is spéisiúla don alt léirmheasa seo, áfach, ná go gcloistear guth sainiúil Cheallaigh sna leideanna a thugann sé nár aontaigh sé i gcónaí le cur chuige a anamcharad i dtaobh na coimhlinte sin agus sa cheistiú oscailte a dhéanann sé ar chinneadh Cholumbanus teitheadh ón mbaol in am na coimhlinte. Cuireann na leideanna agus an ceistiú sin le hiontaofacht ghuth Cheallaigh óir tugann siad míniú spéisiúil ar fhoinse an easaontais a eascraíonn idir an bheirt naomh. 

Guth Láidir Neamhspleách an Cheannaire Spioradálta

I gcaibidil a naoi den leabhar is díol spéise go dtagann forbairt shuntasach ar ghuth Cheallaigh. Sa chaibidil sin faigheann an léitheoir cur síos, ar dtús, ar an bhfiabhras a fhulaingíonn Ceallach tar éis imeacht a bhráithre agus ar an tslí a dtagann an Críostaí dúchasach, Willimar, i gcabhair air in am an ghátair (118). Is é an cuntas ar an gcinneadh a dhéanann Ceallach dul ar an díseart leis an deagánach Hiltibod is mó a léiríonn go bhfuil sé ag fás go neamhspleách agus go spioradálta – socraíonn sé, as a stuaim féin, go bhfuil air é féin a mhoirtniú mar chúiteamh ar a easumhlaíocht dá cheannaire (Ní Mheara, 2001: 212–3).

Is léir go bhfásann Ceallach mar cheannaire spioradálta ar a bhealach dílis féin le gach cinneadh a dhéanann sé ina dhiaidh sin. I míorúilt an bhéir, feicimid go bhfuil creideamh daingean aige agus go dtarlaíonn míorúiltí de bharr an chreidimh sin (Ó Fiach, 1986: 126). Feictear a cheannaireacht, freisin, sa chinneadh a dhéanann Ceallach a chill neamhspleách féin a thógáil san fhoraois uaigneach. Nuair a thagann rath ar a chuid oibre tar éis dó iníon a namhad (Gunzo) a leigheas (129), is léir go bhfuil a stádas agus a naofacht á ndaingniú sa cheantar. Mar a deir Ní Mheara (2012: 212): ‘But already in Gall’s lifetime his healing powers were known, the most auspicious case being that of the daughter of the Alemannic ruler, Gunzo.’

Nuair a fhaigheann Columbanus bás, feiceann an léitheoir cumas físiúil Cheallaigh atá ar an eolas faoin mbás sula gcloiseann sé go foirmiúil faoi. Tagraíonn Clark (1926: 23), freisin, don bhua físe sin: ‘According to the Vita, St Gall said Mass immediately after the death of St Columban [Columbanus] had been revealed to him in a vision.’

Nuair a bhronntar bachall Cholumbanus ar Cheallach mar chomhartha beannachta, cairdis, maithiúnais agus athmhuintearais, téann an bronntanas i gcion go mór ar Cheallach agus is mar seo a dhéanann sé cur síos ar an tocht a mhothaigh sé agus é ag déanamh machnaimh ar a bhrí: ‘Greim doirn do rugas ar mbachall. Brí an adhmaid ba mhór. Gur mhuidh orm racht deor.’ (131)

Is é guth cinnte an mhanaigh agus an fhíréin a chloistear ag an deireadh, guth atá tar éis a ghairm, a ról agus a dhúchas neamhspleách féin a aimsiú : ‘Más cian a mhairfead […] leis an bhfód seo ní dhealód arís le mo bheo’ (132).

Conclúid

Tá an rian forleathan a d’fhág Naomh Gallus ar logainmneacha, ar ealaín shácráilte, ar ailtireacht eaglasta, ar léann agus ar dheabhóid Chríostaí na hEorpa pléite ag scoláirí éagsúla ar nós Thomáis Uí Fhiaich (1986: 110, 146, 166) agus Róisín Ní Mheara (2001: 42–229). Aithníonn Diarmuid Johnson an rian sin, freisin, agus dar leis, ‘is ceart agus is cóir’ cuimhne Cheallaigh a thabhairt ar ais ar an dúchas (145). Níl amhras faoi ach go n-éiríonn le Johnson cuimhne agus tábhacht Cheallaigh a thabhairt chun suntais sa leabhar seo – leabhar a bhfuil diantaighde, samhlaíocht agus taithí thaistil phearsanta an údair le léamh go sonraíoch ar gach leathanach de (Ní Fhinneadha, 2023). Ní hamháin go dtugann Johnson cuimhne Cheallaigh chun suntais, áfach, ach éiríonn leis beatha, éachtaí, saíocht shainiúil agus oidhreacht an naoimh a cheiliúradh trí ghuth a thabhairt dó.  Is guth é a thugann léargas ar luachanna, ar spioradáltacht, ar dhíograis agus ar ildánacht Cheallaigh; is guth é a léiríonn tuiscint phearsanta ar an mbaol, ar an bpriacal, ar an bpolaitíocht agus ar an gcruatan a bhain leis an soiscéal a chraobhscaoileadh in áiteanna tairseachúla págánacha ar imeall na Sean-Eorpa faoi stiúir Cholumbanus (Póirtéir, 2022), ach is guth é, freisin, a cheistíonn, a fhásann, a fhorbraíonn agus a bhláthaíonn go muiníneach ann féin agus go neamhspleách ó Cholumbanus. Éiríonn le Diarmuid Johnson sa Chín Lae seo, turas fisiceach agus turas inmheánach Cheallaigh a thaiscéaladh agus éiríonn leis naomh eisceachtúil a chur os comhair an léitheora mar cheannaire spioradálta údarásach ceannródaíoch. Sa chomhthéacs sin, is furasta an tionchar fadtéarmach a bhí ag an gCeallach stairiúil ar ghnéithe de shaol na hEorpa a thuiscint. Ní cloch le carn chuimhne an naoimh é an leabhar seo amháin ach Cín Lae bríomhar a thugann ómós don naomh trí ghuth cumhachtach iontaofa inchreidte a chruthú dó.

 

Tagairtí

Breen, A. (2009) ‘Gallus (Gall)’. Dictionary of Irish Biography. Acadamh Ríoga na hÉireann: Baile Átha Cliath / Ar líne. DOI: https://doi.org/10.3318/dib.003411.v1 (Léite: 4 Feabhra 2026)

Clark, J.M. (1926) The Abbey of St Gall as a Centre of Literature and Art. Cambridge University Press: Cambridge.

Concannon, H. (1926) ‘Review of The Abbey of St. Gall as a Centre of Literature and Art by J.M. Clark.’ Studies: An Irish Quarterly Review, Vol. 15, No. 59, 517–9.

Flower, R. (1947) The Irish Tradition. Oxford University Press: Oxford.

Ní Fhinneadha, M. (2023) ‘Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn: Ceallach Cín Lae Fíréin AD 590-620.’ Tuairisc.ie. 7 Eanáir. Ar fáil: https://tuairisc.ie/seo-leabhar-alainn-a-leifear-go-minic-le-cion-is-prainn/ (Léite: 4 Feabhra 2026).

Ní Mheara, R. (2001) Early Irish Saints in Europe: Their Sites and Their Stories. Seanchas Ard Mhacha: Armagh.

Ó Fiaich, T. (1986) Gaelscrínte san Eoraip. Foilseacháin Ábhair Spioradálta: Baile Átha Cliath.

Póirtéir, C. (2022) ‘Shining a light through the ages with exhilarating use of language – Ceallach, by Diarmuid Johnson.’ Books Ireland Magazine. 7 Márta. Ar fáil: https://booksirelandmagazine.com/shining-a-light-through-the-ages-with-exhilarating-use-of-language-ceallach-by-diarmuid-johnson/ (Léite: 4 Feabhra 2026).

Trimble, G. (2016) ‘Naomh Gall – Oidhreacht Léinn & Liteartha an Naoimh Éireannaigh a Bhunaigh Cathair St Gallen na hEilbhéise.’ Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society, Vol. 26, No. 1, 107–29 .