Anna Lee
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas d’Anna. Bhain sí céim sa Ghnó amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tar éis tréimhse a chaitheamh ag taisteal, tháinig sí ar ais chun MA a dhéanamh sa Ghaeilge toisc go raibh suim i gcónaí aici sa teanga.
Niamh McCann
Is as Tuaisceart Bhéal Feirste do Niamh. Bhain sí céim onóracha amach sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2012.
Tara Ní Mhóráin
Is as Dún Dealgan, Co. Lú do Tara. Bhain sí céim chéad onóracha amach sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2012.
Áine Uí Fhoghlua
Is as Carna i gConamara d’Áine. Bhain sí céim onóracha amach i Léann an Aistriúcháin agus i Staidéar Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2012. Bronnadh Scoláireacht an Dr HH Stewart sa Ghaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann ar Áine in 2010 agus ghnóthaigh sí Gradam Fhoras na Gaeilge san Aistriúchán in 2012.
Conor Walsh
Is as Boston, SAM do Conor. Bhain sé céim onóracha amach sa Teangeolaíocht in Ollscoil Harvard, Cambridge, Massachusetts in 2012.