Síobhra Aiken
Is léachtóir sinsearach in Ollscoil na Banríona í an Dr. Síobhra Aiken. Tá aistí foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de stair shóisialta agus chultúrtha an 20ú haois.
Julia Collins
Is Léachtóir san Oideachas í Julia Collins i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is mac léinn PhD í atá ag díriú ar phobal cleachtais tras-earnála i réimse mhúineadh na Nua-theangacha de réir an churaclaim nua bunscoile. An phríomhspéis taighde atá ag Julia ná an tumoideachas, teagasc dátheangach / ilteangach agus forbairt ghairmiúil múinteoirí.
Merryn Davies-Deacon
Is léachtóir sinsearach in Ollscoil na Banríona í an Dr Merryn Davies-Deacon. Tá saineolas aici ar shochtheangeolaíocht na Briotáinise agus na Coirnise.
Sinéad Donnelly
Is dochtúir agus ollamh le leigheas ginearálta agus maolaitheach a tógadh i nGaillimh agus atá ag obair in Whanganui a Tara na Nua-Shealainne / Aotearoa faoi lathair í Sinéad. Tá suim faoi leith ag Sinéad sa taighde cáilíochtúil agus tá go leor foilsithe aici I réimse an taighde cháilíochtúil a bhaineann le taithí othar ar an gcúram leighis.
https://orcid.org/0000-0002-7635-6199
Ciarán Mac Giolla Bhéin
Is Comhordaitheoir Pleanála Teanga é Ciarán Mac Giolla Bhéin le Fís an Phobail. Tá sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus bhí alt aige i gcló ar an Reiviú sa bhliain 2018.
Ronan McLernon
Is dochtúir é Ronan McLernon atá ag obair i réimse an chúraim mhaolaithigh i nGaillimh faoi láthair. Tá sé paiseanta faoi chúram daoine leochaileacha.
Camilla Murtagh
Is dochtúir comhairleach í an Dr Camilla Murtagh in Ospís na Gaillimhe.
Margarita Neothallaigh
Is as Contae na Mí ó dhúchas do Margarita ach tá sí lonnaithe lár tíre. Tá MA sa stair áitiúil aici ó Ollscoil Mhá Nuad, agus MA sa Léann Teanga ó Ollscoil na Gaillimhe. D’oibrigh sí i gCluain Mhic Nóis agus mar mhúinteoir meánscoile agus is ball deonach de Mheitheal Dúchas í. Tá suim aici i dtaighde acadúil, i dtéacsanna cráifeacha agus sa tsochtheangeolaíocht.
Róisín Nic Liam
Is iníon léinn PhD í Róisín Nic Liam in Ollscoil na Banríona agus Glór na Móna. Gluaiseacht athghabhála na Gaeilge i mBéal Feirste ó bhí 1998 ann is ábhar dá cuid taighde.
Tracey Ní Mhaonaigh
Is Ollamh Comhlach agus Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Tracey Ní Mhaonaigh, agus eagarthóir Irisleabhar Mhá Nuad. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí foclóireachta agus aistritheoireachta, sa nualitríocht agus sa stair chultúrtha, agus tá go leor oibre déanta aici ar oidhreacht theangeolaíoch Chorca Dhuibhne agus ar athbheochan na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, go háirithe. Tá roinnt leabhar curtha amach aici le tamall de bhlianta anuas, As Tobar an Doibhlinigh (2015), Tháinig do Litir… (2017), The Life and Legacy of An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (2021), Ó Chófra Chuallacht Cholm Cille (2021), agus De Forti Dulcedo (2025) mar aon le scata eagrán de Irisleabhar Mhá Nuad agus de Léachtaí Cholm Cille. Cuireadh an t-eagrán inchuardaithe de Croidhe Cainnte Ciarraighe a réitigh sí mar chuid dá céim dochtúireachta ar fáil go leictreonach in 2018.
Eva Ní Mhealláin
Is teagascóir Gaeilge í Eva in Ollscoil Iarthar na Briotáine (UBO) agus tá spéis mhór aici i gcúrsaí Gaeilge – an Fhoclóireacht, an Litríocht, an Dúchas agus an tSochtheangeolaíocht – foghlaim na dteangacha, an Léann Ceilteach agus an Léann Inscne. Is céimí céadonóracha í an BA, sa Ghaeilge agus sa Fhraincis, agus an MA, sa Léann Teanga, ó Ollscoil na Gaillimhe.
Dorothy Ní Uigín
Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, í an Dr Dorothy Ní Uigín. Tá suim aici sa teagasc agus sa sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil. Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge. Is as cathair na Gaillimhe di.
https://orcid.org/0009-0001-4027-8037
TJ Ó Ceallaigh
Tá an Dr TJ Ó Ceallaigh mar Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea oideachas, forbairt agus ceannaireacht múinteoirí, le tagairt ar leith don tumoideachas teanga agus do chomhthéacsanna éagsúla an dátheangachais/ilteangachais.
Aodh Ó Coileáin
Múineann Aodh Ó Coileáin cúrsaí i nGaeilge agus i mBéarla i réimse na meán in Ollscoil na Gaillimhe. Bhain sé BA sa pholaitíocht agus socheolaíocht agus sa dlí amach, chomh maith le LLB agus LLM in Ollscoil na Gaillimhe. Rinne sé scrúduithe an dlíodóra i gCumann Dlí na hÉireann ach níor chleacht sé dlí riamh. Tá sé ina chathaoirleach ar an gcomhlacht neamhbhrabúis Tearmann Dúlra Loch Gréine atá ag iarraidh ceantar in oirthear Chontae an Chláir, a luaitear leis an bhfile Brian Merriman, a chaomhnú trí thailte a cheannach d’fhonn an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. Idir 2016 agus 2021, tráth a cuireadh athruithe suntasacha i gcrích, d’fheidhmigh sé mar stiúrthóir agus mar chathaoirleach ar an Taibhdhearc. Bhunaigh Ó Coileáin an grúpa amharclainne ‘Na Fánaithe’ (1987–1993) i bpáirt le daoine eile a bhí i gCumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe. Tá gradaim idirnáisiúnta bainte amach aige dá chuid obair scannánaíochta. Chaith sé tréimhsí ina iriseoir agus ag saothrú san amharclann. Thug sé beagnach deich mbliana ina eagarthóir nuachta in RTÉ.
Pádraig Fhia Ó Mathúna
Is staraí agus Oifigeach Inniúlachta é an Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna le Fís an Phobail. Tá neart foilseacháin aige ar stair na himirce agus stair na Gaeilge; d’fhoilsigh sé alt ar an Reiviú sa bhliain 2022.
Marie Whelton
As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá idir leabhair, ailt agus áiseanna oideachais scríofa aici. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart 2008); Oíche Shamhna: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairComhar 2024) agus Doirse an Teampaill: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2024). Sa bhliain 2020, rinne sí comheagarthóireacht ar eagrán speisialta den iris phiarmheasta, COMHARTaighde.