Johnny Chóil Mhaidhc: Fréamhaithe sa dúchas logánta ach ealaíontóir a d’aimsigh cosán conaire dá chuid féin?

Réamhrá

Mar dhrámadóir, mar fhile, mar aisteoir agus mar ghabha a chuimhnítear ar Sheán Ó Coisdealbha nó Johnny Chóil Mhaidhc.  Cuimhnítear chomh maith air mar fhear grinn, mar chainteoir tráthúil agus mar fhealsúnaí.  Uaireanta thugtaí ‘Rí-Éigeas an Bhéil Bheo’ air, duine léannta, file nó saoi atá i gceist leis an téarma éigeas.  Bhí sé ina bhall d’Aosdána, an eagraíocht a cuireadh ar bun in 1981 chun tacú le healaíontóirí d’fhonn seans a thabhairt dóibh díriú ar a gcuid ealaíne.  Bhronn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe céim oinigh air i Seanscoil Sailearna, gar dá áit dúchais sna Creagáin in Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe i mí na Samhna, 2005.  Léirigh údar na haiste seo scannán faisnéise do TG4 faoina shaol agus faoina shaothar den teideal: Johnny Chóil Mhaidhc: Sin í an Fhírinne (2001).

San aiste seo tabharfar léargas, le cabhair na litríochta atá ar fáil, ar ionad Johnny Chóil Mhaidhc i dtraidisiún cumadóireachta na Gaeilge.  Beidh dhá chuid san aiste agus anuas ar shamplaí den léirmheastóireacht atá déanta ar a shaothar go nuige seo, tarraingeofar aird ar ábhar neamhfhoilsithe ó agallaimh a thaifead údar na haiste cúig bliana fichead ó shin le cairde liteartha agus amharclannaíochta de chuid Sheáin Uí Choisdealbha.  Chomh maith le cuimhní na ndaoine seo, tarraingeoidh mé ar mo chuid cuimhní cinn féin, bunaithe ar an aithne a bhí agam ar Johnny Chóil Mhaidhc thar thréimhse ocht mbliana déag idir 1988 agus 2006.  Déanfar é seo d’fhonn eolas breise a chur faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge maille le léargas éigin a sholáthar ar an gcarachtar féin, go mór mór i mbliana agus comóradh á dhéanamh ar scór bliain ó cailleadh é. 

Is é an dúshlán Seán Ó Coisdealbha an scríbhneoir agus an taibhealaíontóir a léiriú in aon aiste amháin. Spléachadh ar dtús, ar ionad Uí Choisdealbha sa traidisiún liteartha.

Céarbh é Seán Ó Coisdealbha?

Duine ar leith ó thaobh scríbhneoireachta agus ó thaobh amharclannaíochta ab ea Seán Ó Coisdealbha sa mhéid is gur scríobh sé a chuid drámaí féin, ghlac sé an phríomhpháirt iontu, agus eisean a léirigh don stáitse iad chomh maith.

Ní leor i gcás Sheáin Uí Choisdealbha léirmheas a dhéanamh ar a shaothar foilsithe; ní mór freisin na páirteanna a ghlacann sé féin sna hagallaimh atá cumtha aige agus ina dhrámaí féin a chur san áireamh má tá muid lena dhearcadh air féin agus ar an saol a thuiscint. (Ó Dochartaigh 1975: 78)

Bhí an ealaín taibléirithe, an taispeántas sin os comhair lucht éisteachta, de dhlúth agus d’inneach ann agus go láidir ina cheann agus é i mbun cumadóireachta faoi mar a luaigh Ó Dochartaigh.  Treisíonn an scannánóir Bob Quinn an pointe seo i dtaca le taibhealaíona Uí Choisdealbha.  Ghlac Johnny Chóil Mhaidhc páirt i scannáin de chuid Quinn: Poitín (1978) agus Budawanny (1987).  Nuair a cailleadh Johnny Chóil Mhaidhc, 27 Deireadh Fómhair 2006, in aois a sheacht mbliana déag is trí fichid scríobh Bob Quinn sa nuachtán Foinse.

Nuair a chuala mé an t-ainm Johnny Chóil Mhaidhc den chéad uair – 36 bliain ó shin mhúscail sé íomhá laoich dhom … Ar Inis Chliara i 1987, sa scannán Budawanny ní raibh línte ar bith aige (ná ag éinne eile).  Fós bhí rian na fírinne ar a charactéir sa scannán.  Sa mbéar chuile oíche bhíodh na custaiméirí uilig ag pléascadh le gáire ag na mílte scéalta a bhí aige.  Sin an áit a raibh ‘performance’ uaidh, i bhfad níos fearr ná aon rud a d’fhéadfaí a scríobh dhó.  ‘Star’ ceart a bhí ann.

Bhí cáil an fhuirseora agus an oirfidigh air agus é féin a scríobhadh go leor dá chuid ábhair féin.  Fáisceadh é as traidisiún béil na Gaeltachta agus tharraing sé ar fhoinsí béaloidis.  Deir Máirín Nic Eoin (1983:115) gur duine é Johnny Chóil Mhaidhc a bhí fós ag feidhmiú taobh istigh de thraidisiún an bhéil bheo ach gur beag an spéis a chuir béaloideasóirí ann.

Is ina chuid filíochta is soiléire atá oidhreacht mheánaoiseach an bhéaloidis le tabhairt faoi deara, dar le Liam Ó Dochartaigh (1975:79):

Filíocht theagascach í a bhfuil anáil an chreidimh go tiubh uirthi.  Tá sinsearacht fhada ag an dán Comhairle an tSeanduine don duine Óg; castar na téamaí memento mori, aistear na beatha agus neamhbhuaine na beatha orainn sna dánta seo.

Tiocfaidh an bás gan chás gan chuireadh,

Is ní mórán spáis atá i ndán don duine,

Níl ann ach lá don té is sine

Le hais na háite ar a dtráchtann mise.

                                                                (Comhairle an tSeanduine)

 

Is fada an casán agus is cam é

Ó chuirtear cliabhán nó go gcuirtear clár ort;

Is iomaí cúinne agus casadh cam romhat

Ó chuirtear clamhtín go dtéann braillín bháis ort.

                                                                                                (Cul-de-sac)

 

Sleamhnaíonn an aimsir thart,

Leánn an sneachta a bhíonns tiubh;

Is gearr gurb é inniu inné,

Ach mo thuirse ghéar, ní hé inné inniu.

 

Nach mall mar a shleamhnaíonns an braon

An pána síos go dtí an sais,

Ag éaló leis go righin réidh,

Ach go héag ní fhillfidh ar ais. (Bean)

Ag scríobh in 1997, mhaígh Gearóid Denvir (1997: 271) gurbh é Johnny Chóil Mhaidhc ‘oidhre Raiftearaí’, file pobail a bhí fós ag cleachtadh na ceirde i gConamara agus a shníonn natháin sheanfhoclacha trína shaothar. ‘Tuigeann an file pobail an tábhacht atá le leanúnachas neamhbhearnaithe na  cointeanóide stairiúla agus cultúrtha agus cúis mhórtais dó a ionad féin inti.  Chaith Gearóid Denvir (1997: 274) solas ar an tuiscint a bhí ag Johnny Chóil Mhaidhc ar a ionad féin agus ar a fheidhm féin mar fhile sa phobal dar díobh é.

File pobail é Johnny Chóil Mhaidhc.  Ní hamháin go bhfuil glór aige ach éistear leis an nglór sin.  Tugann a shaothar an-léargas ar fheidhm na bhfilí pobail i saol na linne seo.  Is minic Johnny, fear tráthúil, raconteur, file Indreabháin, i ndáil chomhairle de réir an tsean-nóis lena chuid leathbhádóirí (fir uilig, dála an scéil) Tigh Tommy nó Tigh Johnny Sheáin.  Níl aon dabht faoi ach gurb é féin ardshirriam na cúirte sin.  Mar a deir sé ina bhealach sainiúil féin, agus a theanga idir shúgradh agus dáiríre ina phluic aige: ‘Tá daoine ann inniu a thugann filí orthu fhéin, ach is daoine eile a thugann ormsa é.’  Tá eolas agus aithne ar Johnny agus ar a shaothar ar fud Ghaeltacht Chonamara, ó fhágfas duine Bearna go dtiocfaidh sé go Carna.

Sa chaint a thug Máirtín Ó Cadhain (1969: 38) do Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan i mí Eanáir 1969, athdhearbhaíodh an ról a bhí ag Johnny Chóil Mhaidhc ina phobal féin.   

Níl éan ar chraobh inniu lena bhfuil de cheol ag dul timpeall.  Shílfinn go bhféadfadh na filí a theacht i dtír air.  Tá file amháin – má cheadaíonn sibh dhom chor ar bith an t-ainm sin a thabhairt air – a bhfuil pobal agus feidhm aige, Johnny Chóil Mhaidhc nó Seán Ó Coisdealbha.  Tá, ar an gcaoi a raibh sé ag filí ariamh sa nGaeilge.

D’fhoilsigh Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, leabhar filíochta agus agallamh beirte le Johnny Chóil Mhaidhc Buille faoi Thuairim Gabha in 1987.  Scríobh Ó Conghaile (2006: 19): 

[B]hí bua aige nach raibh ag aon fhile Gaeilge mórán, sé sin go raibh sé ina mháistir ar an bhfilíocht traidisiúnta agus ar an tsaorvéarsaíocht araon.  File idir dhá thraidisiún a thug leis an dá thraidisiún go slachtmhar a bhí ann.

Agus Sean Ó Coisdealbha á shuíomh i dtraidisiún liteartha na Gaeilge, níor mhiste a lua gur fhág sé an scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag.  Ní móide gur ón scolaíocht fhoirmeálta a thóg sé an spéis a bhí aige sa litríocht agus sa scríbhneoireacht.  Bhí cúlra láidir Gaeltachta aige ar an dá thaobh, rugadh é ar fheirm dhá acra déag sna Creagáin, Indreabhán, Conamara, 21 Meitheamh 1929.  Gabha a bhí ina athair Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua a mháthair Máire Ní Dhonnchadha nó Mary Johnny Steven. Ba é an duine ab óige é de cheathrar cailíní agus beirt bhuachaillí.  Phós sé féin agus Bríd Ní Chonghaile ón Sruthán, Árainn, in 1981 agus bhí triúr mac acu: Aonghus, Seán, agus Colm.  (Uí Chuaig, 2006:19)

Chomh maith leis an bhfilíocht chum Ó Coisdealbha drámaí agus agallaimh bheirte.  Siad Sáirséal agus Dill, foilsitheoirí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath a d’fhoilsigh a chuid drámaí an chéad lá riamh i dtosach na 1960í: An Tincéara Buí agus dréachtaí eile (1962) agus Ortha na Seirce (1968). Luaigh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (2018) an áit lárnach a bhí ag dea-chaint i saothar Johnny:

Bhain Johnny cáil amach, ní hamháin mar fhile agus mar chumadóir agallamh beirte, ach mar aisteoir agus mar dhrámadóir Gaeltachta freisin. Bhí a chuid drámaí fréamhaithe go domhain in ithir na béalaireachta agus tugtar tús áite don dea-chaint agus don ghreann ina shaothar. Níorbh é an plota ná imeachtaí an dráma ba mhó a thug taitneamh dá lucht éisteachta, dar leis, ach an chaint fhileata shaibhir féin.

Dúirt Liam Ó Dochartaigh gur charachtair áirithe a bhíonn i gceist sna drámaí: ‘tincéirí, tábhairneoirí agus baitsiléirí, mná óga inphósta, mná pósta cantalacha agus mná meánaosta neamhphósta giodamacha na pearsana is láidre aige.  Aithnítear na carachtair seo ó dhráma go dráma’. (Ó Dochartaigh 1975: 81) Fearacht na n-dánta, tá rian meánaoiseach ar dhrámaí Johnny Chóil Mhaidhc.

Sílim go bhfuil leid eile le fáil ó oícheanta drámaíochta Uí Choisdealbha sa Ghaeltacht thiar agus san úsáid a bhaintear as an agallamh beirte agus as an fhilíocht ar an chineál leirmheastóireachta a fheileann dá shaothar.  Is í an drámaíocht mheánaoiseach a chuireadh a chuid drámaí i do cheann, agus an t-agallamh á úsáid mar interlude: ‘a short moral play in dialogue requiring two or more performers’: ‘a short piece introduced between the acts of the mysteries and the moralities.’  Is fíor nach ‘mysteries’ ná ‘moralities’ iad drámaí Uí Choisdealbha, ach tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar sin féin. (Ó Dochartaigh 1975: 80)

Leag Johnny béim láidir ar dheisbhéalaíocht ina chuid drámaí agus sna hagallaimh bheirte.  Ba mhinic leis greann a fhí trí chaint chraiceannach na Gaeltachta mar gur thuig sé gurbh a leithéid a thaitin lena lucht féachana; a chuid comharsan, a phobal féin.

Tagann an greann ina chuid agallamh agus i ndrámaí áirithe leis, ní ó chleasaíocht fhisiciúil na n‑aisteoirí ná ó ghothaí, geamaí ná gníomhartha na bpearsan, ach ó chlisteacht na cainte féin. Tá an gliceas seo, a bhfuil idir shúgradh agus dáiríre ann, i ndrámaí uile Johnny agus aithníodh go raibh stíl ar leith aige a thaitin go mór le pobal na Gaeltachta. (Ní Mhuircheartaigh, 2018)

Chleacht sé ealaín dúchais bhéil na Gaeltachta agus thuig an pobal gurbh é an t-earra céanna a chuir sé ar fáil dóibh ó dhráma go dráma, earra ar a raibh ‘séala an traidisiúin buailte anuas air mar a bheadh barántas’. (Ó Dochartaigh, 1975: 86)

In ábhar nár foilsíodh cheana, chaith comhghleacaithe agus cairde Johnny breis solais ar féin agus ar a shaothar nuair a thaifead siad agallaimh sa bhliain 2001.

Dearcadh chuid dá chairde liteartha agus amharclannaíochta

Ba dhuine de na filí Innti, a tháinig ar an bhfód i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ag deireadh na 1960í agus tús na 1970í, é Liam Ó Muirthile (1950–2018). Bhí Ó Muirthile agus triúr eile: Nuala Ní Dhomhnaill, Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock, ar thús cadhnaíochta i saol liteartha Gaeilge na hOllscoile i gCorcaigh. Dúirt an tOllamh Alan Titley gur féidir cuid den tábhacht a bhain leis an scríbhneoireacht chomhaimseartha mar chuid de chéim sa Ghaeilge a leagadh ar dhuine de na léachtóirí a bhí ag na filí Innti, an tOllamh Seán Ó Tuama.  File agus drámadóir ab ea é féin agus thug an Tuamach dearcadh an chleachtóra leis isteach sa seomra ranga. (Ní Ghearbhuigh & Rosenstock, 2023: xii) 

Scríobh Liam Ó Muirthile dán fada do Johnny Chóil Mhaidhc, ‘Portráid an ghabha’. Bhí aithne na mblianta acu ar a chéile, nuair a bhí Liam fostaithe in RTÉ, rinne sé scannánaíocht le Johnny i gConamara i mí na Nollag, 1980.  D’eascair an dán as ócáid inar casadh Liam ar Johnny blianta ina dhiaidh sin i dTigh Pheadair Dick, tábhairne ar an mBántrainn, lámh le Ros a’Mhíl i gConamara:

Tá uaigneas orainn araon le hais an chabhantair Tigh Pheadair Dick

i ndiaidh an tseandreama inár n-amharclann,

ach níl uaigneas orainn beirt níos mó ag seanchas ar an sean-nós

ar nós chuile nós is go dtuigimid dá chéile ar aon nós.

D’éadan corduroy nach dteastaíonn make-up ar bith lena aghaidh,

Mise gan aghaidh fidil an mheigill níos mó. (Ó Muirthile 2000 :55)

Rinne Liam agallamh teilifíse fada liomsa i mí Feabhra, 2001 agus d’úsáid mé cuid de sa scannán: Johnny Chóil Mhaidhc: Sin í an Fhírinne.  Foilsítear go leor den ábhar atá anseo den chéad uair riamh. 

Ní raibh aon deacracht ag Ó Muirthile Johnny Chóil Mhaidhc a shuíomh sa traidisiún Gaelach:

Sa chéad áit i dtaobh Johnny, is scríbhneoir Gaeltachta é, sin é an chéad rud, agus gur mhair an scríbhneoireacht Ghaeltachta ar shlí áirithe i gcás Johnny nár mhair i nGaeltachtaí eile, gur mhair an múnla meánaoiseach más maith leat, an múnla traidisiúnta pobail – an múnla traidisiúnta scríbhneoireachta i gcás Johnny.  Tá Johnny Chóil Mhaidhc dáiríre i dtraidisiún chomh hársa a shíneann siar i dtraidisiún na Gaeilge go dtí na meánaoiseanna.

Tá an méid sin pléite cheana féin san aiste seo ach do chuir Liam Ó Muirthile leis agus mhaígh sé go raibh gnéithe an-nua-aimseartha ag baint le Johnny.  Gnéithe nach luíonn isteach leis an múnla pobail, tá tréithe ina shaothar a fhágann go bhfuil sé deacair Johnny Chóil Mhaidhc a chur in aon chatagór ar leith.  Tá sé go pointe sui generis:

Tá sé i múnla an té sin a théann i láthair an phobail agus a chuireann an pobal ag gáirí, is rud mór ar fad é sin, a mhúsclaíonn an greann iontu féin mar gurb é an greann céanna atá ann féin ach go mb’fhéidir go bhfuil sé níos duibhe ann féin ná mar atá sé sa phobal.  Ní leor a rá gur file pobail nó drámadóir pobail amháin é.  Cuirim i gcás, cé go mbeadh cosúlachtaí idir é féin agus roinnt de na filí ó Chorca Dhuibhne: Ó Duinnshléibhe, an Ruiséalach agus iad san, do bheadh sé an-fhada ó Mhaidhc File, ó Mhícheál Ó Guithín a bheadh i bhfad níos liteartha.  Tá rudaí ag baint le Johnny atá fíor i gcás Johnny amháin.  Sin iad na rudaí, dar liom, a chaithimíd a lorg ina shaothar.

Ní thagann an Muirthileach leis an dealú a dhéantar sa litríocht idir filí pobail agus na nuafhilí:

Ar shlí amháin tá gach éinne atá ag plé le scríobh na Gaeilge ina ealaíontóir nó ina fhile gan pobal.  Féachaimse ar chás Johnny sa tslí seo: úsáidtear an téarma file pobail, agus dáiríre déantar idirdhealaithe idir na nuafhilí agus na filí pobail.  Creidim féin gur bréag-idirdhealú atá ann sa mhéid is gurb é dáiríre atá i gceist le file pobail ná gur mó a labhrann meon an phobail tríd ná mar a labhrann guth indibhidiúil tríd na focail.  Gur treise meon an phobail, ach níl ansin ach an traidisiún claisiceach a bhí riamh in Éirinn, a bhí riamh in uachtar in Éirinn ag teacht chun deiridh.  Tá deighilt iomlán sa traidisiún Gaelach idir an guth indibhidiúil agus an guth pobail agus dáirire, dá mhéid a mhachnaímse air sea is mó a bhraithim go mb’fhéidir gur fé na nuafhilí tiúnáil as an nua a dhéanamh le guth an phobail, le meon an phobail.

Thug Liam sampla par excellence ar Johnny i daca le pobal a bhaint amach agus freastal ar an bpobal sin:

Caithfidh an saothar ealaíne, an fhilíocht sa chás seo, labhairt le daoine, sé sin go gcaitheann tú pobal a bhaint amach ar shlí amháin nó ar shlí eile.  Baineann Johnny pobal amach, tuigeann daoine cad atá á rá aige, gáireann siad, goileann siad ina theannta uaireanta is dócha.

Is é mian gach ealaíontóra, a deir Ó Muirthile, teagmháil a dhéanamh le pobal trí mheán na n-ealaíon.  Tá a leithéid pléilte cheana anseo ag tarraingt ar obair Uí Dhochartaigh, Denvir, Ní Mhuircheartaigh. 

Bhí aithne ag an aisteoir Mairéad Uí Chuaig (Poitín, 1978) ar an drámadóir ó bhí sí ina cailín óg ag fás aníos sna Doireadha, Baile na hAbhann i gConamara:

Nuair a bhí mo dheartháireacha ag dul chuig an scoil, bhíodar in éineacht le Johnny agus scríobh Johnny a chéad dráma nuair a bhí sé i rang a sé.  Bhí trí pháirt ann: fear a’ tí, bean a’ tí, agus an mac a bhí ag dul go Sasana.  Sé mo dheartháir is sine Pat a rinne fear ‘a tí, agus sé Johnny a rinne bean a’ tí agus bhí sciorta air, agus sé mo dheartháir, Johnny, go ndéana Dia grásta air, a rinne an mac a bhí ag dul go Sasana.  Léirigh siad an dráma i Seanscoil na Tulaí, an seanfhoirgneamh atá thiar in aice le TG4.  Chonaic mé Johnny den chéad uair i 1967, tháinig sé chuig an teach agus d’fhiafraigh sé do mo mháthair an raibh seans ar bith go bhféadfainnse dul i ndráma leis.

Casadh Johnny Chóil Mhaidhc ar an aisteoir Tom Sailí Ó Flaithearta (1931–2021) den chéad uair sna 1950í agus thuig sé go raibh rud ar leith ag baint le drámaíocht Johnny:

Is cuimhin liom an uair sin go mbíodh cumainn drámaíochta fíorláidir i gceantar na Gaeltachta, bhí cumann ag Carna, cumann ag Loch Conaortha, bhí cumann i Ros Muc agus sa Spidéal.  Agus ansin bhí Aisteoirí Indreabháin, agus ag na féilte drámaíochta bhí an-iomaíocht go deo eatarthu, agus sin é an chéad uair ariamh a chuir mise eolas ar Johnny Chóil Mhaidhc agus ar a shaothar.  Caithfidh mé a rá go raibh a shaothar níos eisceachtúla ná aon saothar dá ndearna na cumainn eile.  Ar an gcéad dul síos, rinne siadsan drámaí a bhí scríofa cheana – drámaí claisiceach le TC Murray agus le John Millington Synge, ach chum Johnny a dhrámaí féin.

Bhíodh Diarmuid Mac an Adhastair (1943–2015) ag aisteoireacht in éineacht leis an údar i gcuid de na drámaí a chum Johnny féin: Pionta Amháin Uisce (1956), An Tincéara Buí (1957), Mar a Chéile Muid (1959), Ortha na Seirce.   Páirt Shéamuis Mhicil Tom (Ó Catháin) a bhíodh ag Diarmuid Mac an Adhastair sa sobaldhráma de chuid TG4 Ros na Rún:

Bhínn ag drámaí ar an gCeathrú Rua agus ar scoil ach ní bhfuair mé aon sásamh ariamh astu.  Nuair a tháinig Cumann Johnny, Cumann Drámaíochta Indreabháin chomh fada linn an oíche seo, ní raibh mise ach b’fhéidir trí nó ceithre mbliana déag, an slua daoine a tharraing sé agus dob é an cháil a bhí ar féin a tharraing iad. (Mac an Adhastar, 2001)

Bhí Mairéad Uí Chuaig sé nó seacht mbliana d’aois nuair a chonaic sí Johnny ar an stáitse den chéad uair.  Bhíodh drámaí ar siúl i rith an Charghais agus ghabhadh an teaghlach ar fad ag féachaint orthu.  Tá cuimhneamh níos fearr aici ar an dara huair a chonaic sí ar stáitse é:

Is dócha gur thart ar 1960 nó 1961 a bhí ann, Lá an Phatrúin, an 9 Meitheamh.  Bhíodh an Patrún thíos ar an mBántrainn, Tobar Cholmcille. Léirigh sé an dráma An Tincéara Buí, bhí an stáitse socraithe suas aige istigh i ngarraí agus bhíodh scilling nó sé pínneacha le n-íoc isteach, sin é an chéad uair a chonaic mé dráma léirithe taobh amuigh agus bhí mé an-tógtha leis. (Uí Chuaig, 2001).

Tá cuimhní glé ag an aisteoir agus an craoltóir as Fearann an Choirce in Árainn, Máirtín Jaimsie, ar dhrámaí Johnny:

Ní raibh teilifís, nó raidió, ní raibh tada ann an uair sin.  Ba é Johnny an laoch, mar a deirfeá, ba é an fear é!  Thagadh sé amach go hÁrainn go rialta le drámaí agus thugtaí ann muide i ngreim láimhe.  B’fhéidir nach raibh mé in ann é a thuiscint ar chor ar bith, faoi cheann 1959 a thosnaigh sé ag dul ann, ní bheinnse an-sean. (Máirtín Jaimsie, 2001)

Mhaígh Máirtin Jaimsie go raibh a leithéid de rud ann agus slacht Johnny Chóil Mhaidhc nó stíl Johnny Chóil Mhaidhc:

Is minic a d’inis mise scéal dó, a chuala mé ó dhuine éigin eile, ceann maith b’fhéidir, agus chloisfinn uaidh féin arís í, an ceann céanna agus cóir eile, fileata uilig, curtha aige ar.  Bheadh slacht nó stíl Johnny Chóil Mhaidhc curtha aige ar.

Is é ‘Raiftearaí agus an File’ mórshaothar Johnny Chóil Mhaidhc i réimse na n-agallamh beirte.

I measc na bpíosaí dá chuid a mhairfeas tá an t-agallamh beirte Raiftearaí  agus an File, ar clasaic é, agus atá ar an agallamh beirte is fearr dar cumadh i nGaeilge le céad bliain anuas, nó b’fhéidir ariamh. (Ó Conghaile, 2006: 19)

File ar a bhealach go dtí an tOireachtas i mBaile Átha Cliath, a stadann ag uaigh Raiftearaí i gCill Fhínín i gCreachmhaoil i gCo. na Gaillimhe agus a labhraíonn leis an leacht atá i gceist san agallamh.

File

A Raiftearaí, a fhile, dá mairfeása tuilleadh

Le go mbeinnse agus tusa le chéile,

Cé againn an file nó an fhilíocht ba bhinne?

Ba cheist í a bheadh doiligh le réiteach.

Mise agus tusa a bheith ag iomaíocht sa gcluiche

Agus an bheirt againn ag an Scoil Éigse,

Thabharfainn mo mhionna nár ba mise ba dhona

Nuair a thabharfadh an réiteoir a léirmheas.

 

Raiftearaí

Is mise an file agus ní fhacas léargas na cruinne

Agus tá mise le blianta sa gcréafóig;

Cén t-údar, a dhuine, go luafá m’ainm is mo shloinne

Óir ní raibh cuireadh ná coinne againn le chéile? (Ó Coisdealbha, 1987: 69)

Rinne Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (2018)mionscagadh ar an allagar i saothar Johnny go mór mór na hagallaimh bheirte agus na saintréithe a bhaineann le haighnis fhileata, mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad.  Scríobh sí faoin agallamh ‘Raiftearaí agus an File’:

Murab ionann agus bunáite na n‑agallamh beirte nua-aimseartha, ní codarsnacht dhénártha atá mar bhunchoimhlint idir pearsana an agallaimh seo. Beirt fhilí ar mó de chosúlachtaí ná de dhifríochtaí atá le sonrú eatarthu, bíodh is gur de thréimhsí éagsúla iad, atá i mbun cainte ann. Tugann na filí dúshlán a chéile sa chomhrac béil seo agus tugtar léargas ar cheird na filíochta agus ról an fhile sa phobal.

Dúirt Tom Sailí Ó Flaithearta, an chéad duine a ghlac páirt Raiftearaí san agallamh beirte, gur sa bhliain 1965 a cumadh é:

Bhí mise i mBaile Átha Cliath agus chuir sé scéala chugam an ndéanfainn Raiftearaí in éineacht leis.  Dúirt mé leis na focla a chur agam ach bhí fhios agam go deabhalaí maith nach dtiocfadh aon fhocal go leaindeálfadh sé féin aníos Dé hAoine roimhré agus an comórtas ar siúl Dé Luain.  Ansin cúpla leathanach don agallamh le foghlaim, ach bhí deirfiúr aige i mBaile Átha Cliath.  Bhí sí ag obair an uair sin i Rannóg an Aistriúcháin agus is minic a dúirt mé gurbh ise a rinne an t-agallamh, mar bhíodh sí taobh thiar i gcónaí, ar chúl an chuirtín agus í ag tabhairt leide dúinn. (Ó Flaithearta, 2001)

Mhaígh an file Liam Ó Muirthile gur an-phíosa cumadóireachta atá ann a bheireann ar rud éigin i dtaobh Johnny agus gur mó de léargas ar Johnny é ná ar Raiftearaí.  Dúirt sé gur ceardaí agus gur ealaíontóir a chaith dua lena cheird ag tráthanna dá shaol é Johnny Chóil Mhaidhc.

Is cuimhin liom féin comhrá a bheith agam le Johnny faoi fhocal, agus é féin an-dháiríre faoin gcúram.  Is cuimhin liom fiú an focal a bhí i gceist – clocha ar forbhás.  Bhí sé ag cuimhneamh is ag machnamh agus ag iarraidh an focal a chur ina sheasamh mar a chuirfeá cloch ina seasamh ar fhalla, agus ligint don gcloch titim, agus ligint don gcloch suí, agus ligint don gcloch seasamh.  Sin an uair a thuigeann tú gur saor sa tseanchiall é Johnny.

Chuir Johnny a chuid scileanna a bhain le focail a chur i ndiaidh a chéile i bhfeidhm sna hagallaimh bheirte a chum sé agus ina chuid drámaí freisin.

Tá fhios agat an t-agallamh beirte sa mhúnla traidisiúnta, gur b’é an bun rud, tá sé i bhfad siar sa traidisiún, sa bhéaloideas agus i ngach slí.  Níl éinne go bhfuil máistreacht níos mó ná Johnny ar sin. (Ó Muirthile, 2001)

Thug Tom Sailí Ó Flaithearta (2001) le fios gurbh í a thuairim go raibh athruithe a bhí ag teacht i gcúrsaí sochtheangeolaíochta in Éirinn ag rith tríd an agallamh ‘Raiftearaí agus an File’.  D’aithris sé trí líne nach bhfuil ar fáil sa leagan den agallamh a foilsíodh in 1987 ná in aon leagan eile a chonaic mise.  Mhaígh sé go raibh na línte seo ag Raiftearaí:

Tabhair mé san áit agus fuascail mo chás,

is ní aireoidh mé creimirt na péiste.

Ná fág mé i gCreachmhaoil an Bhéarla. 

Tá na línte sin ag teacht le deireadh an agallaimh nuair a impíonn Raiftearaí ar an bhfile a thaisí a athadhlacadh agus iad a chur i gcré na Gaeltachta:

Raiftearaí

Achainí ghearr is ná heitigh mé féin,

Ach faigh cónra agus bailigh le chéile

A bhfuil fágtha ag cruimhe de Raiftearaí an file,

Tabhair leat é is cuir é sa nGaeltacht.

I gciúnas na cille, na bpéist is na cuile,

Cloiseadh aríst an Ghaeilge,

A briathra ba bhinne, a béimniú ba ghlaine,

Is ársaí ná teanga na Gréige

(Glaonn an coileach)

Sin deiredh le mo spás táim ag teastáil ón mbás

Ach feicfidh mé i bPárthas arís thú;

Go raibh lorg do láimhe ar litríocht Chríoch Fáil,

Is go maire do cháil is tú sínte.

Cuimhní cinn de chuid an údair

Johnny Chóil Mhaidhc Tigh Tommy Conamara, 6 Meán Fómhair, 2001

Ba sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe a casadh Johnny Chóil Mhaidhc ormsa i bhfómhar na bliana 1988. Bhí an Taibhdhearc trí fichid bliain ar an bhfód agus choimisiúnaigh an amharclann dráma nua faoi shaol an scríbhneóra Pádraic Ó Conaire (1882–1928) den teideal An Spailpín Fánach. Ba é an Luimníoch, Criostóir Ó Floinn (1927–2023) a scríobh an dráma. Ghlac Johnny ról Paddy Conroy, uncail Phádraic ón nGairfean, Ros Muc. Is ann a cuireadh Pádraic nuair a fágadh ina dhílleachta é i gcathair na Gaillimhe in aois a aon bhliain déag. Bhain íoróin leis an bpáirt a rinne Johnny Chóil Mhaidhc sa léiriú áirithe seo mar gurbh é a bhí i gceist ná Béarla a bhrú ar a nia, Pádraic Ó Conaire, duine de cheannródaithe nualitríocht na Gaeilge:

Uncail: Cogar! An mbíonn an Máistir Walsh ag labhairt Gaeilge leatsa nuair a théann tú ag an teach aige?

Pádraic: Ó bíonn!

Uncail: Is dócha nach miste dó, é go socair, sona, sásta ina phost agus teach nua saor ó chíos aige ón n-gobhairmint ach an té nach bhfuil an Béarla ar a thoil aige, beidh sé ina sclábhaí lena shaol ar deireadh….sin é! (Ó Coileáin, 2001)

Cuireadh an dráma ar stáitse na Taibhdheirce, 13–20 Samhain, 1988.  Bhí an amharclann lán ar feadh na seachtaine agus tugadh an dráma ar camchuairt náisiúnta. Chuireas aithne ar Johnny sa tréimhse seo, bhí dúil mhór aige in amhráin Chúige Mumhan agus dá rachfainn amú in aon líne bhí sé i mo dhiaidh aniar agus na focail ar bharr a ghoib aige:

Maidin Luan Cincíse labhair an síofra sa ghleann;

Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dhéanamh ann

Do chruinníomar ina dtimpeall is do lasamar ár dtinte

Is do thógamar ceo draíochta go haoibhinn os a gcionn. (Ó Baoill, 1975: 67)

Siad na hamhráin Ghaeilge a thug Johnny agus mé féin le chéile. Ba bhreá leis ‘Brídín Bhéasach’, amhrán Raiftearaí a chlos sa bheár tar éis an dráma. D’fhán an ceol mar nasc eadrainn agus is as seo a d’eascair an tionscnamh scannánaíochta.

Bhíos ar chúrsa de chuid Údaras na Gaeltachta i léiriú teilifíse an bhliain dar gcionn, 1989 agus mar chuid den oiliúnt, léirigh mé scannán gearr faoi shaol agus saothar Johnny Chóil Mhaidhc. Bhí an scannánaíocht seo thar a bheith luachmhar nuair a choimisiúnaigh TG4 scannán faisnéise uair an chloig uaim sa bhliain 2000. Johnny Chóil Mhaidhc – Sin í an Fhírinne an teideal a bhí air agus chraol TG4 ar dtús é 11 Nollaig, 2001.

Johnny Chóil Mhaidhc agus Aodh Ó Coileáin Céibh Bhaile na hAbhann, 6 Meán Fómhair, 2001

 

Conclúid

Leagas romham léargas áirithe iarbháis a thabhairt ar fhile Chonamara, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.  Tharraing mé ar agallaimh a thaifead mé féin le Johnny agus le daoine a raibh aithne acu air maille le plé criticiúil ar a shaothar.  Scríobh mé faoin gcaidreamh pearsanta a bhí agam le Johnny thar thréimhse ocht mbliana déag (1988–2006).

Thugas mo mhac, Iarla, ár gcéad leanbh, ar cuairt chuig Johnny i mí Mheán Fómhair, 2006, bhí Iarla seacht mí dhéag agus fiosrach, siúlach.  Bhí Johnny Chóil Mhaidhc ina chathaoir cois na tine ag ithe a dhinnéir.  Bhí deirfiúr Johnny, Cáit sa seomra agus Bríd, a bhean chéile.  Thrasnaigh Iarla an t-urlár agus thóg sé roinnt piseanna ó phláta Johnny agus chuir ina bhéal iad.  Bhain Johnny smut den bhreac a bhí á ithe aige agus d’fhág ar chiumhais an phláta é.  Thóg Iarla an t-iasc agus d’ith go hocrach.  Agus an tae á ól tar éis an bhéile, thosnaigh Johnny agus a dheirfiúr Cáit ar dhán fada Raiftearaí Seanchas na Sceiche a aithris:

                Tráth faoi Lúnas ba domsa a tharla,

                Ar bhord Áth Cinn is é go mór ag báistigh,

                dhruid mé i leataobh agus ní gan ábhar,

                go bhfaighinn tom nó claí a dhéanfadh scáth dom. (Ó Coigligh, 1987: 137)

Idir Johnny agus Cáit, thugadar leo formhór an cheithre chéad is a ceathar líne de dhán Raiftearaí. 

B’shin an uair dheireanach a chonaic mé Johnny Chóil Mhaidhc. Lastigh de shé seachtaine, ní hamháin go raibh Johnny imithe ach bhí a dheirfiúr Cáit ar shlí na fírinne chomh maith. 

Fágfaidh mé an focal scoir faoi dhaoine eile:

[N]íl aon amhras nach é Johnny Chóil Mhaidhc príomhscríbhneoir na Gaeltachta.  Rí-Éigeas an Bhéil Bheo.  Tá lorg a láimhe ar litríocht Chríoch Fáil, agus mairfidh a cháil is é sínte. (Ó Dochartaigh, 1975: 88)

Is dóigh liom go bhfuil rudaí ar leith ag baint le Johnny, a bhaineann le Johnny amháin.  Dáiríre, ar deireadh thiar, d’éirigh le Johnny is dóigh liom féin, cé nár dhóigh leat é uaireanta, a bheith neamhspleách ar an bpobal ina mheon, sé sin gur dílseacht do féin laistigh de mhúnla an phobail atá ann chomh maith, agus gur mó dílseacht do féin é, ar deireadh thiar, ná dílseacht don bpobal.  (Ó Muirthile, 2001)

Níl fhios agamsa éinne in Éirinn a scríobh dráma, é a leiriú, agus páirt a thógáil ann ach Johnny Chóil Mhaidhc, genius cruthanta a bhí ann. (Uí Chuaig, 2001)

Tagairtí

Denvir, G. (1997) Litríocht agus Pobal. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ní Ghearbhuigh, A., & Rosenstock, T. (eag.) (2023) Inside Innti: A new wave in Irish poetry. Corcaigh: Cork University Press.

Ní Mhuircheartaigh, E. (2018) ‘Allagar an ardáin: taibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha.’ COMHARTaighde 2 Ar fáil ag: http://dx.doi.org/10.18669/ct.2018.04 (Léite: 9 Feabhra, 2026).

Ní Mhuircheartaigh, É., Ní Ghairbhí, R., & Ó Liatháin, P. (eag.) (2021) Ó Chleamaraí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi Chaibidil. BÁC: Cló Léann na Gaeilge.

Nic Eoin, M. (1983) ‘Mar is Cuimhin liom.’ Sinsear 1982–83. 107–17.

Ó Baoill, S. & Ó Baoill, M. (1975) Ceolta Gael. Corcaigh: Mercier.

Ó Cadhain, M. (1969) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. BÁC: An Clóchomhar.

Ó Coigligh, C. (1987) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta. BÁC: An Clóchomhar.

Ó Coinnigh, M. & Ní Ghairbhí, R. (eag.) (2025) Scannánaíocht na Gaeilge. BÁC: LeabhairComhar

Ó Coisdealbha, S. (1987) Buille faoi Thuairim Gabha. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Dochartaigh, L. (1975) ‘Éigse an Bhéil Bheo: Saothar Sheáin Uí Choisdealbha.’ Scríobh 2. 77–89.

Ó Muirthile, L. (2000) Walking Time agus dánta eile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Scannáin

Johnny Chóil Mhaidhc: Sin í an Fhírinne (2001) A. Ó Coileáin a stiúir (Scannán Faisnéise). Éire: Léirithe Lúnasa.

Agallaimh neamhfhoilsithe

Diarmuid Mac an Adhastair, 16 Márta, 2021

Johnny Chóil Mhaidhc, 19 Eanáir, 1990

Johnny Chóil Mhaidhc, 27 Deireadh Fómhair, 2000

Johnny Chóil Mhaidhc, Céibh Bhaile na hAbhann, 6 Meán Fómhair, 2001

Liam Ó Muirthile, 12 Feabhra, 2001

Mairéad Uí Chuaig, 21 Feabhra, 2001

Máirtín Jaimsie, 21 Feabhra, 2001

Tom Sailí Ó Flaithearta, 16 Márta, 2001

Nuachtáin

Quinn, B. (2006) ‘Ainm a mhúscail íomhá laoich.’ Foinse. 12 Samhain. 19.

Uí Chuaig, M. (2006) Beathaisnéis. Foinse. 12 Samhain. 19.

Ó Conghaile, M. (2006) ‘An gabha agus a bhuile.’ Foinse, 12 Samhain. 19.

Leabharliosta Johnny Chóil Mhaidhc

Ó Coisdealbha, S. (1962) An Tincéara Buí. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Coisdealbha, S. (1968) Ortha na Seirce. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Coisdealbha, S. (1987) Buille faoi Thuairim Gabha. Indreabhánl: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Coisdealbha, S. (1995) An Cruastóir agus An Mhéar Fhada. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Coisdealbha, S.  (2000) ‘Mar a Chéile Muid’. In: Ó Siadhail, P. (eag.) Gearrdhrámaí an Chéid. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht. 187–207.

Scannáin ina raibh Johnny Chóil Mhaidhc

Poitín (1978) Stiúrtha ag B. Quinn [Fadscannán]. Éire: Cinegael.

Traveller (1981) Stiúrtha ag J. Comerford [Scannán]. Éire: Joe Comerford Films.

Budawanny (1987) Stiúrtha ag B. Quinn [Fadscannán]. Éire: Cinegael.

Reefer and the Model (1988) Stiúrtha ag J. Comerford [Fadscannán]. Éire: Berber Films Ltd.

Agusín

Nóta Buíochais

Ba mhaith leis an údar buíochas a ghabháil le Colm Ó Bric, Ceathrú an Fheirtéaraigh, Dún Chaoin, Co. Chiarraí as an obair mhór a rinne sé agus na hagallaimh ar fad á dtrascríobh aige in 2001.