Is cnuasach aistí atá sa leabhar seo ina dtugtar cuntas ar na himeachtaí éagsúla a eagraíodh le linn Éigse na Bruiséile, féile a reáchtáladh den chéad uair ar feadh deireadh seachtaine i mí na Bealtaine 2022. Cúig cinn d’ailt atá sa leabhar leis na húdair seo a leanas: Mícheál Mac Craith, Aogán Ó hIarlaithe, Liam Mac Cóil, Rua Breathnach, Seán Ó Riain agus Pádraig Ó Laighin. Baineann na haistí go díreach leis na himeachtaí a bhí ar siúl le linn na féile agus tá éagsúlacht ann idir stair, litríocht, dráma agus cur síos ar sheoladh leabhair. Is léir gur thug láthair na féile, an Bhruiséil, inspioráid do na húdair i bhfianaise théamaí na n-aistí, mar shampla, stair an Choláiste San Antaine i Lováin, lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú haois i Leabharlann Ríoga na Beilge, agus ‘Fontenoy: ó bhlár an chatha go dtí an t-úrscéal’. Tá nasc stairiúil ag na Gaeil leis an áit a théann siar na céadta bliain agus tá sé le feiceáil ar chlúdach an leabhair atá foilsithe ag Leabhar Breac faoin inphrionta Cló Lováin. Sin tagairt do chló-phreas ‘Cló Lováin’ a bhí ag na Proinsiasaigh i Lováin in 1611. Dúirt lucht eagair na féile in 2022 gur dheis ‘ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge i bpríomhchathair ilteangach na Beilge’ a bhí san fhéile (Ní Eadhra, 2022). Ba é Aogán Ó hIarlaithe, scoláire agus staraí Sean-Ghaeilge, a chéadsmaoinigh ar chnuasach d’imeachtaí na hÉigse a chur amach mar leabhar agus eisean a chuir an leabhar in eagar. Sa réamhrá a ghabhann leis an gcnuasach, deir bunaitheoir na hÉigse, Tomaí Ó Conghaile, atá ina aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil, gur ‘iarbhlas tairbheach tarraingteach ar chuid de na himeachtaí’ atá ann.
Príomhthéama an leabhair seo is ea an Ghaeilge ar mhór-roinn na hEorpa. Chuige sin, pléitear tionchar na deoraíochta agus an lorg a d’fhág na Gaeil, agus a fhágann i gcónaí, ar scéal agus ar dhán na Gaeilge, bíodh sin sa chomhthéacs stairiúil nó comhaimseartha.
Ina aiste ‘Ar deoraíocht i Lováin: ceárta agus cliabhán na saíochta dúchais’, déanann an tOllamh Emeritus Mícheál Mac Craith cur síos cuimsitheach ar Choláiste San Antaine i Lováin, an chéad choláiste Éireannach a bhunaigh Proinsiasaigh na hÉireann ar an mór-roinn in 1607. Tugann an aiste seo léargas an-suimiúil ar thogra clódóireachta don Ghaeilge agus an phráinn a bhí leis chun an Teagasc Críostaí a chur i gcló ‘in aghaidh theagasc falsa na reiligiún eile atá i gcoinne ár gcreidimh naofa,’ de réir Ard-Diúic na hÍsiltíre Spáinní in 1611 (10). Aiste théagartha léannta atá ann le go leor fonótaí, a chlúdaíonn níos mó ná leath an leabhair. Cuireann sí béim ar na héachtaí ar leith ar éirigh leis na Proinsiasaigh i Lováin a bhaint amach sa 17ú haois agus an comhthéacs polaitiúil a bhí i bhfeidhm ag an am. Is scéal tarraingteach é, scéal na lámhscríbhinní luachmhara a chaomhnú agus na bráithre ag obair go dian agus iad ar deoraíocht. Bheadh sé ina chuidiú don léitheoir, áfach, dá mbeadh struchtúr éigin leis an aiste fhada seo a bhriseadh suas, ach mar sin féin leanann sí stair an Choláiste thar na blianta go croineolaíoch. Deir an tOllamh Mac Craith gur ‘fiú tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar thábhacht na deoraíochta mar áis chun dlús a chur le feasacht féiniúlachta’, (104) agus luann sé an nath cáiliúil de chuid John Dalberg-Acton san aiste dar teideal ‘Nationality’ (1862): ‘Is í an deoraíocht cathróg na náisiúntachta’. (104)
Sa dara haiste, déanann Aogán Ó hIarlaithe cur síos ar an gcuairt a thug sé ar Leabharlann Ríoga na Beilge chun súil a chaitheamh ar lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú haois. Tá roinnt trasnaíola san aiste seo ar an bhfaisnéis a phléann Mac Craith sa chéad aiste. Luann Ó hIarlaithe Leabhar Inghine Í Dhomhnaill agus an tábhacht a bhaineann leis an gcnuasach dánta sin, chomh maith le Fragmenta Tri Annalium atá luaite ‘mar shampla de shaghas nua sraithe i litríocht na Gaeilge’ (123). Tá go leor tagairtí agus fonótaí san aiste, más mian le scoláirí aon léitheoireacht bhreise a dhéanamh. Chabhródh sé le tuiscint an léitheora dá mbeadh cúpla íomhá curtha isteach sa leabhar de na lámhscríbhinní iad féin.
Cuireann an dráma nua, Auguste sa Chathair le Rua Breathnach, le téama na deoraíochta, agus taithí na n-imirceach san Eoraip sa lá atá inniu ann á plé aige. Léiríonn an chodarsnacht agus na cosúlachtaí idir seantaithí na nGael thar lear agus taithí na n-imirceach faoi láthair go bhfuil ceisteanna na féiniúlachta, na teanga agus iarmhairtí an choilíneachais in intinn na ndaoine atá ar deoraíocht. Deir Auguste, imirceach ón gCongo, san oifig inimirce sa Bhruiséil, ‘Is iontach an modh cumarsáide an Fhraincis, gan dabht ar bith, ach caithfidh mé a rá go macánta leat nach í teanga mo chroí í’. (155)
San aiste ‘Fontenoy: ó bhlár an chatha go dtí an t-úrscéal’, déanann an t-údar Liam Mac Cóil cur síos ar na dúshláin a bhíonn le sárú chomh maith leis an gcur chuige a chleachtann sé féin chun úrscéal staire a scríobh. Is ábhar machnaimh í an ghné eiticiúil a bhaineann leis an scríbhneoireacht i leabhar staire. Bíonn léitheoirí ag súil le fírinne ó thaobh na staire de. Mar a deir Mac Cóil san aiste, ‘Ní léimid leabhar staire ag lorg eolais ar rudaí nár tharla’, (132), ach creideann sé go bhfuil scéalaíocht agus cruthaitheacht ceadaithe go pointe áirithe.
Baineann an aiste dheireanach le seoladh an leabhair Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin. Deir an t-údar gurb é ‘an rud is tábhachtaí faoi cheisteanna daonra ná seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin’ (171). Is teachtaireacht shuntasach í seo. Bheifí ag súil go n-aontódh na manaigh, a d’oibrigh go díograiseach chun doiciméid thábhachtacha a shábháil do na glúnta a bhí le teacht, leis.
Tá clúdach galánta tarraingteach ar an leabhar, atá bunaithe ar dhearadh póstaeir a chuir an t-ealaíontóir Selkies i dtoll a chéile don fhéile. Tá seamróga agus feileastram, siombailí na hÉireann agus na Bruiséile, fite fuaite ina chéile le healaín Cheilteach. ‘Is duine eile de phobal Gaeilge na Bruiséile … an t-ealaíontóir Selkies, a dhear é go speisialta don ócáid,’ a deir Tomaí Ó Conghaile (Ní Eadhra, 2022).
Cé go bhfuil éagsúlacht mhór sna haistí, ó thaobh líon focal, stíle agus ábhair de, is iad téamaí na deoraíochta agus na Gaeilge a cheanglaíonn le chéile iad agus a léiríonn an tiomantas agus an dúthracht atá de dhíth chun caomhnú agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an leabhar seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil spéis acu sa stair, sa Ghaeilge nó i litríocht na Gaeilge, go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéar acadúil. Ba sa bhliain 2022 a bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil san Aontas Eorpach amach, ar comhchéim le teangacha Eorpacha eile. Mar thoradh air sin, tháinig borradh mór faoi lucht na Gaeilge sa Bhruiséil ó shin. Cuireann an leabhar seo go mór leis an dioscúrsa acadúil ina bpléitear stair agus dán na Gaeilge i gcomhthéacs Eorpach (Markus et al., 2021) agus tugann sé le fios go bhfuil ceangal stairiúil leanúnach idir an Bheilg agus Éire go dtí an lá atá inniu ann. Roghnaíodh Éigse na Bruiséile mar cheann de leabhair Ghaeilge na bliana in alt le Dónall Ó Braonáin (2025) agus moladh mar ‘cheann de na cuntais is líofa agus is léire maidir le litríocht Ghaeilge an 17ú céad’ é. Is leabhar fíorshuimiúil é seo a chuireann feoil ar chnámha na scéalta stairiúla faoin teanga agus cuireann sé lón machnaimh ar fáil don léitheoir ar ábhar na féiniúlachta agus na teanga ag an am céanna. B’fhiú go mór é a léamh.