Cailleach na gCearc agus an Leasmháthair — Seanscéal nó Scéal fíor: Léiriú na mBan i scéalta béaloidis Ghaoth Dobhair agus na Rosann i mBailiúchán na Scol 1937–39

Réamhrá

Is suimiúil agus ilghnéitheach é léiriú na mban sa bhéaloideas; ar thaobh amháin tá lorg an phatrarcachais agus na cumhachta reiligiúnaí a mhair aníos go dtí an 20ú haois – cuir i gcás, treascairt na mban dá mbaois – agus ar an taobh eile, tá rian de sheanchreidimh Ghaelacha ó scéalta níos sine fós – faoina ndraíocht, agus a gcumhacht. Is tagairt thábhachtach dúinn iad na scéalta seo ar an dóigh ar phléigh an pobal leis an fhéiniúlacht, an mhoráltacht agus an inscne san am atá caite. 

Déantar plé san alt seo ar chnuasach scéalta ó Bhailiúchán na Scol (1937–39) de chuid Ghaoth Dobhair agus na Rosann, ó Scoil Rann na Feirste a fhad le Scoil Bhun an Inbhir go sonrach. Déantar na himleabhair ar fad atá i gceist a liostú thíos. Déantar plé ar na scéalta seo laistigh dá gcomhthéacs stairiúil agus sóisialta, agus ar thionchar idirghabhálach na moráltachta Caitlicí agus noirm phatrarcacha ar an bhéaloideas. Cuirtear seasamh na mban mar scéalaithe pobail san áireamh chomh maith. Áitítear go mbíonn pearsana baineanna i mbéaloideas Ghaoth Dobhair thuas seal, thíos seal ó chumhacht go cosc, ó ómós go heagla. Tarraingítear ar an bhéaloideas féin chomh maith leis an teoiric fheimineach, leithéidí Theoiric na Marcála agus Theoiric na Struchtúr Cumhachta (Cameron [1985], Spender [1980], hooks [1990], Federici [2004], de Certeau [1984]), agus faisnéis agus saineolas daonchultúrtha na hÉireann ar na hábhair seo (leithéidí Bourke [1993; 2002], Ní Dhonnchadha [2002], Ó Crualaoich [2003], Nic Giolla Chomhaill [2016], Ó Laoire [2005]).

Scrúdaítear san alt seo an léiriú a tugadh ar mhná sa bhéaloideas sna ceantair bheaga seo agus déantar anailís ghéar ar an tsiombalachas, agus ar an mhoráltacht seo, nó a heaspa, a aithnítear i bpatrúin sna scéalta. Faoi dheireadh, tugtar faoi anailís fheimineach ar an ábhar seo agus scrúdaítear an dóigh a dtugann pearsana baineanna – Cailleach na gCearc, cuir i gcás – léargas dúinn ar dhearcthaí inscne agus sochaíocha na linne sin. Déantar anailís ar an bhealach a léirítear luachanna sóisialta, inscneacha laistigh de chreatlacha osnádúrtha an bhéaloidis, gné a sníonn le chéile tuiscintí ó mhiotais agus ó fhíorscéalta agus léirmhíniú siombalach le léamh iontu.

Cúlra Stairiúil agus Sóisialta  

In Éirinn sna 1930í, go háirithe i gceantair iargúlta an iarthair, d’imir an bhochtaineacht nó ‘rural fundamentalism’ (Gray, 2010: 23) agus cion inscneach na ndualgas sa tsochaí ról tábhachtach in imeallú údáras na mban ar lámh amháin, ach ról lárnach cultúrtha a thabhairt daofa ar an lámh eile. (Gray, 2010: 40)

I gceantair ar fud na hÉireann, ar nós Ghaoth Dobhair agus na Rosann, d’imir mná ról tábhachtach lena saothar laethúil i saol an teaghlaigh, cúram leanaí, ullmhú bia, obair fite, agus poist shéasúracha nó neamhfhoirmiúla, go minic ina n-aonar i gcomhthéacs imirce na bhfear agus na bochtaineachta. Ag an am chéanna, ba ról phríomhchaomhnóirí an chultúir bhéil a bhí ag na mná, ag seachadadh scéalta béaloidis, insint creidimh, paidreacha, amhráin, agus stair áitiúil laistigh den réimse baile. Is mná iad dornán maith d’fhaisnéiseoirí na scéalta i mBailiúchán na Scol sna ceantair seo. Mar a luann Delay (2015: 5–6), ba bheag aitheantas a tugadh den chineál oibre cultúrtha seo, go háirithe mar ‘eolas údarásach’ ach mar chaitheamh aimsire nó mionscéalaíocht, cé gur ghné lárnach í de mhaireachtáil an traidisiúin béil. Dar le Lysaght (1999: 266–7), chloistí scéalaíocht den chuid is mó in áiteanna príobháideacha nó leathphríobháideacha — cistiní, bóithigh, agus áiteanna oibre coiteanna — rud a mhúnlaigh ábhar agus ciall na n-insintí. Cuidíonn an seasamh seo le míniú a thabhairt ar an chúis a mbíonn débhríocht iontu go minic i bhfíoracha baineanna, na fíoracha baineanna sa scéal ‘An Cailín Dílis’ (CBÉS, 1065: 77–80) cuir i gcás, an mháthair a imríonn ról cúramaí don chlann ach á mbagairt fosta, an iníon ina leanbh soineanta ach ina gníomhaire cumhachtach, draíochtúil agus an chailleach atá ina comhairleoir críonna ach ina bagairt osnádúrtha ag an am chéanna. Is fíoracha cumhachtacha, eolacha, draíochtúla, bagracha agus contúirteacha iad; fite fuaite mar sin sa débhríocht.

Rinne Bailiúchán na Scol (1937–39) éacht le gnéithe den traidisiún béil a bhailiú agus a chaomhnú, a thug deis do scoláirí na Gaeilge na scéalta a anailisiú agus guth na mban a scagadh faoi chreatlacha thionscadal oideachasúil de chuid an Stáit. (Briody, 2007: 199) Eagraithe ag Coimisiún Béaloideasa Éireann faoi Shaorstát Éireann, spreag an tionscadal daltaí bunscoile mar bhailitheoirí, chun ábhar a thaifead ó bhaill den phobal níos sine – mar shampla, máithreacha, seantuistí agus comharsana. Thug mná Gaeltachta cuntais ar chreideamh osnádúrtha, stair theaghlaigh agus teagasc morálta, a bhí fréamhaithe go minic ina dtaithí saoil sa bhaile. (Bourke, 1993: 33) Mar sin féin, bhí roinnt bac idirghabhála difriúil i gceist leis an phróiseas bailiúcháin: údarás an mhúinteora, ionchais an Choimisiúin, agus idéalacha náisiúnaíocha a bhí i réim maidir le moráltacht, inscne agus barántúlacht chultúrtha. (Dorson, 1982: 41; 95; 256) Mar thoradh air sin, mhair na scéalta seo sa traidisiún béil agus go minic cuireadh in oiriúint iad le creatlacha teagascacha nó morálta inghlactha na linne, go háirithe nuair a bhain scéalta le gnéasacht, foréigean nó neamhspleáchas na mban. Tá sé seo le feiceáil go háirithe i bhfrámú fhíoracha osnádúrtha na mban  – amhail  an leasmháthair, an chailleach, nó an bhean anaithnid a dhéanann éacht ach go rúnda – a bhfuil a ngníomhartha taifeadta ach is annamh a chuirtear i bhfíor-chomhthéacs sóisialta níos leithne iad. 

In ábhar an chompail seo, feictear mná mar ábhair scéala agus mar fhaisnéiseoirí bunúsacha araon, ach cuirtear a n-údarás as riocht go seasta mar gheall ar choinbhinsiúin léirmhínithe inscne. (Dégh, 1995) Sna scéalta a scrúdaítear san alt seo, léirítear mná mar chosantóirí, comhairleoirí agus idirghabhálaithe — mar shampla, an bhean a shábhálann leanbh le cleas (CBÉS, 1066: 94-7), nó an figiúr baineann a gcuireann a heolas baile ar chumas daoine bagairtí osnádúrtha a shárú (CBÉS, 1066: 118–25). Ag an am chéanna, is minic a chuirtear mná i láthair mar dhaoine contúirteacha (Lüthi, 1982) nó ar chóir dúinn a bheith amhrasach fúthu ó thaobh na moráltachta de, go háirithe i riocht na leasmháthar nó chailleach na gcearc. Cailleadh Órus, cuir i gcás (CBÉS, 1068: 116–119) a bhuaileann bob ar chailíní óga soineanta. Mar a luann Bourke (1993:50):

In oral storytelling in Irish, the figure of Cailleach na gCearc, the Henwife, sums up some of the ambivalence felt about women who kept hens. Poor, marginalized, and dirty, the Henwife is nevertheless wise and well informed. Untouched by power struggles, she is independent of the romantic destiny that rules the lives of other female characters, and often comes to the aid of the struggling hero or heroine. In storytelling and in written reminiscences of rural life, we also find a recurring analogy between resistance to the keeping of hens and resistance to women’s speech. That hens make too much noise, and that women talk too much, is a familiar theme in men’s traditional storytelling. 

Feictear a mhacasamhail i scéalta ar nós ‘An Bhean Ghlas’ (CBÉS 1064: 378–84) ó Rann na Feirste. Léiríonn an déacht seo an rud a shainaithníonn Dégh (1995) mar chlaonadh níos leithne sa bhéaloideas chun cumhacht na mban a ionchódú go hindíreach, go háirithe i sochaí ina raibh gníomhaireacht na mban srianta go sóisialta. Is pósadh agus páistí amháin atá i ndán dóibh, mar a fheictear sa scéal ‘An Bhean agus a Mac’ (CBÉS  1068: 536–40) nó ‘An Bhaintreach agus a hIníon’ (Ó Baoill, 1993: 268). Léiríonn léirithe den tsórt sin teannas saoil: bhí tionchar suntasach ag mná laistigh den teaghlach agus den phobal, ach ní raibh mórán aitheantais fhoirmiúil ná neamhspleáchas acu. Dá réir sin, bíonn an béaloideas ina shuíomh ina n-aithnítear údarás na mban go siombalach. (Bourke, 1993: 55, 110)

Ar an ábhar sin, níor cheart ionadaíocht na mban i mBailiúchán na Scol a léamh mar léiriú trédhearcach ar chreideamh (Nic Giolla Chomhaill, 2016: 71–1), ach mar thoradh cultúrtha ar inscne, cumhacht agus cleachtas bailiúcháin. Cé gur i measc na bhfoinsí béaloidis ba tháirgiúla i nDún na nGall a bhí mná, is annamh a chuirtear a nglórtha chun tosaigh mar ghníomhairí léirmhínithe (Bennett, 1997). Ina áit sin, is minic a athmhúnlaítear a dtaithí mar scéalta rabhaidh, mar eiseamláirí morálta, nó mar eisceacht osnádúrtha, go háirithe i scéalta a bhaineann le struchtúir teaghlaigh, oidhreacht agus gnéasacht. Cuireann seo gníomhaireacht stairiúil na mban i bhfolach agus a saothar cultúrtha curtha in eagar. Sa chás sin, tugann léamh feimineach ar an ábhar tuiscint níos doimhne ar an dóigh ar phléigh na mná le húdarás laistigh de choiníollacha sóisialta sriantacha agus ar an bhealach ar fheidhmigh an béaloideas mar ‘spás’ códaithe (Rodríguez, 2014: 20) leis an idirbheartaíocht sin a chur in iúl. Sa scéal ‘Iníon Rí Cnoc an Óir’, cuir i gcás (CBÉS, 1064: 94–124), ina a ndéantar eolas nó pearsa a chlaochlú, a theagasc agus nó a idirghabháil seachas tabhairt faoi gníomh laochais follasach. 

Léiriú na mBan sa Bhéaloideas 

Mar a luadh cheana féin, déantar plé san alt seo ar chnuasach scéalta ó Bhailiúchán na Scol (1937–39) de chuid Ghaoth Dobhair agus na Rosann: Scoil Rann na Feirste (CBÉS, 1064, 1065), Scoil Loch an Iúir (CBÉS, 1062, 1063), Scoil Ard Cróna (CBÉS 1057), Cnoc an Stollaire (CBÉS 1068), Scoil Doire Beag (CBÉS, 1066), Scoil an Luinnigh (CBÉS 1068, 1069) agus Bun an Inbhir (CBÉS, 1066). Scoileanna inar bailíodh ualach mór faisnéise ó na bailte beaga thart orthu, go háirithe i gcás Bhun an Inbhir ina n-aimsítear scéalta ón Ghlaisigh, ó Bhun na Leaca, agus ón Charraig. Tá réimse fairsing ábhar sna himleabhair seo; scéalta rúraíochta, fáthscéalta, scéalta nó cuntais faoi mhuintir na háite nó faoin pharóiste, paidreacha, cleasanna, tomhais, seanfhocail, dánta, amhráin, leigheasanna, pisreoga, creidimh nó nósanna faoin bhás, faoin aimsir, faoin bhreith agus araile. 

Tagann an Chailleach chun cinn go mór sna scéalta a bailíodh thart fá Scoil Chnoc an Stollaire, is pearsa thairseachúil, thairngeartach í a bhaineann leis an tsinsearacht agus an mhortlaíocht, ‘Cailleach Loch Dearg’ (CBÉS, 1063: 62–71) ó Scoil Loch an Iúir, cuir i gcás. Is iad na fíoracha baineanna céanna a tugtar faoi deara go minic, an bhean lochtach, fheargach, dhíoltasach, shantach – is teideal go fiú é seo ar cheann de na scéalta ó Rann na Feirste: ‘An Bhean Shantach’ (CBÉS, 1064: 315–24). Is minic a chuireadh na mná seo samhnas, díomá nó eagla ar na fir thart orthu, sa scéal ‘Seonaidh agus Sinéad’ (CBÉS, 1064: 398–404), mar shampla, ar a mbíonn deireadh dearfach, díreach amháin mar gur ‘athruigh Sinéad a cuid béasaí agus bhí dóigh maith ar an péire go lá a mbáis.’ Nuair is bean shoineanta, shíoganta a chuirtear in iúl, is minic is féidir imeartas focal nó innuendo a thabhairt faoi deara sa scéal, gnéasach, foréigeanach nó eile, go háirithe bainte le híomhá na gruaige – a léirítear go bhfuil draíocht inti – nó ag coimhéad ar bhean ina haonar i ngan fhios di; ‘Cailín na nGéach’ (CBÉS, 1064: 508–17), cuir i gcás, ina bhfeictear an dá rud – ‘thoisigh Máire a chíoradh a cuid gruaige, agus thoisigh Seaghan, an fear a bhí ag coimead na ngéach, a ghabhail dithe agus a tharraingt a cuid gruaige…Chuaidh an rí i bhfolach agus d’fhan sé annsin ag choimead ar Mháire.’ Ina theannta sin, tugtar glóir agus gradam don bhean álainn nó ghéilliúil, mar shampla,sa scéal ‘An Cailín Dílis’ (CBÉS, 1064: 350–8) as Rann na Feirste, póstar í faoi dheireadh an scéil mar gheall ar a béas, a gnaíúlacht agus a háilleacht.

Is iliomad léirithe éagsúla a bhíonn ar mhná, cuimsíonn fíoracha ar nós na leasmháthar teannas morálta agus teaghlaigh faoin athphósadh agus údarás máthartha. Léirítear i bhfíoracha ban eile – leithéidí mná críonna, baintreacha, agus naoimh – an déscaradh buan idir bean ‘ghnaíúil’, a nasctar leis an bheas agus an tsoinneantas, agus bean ‘chontúirteach’, a nasctar le mothúcháin láidre agus an neamhspleáchas. Cuir i gcás, an chodarsnacht idir an mháthair ‘fheargach’ agus an bhean bheag ‘ghnaíúil’ sa scéal ‘An Cailín Falsa’ (CBÉS, 1064: 405–12). 

Is léir go gcuirtear mná i láthair mar idirghabhálaithe cultúrtha a stiúrann toradh an scéil trí ghníomhartha indíreacha. I scéal (CBÉS, 1066: 94–97) ó Scoil Bhun an Inbhir, cuireann bean sna Rosa a mac ar shiúl agus cuireann sí giorria ina áit, rud a shábhálann an leanbh ó bhás cinnte. Cé nach gcuireann an scéal dúshlán oscailte roimh an ord patrarchach – mar a léirítear é sa chleachtas foréigin i leith an ghasúir – cuireann an bhean isteach ar an chóras as a cleas agus a heolas praiticiúil. Léiríonn an gníomh seo an rud a dtugann Dégh (1995) ‘covert agency’ air: cumhacht na mban a fheidhmíonn laistigh de theorainneacha sóisialta sriantacha, seachas ina gcoinne go hoscailte.

Sa chomhthéacs céanna, léirítear débhéalaíocht mhorálta na mban mar thréith lárnach sna scéalta. I scéal (CBÉS, 1066: 103–5) ó Chónall Mhic Pháidín as Bun an Inbhir, déanann bean nimhiú ar an bhonnóg aráin a thugtar don fhathach, agus sábhálann sí an gasúr dá bharr. Cé gur gníomh foréigneach é, cuirtear i láthair é mar ghníomh cosanta, bunaithe ar eolas baile agus ar chleachtas laethúil an teaghlaigh. Mar a mhaíonn Lüthi (1982), is minic a bhíonn mná sa bhéaloideas suite idir dhá chóras luacha – an mhoráltacht phobail agus an gá maireachtála – agus feictear anseo go soiléir nach féidir a gníomh a bheartú ‘maith’ ná ‘olc’ go simplí. Tá an débhéalaíocht seo fréamhaithe go domhain, go háirithe i gcomhthéacs na linne, áit a raibh mná freagrach as cosaint agus cothabháil an teaghlaigh sa bhochtaineacht chrua (Delay, 2015: 5-6).

Creat tábhachtach eile is ea siombalachas an bhaile agus an choirp, a bhaineann go dlúth le léiriú na mban. Sa scéal chéanna, is samhail í an bhonnóg aráin, ní hamháin den chothú, ach de chumhacht mháthartha atá in ann an saol agus an bás araon a rialú. Mar a léiríonn Brophy (2010: 5), is minic a bhíonn an baile sa bhéaloideas ina spás ina mbíonn údarás ag mná, cé go mbíonn sé teoranta don réimse phríobháideach. Sna scéalta seo, úsáidtear an spás seo mar láthair ina gcuirtear gníomhartha cinniúnacha i gcrích, fiú má imíonn an bhean ón scéal ina dhiaidh sin. Léiríonn an t-imeacht seo an claonadh bailitheoireachta a dhéanann neamhaird ar shaothar na mban nuair a bhíonn a bhfeidhm comhlíonta acu (Ní Dhuibhne, 2014). Is suntasach fosta an chodarsnacht idir rochtain na hinscne ar an draíocht. I mBun an Inbhir, úsáideann an fear an cleachtas draíochta ‘cogaint na hordóige’ chun eolas a fháil, ach teipeann air go leanúnach an fhírinne a aithint. I gcodarsnacht leis sin, éiríonn le mná – mar gheall ar mhalartú leanaí, a mbia, a gcomhairle – toradh praiticiúil a bhaint amach gan aon údarás foirmiúil draíochta. Tacaíonn sé seo leis an tuairim a chuireann Ó hÓgáin (1999) chun cinn go mbíonn eolas na mban sa bhéaloideas bunaithe ar thaithí agus ar chleachtas, seachas ar dheasghnátha foirmiúla fireanna. Sa chomhthéacs náisiúnta, áit a raibh mná ina bpríomhchothaitheoirí cultúrtha sa teaghlach, léiríonn an chodarsnacht seo struchtúr sóisialta níos leithne.

Mar fhocal scoir ar an ábhar sin, léiríonn na scéalta seo an teannas idir míotais agus réaltacht an tsaoil, agus ról na mban mar nasc idir an dá mhodh insinte. Cé go mbíonn eilimintí iontacha — fathach, peisteanna, draíocht – i gceist, bíonn gníomhartha na mban bunaithe ar loighic shóisialta atá inchreidte i gcomhthéacs na háite: cothú, comhairle, cosaint clainne. Mar a mhaíonn Dégh (2001: 5), ‘legend even if it’s not founded on reality can create reality‘, a choinníonn an scéal fréamhaithe i dtaithí an phobail fiú nuair a ghluaiseann an plota i dtreo an mhiotais. Tugann seo le fios nach gá na scéalta a léamh mar shíscéalta scartha ón réaltacht, ach mar fhoirmeacha insinte a bhfuil fréamhacha acu i struchtúir shóisialta agus inscne an phobail.

Anailís fheimineach agus Léirmhíniú Siombalach

Nochtann léitheoireacht fheimineach (Eagleton [2010], Cameron [1986], Spender [1980]) ar scéalaíocht an bhailiúcháin seo go maireann na fíoracha baineanna go srianta laistigh de struchtúir shóisialta agus ina ainneoin sin cleachtann siad cineálacha difriúla gníomhaithe ar bhealach fóinteach. Mar a mhaíonn Angela Bourke (1993), is minic a chuirtear guthanna na mban i scéalta traidisiúnta na hÉireann i láthair as gníomh siombalach a dhéanamh seachas le caint dhíreach, rud a léiríonn an comhthéacs inar cuireadh cosc  ar údarás follasach baineann go sóisialta. Feictear an patrún go follasach sna scéalta seo, scéalta ina ndéanann mná idirghabháil go cinntitheach i dtréimhsí géarchéime – ionadú, cothú, nó comhairle – ach is annamh a chuirtear iad i láthair mar phríomhchúram na hinsinte. Is féidir linn, dá bhrí sin, na patrúin seo a léamh, ní mar deismireachtaí fánacha, ach mar mheicníochtaí lárnacha trína ngintear brí an scéil.

Is patrún siombalach eile, a fheictear arís agus arís eile i scéalta Ghaoth Dobhair, an nasc idir mná agus an chumhacht teaghlaigh, go háirithe le húsáid an bhia. I scéal Chónaill Mhic Pháidín a bailíodh ar an Ghlaisigh, baineann an bhean a ullmhaíonn ‘dhá bhunnóg mhóra aráin agus…nimh ann ceann acha’ (CBÉS, 1066: 103–5) úsáid as a gnátheolas laethúil, gnátheolas tí é, le bagairt osnádúrtha a shárú. Seachas an gníomh seo a chur i láthair mar ghníomh ciona nó coire, tugann an scéal le fios gur beart riachtanach agus morálta é. Deir Bourke (2002: 6–12) gur áis an-ghoilliúnach go morálta é an bia trína ndéanann mná idirbheartaíocht ar mharthanas agus ar chosaint sa bhéaloideas. Sampla eile den ghné seo ná an scéal ‘Fionn agus Fathach as Tír na Sorcha’ (CBÉS, 1064: 481) a bailíodh sna Rosa. Arís is í an bhean – atá gan ainm sa scéal, mar a feictear i scéalta eile ón cheantar – a ullmhaíonn an bhonnóg nimhithe agus a fhaigheann an lámh in uachtar ar an fhathach mar gheall air seo. Is ar chumas troda fisiciúil amháin a bhraitheann Fionn. Cé gurb í an bhean a mharaíonn an fathach, caitheann Fionn breithiúnas uirthi dá mímhacántacht agus a gliceas seachas tréaslú léi as a héacht. Tá an scéal seo trom leis an liom leatachas i dtaobh treithe foréigeanacha na mná; tá an frámú siombalach seo ag teacht le léirmheastóireacht liteartha fheimineach a deir nach beart éighníomhach ar noirm shóisialta é an saothar baile, ach deis frithbheartaíochta straitéisí (hooks, 1990; Federici 2004; de Certeau, 1984).

Léiríonn fíor na leasmháthar, go háirithe mar a léirítear i scéal Phádraig Mac Giolla Chomhaill (CBÉS, 1066: 118–25) nó ‘The Dragon-Slayer’ in innéacs na seanscéalta idirnáisiúnta í, an débhríocht shiombalach a bhaineann le húdarás na mban. Cé go gcuirtear í in iúl mar phearsa shleamchúiseach, chruálach, is ar son shábháilteacht an teaghlaigh a hiompar, áfach, go mion minic. Tugann Nic Giolla Chomhaill (2016: 54–5) faoi deara go léiríonn móitíf na ‘droch-leasmháthar’ nó na ‘drochmháthar’ i dtraidisiún na hÉireann imní faoin ‘mhímhoráltacht’, oidhreacht, atáirgeadh agus seasmhacht teaghlaigh go minic seachas drochrún dúchasach na mban. Ceartaíonn léamh siombalach feimineach an tuiscint gur seachrán morálta í an leasmháthair, ach fíor atá ina samhail den teannas shóisialta a bhaineann leis an mháithreachas agus an dlisteanacht. Tacaíonn an léirmhíniú seo leis an mhaíomh a rinneadh thuas go múnlaíonn sriantacht struchtúrach ról na mban (Brophy, 2022) sna scéalta seo seachas an t-eisintiúlachas morálta. Is follasach an t-ordlathas inscne, mar shampla, an rochtain shiombalach ar fhios draíochta nó eile; is mar sin a dhéantar an chumhacht a ionchódú mar eolas eispéireasach atá le scaipeadh laistigh de ‘líonraí ban’.

Cuireann an easpa ban ‘casta’ sna scéalta seo, béim ar an pholaitíocht inscneach a bhaineann leis an scéalaíocht, go háirithe i gcás idirghabháil chinniúnach na mban sna scéalta ar chóir go mbeadh tábhacht nadúrtha scéalaíoch ag baint leis – éacht, treaslú srl. Is minic sna scéalta seo a théann bean ar iarraidh a luaithe agus atá a feidhm comhlíonta aici, agus mar sin de fágtar na fíoracha fireanna leis na scéalta a chur i gcrích nó tairbhe a bhaint as saothar, fulaingt nó luachanna morálta, nó fisiciúla na mban; mar shampla, sa scéal ‘An t-Aingeal agus An t-Iolar’ (CBÉS, 1063: 172–173) ó Loch an Iúir, ‘Leim sé suas ina ucht agus ligh an cú é le sin d’imthigh an t-Aingeal amach as a cuime a’s níor smaointuig sé uirtí ní ba mhó.’ Leagtar béim ar thábhacht chomhthéacs an léirithe agus ar údarás an scéalaí i dtraidisiún Dhún na nGall, dar le Ó Laoire (2005: 73–90), ina léirítear go bhfuil údarás insinte ag brath ar an ghníomh féin seachas ar stádas seasta an scéalaí. Sa mhúnla seo, cruthaítear ciall agus creidimh an tseanchais as an idirghníomhaíocht idir an scéalaí agus an lucht éisteachta, agus trí na coinníollacha sóisialta agus cultúrtha ina dtarlaíonn an insint. Dá réir sin, is féidir a áitiú go bhfuil an scéalaíocht fréamhaithe i gcórais áitiúla eolais agus cumhachta, rud a osclaíonn an bealach do léamh níos doimhne ar an traidisiún béil, ar nós ghuth agus údarás  na mban.

Ar an ábhar sin, ba chóir go gcuirtear fíoracha a leithéidí seo chun cinn mar ghníomhaithe cultúir suntasacha sa scoláireacht Ghaeilge, fheimineach, nua-aimseartha ar ábhar an bhéaloidis. Sampla de seo is ea tráchtas Michelle Dunne (2023), Saintréithe de Thraidisiún Béil na mBan agus Léiriú na mBan i gCnuasach Sheáin Mhic Mhathúna. Cuireann Nic Giolla Chomhaill (2018) béim ar ghuth na mban sa traidisiún béil, agus tugann sí le fios go gcaithfear iad a anailísiú in aghaidh nádúir léirmheastacha náisiúnacha agus patrarcacha le tábhacht agus casacht na staire a léiriú. Is féidir léiriú nua a thuiscint ó fhíoracha baineanna sna scéalta seo, ní mar aircitíopaí amháin ach mar léirithe siombalacha ar idirbheartaíocht na mban maidir leis an chumhacht, an mharthanacht agus an traidisiún. Dá bhrí sin, ní bhrúnn anailís fheimineach agus shiombalach idé-eolaíocht nua-aimseartha chun cinn ar ábhar traidisiúnta, ach nochtann sí léirmhínithe difriúla atá fite fuaite sna scéalta cheana féin.

Conclúid

Mar fhocal scoir, is saibhreas as cuimse iad na scéalta seo a bailíodh a bhuíochas le Bailiúchán na Scol, nár chóir dúinn a fhágáil ar an trá fholamh agus muid ag forbairt mar shochaí nua-aimseartha agus an traidisiún béil ar leac a bháis. Is scéalta iad seo, a mhúnlaíonn, a cheistíonn agus a chuireann i láthair fíoracha ilchuimsitheacha agus a thugann léargas dúinn ar chreidimh agus nósanna ár sinsear, maith nó olc. Mar a luann Ó Laoire, ba shlí í an scéalaíocht le ceisteanna agus ábhair íogaire na linne a chíoradh go hoscailte ach go caolchúiseach (Fernández, 2021). Is amhlaidh iad na ceisteanna atá á gcíoradh againn sa lá atá inniu ann: an mhoráltacht, an t-údarás, an ghnéasúlacht, an inscne, an fhéiniúlacht, an teaghlach agus araile. Is orainne atá an dualgas mar chainteoirí agus scoláirí Gaeilge, an traidisiún seo a chaomhnú agus a thabhairt chun cinn don chéad ghlúin eile.

 

Tagairtí

Ó Baoill, Dónall P. (1992) Amach as Ucht na Sliabh – Imleabhar 1 & 2. Gaoth Dobhair: Cumann Staire & Seanchais Ghaoth Dobhair i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Bendix, R. (1997) In Search of Authenticity: The Formation of Folklore Studies. Madison: University of Wisconsin Press.

Bennett, J.M. (1997) Confronting Continuity. Journal of Women's History. 9(3). 73–94.

Bourke, A. (1993) The Burning of Bridget Cleary: A True Story. Londain: Pimlico.

Bourke, A. (1993) ‘More in anger than in sorrow: Irish women’s lament poetry.’ Feminist Review. 45. 160–71.

Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935–1970: History, ideology, methodology. Helsinki: Suomalaisen Kirjallisuuden Seura.

Brophy, C.S. (2010) Keening Community: Mná Caointe, Women, Death, and Power in Ireland. PhD thesis. Boston College, Chestnut Hill, MA.

Brophy, C.S. (2022) ‘“Her own and her children’s share”: luck, misogyny and imaginative resistance in twentieth-century Irish folklore.’ Irish Historical Studies. 46(169), 155–78.

Cameron, D. (1985, 1992) Feminism and linguistic theory. London: Palgrave Macmillan.

Cameron, D. (2020) ‘Language and gender: Mainstreaming and the persistence of patriarchy.’ Items: Insights from the Social Sciences, Sociolinguistic Frontiers, Social Science Research Council.

Ó Crualaoich, G. (2003) The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer. Cork: Mercier Press.

Daly, M.E. (1995) ‘Women in the Irish Free State, 1922–39: The interaction between economics and ideology.’ Journal of Women’s History. 7(1). 103–25.

Daly, M.E. (2006) ‘Marriage, fertility and women's lives in twentieth-century Ireland.’ Women’s History Review. 15(4). 574–94.

de Beauvoir, S. (1976) Le Deuxième Sexe. Paris: Gallimard.

de Certeau, M. (1980) L’invention du quotidien: Arts de faire. Paris: Gallimard.

Dégh, L. (1995) Narratives in Society: A Performer-Centred Study of Narration. Helsinki: Suomalaimen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica.

Dégh, L., 2001. Legend and belief: Dialectics of a folklore genre. Indiana University Press.

Delay, C. (2015). ‘Women, childbirth customs and authority in Ireland, 1850–1930.’ Lilith: A Feminist History Journal. (21). 6–18.

Dorson, R.M. (eag.) (1982) Folklore and Folklife: An Introduction. Bloomington: Indiana University Press.

Dunne, M. (2023) Saintréithe de Thraidisiún Béil na mBan agus Léiriú na mBan i gCnuasach Sheáin Mhic Mhathúna. (Tráchtas PhD). Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

Eagleton, M. (eag.) (2010) Feminist literary theory: A reader. John Wiley & Sons.

Federici, S. (2004) Caliban and the Witch: Women, the Body and Primitive Accumulation. New York: Autonomedia.

Fernández, J.F. (2021) ‘“Folklore seeks out the things that are not permitted in official discourse”. An Interview with Lillis Ó Laoire.’ Estudios Irlandeses (15). Feb. 163–74.

Gray, J. (2010) Poverty and the Life Cycle in 20th Century Ireland: Changing Experiences of Childhood, Education and the Transition to Adulthood. Working Paper. Combat Poverty Agency. (Neamhfhoilsithe)

hooks, B. (1997) ‘Homeplace: A site of resistance.’ Undoing place? A geographical reader. Oxfordshire: Routledge. 33–8.

hooks, B. (2014) Yearning: Race, gender, and cultural politics. Boston MA: South End Press.

Hynes, E. (2008) Knock: The Virgin’s Apparition in Nineteenth-Century Ireland. Cork: Cork University Press.

Lüthi, M. (1982) The European Folktale: Form and Nature. Bloomington: Indiana University Press.

Lysaght, P. (1996) ‘Collecting the Folklore of Ireland: The Schoolchildren’s Contribution.’ Folklore. 132(1). 1–32.

Narváez, P. (1992) ‘Folkloristics, Cultural Studies and Popular Culture.’ Ethnologies. 14(1). 15–30. Ar fáil: https://doi.org/10.7202/1082444ar  

Ní Bhroin, A.N. (2022) Eagrán de na Scéalta Béaloidis a Bhailigh Úna Ní Chualáin (18711929) ó Cholm Ó hIarnáin (18711924), Árainn. National University of Ireland, Maynooth (Ireland).

Nic Giolla Chomhaill, A. (eag.) (2016) An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin. Indreabhán: Leabhar Breac. 

Nic Giolla Chomhaill, A. (2018) ‘Guthanna ban agus léamh feimineach ar an traidisiún.’ Comhar Taighde. 4. 33–48.

Nic Suibhne, F. (1992) ‘“On the straw’ and other aspects of pregnancy and childbirth from the oral tradition of women in Ulster.’ Ulster Folklife. 38. 12–24.

Ní Dhonnchadha, M., O’Dowd, M., Bourke, A., Kilfeather, S., Luddy, M. et al. (2002) Field Day Anthology of Irish Literature. Irish Women's Writing and Traditions. Vols 4–5. Cork University Press.

Ní Dhuibhne, É. (2014) ‘Some Hardcore Storytelling’: Uses of Folklore by Contemporary Irish Writers’. Markey, A. and O’Connor, A. (eag.) Folklore and Modern Irish Writing. BÁC: Irish Academic Press, 204–216.

Ó Giolláin, D. (2000) Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity. Cork: Cork University Press.

Ó hÓgáin, D. (1999) The Sacred Isle: Belief and Religion in Pre-Christian Ireland. Woodbridge: Boydell Press.

Ó hÓgartaigh, C., Ó hÓgartaigh, M., & Tyson, T. (2012). ‘Irish property should pay for Irish poverty’: accounting for the poor in pre-famine Ireland.’ Accounting History Review. 22(3). 227–248. Ar fáil: https://doi.org/10.1080/21552851.2012.724911  

Ó Laoire, L. (2005) On a Rock in the Middle of the Ocean: Songs and Singers in Tory Island. BÁC: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Laoire, L. (2017) ‘“Tá cuid de na mná blasta/Some Women Are Sweet Talkers”: Representations of Women in Seán Ó hEochaidh’s Field Diaries for the Irish Folklore Commission.’ Estudios Irlandeses. Ar fáil: https://doi.org/10.13025/20144 (Faighte: 12 Nollaig 2025)

Lysaght, P. (1999) ‘Traditional Storytelling in Ireland in the Twentieth Century.’ MacDonald M.R. (ed.) Traditional Storytelling Today: An International Sourcebook. 264–272.

Ó Súilleabháin, S. (1942) A Handbook of Irish Folklore. BÁC: Educational Company of Ireland.

Rodríguez, L. L. (2014) ‘Unveiling the Past: Éilís Ní Dhuibhne’s “Sex in the Context of Ireland”.’ Nordic Irish Studies. 13(2). 19–30. 

Spender, D. (1980) Man Made Language. London: Pandora.

Walsh, J. (2012) Contests of Authority: The Irish Language and Cultural Power. Oxford: Peter Lang.

Liosta na nImleabhar

Na Rosa –

Rann na Feirste: 

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428381?Route=schools & https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428380/4401767/4492829)

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428382?Route=schools)

Loch an Iúir:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428378?Route=schools

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1063. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428379?Route=schools

Ard Cróna:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/5286174?Route=schools

Gaoth Dobhair –  

Cnoc an Stollaire (Bun Beag):

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428389/4403037/4511138)

Doirí Beaga:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428386?Route=schools)

An Luinnigh:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428392?Route=schools)

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428393?Route=schools)

Bun an Inbhir:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066. (https://www.duchas.ie/ga/cbes/4428385?Route=schools)