Réamhrá
Baineann an t-alt seo leis an Gaeilge i gContae Uíbh Fhaillí agus go háirithe an chanúint Ghaeilge a chleachtaí sa chontae go stairiúil. Tá ganntanas foinsí ann agus ‘níl nasc buan lártíre leis an tseanré mar atá sna Gaeltachtaí’ (Ó Cuív, 1951: 35). Tá foinse ann ón 17ú haois, fós ar marthain, caiticeasma dar teideal Lucerna Fidelium, a scríobh Froinsias Ó Maolmhuaidh de shliocht Uí Mhaolmhuaidh ó Chontae Uíbh Fhaillí. Is Gaeilge chlasaiceach atá sa Lucerna Fidelium ach tá roghbhlúirí de ghnáth-theanga pobail ina bhfuil Gaeilge cosúil le Gaeilge an 19ú haois dar le Williams (1998: 544). Luann Ó Maolmhuaidh nach raibh tuiscint ag na gnáthdhaoine – ‘ag an bpobal gcoitcheann’ – ar aon teanga ‘acht an Ghaoidhealg amhain’ (11, l.176/7; 1951: 18). Tugann an Lucerna léargas ar Gaeilge chlasaiceach, Gaeilge dhúchasach agus na canúintí a úsáideadh sa Chontae sa 17ú haois. Déantar plé anseo a chuireann an saineolas atá le fáil ar (https://corpas.ria.ie); Ó Baoill (1996) ar (www.doegen.ie); in O’Rahilly (1932, 1941); agus, in Williams (1994, 1998) san áireamh.
Bhain coiliniú leis an gContae, rud a tharraing éagsúlacht chreidimh agus athruithe leis. D’imigh a lán nuair a díshealbhaíodh iad. Liostáil Éireannaigh ó lár tíre in airm ar an Mór-Roinn. Ag an am bhí ar an Eaglais Chaitliceach dul i ngleic le toradh an Reifirméisin agus tiomsaíodh caiticeasmaí i gcomhréir le Comhairle Trento don lucht sa bhaile agus i gcéin. Chabhraigh an clóphreas sa Lováin le lámhscríbhinní a scaipeadh.
Is í an dara foinse a luann Williams ná an stór focal a bhailigh Piatt (1933) ó ghnáthchaint an phobail in Uíbh Fhaillí san 20ú haois, agus is í an tríú foinse a mholann sé ná plé a dhéanamh ar logainmneacha an Chontae (1988: 549). Tagann athruithe ar logainmneacha ach d’fhéadfaidís a bheith ar aon chéim le canúint.
Thosaigh an teanga ag meath sa Chontae ó 1770 ar aghaidh (FitzGerald, 1984: 131), ach bhí roinnt Gaeilge in áiteanna éagsúla sa Chontae in 1891 (Ó Cuív, 1951: 78). Bhunaigh na hÍosánaigh Coláiste sa Chontae sa 19ú haois, agus bhí oidhreacht na nÍosánach agus an Ghaeilge fite go dlúth ina chéile (Titley, 2012: 25–7). Bhí an Ghaeilge fós le cloisteáil go haitiúil sa 19ú haois lártíre (Liam Mac Mathúna luaite in Ó Fionnagáin, [2022: 327]). Bunaíodh Craobhacha de Chonradh na Gaeilge i gContae Uíbh Fhaillí ó 1899 go 1918 de réir Bhailiúchán Digiteach Chonradh na Gaeilge in Ollscoill na Gaillimhe (G60/4/8). Níl aon Chraobh ann anois (Ó Foghlú, 2023).
Luann Byrne (1967: 55–7) luaite in Stout, [1998: 35]) go raibh 0.03 de shuíomhanna eaglasta an cilimeádar thar an meán sa Chontae i gcomparáid le 0.01 an cilimeádar sna contaetha eile in Éirinn. Tá timpeall 89 baile fearainn ag tosú le ‘cill’ sa Chontae (www.townlands.ie). Baineann ‘cill’ le heaglais ach d’fhéadfadh ‘coill’ a bheith i gceist uaireanta. Tá an talamh i gContae Uíbh Fhaillí chomh mín le clár, le portaigh go leor ann. Tá roinnt ‘cillín’ ann, – ‘Relic Pastha’: ‘Reilic Paiste’ ‘ionad curtha do leanaí neamhbhaiste agus eachtrannaigh’ (O.S.name books 1834:193). Crosbhóthar idir Cúige Midhe, Cúige Laighean, Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan a bhí ann anallód (1998: 120). D’fhéadfadh oilithrigh a thaistil ar Bhealach Oilithrigh a n-oidhreacht teanga á scaipeadh acu sa Chontae. Tháinig an Contae faoi phlandáil Eilíse i gconcas sa 16ú haois. Athraíodh ainm an Chontae go Contae an Rí. Luann Hindley gur theip ar an gconcas ach gur briseadh úinéireacht thalamh traidisiúnta na nGael – rud a raibh toradh aige ar an teanga (1990: 5), agus ar ndóigh baineann tosca stairiúla, sóisialta agus tíreolaíocha le cúrsaí teanga i gcónaí (Janda & Joseph, 2003: 186; Din et al., 2025: 1369)
Bhí an Ghaeilge á labhairt go fairsing i gContae Uibh Fhailli sa 17ú haois (Williams, 1998: 544) agus mar a deir Ó Maolmhuaidh ba í an t-aon teanga a bhí intuigthe ag an bpobal. Luann FitzGerald go raibh meath ó 1770 i gceantair ar an taobh thoir den tSionainn (2003: 201). D’imigh sí i léig níos luaithe i gContae Uíbh Fhaillí ná i gContae na hIarmhí (Ó Fionnagáin, 2022: 330). Bhí an dátheangachas fairsing i measc na mbocht in áiteanna mar Bhaile Átha Buí. Deir Ó Cuív go raibh an dátheangachas i gCill Chuairsí, san Eaglais agus sa Daingean in 1801 (1951: 78). Luann Piatt gurbh é Contae Uíbh Fhaillí an Contae ba Ghaelaí i gCúige Laighean in 1801, agus Cill Chainnigh as an áireamh, agus go raibh Gaeilge in oirthear, i ndeisceart, agus in iarthar an Chontae faoi seach (1933: 8; 1998: 543). Bhí Gaeilge ag cohórt a rugadh idir 1771–1781 ach bhí sí laghdaithe go mór faoi 1851–1861 agus bhí sí imithe faoi 1861–1871 (FitzGerald, 1984: 131). Bhí 0.4% den daonra ann dátheangach in 1851 agus in 1891 bhí 0.5% acu dátheangach, an tromlach díobh seo i gCaisleán an Gharraí ar theorainn Chontae na Gaillimhe, dar le Ó Cuív, (1951: 78). Bhí páistí á dtógáil le Gaeilge fós sa cheantar sin in 1831 (1988: 543).
Léiríonn Daonáireamh 1861 go raibh an pobal athraithe ó phobal eaglasta Gaelach sa Chontae go pobal ilchreidmheach. Bhí Caitlicigh, Protastúnaigh, Preispitéirigh, Meitidistigh, Baistigh agus Cumann na gCarad i measc an phobail. Bhí líon mór gan cumas léimh ná scríofa: 37.8%, 11.1% agus 9.1% idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preispitéirigh faoi seach. Bhí an líon ba mhó Preispitéireach i gContae Uíbh Fhailli ná in in aon Chontae eile i gCúige Laighean in 1861 gan an cumas sin acu (https://parlipapers-proquest-com.nuigalway.idm.oclc.org). Ba bheag líon na bPreispitéireach a labhair Gaeilge (McCoy, 1997: 66) agus deir Blaney gur bheag an seans go raibh an Ghaeilge in úsaid sna ceantair a bhí plódaithe le lonnaitheoirí (1996: 8). Sa 16ú haois ba chontae faoi phlandáil é agus leis an asáitiú a tharla, liostáladh Éireannaigh ó lár tíre in arm na Mór-Roinne.
Luann Williams ina chaibidil ‘The Irish language in County Offaly’ (1998: 543–67 in Nolan & O’Neill) gur tearc iad na foinsí atá ann le Gaeilge a mheas i gContae Uíbh Fhaillí. Bíodh sin amhlaidh, luann Ó Muircheartaigh, (2015: 301) go bhfágann athruithe soch-chultúrtha a lorg ar chanúintí:
…it would barely have been possible for the sort of socio-cultural and demographic change which took place in the early part of the Old Irish period…not to have left a significant mark on the dialect landscape of Irish.
Bhunaigh Naomh Cholm Cille mainistir i nDarú i mBaile Mhic Comhainn sa Chontae sa 6ú haois. Ba as Chenél Chonaill do Cholm Cille i dTír Chonaill de shliocht Uí Néill. Bhunaigh Naomh Chiarán, ar as Contae Ros Comáin do, an mhainistir i gCluain Mhic Nóis sa 6ú céad chomh maith. Bhunaigh Manchan de shliocht Dhál nAraidhe ó oirthear Uladh (Smyth, 1996: 50) a mhainistir i Liath Mancháin i mBarúntacht Gharraí an Chaisleáin. Bhí idirghníomhaíocht ann a d’fhéadfadh trasghearradh canúintí a chruthú ó thús.
Tá trí fhoinse le fáil ina bpléitear canúint Chontae Uíbh Fhaillí agus ina ndéantar an cineál Gaeilge i gContaethe lár tíre a mheas. Galeonic a thugann Williams ar Ghaeilge Chontae Uíbh Fhaillí (1998: 546). Ba den tréibh Laginian a thagann an téarma (1988: 546; Smyth, 1996: 76; Ní Mhunghaile, 2015: 548). Ní aontaíonn P. Ó Muircheartaigh leis an gcur síos sin. Iomrall nó ‘fallacy’ a bhaineann leis an téarma Galeonic dar leis (2015: 270) mar go bhféadfadh tréithe Ghaeilge Uladh agus Ghaeilge Chonnacht a bheith le cloisteáil i nGaeilge Uíbh Fhaillí, dar leis (2015: 270). Tacaíonn an taighde seo leis an áiteamh sin de chuid Uí Mhuircheartaigh.
Molann Williams, áfach, go ndéanfaí anailís ar Ghaeilge Uíbh Fhaillí mar seo a leanas (1998: 544):
Anailís ar cháipéisí ó ré na Gaeilge labhartha a bhí á scríobh ag na Gaeil;
Anailís ar stór focal ón teanga dúchais a d’aistrigh ón mionteanga go mórtheanga;
Anailís ar logainmneacha áitiúla.
Cáipéis stairiúil
The modern county of Offaly was the southern extremity of the hegemony of the Uí Néill in the early medieval period. From the perspective of comparative dialectology it is strategically important in that scholarship is relatively well informed as to the sort of dialects spoken to the south and west of Offaly, but next to nothing is known of the area to the immediate north. The greatest insight into the dialect of Irish once spoken in Offaly is to be found in a seventeenth-century religious work titled Lucerna Fidelium (Ó Muircheartaigh, 2015: 263).
In Uíbh Fhaillí thiar theas tá barúntacht na hEaglaise nó Eglish, áit ina raibh slíocht Uí Mhaolmhuaidh i dtír Uí Mhaolmhuaidh. Ba as an áit sin do Fhroinsias Ó Maolmhuaidh a bhíodh ag scríobh na Gaeilge clasaicí sa 17ú haois (1998: 544). Tá bearna mhór ama idir Gaeilge chlasaiceach an 17ú haois agus gnáth-Ghaeilge an 19ú haois. Luann Williams gur chomhshamhlaigh Ó Maolmhuaidh a chuid Gaeilge le Gaeilge dhúchasach na ngnáthdhaoine nuair a chlaon sé ón nGaeilge chlasaiceach ina chuid ‘litriú neamhliteartha’. Ba í an teanga chéanna a bhí le cloisteáil sa Chontae sa 19ú haois dar le Williams, (1988: 544).
Proinsiasach ab ea Froinsias Ó Maolmhuaidh; ba léachtóir i bhfealsúnacht agus ollamh le diagacht é. D’fhoilsigh sé Lucerna Fidelium, teagasc Críostaí i nGaeilge a bhí fós le ceannach i mBaile Átha Cliath in 1911(www.dib.ie). Chaith Froinsias tamall i mainistir Naomh Isidore sa Róimh thart ar 1632, d’aistrigh sé go háiteanna eile ach d’fhill sé ar an Róimh in 1652 (www.dib.ie). Ba ann a thiomsaigh sé a leabhar Lucerna Fidelium. Tugann Ní Úrdail Light of the faithful mar mhíniú ar an teideal sin (2021: 2). Ba é an chéad leabhar a tiomsaíodh i nGaeilge é a chuir clóphreas an Sacra Congregatio amach nuair a foilsíodh é in 1676. Baineadh úsáid as an cló ‘Rome irish’ den chéad uair lena fhoilsiú: https://specialcollections.ul.ie/ lucerna-fidelium/ (Ó Súilleabháin, 1962: ix).
Is caiticeasma é an Lucerna Fidelium ina múintear prionsabail an Chreidimh Chaitlicigh. Chuimsigh Ó Maolmhuaidh an Chríostaíocht, an Chré, ár nAthair, na hAitheanta, rialacha na hEaglaise, na Sacraimintí, na Naoimh, an Phurgadóir, an Bíobla, an tAifreann agus an Tras-substaintiú ann. Tháinig gluaiseacht chaiticéiseach ar an bhfód tar éis Chomhairle Chaitliceach Trento (O’Reilly, 1996: 102). Ba chuid den Fhrith-Reifeirméisean é, am a tháinig borradh faoi théacsanna cráifeacha i dteangacha dúchais. Scríobhadh aistriúcháin ar cheithre théacs Phrotastúnacha go Gaeilge idir 1567 agus 1608 (Caball, 2010: 192).
Ba chuidiú mór é an clóphreas a tugadh don Lováin le leabhair dheabhóideacha a chur i gcló ar mhaithe le Caitlicigh in Éirinn agus leis na Proinsiasaigh féin i Lováin (O’Reilly, 1996: 102). Bhí caidreamh idir na húdair a bhí ag scríobh i gcanúintí éagsúla Gaeilge sa seánra seo. Scríobh Giolla Bhríde Ó hEodhusa a leabhar An Teagasg Criosdaidhe in 1609 – ba leabhar dátheangach é – sa Laidin agus sa Ghaeilge (Ryan, 2013: 172). ‘I mBaile Uí Eodhasa, Co. Fhear Manach, a rugadh Ó hEodhusa b’fhéidir’ (www.ainm.ie). D’aistrigh Flaithrí Ó Maolchonaire Desiderius (Sgáthán an Chrábhaidh) ó bhuntéacs Spáinnise in 1616 agus ba as Contae Ros Comáin dó (www.ainm.ie). Scríobh Aodh MacAingil Scáthan Shacramuinte na hAithride in 1618. I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh MacAingil (www.ainm.ie). Chríochnaigh Seathrún Céitinn Trí Bior-Ghaoithe an bháis: Three shafts of death ar an 2ú Nollaig, 1631. Creidtear gur in aice leis an ‘mBuirgéis, tuairim sé mhíle siar ó dheas ón gCathair, a rugadh é’ (www.ainm.ie). Scríobh Theobold Stapleton Catechismus in 1639 (O’Reilly, 1996: 102). Is dóigh gur i dTiobraid Árann a rugadh Stapleton (www.ainm.ie). Rinne Muircheartach Ó Cionga aistriúchán ar Bhíobla Bedell in 1640. Ba as Contae Uíbh Fhaillí dó (Anderson, 2018: 158; Williams, 1998: 557). Scríobh Antoin Gearnon, Parrthas an Anma in 1645; ‘Is cosúil gur i gContae Lú a rugadh Gearnon, i mBaile an Ghearlánaigh, b’fhéidir’ (www.ainm.ie). Diagacht oiriúnach do chomhthéacs na nGael a bhí sna leabhair mar gur scríobhadh i nGaeilge iad (O’Reilly, 1996: 102; Ryan, 2013: 174). Chuidigh Ó Maolchonaire le Céitinn ina chuid saothair (www.ainm.ie). Tá roinnt ábhar as Teagasc Criosdaidhe Uí Eodhasa i bParrthas an Anma agus bhain Froinsias Ó Maolmhuaidh leas as Parrthas an Anma le haghaidh Lucerna Fidelium (www.ainm.ie). D’fhéadfaí tréithe de chanúintí éagsúla a bheith ar fáíl sa Lucerna Fidelium.
Ba ‘le haghaidh na misean in Éirinn agus in Albain agus le freastal ar shaighdiúirí Éireannacha san Eoraip a mheastar a thiomsaigh Ó Maolmhuaidh Lucerna Fidelium in 1676 (www.ainm.ie). Bhain trí thréith leis na saighdiúirí Gaelacha: bhí scileanna míleata acu; bhí siad dílis do Rí na Spáinne; agus, shainaithin siad lena gcreideamh Caitliceach (de Mesa, 2014: 22). I ndiaidh éirí amach 1641 earcaíodh saighdiúirí ó cheantair iargúlta in Éirinn agus liostáladh iad in arm na Spáinne i bhFlóndras ar dtús, lucht Uí Mhórdha agus Nugent ina measc ó lár tíre (de Mesa, 2014: 60). Fágadh Éire de bharr an díshealbhaithe agus tar éis theacht isteach an dlí choitinn faoi Shéamus 1 (2014: 60). Ní raibh ach Gaeilge acu, áfach, agus chruthaigh sé sin éileamh ar aistritheoirí le cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis a labhair Spáinnis (2014: 155). Bhí éileamh ar shéiplínigh a mhúin na sacraimintí dóibh agus a labhair Gaeilge leo (2014: 155). Chruthaigh sé sin éileamh ar leabhair chaitliceasmacha. Ba i bhfoirm ceisteanna agus freagraí a foghlaimíodh an Lucerna (https://specialcollections. ul.ie/lucerna-fidelium/).
Modheolaíocht
Moltar comparáid theangeolaíoch a dhéanamh leis an nGaeilge a mheas (Mac Mathúna, ríomhphost, 18.11.25; Ó Cuív, 1951: 47). Rinneadh O’Rahilly (1941: viii–xxxi) anailís ar mhalartú gutaí, séimhiú, críochnú focal, comhfhocail agus briathra le réamhfhocail ina réamhrá ar théacs Desiderius (Ó Maolchonaire, 1616). D’aithin Williams cosúlachtaí le canúint Laighean ina chuid anailíse ar fhóineolaíocht, ar mhoirfeolaíocht, agus ar léacsacan an Lucerna (1988: 546–58). (Baineann fóineolaíocht le hathruithe fuaime; baineann moirfeolaíocht le foirmiú focal, deilbhíocht, mar shampla, agus baineann léacsacan le líon na bhfocal i dteanga [www. merriamwebster.com/dictionary]).
Deir Kaufman (1990: 14–15, luaite in Rankin, [2003: 183]):
it is comparative linguistic study, combined with some of the results of cross-cultural study, that will supply the bones, sinews, muscles, and mind of our reconstructed model of early folk and their ways.
Cuirtear saineolas ó (corpas.ria.ie); (www.doegen.ie); Ó Baoill (1996); Ó Cuív (1951); Ó Maolálaigh (2025); O’Rahilly (1932, 1941, 1972); Piatt (1933); Wagner (1981), agus Williams (1994, 1998) leis an taighde san alt. Baineann an chomparáid theangeoaíoch le malartú gutaí, le consain ar lár, le séimhiú, le malartú consan, le béim ar shiollaí, le gutaí leathana, le huruithe, le cónasc, le forainm etc. Roinntear samplaí sa Lucerna lena léiriú cé na canúintí a bhí in úsáid ag Ó Maolmhuaidh agus i gContae Uíbh Fhaillí.
Cúige Uladh
Malartú gutaí: Is i réamhfhocail agus in ainmfhocail a aithnítear an malartú gutaí (O’Rahilly, 1941: xvii), (1988: 547). Úsáideann Ó Maolmhuaidh ‘gur mian leam’ (liom) (13, l. 218); an ‘meud’ (méid) (14, l.250); éudan (éadan) (14, l.266). Tá ‘éudan’ in Parrthas an Anma (corpas.ria.ie) a bhaineann le Contae Lú, mar a luadh thuas. Tá Contae Lú i gCúige Laighean ach, deir Ó Cuív nach ionann teoirlínte teanga agus teorainneacha contaetha ná teorainneacha Cúigí (1951: 49). Luann Williams go bhféadfadh an teoirlíne teanga a bheith bainteach leis an mBóinn, le canúint Uladh ó thuaidh agus canúint Chonnacht ó dheas (1998: 545). Baineann sé le Cúige Uladh mar sin.
bhf i mbriathar (1988: 555) ‘ní bhfuil’ atá ag Ó Maolmhuaidh (59, l.1842). Tá sé sin coitianta i gCúige Uladh thoir theas dar le O’Rahilly, (1972: 44). Baineann ‘ní bhfuil’ le Cúige Uladh dar le Williams, (1988: 555).
Consain ar lár: Is san aidiacht agus san ainm briathartha a aithnítear consain ar lár (1941: xvii), agus léiríonn Ó Buachalla (2002: 7–8, luaite in Ó Muircheartaigh, [2015: 34]) go dtarlaíonn sé sa taobh thuaidh. Is ‘sunradhach’ (sonrach) atá ag Ó Maolmhuaidh (18, l.398).
bhf in ainmfhocal (1941: xvii), ‘ainbhfios’ (ainbhios: ignorance) (59, l.1870). Cuirtear séimhiú ar ‘f’ nó ar ‘b’: d’fhéadfadh ‘bfh’ nó ‘bhfh’ a bheith ann dar le O’Rahilly. Tá ‘ainbhfios’ ag Mac Aingil in Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, ar as Contae an Dúin dó (Cúige Uladh).
‘oi’ go ‘ai’ i ndiaidh ‘b’ in ainmfhocail (1998: 549): ‘boill’ (baill: members) atá ag Ó Maolmhuaidh (31, l.839). Ta sé i nGaeilge Oiriail dar le Williams.
‘ao’ leathan in ainmfhocail agus aidiacht (www.doegen.ie) ‘mhnaoi’ (mná) atá ag Ó Maolmhuaidh (33, l.924). (Tá sampla de ‘baoidheach’ (bídeach: minute) i gContae Lú ([Ó Baoill, 1996: 126] An teanga bheo: Gaeilge Uladh ar www.doegen.ie/LA_1220d1]). Leathnaítear an ‘ao’ i gCuige Chonnacht agus in Uíbh Fhaillí, mar shampla: ‘faraor’ a deir O’Rahilly, (1932: 24). Tá ‘comhaosda’ ag Ó Maolmhuaidh (21, l.502). Tá sé ag MacAingil in Scáthán Shacramuinte na hAithridhe (corpas.ria.ie) mar sin tá sé bainteach le Cúige Uladh chomh maith.
‘go seadh’; (1998: 558). Tá ‘go seadh’ (fós) ag Ó Maolmhuaidh (38, l.1095). Tá sé in oirthear Uladh dar le Williams. Tá ‘go seadh’ le feiceáil agus le cloisteáil i gContae Lú (www. doegen.ie/LA_1220d1).
‘ch’ (Williams, 1994: 450). Tá ‘ch’ fágtha ar lár ag Ó Maolmhuaidh – ‘dalla cia’ (ciach/ brón trom) (117, l.3890). Is sampla de ‘chlaochlú a tharla i nGaeilge Oiriall agus sa tuaisceart’ é (Beckett, 1967: 44, luaite in Williams, [1994: 450]).
‘rs’ (1988: 552). ‘do thursa’ (tuirsigh) atá ag Ó Maolmhuaidh (145, l.4904). Athraítear fuaim ó chaol go coguasach (palatalised to velarised) dar le Williams. Tarlaíonn sé le ‘dorsóireacht’ (gatekeeping) i gcanúint Uladh (corpas.ria.ie).
Is féidir a rá go mbaineann tréithe de chanúintí an tuaiscirt leis an Lucerna mar gheall ar phlé ar na saintréithe thuas luaite: malartú gutaí; ‘bhf’ in ainmfhocal agus i mbriathar; athruithe gutaí ‘oi’ go ‘ai’ agus ‘ao’ go ‘i’, ‘go seadh’ agus an ‘ch’ fágtha ar lár.
Cúige Chonnacht
Tá malartú consan soiléir in ainmfhocail (1941: xvii), mar shampla: sgéul (scéal) atá ag Ó Maolmhuaidh (58, l. 1819). Tarlaíonn sé i gCúige Chonnacht. Tá sé in Desiderius ag Ó Maolchonaire (74, l.2420, [corpas.ria.ie]). Ba as Ros Comáin dó, (Cúige Chonnacht).
‘go seadh’ (1998: 558). (www.doegen.ie/LA_1220d1). Dar le Ó Muircheartaigh go dtarlaíonn sé i dtéacs ó Chúige Chonnacht (2015: 420). (Tá sé soiléir i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht).
dh ar lár in ainm briathartha (1941: xvii): ‘ag scige’ (scigeadh: jeer) atá ag Ó Maolmhuaidh (26, l.657). Tarlaíonn sé i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan. Luann O Rahilly (1932: 65/66) gur fágadh ‘dh’ ag an deireadh i gContae Uíbh Fhaillí i bhfocail mar ‘coga’ (cogadh); ‘brise’ (briseadh), agus is Gaeilge Chonnacht é.
Is féidir a rá go mbaineann tréithe le canúint Chonnacht: le malartú consan, le h’úsáid ‘go seadh’ agus le ‘dh’ san ainm briathar fágtha ar lár.
Cúige Mumhan
Aistriú an aicinn don dara siolla in ainmfhocail, mar shampla: sgathán (scathán) atá ag Ó Maolmhuaidh (21, l.479/480). Tarlaíonn sé sin i gCúige Mumhan (1998: 545); (O’Rahilly, 1932: 262). Tá sampla ag Piatt (1933: 14) san fhocal ‘amadán’ i nGaeilge Uíbh Fhaillí.
‘muna’ (1998: 555) ‘muna’ atá ag Ó Maolmhuaidh in ionad ‘mura’ (37, l.1041). Is foirm chlaisiceach í a aontaíonn le canúint na Mumhan dar le Williams.
Forainm Réamhfhoclach ‘chugainn’ (1998: 553, 560). (30, l.809). Is é ‘chúm’ atá i ndeisceart Uíbh Fhaillí mar aon le Cúige Mumhan dar le Williams. Is é ‘chúm’ (chugam) atá ag Stapleton sa Catechismus, ar as Tiobraid Árann dó. ‘Chugaibh’ atá ag Ó Maolmhuaidh (139, l.4691). Tá ‘chugaibh’ in úsáid ag Céitinn in Trí Bior-Ghaoithe an bháis.
Tá ‘aguinn’ ag Ó Maolmhuaidh ‘cionnas ata a fhios aguinn’ agus ‘cionnas as feasach sinne’ (18, l.379); (18, l.390). Tá an forainm ‘sinn’ sa Catechismus (Cúige Mumhan).
‘adh’ in ainmfhocal ‘adhbhar’ (ábhar). Úsáideann Ó Maolmhuaidh ‘ar an adhbhar’ (74, l.2373). Úsáideann sé ‘adhbhar eagla’ freisin (cause) (24, l.598). Is canúint Chúige Mumhan é seo (Ó Maolálaigh, 11 Meán Fómhair, 2025).
Is féidir a rá go bhfuil samplaí de thréithe de chanúint na Mumhan in úsáid ag Ó Maolmhuaidh le haistriú aicinn, le ‘muna’ seachas ‘mura’, le ‘chúm’ seachas ‘chugam’ agus le ‘adh’ mar ‘a’.
Cúigí éagsúla
‘do’ le briathar Aimsir Chaite (1998: 556). ‘do righneadair’ (rinneadar) atá ag Ó Maolmhuaidh (34, l.936). Tá sé i gcanúint Oiriail agus Chill Chainnigh dar le Williams.
urú i nidiadh ‘sa’/’san’ in ionad séimhithe in ainmfhocail; mar shampla: Is ‘san mbaisdeadh’ (sa bhaisteadh: in baptism) atá ag Ó Maolmhuaidh (40, l.1171). Tarlaíonn sé i gCúige Chonnacht agus i nGaeilge Oiriall (1998: 554).
Tá tréithe de chuid chanúint Chonnacht, chanúint na Mumhan, chanúint Uladh agus mionsampla den chanúint a úsáideadh i nGaeilge Chill Choinnigh sa Lucerna.
I dtaobh chlaonta Uí Mhaolmhuaidh ón leagan cainte clasaiceach go leagan cainte dúchasach (1998: 544), tá na samplaí seo a leanas:
- ‘Beanadh se allas as mo mhuintir uile…’ (142, l.4792). Is é sin ‘go mbainfeadh sé allas as mílte’ agus is as ‘Filidhe na Máighe (Cúige Mumhan) é de réir Uí Dhuinnín (1927: 131, luaite in Ó Súilleabháin, [1962: 183]). Is é an míniú atá ann ná go mbíonn sé an-deacair coincheap bíobla a thuiscint. Is prionsabal na Purgadóra mar ionad aithrí atá le míniú anseo ag Ó Maolmhuaidh. Is analach í Purgadóir Phádraig i dTír Chonaill agus b’ionad aithrí í sa seanchas.
- ‘Ní ar aonchois thainig Pattruic go hEirin…’ (147, l.4991); Is as caint an Chláir a thagann sé de réir Mhic Chlúin (1940: 256, luaite in Ó Súilleabháin, [1962: 184]). Is é sin le rá go bhféadfadh go mbeadh diúltachas ag duine amháin agus dearbhú ag duine eile (1962: 184). Bíonn an fhíric fhíor sa Bhíobla (148, l.5000). Is prionsabal an tras-substaintithe agus uilíocht bhriathar Dé atá á mhíniú anseo ag Ó Maolmhuaidh.
- ‘Acht, os nar bheith ag marbhadh mada mhairbh, innis…’ (149, l.5040/1). Is seanfhocal Uladh é de réir Uí Muirgheasa (1936: 1380, luaite in Ó Súilleabháin, [1962: 184]). Míníonn sé gur féidir a bheith amhrasach ach nuair is airteagal creidimh é, is focal Dé sa bhíobla a chreidtear seachas a bheith ag caitheamh cloch (149, l.5054). Is é prionsabal an dea-bhreithiúnais atá á mhíniú anseo ag Ó Maolmhuaidh. (Baineann an focal ‘mada’ le canúint Chonnacht theas.[1998: 561]).
- ‘oir o bheith marthannach dhí gan bathad gan dul sios ar fad o a tus go direadh dhomhain…’(168, l.5261–3). Chaithfi a bheith muíníneach as an Eaglais uilíoch mar mhair sí gan a bheith ‘i ngar dhá bheith i mbáthadh’ (M. Ó Direáin, luaite in Ó Súilleabháin, [1962: 186]). Is é prionsabal mharthanacht na hEaglaise atá á mhíniú anseo. Is le Cúige Chonnacht a bhaineann sé.
Bhain Ó Maolmhuaidh úsáid as an ngnáth-theanga le prionsabail dheacra a mhíniú don phobal. Is athrú stíle é sin nó ‘style shift’ a deir Bell (1984: 147) agus cuireann Gumperz (1967, luaite in Bell, [1984: 159]) ‘dátheangachas aonteangach’ air. (Luann MacMathúna, [2023: 55] nach raibh an ‘requisite intellectual openness’ in Éirinn glacadh le dátheangachas, mar nach raibh sé soiléir i saol tráchtála na tíre). D’úsáid Ó Maolmhuaidh gnáth-theanga mar ‘ag boicleimeadh’ (pocléim) (125, l.4182); ‘ag leimeadh as an iomaire’ (133, l.4463); agus, ‘ag treabhadh go díreach’ (133 l. 4464). Bhí ‘b’ agus ‘p’ inmhalartaithe, bhain an ‘b’ le canúint Uladh agus bhain ‘p’ le canúint na Mumhan mar atá le ‘poc’ agus ‘boc’ (corpas.ria.ie). Bhain ‘iomaire’ le canúint Uladh (corpas.ria.ie) agus tá ‘treabhadh’ in Parrthas an Anma (corpas.ria.ie) a bhain le canúint Uladh.
Níl dóthain foinsí ar fáil inar úsáideadh gnáth-theanga an phobail, a deir Ó Cuív (1951: 44). Luann sé go ndearnadh Stapleton é sa Catechismus (1639) ach ‘what a pity that more writers did not follow his example’ (1951: 44). Rinne De hÍde gearán sa 19ú haois faoi dheacrachtaí le foclóir an Lucerna Fidelium: go raibh sé ‘dochiallach’ toisc go raibh an t-údar i bhfad ó bhaile le fada agus go raibh ‘an teanga athraithe’ ó ré na ‘seanleabhar’ (De hÍde, 1986: 58, 59).
Is féidir a rá, áfach, go bhfuil canúint Chonnacht, canúint na Mumhan agus canúint Uladh soiléir sa Lucerna nuair a chlaonann Ó Maolmhuaidh ón nGaeilge chlasaiceach in ainneoin a raibh le rá ag De hÍde, ar as Ros Comáin dó (Cúige Chonnacht).
Cinnte bhí téarmaí deacra iasachta á bhfí isteach. Seachas téarmaí Béarla úsáideann Ó Maolmhuaidh téarmaí Laidine: opiniones ach tugann sé an míniú i gcaint na ndaoine: baramhla/go mbaramhlair iad/ baramhlacha (151, l.5129/5133/5137). Is focal ó Chúige Chonnacht í ‘barúil’ agus is ‘tuairim’ a úsáidtear i gCúige Mumhan, a deir Flynn (1910: 9). Is féidir ‘baramhail’ a fheiceáil i saothar Chéitinn, ar as Tiobraid Árann dó, áfach (1910: 10). Deir Ó Cuív gur úsáideadh opinion i saothar Uí Dhomhnaill ó Thír Chonaill (1951: 54). Úsáideann Ó Maolmhuaidh ‘confirmatio’ (111, l.3687). Tugann sé an míniú i gcaint na ndaoine: ‘fa laimh easpuig’ (111, l.3687). Tá an líne mar an gcéanna le líne Stapleton: ‘confirmatio ie. dul fé laimh Easbuig’ (107, l.5422 ar (corpas.ria.ie) ach ‘p’ in ionad ‘b’. Coinníonn Ó Maolmhuaidh an Béarla san ‘tsacramuint’ ‘firmamuint’ ‘fundamuint’ (162, l.5550/1).
D’úsáid Ó Maolmhuaidh ‘devosion’ (deabhóid) (49, l.1482), ach cuimsíodh ‘t’ bog mar ‘s’. Luann Hickey gur tréith í a bhí ag na Gaeil an ‘t’ bog a úsáid (léacht: 14 Samhain, 2025). Glacadh leis an téarma ‘in native terms’ (Hoffer, 2002: 4). Úsaideadh an focal sin in Beatha Gillasius Ardmachanus (1774) (corpas.ria.ie). Luann Ó Cuív go bhfuil an téarma iasachta ‘temtáision…’ i lámhscríbhinn ó Chorcaigh ón 17ú haois (1951: 47). ‘Crábhadh’ a úsáideadh sa Desiderius (50, l.1603 ar (corpas.ria.ie) agus in Parrthas an Anma (59, l.2607 ar (corpas.ria.ie).
Tháinig téarmaí dlíthiúla aisteacha isteach mar ‘chuid den riarachán lárnach’ (Penny, 2006: 55). Ba chuid den pholasaí beartaithe de réir Achta 1534 na Breataine iad (Gillespie, 2006: 24). Ghlac Ó Maolmhuaidh leis na téarmaí iasachta. Tá inscríbhinní ar leachta cuimhneacháin Uí Mhaolmhuaidh i mBéarla i gContae Uíbh Fhaillí – comhartha go rabhthas ag aontú leis an stát agus leis an Eaglais Bhunaithe (Lyttleton, 2013: 239). Ba comhartha chomh maith é go raibh athrú ón Laidin ar siúl (Ó Fionnagáin, 2022: 311).
Níor ghlac an uile dhuine den phobal Gaelach leis na hathruithe. Chum filí Gaelacha dánta polaitiúla searbhacha le bailíocht an chórais nua a liobairt nuair a bhí na caipéisí dlíthiúla ag teacht isteach (2023: 56, 57). Tháinig focail mar: síothcháin an ríogh, próiseas, sioson mór; (king’s peace, legal process, assize), agus athraíodh brí an fhocail ‘tighearna’ go landlord (2006: 25, 26). Tháinig ‘tiarna talúin’ as (Ó Cuív 1951: 46). Ghlac Ó Maolmhuaidh le ‘tighearna’ (147, l.4965) ‘pleideala’ (108, l.3574); ‘an fhundaiment’ (109, l.3621); ‘reuerens’ (100 l.3294) ‘usuireacht’ agus ‘simonia’ (55, l.1700) Luaigh sé gurbh iad na peacaí ba mheasa fós, ná an ‘creachadh’ agus an ‘fuadach’ – téarmaí/peacaí a bhain le stair an Chontae (54, l.1692). Tá na focail sin in Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Cúige Mumhan). Choinnigh Ó Maolmhuaidh le téarmaí oidhreachta mar ‘eaglais’ ‘…ar an gcraig si do chuirfeadso mh’eagluis’na suidhe… (158, l.5385). Luadh gur bhain an focal ‘séipal’ (sic) leis an Eaglais Phrotastúnach (Evans, 1972 ar www.doegen.ie/LA_1253d1#anchor-18). Is focal uilíoch í ‘eaglais’ atá sa Desiderius, i Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, In Trí Bior-Ghaoithe an Bháis agus in Parrthas an Anma (corpas.ria.ie). Bhí an focal ‘clag’ in úsáid sa 13ú haois ag an bhfile Muiredach Ó Dálaigh (1213) (Bergin, 1984: iii,27,92). D’úsáid Ó Maolmhuaidh ‘ceill’ (89, l.2892). Tá ‘ceill Dia’ in úsáid in Beatha Aodha Ruaidh Ui Dhomhnaill (corpas.ria.ie/index.php?fsg_word=Ceill). Baineann sé le Cúige Uladh. Sa dán traidisiúnta cuimsithe ag deireadh an Lucerna Fidelium (1962: 172/3), tá cúig véarsa tógtha as dán de chuid Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird in onóir d’Aodh Ó Domhnaill in The Book of the O’Conor Don. (Bergin 1970: 25, 219, 220). Ba as Cúige Uladh dó. Cumadh dánta de réir meadarachta (1951: 47). Sa dán labhraíonn Ó Maolmhuaidh le daoine atá i mbun na heaglaise agus san arm: ‘Meic eagluise…ghaisgidh’ (172, l.5891/3). Molann sé eolas a scaipeadh (172, l.5900). Molann sé na seancheirdeanna áitiúla: ‘aos eagnaidh ealudhna’ atá muid á gcosaint (173, l.5904/5: ucairí (weavers), ghresuidhthe (shoemakers), thailliúirí (tailors), agus lucht ceirde (craftsmen) (148, l.5031). Tá an focal ‘ealudhna’ ag Eoin Ó Cuilleanáin (corpas.ria.ie).
Bailiúchán Piatt (1933) agus gnáthchaint Uíbh Fhaillí
Is téarmaí a bhaineann leis an ngnáthshaol a fhaightear i mBailiúchán Piatt (1933) agus a bhaineann le canúint Uladh den mhórchuid. Is ‘fianaise shochtheangeolaíoch’ (sociolinguistic testimony) (Ó Fionnagáin, 2022: 330) é an bailiúchán ar úsáid na Gaeilge sa Chontae. Deir Piatt (1933: 26) gur chuala sé roinnt focal fós sa chaint i nGaeilge Uíbh Fhaillí: ‘amadán’, ‘banaibhín’,’ brúightín’, (prataí le bainne), ‘coicín’ (píosa féir), ‘caorán’ (píosa móin), ‘buailteán’ (cuid den súiste), ‘doirnín’ (murlán), ‘gráinneog’ (hedgehog), ‘gasún’, ‘traithín’, (sop?), ‘somachán’ (cailín nó leaid óg) agus ‘miosán’,‘parcán’ ‘putachán’ (duine nár fhás, Ó Dónaill, 1977). Tá an bhéim ar an bhfréamhsiolla sna focail mar a bheadh i dTuaisceart Éireann (1998: 547). Laghdaíodh an siolla nuair a aistríodh ‘a’ go ‘u’ mar a tharla le putachán (1998: 547). Is é ‘patachán’ atá ag Ó Dónaill (1977). Suíonn Wagner ‘bainbh’ (‘banev’) ‘amadán’, ‘caorán’ ar an taobh thiar de Loch Rí agus i nDún na nGall, sa Chuaille, agus i gCiarraí agus tá ‘amadán’ i gContae Thír Eoghain (Wagner, 1981: 32, 129, 170). Léiríodh sa Bhailiuchán Scoile gur mhair ‘caorán’ i gContae na hIarmhí agus ‘bainbh’ i mBeannchar, Contae Uíbh Fhaillí (www.duchas.ie/ en/cbes/transcripts).
Bhí cumas cainte ag cainteoirí dúchais ó Chuaille (Cúige Uladh) le cainteoirí dúchais lár tíre a deir Piatt (1933: 8). Luann FitzGerald go raibh Gaeilge fós i gCuaille sa 19ú haois (1984: 129). Luann Williams, freisin, go raibh gaol idir cainteoirí Uíbh Fhaillí agus cainteoirí Gaeilge Oiriail sa 19ú haois (1998: 561). Chualathas frásaí freisin, mar ‘ochón í’ agus ‘a mhic’ fós sa ghnáthchaint dar le Williams (1998: 557, 558). Tá ‘cruaidheog’ ag Ó Maolmhuaidh (131 l.4389). Tháinig ‘cruóg’ thairis (1998: 558). Tá nasc soiléir le gnáthGhaeilge an Lucerna sna focail ‘balbhán’ (duine tostach) (124, l.4132); agus, ‘c(h)aocharain’ (duine dall) (134, l.4497). Bhí téarmaí ceana le cloisteáil: ‘cuid mo chroí’ agus ‘a leanbh mó chroí’ atá bainteach le hUíbh Fhaillí theas agus bainteach le Gaeilge na Mumhan ann freisin (1998: 560).
Logainmneacha
Luann Williams gur féidir canúint a aithint sna logainmneacha (1988: 549).Tá roinnt logainmneacha i gContae Uíbh Fhaillí ina bhfuil gutaí aistrithe agus consain fágtha ar lár nó aistrithe go consain eile.
‘ao’ go ‘i’ Luann O’Rahilly (1932: 24; 1941: xx) agus Williams (1998: 559) go n’aithrítear ‘ao’ go ‘i’ i gCúige Uladh agus Cúige Chonnacht. D’fhéadfadh Doire Caol (Derrykeel) a bheith bainteach le Gaeilge Uladh agus Cúige Chonnacht.
‘ea’ go ‘a, mh’ go ‘w’ (1988: 548, 550). Athraítear ‘ea’ go ‘a’ – ‘Gleann’ (Glan). Luann Ó Cuív (1951: 42) go dtarlaíonn sé i gCúige Mumhan i bhfocail mar: asanóir, easonóir (dishonour). Thug Bede ‘Darwah’ ar ‘Dearmhagh’ (Bede, luaite in Joyce, [1870: 56]); aithríodh ‘Darmagh’ go Darú (Durrow) (www.logainm.ie).
‘mh’, ‘bh’ Réitíonn an logainm ‘Gleann Doimhin’ (Glendine) le Gaeilge na Mumhan mar gheall ar an ‘mh, bh’ ach cailleadh é san aistriúchán (1988: 559).
‘ó’ fada go ‘á’ Réitíonn ‘Clóirtheach’ (Clara) le Gaeilge Uladh agus Cúige Laighean theas (1988: 549); cailleadh an ‘ch’ ag an deireadh.
Athraíodh ‘oo’ go ‘ú’ nó ‘a’ mar atá in Slieve Bloom a d’athraigh go ‘Sliabh Bladhma’ a théann le Gaeilge a d’úsáidtí i gCúige Laighean (1998: 549). Réitíonn na logainmneacha sa sampla ionadaíoch seo le canúint Chonnacht, canúint Uladh, canúint na Mumhan agus réitíonn ceann amháin le Gaeilge a d’úsáidtí i gCúige Laighean.
An Ghaeilge sa Chontae níos déanaí
Bhí Gaeilge sa Chontae in 1801 go mór mór san iarthar agus sa deisceart (Statistical Survey, luaite in [1988: 543]). Deir FitzGerald, áfach, go raibh sí ag meath ó 1770 mar a luadh thuas, ar an taobh thoir den tSionainn (2003: 203). Dar leis nach raibh móran Gaeilge in aon bharúntacht déag as dhá bharúntacht déag sa tréimhse 1771–1781 (FitzGerald, 1984, luaite in Ó Fionnagáin, [2022: 330]). Deir sé gur léirigh Ó Cuív (1951) ó fhoinsí liteartha sa 19ú haois
that Irish had survived in varying degrees up to the first or second decade of that century in most baronies of Offaly and in about half of those in Laois (1984: 184).
Léirítear go raibh Gaeilge ag 3.9% den daonra i gCaisleán an Gharraí a rugadh idir 1811–1821; 1821–1831 agus 1831–1841 agus go raibh an Ghaeilge imithe faoi 1861 (FitzGerald, 1984). Bhí cainteoirí dúchasacha sa Chontae marbh faoi thús an 20ú haois (1988: 544).
Lean traidisiún eaglasta Gaelach sa Chontae le bunú Choláiste Íosánach Naoimh Stanislaus, An Tulach Bheag, Baile Mhic Comhainn in 1818 (O’Neill, 2014: 29). Ba nóibhíseacht é do hÍosanaigh. Ba scoil chónaithe ullmhúcháin í do bhuachaillí den mheánaicme chomh maith nó áit na ‘Tullabeggars’ (Bradley, 2004: 10, 12). Cuireann Titley in iúl gur chuir Iosánaigh go mór leis an léann Gaelach (2012: 25–7). Duine amháin a bhí sa Tulach Bheag ab ea Seán Mac an Fhir Léinn ar as Béal Feirste dó (Cúige Uladh). Chuaigh sé leis an tsagarthacht sa Tulach Bheag in 1888 (www.dib.ie). Scríobh sé eagrán de dhánta na bhfilí Gaelacha: Céitinn agus Ó Bruadair, agus scríobh sé faoi logainmneacha agus stair eaglaise (www.dib.ie; Titley, 2012: 27). Rinneadh ollamh le diagacht de. Bhí an sagart William Delany, ar as Ceatharlach dó, (Cúige Laighean) i gceannas ar an staidéar sa Tulach Bheag agus bhí páirt lárnach aige i gceist an mheánoideachais in 1878 in Éirinn (O’Neill, 2014: 62). Chuir sé oideachas tríú leibhéal ar fáil le rath mór acadúil i gcónasc le hOllscoil Londan mar níor tugadh aitheantas stáit do cháilíochtaí ó Ollscoil Chaitliceach ag an am in Éirinn (2004: 10). In ainneoin a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chothú, ba í cheist na Gaeilge sna hOllscoileanna a fuair an lámh in uachtar air mar nár aontaigh sé lena héigeantacht (www.dib.ie). (Chreid an Eaglais Chaitliceach go raibh cearta an stáit ag dul i gcoinne chearta na dtuismitheoirí ó thaobh réasúin de, le héigeantacht scoile ag deireadh an 19ú haois [Akenson, 1988: 123]). Chaith Delany seal mar uachtarán ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nuair a chríochnaigh sé sa Tulach Bheag (www.dib.ie). Nóibhíseach Íosánach eile a bhí sa Tulach Bheag ab ea Micheál MacCraith ar as na Déise dó (Cúige Mumhan) a chuir eagar ar Chinn Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (www.ainm.ie). Rinneadh cónascadh idir Tulach Bheag agus Coill Chluana Gabhann in 1886 agus d’aistrigh na buachaillí ann (2004: 12). Casadh ar an Duinníneach (Cúige Mumhan) a bhí ag múineadh ann (www.ainm.ie).
An Gaeilge go háitiúil sa 19ú haois
Bhí an Ghaeilge á labhairt ag na haontaí áitiúla. Ba bhaile margaidh é Baile Átha Luain do Ros Comáin theas, Iarmhí theas agus Uíbh Fhaillí thuaidh agus luann Ó Fionnagáin go bhféadfadh cainteoirí Gaelacha ó Ros Comáin a bheith ag an aonach in 1841/2 ‘ach níorbh ó Ros Comáin amháin’ iad (Ó Fionnagáin, 2022: 327).
In 1895 scríobh Froinsias Ó Conchubhair ó Bhaile Átha Luain, litir chuig Dúbhghlas de hÍde ag rá go ndeachaigh sé ‘amach sa tír taobh Chonnacht den m-baile seo’ agus go raibh ‘go leor sean Ghaedhilge le faghail ann fós agus nár tháinig mé air ais le malla follamh’ (Liam Mac Mathúna in Ó Fionnagáin, [2022: 327]). ‘An Díleachd’ an t-ainm a chuir sé air féin (https:// archivesearch.library.universityofgalway.ie/index.php/caoineadh-maire-ni-hardigain).
Conradh na Gaeilge
Bunaíodh trí chraobh is fiche de Chonradh na Gaeilge i gContae Uíbh Fhaillí. Bunaíodh an chéad Chraobh in Éadan Doire i mí na Bealtaine 1899 (G60/4/8). Duine a raibh baint aici leis an gConradh ab í Sinéad Bean de Valera a chaith seal ag múineadh sa bhaile sin (Irish Independent, 23.09.2005). Is cosúil go raibh canúint Chonnacht aici (www.ainm.ie). Dúnadh trí Chraobh níos déanaí. Bunaíodh an dá Chraobh ba dheireanaí in 1918: Craobh Chill Chaomháin agus Craobh san Eaglais (G60/4/8). Bhí baint ag sagairt le sé Chraobh déag (70%) agus bhí Lil Ní Bhroin ina huachtáran ar Chraobh Chill Caomháin (G6/4/8). Níl aon Chraobh de Chonradh na Gaeilge i gContae Uíbh Fhailli anois (Ó Foghlú, 2023).
Conclúid
Ba iad canúint Chonnacht, canúint na Mumhan agus canúint Uladh a chleachtaí i gContae Uíbh Fhaillí mar a léiríonn an taighde seo. Bhí tionchar ag an stair ó thús ar na canúintí mar ba as na Cúigí sin a tháinig naoimh a bhunaigh na mainistreacha ann. Léiríonn an chomparáid theangeolaíoch ar Lucerna Fidelium go raibh focail ann a bhí i gcomhréir le canúint Chonnacht mar shampla: sgéul/scéal. Léirítear go raibh ‘muna’ in úsáid in ionad ‘mura’ – tréith a fhaightear i gcanúint na Mumhan, agus, nuair a chuirtear ‘do’ roimh bhriathar, mar shampla: ‘do righneadar’ is le canúint Uladh a réitíonn an fhoirm sin. Scríobh Ó Maolmhuaidh dá phobal sa bhaile agus do phobal ó Uíbh Fhaillí i gcéin. Tá canúintí na bPrionsiasach a thug tacaíocht dó lena chuid saothair soiléir sa téacs. Tá na canúintí céanna soiléir sa dátheanghachas aonteangach nuair a labhraíónn sé sa ghnáthchaint. Tá focail mar ‘amadán’ a bhí fós sa chaint i gContae Uíbh Fhaillí de réir bhailiúchán Piatt, cosúil le ‘balbhán’ a théann le canúint Uladh – leis an mbéim ar an bpríomhshiolla.
Tá logainmneacha sa Chontae a théann le canúint Chonnacht; mar shampla, ‘Doire Caol’ leis an ‘ao athraithe go ‘i’. Tá logainmneacha a théann le canúint na Mumhan, mar shampla ‘Gleann Doimhin’ a chaill an ‘mh’ sa Ghaeilge, agus tá logainmneacha a théann le canúint Uladh mar shampla ‘Clóirtheach’ leis an ‘ó’fada.
Chloistí Gaeilge Chonnacht á labhairt sna haontaí áitiúla sa 19ú haois sa chontae. Fiú i dTeach na mBocht i bhfoisceacht do Chontae Uíbh Fhaillí ba í Ghaeilge Chonnacht a bhí le tuiscint. Bhí baint ag na hÍosánaigh leis an nGaeilge sa Chontae agus bhí tionchar acu ar léann na Gaeilge. Bunaíodh Craobhacha de Chonradh na Gaeilge ó 1899. Mhúin Sinéad Bean deValera, a raibh canúint Chonnacht aici, sa Chraobh in Éadan Doire. Bunaíodh an ceann ba dheireanaí sa cheantar réamhráite: ceantar na hEaglaise in 1918.
Is féidir a rá go raibh tionchar ag canúint Chonnacht, canúint na Mumhan agus canúint Uladh ar an gcanúint a chleachtaí in Uíbh Fhaillí den mhórchuid. Níl ann ach miontionchar ag canúint a d’úsáidtí i gCúige Laighean de réir an taighde seo. Athraíodh fuaim ‘oo’/’ú’ go ‘a’ mar atá in Slieve Bloom/’Sliabh Bladhma’ agus cuireadh ‘do’ leis an mbriathar i gCúige Laighean scaití.