Réamhrá
Is iomaí buntáiste atá aitheanta ag údair agus taighdeoirí maidir le córas an tumoideachais ach aithnítear chomh maith céanna gur iomaí castacht a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtúil chlár an tumoideachais. (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2018). Ní mór do chleachtóirí an tumoideachais dul i ngleic go huathúil le hábhar, teanga agus forbairt na litearthachta ar bhealach comhtháite thar raon comhthéacsanna foghlama agus teanga atá éagsúil agus casta (Morton, 2016; Troyan et al., 2017). Éilítear tréanoiliúnt, ullmhú sainiúil agus forbairt ghairmiúil shuntasach an mhúinteora tumoideachais chuige seo chun cleachtóirí an tumoideachais a chumasú ina múinteoirí teanga agus ábhar (Tedick & Zilmer, 2018).
Tá ardfheasacht agus ardchumas teanga an mhúinteora riachtanach don teagasc agus don fhoghlaim i suíomh an tumoideachais lán-Ghaeilge (Ní Chathasaigh & Ó Ceallaigh, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019). Tugtar le fios go seasmhach sa taighde ábhartha go mbíonn dúshláin ar leith le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018; Flynn, 2022). Tá de chúram gairmiúil ar mhúinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an t-ábhar acadúil a sholáthar ar bhealach sothuigthe do dhaltaí atá ag foghlaim trí mheán na mionteanga, na teanga oidhreachta nó trí mheán an dara teanga. Ag an am céanna, is gá oilteacht agus litearthacht a fhorbairt sa teanga sin agus naisc thras-chultúrtha agus thras-theangeolaíocha a éascú. Tá géarghá le forbairt bonn eolais riachtanach, tuiscintí doimhne agus inniúlachtaí ríthábhachtacha le cur ar chumas múinteoirí an ról casta dinimiciúil sin a chomhlíonadh mar oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá géarghá leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí i suíomhanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun treoir agus soiléiriú a chur ar fáil maidir leis an gcleachtas oideolaíoch is éifeachtaí (Ní Thuairisg, 2014; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh et al., 2018; Ó Duibhir, 2018; Ó Ceallaigh et al., 2019).
Forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí an tumoideachais
Bíonn an t-éileamh ar chláir agus ar mhúnlaí teanga ábharbhunaithe ag fás de shíor (Mehisto & Genesee, 2015; Smala, 2012). Aithnítear na dúshláin roimh mhúinteoirí sna comhthéacsanna sin an t-ábhar a theagasc agus, freastal go comhuaineach ar riachtanais foghlama teanga na ndaltaí agus iad ag tabhairt faoi ábhar acadúil a fhoghlaim trí mheán teanga nua, trí mhionteanga nó trí theanga bhreise (Cammarata & Haley, 2018; Cammarata & Tedick, 2012; Cross, 2016; Fielding & Harbon, 2017; He & Lin, 2018; Llinares et al., 2012; Lyster, 2007; Morton, 2016; Nikula et al., 2016; Ó Ceallaigh et al., 2017; Ó Ceallaigh et al., 2018; Tedick & Lyster, 2020). Tá tábhacht nach beag ag baint le hoiliúint mhúinteoirí an tumoideachais agus leis an bhforbairt ghairmiúil chun múinteoirí a chur ar fáil don suíomh. Éilítear go mbíonn na hinniúlachtaí riachtanacha teanga agus cultúrtha acu chomh maith leis na cleachtais oideolaíocha ghaolmhara atá ag teastáil chun go n-éireoidh go maith leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sa suíomh (Lyster & Ballinger, 2011; Lyster & Tedick, 2014; Turner & Fielding, 2020).
Bíonn dúshláin ag baint le cláir thumoideachais lán-Ghaeilge a chur i bhfeidhm (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018). Tá ardcháilíocht an tsoláthair riachtanach chun foghlaim éifeachtach a chinntiú agus tá oiliúint an mhúinteora mar aon le deiseanna maidir le forbairt ghairmiúil ríthábhachtach. Sonraítear bearnaí sa chur chuige oiliúna, áfach, maidir le freastal ar shainriachtanais an mhúinteora tumoideachais (Ní Thuairisg, 2014; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Duibhir, 2009, 2018; Ó Grádaigh, 2014; Ó Ceallaigh & Ní Chathasaigh, 2021; Ní Chlochasaigh et al., 2020). Bíonn mórdhúshláin teangabhunaithe le sárú ag an gcóras, amhail scileanna ginchumais teanga na ndaltaí tumoideachais, tearcfhorbairtí i réimsí amhail cruinneas agus castacht ghramadaí, sainiúlacht léacsach agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Ó Duibhir, 2009, 2018; Walsh, 2007). Bítear ag brath an iomarca ar an mBéarla toisc na dúshláin a bhaineann le hábhar casta a thuiscint agus a phróiseáil i nGaeilge (Ní Chlochasaigh et al., 2020; Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin, 2020). Is cúis bhuartha inniúlacht teanga na múinteoirí atá fostaithe i scoileanna (Ó Grádaigh, 2015) agus easpa inniúlachta an mhúinteora i gcomhtháthú na teanga le hábhair traschuraclaim ar bhealach bríoch (Ó Ceallaigh, 2013, 2019; Ó Grádaigh, 2015; Ó Ceallaigh et al., 2018; Ó Ceallaigh et al., 2019). Léirítear imní faoin easnamh teanga, easpa muiníne sa teanga agus easpa eolais faoin teanga agus easpa eolais faoi oideolaíocht ar theagasc na teanga (Ní Chathasaigh, 2020, Ní Dhiorbháin et al., 2020; Ó Ceallaigh et al., 2019; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d). Bíonn tacaíocht leanúnach ag teastáil ó mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar mhaithe lena n-inniúlacht féin sa tumtheanga a threisiú (Ní Chathasaigh, 2020; Ní Thuairisg, 2014; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh et al., 2019; Ó Grádaigh, 2015).
An fhoghlaim teanga le cuidiú teicneolaíochta
Sa litríocht ar an bhforbairt ghairmiúil ar-líne, cuirtear béim ar thábhacht na comhghleacaíochta agus an chomhoibrithe mar ghnéithe ríthábhachtacha d’fhoghlaim rathúil múinteoirí, rud a spreagann athrú marthanach nuálach ina gcleachtais teagaisc (DuBois et al., 2019; Hoffman, 2019). Leis an ngairmiúlacht choiteann nó idirghníomhach, cuirtear ar a gcumas do mhúinteoirí a bheith ina ngníomhaithe gníomhacha ina gcuid foghlama féin trí roinnt agus trí chomhoibriú (Banegas, 2019). Mar gheall ar a sholúbtha atá an fhorbairt ghairmiúil le cuidiú teicneolaíoch, is féidir le múinteoirí ábhar a phróiseáil ar a luas féin agus dul ar ais chuige de réir mar is gá (Wynants & Dennis, 2018). I dtéarmaí na foghlama teanga mar sin, is iomaí deis éagsúil don idirghníomhaíocht agus don rannpháirtíocht atá le fáil ar-líne, agus ina measc tá idirghníomhaíocht ó bhéal agus i scríbhinn lena n‑áirítear úsáid meán éagsúil go sioncronach agus go haisioncronach araon (Sharma & Westbrook, 2016). Cuirtear le hoilteacht teanga na bhfoghlaimeoirí agus spreagtar iad maidir leis an bhfoghlaim fhéinstiúrtha neamhspleách agus spreagadh mar fhoghlaimeoirí (Banditvilai, 2016; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d).
Tá taighdeoirí eile ann, áfach, a aithníonn na dúshláin agus constaicí a bhaineann leis an bhfoghlaim teanga ríomhchuidithe a chuimsíonn go príomhúil (1) easpa idirghníomhaíochta idir an múinteoir agus na foghlaimeoirí, (2) easpa feidhmithe an ranga ar líne a bhraitheann go mór ar inniúlacht teanga an fhoghlaimeora agus (3) athruithe in iompar foghlaimeoirí ar líne maidir le húsáid straitéisí foghlama don fhoghlaim teanga (Ng et al., 2006; Jabeen & Thomas, 2015). Más ar an gcumarsáid agus idirghníomhaíocht atá an bhéim san fhoghlaim teanga chun inniúlacht a fhorbairt, caithfear féachaint ar cháilíocht na foghlama teanga ar líne agus ar na factóirí a chuireann le cáilíocht an tsoláthair agus leis an éifeacht san eispéiris foghlama. Tá deiseanna agus dúshláin uathúala ag baint leis an bhfoghlaim teanga ar líne i gcomparáid leis an bhfoghlaim teanga aghaidh ar aghaidh ach tá sé ag brath go láidir ar an bpleanáil chuí. Ní mór a chur san áireamh gur mór idir an teagasc agus an fhoghlaim teanga ar líne le réamhphleanáil agus an teagasc teanga ar líne a thiteann amach go tobann de thoradh géarchéime (Gacs et al., 2020). Is ar an gcéad chomhthéacs atá an páipéar seo bunaithe.
Comhthéacs an staidéir
Tá an staidéar bunaithe ar chlár hibrideach iarchéime Leibhéal 9 do mhúinteoirí, phríomhoidí agus dhaoine gairmiúla san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Is clár páirtaimseartha dhá bhliain é atá á sholáthar ó 2018 in institiúid tríú leibhéal in Éirinn. Tá an clár seo maoinithe ag an Roinn Oideachais mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Tá an fhoghlaim chumaisc mar ghné sheachadta an chláir trí mheascán de dheiseanna foghlama éagsúla, ar an láthair féin (60%) agus ar-líne (40%). Tá na prionsabail um sheachadadh foghlama cumaisc ailínithe leis na prionsabail DUF (Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim) don chuimsiú ina gcinntítear nach mbeidh aon mhac léinn faoi mhíbhuntáiste acadúil agus go ndéantar gach iarracht freastal a dhéanamh ar an bhfoghlaimeoir aonair (ionchur agus aschur teanga ilmhódach, roghanna agus riachtanais na mac léinn chun tosaigh). Úsáidtear straitéisí seachadta ar an láthair, ar-líne agus ar bhonn cumaisc (aisioncronach agus sioncronach) chun tacú le foghlaim teanga agus le gníomhaíochtaí cumarsáide ar-líne (blaganna, fóraim phlé, gluais theicniúil, foghlaim ríomhphunann) a dhearadh.
Léaráid 1.1 Dearadh Foghlama Cumaisc
Chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha (CTET) mar ghné lárnach
Cuirtear prionsabail agus cleachtais Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET) in oiriúint chun clár cothrom a dhearadh agus chun cumas teanga na mac léinn a aithint agus a thuairisciú. Tá gach gné de chur i bhfeidhm, dearadh, forbairt agus soláthar an chláir ailínithe leis na prionsabail agus na cleachtais CTET chun tacú le mic léinn ardleibhéal C1 (CTET) a bhaint amach ar fhágáil an chláir dóibh. Cuirtear san áireamh anseo na hinniúlachtaí teanga a bhíonn de dhíth chun cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh thar réimse de chomhthéacsanna agus scileanna atá ábhartha agus bríoch; páirt ghníomhach a ghlacadh i bpobal foghlama aghaidh ar aghaidh agus ar an ardán digiteach, i gcomhdhálacha gairmiúla, i bpobail chleachtais, i gcleachtais rangbhunaithe. De réir an CTET, bíonn úsáideoirí teanga ag ardleibhéal C1 saineolach, neamhspleách agus cumasach ag deileáil le réimse leathan ábhair go beacht cruinn i réimse de chomhthéacsanna éagsúla ina n-úsáidtear an teanga. Ní mór d’iarratasóirí inniúlacht ag leibhéal B1 de CTET a léiriú chun áit a bhaint amach ar an gclár.
Léaráid 1.2: Léiriú ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET)
Cuirtear tasc teanga i gcrích mar chuid de gach modúl ar an gclár atá ailínithe le leibhéal C1 den CTET agus a dhéanann tástáil thar na scileanna teanga ar fad. Deartha de réir riachtanais teanga aitheanta na mac léinn, tá clár cuimsitheach teanga curtha ar fáil idir cheardlanna teanga, acmhainní teanga, ábhair tacaíochta aisioncronacha agus phobail chleachtais na teanga. Tugtar aiseolas ceartaitheach do mhic léinn bunaithe ar thascanna teanga chun barr feabhais a chur ar inniúlacht teanga na mac léinn, treochtaí i ndeacrachtaí sa teanga a aithint agus scafall a chur ar fáil don fhobairt teanga. Tá Ríomhphunann Teanga ag gach mac léinn mar chuid de mheasúnú na modúl ina dhéanann siad taifead leanúnach ar an bhforbairt teanga agus ar an bhfianaise i leith an foghlama sa turas na teanga i dtreo leibhéal C1 den CTET.
An Staidéar
Don staidéar seo, fiosríodh an cheist seo a leanas: Cén tionchar a bhíonn ag an bhfoghlaim teanga le cur chuige cumaisc ar fhoghlaim agus ar fhorbairt teanga na mac léinn ar chlár ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) do mhúinteoirí an tumoideachais?
Úsáideadh modhanna measctha, faoi scáth na paraidíme tógachaíche chun sonraí taighde a bhailiú agus an cheist a iniúchadh trí thaithí bheo na rannpháirtithe. Bailíodh formhór na sonraí taighde ó mhodhanna cáilíochtúla agus bailíodh sonraí cainníochtúla chun tacaíocht a thabhairt do na sonraí cáilíochtúla. Bailíodh sonraí ó agallaimh leathstruchtúrtha (n=44) agus ó anailís dioscúrsa cáilíochtúla ar ábhar athmhachnamhach na mac léinn. Bailíodh sonraí cainníochtúla ó cheistneoirí aiseolais (n=41). Cuireadh an taighde seo ar bun mar chuid de mheastóireacht leanúnach an chláir ina raibh cuid de dírithe ar thaighde sonrach a dhéanamh ar thionchar na foghlama cumaisc ar an bhforbairt teanga. Ar mhaithe le tionchar an chláir cumaisc a mheas maidir le forbairt teanga agus saibhriú teanga na mac léinn, rinneadh sonraí a bailíodh ó na modhanna taighde thuasluaite a anailísiú agus úsáid a bhaint as céimeanna anailíse (Braun & Clarke, 2006) ina dhéantar códú ar trascríbhinní chun téamaí éagsúla a aithint atá ag teacht chun cinn san anailís. Rinneadh anailísiú staitistiúil ar na ceistneoirí ag baint úsáid as MS Forms agus MS Excel chun minicíochtaí agus comhghaolta a aithint agus a léiriú.
An Pharaidím Thógachaíoch |
|
Modhanna Measctha |
|
Modhanna Cáilíochtúla |
Modhanna Cainníochtúla |
· Agallaimh leathstruchtúrtha · Ceistneoir ó dheireadh na modúl éagsúil |
· Ceistneoir |
Torthaí agus plé
D’eascair na trí mhórthéama seo a leanas as an anailís a rinneadh ar bhua na foghlama teanga le cuidiú teicneolaíochta (FTCT) ar chlár FGL do chleachtóirí an tumoideachais:
- Spreagadh, féinbhainistíocht agus an fhoghlaim fhéinrialaithe;
- Cumasú eolais agus scileanna teicneolaíochta;
- Cothú pobail agus inniúlachta.
Léiríodh sna torthaí taighde cainníochtúla a bailíodh ó na ceistneoirí, ach go háirithe, gur chuir taithí na rannpháirtithe go mór le forbairt scileanna teanga. D’aontaigh gach rannpháirtí leis an ráiteas seo a leanas: ‘Chuir an clár le mo scileanna teanga’. Níos spéisiúla fós, d’aontaigh 73.2% go láidir, leis an ráiteas.
Breathnófar ar an toradh cainníochtúil seo in eispeiris na mac léinn tré lionsa na foghlama teanga le cuidiú teicneolaíochta agus na torthaí á gcur i láthair.
Spreagadh, féinbhainistíocht agus foghlaim fhéinrialaithe trí FTCT
Ba spéisiúil a shonrú sna sonraí taighde gur mheas na rannpháirtithe gur chothaigh timpeallacht ríomhchuidithe, a chuimsigh réimse de mhodhanna digiteacha éagsúla, a bhfeasacht teanga agus a gcuid eolais ar fheidhmíocht na teanga le linn an chláir. Thuairiscigh rannpháirtithe gur fhorbair siad mar fhoghlaimeoirí féinriaraithe trí na deiseanna foghlama teanga indibhidiúla a cuireadh ar fáil dóibh ó thús deireadh an chláir, cleachtas a chuir leis an gcumas agus leis an bhfeasacht a bhíonn riachtanach i mbonn eolais an mhúinteora tumoideachais (Ó Ceallaigh & Ní Chathasaigh, 2020; Ní Chathasaigh & Ó Ceallaigh, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019). Luaigh na rannpháirtithe go follasach an scafall teanga a chuir leis na forbairtí seo agus a chuir deiseanna bríocha dílse ar fáil i dtreo leibhéil C1 den CTET: plean forbartha teanga CTET, ríomhphunann teanga, aischothú teanga spriocdhírithe, gluais teanga, preabsheisiúin teanga.
Is cuimhin liom chomh maith na preabsheisiúin gramadaí a bhíodh ar siúl againn. Arís an tslí gur féidir na rudaí a thógaint ón M.Oid agus iad a chur i bhfeidhm ar scoil. (Agallamh 15)
Thug an ríomhphunann deis dom díriú ar mo chleachtas féin agus rudaí a thabhairt faoi deara ar nós líon an trasteangaithe as a mbainim úsáid (sic) sa seomra ranga. (Ceistneoir, D)
Ina theannta sin, míníodh gur chuir uirlisí digiteacha lena gcumas pleanáil, monatóireacht agus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama atá ag teacht le buanna na teicneolaíochta réamhaitheanta don fhoghlaim teanga ríomhchuidithe (Banditvilai, 2016; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d). Rinne rannpháirtithe tagairt ar leith do ghníomhaíochtaí amhail, blaganna, póstaeir dhigiteacha, podchraoltaí, pléfhóraim, scafall scríbhneoireachta, gluais téarmaíochta agus eile.
Bíonn deis agat tú fhéin a chur in iúl trí réimse iomlán bealaí, idir bhlaig agus podchraoltaí, tá obair scríofa ann, tá obair i dteannta do phiaraí…Bíonn gach cillín i do chorp ag aschur na teanga. Fiú nuair atá tú ar na meáin shóisialta agus Twitter, bíonn tú aireach, ag faire amach. OK, mar sin, cád atá le rá agam? Tá an teanga á próiseáil agat, tá tú á suaitheadh isteach, tá sí le clos, ta sí á leamh agus tá tú ag ginniúnt teanga leis. Dá réir, méadaíonn sé do leibhéal gnóthachtála i mbun foghlama teanga. (Agallamh 20)
Feictear go gcuireann an tsolúbthacht agus an réamhphleanáil sa dearadh foghlama ar líne le cumas an fhoghlaimeora spriocanna a leagadh síos agus a bhaint amach de réir mar atá in oiriúint (Wynants & Dennis, 2018):
Chothaigh an teicneolaíocht deiseanna anailíse, deiseanna athmhachnamhacha agus deiseanna pleanála dom mar aon le bealaí chun aischothú a aimsiú agus dul chun cinn a dheánamh ar m’aistear foghlama teanga ag mo luas féin. Eispéaras spreagúil a bhí ann dom. (Ceistneoir P)
Fuarthas amach gur mhúscail an chomhpháirtíocht ar líne (Banegas, 2019) rannpháirtíocht agus foghlaim i measc na rannpháirtithe. Míníodh go soiléir go ndeachaigh an cineál foghlama, tacaíochta agus rannpháirtíochta seo go mór chun leasa teanga na mac léinn: ‘Tá an grúpa ar nós scafaill a thacaíonn liom i mbun foghlama teanga’ (Múinteoir 20). Spreag an rannpháirtíocht ar-líne machnamh i measc na rannpháirithe i leith a gcuid inniúlacht teanga féin.
Cuireann mo shuim san ábhar brú orm cumarsáid a dhéanamh le linn na léachtaí sioncronacha. Spreagann scríbhneoireacht sa bhosca cabaireachta mé chun an teanga nua a úsáid agus níos tábhachtaí ná sin…. an teanga a úsáid go cruinn leis. (Ceistneoir deireadh modúil: S)
Ábhar spéise eile a tháinig chun cinn ná gur ardaíodh feasacht rannpháirtithe an staidéir maidir le teanga an teagaisc de bhuíochas an chláir.
…is beag tuisceana a bhí agam ar líon na fóclóra (sic) agus na téarmaíochta bainteach leis an réimse seo cé go bhfuilimid ar fad ag obair in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge. Is teanga shonrach gur gá a bheith againn. (Ceistneoir deireadh modúil: J)
Cumasú eolais agus scileanna teicneolaoíochta
Chothaigh uirlisí digiteacha inniúlacht dhigiteach sna rannpháirtithe go comhuaineach le hinniúlacht sa tumtheanga ábharbhunaithe. Tuairiscíodh gur baineadh úsáid as inniúlachtaí digiteacha a sealbhaíodh ón gclár chun cleachtais oideolaíochta a athmhúnlú agus a chlaochlú don seomra ranga agus mar thoradh ar sin chun deiseanna foghlama nuálacha a chur ar fáil do dhaltaí scoile (blaganna mar uirlisí foghlama teanga machnamhacha, podchraoltaí chun teanga labhartha a fhorbairt agus a mheas, póstaeir dhigiteacha chun cruinneas teanga a threisiú).
Mar fhoghlaimeoir teanga, aithním go bhful an tslí ina mbím i mbun foghlama iomlán éagsúil anois ó thosnaíos ag méadú úsáid na teicneolaíochta; gan ceist, tá mo chleachtais ranga agus na modheolaíochtaí theagaisc athraithe agam. Dá ndéarfadh éinne liom bliain ó shin go mbeadh mo bhlag pearsanta agam, bheinn ag magadh faoi…. Táim i mbun blagáil anois le mo rang féin! (Ceistneoir deireadh modúil: S)
Léirigh rannpháirtithe ardú feasachta maidir le ról FTCT sa tumoideachas agus múscailt maidir lena bhfreagracht ghairmiúil ina leith:
Gach Luan a théim ar scoil, bíonn rud nua agam chun mo chleachtas a shaibhriú, bíodh sé i bhfoirm na teicneolaíóchta, na tuisceana nó na teanga de. Cothaíonn se seo muinín ionam mo chleachtais a phlé le baill foirne eile agus glacadh le haischothú uathu. Tugann sé misneach dom rudaí nua a thrialladh le mo rang, mo scileanna teanga a mhéadú ach go háirithe an teicneolaíocht a chomhthathú le foghlam agus teagasc na teanga… (Agallamh 21).
Léirítear thuas an fhorbairt feasachta agus tuisceana maidir le hinniúlacht an mhúinteora tumoideachais chun teagasc agus foghlaim teanga a chur chun cinn le cuidiú teicneolaíochta. Is mó an deis ná na dúshláin a luaigh foghlaimeoirí maidir le húsáid uirlisí teicneolaíochta chun cleachtadh ar scileanna teanga éagsúla a chur i gcrích (Ng et al., 2006; Jabeen & Thomas, 2015). Cé go raibh dúshláin ag baint leis an ardleibhéal teanga a bhí á gcleachtadh, cuirtear in iúl gur i ndearadh comhtháite ar úsáid na teicneolaíochta chun feidhm teanga a chur i gcrích a bhí an bua is mó le braistint:
Cinnte – b’inmholta an tslí inar rinneadh an teicneolaíocht a chomhtháthú leis an bhfoghlaim ábhair agus teanga – ag dearadh blaig, ag cruthú podchraoltaí agus postaeir dhigiteacha &rl. Tá na teicnicí seo mar chuid lárnach de mo mhodhanna teagaisc anois agus tá said roinnte agam ar mo chomhghleacaithe ar scoil. Ní mór dúinn é seo a dheánamh ar mhaithe le forbairt an tumoideachais… (Agallamh 22)
Feictear thuas an t-athrú marthanach gur féidir leis an eispéireas san fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí imirt ar an gcleachtas sa seomra ranga (DuBois et al., 2019; Hoffman, 2019), sa chás a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta don teagasc agus don fhoghlaim teanga.
I dtéarmaí na foghlama teanga mar sin, is iomaí deis éagsúil don idirghníomhaíocht agus don rannpháirtíocht atá le fáil ar-líne, agus ina measc tá idirghníomhaíocht ó bhéal agus i scríbhinn lena n‑áirítear úsáid meán éagsúil go sioncronach agus go haisioncronach araon (Sharma & Westbrook, 2015).
Cothú pobail agus inniúlachta
Bunaithe ar fhianaise na sonraí taighde, tá gach cosúlacht ann gur chuir na hidirghníomhaíochtaí éagsúla ar-líne, amhail an ríomhphunann roinnte, tógáil gluaise go rannpháirteach, pléfhóram, grúpaí cleachtais ar líne agus agus ar na meáin shóisialta, go mór le sainspriocanna teanga ailínithe le leibhéal C1 den CTET a bhaint amach. Bhronn na huirlisí digiteacha idirghníomhacha a bhí dírithe ar spriocábhair chun an fhoghlaim teanga a thiomáint, deis agus spás do rannpháirtithe anailís ghéar agus machnamh domhain a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den teanga (Banditvilai, 2016; Ní Chlochasaigh & Ó Ceallaigh, 2019; Ó Ceallaigh & Ní Chlochasaigh, 2019a, 2019b, 2019c, 2019d). Chuir aiseolas ar bhonn piaraí le próiseas an tsealbhaithe freisin. Aithnítear mar thoradh gur bhraith rannpháirtithe níos muiníní chun taithí a roinnt lena gcomhghleacaithe sa chomhthéacs scoile. Cuireadh síos ar an gcaoi ar cothaíodh pobal cleachtais agus inniúlacht sa seomra ranga maidir le feasacht teanga, tras-scileanna, oideolaíocht chruthaitheach trí úsáid uirlisí digiteacha go héifeachtach. Tugadh suntas don fhéiniúlacht agus rannpháirtíocht a bhaineann le bheith mar chuid de phobal an chláir agus an tionchar a bhí ag seo ar an aistear foghlama, den mhórchuid:
Cothaíonn an t-idirghabháil seo pobal cleachtais agus tá sé iontach spreagúil a bheith mar chuid de…Tá an chumarsáid ar-líne fáilteach agus leanúnach… (Agallamh 23)
Tá atmaisféar na flaithiúlachta sa rang seo agus táimid i mbun foghlama mar phobal chleachtas ar-líne. Spreagaimid a chéile an t-am ar fad. Braithim go mbeadh bearna mór i mo chuid foghlama muna mbeinn tar éis idirghníomhú leis an idirghabháil agus leis an bpobal seo (Agallamh 24)
Léirítear thuas gur ghlac mic léinn freagracht agus úinéireacht maidir le pobal cleachtais ar-líne a chruthú agus a fhorbairt. Bunaíodh cultúr fiosrúcháin agus ionchuimsitheach mar gheall ar an rannpháirtíocht as a n-eascraíonn líonraí agus pobail cleachtais riachtanacha san fhorbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí an tumoideachais (Lyster & Ballinger, 2011; Lyster & Tedick, 2014; Turner & Fielding, 2020).
Conclúid
Fiosríodh sa staidéar seo an tionchar a bhíonn ag an bhfoghlaim teanga le cur chuige cumaisc ar fhoghlaim agus ar fhorbairt teanga na mac léinn ar chlár ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí an tumoideachais. Bhí na mic léinn seo i mbun forbartha i dtreo ardleibhéil inniúlachta C1 den CTET a éilíonn inniúlacht mháistreachta agus neamhspeách sa sprioctheanga agus raon de dheiseanna cumarsáide, cleachtadh agus tacaíochtaí chun iad a ullmhú don leibhéal sin. Bhí sé riachtanach go mbeadh múnla tacaíochta teanga deartha chun an scafall teanga i dtreo leibhéal C1 den CTET a chur ar fáil agus go mbeadh neart deiseanna saibhre cruthaithe ar líne sa chur chuige cumaisc. Tuairiscíodh sa pháipéar go soláthraíonn FTCT deiseanna barántúla chun foghlaim agus sealbhú teanga a chur chun cinn a chuireann le spreagadh, féinbhainistíocht agus an foghlaim fhéinrialaithe, cumasú eolais agus scileanna teicneolaíochta agus cothú pobail agus inniúlachta. Nuair a bhíonn FTCT ailínithe leis an gComhchreat Tagartha na hEorpa um Teangacha (CTET) spreagtar teagasc teanga claochlaitheach don ghort a bhíonn riachtanach mar chuid d’inniúlacht teanga an mhúinteora tumoideachais (Tedick & Lyster 2020). Sonraíodh go gcuireann FTCT deiseanna ar fáil don chumarsáid dílis de réir an CTET.
Éilítear ardchumas agus ardfheasacht teanga agus tréanoiliúint chuige seo do mhúinteoirí an tumoideachais chun cláir éifeachtacha ar an tumoideachais a chur ar fáil. Tá géarghá mar sin le tuiscintí ar na táscairí tionchair agus na factóirí is mó in eispéiris foghlama mhúinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach a chuireann scafall ar fáil don chumasú teanga. Is tré lionsa na foghlama cumaisc a dhéantar amhlaidh sa pháipéar seo a aithníonn na torthaí is mó a bhain le múnlaí na forbartha teanga ar líne i dtreo leibhéal C1 den CTET. Moltar i gconclúidí an staidéir, taithí bheo foghlaimeoirí a chur san áireamh i ndearadh múnlaí don chumasú teanga ar líne nó tríd an bhfoghlaim chumaisc de réir na dtorthaí atá aitheanta sa staidéar seo. Tugann na torthaí seo léargais dúinn ar na tionchar is mó a bhí ag clár teanga ar fhorbairt teanga na mac léinn tré mheán na foghlama teanga ríomhchuidithe. Ní mór a chur san áireamh, áfach, nach bhfuil léargas anseo ach ar thaithí na mac léinn ar chlár ar leith agus go bhfuil níos mó staidéir ag teastáil chun iniúchadh grinn a dhéanamh ar ghort na foghlama teanga ríomhchuidithe agus é i mbun forbartha. Cé nár tháinig mórdhúshláin chun solais sa staidéar seo maidir le foghlaim na teanga trí mheán na foghlama ríomhchuidithe, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil na deacrachtaí sin ann d’fhoghlaimeoirí eile. Is trí dhearadh cumaisc leis an réamhphleanáil chuí atá taithí na rannpháirtithe sa staidéar seo leabaithe seachas foghlaim ghearchéime ar líne (Gacs et al., 2020) agus moltar glacadh leis na torthaí de réir an chomhthéacs sin.
Chun cumas na dteicneolaíochtaí digiteacha a thapú, chun foghlaim teanga a fheabhsú agus a nuáil, moltar, bunaithe ar thorthaí an staidéir, úsáid a bhaintear as tascanna foghlama teanga feabhsaithe teicneolaíochta ar bhealaí ilghnéitheacha. Moltar leas bhaint as na treochtaí agus as na cleachtais eolaíocha is úrnua sna meáin dhigiteacha chun iniúchadh agus measúnú criticiúil a dhéanamh ar thionchar na teicneolaíochta ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge a bhaineann go sonrach le suíomh an tumoideachais chun pobail chleachtais agus teagmháil le pobal na teanga i ngort an tumoideachais a neartú tuilleadh. Moltar an múnla FTCT atá curtha i láthair sa pháipéar seo maidir le ról na teicneolaíochta i gcur chun cinn agus i bhfeabhsú na teanga agus na litearthachta sa chomhthéacs lán-Ghaeilge/Gaeltachta, a roinnt ar an ngort go leanúnach chun dea-chleachtais a chéiliúradh agus an pobal chleachtais a ghríosadh chun FTCT a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne sa ghort.
Sonraíodh táscairí tionchair ar leith don fhoghlaim teanga le cuidiú teicneolaíochta bunaithe ar thorthaí agus thátail an staidéır seo chun fráma don FTCT a chur chun cinn. Moltar na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh i réamhphleanáil agus i gcur i bhfeidhm múnlaí tacaíochta teanga san fhoghlaim ríomhchuidithe:
- Bíonn an fhoghlaim barántúil, ábhartha agus fónta;
- Déantar freastal ar dhifreáil agus ar phearsantú;
- Bíonn cur i bhfeidhm praiticiúil ag baint leis an bhfoghlaim – tionchar marthanach ar an bpointe agus fianaise feiceálach go ndéanann an mac léinn dul chun cinn san fhoghlaim;
- Bíonn comhtháthú idir aiseolas agus deiseanna chun an obair a leasú;
- Bíonn gné chomhoibritheach ag baint leis an bhfoghlaim;
- Spreagtar athmhachnamh faoin gcleachtas reatha;
- Ardaítear feasacht.