Ag tógáil don todhchaí: Meon Gaeilgeoirí óga i nGaeltacht Bhéal Feirste i leith forbairt ghairmiúil agus inniúlachta leanúnach

Comhthéacs

Léiríonn na figiúirí daonáirimh is deireanaí go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge ag beagnach 25% de phobal Iarthar Bhéal Feirste (Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde, 2022) agus aithnítear an ceantar ar na ceantair in Éirinn is líonmhaire ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge de. Is toradh é seo ar an athghabháil teanga a tháinig chun cinn in iarthar na cathrach sna 1960í – a bhí ag tógáil ar ghluaiseacht athghabhála a théann siar go dtí an 19ú haois – agus tá an teanga á labhairt mar theanga theaghlaigh le cúpla glúin anuas (amharc O’Reilly, 1999; de Brún, 2006). Is pobal teanga é seo a cothaíodh i gcomhthéacs cogaíochta agus a tháinig chun cinn i measc na cosmhuintire in ainneoin neamhshuime, agus go minice, naimhdis ón stát (Walsh, 2012: 53; Mac Ionnrachtaigh, 2013 &s 2021; Andrews, 1997). Sa bhliain 2015, d’aithin Foras na Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste mar líonra pleanála teanga i dteannta ceithre cheantar eile taobh amuigh de na Gaeltachtaí traidisiúnta (O’Rourke & Walsh, 2021: 68). Bronnadh stádas oifigiúil ar an Ghaeilge ó thuaidh sa bhliain 2022 nuair a ritheadh an tAcht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 i bparlaimint Westminster agus ceapadh an chéad Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, ag deireadh na bliana 2025 (Ní Chiaráin, 2025). Mar a mhínítear ar shuíomh gréasáin Fhís an Phobail, an plean teanga d’Iarthar Bhéal Feirste, is liosta le háireamh na seirbhísí lán-Ghaeilge atá ag feidhmiú in achar de thrí mhíle cearnach i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, ina measc: cúig bhunscoil, sé naíscoil, meánscoil, spórtlann, trí chumann óige agus eagraíocht réigiúnach óige, dhá ionad cúram lae, compántas drámaíochta, stáisiún raidió pobail, lárionad foghlama, agus comhlacht traenála agus gairmoideachais, i measc seirbhísí eile (Fís an Phobail, gan dáta). Má bhí an obair dheonach agus an féinchuidiú ina saintréithe den athghabháil teanga nuair a bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe sna 1960í (amharc Maguire, 1991; Mac Póilín, 2018; Mac Coinnigh et al., 2019; Mac Ionnrachtaigh, 2021), is suntasach anois líon na ndaoine atá fostaithe go lánaimseartha in earnáil na Gaeilge sa cheantar seo atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch suntasach fós (Stone, 2025).

Tá tábhacht nach beag ag baint le cothú na hearnála gairmiúla Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, más ea. Ní hamháin go bhfuil deiseanna eacnamaíocha tábhachtacha i gceist le leathnú na hearnála ach aithnítear fosta go bhfuil fás agus inmharthanacht an phobail teanga seo ag brath ar an Ghaeilge a bheith in úsáid ní hamháin mar theanga theaghlaigh agus oideachais ach mar theanga a úsáidtear in achan réimse de shaol an phobail agus a shamhlaítear fosta, mar a shonraítear sa scoláireacht, leis an (ath)ghiniúint pobail agus leis an fholláine phearsanta trí chéile (amharc Linn & Dayán-Fernández, 2024: 4; Blake, 1997; Carden, 2012; Nic Roibeaird, 2024; Ó Tiarnaigh & Mac Giolla Bhéin, 2018). Go deimhin, is éileamh leanúnach ag gníomhaithe Gaeilge Bhéal Feirste gur ‘saol trí Ghaeilge atá uainn’ (amharc Mac Giolla Bhéin, 2017; Mac Siacais, luaite in Ó Coimín, 2016). Mar sin féin, is iomaí constaic atá le sárú chun an earnáil ghairmiúil a fhorbairt i dteanga mhionlaithe ar bith. I measc na gconstaicí sin, tá ardstádas na mórtheanga sa tsaol phroifisiúnta (Gomashie, 2025: 777), raon teoranta na ról a shamhlaítear leis an mhionteanga (agus an dearcadh institiúideach go mbaineann an Ghaeilge le réimse an oideachais, na n-ealaíon, agus rólanna searmanais amháin (Ó Giollagáin, 2014: 20)), ceisteanna leanúnacha maoinithe (Walsh, 2021: 336), easpa deiseanna ardaithe céime san earnáil atá fós, den chuid is mó, lonnaithe san earnáil phobail amháin, agus deiseanna fostaíochta agus coinníollacha oibre níos fairsinge a bheith ar fáil san earnáil fhadbhunaithe Bhéarla nó, go minic, thar lear.

Amharcann an t-alt seo le dul i ngleic le constaic amháin i measc na gconstaicí seo, is é sin an easpa forbairt ghairmiúil leanúnach atá ar fáil dóibh siúd atá ag obair leis an Ghaeilge. Mar a léiríonn Joanna McPake et a.l (2017), cuirtear cláracha forbairt ghairmiúil ar fáil do dhaoine proifisiúnta i gcomhthéacs na Catalóinise, na Bascaise, na Breatnaise, agus na Maoraise agus tá dea-impleachtaí ag na scéimeanna céanna don chothromaíocht ghairmiúil (idir earnáil na mórtheanga agus na mionteanga), do spriocanna oideachasúla, agus do chothú na hidé-eolaíochta teanga. I gcomhthéacs na Maoraise, cuirtear maoiniú ar leataobh i mbuiséad oideachais na Nua-Shéalainne don mheantóireacht agus don fhoghlaim ghairmiúil (McPake et al., 2017) agus tá cúrsaí ar leith den chineál seo á soláthar ag an institiúid oideachais threasaigh Maoraise, Te Wānanga o Aotearoa (Jenkins, 2009).

Tá ceist na forbartha gairmiúla agus na hidé-eolaíochta teanga níos práinní fós de bharr an éilimh atá ag teacht ar sheirbhísí Gaeilge i gcomhthéacs an Achta Féiniúlachta agus Teanga (2022) agus i gcomhthéacs cheapachán an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2025. I bhfianaise leathnú seo na seirbhísí, ní foláir nó go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar earnáil ghairmiúil na Gaeilge sna blianta beaga atá romhainn. Chun freastal ar an easpa deiseanna oiliúna, ní mór tuiscint a fháil ar dtús ar thuairimí daoine óga ar ról na Gaeilge ina saol gairmiúil. Ag tarraingt ar dhá fhócasghrúpa cháilíochtúla le daoine óga (idir 16 agus 24 bliain d’aois), téann an t-alt seo i ngleic le dhá mhórcheist taighde: cad é a spreagann daoine óga le ról gníomhach a ghlacadh in earnáil ghairmiúil na Gaeilge? Agus cén dearcadh atá acu i leith forbairt ghairmiúil agus inniúlachta leanúnach san earnáil?

An Chéad Chéim Eile do Chainteoirí Óga Gaeilge

Aithníonn sochtheangeolaithe go hidirnáisiúnta an titim i labhairt na mionteanga i measc daoine óga nuair a fhágann siad an scoil agus téann isteach sa tsaol oibre nó ar an ollscoil. I gcomhthéacs na Bascaise, sonraítear titim ghéar i gcumas teanga idir daoine sna haoisghrúpaí 16–24 bliain agus 25–34 bliain (Moriarty, 2010: 143); sa Chatalóin aithnítear titim i labhairt na mionteanga ag tús bhlianta na meánscolaíochta, agus sa Bhreatain Bheag is léir ní hamháin go dtiteann cumas sa teanga ach go dtagann laghdú ar dhearcthaí dearfacha i leith na teanga fosta de réir mar a théitear in aois (Ó Riagáin et al., 2008: 3). Mar a áitíonn Pádraig Ó Riagáin et al. (2008: 16) i gcás na Gaeilge, samhlaítear an Béarla le ‘status and mobility’ a fhad is a shamhlaítear an Ghaeilge le ‘places and circumstances from which young people in these communities may be trying to extricate themselves’. Cé go bhfuil comhthéacs Ghaeltacht uirbeach Bhéal Feirste éagsúil le comhthéacs na nGaeltachtaí traidisiúnta – sa dóigh is nach mbíonn an brú céanna ar dhaoine óga an ceantar a fhágáil ar lorg oibre – samhlaítear an Ghaeilge fós le comhthéacsanna faoi leith (.i. comhthéacs na scolaíochta) agus nuair a imíonn daoine ón chomhthéacs sin, ní nós an teanga a úsáid an oiread céanna.

Is údar imní é go bhfuil an tiontú teanga seo le feiceáil i measc páistí níos óige ná riamh. Bhí drochthionchar suntasach ag paindéim COVID mar gur tháinig laghdú ar an phróiseas sealbhaithe teanga mar gheall ar an chianfhoghlaim agus easpa deiseanna labhartha (Engman et al., 2023, 172). Ina theannta sin, léiríonn taighde Ben Uí Cheallaigh (2022: 208–9) tionchar an nualiobrálachais ar mheath na teanga – a chuimsíonn fás na teicneolaíochta (ar nós Netflix agus na meán sóisialta), easpa spásanna sóisialta do labhairt na teanga, agus an imirce – agus sonraíonn Janice Carruthers & Mícheál Ó Mainnín an nasc a shamhlaítear go fóill idir an teanga agus an míbhuntáiste eacnamaíoch (2017; 2024).

Tógadh roinnt beart in Iarthar Bhéal Feirste le tamall de bhlianta anuas chun cur i gcoinne na dtreochtaí seo i measc daoine óga. Ainneoin fhás an Ghaeloideachais, thug suirbhé a rinne Ó Riagáin et al. (2008) le 145 dalta Gaelscoile as Béal Feirste, Doire, agus Ard Mhacha le fios gurbh é an Béarla an ghnáth-theanga chumarsáide a labhair beagnach leath na ndaltaí (47%) lena gcairde taobh amuigh de gheataí na scoile (agus cá bhfios nach bhfuil an figiúr níos ísle ná sin i ndáiríre). Mar a luann Feargal Mac Ionnrachtaigh, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta oibre óige agus pleanála teanga, Glór na Móna (luaite in Ní Shionnain, 2020: 185–6):

[C]eann de na rudaí a bhí muid ag fáil amach ná mórchuid na ndaoine óga a chuaigh fríd na Gaelscoileanna i mBéal Feirste, idir an aois 16 agus 30, bhí siad ag cailleadh a gcuid Gaeilge labhartha. Bhí siad ag críochnú mar a bheadh passive bilinguals ann.

Ba i ngeall air seo a cuireadh tús le bearta éagsúla in Iarthar Bhéal Feirste chun an teanga a chothú mar theanga shóisialta taobh amuigh den scoil, trí ghréasáin shóisialta a fhorbairt ina raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide – ina measc an club CLG, Laochra Loch Lao – chomh maith le réimse seirbhísí óige, féilte ceoil agus pobail, cúrsaí gairmoideachais, feachtais cearta daonna, agus eile.

Cúrsaí Idé-eolaíochta

Aithnítear go forleathan go bhfuil ceist labhairt na mionteanga i measc daoine óga fite fuaite sna creatlacha idé-eolaíochta a thiomáineann cinneadh an duine, nó cinneadh an phobail, teanga a labhairt nó gan í a labhairt. Dar le Nicole Dołowy-Rybińska ina staidéar ar thógáil na féiniúlachta i measc cainteoirí mionteanga as an Chaisúib, Lusáit Uachtarach, an Bhriotáin agus an Bhreatain Bheag go bhfuil an neamhshuim ar an bhac is contúirtí d’fhorbairt agus d’inmharthanacht mionteanga: ‘Indifference towards belonging to a minority group and speaking its language, fostered by increasing cultural assimilation, globalization processes, economic conditions and lifestyle change, is one of the major threats faced by minority languages’ (2020: 14). Tagann taighde Murray et al., (2023) ar an Ghaeilge mar ábhar meánscoile i measc daltaí de chúlraí cultúrtha éagsúla le scoláireacht Dołowy-Rybińska agus iad ag áiteamh gur ghá go samhlódh daoine óga úsáid ‘uirliseach’ agus tábhacht phraiticiúil dhomhanda leis an Ghaeilge – seachas feidhm shiombalach amháin – leis an teanga a chur chun cinn i sochaí ilchultúrtha na linne seo.

Gné ar leith den idé-eolaíocht teanga seo ná go dtugtar dúshlán na miotas nó na réamhchlaontaí a bhuailtear ar phobail labhartha mionteanga ón taobh amuigh. I measc na miotas is coitianta go hidirnáisiúnta, tá na tuiscintí diúltacha gur teanga ‘mharbh’ nó teanga ‘thuaithe’ den tseandéanamh í an mhionteanga agus nach bhfuil sí fóirsteanach don tsaol chomhaimseartha (Dołowy-Rybińska, 2020: 53). Seachas mionteanga a bhrú faoi chois, áfach, léiríonn an taighde idirnáisiúnta go gcothaíonn na réamhchlaontaí diúltacha céanna féiniúlacht bunaithe ar an fhrithbheartaíocht i measc lucht labhartha na teanga, go speisialta i measc an dreama óig. Mar sin, feictear i gcomhthéacs na Briotáinise agus na Breatnaise go mbíonn an mhíshástacht le polasaithe an stáit mar bhonn le ‘action promoting its culture and language, which involves a rebellion against inequality and fight for a change’ (Dołowy-Rybińska, 2020: 48).

D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur láidre féiniúlacht frithbheartaíochta phobal na Gaeilge ó thuaidh de bharr an díspeagadh leanúnach a dhéantar ar an teanga i réimse na polaitíochta agus na meán. Chomh fada siar leis an bhliain 1936, d’áitigh an Viscount Craigavon, a bhí ina Phríomh-Aire ar stát Thuaisceart Éireann níos deireanaí, nach raibh aon luach praiticiúil ag baint leis an teanga agus nach gcuirfeadh an Ghaeilge le dílseacht don stáitín nua: ‘we do not see that these boys being taught Irish would be any better citizens’ (luaite in Walsh, 2012: 54). Tugtar le fios chomh maith céanna gur caitheamh aimsire – ‘leprechaun language’– atá sa Ghaeilge nó gur uirlis pholaitiúil amháin í a amharcann le deighilt a chothú sa tsochaí (Walsh, 2012: 340). Ar deireadh, is éard atá sa phlé ar pholaitiú na teanga go minic ná iarracht ar bhac a chur ar ‘[an] activist community which has the audacity to challenge centuries of linguistic marginalisation’ (Mac Giolla Bhéin, 2019).

Ach má ghríosaíonn ionsaithe ar theangacha mionlaithe an pobal chun gnímh, is féidir fosta go n-éiríonn cainteoirí níos leisciúla, nó go gcailleann siad misneach le dul i mbun agóide, nuair atá tacaíocht stáit á fháil ó phobal na teanga. Mar a dúirt dalta meánscoile ó chúlra Sorbach, grúpa eitneach mionlaithe atá lonnaithe sa Ghearmáin: ‘When there were oppressions, as in the Prussian times, we all felt stronger as Sorbs because we all supported one another. Now, as you can do whatever you want, people no longer support one another’ (Dołowy-Rybińska, 2020: 75). Tá a leithéid d’fhuarchúis le haithint i ndeisceart na hÉireann fosta. Mar a shonraíonn Conchúr Ó Giollagáin (2014), ní shamhlaítear go bhfuil an Ghaeilge faoi bhagairt de bharr go bhfuil polasaithe ag an stát chun tacú leis an teanga, is cuma cé chomh lag is atá na polasaithe céanna. Áitíonn Ciarán Lenoach go bhfuil an bhéim ar shiombalachas na Gaeilge le haithint fiú i measc cainteoirí Gaeltachta agus an teanga á samhlú mar chomhartha ar fhéiniúlacht Ghaeltachta seachas mar ghnás pobail nó teaghlaigh (2012: 72–3).

Cén tionchar sochtheangeolaíochta, más ea, a bheas ag an aitheantas nua atá bronnta ar an Ghaeilge sa dlínse ó thuaidh ar an idé-eolaíocht teanga sa chomhthéacs uirbeach seo? Cé gur gheall rialtas na Breataine sa bhliain 2006 i gComhaontú Chill Rímhinn go gcuirfí Acht Gaeilge i bhfeidhm, cuireadh an cheist siar ar feadh na mblianta. Nuair a gearradh siar ar dheontas Líofa i mí na Nollag 2016 – deontas a chuir scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do pháistí – tháinig an ghluaiseacht phobail, An Dream Dearg, chun cinn chun cearta agus Acht Gaeilge a éileamh (Keaney & Ó Conchubhair, 2024). D’athraigh an ghluaiseacht ‘tírdhreach polaitiúil na sé chontae, ar bhealach nach bhfacthas le beagnach 20 bliain’ (Ó Tiarnaigh & Mac Giolla Bhéin, 2018: 156). Ní foláir nó go bhfuil nasc idir an feachtas céanna agus an borradh atá faoin teanga le cúpla bliain anuas. Tá tionchar an Dreama Dheirg le sonrú ón áit lárnach a bhain ceist na Gaeilge amach sa dioscúrsa phoiblí agus pholaitiúil agus ó líon na ndaoine, daoine óga go háirithe, a bhí páirteach san fheachtas chéanna, trí ghníomhaíochtaí sna Gaelscoileanna, agóidí, agus mórshiúlta. Sa bhreis air sin, rinne Conradh na Gaeilge taighde sa bhliain 2018 a léirigh gur tháinig borradh suntasach ar líon na ndaoine a chláraigh do ranganna Gaeilge sa tréimhse ó thosaigh feachtas an Dreama Dheirg. Ach, bunaithe ar an taighde idirnáisiúnta, an gá a bheith aireach go dtiocfaidh maolú ar an fhuinneamh idé-eolaíochta chéanna amach anseo agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil i dtuaisceart na hÉireann faoi dheireadh? Cén dóigh ba cheart an fuinneamh sin a chothú – agus baol na neamhshuime idé-eolaíochta a sheachaint – ar bhonn praiticiúil i measc fostaithe óga in earnáil na Gaeilge?

An Phleanáil Teanga ón Bhun Aníos

Ní hamháin go gcothaíonn an reachtaíocht teanga nua seo ceisteanna maidir le gríosú an phobail ach cothaíonn an cur chuige oifigiúil ceisteanna fosta maidir le ról an phobail i ndearadh thodhchaí na teanga, nó ‘community-based language planning’ (CBLP). Go deimhin, gné ar leith de ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste is ea an obair phobail agus is í an bhéim ar an obair ón bhun aníos – a tháinig chun cinn ar dtús de bharr easpa tacaíochta ón stát – is cúis, cuid mhaith, leis an rath atá ar an athghabháil in iarthar Bhéal Feirste i gcomórtas le háiteanna eile in Éirinn. D’fhág an naimhdeas polaitiúil i gcoinne na teanga go raibh an pobal féin freagrach as cosaint agus forbairt na Gaeilge, rud a spreag cultúr gníomhachais a chuimsítear sa mhana ‘Ná habair é, déan é.’ Dá bhrí sin, tháinig ceannairí chun tosaigh ón phobal a bhunaigh scoileanna agus grúpaí pobail, agus a reáchtáil feachtais ar son aitheantais agus cothromais.  

Tá aitheantas níos mó ná riamh ar thábhacht an phobail sa phleanáil teanga de bharr go dtuigtear ‘if language planning does not have the support of the communities it is intended for, it cannot succeed’ (Webb, luaite in Ní Shionnain, 2020: 93). Tá béim ar leith sa scoláireacht anois ar mhúnla pleanála teanga pobalbhunaithe (CBLP), múnla atá ‘motivated by local needs and desires, and shaped by local resources and opportunity structures’ (McCarty, 2018: 24). Go deimhin, tugtar le fios sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta na mBundúchasach (2007) go bhfuil sé de cheart ag pobail dhúchasacha a dteanga féin a athghabháil agus a gcóras scolaíochta féin a bhunú – léiriú ar an tuiscint atá ann anois ar ról agus údarás an phobail áitiúil maidir le polasaithe agus an phleanáil teanga (McCarty, 2018: 371). Ní mar sin a bhí an scéal sa scoláireacht i gcónaí, áfach, agus claonadh ann, b’fhéidir, béim rómhór a leagan ar an chur chuige ón bharr anuas gan iniúchadh cuí a dhéanamh ar an dóigh a bhforbraíonn pobail a meicníochtaí pleanála teanga féin mar fhreagra, nó beag beann, ar pholasaithe oifigiúla (Spolsky, 2019: 325). Go deimhin, is fada tábhacht ar leith ag baint leis an ghníomhachas phobail i gcomhthéacs na dteangacha Ceilteacha. I gcás na Briotáinise, d’fhág neamhshuim an stáit (Urteaga, 2022) gur thóg grúpa intleachtóirí uirbeacha, nuachainteoirí den chuid is mó, orthu féin é an teanga a fhorbairt agus a chaighdeánú. Úsáideadh an leagan seo den teanga – ar a dtugtar ‘néo-breton’ (Le Dû & Le Berre, 2013: 49) – mar bhunchloch de chaighdeán nua a bheadh in úsáid i measc scríbhneoirí agus intleachtóirí, agus ar ball, i réimsí oifigiúla, an rialtas áitiúil san áireamh. Tá tábhacht na hoibre deonaí fíorthábhachtach i gcás na Coirnise fosta; ceal tacaíocht ón stát, tháinig eagraíochtaí pobail deonacha le chéile ag deireadh an fichiú haois chun aghaidh a thabhairt ar noirm fhoclóireachta agus ortagrafaíochta (Davies-Deacon, 2020).

Tugann dea-eiseamláirí idirnáisiúnta i ngort an CBLP le fios gur as taighde a dhéantar taobh istigh den phobal – seachas taighde a dhéantar ar an phobal – a thagann cuid den taighde is fónta agus is eiticiúla (amharc Hinton et al., 2018: xxv). Mar sin, d’aithin údair an ailt seo – údair atá sáite i bpobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste agus sa taighde acadúil araon – gur gá modheolaíocht dhíchoilíneach rannpháirteach a fhorbairt don taighde seo; is é sin modheolaíocht a lárnaíonn an pobal mar chruthaitheoirí eolais agus saineolaithe an ábhair agus atá múnlaithe de réir riachtanais agus mhianta an phobail féin (Tuhiwai Smith, 2012: 175). Dá bhrí sin, dearadh an taighde seo le freastal ar dhaoine óga – atá fréamhaithe in Iarthar Bhéal Feirste agus atá idir 16 agus 24 bliain d’aois – chun go mbeidh glórtha an dreama óig ag croílár aon fhorbairtí a dhéanfar feasta maidir leis an phleanáil teanga phobalbhunaithe go háitiúil.

Dearadh Taighde

Baineadh leas as fócasghrúpaí leathstructúrtha sa taighde seo chun eolas a bhailiú ar dhearcadh daoine óga ar dheiseanna inniúlachta agus gairme in earnáil na Gaeilge agus chun tuiscint a fháil ar na cúiseanna ar mhaith nó nár mhaith leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Aithnítear gur ‘suíomh taibhithe’ nó ‘site of performance’ é an fócasghrúpa (Hornsby, 2022: 114); is é sin le rá gur léargas ar shuíomh agus ar am ar leith atá i dtorthaí an taighde seo agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh na rannpháirtithe tuairimí difriúla in iúl i ráitis eile, i seisiúin eile, nó go deimhin, le linn an tseisiúin chéanna. Is léargas ar dhinimic an ghrúpa a fhaightear sna fócasghrúpaí fosta seachas léargas ar thuairim duine amháin mar a fhaightear in agallamh. Agus muid ag plé le daoine óga, tá luach ar leith ag baint leis an obair ghrúpa mar nach gcuirtear brú ar na daoine óga labhairt amach astu féin agus mar go bhfaightear léargas ar fhéiniúlachtaí teanga na rannpháirtithe agus ar an chineál teanga a bhíonn in úsáid acu chun a gcuid féiniúlachtaí teanga féin a chruthú (Dołowy-Rybińska, 2020: 24). Ina theannta sin, faightear léargas ar dhinimicí an ghrúpa atá ina scáthán ar dhinimicí an phobail trí chéile agus a thagann go dlúth leis an chur chuige chomhchruthaithe phobail a shamhlaítear leis an CBLP.         

Na Rannpháirtithe

Grúpa A: Gaelchúrsaí

Ghlac ochtar ón eagraíocht Gaelchúrsaí, atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste, páirt sa chéad fhócasghrúpa. Bhí na daoine óga seo ar fad idir 16 agus 18 bliain d’aois. Is eagraíocht bhreisoideachais, oiliúna, agus fostaíochta Ghaeilge í Gaelchúrsaí a chuireann réimse leathan cúrsaí ar fáil, ina measc: an phluiméireacht, an tsiúinéireacht, an ghruagaireacht, an chócaireacht, an teiripe áilleachta, agus an cúram leanaí. Is daoine óga iad seo atá fós ag fáil oideachais i gcóras na Gaelscolaíochta – nó atá i ndiaidh an scoil a fhágáil – agus atá ag fáil oiliúna i ngairmeacha ar leith.

Grúpa B: Fóram na nÓg

Sa dara fócasghrúpa, bhí naonúr rannpháirtithe atá cláraithe ar an scéim oiliúna NASC: Acadamh na nÓg atá á reáchtáil ag Fóram na nÓg, an eagraíocht ionadaíochta don earnáil óige Ghaeilge i dtuaisceart na hÉireann. Clár deich mí atá i gceist a fhéachann le scileanna pearsanta, sóisialta, gairmiúla, agus sochtheangeolaíochta a fhorbairt agus a bhfuil sé mar sprioc aige inbhuanaitheacht na hoibre óige Gaeilge a chinntiú. Bhí na rannpháirtithe idir 18 agus 24 bliain d’aois agus bíonn siad ar fad ag obair mar cheannairí in eagraíochtaí óige Gaeilge ar feadh ocht n-uaire sa tseachtain. Is as áiteanna éagsúla i mBéal Feirste, i nDoire, agus Co. Aontroma iad ach tá a bhformhór ag obair in earnáil na hóige i mBéal Feirste.

Earcaíocht agus Cúrsaí Eitice

Tugadh faisnéis do na rannpháirtithe ar chur chuige agus aidhmeanna an fhócasghrúpa roimh ré, tugadh cead do na rannpháirtithe imeacht as an tseisiún nó tarraingt siar ón taighde, agus dúradh leo nach n-ainmneofaí aon rannpháirtí sa taighde. Leagadh na seisiúin amach thart ar thrí ghníomhaíocht a rinneadh i ngrúpaí de thriúr nó de cheathrar. I nGníomhaíocht a hAon, iarradh ar na rannpháirtithe ransú smaointe a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá roimh an phobal ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de. Thug Gníomhaíocht a Dó aghaidh ar scileanna don todhchaí. Iarradh ar na rannpháirtithe ‘mianliosta scileanna don phobal’ a chur le chéile, .i. cad iad na scileanna atá ag daoine sa phobal cheana agus cad iad na scileanna atá le forbairt go fóill. Cur chuige teilgeach a úsáideadh i nGníomhaíocht a Trí; iarradh ar na rannpháirtithe léarscáil a tharraingt dá nGaeltacht Útóipeach féin. Ceapadh rannpháirtí amháin ina scríobhaí in achan ghrúpa agus bhailigh na taighdeoirí na nótaí ag an deireadh. Rinne taighdeoir amháin bainistiú ar an fhócasghrúpa agus ghlac an dara taighdeoir nótaí ar ar tharla le linn an tseisiúin. Rinneadh anailís théamach bunaithe ar an ábhar a bailíodh.

Torthaí

Sna rannóga seo a leanas, tabharfar tuairisc ar fhreagraí na rannpháirtithe de réir na mórthéamaí a tháinig chun cinn:

Beocht agus Feiceálacht i Measc an Phobail

Nuair a fiafraíodh de na rannpháirtithe faoi na deiseanna a bhain leis an Ghaeilge in Iarthar  Bhéal Feirste, thagair siad go sonrach do na heagraíochtaí Gaeilge éagsúla a fheidhmíonn sa cheantar, ina measc Glór na Móna (ionad óige agus pobail), Anam (caifé lán-Ghaeilge), An Chultúrlann (ionad ealaíon), Laochra Loch Lao CLG, agus Raidió Fáilte. Shamhlaigh siad tábhacht ar leith fosta leis an Ghaeloideachas agus le seirbhísí óige i dtaca le pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile. B’ábhar dóchais dóibh fosta an dul chun cinn a bhí feicthe acu maidir le stádas na teanga, go háirithe ag leibhéal áitiúil, agus luaigh cúpla rannpháirtí an t-aitheantas domhanda a bhí bainte amach ag an ghrúpa áitiúil Kneecap. Leag Grúpa A béim ar na comharthaí agus teachtaireachtaí dátheangacha atá ar na seirbhísí bus in iarthar na cathrach, an Glider ina measc. Ba bhocht le Grúpa B, áfach, nach raibh tuilleadh feiceálachta bainte amach ag an teanga agus nach raibh comharthaí dátheangacha in airde ar fud na cathrach.

Bhí dearcadh éagsúil ag rannpháirtithe sa dá ghrúpa maidir le cúrsaí idé-eolaíochta agus cúrsaí polaitiúla. Shamhlaigh Grúpa B tábhacht ar leith leis an fheachtasaíocht agus an agóidíocht (.i. an Dream Dearg), agus thug le fios gur ábhar ceiliúrtha a bhí sa mhéid sin mar gur léirigh an fheachtasaíocht nár ‘ábhar scoile’ amháin a bhí sa Ghaeilge. D’úsáid duine amháin as Grúpa B an téarma ‘athléimiúlacht’ le cur síos ar theacht aniar an phobail, tréith dhearfach a tháinig chun cinn, dar leo, de bharr na mbac a bhíonn le sárú ag an phobal i rith an ama. Níor leag na rannpháirtithe ó Ghrúpa A béim ar chúrsaí feachtasaíochta ná idé-eolaíochta, áfach. Dúirt rannpháirtithe ó Ghrúpa A gur mhothaigh siad ar a suaimhneas in earnáil na Gaeilge mar go bhfuair siad a gcuid oideachais ar fad i gcóras an Ghaeloideachais. Luaigh rannpháirtí amháin gur fhreastail siad ar chlub óige Béarla uair amháin agus gur mhothaigh siad as alt sa chomhthéacs sin; dar leo gur mhothaigh siad níos compordaí sa chlub óige lán-Ghaeilge agus gur theastaigh uathu, dá bhrí sin, coinneáil orthu ag obair in earnáil na Gaeilge amach anseo seachas dul isteach in earnáil an Bhéarla, earnáil ar shamhlaigh siad coimhthíos léi. Go deimhin, bhí comhrá idir triúr rannpháirtithe i nGrúpa A faoin ghairm ar mhaith leo amach anseo agus thug siad ar fad le fios gur mhaith leo post a fháil in earnáil na Gaeilge ar an ábhar go raibh an-taithí acu ar an earnáil.

Constaicí Struchtúrtha, Polaitiúla, agus Airgeadais

Dar leis na daoine óga go raibh tionchar diúltach ag fórsaí seachtracha ar fhás phobal na Gaeilge, agus, dá bhrí sin, ar na deiseanna a bhí ar fáil san earnáil. Bhí tionchar diúltach, dar leo, ag an cháineadh phoiblí a dhéantar ar an teanga go minic, i measc polaiteoirí aontachtacha san áireamh. Leag rannpháirtithe an dá ghrúpa béim ar an cheangal ar leith, dar leo, idir an neamhshuim pholaitiúil i leith na teanga agus fadhbanna maoinithe agus easpa infreastruchtúir in earnáil na Gaeilge. Leag siad béim go sonrach ar easpa acmhainní, easpa spásanna, agus easpa infreastruchtúir (.i. imeachtaí a bheith ar siúl i mbotháin) agus thug le fios go raibh áiseanna níos fearr ag scoileanna agus clubanna óige Béarla sa cheantar. Ainneoin gur shamhlaigh na rannpháirtithe ceangal idir an naimhdeas polaitiúil i leith na teanga agus acmhainní sa cheantar, níor luaigh duine ar bith sna fócasghrúpaí ceapachán an Choimisinéara Teanga ná an reachtaíocht teanga nua.

Má d’aithin na rannpháirtithe constaicí polaitiúla, leag siad béim ar chonstaicí inmheánacha fosta. Ba bhocht le rannpháirtithe ó Ghrúpa B go raibh na huimhreacha íseal sna cumainn óige ainneoin go raibh an Gaeloideachas agus an earnáil óige ag fás, mar dhea. Shamhlaigh Grúpa A constaicí fosta le hearnáil an Ghaeloideachais, mar nach bhfuil an oiread céanna ábhar scoile ná cúrsaí ollscoile ar fáil trí Ghaeilge is atá trí Bhéarla (amhail cúrsaí ETIM, an bainistiú ealaíon, an dlí / abhcóideacht). Tháinig roinnt constaicí chun cinn fosta sna léarscáileanna a tharraing na rannpháirtithe dá nGaeltachtaí Útóipeacha féin. Bhí na ‘Gaeltachtaí’ seo fréamhaithe i dtaithí saoil na rannpháirtithe agus bhí cosúlachtaí go leor idir na ‘Gaeltachtaí Útóipeacha’ seo agus Gaeltacht Bhéal Feirste mar atá. Cuir i gcás, luadh acmhainní atá sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste cheana, ina measc: cultúrlanna, áiseanna CLG, páirceanna súgartha, cumainn óige, gairdíní pobail, stáisiún raidió, agus gaelscoileanna. Ach léirigh na léarscáileanna na srianta socheacnamaíochta, b’fhéidir, atá ar phobal na Gaeilge fosta. Mar shampla, thug grúpa rannpháirtithe amháin le fios go raibh gá le ‘tithíocht – meascán de t[h]ithe do theaghlaigh agus daoine óga agus árasáin’. Leag grúpa eile béim ar acmhainní oideachais fad saoil, ina measc: malartú teagaisc piaraí agus cláracha meantóireachta nó cláracha printíseachta íoctha i gcomhpháirt le gnólachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge. Luaigh siad fosta gur cheart go mbeadh na teicneolaíochtaí is úire ar fáil trí Ghaeilge, ina measc: ardáin Ghaeilge ar na meáin shóisialta; aip ‘téacs go caint’; agus an intleacht shaorga (cé go raibh cuid de na rannpháirtithe amhrasach faoin teicneolaíocht chéanna) ‘chun an ghlúin nua a chaomhnú agus a choinneáil mar chuid den phobal áitiúil’.

An Bhearna Theangeolaíochta

D’aithin na rannpháirtithe ón dá ghrúpa go raibh bearna shuntasach ó thaobh sainréim teanga de idir Gaeilge na scoile agus an teanga mar a úsáidtear í taobh amuigh den scoil, sa tsaol oibre san áireamh. Dar le grúpa rannpháirtithe i nGrúpa B nár réitigh an córas oideachais – meánscoil ná ollscoil – mar is ceart iad don tsaol mar atá agus thug siad le fios gur teanga eile ar fad a bhíonn de dhíth sa tsaol ghairmiúil. D’áitigh siad go raibh Gaeilge na scoile as alt le ‘Gaeilge na sráide’ agus le Gaeilge an tsaoil oibre araon.

D’aithin rannpháirtithe ó Ghrúpa A go n-airíonn cainteoirí óga faoi bhrú casadh ar an Bhéarla agus iad amuigh go sóisialta de bharr nach mbíonn Gaeilge ag achan duine sa chomhluadar. Go deimhin, ba go dátheangach a rinneadh an seisiún le Grúpa A. Bhain sé seo le cúiseanna éagsúla: duine amháin sa ghrúpa a bheith ar bheagán Gaeilge; difríochtaí canúna idir duine de na taighdeoirí agus na rannpháirtithe (.i. ní raibh Gaeilge Bhéal Feirste ag duine de na taighdeoirí agus shamhlaigh na rannpháirtithe deacracht leis sin); agus easpa féinmhuiníne na rannpháirtithe Gaeilge a labhairt le daoine nach raibh ar a n-aithne.

D’aithin na rannpháirtithe iad féin fadhb seo na féinmhuiníne. Agus todhchaí earnáil na Gaeilge á plé acu, mhol rannpháirtí amháin go gcuirfí ranganna Gaeilge labhartha ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta chun deiseanna a thabhairt dóibh snas a chur ar a gcuid Gaeilge (agus tuiscint a fháil, ní foláir, ar shainréim níos airde teanga ná an gnáthchomhrá a chleachtar i gcóras na Gaelscolaíochta). Thug rannpháirtí eile le fios gur cheart ‘muinín’ daoine óga sa Ghaeilge a thógáil agus luaigh rannpháirtí eile arís gur cheart daoine óga a chothú le gur féidir leo an teanga a labhairt ‘go muiníneach’.

Forbairt Scileanna don Ghairm agus don Phobal

Cé gur leag na rannpháirtithe béim ar mhuinín ó thaobh na Gaeilge de, nuair a iarradh orthu scileanna a bhí de dhíth ón phobal a phlé, dhírigh siad ar scileanna a bhain le cumas proifisiúnta seachas cumas teanga amháin. Bhí réimse leathan freagraí ag na rannpháirtithe; dar le cuid acu go raibh scileanna ‘boga’ láidre i measc an phobail cheana: comhoibriú, labhairt phoiblí, agus diongbháilteacht. Ní raibh rannpháirtithe eile chomh muiníneach céanna agus thug le fios go raibh na scileanna céanna sin fós le forbairt acu. Ba liosta le háireamh fosta na scileanna ‘crua’ a theastaigh uathu a fhorbairt agus a rachadh chun leas an phobail, dar leo. I measc na scileanna sin, luadh scileanna códála, an bainistiú buiséid, agus teicneolaíochtaí ar nós téacs-go-caint le freastal níos fearr a dhéanamh ar dhaoine sa phobal a bhfuil riachtanais bhreise acu. Mhol rannpháirtí amháin go bhforbrófaí scileanna ailtireachta le go mbeadh an pobal in ann ionaid nua a dhearadh agus a thógáil iad féin gan a bheith ag brath ar thacaíocht ó thaobh amuigh den phobal.

Anailís

Léiríonn na torthaí ó na fócasghrúpaí go bhfuil an dream óg in Iarthar Bhéal Feirste dóchasach faoin bhorradh atá faoin teanga sa chathair cé go bhfuil tuiscint acu chomh maith ar na constaicí atá le sárú sa phobal. Is díol suntais é gur thug na rannpháirtithe ar fad le fios gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid ina saol gairmiúil amach anseo.

Mar sin féin, dearbhaíonn na torthaí eolas atá i mbéal an phobail cheana cuid mhór: is é sin go bhfuil dúshláin shuntasacha le sárú chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga taobh amuigh den chóras scoile. Fágann ardstádas an Bhéarla go mbíonn brú ar dhaoine óga dul i dtreo gréasáin shóisialta agus ghairmiúla lán-Bhéarla, fiú má bhíonn dea-thoil acu i leith na Gaeilge. Is léir fosta ó na fócasghrúpaí go mbraitheann daoine óga áirithe nach bhfuil dóthain taithí acu ar shainréimeanna teanga ar leith; .i. fiú má bhíonn Gaeilge na scoile ar a dtoil acu, ní bhíonn siad chomh compordach céanna i gcomhthéacsanna sóisialta, i gcomhthéacsanna foirmiúla, agus fiú i gcomhrá le cainteoirí Gaeilge eile nach bhfuil an blas cainte céanna orthu is atá orthu féin. D’fhéadfaí a rá go gcothaíonn forlámhas an Bhéarla géarchéim ó thaobh féinmhuiníne de i measc cainteoirí óga áirithe agus is í an easpa féinmhuiníne chéanna a chothaíonn an ‘dátheangachas neamhghníomhach’ atá coitianta i measc iardhaltaí Gaelscoile sa cheantar, .i. tuigeann na daoine óga seo an Ghaeilge ach níl sé de chumas ná de mhisneach acu í a labhairt ná a scríobh i gcomhthéacsanna áirithe. Ní hionann an easpa féinmhuiníne seo agus neamhshuim i leith na teanga ach, ina dhiaidh sin féin, is léir ó na torthaí gur céim i dtreo na neamhshuime idé-eolaíochta is ea an easpa féinmhuiníne.

Go deimhin, bhí an-éagsúlacht ann maidir le tiomantas idé-eolaíochta na ndaoine óga agus a gcuid féiniúlachtaí féin mar chainteoirí óga Gaeilge as ceantar Gaeltachta uirbeach. Má bhí dea-thoil ag na rannpháirtithe ar fad i leith na teanga, ba léir go raibh cuid de na rannpháirtithe – go speisialta iad siúd i nGrúpa B atá ag obair mar cheannairí sna cumainn óige – sáite sna díospóireachtaí reatha maidir leis an athghabháil agus spéis ar leith acu bearta a fhorbairt a rachadh chun sochair do phobal na teanga. Is léir gur shamhlaigh na rannpháirtithe seo go raibh freagracht orthu todhchaí na teanga a chinntiú (tréith a aithníonn Dołowy-Rybińska (2020) i measc gníomhaithe mionteanga óga ar fud na hEorpa) agus spéis acu leas straitéiseach a bhaint as dúshláin nó cáineadh chun daoine eile a ghríosú i dtreo na Gaeilge. Is léir fosta go bhfuil idé-eolaíocht an fhéinchuidithe – idé-eolaíocht a chuimsítear sa mhana ‘ná habair é, déan é’ – beo go fóill i measc an dreama áirithe seo agus iad ag smaoineamh ar an dóigh is fearr le huasoiliúint a dhéanamh ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste le nach mbeidh siad ag brath ar thacaíocht ón stát nó ó fhoinsí seachtracha eile. Díol suntais go bhfuil an dearcadh seo fós sa treis ainneoin an stádais oifigiúil a bronnadh ar an Ghaeilge le gairid.

Ba lú an tsuim a léiríodh sna ceisteanna idé-eolaíochta seo sa chéad fhócasghrúpa le Grúpa A, áfach, ar an ábhar, b’fhéidir, nach raibh an taithí chéanna ag na rannpháirtithe seo ar an fheachtasaíocht ná ar an cheannaireacht. Shamhlaigh siad pobal na Gaeilge mar spás compordach dóibh a fhreastalaíonn orthu go sóisialta agus go hoideachasúil seachas mar láthair ghníomhaíochta nó fheachtasaíochta. Bhí cuid de na rannpháirtithe níos sásta Béarla ná Gaeilge a labhairt ainneoin gur i dtimpeallacht lán-Ghaeilge a thit an fócasghrúpa amach. Is léir, mar sin, nach ionann a bheith ar do chompord i dtimpeallacht lán-Ghaeilge agus a bheith inniúil agus muiníneach ag plé le sainréimeanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla teanga. D’fhéadfaí a rá, fosta, nár shamhlaigh na daoine óga seo a bhféiniúlachtaí mar chainteoirí Gaeilge a bheith as alt le labhairt an Bhéarla – ábhar imní atá ann maidir leis an Ghaeilge sna Gaeltachtaí traidisiúnta fosta (amharc Lenoach, 2012).

Tá bearna á hoscailt, más ea, idir móréileamh ghníomhaithe teanga an phobail gur ‘saol trí Ghaeilge atá uainn’ agus an ceangal neamhghníomhach atá ag na daoine óga áirithe seo leis an teanga, .i. ní shamhlaíonn siad go bhfuil freagracht ar leith orthu féin as cur chun cinn na teanga. Cé go bhfuil sé tábhachtach do na daoine óga seo a bheith mar chuid de phobal na Gaeilge, tá baol ann nach mbainfidh siad úsáid phraiticiúil as an teanga ina saol amach anseo gan an tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh. Is ábhar misnigh é, mar sin féin, gur aithin na daoine óga iad féin ceist na féinmhuiníne agus súil acu go bhféadfaí bearta a chur i bhfeidhm – ranganna saor in aisce san áireamh – chun freastal níos fearr a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge óga sa cheantar.

Is léir fosta gur cur chuige pobalbhunaithe is fearr a d’oirfeadh chun aghaidh a thabhairt ar cheist na féinmhuiníne agus baol na neamhshuime idé-eolaíochta a eascraíonn aisti. D’ainmnigh na rannpháirtithe eagraíochtaí ar leith sna fócasghrúpaí a chuireann le pobal na Gaeilge, dar leo (ina measc Glór na Móna, Caifé Anam, agus Laochra Loch Lao). Is grúpaí iad seo a forbraíodh ag leibhéal na cosmhuintire chun spásanna sóisialta agus cultúrtha a chruthú d’ainneoin easnamh sna struchtúir oifigiúla. Tá an phleanáil teanga phobalbhunaithe i bhfeidhm cheana, más ea, ach is ábhar imní é do na rannpháirtithe go bhfuil na heagraíochtaí céanna seo faoi bhrú de bharr easpa maoinithe agus easpa tacaíochta. Mar sin, is léir nach leor cur chuige ón bhun aníos ná ón bharr anuas amháin. Múnla siombóiseach atá de dhíth; .i. go mbeadh polasaithe reachtúla agus infheistíocht stáit ag tacú leis na struchtúir phobail atá ann cheana agus go gcuirfí meicníochtaí i bhfeidhm le cinntiú go bhfreastalódh na húdaráis ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge.

Conclúid agus Moltaí

Cé go bhfuil borradh ag teacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBéal Feirste le breis agus caoga bliain anuas, tá dúshlán ag baint le cainteoirí líofa Gaeilge a choinneáil san earnáil – agus i bpobal na Gaeilge trí chéile – de réir mar a aistríonn siad amach as an chóras oideachais agus isteach sa tsaol oibre. Tugann an taighde idirnáisiúnta le fios nach deiseanna fostaíochta ná cumas teanga amháin is cúis le laghdú na gcainteoirí laethúla ag an aois áirithe seo ach baol na ‘neamhshuime idé-eolaíochta’ (Dołowy-Rybińska, 2020). Léiríonn torthaí an taighde áirithe seo go bhfuil oidhreacht na feachtasaíochta fós beo i measc daoine óga in Iarthar Bhéal Feirste ach go bhfuil dearcadh níos réchúisí i leith athghabháil na teanga ag teacht chun cinn. Go deimhin, d’fhéadfadh sé gur toradh é an réchúis chéanna ar an bhorradh atá faoin Ghaeilge sa chathair agus i ngeall ar an aitheantas reachtúil atá bainte amach a bhuí leis an Acht Féiniúlachta agus Teanga (2022). Tugann an t-eolas ó na fócasghrúpaí le fios go bhfuil an easpa féinmhuiníne ina constaic mhór ag daoine óga i dtaca le húsáid na Gaeilge agus léiríonn na torthaí seo go bhfuil ceangal díreach idir an easpa féinmhuiníne agus baol na neamhshuime idé-eolaíochta. Is léir, áfach, go bhfuil dea-thoil ann i measc daoine óga i leith na Gaeilge: aithníonn siad féin na deacrachtaí féinmhuiníne seo agus tá moltaí acu chun dul i ngleic leo ach an deis a fháil a gcuid tuairimí a chur in iúl. Cinntíonn an mhodheolaíocht dhíchoilíneach rannpháirteach a cleachtadh sa taighde seo go bhfuil conclúidí agus moltaí an taighde fréamhaithe i saineolas na ndaoine óga agus na gluaiseachta teanga féin. Fágann an próiseas céanna – agus comhoibriú údair an taighde seo – gur druideadh an bhearna ábhairín idir saineolas an acadaimh agus saineolas an phobail agus cuirtear múnla modheolaíochta ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacsanna taighde eile.

Bunaithe ar thuairimí na ndaoine óga seo, is léir go bhfuil gá le clár oiliúna dóibh siúd atá, nó ar mhaith leo a bheith, ag obair in earnáil na Gaeilge; clár a d’fhéachfadh le féinmhuinín a thógáil i measc daoine óga, a chuirfeadh eolas ar fáil ar ghairmeacha le Gaeilge, agus a chuirfeadh siollabas tacaíochta teanga le chéile ina gclúdófaí sainréimeanna teanga foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon. Ní hamháin go gcuirfeadh clár oiliúna den chineál seo le hathghabháil na teanga sa chathair ach chinnteodh sé fosta go mbeadh daoine óga proifisiúnta réidh chun deiseanna nua gairmiúla a thapú i gcomhthéacs an Achta. Más ea, teastaíonn idir thacaíocht reachtúil agus infheistíocht phobail chun clár oiliúna den chineál seo a chur i bhfeidhm agus, de réir an dea-chleachtais maidir leis an CBLP, ba cheart dearadh agus siollabas an chláir oiliúna a bhunú ar shaineolas an phobail féin. Bunaithe ar na torthaí ó na fócasghrúpaí agus bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta, seo a leanas moltaí maidir le clár oiliúna do chainteoirí Gaeilge le dul i ngleic leis na dúshláin a luadh:

  • Go gcuirfí traenáil ar fáil ar thuiscintí idé-eolaíochta na hathbheochana teanga agus go gcothófaí na huirlisí anailíse agus teoiriciúla cuí chun freagracht shóisialta agus pholaitiúil a chothú agus bagairt na ‘neamhshuime’ a shárú.
  • Go mbeadh an phleanáil teanga phobalbhunaithe ag croílár na traenála. I bhfianaise go raibh na rannpháirtithe níos compordaí agus iad ag plé le daoine áitiúla eile, ba cheart go mbeadh saineolaithe ón phobal féin mar oidí ar an chúrsa.
  • Go gclúdófaí topaicí a aithníodh sa taighde a thagann le riachtanais an phobail, ina measc:
    • Traenáil ar an dóigh le maoiniú a fháil / iarratais mhaoinithe a chur le chéile le dul i ngleic le heaspaí maoinithe
    • Diancheardlanna ar earnálacha ar leith (ina measc na meáin dhigiteacha, an dlí / abhcóideacht, an bainistiú ealaíon, cúrsaí ETIM, an ailtireacht srl.) chun scileanna / féinchuidiú an phobail a chinntiú
    • Traenáil sa chruthú inneachair (.i. ar na meáin shóisialta, podchraoltaí) chun dul i ngleic leis an easpa Gaeilge ar na meáin / sa teicneolaíocht
    • Dianranganna Gaeilge chun tacú leis na rannpháirtithe tuiscint a fháil ar shainréimeanna éagsúla den teanga, idir Ghaeilge fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil
  • Go mbunófaí scéim mheantóireachta fhoirmiúil – mar a moladh sna fócasghrúpaí – a nascfadh daoine óga le daoine proifisiúnta atá ag obair trí Ghaeilge in earnálacha éagsúla.
  • Go mbeadh tacaíocht leanúnach ar fáil do na rannpháirtithe i ndiaidh an chúrsa chun deacrachtaí féinmhuiníne a sheachaint, .i. go mbronnfaí teastas ar na rannpháirtithe agus go mbeadh siad mar chuid de ghréasán alumnas.

 

Tagairtí

Andrews, L. (1997) ‘“The very dogs in Belfast will bark in Irish”: The Unionist government and the Irish language 1921–43.’ Mac Póilin, A. (eag.) The Irish language in Northern Ireland. Belfast: Ultach Trust, 49–94.

Blake, J.J. (1997) ‘An Teanga Inniu: The Irish Language Today: Béal Feirste: An Irish-Language Community.’ New Hibernia Review. 1(4).  138–43.

Carden, S. (2012) ‘Making space for tourists with minority languages: the case of Belfast’s Gaeltacht Quarter.’ Journal of Tourism and Cultural Change. 10(1). 51–64.

Carruthers, J. & Ó Mainnín, M.B. (2017) ‘Languages in Northern Ireland: policy and practice.’ Kelly, M. (eag.) Languages after Brexit: How the UK speaks to the world. Cham: Springer International Publishing.

Carruthers, J. & Ó Mainnín, M.B. (2024) ‘Minoritized languages in France and Ireland: Policy, practice, vitality.’ Carruthers, J., McLaughlin, M. & Walsh, O. (eag.) Historical and Sociolinguistic Approaches to French. Oxford: Oxford University Press.

Davies-Deacon, M. (2020) ‘The orthography of revived Cornish as an attempt at pluricentricity.’ Language Problems and Language Planning. 44 (1). 66–86.

De Brún, F. (2006) (eag.) Belfast and the Irish language. BÁC: Four Courts Press.

Dołowy-Rybińska, N. (2020) ‘No One Will Do This For Us’: The Linguistic and Cultural Practices of Young Activists Representing European Linguistic Minorities. Berlin: Peter Lang.

Engman, M., McGurk, Ó. & MacKenzie, A. (2023) ‘Teanga sa chistin: A qualitative study of bilingual families, baking bread, and reclaiming Irish in the home.’ TEANGA: The Journal of the Irish Association for Applied Linguistics. 30(1). 169–200.

Fís an Phobail (gan dáta) ‘Maidir Linn’. Ar fáil: https://www.fisanphobail.com/ga/maidir-linn (Faighte: 5 Aibreán 2026).

Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde (2022) Census 2021 main statistics language tables. Nisra.gov.uk. Ar fáil: https://www.nisra.gov.uk/publications/census-2021-main-statistics-language-tables (Faighte: 30 Márta 2026).

Gomashie, G.A. (2025) ‘Language Attitudes as Insights into Indigenous Language Shift and Maintenance’, Journal of Language, Identity & Education. 24(4). 775–90.

Hinton, L., Huss, L. agus Roche, G. (2018) ‘Introduction: Language Revitalization as a Growing Field of Study and Practice.’ Hinton, L., Huss, L. & Roche, G. (eag.) The Routledge Handbook of Language Revitalization. New York: Routledge. xxi–xxx.

Hornsby, M. (2022) ‘Focus Groups.’ Kircher, R. & Zipp, L. (eag.) Research Methods in Language Attitudes. Cambridge: Cambridge University Press. 114–28.

Jenkins, H.G. (2009) ‘Te Korowai Ākonga: A catalyst for change in teacher education at Te Wānanga o Aotearoa.’ MAI Review. 1(1). 1–9.

Keaney, A. & Ó Conchubhair, B. (2024) ‘Under Pressure: An Dream Dearg as a Lobby Group in Northern Ireland’s Politics.’ New Hibernia Review. 28(4). 93–113.

Le Dû, J. & Le Berre, Y. (2013) ‘La langue bretonne dans la société régionale contemporaine’, International Journal of the Sociology of Language. 2013(223). 43–54.

Lenoach, C. (2012) ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus a Dioscúrsa.’ Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. & Ó Curnáin, B. (eag.) An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas. Indreabhán: Leabhar Breac. 19–110.

Linn, M.S. & Dayán-Fernández, A. (eag.) (2024) Agency in the peripheries of language revitalisation: Examining European practices on the ground. Vol. 178. Bristol: Channel View Publications.

Mac Coinnigh, M., Ervine, L. & Deeds, P. (2019) ‘The Irish language in Belfast: The role of a language in post-conflict resolution.’ Evans, M., Jeffries, L. & O’Driscoll, J. (eag.) The Routledge Handbook of Language in Conflict. New York: Routledge. 556–73.

Mac Giolla Bhéin, C. (2017) ‘An Lá Dearg: Óráid Chiaráin Mhic Giolla Bhéin.’ dearg.ie. Ar fáil: https://www.dearg.ie/en/nuacht/cartlann/023322-oraid-chiarain (Faighte: 27 Márta 2026).

Mac Giolla Bhéin, C. (2019) ‘Who “politicised” the Irish language?’,Media Archive | An Dream Dearg, 14 Feabhra. Ar fáil: https://www.dearg.ie/en/nuacht/cartlann/023619-who-politicised-irish (Faighte: 27 Feabhra 2026).

Mac Ionnrachtaigh, F. (2013) Language, resistance and revival: Republican prisoners and the Irish language in the North of Ireland. London: Pluto Books.

Mac Ionnrachtaigh, F. (2021) ‘Promoting sedition: The Irish language revival in the North of Ireland – Power, resistance and decolonization.’ Gibson, N. (eag.) Fanon today: Reason and revolt of the wretched of the earth. Québec: Daraja Press. 365–414.

Mac Póilin, A. (2018) Our tangled speech: Essays on language and culture. Belfast: Ulster Historical Foundation.

Maguire, G. (1991) Our Own Language: An Irish Initiative. Clevedon: Multilingual Matters.

McCarty, T. L. (2018) ‘Community-Based Language Planning.’ Hinton, L., Huss, L.M. agus Roche, G. (eag.) The Routledge Handbook of Language Revitalization. New York: Routledge. 22–35.

McPake, J., McLeod, W., O’Hanlon, F., Fassetta, G. & Wilson, M. (2017) ‘Professional development programmes for teachers moving from majority to minoritised language medium education: lessons from a comparative study.’ Language Policy. 16(1). 79–105.

Moriarty, M. (2010) ‘The effects of language planning initiatives on the language attitudes and language practices of university students: A comparative study of Irish and Basque’, Language Problems & Language Planning. 34(2). 141–57.

Murray, C., Lynch, A., Flynn, N. & Davitt, E. (2023) ‘Articulating minority language value in diverse communities: The case of compulsory Irish language education.’ Journal of Language, Identity & Education. 22(3). 247–61.

Ní Chiaráin, P. (2025) ‘Lá stairiúil don teanga agus Coimisinéir Gaeilge ag dul i mbun oibre ó thuaidh.’ Tuairisc.ie. Ar fáil: https://tuairisc.ie/la-stairiuil-don-teanga-agus-coimisineir-gaeilge-ag-dul-i-mbun-oibre-o-thuaidh/ (Faighte: 19 Samhain 2025).

Nic Roibeaird, F. (2024) ‘Community discourses of language reclamation through Irish medium youth work.’ Journal of Language, Identity & Education. 1–15.

Ní Shionnain, U. (2020) ‘Gaelphobail nua-aoiseacha: inmharthanacht agus pobail mhionteanga i saol faoin domhandú’. Tráchtas PhD: Ollscoil Chorcaí.

Ó Ceallaigh, B. (2022) Neoliberalism and language shift: Lessons from the Republic of Ireland Post-2008. Berlin: Walter de Gruyter.

Ó Coimín, M. (2016) ‘Forbairt Feirste “míchompordach” le cur chuige toghcháin Chonradh na Gaeilge.’ Tuairisc.ie. Ar fáil: https://tuairisc.ie/forbairt-feirste-michompordach-le-cur-chuige-toghchain-chonradh-na-gaeilge/ (Faighte: 3 Feabhra 2026).

Ó Giollagáin, C. (2014) ‘Unfirm ground: A re-assessment of language policy in Ireland since Independence’, Language Problems & Language Planning. 38(1). 19–41.

Ó Riagáin, P., Williams, G. & Vila i Moreno, F.X. (2008) Young people and minority languages: Language use outside the classroom. Dublin: Centre for Language and Communication Studies, Trinity College Dublin.

O’Reilly, C.C. (1999) The Irish language in Northern Ireland: The politics of culture and identity. London: Macmillan.

Ó Tiarnaigh, P. & Mac Giolla Bhéin, C. (2018) ‘Acht ón bhun aníos: An Dream Dearg, #AchtAnois agus ról an phobail san fheachtasaíocht mionteanga.’ An Reiviú. Ar fáil: https://doi.org/10.13025/89sb-db17.

O’Rourke, B. &Walsh, J. (2021) New Speakers of Irish in the Global Context: New Revival? Abingdon: Routledge.

Spolsky, B. (2019) ‘A modified and enriched theory of language policy (and management).’ Language Policy 18(3). 323–38.

Stone, J. (2025) Local Indicators of Child Poverty After Housing Costs, 2023–2024. Loughborough: Loughborough University Centre for Research in Social Policy.

Tuhiwai Smith, L. (2012) Decolonizing Methodologies: Research and Indigenous Peoples. 2nd edition. London: Zed Books.

Urteaga, E. (2022) La politique d’enseignement supérieur au Pays Basque. Paris: L’Harmattan.

Walsh, J. (2012) Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development. 2ú heagrán. Oxford: Peter Lang.

Walsh, J. (2021) ‘The Governance of Irish in the Neoliberal Age: The Retreat of the State Under the Guise of Partnership.’ Lewis, H. & McLeod, W. (eag.) Language Revitalisation and Social Transformation. Cham: Springer, 283–305.