Ar thóir Ghobán Chill Scíre: réabhlóid agus frithréabhlóid i dTír Eoghain, 1906–24

Réamhrá

Ach ní modh múinteoireachta atá de dhíobháil orainn go hiomlán sa tír seo ach spiorad na sean-scoltach. Oideachas atá a dhith orainn in Éirinn agus ní modh múinteoireachta. Ar léigh tú seo riamh?’ ar seisean agus tharraing sé leabhrán beag amach as a phóca agus shin sé domh é. ‘The Murder Machine,’ arsa mise, ag amharc ar an teideal. ‘An féidir, a shagairt, gurb é sin an cineál litríochta atá tú a léamh? (Máire, 1981: 69)

Is as Saol Corrach (1945), dírbheathaisnéis Mháire, a thagann an sliocht thuas. An tAthair Maitiú Mag Uidhir a bhronn an leabhar air agus é ina mhúinteoir i scoil náisiúnta Ros Gearr i gCill Scíre, Tír Eoghain, in 1914. Ba shagart paróiste é Maitiú Mag Uidhir a bhí ar thús cadhnaíochta in Athbheochan na Gaeilge agus i réabhlóid na hÉireann sa cheantar agus fiú go náisiúnta idir 1906 agus 1924. Léiríonn an sliocht go maith an dóigh a raibh an tAthair Mag Uidhir ag cur smaointe agus leabhair ar mhúinteoirí óga mar Mháire, agus é ag iarraidh an spiorad criticiúil agus an náisiúnachas cultúrtha a chothú. Paróiste beag is ea é ar an teorainn le Fear Manach nach bhfuil thar naoi míle ar fad agus a leath sin ar leithead. Ar amhránaí an tsaoil, tá cuntas fairsing eile i nGaeilge ar fáil don staraí fosta, An Dá Thaobh (1968), cuimhní cinn Eoghain Uí Cheallaigh a tógadh sa pharóiste.  Iniúchann an t-alt seo an claochlú polaitiúil, sóisialta, teangeolaíoch a tháinig ar Chill Scíre agus Mag Uidhir ar thús cadhnaíochta le linn Athbheochan na Gaeilge agus réabhlóid na hÉireann. Baintear úsáid as an dá leabhar thuasluaite mar aon le dírbheathaisnéis Pheadair Uí Annracháin (1937) le nádúr na hathbheochana agus na réabhlóide a mheas i gCill Scíre. Ansin, déantar triantánú le cartlann na staire, is é sin le rá Daonáireamh 1911, iarratais phinsin d’Arm Phoblacht na hÉireann (APÉ) agus do Chumann na mBan i mBiúró na Staire Míleata agus cartlann na nuachtán agus na mbunfhoinsí a bhaineann le ré na réabhlóide sa cheantar úd i gcartlanna i mBéal Feirste, Ard Mhacha, Baile Átha Cliath agus Londain. I mbeagán focal, le hanailís a dhéanamh ar ghníomhaíochas na bPoblachtach, rinne an staidéar seo crostagairt ar an litríocht, ar an chartlann agus ar dhaonáireamh 1911 agus rólanna áitiúla d’ÁPE. (2ú Rannóg an Tuaiscirt, 2ú Briogáid, Biúró na Staire Míleata, MA/MSCP/A/45(2); Cumann na mBan (Droim Mór) MA/MSPC/CMB/53).

Imlíne

Roghnaítear an limistéar staidéir le go mbeadh sampla ionadaíoch den phobal Caitliceach agus den chothromas déimeagrafach ó thaobh cúrsaí geilleagair, creidimh agus polaitíochta de le feiceáil (Mac Bhloscaidh, 2026). Déantar mionstaidéar ar dhá thoghroinn sna sráidbhailte, Trí Liag agus Droim Mór, mar sin de, ar imir an tAthair Mag Uidhir ról tábhachtach iontu agus roghnaítear ceithre thoghroinn tuaithe máguaird le torthaí níos bailí a ghiniúint agus le léargas níos ionadaí den tsochaí i gcoitinne a thabhairt (Léarscáil – Aguisín 2). Sa chéad mhír, léirítear líon an taoide ag tús an tionscadail le cruthú gur tháinig rath agus bláth ar iarrachtaí Mhig Uidhir nó mar a mhaígh D.P. Moran i sraith alt faoi Thrí Liag ag an am: ‘Irishisation and How ‘Tis Done.’ (Leader, 2 Samhain, 1907). Ina dhiaidh sin, pléitear le conspóid a bhain le nádúr an Chonartha féin, go háirithe i gcomhthéacs na géarchéime polaitiúla a réab tríd an tír roimh an Chéad Chogadh Domhanda nó freasúra na bhFear Buí roimh Rialtas Dúchais (1911–14). Nochtar contrárthacht ríthábhachtach san athbheochan féin idir claonadh athbheochana agus meon an díchoilínithe. Sa dara mír, déantar scrúdú ar ról na hathbheochana i gCogadh na nDúchrónach (1920–22) nó caipín na toinne nuair a tógadh ollghluaiseacht sa cheantar agus an Ghaeilge mar chuid dhílis di. Tógtar proifíl dhéimeagrafach den cheantar agus de ghluaiseacht na Poblachta le tábhacht na teanga a léiriú agus le nádúr na hathbheochana agus na réabhlóide féin a mheá.  Sa tríú mír, críochnaítear le taoide trá na frithréabhlóide nó na himpleachtaí a bhain leis an chríochdheighilt agus riail na n-aontachtaithe. Le linn an ama, baintear úsáid as carachtar agus pearsa staire ón dá dhírbheathaisnéis chun forbairt na réabhlóide a rianú tríd an chartlann, is é sin le rá, an Gobán nó Tarlach ‘Torry’ Ó Néill. Téimis, mar sin de, ar thóir Ghobán Chill Scíre!

Comhthéacs

Scríobh Pádraic Ó Conaire (1882–1928) tuairsic maidir le neart na teanga agus an chonartha i nGaeltacht Thír Eoghain sa bhliain 1916, ach níor bhain ár limistéar staidéir le macalla deiridh na Gaeilge thuas sna Speiríní. Agus sin ráite, d’aithin an scríbhneoir iomráiteach téamaí a bhaineann go mór leis an staidéar seo. D’aimsigh sé ceithre pharóiste ina raibh an Ghaeilge beo iontu go fóill: an Charraig Mhór — (aon bhaile fearainn amháin); Caisleán Glas, Gleann Fhoichle (Gaelach go maith) agus an  Goirtín (cúpla baile fearainn). Thug sé amach faoi na sagairt agus na hoidí scoile a thug dúshlán na hAthbheochana ach, ar an Charraig Mhór, mhol an Gruagánach (duine mór le rá i ngluaiseacht na Poblachta) agus an tAthair Short (ar thug na Péas áitiúil sagart Shinn Féin air) mar ‘chrainn sheasta na teanga ann.’ D’aithin sé Gleann Fhoichle mar an ‘paróiste is Gaelaí i dTír Eoghain, cé go raibh ‘An S.P. in aghaidh na Gaeilge’ agus ‘gan focal in aon scoil.’ Thuairimigh sé go bhféadfaí ‘an teanga a shábháil ón mbás sa cheantar mór seo. Tá sí ag imeacht fós. Na seandaoine ag dul sa chré, agus in ainneoin dícheall oídí dúthrachtacha, ní féidir liom a rá go bhfuil a gcuid daltaí chomh maith leis na daoine atá ag imeacht’ (An Claidheamh Soluis, 22 Aibreán, 1916). Gheofar amach níos faide anonn cúis chinniúnach nár tháinig an tuar faoi thairngreacht Uí Chonaire go raibh Gaeltacht Thír Eoghain intarrthála. (Tá sonraí faoin Athair Short in McCluskey, 2011: 83, agus faoin nGruagánach [James Grugan], in McCluskey, 2014: 69).

Cé nár bhain Cill Scíre le Gaeltacht Thír Eoghain, mhaígh Máire go raibh cónaí ar dhuine as Gaeltacht Thír Eoghain inti. Go luath sa chuntas s’aige, chuir Mag Uidhir Ó Grianna agus Gobán Chill Scíre in aithne dá chéile agus baineadh geit as an Chonallach nuair a ‘thoisigh sé a chaint liom féin i nGaeilge, go díreach mar a dhéanfadh fear as Rinn na Feirste. Ba é sin an chéad uair a chuala mé cainteoir dúchais as Tír Eoghain ag caint. Agus ba bhreá amach an Ghaeilge agus an seanchas a bhí aige.’ Mhínigh Mag Uidhir:  ‘Sin fear anois as Binn an Phréacháin,’ arsa an sagart. ‘Tá sé fán dúiche seo le fiche bliain. Scoith saoir atá ann, agus tá lámh ar gach aon rud aige… Tá a sháith d’ainm air, Tarlach Ó Néill,’ arsa an sagart. ‘Ach níor tugadh aon ainm fá na bailte seo air leis na blianta ach an Gobán’ (Máire, 1981: 6).

Thig linn an duine a bhíodh ann go fíor, Tarlach Ó Néill, a aimsiú sa daonáireamh agus i mBiúró na Staire Míleata agus is suimiúil ar fad a shaol agus a thábhacht don anailís chomh maith. Ina ainneoin seo, ba dhócha gur bhain Máire úsáid as díolúine ealaíontóra leis an Ghobán a úsáid mar aircitíopa nó neach neamhchoilínithe ag cur is ag cúiteamh faoi fhimíneacht na mboc mór. Feidhmíonn an Gobán mar charachtar a chuireann friotal ar smaointe an údair agus a thugann teannas drámatúil don scéal. Rinne Ó Ceallaigh trácht ar an Ghobán nó ‘Torry’ Ó Néill fosta agus an ról lárnach a bhí aige i gcúrsaí cultúir agus polaitíochta an cheantair (Ó Ceallaigh, 1968: 30–1). Ach níl fianaise ann gur ón Ghaeltacht a tháinig Ó Néill, áfach. Ba cheart cuimhneamh air gur thacaigh Ó Grianna go fóill leis an Pháirtí Pharlaiminteach ag tús an chogaidh agus tagann an Gobán chun tosaigh mar fháidheadóir míre nó figiúr ar imeall na sochaí a nochtann an fhírinne mhíchompordach, a thugann rabhaidh nó a dhéanann tairngreacht ar thodhchaí shuaite. Mar shampla, nuair a bhriseann an Cogadh amach tarlaíonn comhrá tábhachtach idir an Gobán agus Máire:

Sasain, nach í is cúis de? Nach ar chogadh san Eoraip atá sí beo? Sin an saol atá i ndán d’Impireacht na Sasana, go dtí an lá a bheas síocháin san Eoraip….Ó, dá hainneoin riamh a chuaigh Sasain chun cogaidh. Ní raibh neart aici air. Sin an chinniúint chruaidh a bhí i ndán di. An solas a lasadh sa dorchadas. Treabha garbha fiáine a thabhairt chun creidimh. Ach ní raibh neart ar sin aici. Ní raibh sa mhaoin ach taisme. Chan ar mhaithe le maoin ná saibhreas a tháinig sé go hÉirinn, nó a chuaigh sé chun na hIndia nó na hÉigipte. Ní hea ar chor ar bith ach de gheall ar Dhia… rinne tíortha láidre eile slad is creach ar an laige amanna,’ … ‘ach níor thug aon cheann acu iarraidh a chur i gcéill ach Sasain gur ag comhlíonadh aitheanta Dé a bhí siad… Agus an chuid is measa de, an dóigh ar éirigh léi a chur in iúl don mhuintir a chuir sé faoi smacht gur lena leas a bhí sí’… agus tá siad chomh truaillithe sin ag an daorsmacht is go síleann siad gurb í Sasain réalt eolais an domhain. Nach millteanach an mearadh atá ar mhac Gaeil ar bith a bhfuil an dearcadh sin aige?’… ‘is é mo chreideamhsa, má tá ionadaí ar bith ar an tsaol ag an diabhal (agus tá) gurb é impireacht na Sasana é. (SC, 71–2)

Líon an taoide, 1906–16

Tá meon an díchoilínithe le feiceáil go ríléir sa tsliocht thuas. Is tábhachtach le haithint, áfach, nach mbíodh achan duine sa Chonradh d’aon ghuth leis an Ghobán ná le Máire maidir le nádúr na gluaiseachta. Ach, ní mór bogadh ó leibhéal sonrach go dtí an choitiantacht agus léiríonn torthaí an taighde seo gur chloígh cosmhuintir an Chonartha leis an mheon díchoilínithe seo. Leoga, cé gur thacaigh sé féin leis an bhunreachtúlachas go dtí 1916, bhíodh an meon úd le braistint go soiléir i Mag Uidhir féin.  Mhínigh Ó Ceallaigh clú an tsagairt i ndiaidh 1906 nuair a shroich sé Cill Scíre: ‘Bhí sé ina scéal reatha go raibh suim aige in athbheochan na Gaeilge agus go raibh claonadh aige do ghluaiseacht Shinn Féin. Níor thúisce tagtha é ná gur léiríodh do na paróistigh gurbh fhíor an tuairisc maidir lena shuim sa Ghaeilge.’ Láithreach bonn, chuir Mag Uidhir lasair sa bharrach ó thaobh na hAthbheochana de. Cláraíodh 230 buachaill agus 180 cailín sna scoileanna agus eagraíodh scoileanna oíche do dhaoine fásta. Fá 1909, níor chreid Peadar Ó hAnnracháin (1873–1965) an t-amharc a bhí os a chomhar nuair a thug sé féin agus Sean Ó Muirthile (1881–1941) cuairt ar an pharóiste mar ‘we spoke scarcely any Béarla.’ (Sinn Féin, 23 Meán Fómhair, 1909).

De réir an daonáirimh 1911, bhíodh 209 cainteoir Gaeilge (30% de Chaitlicigh) i gceantar toghcháin Chill Scíre. Leoga, spreag Mag Uidhir leanaí Protastúnacha (arbh iad trian den daonra) an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith. Bhí cur chuige praiticiúil aige fosta agus cheangail sé an athbheochan le tionscal áitiúil. Thug sé isteach ranganna eacnamaíochta tí do chailíní agus gairneoireacht fosta. Chomh maith leis seo, chuir Mag Uidhir an saol cultúrtha agus sóisialta chun cinn. Ghlac 3,000 páirt i bhFeis nó Aeraíocht Chill Scíre in 1907. Thiteadh sé amach achan bhliain ar chnoc mór taobh amuigh de Thrí Liag. Scríobh Ó Ceallaigh gur ‘thug beirt Chorcaíoch, Peadar Ó hAnnracháin is Seán Ó Murthuile turas ó thuaidh sa Samhradh 1909, agus chaith siad seachtain ag cuartaíocht ar na ranganna (Ó Ceallaigh, 1968: 85–6). Bhí bain ag Ó hAnnracháin le Sinn Féin. Ansin, chuaigh sé leis na hÓglaigh agus chaith an tréimhse ó Bhealtaine 1916 go dtí Márta 1919 i ngéibheann idir Éire agus Sasana. Rachadh Ó Muirthile ar aghaidh le páirt lárnach a ghlacadh i gCogadh na nDúchrónach agus chríochnódh sé mar rúnaí ar Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ) lena linn.

Roimh an réabhlóid, bhíodh an grúpa Gaeilgeoirí Mumhan ríthábhachtach i ngréasán nua-fhíníneach a bhíodh lonnaithe i gCraobh an Chéitinnigh agus Cathal Brugha (1874–1922) mar cheannaire air. Chruinnigh an grúpa seo le chéile cóngarach do shiopa tobaic Thomáis Uí Chléirigh. Bhíodh an Cléireach (1858–1916) agus Seán Mac Diarmada (1883–1916) ina mbaill den chraobh agus bhain Brugha úsáid as a phost mar mhodh earcaíochta fud fad na Mumhan. Mar shampla, chuir sé Aibhistin de Staic (1879–1929), iarchaptaen na caide ar Chiarraí, faoi mhóid. D’aithin Ó Muirthile scoilt sa Chonradh agus i gCumann Lúthchleas Gael (CLG) mar aon idir náisiúnaithe arbh mhian leo Éire Ghaelach agus poblachtaigh arbh mhian leo Éire shaor Ghaelach (Murphy: 1991, 39). Tháinig an faicsean réabhlóideach seo, lonnaithe ar Chearnóg Parnell, i gceannas ar BPÉ. Cé gur fhág Brugha agus de Staic i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, chinntigh baill eile Chraobh an Chéitinnigh amhail Micheal Ó Coileán go mbeadh smacht ag an Bhráithreachas ar APÉ agus ról lárnach i ngluaiseacht na saoirse aige chomh maith.

Nuair a léitear na foinsí ina n-iomláine, tagann an poblachtachas amach mar thraidisiún frithsheicteach agus saoirse iomlán ón Bhreatain agus óna himpireacht nó flaitheas mhuintir na hÉireann mar an síorchuspóir aige. I dTír Eoghain, tionscadal díchoilínithe a bhíodh i gceist fosta agus thuigtí tábhacht athghabháil na teanga dá bhrí sin. Ghlac an náisiúnachas bunreachtúil leis an tseicteachas, thacaigh leis an Bhreatain sa Chogadh Mhór agus áit ag ardtábla na hImpireachta mar an chloch ba mhó ar a phaidrín. Tá géarghá le cur chuige dialachtaiciúil chun na claontaí seo i stair na tíre a thuigbheáil, seachas déscaradh. Ritheadh na claontaí seo tríd an stair mar speictream leanúnach agus daoine ar leith, grúpaí agus pobail ag bogadh siar agus aniar air de réir na gcúinsí.

Bhí meon an díchoilínithe seo agus tuigbheáil na ndaoine ar an Athbheochan le feiceáil go soiléir i gcuntas a d’fhág Ó hAnnracháin ar Aeraíocht Chill Scíre sa bhliain 1909.

Chruinnigh na Gaedhil i bhfochair a chéile ó chiannibh agus shuidheadar ar an bhfraoch mbog mothallach. Thosnaigh duine aca ar cheol a chanadh; ba ghearr gur thosnaigh beirt nó triúr eile ar bheith páirteach sa cheol. Níorbh fhada go raibh an ceol ‘na amhrán, agus an t-amhrán agus an ceol snaidhmthe go deas le chéile agus buidhean mhaith daoine a chanadh ar cómh-ghuth. Thosnuigh na daoine ar dhruideamhaint a leith fá dhéin áit an cheoil… Thug Inghean Uí Oisín amhrán uaithi, agus shaoilfeá gur sidh-bhean cheolmhar éigin do bhí ag tabhairt comhairle do chlannaibh Gaedheal í, agus í ‘na seasamh annsan ar thurtóigín fraoich (1937: 37)

Agus gnó an lae déanta, thug Mag Uidhir óráid a léirigh éifeacht a mhisnigh ar an phobal.

B’é déire na hóráide gur gheall cuid mhaith aca-san a bhí ag éisteacht agus ná raibh aon Ghaedhilg aca, go ndéanfaidís a ndícheall ar í fhoghlaim ón lá san amach. Annsan thug na daoine do bhí ann go raibh Gaedhilg aca geallamhaint do-scaoilte ná labharfaidís Béarla go bráth arís le chéile na le haoinne eile a thuigfeadh Gaedhilg uatha. Le linn na ngeallamhna san do thabhairt bhí a lámha sínte fé dhein na spéire aca mar chomhartha onóra don obair do bhí ar siubhal aca. Ghealladar, leis, do bheith fíor-Ghaedhealach i ngach cuma eile agus a ndícheall do dhéanamh ar feadh a saoghail chun ceasnaí na hÉireann do réidhteach, agus namhaid na hÉireann do bhascadh (ibid. 38)

Mar a thugann Timothy McMahon faoi deara, tá tuilleadh mínithe ag teastáil ó thábhacht mhéadaitheach Athbheochan na Gaeilge taobh istigh den náisiúnachas (2008: 2014–5). Tugann foinsí nua, go háirithe an dá chuntas dírbheathaisnéise, léargas níos doimhne anseo. Dhiúltaigh cuid iarrachtaí Mhig Uidhir eisiachas Caitliceach agus chothaigh sé iomaíocht idir an dá pharóiste (Droim Mór agus Cill Scíre) don teideal ‘most Irish parish’ sa ‘Tuaisceart Dubh’ (An Claidheamh Soluis, 21 Iúil, 1906; 29 Meán Fómhair, 1906.) I ndiaidh dó bogadh go Cill Scíre in 1906, d’fhostaigh sé cainteoirí dúchais Gaeilge mar mhúinteoirí i Scoileanna Náisiúnta áitiúla. Mar a mhínigh sé do Mháire: ‘Dá bhfaighinn saol fada go leor. Ní bheadh aon mhúinteoir i mo pharóiste ach múinteoirí as an Ghaeltacht.’ (Máire, 1981: 61).

Faoi 1908, thuairiscigh Sinn Féin go raibh 1,000 sa pharóiste cláraithe le Conradh na Gaeilge (Sinn Féin, 18 Eanáir, 1908.) Tháinig méadú faoi dheich ar chainteoirí Gaeilge i gCill Scíre idir daonáireamh 1901 agus 1911 (Aguisín 1). Chuir Mag Uidhir tionscail chomharchumainn agus feabhsú tuaithe chun cinn fosta. Tá iomlán an chirt ag McMahon agus é ag maíomh: ‘if Gaelic was “the soul” of his work, its flesh and bone were lace, whitewashed walls, and well-tended gardens’ (2008: 153). Ach d’fhan Protastúnaigh ar shiúl ón Athbheochan den chuid is mó – níor mhaígh ach ceathrar neamh-Chaitliceach go raibh eolas acu ar an Ghaeilge in 1911. Ba chinnte go bhfuair cuid acu, amhail daltaí scoil náisiúnta Ros Gearr, faoi stiúr Mháire, blaiseadh, leoga leag Ó Grianna béim ar chaoinfhulaingt agus ar fhrithsheicteachas Mhig Uidhir (1981: 67). Ina theannta sin, bhíodh na mná i dtús cadhnaíochta san Athbheochan agus sa réabhlóid. Thacaigh Alice Milligan (1865–1953), an file poblachtach as an Omaigh, leis an ghluaiseacht áitiúil agus mhol ranganna oíche an Chonartha le linn a cuairte in 1910 as ‘cultúr agus solas’ a thabhairt do chailíní na tuaithe (Milligan Fox, 1910: 24–8). Bhí na ranganna seo ina gcatalaíoch freisin do shlógadh polaitiúil na mban. Léiríonn daonáireamh 1911 gur mhná óga ó theaghlaigh na hAthbheochana iad baill Chumann na mBan den chuid is mó, agus iad gaolta go minic leis na hÓglaigh san APÉ.

Bhí an Athbheochan fite fuaite le meon frithchoilíneach, mar sin de. Chuir Poblachtánaigh ar nós an Gobáin in aghaidh riail na Breataine roimh an chogadh, ag tabhairt ‘ionadaí an diabhail’ uirthi. Faoi 1915, thit Conradh na Gaeilge agus Óglaigh na hÉireann faoi thionchar an BPÉ agus thiocfadh frith-impiriúlachas Phádraig Mhic Piarais chun tosaigh mar dúshraith idé-eolaíoch ar an réabhlóid le teacht.  Agus é ag ullmhú don Aeraíocht Mhór in 1914, chuir Máire síos ar an cheangal idir an béaloideas réamhchoilíneach agus an tioscadal nua-díchoilínithe agus é i gcomhrá leis an Ghobán:

Mhair mé féin rith seachtaine ag obair ar mo dhicheall fá choinne na Feise. Casadh an Goban cupla uair orm agus dar liom go raibh uchtach aige fosta. Caithfidh mé a aidmheáil anois go gcuireadh sé cineál de dhraíocht orm nár chuir aon duine eile riamh roimhe orm. Oíche acu seo thug sé leis siar mé go dtí an t-am a raibh Clanna Néill i dtreis i dTír Eoghain. Thiocfadh leis an draíocht sin a chur orm agus é creidte agam san chéanna go raibh sé ar meisce, agus boc mearaidh air lena chois sin. Bhi lúcháir orm gur i dTír Eoghain a bhi mé. B’fhearr liom Tir Eoghain an oíche seo na Tir Chonaill. Chonacthas domh gur mhó agus gurbh uaisle agus gurbh éifeachtaí Niallaigh Thír Eoghain na Dálaigh Thír Chonaill. Ni lá Feise Chill Scíre a bhi ag tarraingt orm ar chor ar bith ach lá oirirc an Átha Buí, nó lá bródúil na Binne Boirbe. (1981: 74)

In ainneoin na n-iarrachtaí a rinne Mag Uidhir le Protastúnaigh a mhealladh, áfach, scríobh Ó Ceallaigh nár ‘thóg Protastúnach páirt i gcomórtais na feise sin ná in aon fheis ó shin i gCill Scíre’ (1968: 83). Bhíodh saol ciúin go leor idir an dá phobal agus d’inis Mag Uidhir do Mháire: ‘Daoine lácha an t-iomlán acu mar a dúirt an bhean a bhí ag déanamh moladh mairbh ar fhear a bhí achrannach i dtús an shaoil’ (1981: 67). Ach tháinig nimh sa scéal nuair a síníodh Cúnant Uladh i Meán Fómhair 1912, agus nuair a thaobhaigh corrfhear de na Protastúnaigh le hÓglaigh Uladh in Eanáir 1913. Cé gur fhreastail roinnt Protastúnach ar ranganna oíche, spreag Sinn Féin agus ansin teacht chun cinn APÉ naimhdeas dílseach, agus ghabh nó dhíbir na Speisialtaigh múinteoirí Gaeilge sa deireadh, fiú gur dhóigh siad Scoil Ros Scór. (O’Daly, 1955). Chuir Ó Ceallaigh síos go mion agus maith ar an mheon choilíneach idir plandóir agus dúchasach le linn tréimshe na réabhlóide:

Ní amháin gurbh í aidhm na dtreoraithe [aontachtacha] seasamh i gcoinne a bheith ina mionlach Protastúnach i bparlaimint ar bith in Éirinn ach is léir gurbh í sin aidhm gach ball de na lóistí Oráisteacha. Má bhí fuil na Niallach agus na nDónallach go tréan i measc na nÓglach is cinnte go raibh fuil na bPlandálaithe agus ‘Prentice Boys’ i Léagar Dhoire go tréan i measc na ‘B-men’. (1968: 106)

Mar gheall ar Óglaigh Uladh, chinn BPÉ tús a chur lena nÓglaigh féin i Samhain 1913.  Bhí an chontrárthacht idir an poblachtachas agus náisiúnachas bunreachtúil le feiceáil go soiléir i gCill Scíre. Roimh i bhfad, tháinig fás ar líon na nÓglach sa cheantar. Fán Chéad Chogadh Domhanda, ba chosúil go raibh an dá dhream i bpíobán a chéile go dtí gur mhol Seán Réamann go rachadh Óglaigh na hÉireann i gcabhair ar Shasana. Thug Máire cuntas ar bhuaireamh Mhig Uidhir ‘go dtiocfaidh easaontas sna hÓglaigh’ roimh an Aeraíocht in 1914: ‘tá an tír scoilte agus sin an eagla a bhí orm. Rachaidh cuid de na hóglaigh le Redmond agus rachaidh cuid ina éadan.’ (1981: 73–4)   Tá cuimhní Mháire ar an eachtra cruinn go leor de réir na cartlainne (Ulster Herald, 15 Lúnasa, 1914). Thug Úna Ní Fhaircheallaigh agus Tiarna Ashbourne óráidí a mhol polasaí Réamainn:

Bhí cainteoirí as baile isteach ansin agus iad ina suí ar an ardán. Tharla go raibh siad ar aon intinn le Redmond, agus níor cheil siad a mbarúil ar an phobal ach oiread. Fear amháin go raibh eolas aige féin ar Alsace-Lorraine, agus gur dhíbir na Gearmánaigh an Fhraincis as an dúiche sin nuair a chuir siad smacht uirthi dhaichead bliain roimhe sin. Agus go ndéanfadh siad an cleas céanna leis an Ghaeilge dá dtigeadh siad go hÉirinn. Dúirt an dara fear [bean] go raibh ár saoirse ag brath ar shaoirse na Sasana. ‘We sink or swim with England,’ ar seisean, ‘and the man who preaches the contrary doctrine is a fool.’ San am seo amharcaim féin thart agus tím an Goban ina rith síos taobh na malacha an méid a bhi ina chnámha, mar bheadh fear ann a mbeadh eagla air go raibh aicíd thógálach ar an tslua agus dá bhfanadh sé ina gcuideachta gurbh é an bas a bhí i ndán dó (ibid. 75)

Sa deireadh, thaobhaigh an sagart le Réamann agus nuair a ghlac na poblachtaigh seilbh ar Chonradh na Gaeilge an bhliain dár gcionn, cáineadh Mag Uidhir agus an bheirt eile a labhair ag Feis Chill Scíre:

Bhí daoine…trom ar an Athair Maitiú…Ach caithfidh mé a cheart a thabhairt don Athair Maitiú. Ní raibh rud ar bith ar a intinn san am ach aontacht Gael. Agus b’fhearr a thuig sé feall na Sasana ná cuid dá bhfuair locht air ina dhiaidh sin. (ibid)

Níor aontaigh cuid mhaith dá phobal féin le cinneadh an tsagairt, áfach. Scríobh Ó Ceallaigh nár ‘aontaigh Eoin Mac Néill, an Piarsach ná a gcairde le hachainí seo an Réamannaigh agus tharla deighilt sna hÓglaigh. Ba leis an bPiarsach a thaobhaigh fir óga Chill Scíre’ (1968: 98).

Chuir Máire síos ar dhearcadh an Ghobáin i bpasáiste fada arbh fhiú spás a thabhairt dó

Agus ní raibh aon fhear againn i Sasain a d’éireodh agus a déarfadh cupla focal a bhí ar shlí a ráite. Ni raibh le rá ach aon fhocal amháin – Éire – agus an focal sin ag scairtigh ionsar Dhia ag iarraidh díoltais… Bhi mé ag an Fheis tá cupla seachtain ó shin,’ ar seisean, ‘agus b’éigean domh imeacht. Ni thiocfadh le mo chuid fola a sheasamh. Fear amháin ag inse dúinn go gcuirfeadh na Gearmánaigh deireadh leis an Ghaeilge in Éirinn dá bhfaigheadh siad treis. É a rá sin i mBéarla i dTír Eoghain, cionn is nach dtuigfí i nGaeilge é, ar an ábhar gur mharbh Sasain í. Agus ansin an fear [bean] eile: ‘We sink or swim with England!’ D’éirigh sé ina sheasamh agus tháinig scion faobhrach ina shúile, ‘Agus,’ ar seisean, ‘nach dtig linn a theacht ar an tsnámh choíche go dté Impireacht na Sasana go tóin, sin lomchnámh na firinne. Ni thig leis an impireacht mairstean gan Éirinn. Agus beimid faoi chrann smola fad is bheas treis aici. Ní bheidh suaimhneas na síocháin choíche againn fad is mhairfeas Impireacht na Sasana. Ní bheadh sin againn dá ngéillimis di go huile agus go hiomlán mar a rinne Albain. Nó beidh an impireacht ag troid fad is mhairfeas sí. Caithfidh sí troid. Níl an dara dóigh aici le mairstean. Ar throid atá sí beo. (1981: 78)

Caipín na toinne, 1916–20

Chuir Éirí Amach na Cásca 1916 dlús leis an athrú i dTír Eoghain ón náisiúnachas bunreachtúil go dtí an poblachtachas. Mhaígh Ó Ceallaigh: ‘nuair a tharla an Éirí (sic) Amach in 1916 bhí tuairimí éagsúla ag an bpobal i gCill Scíre faoi, ní nach ionadh, ach is cinnte gurbh é a thoradh i measc lucht Chonradh na Gaeilge ann ná treiseacht i ndúthracht athbheochan na teanga’ (1968: 98).

Tharraing plean críochdheighilte Lloyd George, a chuir sé chontae Uladh as an áireamh ó Rialtas Dúchais, freasúra fíochmhar áitiúil. Cháin an tAthair Mag Uidhir uachtarán na nIbeirneach ‘juggler Joe’ Devlin as contaetha a ghéilleadh d’Óglaigh Uladh, agus thug ‘abomination and a blasphemy’ ar an chríochdheighilt (Strabane Chronicle, 15 Iúil, 1916). Bhíodh Cumann Luthchleas Gael ina phríomhfheithicil leis an ghluaiseacht a tháinig amach as 1916. Tháinig méadú ar chumainn Thír Eoghain go dtí 16 i ndiaidh 1916, lena n-áirítear foirne comórtha ar nós Chill Scíre Mhic Dhonnchadha. D’fheidhmigh cluichí mar mhodh thiomsaithe airgid polaitiúla do theaghlaigh na bpríosúnach, agus ba é an Comórtas Náisiúnta Cúnaimh príomhócáid spóirt an chontae. Bhain daoine de chuid BPÉ ar nós Eoin Ó Dufaigh tairbhe as líonra CLG (McGarry, 2005: 37). Ina theannta sin, chothaigh Conradh na Gaeilge – faoi stiúr Peadar Ó Donnghaile – athbheochan chultúrtha níos leithne. Mar sin, bhí Cill Scíre ina luath-lárionad poblachtach as siocair gurbh í leaba síolta don díchoilíniú roimh an réabhlóid féin.  Ag Aeridheacht 1917, rinne an tAthair Mag Uidhir tairngreacht ar athbheochan náisiúnta faoin trídhathach. Bhí ranganna Gaeilge á múineadh ag radacaigh áitiúla ar nós Pádraig Ó Ceallaigh, stiúrthóir traenála an IRA ina dhiaidh sin, agus a dheartháir, an t-údar Eoghan, ceannfort ar an Bhriogáid amach anseo. Imtheorannaíodh an bheirt beirt acu in 1922.

Idir an Bille um Rialtais Dúchais agus Olltoghchán 1918, tháinig athrú radacach ar náisiúnachas na hÉireann. Mar a luaigh Ó Ceallaigh, bhí mionlach poblachtach i ndiaidh dúshlán a thabhairt don ghluaiseacht Ibeirneach (a thacaigh leis an Pháirtí Parlaiminteach) le fada an lá, rud a spreag faicseanaíocht áitiúil. (Ó Ceallaigh, 1969: 90–2). Fiú roimh Ghéarchéim Uladh, bhíodh gluaiseacht na Gaeilge ní ba dhinimiciúla ná na hIbeirnigh i dTrí Liag agus Cill Scíre cibé. I ndiaidh 1916:

Leanadh do ghluaiseacht na Gaeilge agus gineadh sprid úrnua san obair tar éis Éirí Amach 1916. Bhí eolas sách maith ar an teanga ag an muintir i gceantracha na ranganna, cuid acu sármhaith sa chomhrá agus triúr fear Liam Gráinséir, Pádraig Mac Giolla Coiligh agus Séamas Ó Ceallaigh (deartháir le Jack Oin) oilte go leor chun ranganna agus céilithe a stiúradh agus rúnaíocht aeríochtanna a thabhairt orthu féin sa tslí nár ghá don Athair Maitiú aon mhúinteoirí ón taobh amuigh a cheapadh ón uair sin amach. (1968: 89)​

Bhíodh an dream seo mar dhúshraith na réabhlóide áitiúla: ‘Ní raibh cláraithe sa chumann [SF] ar dtús ach na fir óga a bhí páirteach i gConradh na Gaeilge ach méadaíodh ar an mballraíocht ar ball.’ (ibid. 98) Ní raibh Sinn Féin aontaithe, áfach. Thug coimeádaithe ar nós Kevin O’Shiel faoi deara go raibh poblachtánaigh óga – go háirithe mná – míshásta le smacht na ‘bpolaiteoirí damánta’, mar é féin. Tháinig na deighiltí inmheánacha seo chun críche i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh, nuair a thug Ceannfort APÉ i dTír Eoghain Cormac Ó Dálaigh faoi deara go raibh ‘na hÓglaigh agus líon mór na ndaoine’ in éadan an Chonartha, murab ionann agus an chléir agus na ‘seanpholaiteoirí’ (Cormac [Charlie Daly] chuig Ellen Daly, 28 Eanáir, 1922, Kerry County Archive (KCA), CD, P41/2/1/7.)

Tugann Ó Ceallaigh cuntas fairsing ar an dlúthbhaint idir an Athbheochan, an réabhlóid agus ról lárnach an Ghobáin iontu:

Músclaíodh suim ina aigne i gcúrsaí Sinn Féin, áfach, tar éis Éirí amach 1916 agus i gcúrsaí na nÓglach ón uair sin amach. B’ionad cruinnithe a theach d’fhir óga an bhaile a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta ó tharla é a bheith istigh ón mbóthar, agus i bpáirc leis a bhíodh na hÓglaigh ag druileáil…Ba shéimh tanaí an duine é Torry, é lúfar mear, léim mhaith aige agus ba iontach mar a dhamhsaíodh sé an ríl singil… bhí léann maith scoile air agus an-suim aige i gcúrsaí dlí agus níorbh ionadh é nuair a ceapadh é ina bhreitheamh dúiche áitiúil i gCúirteanna na Poblachta. Go déanach oíche áirithe i ndeireadh an Earraigh, 1922, tháinig díorma póilíní armtha chun Torry a ghabháil ach bhí mo dhuine ar a fhaichill agus shleamhnuigh sé amach tríd an doras iata agus d’éalaigh faoin dorchadas thar teorainn amach…Tá Pat agus Torry faoin bhfód leis na blianta, an teach ina fhothrach agus an fheirm ag an gCeallach, comharsa bhéal dorais leo. (1968: 30– 1)

Theip ar réabhlóid Shinn Féin i dTír Eoghain agus go náisiúnta sa deireadh. Luasc dílseacht an phobail náisiúnaigh áitiúil idir bunreachtúlachas na meánaicme Caitlicí agus an poblachtachas radacach fréamhaithe i bhfrith-impiriúlachas agus athbheochan chultúrtha. Mar sin féin, chlóigh grúpa dígeanta diongbháilte le meon an díchoilínithe le linn an ama – cé gur cloíodh iad sa chath. Chuir an dearcadh seo, a léirítear i gcuntais Ghaeilge Uí Cheallaigh agus Mháire, béim ar an tsuáilce shibhialta, ar dheonachas agus ar fhrithsheicteachas. Ag diúltú don impiriúlachas agus ag glacadh le comhionannas dúchasach, shamhlaigh siad náisiún saor ina raibh Sean-Éire agus Éire Óg réitithe – fís a cuireadh in iúl i dtéarmaí an-idéalach. Rinne Liam Ó Flaithearta cur síos ar an ‘spiorad nua’ útóipeach seo, nó an chaint fhiáin faoin tsochaí Chumannach Ghaelach – saor ó bhochtaineacht agus ón choimhlint – a thiocfadh chun cinn nuair a bhainfí neamhspleáchas amach ag Comhdháil na Síochana i bPáras. (Mitchell, 1995: 43).

Níl amhras ann gur thiomáin claonadh díchoilíneach na hAthbheochana an réabhlóid i dTír Eoghain. Mar a mhaígh Ó Ceallaigh: ‘Is gnáth in athbheochan den saghas seo i ngach tír go dtiocfadh treoraí chun tosaigh a mbeadh na suáilcí aige a theastódh ó fheachtas náisiúnta. Ba é an fear seo Pádraig Mac Piarais’ (1968: 95)​. Cloistear macalla na smaointe seo i bhfealsúnacht Mháire a roghnaigh an Gobán mar fháidheadóir míre ag tús an scéil ach a thagann ar an tátal seo agus ré na réabhlóide caite aige. Arís eile, is fiú trácht iomlán a dhéanamh air seo go léir mar gheall ar an chomhrá a rinne sé leis an fhear eile (is dócha Peadar Ó Domhnaill) agus ról an tsóisialachais in idé-eolaíocht na réabhlóide. Níorbh é nach raibh léamh aicmeach ag cosmhuintir na hathbheochana agus na réabhlóide ach gur shíl siad go réiteofaí na contrárthachtaí seo agus flaitheas mhuintir na hÉireann bainte amach ar dtús acu. 

Chonacthas domh féin, agus tithear domh go fóill, go raibh an soiscéal iomlán ag Pádraig Mac Piarais. D’fhág sé an soiscéal sin againn ina chuid scríbhinní, Agus theann sé isteach i mbeagán focal é ar uaigh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa. Ni raibh aige ach ciall amháin le saoirse, Chuirfeadh an tsaoirse sin Sean-Éire agus Eire Óg in aithne dá chéile. Agus ní bheadh i ngnoithe talaimh na trachtála na oibre ach rudaí a bheadh ar shlí a réitithe nuair a bheadh na glais scaoilte. ​

Bhinn féin agus fear a raibh aithne agam air ag díospóireacht nuair a chastaí ar a chéile sinn. Eisean ag rá gur bhain Sasain an talamh agus a ngléas beatha de mhuintir na hÉireann, agus nach raibh dóigh ar bith le ceart a bhaint de Shasain ach seilbh a fháil ar ais orthu. Agus mise ag rá nárbh fhéidir sin a dhéanamh a fhad is mhairfeadh Sasain ag déanamh dlí dúinn, Is minic a bhíomar searbh go leor le chéile sa tseanchas. Dúirt mise leis lá amháin nach raibh ciall ar bith aige do náisiúntacht ach an méid Bídh is dí a bhi le fáil dá thairbhe. “Troisc thusa cupla lá,’ ar seisean, ‘agus ní bheidh mórán aird agat ar Lon Leitreach Laoi ná ar Fhia Droma Deirg ná ar Thonn Rúraí ag buain le tráigh.’ (1981: 166–7)

Taoide trá, 1920–4  

Chreid poblachtánaigh áitiúla, go soineanta mar a tharla, go dtiocfadh neamhspleáchas mar gheall ar a gcás morálta, daonlathach amháin. Chuir stát na Breataine Dáil Éireann faoi chois agus cosc ar an ollghluaiseacht dhaonlathach go náisiúnta agus go háitiúil. Cuireadh deireadh le ranganna Chonradh na Gaeilge agus damhsaí céilí, rud a chuir iallach ar Óglaigh na hÉireann traenáil a dhéanamh faoi rún ag Tarlach Ó Néill agus Annie Maria Farry’s (Srath na gCúmair, Trillick). Nuair a cuireadh tús leis na ‘Speisialtaigh’ in 1920, chuir siad géarleanúint leanúnach ar bun in éadan an phobail náisiúnaigh agus na Gaeilge. Chuir Ó Ceallaigh síos ar chomh héifeachtach is bródúil is a bhíodh siad:

Bheadh in scéal dona go leor dá mba shaighdiúirí Shasana nó baill de na póilíní a bheadh san airdeall ach ba sheacht measa é ag comharsana. Tharlódh go mbeadh Caitliceach agus . B-man , ag obair as lámha a chéile i rith an lae agus go stopfadh an ‘ B-man’ céanna an Caitliceach agus é ar a bhéalach abhaile ó bheith ag céilíocht i dteach comharsan oíche an lae chéanna… Bhí Protastúnaigh ann, gan amhras, nár réitigh leis an obair seo ach ba leasc leo cur ina coinne mar bhí a fhios acu nach dtabharfaí aird orthu. (1968: 102)

Le linn na réabhlóide, ceapadh Peadar Bocht Ó Donnghaile as an Droim Mór mar thimire an Chonartha agus chuir dlús ceart leis an Chonradh. In Aibreán 1921, rinne na hÓglaigh ionsaí ar Bheairic Droim Mhóir.

I lár oíche go dlúth ina dhiaidh chruinnigh slua fear armtha sa sráidbhaile agus thug siad triúr fear óg Caitliceach, Ó Dochartaigh, Ó Duibhín agus Ó Sléibhín, amach óna dtithe cónaithe agus thug siad go crosbhóthar tamall soir ón sráidbhaile iad mar a lámhachadh an triúr. Chuir marú míthrócaireach an triúir seo uamhan ar an bpobal go mór mór mar níorbh eol gurbh Óglaigh iad. (ibid, 105)

Scríobh Peadar Bocht ina dhialann thimire: ‘Dúnmharaíodh go brúidiúil mo bheirt chol ceathrar aréir. Níl mé ábalta faic a dhéanamh ó shin nó níl a fhios agam cathain a bheas mé. Mise an chéad duine a fuair coirp na triúir’ (7 Aibreán, 1921). Oifigeach faisnéise na nÓglach a bhíodh i bPeadar fosta, agus ghabh na péas é tamall i ndiaidh sin (Ulster Herald, 9 Iúil, 1921) agus, níos faide anonn, imtheorannaíodh é in 1922.

Fán am seo bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus na Speisialtaigh i dTír Eoghain agus an lámh in uachtar ag na Fir Bhuí le linn an ama. Rinne an t-imtheorannú scrios ar na hÓglaigh agus gluaiseacht na Gaeilge mar aon:

Deichniúr fear ó Chill Scíre a bhí ann agus cúig dhuine dhéag ó na trí pharóiste timpeall. Ba Ghaeilgeoirí a dtromlach ó Chill Scíre agus ghoill a ngabháil go mór ar an Athair Maitiú. ‘My birds are flown’ a deireadh sé agus a fhios aige gur bheag seans a bhí ann ar na ranganna Gaeilge a athbhunú. Bhí muinín aige, áfach, as Coimisiún na Teorann a bhí le bunú agus muinín as chomh maith ag na Náisiúnaithe i dTír Eoghain agus i bhFir Mhanach ach go háirithe. (Ó Ceallaigh, 1968: 113)

In ainneoin dhóchas an tsagairt, dhaingnigh an Conradh Angla-Éireannach an chríochdheighilt agus sop in áit na scuaibe a bhí i gcoimisiún na Teorann. Nuair a rinne na hÓglaigh iarracht, sa bhliain 1922, le cinntiú go mbeadh Tír Eoghain ar thaobh ‘ceart’ na teorann, tháinig na Speisialtaigh anuas go trom orthu:

Go dlúth i ndiaidh an ídithe seo bhrúigh drong fear armtha isteach sna ceantair seo i lár oíche, tugadh beirt Náisiúnaithe óna dtithe cónaithe amach agus lámhachadh iad. Lámhach drong armtha fear óg oíche i mbaile mór Cearna freisin agus tamall ina dhiaidh sin thug drong armtha eile buachaill faoi bhun fiche bliain amach í lár oíche ó oirthear an pharóiste agus tásc ná tuairisc air níor chualathas riamh ó shin. Thug dronga eile cuairt at thithe Náisiúnaithe i dTrí Liag agus amuigh faoin tuaith agus b’fhearr rith maith ná drochsheasamh don mhuintir iontu an uair sin. Thar imeall na Sé Chontae amach a d’imigh siad seo ar dhóigh leo gur bhaol dóibh fanacht-cuid acu nár fhill go ceann cúpla bliain agus fodhuine nár fhill riamh ó shin (ibid, 112).

Mharaigh na Speisialtaigh Proinsias Ó Ceallaigh agus Liam Ó Caiside nuair a scaoil na hÓglaigh feirmeoir Protastúnach de thaisme le linn ruathair. Le linn an tsamhraidh 1922, thug na Speisialtaigh faoi Thomás Seán Ó Gallchobhair, buachaill óg gan baint ar bith aige leis na hÓglaigh, chuir a chorp trí thine in áith aoil. Níor aimsíodh a chorp riamh. Gabhadh beirt mhúinteoirí, Proinsias Ó Gallchobhair (Príomhoide Scoil Náisiúnta Thrí Liag) agus Proinsias Ó Murchú (Príomhoide Scoil Náisiúnta Ghabhláin), agus cuireadh ar an long ghéibhinn Argenta i Loch Lao iad. Loisc na Speisialta Scoil Ros Gearr a bhí ina cnámh spairne acu riamh. Dhreap siad bratach na Breataine ar fhothrach dubh an tí. Mar a mhaígh Ó Ceallaigh

Bhí ar na Gaeilgeoirí éirí as na ranganna oíche, as céilithe, agus eile. Ba é deireadh an ré órga é ag muintir an pharóiste a bhí páirteach san obair, ré a lean gan sos óna thionscnamh ag an Athair Maitiú sa bhliain 1906. Ba chásmhar an scéal aigesean é agus ghoill sé go mór air. Bhí deireadh freisin le rincí tuaithe agus leis an saol meidhreach ag an muintir a mbíodh sé de nós acu tamall den oíche a chaitheamh i gcuideachta a chéile ag bothántaíocht go ham luí (1968: 103).

Um chasadh an chéid, bhíodh Gaeil Thír Eoghain ag dúil le fáinne geal an lae is go dtiocfadh rath agus bláth ar theanga agus ar thír agus an athbheochan faoi lán seoil agus Rialtas Dúchas ar na bacáin. Ba léir nach raibh siad ach ag brionglóideach i nDúiche Uí Néill mar a bhí Máire féin agus é lonnaithe i gCill Scíre. Fá 1922, luigh mianta agus mórtas Mhig Uidhir faoi smionagar na scoile a thóg sé agus a líon sé le geabaireacht na Gaeilge. Rinne na dílseoirí cinnte de nach mbeadh spás ann don Ghaeilge in Ulaidh Phrotastúnach, tá cuid dá sliocht ag leanstan a lorg go fóill.

B’in deimhniú chríochdheighilt na hÉireann, cneá atá ag lot na tíre ó shin i leith…Ón lá sin go dtí an lá inniu tá dhá dhath ar gach léarscáil d’Éirinn agus go siúráilte is é dath dearg Shasana atá ar an limistéar thoir thuaidh den teorainn bhréagach (ibid, 109).

Conclúid

Tionscadal díchoilínithe a bhí in athbheochan na Gaeilge, dar le sciar suntasach de ghníomhaithe na teanga i gCill Scíre (1906–24). Níor cheart amhras ar bith a bheith ann gur ghluaiseacht dhíchoilínithe a bhíodh san athbheochan i gCill Scíre seachas gluaiseacht chultúrtha amháin. Léirítear go raibh athghabháil na teanga mar dhúshraith i dtógáil féiniúlachta náisiúnta frith‑impiriúla inar chuir an tAthair Maitiú Mag Uidhir borradh agus struchtúr eagraithe faoin Ghaeilge: scoileanna oíche, múinteoirí Gaeltachta, feiseanna móra, ranganna eacnamaíochta tí agus gairneoireachta, agus nasc idir teanga agus forbairt shóisialta.

D’fhéadfaí a argóint fosta go raibh Poblachtachas i dTír Eoghain frithimpiriúil agus frithsheicteach agus é bunaithe ar chothrom na Féinne agus comhionannas. Tagann an t-ómós áitiúl ar fhís an Phiarsaigh agus léamh Mháire chun cinn go mór. Ghlactaí go forleathan leis an dearcadh go mbeadh athmhúscailt chultúrtha mar bhunús le hathrú sóisialta, agus go réiteofaí contrárthachtaí aicme i ndiaidh neamhspleáchais. Taispeántar an t-idéalachas láidir, go minic míréadúil, a spreag daoine óga le linn na réabhlóide. Leoga, seasann an staidéar seo amach mar stair ó bhun aníos a leagann béim ar ghuthanna nach gcloistear go minic i staidéir mhóra ar an réabhlóid iad. Seasann an Gobán/Tarlach Ó Néill mar eiseamláir den mheon choitianta réabhlóideach seo. Ní ghlacann an t-alt leis an bhraistint go raibh an athbheochan scartha ón réabhlóid nó go dtig leat an Ghaeilge a dhéanamh neamhpholaitiúil. Leoga, d’imir polaitiú tríd an teanga ról ríthábhachtach i bhforbairt na nÓglach go háitiúil. Léiríonn an taighde go raibh céatadán ard Gaeilgeoirí i measc Óglaigh Chill Scíre agus go raibh Gaeilge mar tháscaire gníomhaíochais phoblachtaigh i roinnt toghranna.

Ní léamh réaduchtach é seo, áfach. Leoga, léiríonn an fhianaise deighilt inmheánach shuntasach sa phobal náisiúnach idir an náisiúnachas bunreachtúil agus poblachtachas. Taispeántar an choimhlint idir Seán Réamann agus an tAthair Mag Uidhir (cé go raibh sé leonta luaineach lena thacaíocht), agus na poblachtánaigh óga, a thuig an Chéad Chogadh Domhanda mar choimhlint impiriúil. Tá léargas saibhir sna cuimhní cinn ar an teannas seo: tugann an Gobán guth don eitic phoblachtach agus don fhrith‑impiriúlachas gan leithscéal. D’eascair sé seo amach as stair na hathbheochana áitiúla agus Droim Mór agus Cill Scíre mar ionaid luatha don phoblachtachas. Mhair nó d’fhorbair dlúthbhaint idir Conradh na Gaeilge, Cumann na mBan, CLG, agus APÉ. I bhfírinne, sheas Cill Scíre ina luath‑lárionad poblachtach le líonra cultúrtha agus sóisialta an‑ghníomhach sular tháinig an réabhlóid cheart.

Tháinig frithréabhlóid (1920–24) chun cinn mar scrios iomlán ar shaothar cultúrtha na mblianta 1906–1920. Níor éirigh leis an réabhlóid, go páirteach, mar gheall ar na scoilteanna inmheánacha sa ghluaiseacht féin ach, thar aon ní eile, theip uirthi mar gheall ar lámh láidir an stáit impiriúil agus a bhfórsaí coilíneacha in Éirinn nó i gcomhthéacs Thír Eoghain – sliocht na plandála.  Ó 1920 ar aghaidh, d’fhulaing an tromlach áitiúil poblachtach foréigean, gabhálacha, loisceadh scoileanna, agus deireadh cuimsitheach le gluaiseachtaí cultúrtha, lena n‑áirítear damhsaí, ranganna Gaeilge agus feiseanna. Taispeánann sé nach raibh an fhrithréabhlóid teoranta don pholaitíocht, ach gurbh ionsaí ar chultúr agus ar fhéiniúlacht áitiúil í a d’fheidhmigh mar chuid dhílis de pholasaí na críochdheighilte: tubaiste don athbheochan, briseadh ar an phobal Ghaelach, múinteoirí díbeartha an CLG agus an Ghaeilge faoi chois, agus pobal náisiúnach scaipthe. Nó le scéal fada a dhéanamh gairid, deireadh ré órga Chonradh Chill Scíre agus príomhfháth nár tháinig an tuar faoi thairngreacht Uí Chonaire agus go bhfuair an Ghaeilge ó dhúchais bás i dTír Eoghain.

 

 

 

Tagairtí

Mac Bhloscaidh, F. (2026). ‘Dromore and Trillick: revolution and reaction on a colonial frontier, 1906–22.’ Settler Colonial Studies. 1–27. https://doi.org/10.1080/2201473X.2026.2652161

Máire (1981) Saol Corrach. Corcaigh: Mercier.

Mathews, P.J. (2003) Revival: the Abbey Theatre, Sinn Féin, the Gaelic League and the Co-operative movement. Corcaigh: Cork University Press i gcomhar le Field Day.

McCluskey, F. (2011) Fenians and Ribbonmen. Manchester University Press.

McCluskey, F. (2014) Tyrone. Baile Átha Cliath.

McGarry, F. (2005) Eoin O’Duffy. Oxford University Press.

McMahon, T. (2008) Grand Opportunity. Syracuse University Press.

Milligan Fox, C. (1910) ‘Folk Song in County Tyrone.’ Journal of Irish Folksong Society 8. 24–8.

Mitchell, A. (1995) Revolutionary Government in Ireland. BÁC: Gill & Macmillan.

Murphy, B.P. (1991) Patrick Pearse and the lost Republican Ideal. BÁC: James Duffy.

Ó Ceallaigh, E. (1968) An Dá Thaobh. BÁC: An Clóchomhar.

O’Daly,B. (1955) ‘Material for a History of the Parish of Kilskeery.’ Clogher Record 1, 3. 104–5.

Ó hAnnracháin, P. (1937) Mar chonnac-sa Éire. BÁC: Cló-Oifig Uí Chaoilte.

Agusín

 

Aguisín 1

1. Líon na gCaitliceach agus na nGaeilgeoirí sna toghranna roghnaithe (1911)
Ceantar Caitlicigh​ Gaeilgeoirí​ (%)​
Trí Leac​ 502​ 138​ 27.5%​
Cill Scíre​ 670​ 277​ 41.3%​
Gort na Móna​ 803​ 265​ 33.0%​
Droim Mór​ 791​ 37​ 4.7%​
Grianán ​ 615​ 76​ 12.4%​
Tulach’a Chluanaigh 449​ 37​ 8.2%​
Iomlán ​ 3,830​ 830​ 21.7%​
 
2. Arm Phoblacht na hÉireann agus Gaeilgeoirí i measc na bhfear Caitliceach (15-50)
DED Fir Caitliceacha Óglaigh % APÉ Gaeilgeoirí % APÉ le G
Grianán 171​ 47​ 36.4%​ 12​ 25.5%​
Droim Mór 244​ 43​ 17.6%​ 22​ 51.2%​
Cill Scíre 202​ 44​ 21.8%​ 36​ 81.8%​
Gort na Móna 213​ 28​ 13.1%​ 20​ 71.4%​
Trí Leac 146​ 18​ 12.3%​ 12​ 66.6%​
Tulach’a Chluanaigh 125​ 25​ 20%​ 9​ 36%​
Iomlán 1101​ 205​ 18.6%​ 111​ 54.1%​
 

Aguisín 2