An Stócach Nach Raibh Eagla Ar Bith Air

(Aistriúchán ar ‘The Story of a Boy Who Went Forth to Learn Fear’ le Jacob & Wilhelm Grimm)

Bhí athair ann tráth a raibh beirt mhac aige. Boc cliste, éirimiúil ba ea an mac ba shine agus bhí guaim aige air féin. Ach amadán dallintinneach a bhí sa mhac ab óige agus cha raibh sé in ann aon rud a fhoghlaim ná a thuiscint. Bhí sé chomh bómánta sin gur ghnách le daoine a rá go mbeadh sé ina ualach ar a athair! Am ar bith a bhíodh rud inteacht le déanamh, an mac ba shine a dhéanadh é; ach dá mbíodh rud inteacht le déanamh nuair a bhíodh sé dorcha amuigh, agus dá mbíodh ar an duine dul fríd an reilig nó fríd áit éigin scanrúil, taibhsiúil dá leithéid leis an rud sin a dhéanamh, an freagra a bhíodh ag an mhac ba shine i dtólamh ná: “Dar fia a Athair, cha dtabharfaidh rud ar bith orm dul ansin, cuireann sé cradhscal orm!” Bhí eagla a chroí ar an mhac ba shine. In amantaí nuair a shuíodh siad uilig cois tine san oíche ag insint scéalta uafáis dá chéile, deireadh na daoine a bhí ag éisteacht a leithéidí, “Arú, cuireann na scéalta sin eagla orm!” Chuala an mac ab óige seo agus é suite sa choirnéal ach char thuig sé a raibh i gceist acu. “Bíonn siad ag rá i dtólamh, ‘Cuireann sé eagla orm! Cuireann sé eagla orm!’ Ach cha gcuireann rud ar bith eagla ormsa. Is dócha go bhfuil sé thar m’acmhainne.”

Anois cad é a tharla lá ach go ndúirt a athair leis: “Éist liomsa, a mhic thiar sa choirnéal. Tá tú ag éirí mór agus láidir anois agus ní mór duit foghlaim an dóigh le do chuid féin a shaothrú. Amharc ar do dheartháir, chomh dúthrachtach agus atá sé. Ach cad é faoin airgead uilig a chaith mé ar oideachas s’agatsa? Tá sé uilig curtha amú agam.” “A athair dhil,” arsa a mhac, “Tá mé breá sásta foghlaim. Mar a tharlaíonn sé, ba bhreá liom foghlaim conas eagla a bheith orm. Níl tuiscint ar bith agam air sin go fóill.” Rinne a dheartháir gáire nuair a chuala sé seo agus smaoinigh sé dó féin: “A thiarcais! Nach pleidhce amach is amach é mo dheartháir! Chan aon dea-chríoch a thiocfaidh air. An tslat a chruann le haois is deacair í a ghníomh.” Lig an t-athair osna agus d’fhreagair é: “Cha dtógfaidh sé i bhfad ort foghlaim conas eagla a bheith ort ach mar sin féin cha gcuideoidh sin leat do chuid a shaothrú.” Go gairid ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an cléireach ar cuairt orthu, thosaigh an t-athair ag insint dó go raibh a mhac gan mhaith agus chomh holc is a bhí sé ag achan rud; cha raibh a dhath ar eolas aige agus cha raibh sé ábalta a dhath a fhoghlaim. “An bhfuil a fhios agat, nuair a d’fhiafraigh mé de cén dóigh a bhfuil sé ar intinn aige a chuid a shaothrú, char chreid mé é nuair a dúirt sé gur mhian leis foghlaim conas eagla a bheith air.” “Más é sin an t-aon rud atá uaidh,” arsa an cléireach, “thig liomsa é sin a theagasc dó. Lig dó a theacht liom agus cuirfidh mise ina cheart é.” Bhí an t-athair breá sásta leis an tairiscint seo mar shíl sé go gcuirfí smacht ar an stócach. Mar sin de, d’imigh an stócach leis go teach an chléirigh, thaispeáin an cléireach dó an dóigh leis an chlog a bhualadh, agus eisean a bhí freagrach as sin a dhéanamh achan oíche. Laethanta beaga ina dhiaidh sin, mhúscail an cléireach ag meán-oíche é agus chuir sé air an túr a dhreapadh agus an clog a bhualadh. “Foghlaimeoidh mise duit conas eagla a bheith ort,” a dúirt sé leis. D’imigh sé leis roimh an stócach agus i ndiaidh don stócach barr an túir a shroicheadh agus a dhroim casta le greim a fháil ar théad an chloig, d’amharc sé sall chuig an taobh eile den chloigtheach agus chonaic sé deilbh bhán. “Cé atá ansin?” a ghlaoigh sé, ach char thug an deilbh freagra ar bith air agus char bhog ná char chorraigh sí. “Tabhair freagra orm,” a ghlaoigh an stócach, “nó gread leat! Níl aon ghnoithe agat anseo ag an am seo den oíche. Ach char chorraigh an cléireach sa dóigh is go sílfeadh an stócach gur taibhse a bhí ann. Ghlaoigh an stócach air den dara huair: “Cad é atá tú a iarraidh anseo? Inis dom nó brúfaidh mé síos an staighre thú,” arsa an cléireach leis féin: “Cha ndéanfadh sé a leithéid.” Mar sin de, char lig sé gíog ná míog agus sheas sé mar a bheadh dealbh ann. Ansin ghlaoigh an stócach air don tríú huair agus toisc go raibh neamhthoradh aige ar an deilbh, thug sé breabhaid faoin taibhse agus bhrúigh sé síos an staighre é gur thit sé thart fá dheich gcéim agus gur fhan sé ina luí gan cor sa choirnéal. Leis sin, bhuail sé an clog agus d’imigh sé leis abhaile gan focal a rá agus thit a chodladh air. B’fhada bean an chléirigh ag feitheamh air ach char fhill sé. I ndiaidh tamaill, d’éirigh sí buartha fá dtaobh de agus mhúscail sí an stócach agus d’fhiafraigh: “An bhfuil a fhios agatsa cá bhfuil m’fhear céile? Chuaigh sé suas chuig an túr romhat.” “Níl,” arsa an stócach, “ach bhí duine éigin ina sheasamh ar an staighre thuas, díreach in aice leis an chomhla thógála sa chloigtheach, agus toisc nach bhfreagródh sé mé, agus nach n-imeodh sé, ghlac mé leis gur rógaire a bhí ann agus bhrúigh mé síos an staighre é. Ba cheart duit dul a fheiceáil an eisean a bhí ann; ghoillfeadh sé go mór orm más é.” Rith an bhean léi agus tháinig sí ar a fear céile a bhí ina luí sa choirnéal ag snagaíl agus ag cneadach agus a chos briste.

D’iompair sí a fear chun leapa agus dheifrigh sí chuig athair an stócaigh. “Tá tubaiste millteanach i ndiaidh tarlú mar gheall ar do mhacsa,” a scread sí. “Bhrúigh sé m’fhear céile síos an staighre agus sin ba chúis lena chos bhriste. Bain an liúdaí spreasánta sin ón teach s’againne. Bhí ionadh ar an athair agus dheifrigh sé chuig a mhac agus thug íde béil dó.

“Cén sórt cleasa ghránna iad seo? Caithfidh gurbh é an diabhal féin a chuir ort iad a dhéanamh!” “A athair,” arsa an stócach. “Éist liom. Níl locht ar bith orm. Eisean a sheas ansin i lár na hoíche ar nós go raibh sé ag iarraidh dochar a dhéanamh. Cha raibh a fhios agamsa cé a bhí ann agus thug mé trí sheans dó é féin a chur in aithne dom nó greadadh leis.” “A Dhia na bhFeart!” arsa an t-athair. “Cha ndéanann tú a dhath ach mí-ádh a tharraingt orm. Séid leat as m’amharc, níl mé ag iarraidh baint ar bith leat a thuilleadh.” “Tá go maith, a athair. Déanfaidh mé sin le lántoil ach rud amháin. Fan go breacadh an lae agus ansin cuirfidh mé chun bóthair agus foghlaimeoidh mé conas eagla a bheith orm. Agus ar an dóigh sin, beidh scil ar leith agam a ligfidh dom mo bheatha a shaothrú. “Tá go maith,” arsa an t-athair. “Is cuma liom den domhan cad é a dhéanann tú. Ach seo chugat caoga punt. Téigh leat chun bealaigh. Ach coimhéad nach ndeir tú le duine ar bith cá as a dtáinig tú nó cé hé d’athair, mar tá náire orm go bhfuil mé muinteartha leat.” “Tá go maith, a athair, cibé rud is mian leat. Agus más é sin an t-aon mhian amháin atá agat, sílim go dtig liom cuimhneamh air.”

Le bánú an lae, chuir an stócach an caoga punt isteach ina phóca agus dúirt faoina anáil: “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Díreach ag an bhomaite sin, shiúil fear thairis agus chuala sé an stócach ag labhairt leis féin. Shiúil siad leo agus nuair a bhí siad ábalta crann na croiche a fheiceáil, arsa an fear leis an stócach: “Amharc! Siod é an crann ónár crochadh seachtar atá anois i staid na fírinne. Suigh ansin faoin chrann agus fan go clapsholas, chan fhada go mbeidh eagla ort.” “Déanfaidh mé sin gan stró,” arsa an stócach, “ach má bheidh sé chomh furasta sin dom foghlaim conas eagla a bheith orm, beidh caoga punt agam ort. Tar ar ais anseo go moch ar maidin.” D’imigh an stócach leis chuig crann na croiche, shuigh sé síos faoin chrann agus las sé tine nuair a thit an oíche toisc go raibh an fuacht ag éirí ann. Ach ar uair an mheán oíche, bhí sé chomh préachta sin nach raibh maitheas ar bith sa tine. Chonaic sé na coirp ag luascadh sa ghaoth agus shíl sé “Má tá mise fuar thíos anseo cois tine, caithfidh go bhfuil na marbhánaigh bhochta conáilte ag an fhuacht. Agus toisc gur dhuine iontach cineálta, lách a bhí ann, chuaigh sé suas sa chrann agus bhain sé na seacht gcorp ceann ar cheann. Ansin mhúscail sé an tine agus chuir sé na coirp thart timpeall uirthi go ndéanfadh siad a ngoradh. Ach cha ndearna na marbhánaigh ach suí cois tine gan bogadh agus thosaigh a gcuid éadaí ag dul trí thine. Arsa an stócach: “Coimhéad sibh féin nó beidh orm sibh a chrochadh arís.” Ach char éist na marbhánaigh leis agus lean na héadaí orthu ag dó. Ansin d’éirigh sé feargach agus dúirt leo “beidh orm sibh a chrochadh arís toisc nach bhfuil sibh ag tabhairt airde ar an tine,” agus chroch sé na coirp ar an chrann. Ansin shuigh sé cois tine arís agus thit a chodladh air. Maidin lá arna mhárach, d’fhill an fear agus siocair go raibh sé ag iarraidh an caoga punt, dúirt “An bhfuil eagla ort anois?” “Níl,” ar sé. “Cén dóigh a bheadh? Cha ndúirt na boic sin a dhath agus tá siad chomh hainbhiosach sin gur lig siad dá gcuid éadaí dó.” Bhí a fhios ag an fhear nach raibh seans ar bith go bhfaigheadh sé an caoga punt mar sin d’imigh sé leis ag rá: “Char bhuail mé lena leithéid riamh roimhe!” faoina anáil.

D’imigh an stócach leis agus thosaigh sé a rá leis féin arís: “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm! Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Bhí carraeir ag siúl taobh thiar den stócach agus chuala sé é á rá seo agus arsa an carraeir leis an stócach: “Cé thú féin?” “Níl a fhios agam,” arsa an stócach. “Cá as thú?” “Níl a fhios agam.” “Cé leis thú?” “Cha dtig liom á rá.” “Cad é sin atá tú a rá leat féin?” “Á! Ba bhreá liom eagla a mhothú ach níl duine ar bith ábalta teagasc dom cén dóigh.” “Seafóid!” arsa an carraeir. “Tar thusa liomsa agus cuirfidh mé sin i gceart.” As go brách leis an stócach agus an carraeir go dtí gur shroich siad teach ósta, áit a raibh siad a dhul a stopadh. Ar dhul isteach sa teach ósta leis an stócach, dúirt sé leis féin arís: “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm! Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Nuair a chuala fear an tí seo, arsa seisean, ag sclogaíl: “má tá tú ag iarraidh go mbeidh eagla ort, beidh eagla ort anseo gan stró.” “Arú, éist do bhéal!” arsa bean an tí. “Tá an oiread sin daoine básaithe in éiric a bhfiosrachta, ba mhór agus ba rómhór an trua mura mbeadh na súile áille sin in inmhe solas an lae a fheiceáil arís go deo.” Ach dúirt an stócach: “Is cuma liom a dheacra is a bheidh sé, níl faoi ná tharam ach é. Tá mé meáite air.” Chráigh sé fear an tí go dtí gur inis sé dó go raibh caisleán suas an bóthar ina raibh taibhsí agus nach raibh le déanamh aige ach trí oíche a chaitheamh ann go mbeadh eagla air. Gheall an Rí a iníon don té a bheadh in ann seo a dhéanamh agus ba í an bhruinneall ab áille faoin spéir í. Chan amháin sin ach bhí an oiread sin taisce i bhfolach sa chaisleán go mbeadh an draoi saolta saibhris ag an té a mbeadh sé aige. Bhí ainsprideanna ag gardáil an taisce agus cha mbeadh siad ann níos mó. Is iomaí duine a chuaigh isteach sa chaisleán roimhe seo nár tháinig amach riamh. Chuaigh an stócach chuig an Rí agus dúirt: “Dá bhféadfainn trí oíche a chaitheamh sa chaisleán, ba bhreá liom é sin a dhéanamh.” D’amharc an Rí ar an stócach go cúramach agus, toisc gur thaitin sé leis, dúirt, “Féadann tú trí ní neamhbheo a bhreith leat isteach chuig an chaisleán.” D’fhreagair an stócach, “Sa chás sin, iarraim tine, deil agus binse snoíodóireachta le scian.”

An lá arna mhárach, bhí gach rud réitithe ag an Rí sa chaisleán. Ar theacht na hoíche, tháinig an stócach chuig an chaisleán agus shocraigh sé é féin, las sé tine bheag bhrufar i gceann de na seomraí agus leag sé an binse snoíodóireachta agus an scian cois tine agus shuigh sé síos ar an deil. “Órú is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm ach chan é seo an áit a bhfuil mé a dhul a fhoghlaim an dóigh le heagla a mhothú,” ar sé. Agus é ag tarraingt ar an mheán oíche, bhí an stócach ag cur beathú ar an tine, nuair a chuala sé scréach ag teacht ón choirnéal. “Och ochón, tá muid préachta ag an fhuacht!” “A amadána!” a bhéic an stócach. “Cad chuige a bhfuil sibh ag scréachach? Má tá sibh fuar ba cheart daoibh suí cois tine agus bhur ngoradh a dhéanamh. A fhad is a bhí sé ag labhairt, léim dhá chat fhíochmhara ón choirnéal agus shuigh siad ar an dá thaobh de agus stán siad air go hallta. Nuair a bhí a ngoradh déanta, arsa na cait, “An mbeidh cluiche cártaí againn?” “Tá go maith,” a d’fhreagair an stócach. “Ach taispeáin dom bhur lapaí ar dtús.” Shín na cait a lapaí chuige. “Á! Nach fada iad na hingne atá agaibh! Fan bomaite go ngearrfaidh mé iad.” Leis sin, rug sé ar chúta an mhuiníl ar na cait, thóg chuig an bhinse iad agus rug sé greim daingin ar na lapaí. “I ndiaidh dom a bheith ag coimhéad go géar oraibh, níl fonn ar bith orm cluiche cártaí a imirt libh níos mó.” Leis sin, leag sé mín marbh iad agus chaith sé sa lochán thíos iad. Ach nuair a bhí sin déanta aige agus é ar tí suí cois tine arís, thosaigh cait dhubha agus madraí dubha ag teacht as gach cearn is clúid den tseomra agus bhí an oiread sin acu ann nach dtiocfadh leis iad a sheachaint. Bhí siad ag uallach agus ag glamaireacht agus ag léimneach ar fud na háite agus scrios siad an tine a bhí lasta. Bhreathnaigh an stócach orthu ar feadh tamaillín ach nuair a d’éirigh sé dubh dóite díobh, rug sé greim ar a scian, bhéic, “Bailígí libh!” agus rinne sé ionsaí orthu. Theith cuid de na hainmhithe allta agus mharaigh an stócach an chuid a bhí fágtha agus chaith sé sa lochán thíos iad. Ar theacht ar ais dó, d’adhain sé an tine arís agus rinne sé a ghoradh. D’éirigh sé iontach tuirseach agus é ina shuí cois tine agus tháinig codladh air. D’amharc sé timpeall air féin agus chonaic sé leaba mhór thiar sa choirnéal. “Seo féin an rud atá ag teastáil uaim,” arsa seisean, agus luigh sé siar sa leaba. Ach chomh luath is a dhruid sé na súile, bhog an leaba agus thosaigh sé ag rith ar fud an chaisleáin. “Tá seo thar cionn,” arsa an stócach. “Ach dá mbeadh sé giota níos gasta bheadh sé ní b’fhearr arís.” Leis sin, ghéaraigh ar luas na leapa amhail is go raibh sé chapall á tarraingt, agus bhí sé ag bocléimnigh anseo is ansiúd, anonn is anall. Go tobann, d’iompaigh an leaba thar a chorp agus bhí an stócach bocht ina luí ar an urlár agus an leaba bunoscionn air. Chaith sé na pluideanna agus na hadhairteanna uaidh agus shleamhnaigh sé amach ó faoin leaba. “Féadfaidh duine éigin eile dul ar thuras ar an leaba,” a dúirt sé agus luigh sé síos cois tine agus chodail sé ansin go maidin. Maidin lá arna mhárach, tháinig an Rí chuig an chaisleán agus, nuair a chonaic sé an stócach ina luí ar an urlár cois tine, shíl sé nach dtiocfadh leis an stócach na taibhsí a láimhseáil agus go raibh sé marbh. “Is mór an phúir é! Fear breá a bhí ann,” arsa an Rí. Mhúscail an stócach nuair a chuala sé seo, phreab sé ina sheasamh agus dúirt, “Níl mé ag an phointe sin go fóill.” Baineadh geit as an Rí ach bhí áthas air agus d’fhiafraigh sé de cad é mar a d’éirigh leis. “Bhí sé ar fheabhas,” a d’fhreagair sé; “agus anois gur mhair mé oíche amháin, tiocfaidh mé slán ón dá oíche eile fosta.” Nuair a d’fhill sé ar an teach ósta, bhí ionadh ar fhear an tí go raibh sé fós beo agus d’fhiafraigh sé de ar éirigh leis eagla a mhothú. “Char éirigh liom. Níl dóchas ar bith agam níos mó. Is trua nach féidir le duine ar bith é a theagasc dom.”

An oíche sin, chuaigh sé suas chuig an chaisleán arís, shuigh sé cois tine agus thosaigh sé ar an tseanphort chéanna: “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Nuair a bhí sé ag teannadh le meán oíche, chuala sé trup agus torrán a bhí ag éirí ní ba challánaí de réir a chéile. Ansin bhí ciúnas ann sular thit leath-fhear síos an simléar agus thuirling sé os comhair an stócaigh. Cha ndearna sé ach scairteadh suas an simléar, “Hóra, cá bhfuil an chuid eile de, chan leor leath-fhear!” Leis sin, thosaigh an trup agus an torrán arís agus chuala sé béiceach agus scréachach agus thit leath eile an fhir ag a chosa. “Fan ansin soicind go ngríosa mé an tine duit,” arsa an stócach. Nuair a bhí an tine réitithe aige, thiontaigh sé thart agus bhí an dá chuid den fhear i ndiaidh a theacht le chéile agus bhí fear gránna, graifleach ina shuí ina chathaoir. “Seo anois, is é sin mo shuíochánsa.” arsa an stócach. Rinne an fear iarracht sonc a thabhairt dó ach cha raibh an stócach a dhul a ligean dó caitheamh leis mar sin agus dá bhrí sin thug sé turraic ar ais don fhear agus shuigh sé ina shuíochán féin arís. Ansin thig níos mó fear gránna síos an simléar, duine i ndiaidh duine. Fuair siad naoi gcnámh coise agus dhá bhlaosc agus réitigh siad iad chun cluiche pionnaí a imirt. Bhí an stócach ag iarraidh imirt leo fosta mar sin d’fhiafraigh sé díobh an dtiocfadh leis imirt leo. “Chan fhéidir leat imirt, ach má tá airgead agat.” “Tá mo dhóthain airgid agam,” a d’fhreagair sé, “ach níl na liathróidí atá agaibh cruinn go leor.” Ansin thóg sé na blaoscanna, leag sé ar an deil iad agus chas sé iad go dtí go raibh siad cruinn. “Beidh sé i bhfad níos fusa iad a rolladh anois,” a dúirt sé leis na fir; “sin agaibh é, tosaíodh an spraoi anois.” D’imir siad uilig cluiche pionnaí agus chaill an stócach cuid dá airgead ach chomh luath is a bhuail an clog meán oíche, d’imigh achan rud as radharc agus bhí an stócach fágtha leis féin. Luigh sé síos cois tine agus thit sé ina mheig. D’fhill an Rí an mhaidin dar gcionn agus d’fhiafraigh sé de cad é mar a d’éirigh leis an dara hoíche. “D’imir mé cluiche pionnaí agus chaill mé cúpla punt,” arsa an stócach. “An raibh eagla ort nuair a scar tú leis an airgead?” arsa an Rí go díocasach. “Mo léan nach raibh,” arsa an stócach; “thaitin sé go mór liom agus bhí mé ar mo sháimhín só. Órú, is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!”

Ar an tríú hoíche, shuigh sé ar a shuíochán arís agus dúirt sé go lagmhisniúil: “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Go mall san oíche, shiúil seisear fear isteach sa tseomra ag iompar cónra. Arsa an stócach de bheoghuth, “Go sábhála Dia sinn! Is dócha gurb é sin mo chol ceathar beag nach bhfuil marbh ach le trí lá!” Sméid sé anall ar a chol ceathar agus nuair a leag na fir an cónra ar an urlár roimhe, bhain sé an clár agus bhí fear marbh sínte sa chónra. Chuir sé a lámh ar éadan an fhir agus bhí sé mar a bheadh leac oighir ann. “Fan soicind agus téifidh mé thú,” ar sé, ansin chuaigh sé chuig an tine, théigh sé a lámha féin agus leag ar aghaidh an fhir iad, ach bhí an marbhánach fós fuar. Ansin bhain sé ón chónra é, shuigh sé cois tine agus shín sé an corp ar a ghlúine. Thosaigh sé ag cuimilt a sciatháin sa dóigh is go dtosódh an croí ag cur fola timpeall an choirp arís. Cha raibh tionchar ar bith aige sin air ach an oiread ach ansin chuimhnigh an stócach má luíonn beirt i leaba le chéile, go n-éiríonn siad te. Ar an ábhar sin, chuir sé an marbhánach isteach sa leapa, chlúdaigh é agus luigh sé síos in aice leis. I ndiaidh tamaill, d’éirigh an marbhánach te agus chorraigh sé. Arsa an stócach, “Anois a chol ceathairín, cad é a tharlódh murar théigh mé thú?” Ach d’éirigh an fear marbh agus bhéic sé: “Déanfaidh mé tú a thachtadh anois!” Arsa an stócach, “Cad é! An é sin a bhfuil de bhuíochas agat orm? Ba cheart dom tú a chur díreach isteach i do chónra arís.” Rug sé greim ar an fhear mharbh, thóg é, chaith é isteach sa chónra agus chuir sé an clár air. Ansin d’iompair an seisear fear an cónra amach as an tseomra arís. Dúirt an stócach leis féin, “Níl a fhios agam cén fáth nach féidir liom eagla a bheith orm agus is léir nach bhfoghlaimeoidh anseo choíche conas eagla a bheith orm.”

Leis sin, shiúil fear isteach sa tseomra. Fear mór a bhí ann a raibh féasóg fhada bhán air agus bhí cuma scáfar air. Arsa an fear, “Arú, a chráiteacháin bhoicht, beidh eagla ort gan mhoill, óir tá mé chun tú a mharú!” D’fhreagair an stócach é; “Fan go fóill. Má tá tú chun mé a mharú, beidh ort breith orm ar dtús.” “Gheobhaidh mé greim ort gan dua ar bith,” arsa an amhailt. “Tóg go bog é agus ná déan gaisce díot féin nó tá mise chomh láidir leat, níos láidre fiú!” “Feicfimid. Má tá tú níos láidre ná mar atá mise, scaoilfidh mé leat. Goitse anois agus chífimid”. Lean an stócach an seanfhear trí phasáistí dorcha agus amach gur shroich siad ceárta. Rug an seanfhear ar thua agus bhuail sé inneoin isteach sa talamh. “Is féidir liomsa i bhfad níos fearr ná sin a dhéanamh,” a scairt an stócach agus chuaigh sé chuig an inneoin eile. Bhog an seanfhear ní ba chóngaraí go bhfeicfeadh sé é, a fhéasóg fhada bhán ar liobarna in aice na hinneonach. Rug an stócach greim ar an tua, d’oscail sé an inneoin agus chuir sé féasóg an tseanfhir i bhfostú ann. “Tá tú agam anois,” arsa an stócach; “Tá sé in am agamsa tusa a mharú anois!” Ansin rug sé ar shlat iarainn agus chláraigh sé an seanfhear go raibh sé ag geonaíl agus ag diúgaireacht agus ag impí air éirí as. D’impigh sé agus dúirt go mbronnfadh sé na múrtha airgid air dá stadfadh sé. D’oscail an stócach an inneoin arís agus scaoil sé an seanfhear saor. Lean sé an seanfhear ar ais chuig an chaisleán agus thug an seanfhear go siléar é, áit a raibh trí órchiste. “Is leis na bochtáin ceann amháin de na hórchistí seo,” arsa an seanfhear; “Is leis an Rí an darna ceann, agus is leatsa an tríú ceann.” Um an taca, bhuail an clog meán oíche, d’imigh an taibhse as radharc agus fágadh an stócach sa dorchadas ina aonar. “Tá mé cinnte go dtiocfaidh mé ar bhealach amach as an áit seo,” arsa seisean agus rinne sé a bhealach ar ais chuig an tseomra agus é ag smúrthacht roimhe, agus thit sé a chodladh cois tine. D’fhill an Rí an mhaidin dar gcionn agus dúirt, “Ar éirigh leat foghlaim conas eagla a bheith ort faoi dheireadh?” “Char éirigh,” arsa an stócach; “Níl a fhios agam cén fáth in aon chor. Bhí mo chol ceathar atá ar shlí na fírinne anseo agus tháinig seanfhear féasógach agus thaispeáin sé meall mór airgead dom thíos sa tsiléar ach char inis duine ar bith dom go fóill cén dóigh le heagla a bheith orm.” Ansin dúirt an Rí, “Tá tú i ndiaidh an mhallacht a thógáil den chaisleán agus beidh m’iníon agat mar bhean.” “Tá sé sin go hiontach ach níl a fhios agam fós conas eagla a bheith orm.”

Ina dhiaidh sin, tógadh an t-órchiste aníos ón tsiléar agus pósadh an banphrionsa agus an stócach, a bhí anois ina Rí. Ach cé go raibh sé dúnta i ngrá lena bhean, bhíodh sé fós ag rá, “Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm! Is mairg nach mbíonn eagla ar bith orm!” Faoi dheireadh thiar, cha dtiocfadh lena bhean cur suas leis níos mó agus dúirt sí, “Cuirfidh mise eagla air!” Mar sin de, amach léi chuig an tsruthán a bhí sa ghairdín agus líon sí buicéad le brannóga. An oíche sin, nuair a bhí an Rí óg ina chodladh, tharraing a bhean na braillíní agus na pluideanna de agus dhoirt sí an buicéad brannóg air. Bhí na héisc bheaga ag snámh agus ag sníomh ar a chorp agus mhúscail an rí ag screadaíl; “Ó tá eagla orm, tá eagla orm a bhean! Tá eagla orm faoi dheireadh thiar thall!”