Intreoir
Baineann an t-alt seo le heolas a bailíodh le chéile le linn tionscadal taighde a rinneadh le trí bliana anuas ar stíl dhíreach, éasca, bheoga agus ar theanga fhiliúnta, dhúchasach, úrshnoite Shéamuis Uí Ghrianna. Is ó ghrinnléamh oeuvre leitheadach ‘Mháire’, idir úrscéalta agus ghearrscéalta, a tiomsaíodh tagairtí do sheanamhráin agus d’amhráin a chum ‘Máire’ é féin. Féachadh leis na seanamhráin a ainmniú, agus rinneadh foinsí idirlín do na liricí a sholáthar i bhfonótaí. Soláthraíodh eolas ar liricí agus ar fhoinn na n-amhrán a chum ‘Máire’ san Aguisín (3-8), bunaithe cuid mhór ar ailt Lillis Uí Laoire (Ó Laoire, 1994; 2016). Léiríonn líon na dtagairtí do na seanamhráin agus flúirseacht na n-athfhriotal uathu a láidre a bhí scríbhneoireacht ‘Mháire’ faoina n-anáil.
Sa bhliain 1889 a rugadh an scríbhneoir mór agus an cumadóir cumasach amhrán Séamus Ó Grianna (‘Máire’). Agus é ag fás aníos i mbaile Rann na Feirste i Rosa Thír Chonaill sna deich mbliana deireanacha den 19ú céad agus sa chéad chuid den 20ú céad, bhí sé ar maos i seanscéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta, agus sna seanamhráin. Bhí traidisiúin bhéil na Gaeilge ina rabharta as broinn leis. Mar sin féin, mar a mhínigh Titley (2025) ar na fíormhallaibh, baineann téamaí a shaothair agus an Ghaeilge líofa lúfar a fágadh mar oidhreacht aige, ar bhain sé feidhm aisti i gcomhair chur in iúl agus i bhfriotal a shamhlaíochta, baineann siad beirt le ré atá imithe as cleachtadh ó thaobh an tsaoil agus na húsáide teanga.
Le linn a óige sa Ghaeltacht, in ainneoin gach aon rud a rinneadh lena gcur de dhroim seoil, bhí cleachtadh na scéalaíochta agus na hamhránaíochta Gaeilge go tréan go fóill i measc na ndaoine san fhíor-Ghaeltacht, ní hamháin mar chaitheamh aimsire ach mar chuid thábhachtach dá bhféiniúlacht, dá saíocht agus dá meon mar phobal (Mac Congáil, 1983). Cé nár theastaigh aon bhrostú ó mhuintir bhaile dúchais ‘Máire’, Rann na Feirste, i dtaca le caomhnú a n-oidhreachta, bhí eagraíochtaí náisiúnta ar nós Chonradh na Gaeilge ag gríosú mhuintir na Gaeltachta le greim daingean a choinneáil ar na traidisiúin a fágadh le huacht acu. Bhí sé le maíomh ag ‘Máire’ go raibh na céadta amhrán Gaeilge ar a dtoil ag bunadh a bhaile féin. Mhaígh sé fosta go raibh go leor de na seanamhráin sin de ghlanmheabhair agus ar bharr a ghoib aige féin. Ní bheadh sé sin amhlaidh munab é go raibh sé ag éisteacht leo gach uile lá dá shaol. Bhí mórán de na seanamhráin seo, ar amhráin ghrá a mbunús, ar a teanga ag máthair ‘Mháire’ agus is uaithi sin a thóg sé go leor acu. Is óna athair a fuair sé na scéalta gairide, na laoithe Fiannaíochta agus na seanfhocail, na beannachtaí agus na guíonna, na mallachtaí agus na maslaí agus na nathanna cainte, na samhlaoidí, na samhlacha agus an teanga fháthchiallach a d’úsáideadh sé mar pháirt lárnach dá stíl scríbhneoireachta (Mac Corraidh, 2026, le foilsiú). Ní raibh leasc air a fhógairt cad iad na foinsí a bhí aige; mar shampla, luann sé an seanfhocal seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann, agus cuireann sé é i mbéal a athar agus tugann a ainm: ‘A Chailín Donn, ar chualaidh tú ariamh an sean-fhocal a bhí ag Feidhlimidh Dhómhnaill Phroinnsís? “Seachnuigheann súil ní nach bhfeiceann”.’ (MDR 62)
Chuir an sáreolas a bhí ag ‘Máire’ ar amhráin na ndaoine bláth agus barr maise ar a stíl liteartha. Thug siad pointí tagartha dó ina shaothar liteartha, idir ghearrscéalta agus úrscéalta, agus d’fheidhmigh siad mar mhúnla aige do chumadóireacht na n-amhrán úr amhail Tráthnóna Beag Aréir (Ó Laoire, 2016) (féach an tAguisín (4) anseo thíos):
Bhí na dánta agus na hamhráin mar a bheadh litríocht bhéal na ndaoine ann rud a léiríonn an ghreim a bhí acu ar scríbhneoirí na Gaeltachta mar ‘Mháire’ i dTír Chonaill agus Tomás Ó Criomhthainn ar an Bhlascaod Mhór (Ó Muirí, 1976: 59).
San alt seo is rún dom na seanamhráin ar thagair ‘Máire’ dóibh a ainmniú, agus foinsí tagartha nó nascanna ar líne a sholáthar inar féidir teacht ar liricí na seanamhrán. Maidir leis na hamhráin a chum ‘Máire’, soláthrófar na liricí san aguisín agus na leathanaigh ina shaothar ina ndéantar tagairt dóibh nó ina dtugtar línte astu.
Tagairtí i saothar ‘Mháire’ do na seanamhráin
Tá sé ráite ag deartháir de chuid ‘Mháire’, Seán Bán, go raibh barraíocht Gaeilge ag muintir Rann na Feirste is nach bhfanfadh siad tamall fada i mbun comhrá ar bharr, ar mhóin nó ar iascaireacht agus iad ag airneál go dtí go mbrisfeadh líne filíochta nó amhrán amach sa chomhrá (Mac Corraidh, 2008: 2). Faighimid léiriú air sin sa dóigh ar mheasc ‘Máire’ caint thíorthúil a mhuintire go feidhmiúil trí línte liriceacha, ársa agus fealsúnacha seanamhráin darb ainm ‘Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn’ in Mo Dhá Róisín, úrscéal a bhaineann lena luathshaothar:
‘Goid é a choinnigh tú, ‘Labhrais, agus an eangach le cóiriú?’
‘Go mbreacuidh mo dhá mhailidh ‘gus go liathaidh mo cheann.’
‘S fearr duit sponóg bhracháin ’ól sul a bhfuaraidh sé.’
‘Comh geal leis an eala tá ‘r Shliabh Í Fhloinn.’
‘Ar fhág tú an bád thoir ar an doimhneacht?’
‘Go dtéidh mo bhean i dtalamh ’gus ‘n-a dhiaidh sin mo chlann’
‘’Nall chuig do chuid leat.’ (MDR 12)
Ag tús chóir a bheith gach aon chaibidle in Mo Dhá Róisín, luaitear roinnt línte ábhartha as seanamhráin mar chomhartha comhlántach nó mar leid ar ábhar na caibidle. Baintear úsáid astu seo agus as línte ó scéalta Fiannaíochta lena thaispeáint go bhfeiceann an t-údar a shaothar mar shnáithe a cheanglaíonn eagnaíocht agus gaois na sibhialtachta Gaelaí leis an scríbhneoireacht chomhaimseartha s’aige féin.
Thug Ó Tuama (2001) sárléiriú dúinn ar an bhunús a bhí ag na seanamhráin ghrá a bhí ag na daoine go flúirseach sa 19ú céad. Tá ‘Sagart Éamoinn Sheáin Óig’, an chéad ghearrscéal in Cioth is Dealán a foilsíodh den chéad uair thiar in 1927, breac le tagairtí do na seanamhráin ghrá seo. Os a choinne sin, is glinn an léargas a thugann Ó Grianna dúinn sa tsliocht seo a leanas as ‘Caoineadh Sídhe’ atá in An Bhratach agus Gearr-sgéalta Eile (AB 40), ar an difear idir galar an ghrá, mar a chuirtear inár láthair sna seanamhráin é, agus cleachtais phragmatacha an chleamhnais agus an phósta sna Rosaibh sa 19ú céad. Tabhair faoi deara gur bhain ‘Máire’ úsáid as na focail atá i gcló trom anseo nuair a chum sé ‘Tráthnóna Beag Aréir’, thiar in 1925, liricí a cuireadh i gcló ar An tUltach, i mí na Nollaig 1926 (Ó Laoire, 2016: 158).
Mághnus Éamoinn Sheáin Óig an chéad fhear ariamh sa tír s’againne a bhí i ngrádh. Mar adéarfá, ba é an chéad fhear a bhfuarthas an focal i n-a bhéal i gcómhrádh chaithte gach aon lae. Bhí an focal sna hamhráin ar ndóighe. B’ionann sin agus go raibh an grádh ann. Acht galar a bhí ann nár thóg aonduine riamh acht file. Bhí sé tuigthe againn an bhean a gcuirfeadh an file ceileabhar pósta uirthí go mbeadh a brágha mar chluimh na h-eala agus a súil mar réalt na maidine. Agus dá bhfealladh air go mb’fhearr dó bheith gan súile ná a feiceáil ariamh. Sin agat an saoghal filiúnta. Acht saoghal na Rosann! Tháinig tú i n-aois do phósta. D’iarr tú a leithéid seo de chailín. Má ghlac sí thú, chuaidh tú i ndeabhaidh leis a’ tseanduine fá’n spré. Má dhiúltaigh sí thú, d’iarr tú an dara bean. Má dhiúltaigh sí sin thú, thug tú bualadh éadain dóbhtha, riamh nó gur ghlac ceann éigin thú.
Thagair ‘Máire’ go moltach do scéimh Mháire Shéamuis Chataigh i gcaibidil dar teideal ‘An Dolaoimheárdan sin thiar’ in An Draoidín (AD 247) agus na samhlacha céanna i bhfeidhm aige: ‘Déarfainn go raibh a súil mar réalt na maidne agus a brágha mar chluimh na h-eala. Déarfainn go raibh an ‘deirge a’ gabháil ar mire i bhfeirg leis a’ ghile, ag imirt cleas a mbuile i ngruaidhe mo ghrádh.’
I ngearrscéal eile, ‘Gile na Gile’ in An Bhratach agus Gearr-sgéalta Eile (AB 147-8), pléitear téama an ghrá agus an chleamhnais arís eile. Cuirtear na lochtanna seo síos do mhuintir na háite ina bhfuil an scéal suite: nár thaistil siad, nach bhfaca siad mórán, nár léigh siad focal riamh agus nár thuig siad cad is grá ann dáiríribh. Dar le carachtar amháin sa ghearrscéal, Muircheartach, bhí dul i gcleamhnas acu san am sin ar aon dul le ceannach beithígh ar aonach:
Acht nach iad muinntir na h-áite seo atá i bhfad ar gcúl...Níor shiubhail siad. Ní fhaca siad a dhath. Níor léigh siad a dhath. Ní fhuil ciall ar bith do ghrádh aca. Ní fhuil ann acht nuair a bhéas aois a phósta ag fear a ghabháil amach dh’iarraidh mná mar rachadh sé go h-Aonach Jack a cheannacht bó. Annsin dhéanfar cleamhnas eadar giota talaimh agus cupla punta de chrudh. Ní fhuil sa lánamhain, dar leat, acht leithsgéal.
Na seanamhráin atá i gceist
- ‘Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn’ (NA 161)(SU 67)[1]
Is ó thraidisiún béil agus amhránaíochta a bhaile féin a thogh ‘Máire’ na sleachta ar bhreac sé a shaothar leo, amhráin amhail ‘Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn’.
Nuair a bhítear ag tagairt don fhéile nó do dhaoine fiala nó do mhíorúiltí, is ar Cholm Cille ‘na féile’ a tharraingítear aird (m.sh. féach OS 288–9). Is amhlaidh a dhéantar in ‘An Gaisgidheach’ (OS 283) nuair a oibrítear isteach sa ghearrscéal líne as amhrán darb ainm ‘Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn’ a phléann le féile agus le saint: ‘Ní h-í an mhaoin a bhéarfas i dtír thú is ná mealltar léithe thú’.
Tá cúpla líne as amhrán a chum Cathal Buí Mac Giolla Ghunna in Cioth is Dealán (CD 4) agus líne ó ‘An Bonnán Buí’ leis an fhile chéanna in ‘Aithreachas’ in Cúl le Muir (CLM 182): ‘Ní bheadh le déanamh agam acht a ghabháil isteach ‘toighe Bhidí Mhaoileagáin ar a’ taoibh eile de’n bhealach agus cúpla pionnta a ól ‘a fhliuchfadh mo bhéal is mo bhrollach síos.’ Féach fosta an gearrscéal ‘An t-Ádh agus an Mí-ádh’ (OS 410): braon a fhliuchfas do bhéal is do bhrollach síos-mar a dubhairt Cathal Buidhe. Tá tagairt fosta do líne as dán le Cathal Buí in An Sean-teach (ST 20): mar a dubhairt Cathal Buidhe, ‘ní chaoinfidh mac máthara é an lá a rachadh air fód’ agus in ‘Gheall an Dá Chomrádaidh’ (TNT 186): ‘ag amharc ar na gloiní sna sailéir i bhfad uaidh isteach’.
- ‘An Draighneán Donn’ (CDC 64-8)(RF 66)(TM 355) agus (OS 172)(Ó Muirgheasa, 1974: 129–30; Mac Seáin, 1973: 61)[4]
Bunaithe cuid mhór ar ‘An Draighneán Donn’ atá an iontráil do ‘Deireadh Geimhridh 24’ in Le Clapsholus (LCS 64-8): ‘Cé gurab árd a’ crann caorthainn, bidh sé searbh as a bhárr. Fásaidh sméara ‘gus sgoith sugh craobh ar a’ chrann is ísle bláth.’ (LCS 65)
Tagraíonn Máire don líne chéanna as an amhrán in Rann na Feirste (RF 66) agus ‘Cumhaidh is Aithreachas’ (OS 172): ‘…i ngleanntán sléibhe, le héirghe gréine, agus a’ drúcht ‘na luighe!’ agus in Tarngaireacht Mhiseóige (TM 355), tá chéad líne an amhráin le léamh: ‘Sílidh céad bean gur léi féin mé…’.
- ‘An tOileán Úr’ (AD 229)(OS 119; 125; 129)(AD 229) (CF 187) [5]
Ní amhráin ghrá amháin a luann ‘Máire’ ina shaothar. Mar shampla de sin, in An Draoidín (AD 229) agus in ‘Baile Chois na Trágha’ (OS 119; 125; 129), luann sé ceathrú iomlán den tseanamhrán imirce ‘An tOileán Úr’, ina léirítear cumha agus uaigneas agus ollghairdeas i ndeireadh an lae, nuair a chastar beirt Éireannach ar a chéile sa taobh cúil de Mheiriceá. Ar ndóigh, sin go díreach an rud a thiteann amach sa chaibidil dar teideal ‘Duine Drabhlásach’ in An Draoidín (AD 229) ach gur in Albain a chastar an bheirt ar a chéile agus gurbh as na Rosa iad:
Sa deireadh, ar seisean, ‘cá háit thall arab as thú?’
‘As na Rosaibh,’ arsa mise.
‘Ta a fhios agam,’ ar seisean. ‘Aithním ar do theangaidh gur Rosannach thú. Acht cé an baile arab as thú?
‘As baile a dtugann siad Rinn na bhFaoileann air,’ arsa mise.
Rug sé greim láimhe orm agus tharraing sé air ceathramha cheoil.
Bhí an tsean-bhean ins a’ chlúdaigh ‘s a stocaí ar a glúine;
D’éirigh sí go lúthmhar agus chraith sí liom-sa lámh.
‘Sheacht mh’anam fear mo thíre thar a bhfaca mé de dhaoine,
‘S gur tógadh ‘dtús mo shaoghail mise ‘mbaile chois na trágha.
Luaitear an cheathrú sin fosta in ‘Easair Fholamh’ atá in An Clár is an Fhoireann (CF 187) chomh maith i gcomhthéacs na himirce agus na cumha ach gur Meiriceá thuaidh atá i gceist an t-am seo: ‘But dreams are dreams and my eyes would open to see Texas skies still o’er me’.
- ‘An Seanduine Dóite’ (SC 218)(Ó Baoill, S. & M., 1975: 84–5; Mac Seáin, 1973: 43)[6]
- ‘Ar a ghabháil go Baile Átha Cliath dom’h’ (Ó Muirgheasa, 1974: 372–4)[7]
- ‘Contae Mhaighe Eo’ (BF 61)(Ó Baoighill & Ó Baoill, 2001: 30–1)
- ‘Cuach mo lon dubh í’ (CLM 188)(Ó Baoighill, S. et al., 1944: 24–5)[8]
Déantar tagairt do líne i gceathrú de chuid ‘Cuach mo lon dubh í’ (Ó Baoighill, S. et al., 1944: 24) in ‘Aithreachas’ atá in Cúl le Muir (CLM 188) agus is cliste an úsáid teanga atá sa fhreagra a tugadh ar an cheist ‘Caidé an rath atá ort?… ‘Mar is olc le mo charaid is mar is maith le namhaid’. B’ionann sin is a rá ar ndóigh nach rabhthas go rómhaith. Is fiú don léitheoir breathnú ar scéal an amhráin seo ag Seán Bán Mac Grianna (Mac Corraidh, 2010: 35–6).
- ‘D’éirigh an tuilidh ar Labhrás’ (CD 22)[9]
Tá líne as ‘D’éirigh an tuilidh ar Labhrás’ in CD (22): Pleóid ar an airgead is é an fear cleasach é.
- ‘Éirigh ‘s cuir ort do chuid éadaigh’ (OS 381)(CD 3)(NA 67)(ST 67)(Ó Baoighill, S. et al., 1944: 28–9; Mac Seáin, P. 1973: 22–3)[10]
Tagraítear in ‘Rún a’ Chearrbhaigh’ (NA 67) do thrí fhrása as an amhrán ‘Éirigh ‘s cuir ort do chuid éadaigh’:
Dá n-abradh sé nach mbainfeadh sé an fhéasóg seo de go bhfásfadh sí míle ar fad; go n-imtheóchadh sé fá na sléibhte mar chaoirigh ghlais; agus go ndéanfadh sé cuilt de n-a bhríste a mhairfeadh le saoghal na bhfear.
- ‘Fuígfidh mise an baile seo’ (OS 282)(UB 236) (Ó Baoighill, S. et al., 1944: 32–3)[11]
Tá leagan ‘Mháire’ de véarsa iomlán as an amhrán ‘Fuígfidh mise an baile seo’ luaite in ‘An Gaisgidheach’ (OS 282):
A Mhuire, nach mé an truaighe is mé pósta ar an scleócaidhe,
Nach leigeann amach chuig damhsa mé lá saoire ná Dia Domhnaigh,
Nach rachadh go toigh a’ leanna liom ‘s nach n-ólfadh ginidh óir liom,
‘S nach dteannfadh lena chroidhe mé mar dhéanfadh buachaill óg liom.
- ‘Geaftaí Bhaile Buí’ (OS 33) (Ó Baoighill, S. et al., 1944: 36–7)[12]
- ‘Inis Dhún Rámha’ (ST 125)(UB 184)(NA 83)(Ó Baoighill, S. et al., 1944: 38–9; Mac Seáin, 1973: 69)[13]
In ‘Do bhean is do chlann’, atá le léamh in Ó Neamh go hÁrainn (NA 83), tá véarsa as seanamhrán darb ainm ‘Inis Dhún Rámha’ atá mar phointe tagartha ag ‘Máire’ agus é ag cur síos ar scéimh na mná sa ghearrscéal:
Aréir go bhfaca mé féin in m’aisling
Mar bheadh sí ar bhacán mo láimhe,
An spéir-bhean mhaiseach mar aon bhrat sneachta
Dá mbíodh gan casgairt a dhéanamh.
- ‘Jinny Dheas, a Dhea-bhean’ (Ó Baoighill, P. & Ó Baoill, M., 2001: 37–9)(Ó Baoighill, S. et al., 1944: 42–3)[14]
- ‘Maidin Fhómhair’ (ST 7)
- ‘Máire an Chúil Daite’ (CD 30); [15]
Tá dhá líne as an tseanamhrán Máire an Chúil Daite ag fíordheireadh an ghearrscéil ‘Sagart Éamoinn Sheáin Óig’ atá in Cioth is Dealán: ‘A Mháire an chúil daite is an bhéilín bhinn, go dté mé i dtalamh go mbeidh cuimhne agam ar do chomhrá liom’. (CD 30).
- ‘Mal Dubh a’ Ghleanna’ (OMS 15; 278)(Ó Muirgheasa, 1974: 116–7)
- ‘Malaidh Ghleann Domhain’ (OMS 328–9; 338)(Ó Muirgheasa, 1974: 308–9; Mac Seáin, 1973: 55)
Luaitear trí véarsa as seanamhrán de chuid Thaidhg Uí Thiománaí darb ainm ‘Malaidh Ghleann Domhain’ in Ó Mhuir go Sliabh (OMS 328–9; 338). Baineann sé le lánúin a bhí ag imeacht as a mbaile dúchais i nGleann Fhinne le cónaí a dhéanamh i nGleann Domhain. Is é an fáth a luann ‘Máire’ na véarsaí ná go bhfuil cosúlachtaí móra idir cás na lánúine sin agus an faopach ina bhfuil an lánúin san úrscéal. Is mian leis an bhean a ngabháltas a dhíol agus go rachadh siad beirt agus a leanbh ar imirce go Meiriceá. Mar sin féin nuair a tchí Séimí mic an fhir a cheannaigh an talamh ag obair ina chuid talaimh, tig taom millteanach cumha air. Tarraingíonn Séimí véarsaí an amhráin air féin ansin agus é ag iarraidh an leanbh a chealgadh a chodladh:
‘Ó’s a Shéimidh a stór, glac misneach ró-mhór
Is ná cluintear níos mó de d’éileamh;
Bí carthannach cóir le ‘ngéabhfaidh a’ ród
Is ná dearmaid fós bheith déirceach.
Dá mbeadh againn bólacht, airgead is ór,
Nár chuma ar a’ domhan cá mbéimis;
Is ar mhalaidh Ghleann Domhain beimid feasta níos mó,
Is gach Nodlaig bíom leobhth’ ar féasta.’
- ‘Mo Chailín Ruadh’ (TM 357/361)
- ‘Nuala na gCuachann Péarlach’ (CD 15)
- ‘Róisín Dubh’ (SI 44)(TNT 206)[16]
- ‘Seachrán Chairn tSiadhail’ (CD 49)(RF 6)(ST 121)(TNT 16)(Ó Baoighill, S. et al., 1944: 48–9)[17]
Luaitear ‘Seachrán Chairn tSiadhail’ in Rann na Feirste (RF 6) agus ‘Máire’ ag cur síos ar Sheán Mac Grianna a tháinig a chónaí san áit san ochtú céad déag agus ar réice é: Ba chuma leis mar dubhairt a’ réice acht ‘ag ól is ag imirt seal na hoidhche is ‘na chodladh arís go dtí deireadh an lae.’ Luaitear arís eile é in An Sean-teach (ST 121): ‘Mar a dubhairt a’ Réice: ‘Ní thógfaidh an báillidhe uaim bó na bpáistí, is maith a’ t-ádhbhar, ní fhuil orm cíos’. Luaitear líne as an amhrán sin fosta in An Teach nár Tógadh (TNT 16): ‘spéir-bhean mhaiseach mar aon bhrat sneachta.’ I gcomhthéacs Éamonn Ghráinne Duibhe, ar réice déanta é, in ‘An Aisling Bhréige’ (CD 49), a luaitear líne as ‘Seachrán Chairn tSiadhail’ a bhfuil an rascántacht agus an ragairne ina lár mar údar don amhrán:
Bhí Éamonn tráth dá shaoghal – an seal ráscánta sin eadar ocht mbliana déag agus ceithre bliana fichead agus bhí sé ’na réice dheánta. Mar deireadh sé féin sa cheól bhí sé ‘seal i n-othras gach cailín díomhaoin agus gan fhios ag aon acu cá raibh a ghrádh’.
- ‘Séamus Mac Murchaidh’ (OMS 86; 275)(TM 366)(Ó Baoighill, P. & Ó Baoill, M., 2001: 58–60)[18]
- ‘Séimidh Eoghainín Duibh’ (NA 111–8)[19]
Chum ‘Máire’ gearrscéalta fosta a raibh seanamhráin mar phointí tagartha iontu nó mar ábhar scéil iontu. Tá dhá cheann de na gearrscéalta in Ó Neamh go h-Árainn, mar shampla, bunaithe ar dhá amhrán. An chéad cheann acu ná ‘An Fean-Dubha-Dadaidh-Am’ (NA 96–103) agus is é ‘Séimidh Eoghainín Duibh’ (NA 111–8) an dara ceann. Tá cur síos ag ‘Máire’ ar ábhar an dara gearrscéal seo ina ndéantar fonóid i bhfoirm amhráin de Shéimidh ar an ábhar nach raibh ag a mháthair ach é agus go ndéarfadh sí go bhfóirfeadh gach ball éadaigh dá bhfeicfeadh sí ar dhuine eile go maith do Shéimidh (NA 114–5; Mac Corraidh, 2010: 48–56). Bhí ceol an amhráin le cluinstin ag Séimí gach aon áit a shiúil sé:
Sa deireadh bhí sé le cluinstin aige gach aon áit a mbeadh sé…an ghaoth aniar-dtuaidh…Nuair a sgairteadh an coileach…ag an cheirc ghoir agus í a’ sgairtigh ar a h-éilín…ag an ghabhar a bhí a’ méidhligh…ag an fheadóg mhara le h-éirighe na gréine…ag an chrotach le coim na h-oidhche…ag an eas a bhí a’ tuitim le Léim a’ tSionnaigh…ag na tonna...ag Carraig na Béicfighe...ag tráigh Mhalach Dearg…Go dtí sa deireadh gur samhladh do Shéimidh bhocht nach raibh fuaim ar bith ar fairrge ná ar talamh ná sa spéir acht fuaim a bhí ag aor is a’ magadh air…Bhí an t-amhrán malluighthe i n-a chluasa ar a’ bhealach go Doire…ag cearca fraoich Mhín a’ Droighin agus ag madaidh Chró na Sionnach...bhí an t-engine a’ rádh nach mbeadh aon rí ar Éirinn ach Séimidh…agus bhí faoileanna Locha Feabhail…ag innse don tsaoghal mhór go raibh bheiste chnáibe Hiúdaí Chnagadáin ar Shéimidh Eoghainín Duibh.
- ‘Siubhán Ní Dhuibhir’ (NA 22)(OS 373) (Ó Baoighill, S. et al., 1944: 50–1)[20]
- ‘Sráid a’ Chlocháin Léith’ (OS 208–9)(faoin ainm ‘Amhrán Arann Móire’ in Ó Muireasa (1983)[1915]: 150)(Ó Baoill, 1977: 52)[21]
- ‘Úna Bhán’ (UB 15)(Ó Baoill, 1975: 92)[22]
- ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ (NA 24)(UB 228)(Ó Baoill, 1975: 96)[23]
Amhráin a chum ‘Máire’
Níor chóir go mbeadh iontas orainn go mbeadh tionchar ag na seanamhráin seo, idir liricí agus téamaí, ar an chaoi ar scríobh ‘Máire’ a ghearrscéalta agus a úrscéalta agus ar chum sé amhráin (féach Ó Laoire, 2016).
- ‘Cianach corrach’ nó ‘Thiar cois toinne’ (Aguisín (3)) a bhfuil guth ‘Jimí mo mhíle Stór’
Luaitear línte as an amhrán seo in ‘An Bhean nach gCuirfeadh Cloch in mo Leacht’ atá in Cioth is Dealán (CD 98): ‘Cealg mé ‘chodladh le glórthaí do bhéilín bhinn, i n-uaigneas a’ ghleanna i n-ar casadh le chéile sinn.’; in Le Clap-Sholus (LCS: 272): ‘A Mhaighdean Mhaiseach, tar seal ‘á mo chóir ar cuairt is cóirigh mo leabaidh le sgratha is le fóide fuar’. Cealg mé ‘chodladh le glórthaí do bhéilín bhinn, i n-uaigneas a’ ghleanna i n-ar casadh le chéile sinn.’ Luaitear an t-amhrán uilig go léir in Saoghal Corrach (SC 115–6).
Tá cúig véarsa an amhráin iomláin le léamh fosta in ‘An Bhean nach gCuirfeadh Cloch in mo Leacht’ (CD 103) agus luaitear fosta gurbh é deartháir óg ‘Mháire’, Seán Bán Fheidhlimidh a cheol an t-amhrán ar an ócáid sin. Tugtar an t-amhrán iomlán fosta in ‘Caoineadh Sídhe’ atá le léamh in An Bhratach agus Gearr-Sgéalta Eile (AB 44) agus in An Sean-teach (ST 159).
- ‘Tráthnóna Beag Aréir’ (nó ‘Thíos i lár an ghleanna’)(Aguisín (4))
Bunaíodh an t-amhrán seo go mór ar ‘The Heather Glen’ le George Sigerson, dar le Lillis Ó Laoire (2016). Is é ‘Tráthnóna Beag Aréir’, an t-amhrán is mó de chuid ‘Mháire’ a bhfuil eolas ag daoine agus a bhfuil a ngnaoi air. Luann ‘Máire’ cúpla líne as an amhrán in Le Clap-Sholus (LCS 241), san iontráil do ‘Meádhon Geimhridh’ (LCS 275), in ‘Rún a’ Chearrbhaigh’ (NA 66), véarsa agus curfá in Tarngaireacht Mhiseóige (TM 362) agus ar an chaoi seo in Ó Mhuir go Sliabh (OMS 31) faoi seach:
An a’ magadh a bhí an fear adubhairt le h-Úna Bháin go mb’fhearr dó bheith gan súile ‘ná a feiceáil ariamh? Nó an fear adubhairt lena rúin-searc gur ‘sheol sí a stuaim chun seachráin tráthnóna beag aréir?’ (LCS 241)
Ní fhuil a fhios agam an fíor do Mhicheál Ruadh a n-abair sé? Dá bhfaighinn-se arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh, ars’ an file. (LCS 275)
Mhairfeadh na filidhe trí sheol mara a’ fígheadóracht focal fá shúil mar réalt na maidne, agus fá chiabh-fholt fáinneach frasach…’ (NA 66)
Acht eagla go meallfaidhe go tír mór é le brágha mar chluimh na heala agus le súil mar réalt na maidne. (OMS 31)
Is minic a chuireann ‘Máire’ fíorghrá, ionracas agus idéalachas i bhfoirm filíochta i ndeabhaidh le réalachas agus pragmatachas an tsaoil. In ‘Buaidh agus Díombuaidh’ (NA 138), tá Eibhlín le pósadh ar fhear a bhfuil áit suí aige. Mar sin féin, tá fear eile nach bhfuil aon ní ar an tsaol aige, ach atá go mór i ngrá léi, ina luí gortaithe in otharlann in Albain. Mar bheifí ag dréim leis is i gcuideachta na filíochta a chuireann ‘Máire’ a thrácht ar an dara fear seo agus is é curfá ‘Tráthnóna Beag Aréir’ a úsáideann sé:
Ó’s a Rí, nár laghach ár n-ealadhain
A’ gabháil síos a’ gleann aréir,
Ag éalódh thríd a’ chanach
agus ciúnas ins a’ spéir.
‘S a rún mo chléibh, nár mhilis,
Ár súgradh croidhe is nár ghoirid –
Ó’s a Rí na glóire gile,
tabhair arais an oidhche aréir.
Is le hathfhriotal liteartha fealsúnach de chuid Blumine a insíonn ‘Máire’ dúinn gur shocraigh Eibhlín ina hintinn an fear eile a phósadh: ‘she had philosophy enough to know that it takes fuel to keep the human kitchen warm’ acht … ‘go mbeadh sé ar a comhairle aicí fad is bheadh an bheirt beo i gcuideachta a chéile.’ (NA 138). Tá an curfá céanna le léamh chomh maith in ‘Peadar na bPíopaí’ in Scéal Úr agus Sean-Scéal (SU 65).
- ‘Ba loinnireach grian an tráthnóna’ (Aguisín (5)) ar chuir ‘Máire’ fonn ‘Has Sorrow Thy Young Days Shaded’ le Thomas Moore, leis.
- ‘Méilte Cheann Dubhrann’ (Aguisín (6)) a bhfuil fonn ‘The Blue Hills of Antrim’ leis.
- ‘An cumhan leat an oíche?’ (Aguisín (7))a bhfuil fonn ‘A Spailpín, a rún’ leis. Luaitear an tríú ceathrú den amhrán seo sa scéal ‘An Aisling Bhréige’ in Cioth is Dealán (CD 59).
- ‘A spéirbhean dá n-éagfadh do mhaise is do scéimh atá mar réalta os coinne mo shúl’ (Aguisín (8)). Thiontaigh ‘Máire’ amhráin Bhéarla go Gaeilge, ina measc ‘Believe me of all those endearing young charms’ le Thomas Moore a thosaíonn leis na focail sin thuas i gcló trom.
Focal scoir
Is léir ón ghrinnléamh, ón tiomsú agus ón scagadh a rinneadh ar shaothar ‘Mháire’ mar chuid den tionscadal taighde inar fiosraíodh a stíl liteartha, go raibh aird mhór ag Séamus Ó Grianna ar na seanamhráin, idir fhocail agus téamaí. Dhéanfainn amach gurb iad filiúntacht na teanga agus fealsúnacht na bhfilí a chum na seanamhráin is mó a mheall ‘Máire’. Bhí sé báite san fhiliúntacht teanga chéanna ó aois an-óg sa bhaile i gcuideachta a thuismitheoirí agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha agus i measc mhuintir Rann na Feirste chomh maith. As na seanamhráin a fáisceadh é. Rinne sé a chuid féin de nuair a chum sé féin amhráin ar an dóigh chéanna a bhfuil gnaoi na ndaoine agus tóir orthu sa lá atá inniu ann.
Is léir gurb é an t-eolas a bhí aige ar na seanamhráin a cheadaigh dó amhráin fhiúntacha a chumadh é féin. D’fhoghlaim sé liriciúlacht, rithimeacht, struchtúr, samhlacha agus leagan amach uathu. Chuir sé an fhoghlaim sin i bhfeidhm ar an chumadóireacht a rinne le barr feabhais agus le maise. Ar an tséala sin, tá ‘Tráthnóna Beag Aréir’ leis, ar amhráin mhóra na Gaeilge san aois seo, céad bliain i ndiaidh a chumtha. D’aontóinn le Ó Laoire (2016) gur fearr a amhrán féin Gaeilge ná an t-amhrán Béarla a bhfuil sé bunaithe air cuid mhaith. Tá gnaoi agus aird na ndaoine mar a gcéanna ar na hamhráin eile a chum sé a thugtar san aguisín anseo. Is léir ó líon na seanamhrán a ndéanann sé tagairt dóibh ina shaothar go ndeachaigh an teanga agus na téamaí iontu i bhfeidhm go mór air agus gur chothaigh an t-eolas a bhí aige orthu, féith na filíochta ann féin.
[1] Ainnir dheas na gciabhfholt donn lyrics and chords – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[2] Aodh Ó Duibheannaigh – An Bhanaltra lyrics (13 Eanáir 2026)
[3] An Bonnán Buí (Remastered 2021)(12 Feabhra 2026)
[4] ITMA — An draighneán donn, song (12 Feabhra 2026)
[5] CLANNAD – AN TOILEAN UR LYRICS (13 Eanáir 2026)
[6] Albert Fry – An Seanduine Dóite (English translation) (13 Eanáir 2026)
[7] Maighréad Ní Dhomhnaill – Ar a Dhul go Baile Átha Cliath Domh (English translation) (12 Feabhra 2026)
[8] Cuach Mo Lon Dubh Buí lyrics and chords – Altan – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[9] Ag goil fríd Bhaile an tSratha domh lyrics and chords – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[10] Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh lyrics and chords – Clannad – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[11] Fuígfidh Mise’n Baile Seo lyrics and chords – Anúna, Padraigín Ní Uallacháin – SongsInIrish.com (12 Eanáir 2026)
[12] Geaftaí Bhaile Buí lyrics and chords – SongsInIrish.com (13 Eanáir 2026)
[13] Inis Dhún Rámha lyrics and chords – Altan – SongsInIrish.com (13 Eanáir 2026)
[14] Jerry Hicks – Jinny Dheas a Dhéigh-Bhean lyrics
[15] Maighréad Ní Dhomhnaill – Máire an Chúil Óir Bhuí (English translation) (13 Eanáir 2026)
[16] Róisín Dubh lyrics and chords – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[17] Seachran Charn tSiail lyrics and chords – Clannad – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[18] Séamus Mac Murfaidh – Oriel Arts (12 Feabhra 2026)
[19] Séimí Eoghainín Dhuibh lyrics and chords – SongsInIrish.com (12 Eanáir 2026)
[20] Siobhán Ní Dhuibhir lyrics and chords – Clannad – SongsInIrish.com (12 Feabhra 2026)
[21] Sráid an Chlochain Léith · CBÉ 0089 (Part 2) · The Main Manuscript Collection | dúchas.ie (12 Feabhra 2026)
[22] Úna Bhán lyrics and chords – Lasairfhíona Ní Chonaola – SongsInIrish.com (12 Eanáir 2026)
[23] Úr Chnoc Chéin Mhic Cáinte – Oriel Arts (12 Feabhra 2026)