Lorna Johnson
Is as Lincolnshire i Sasana do Lorna agus tá sí ag cur fúithi sa Nua-Shéalainn faoi láthair. Ba as Éirinn a máthair. Bhain sí Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe le céadonóracha in 2025. Tá sí ag obair mar chomhairleoir cathrach in Palmerston North na Nua-Shéalainne faoi láthair. Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha uirthi don bhliain acadúil 2025/26 mar thoradh ar a cuid torthaí acadúla. Tá spéis aici sa phleanáil teanga agus tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.