An Ghaeilge agus an sainchúram maolaitheach*

*Tarraingíonn an t-alt seo ar thaighde McLernon et al., (2026)

Is comhthaighdeoirí sinsearacha iad Sinéad Donnelly agus Camilla Murtagh.

Cúlra

Soláthraíonn an sainchúram maolaitheach cúram iomlánaíoch d’othair a bhfuil tinnis fhorchéimnitheacha ag dul dóibh, agus tá íogaireacht agus scileanna cumarsáide ina mbunchlocha sa chúram seo. Is i mBéarla a sholáthraítear an cúram sláinte in Éirinn go hiondúil, áfach, agus tá an seans ann, dá réir, go mbíonn cainteoirí Gaeilge nach bhfaigheann an deis déileáil leis an gcóras sláinte ina príomhtheanga féin faoi mhíbhuntáiste faoin gcóras seo.

An comhthéacs ginearálta

Ní dhéantar aon tagairt do chúrsaí teanga, ná don Ghaeilge go sonrach, sa Bheartas Náisiúnta um Chúram Maolaitheach do Dhaoine Fásta, 2024 (https://www.gov.ie/en/department-of-health/publications/national-adult-palliative-care-policy/), ach tá luaite ann gur cheart seirbhísí a phleanáil agus acmhainní a chur ar fáil lena n-aghaidh de réir riachtanais an phobail (Cuspóir Straitéiseach a 2, uimhir 8).  Luaitear freisin (Cuspóir Straitéiseach a 1, uimhir 2) go dtabharfaidh cleachtóirí leighis ‘regular opportunities to understand and consider their illness’ do na hothair faoina gcúram.  Le gur féidir le cleachtóirí leighis é seo a dhéanamh go héifeachtach le hothair a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu, luíonn sé le réasún go mbeidh cur amach ar an teanga agus an líofacht chuí inti leis seo a dhéanamh riachtanach.

Aithnítear sa Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge (2024: 35), go bhfuil dúshláin teanga le sonrú in earnáil sláinte na hÉireann trí chéile, ach tugann an Rialtas geallúint, mar sin féin, (35) go:

…leanfaidh an FSS de bheith ag glacadh páirt ghníomhach ag leibhéal sinsearach sa Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge agus aon fho-ghrúpaí ábhartha lena mbaineann chun bealaí nuálacha a aithint mar aon le forbairt a dhéanamh ar struchtúir atá ann cheana féin, i dtreo líon agus caighdeán na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

In ainneoin gheallúintí an Rialtais tacú le cainteoirí Gaeilge san earnáil sláinte, táthar ann a déarfadh, i bhfianaise líon beag na gcainteoirí Gaeilge laethúla atá sa tír trí chéile, gur cheart don Rialtas agus don FSS tosaíochtaí eile a bheith acu agus acmhainní á ndáileadh. Is fíor freisin go bhfuil cumas éigin sa Bhéarla sna cainteoirí a áirítear mar chainteoirí Gaeilge sna figiúirí daonáirimh. Cén fáth, mar sin, ar cheart seirbhís Gaeilge a chur ar fáil dóibh, agus cén fáth ar cheart seirbhís Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge mar chéad theanga acu agus atá ag fáil cúram maolaitheach? Míníonn Carol Benson (2005), agus í ag caint faoi chúrsaí oideachais do chailíní agus do mhná go sonrach: ‘Access to public services, particularly in areas such as health and social services, is most effective when offered in a minority’s language, particularly indigenous or traditional minorities.’ In Éirinn, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh Gaeilge ag cleachtóirí leighis i réimsí éagsúla den leigheas; d’aithin taighde Carr agus Antonijevic-Elliott (2024), mar shampla, ‘English as dominant in the healthcare domain in Ireland, which was the expected outcome based on prior literature. Patients cannot reliably expect to communicate in Irish with healthcare providers, even in Gaeltacht areas.

Is minic do sheirbhísí ospíse trí chéile sa tír ag plé le hothair a bhfuil néaltrú orthu, agus luann Carr agus Antonijevic-Elliott ina staidéar siúd, dochtúir amháin a cuireadh faoi agallamh a dúirt: ‘“The biggest cohort, for which I absolutely need to use Irish now is with…Alzheimer’s…and advanced dementia,” which they recognized being due to a “first language in, last language out” phenomenon.’ Aithníonn Ní Chaoimh et al. (2015) an tábhacht a bhaineann le leaganacha difriúla teanga den ‘Mini-Mental State Examination’ (MMSE) le tuiscint iomlán a fháil ar staid an othair; luann siad freisin ‘Use of the English language test in those whose primary language is Irish is firstly culturally insensitive. It also may disadvantage patients who would perform better in Irish and risk mislabelling some as cognitively impaired.’ Is den tábhacht i gcomhthéacs an néaltraithe, mar sin, agus i gcomhthéacs cúram ospíse go ginearálta freisin, go mbeadh a ndóthain Gaeilge ag dochtúirí agus ag altraí chun an freastal cuí a dhéanamh ar na daoine a thagann faoina gcúram.

Comhthéacs an staidéir seo

Léiríonn figiúirí daonáirimh (2022) a laghad cainteoirí Gaeilge atá sa dá chontae – Gaillimh agus Maigh Eo – a thagann faoi scáth na hOspíse sa cheantar ina ndearnadh an staidéar a phléitear thíos. (Is fiú a lua gur as ceantar na Gaillimhe amháin na daoine a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an staidéir sa deireadh).

Co. na Gaillimhe (Cainteoirí Gaeilge 3 bliana +)

 

Go laethúil lasmuigh den chóras oideachais amháin

8,664

Go laethúil lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais amháin

2,671

Cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais: IOMLÁN

11,335

Co. Mhaigh Eo (Cainteoirí Gaeilge 3 bliana +)

 

Go laethúil lasmuigh den chóras oideachais amháin

1,544

Go laethúil lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais amháin

505

Cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais: IOMLÁN

2,049

Níl fáil ar fhigiúirí a léiríonn líon na gcainteoirí Gaeilge a thagann faoi chúram na hOspíse go bliantúil agus tugann fianaise starógach ó bhaill foirne na seirbhíse go mbíonn roinnt cainteoirí Gaeilge faoina gcúram seasta.

Sa staidéar atá á phlé thíos, rinneadh taithí cainteoirí dúchais a bhí ag fáil cúram maolaitheach ó Ospís na Gaillimhe–Mhaigh Eo a iniúchadh, ag meas thábhacht na Gaeilge agus chultúr na Gaeilge sa soláthar cúraim ag am leochaileach ina saol, agus ag meas shástacht nó, go deimhin, mhíshástacht na gcainteoirí Gaeilge seo leis an gcúram a bhí á fháil acu. Is cur chuige cáilíochtúil, tuairisciúil a úsáideadh sa togra seo móide anailís ábhair ionduchtaitheach ar agallaimh leathstruchtúrtha Ghaeilge.

Chuir beirt dochtúirí cúraim mhaolaithigh agallaimh ar sheachtar cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí faoi chúram na seirbhísí sainchúraim mhaolaithigh i nGaillimh i bhfómhar na bliana 2025. Staidéar uathúil a bhí sa staidéar seo mar go ndearna na dochtúirí cúraim mhaolaithigh i nGaeilge é i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, agus mar gheall gur ag labhairt go díreach le cainteoirí dúchais Gaeilge a bhíothas, faoi ról na teanga agus an chultúir ina gcúram – i gcás an chúraim shláinte go ginearálta, agus an chúram mhaolaithigh go sonrach.

Modheolaíocht

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cead ag deireadh shamhradh 2025 tabhairt faoin togra taighde seo, agus tugadh faomhadh eitice dó. Mar chuid den phróiseas faomhaithe ullmhaíodh bileog eolais, foirm cheada agus liosta de roinnt ceisteanna féideartha a d’fhéadfaí a úsáid sna hagallaimh. Cinneadh agallaimh leathstruchtúrtha a úsáid de bharr go mbeadh scóip ina leithéid siúd ligean do na rannpháirtithe a scéal féin a insint ar bhealach éasca, simplí. Bhíothas an-airdeallach go raibh na rannpháirtithe ina n-othair freisin, agus gur bhain leochaileachtaí ar leith leo dá réir. Tá béim sa sainchúram maolaitheach ar an gcumarsáid thuisceanach agus ar an gcúram iomlánaíoch ó nádúr, agus is dá bharr seo a ceapadh go raibh sé fíorthábhachtach na feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar an gcúram maolaitheach a mheas.

Cuireadh na bileoga eolais agus na foirmeacha ceada ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla le deimhniú go mbeadh tuiscint iomlán ag na rannpháirtithe agus ag a neasghaolta ar an togra taighde, agus le go bhféadfaí toiliú eolasach a thabhairt. Míníodh do na rannpháirtithe freisin go bhféadfaidís tarraingt siar ón staidéar ag am ar bith.

Na hAgallaimh

Mar a luadh thuas, b’othair iad na rannpháirtithe a bhí faoi chúram Ospís na Gaillimhe–Mhaigh Eo. Phléigh na dochtúirí an taighde leo i dtosach agus má léiríodh suim a bheith páirteach ann roinneadh na bileoga eolais agus na cáipéisí ceada leis na hothair. Shocraigh na dochtúirí dátaí leis na hothair leis na hagallaimh a reáchtáil. Is daoine a raibh an Ghaeilge luaite mar phríomhtheanga acu ina dtaifead sláinte na daoine a bhí i gceist, agus is seachtar a chríochnaigh agallamh sa deireadh. Braitheadh gur leor an líon sin agallamh le heolas fiúntach a bhailiú agus le tátail a bhaint as an eolas sin. Mhair na hagallaimh thart ar 30 nóiméad ar an meán. As na daoine a cuireadh faoi agallamh, ba as ceantair Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe iad seisear acu; ba as cathair na Gaillimhe í an seachtú duine, ach tógadh le Gaeilge sa chathair í. Bhí cúigear den seachtar ina gcónaí sa Ghaeltacht ag am na n-agallamh, agus bhí beirt ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe. Triúr fear agus ceathrar ban a bhí i gceist agus cuireadh agallamh ar thriúr acu ina dteach féin, ar thriúr eile san Ospís agus is i dteach altranais sa Ghaeltacht a cuireadh agallamh ar an seachtú duine. Mhothaigh an fhoireann taighde go raibh sé tábhachtach na hagallaimh a dhéanamh i mbaile an duine féin nuair ab fhéidir sin, le deimhniú go raibh siad ar a gcompord. Rinneadh na hagallaimh a thrascríobh ina dhiaidh sin leis an anailís a éascú. Rinne na taighdeoirí anailís aonair ar na trascríbhinní agus rinneadh iad a chódú; cuireadh na cóid i gcomparáid ansin, agus aithníodh na téamaí.

Téamaí a tháinig chun cinn

Ba léir do na dochtúirí a rinne na hagallaimh go raibh na rannpháirtithe sásta an deis a fháil labhairt i nGaeilge leo, rud a bhí tábhachtach ann féin. Ar na téamaí tábhachtacha a tháinig chun cinn sna hagallaimh bhí:

An t-ómós áite

Bhain an-tábhacht leis an mbaile i gcás na rannpháirtithe ar fad; b’fhearr leo a bheith sa bhaile, cúram a fháil sa bhaile agus bás a fháil sa bhaile. Bhí mothúcháin láidre díláithrithe le tabhairt faoi deara ina gcur síos ar an gcúram a fuair siad in ospidéil uirbeacha agus bhain cuid de seo leis an teanga a bhí in úsáid iontu. Theastaigh uathu a bheith timpeallaithe ag a muintir, ag a bpobal féin, ag a dtírdhreach agus ag a dteanga féin – ‘Ba bhreá liom a bheith sa mbaile ach más rud é nach bhfuil aon duine eile in ann cúram [a thabhairt dom] ba dheas liom teacht isteach anseo [.i. an Ospís]’ (Agallaí 4). Dúirt Agallaí 2: ‘Siod í m’áit, agus táim an-, níl a fhios agam…devoted…do [ainm an bhaile], agus Agallaí 6: ‘Bhuel, is maith le duine a bheith sa mbaile; sin rud amháin. Mura mbeadh an duine an-dona go gcaithfeadh sé fanacht san ospidéal.’

Maidir lena gcúram in ospidéil roimhe sin, thaitin sé leo bualadh le cainteoirí Gaeilge a raibh aithne acu orthu, agus iad ann; dúirt Agallaí 2, mar shampla:

Tháinig sí [altra] oíche amháin agus bhí mise ag doze-áil agus ó, bhí sé go hálainn an Ghaeilge a chloisteáil le mo thaobh. Bhí, bhí sé go hálainn. Tá aithne mhaith agam ar a hathair agus ar a máthair…Sea, bhí sí ina banaltra istigh ar night duty. Agus thagadh sí gach oíche. So, bhí sé sin go deas…Sin an chaoi a raibh [ainm an altra], thagadh sí gach oíche. 

Is léiriú an-mhaith é an sliocht thuas ar an gceist choitianta Ghaeilge ‘Cé leis thú?’ Bhí sé tábhachtach don agallaí seo aithne a chur ar dhuine a raibh Gaeilge aici sa timpeallacht ospidéil, ach ba thábhachtaí fós aithne a bheith aici ar mhuintir an duine sin; ba mhór aici freagra na ceiste ‘Cé leis thú?’ a bheith aici.

Nuair a fiafraíodh d’Agallaí 4 ar casadh cleachtóirí leighis uirthi san ospidéal a raibh Gaeilge acu, dúirt sí ‘Fadó, bhí sé ag tarlú go leor, ach anois no’, rud a bhí ina ábhar díomá ag an duine seo.

Díláithriú

Ba mhinic a bhí an mothú díláithrithe a luadh i gcás an chúraim leighis san ospidéal ag teacht leis an mothú a ndearna rannpháirtithe a chaith am ar imirce i Meiriceá agus i Sasana cur síos air, nuair a bhí an easpa Béarla ina bac orthu cumarsáid shásúil a dhéanamh leo siúd a bhí timpeall orthu. Dúirt Agallaí 3 faoi thréimhse a chaith sé san ospidéal, mar shampla: ‘Bhuel, níor thaitin sé liom a bheith ann… Agus níor thaitin, mar ní raibh a fhios acu…ní raibh mise rómhaith ag an mBéarla an dtuigeann tú, agus ní raibh Gaeilge ar bith ag na dochtúirí.’ Bhí an cur síos seo an-chosúil leis an méid a dúirt agallaithe eile faoi na tréimhsí a chaith siad ar imirce: ‘Dúirt mé níl mé ag iarraidh mo ghasúr a thógáil i Londain’ (Agallaí 2); ‘…níor mhaith liom fanacht ann [Meiriceá]; níor mhaith liom pósadh ann, ba mhaith liom na gasúir a bheith agam sa bhaile’ (Agallaí 4); ‘Agus ansin, nuair a bhí an páiste, nuair a bhí sé sé mhí, dúirt an bheirt againne go dtabharfadh muid abhaile é agus d’fhéadfadh sé fás suas… agus sin an chaoi a bhfuil mé anseo’ (Agallaí 5). Luaigh Agallaí 5 freisin an faoiseamh a thug an Ghaeilge dó nuair a bhí sé ar imirce; mhínigh sé:

Bhí an Ghaeilge go maith mar nuair a thagaimis le chéile anois, i Meiriceá, nuair a chasfaí cuid den dream a d’fhás mé suas leo is Gaeilge uilig a labhair muid ach ní fheictí iad sin ach b’fhéidir chuile chúpla mí, an bhfuil a fhios agat.

Ba léir ón méid a dúradh sna hagallaimh go mbíodh na rannpháirtithe faoi bhrú uaireanta agus iad ag plé leis na seirbhísí sláinte.

Leaganacha Béarla ar théarmaí leighis

Cé gur cainteoirí dúchais Gaeilge iad na daoine a cuireadh faoi agallamh, agus Gaeilge ar a dtoil acu, is suimiúil an úsaid a bhain siad as an mBéarla agus cúrsa leighis é bplé acu; luann Agallaí 3 ‘sinuses’ agus ‘prostate’, agus is ‘breast cancer’ atá ag cur as d’Agallaí 4, agus ‘renal cancer, stage IV´ d’Agallaí 7. Léiriú atá anseo ar an gcaoi a bhfuil an Béarla chun cinn i gcomhthéacsanna cúraim leighis, agus cé go mbeadh eolas ag na rannpháirtithe go minic ar leaganacha Gaeilge na bhfocal seo, bhí taithí acu ar phlé a dhéanamh ar chúrsaí sláinte sa Bhéarla.

Glacadh leis an easpa freastail ar a mbunriachtanais teanga

Bhí luach ag na rannpháirtithe ar na caidrimh neamhfhoirmiúla Ghaeilge a chruthaigh siad i suíomhanna cúraim leighis, agus bhí, mar a luadh thuas, siad an-sásta an deis a thapú Gaeilge a labhairt leis na dochtúirí cúraim mhaolaithigh. Bhí, áfach, an chaoi ar ghlac na rannpháirtithe leis an easpa freastail a rinneadh orthu ó thaobh na Gaeilge de thar a bheith suntasach agus ina údar imní ar bhealach. Cé go n-aireoidís ní ba chompordaí i mbun cumarsáide le cleachtóirí leighis i nGaeilge, níor éiligh siad seirbhís i nGaeilge, agus ghlac siad le heaspa Gaeilge na gcleachtóirí leighis. Bhí drogall orthu locht a fháil ar na dochtúirí i suíomhanna éagsúla leighis, agus bhí siad an-mholtach ar fhoireann na hOspíse go sonrach.

Léiríodh i suirbhé Céard é an Scéal? 2025 de chuid Chonradh na Gaeilge go mbíonn drogall ar chainteoirí Gaeilge an Ghaeilge a úsáid le dochtúirí agus le haltraí – ‘Tuairiscíodh go raibh caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge i ndiaidh éirí níos measa le blianta beaga anuas…I measc na seirbhísí ba mheasa, luadh na seirbhísí sláinte, na comhairlí contae agus na gardaí…’(6.2) Sa staidéar seo atá á phlé againn, le hothair a bhí ag fáil cúram maolaitheach, níor léiríodh aon drochmheas ar na dochtúirí agus na haltraí nach raibh Gaeilge acu. Glacadh leis an staid mar a bhí. Luaigh cuid acu, áfach, gur éirigh leo aon bhac teanga a bhí acu i gcomhthéacsanna cúraim sláinte a shárú de bharr go mbíodh gaol leo go hiondúil a mbeadh Béarla níos fearr aige nó aici.

Conclúidí & Moltaí

Is léir ón staidéar seo, na héagothromais sa soláthar cúraim do chainteoirí dúchais Gaeilge ar cheart iad a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Faoi ghníomh 4.3 (O) den Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge (2026) an Rialtais le haghaidh na Gaeilge, gealltar

Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le sainchláir Ghaeilge a fhorbairt agus a leathnú amach ag leibhéil éagsúla, go háirithe tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge…lena n-áirítear an Scéim Scoláireachta Leighis, an Idirbhliain, intéirneachtaí, printíseachtaí (féach Mír 2.3.3.3 den Phlean Náisiúnta), leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), modúil agus micridhintiúr

Níos faide ar aghaidh faoi ghníomh 4.3.6 (O), tugtar le fios go:

[bh]Forbrófar clár speisialta téarmaíochta Gaeilge chun cur ar chumas iad siúd atá ag obair i suíomhanna cúraim sláinte téarmaíocht a fhoghlaim a bhaineann go sonrach leis an earnáil sin mar chuid dá ról i soláthar seirbhísí cúram sláinte poiblí.

Is moltaí ciallmhara iad seo a léiríonn go bhfuil an Rialtas feasach ar na dúshláin a bhaineann leis an easpa Gaeilge atá le sonrú sna seirbhísí leighis trí chéile. Ba cheart an deis a thapú, agus an Plean Gníomhaíochta foilsithe anois, pleananna maidir leis an traenáil chuí a chur ar fhoireann na seirbhísí cúraim leighis ar fad, agus go sonrach, i gcomhthéacs an pháipéir seo, ar na foirne sainchúraim mhaolaithigh, a dhéanamh.

Luaitear sa Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge líon na ndaoine atá ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte nach as an tír seo iad. Deirtear ansin (2024: 34):

Faoi láthair is daoine nach Éireannaigh iad 14.2% d’fhoireann iomlán an FSS, ach méadaíonn an céatadán seo go 36.4% i gcás dochtúirí agus 22.5% d’altraí. Mar gheall ar an nganntanas idirnáisiúnta oibrithe cúram sláinte agus na héilimh mhéadaitheacha, leanfaidh an céatadán seo de bheith ag méadú thar na blianta atá romhainn.

Níor cheart breathnú air seo mar bhac ach mar dheis, áfach, mar gur minic daoine atá ag obair i dtimpeallacht oibre ina bhfuil an dara teanga in úsáid acu níos tuisceanaí ar chás an othair nach bhfuil ag fáil cúraim ina c(h)éad teanga.

Moladh simplí a luaitear i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta ina labhraítear mionteangacha is ea suaitheantas a chaitheamh a léiríonn go bhfuil Gaeilge ag an gcleachtóir leighis (féach: Engnes, J.I. et al (2021: 5), mar shampla). Tugadh le fios san alt céanna (2021: 6) go raibh othair an-sásta nuair a rinne altraí iarracht a dteanga a úsáid, fiú mura raibh líofacht sa teanga sin acu. Bhí sé seo fíor i gcás na ndaoine a cuireadh faoi agallamh sa staidéar seo mar a luadh thuas. D’aithin an bheirt dochtúirí a chuir na hagallaimh ar na rannpháirtithe é seo go láidir sna hidirghabhálacha a bhí acu leo.

Mura bhfuil líofacht teanga ag cleachtóir leighis, tá seirbhísí ar fáil le haghaidh aistriúcháin agus ateangaireachta i raon leathan teangacha in Éirinn, ach go minic ní úsáidtear iad seo i gcás na Gaeilge, rud a chruthaíonn deacrachtaí cumarsaide agus a fhágann go gcaithfidh baill chlainne feidhmiú mar ateangairí neamhfhoirmeálta go minic.

Cé nach bhfuil cúrsaí teanga luaite go sonrach sa Bheartas Náisiúnta um Chúram Maolaitheach do Dhaoine Fásta, mar a luadh thuas, tá luaite ann go mbeidh seirbhísí cúraim mhaolaithigh ag freastal ar ‘the unique needs of different population groups to ensure equity in access, experience, and outcomes’ (2024: 35), agus go mbeifear ag obair i gcomhar le ranna rialtas agus áisíneachtaí ‘to address local needs for palliative and end-of-life care’ (ibid.)  Tá luaite freisin, faoi mholadh 15 (54), go ndéanfar athbhreithniú ar an oiliúint a fhaigheann cleachtóirí cúraim mhaolaithigh agus go bhforbrófar curaclaim nua le deimhniú go mbainfear amach cuspóirí an phlean. Is fiú agus is ceart ceist na Gaeilge a chur san áireamh agus athbhreithniú dá leithéid á dhéanamh.

Maíonn Engnes, J.I. et al. (2021: 8–9) freisin, agus teanga na Sámach á plé: ‘The most important step to embed Sámi language and culture in care is that the authorities take responsibility for implementation at system level’ agus ‘Furthermore, systematic and continuous training of all health personnel around language, culture, the impact of the Norwegianisation assimilation process and power relationships is also required.’ Is léir an bhéim anseo ar chórais agus ar an bpleanáil, agus ar an bhfeasacht teanga. Teastaíonn teanga an duine a bheith lárnach i gcúram an duine, lena c(h)ur ar a c(h)ompord agus é/í tinn, agus, mar a pléadh anseo, nuair a bhíonn sé/sí faoi chúram maolaitheach ag an am is leochailí dá s(h)aol.

Tagairtí

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (2024) An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024–2030. https://www.gov.ie/ga/an-roinn-forbartha-tuaithe-agus-pobail-agus-gaeltachta/foilseachain/an-plean-náisiúntanta-um-sheirbhísí-poiblí gaeilge/#an-plean-naisiunta-um-sheirbhisi-poibli-gaeilge

An Roinn Sláinte (2024) National Adult Palliative Care Policy. https://www.gov.ie/en/department-of-health/publications/national-adult-palliative-care-policy/

Benson, C. (2005) Girls, Educational Equity and Mother Tongue-Based Teaching. Bangkok: UNESCO Asia & Pacific Regional Bureau for Education.

Carr, K. & Antonijevic-Elliott, S. (2024) ‘Experiences and Perceptions of Physicians Utilizing the Irish Language.’ Official Journal of the Irish Medical Organisation. Vol. 114, No. 4.

Conradh na Gaeilge (2026) Céard é an Scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge. https://cnag.ie/images/Céard_é_an_Scéal_-_Leagan_don_Suíomh.pdf

Daonáireamh (2022) https://www.cso.ie/en/statistics/population/censusofpopulation2022/

Engnes, J.I., Sivertsen, N., Bongo, B.A., & Mehus, G. (2021) ‘Sámi language in Norwegian health care: “He speaks good enough Norwegian, I don’t see why he needs an interpreter”.’ Scandinavian Journal of Caring Sciences. 1–10. https://doi.org/10.1111/scs.12986

Lo, L. (2011) ‘The right to understand your doctor: protecting language access rights in healthcare.’ Boston College Third World Law Journal. Vol. 31. 377–403.

McLernon, R., Donnelly, S., Murtagh, C. & Ní Uigín, D. (2026) 'Exploring the Specialist Palliative Care Needs of Native Irish Speakers in the West of Ireland'. (Leagtha isteach le foilsiú).

Ní Chaoimh, D., De Bhaldraithe, S., O’Malley, G., Mac Aodha Bhuí, C., & O’Keeffe, S.T., (2015) ‘Importance of different language versions of cognitive screening tests: Comparison of Irish and English versions of the MMSE in bilingual Irish patients.’ European Geriatric Medicine. Volume 6, Issue 6, December. 551–3. https://doi.org/10.1016/j.eurger.2015.10.006

Ní Uigín, D., Ó Flatharta, G. & Ó Maoláin, M. (2015) ‘Ag ullmhú Mic Léinn Leighis leis an nGaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre.’ An Reiviú. 3. 86–96. https://doi.org/10.13025/y61k-qp13

Rialtas na hÉireann (2026) Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. https://assets.gov.ie/static/documents/4bc52cfd/PG_2026-2028_faoin_PNSPG.pdf

The International Commission of European Citizens (ICEC) (2017) ‘Language barriers and the right to health in the European union’ Language barriers and the right to health in the European Union | Vocal Europe